<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0015</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh: cúnamh don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha a tharla in 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0002/2024 -  Rapóirtéir: Georgios Aftias)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le sé thubaiste nádúrtha a tharla in 2023 (COM(2024)0325 – C10-0088/2024 – 2024/0212(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0325 – C10‑0088/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 107(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0082.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le héifeachtacht na húsáide a bhaineann na Ballstáit as airgead ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i gcásanna tubaistí nádúrtha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 05.05.2022, lch. 82.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil EEA Uimh. 1/2024 - Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0002/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, idir an 1 agus an 17 Bealtaine 2023, go raibh báisteach an-dian i réigiún Emilia-Romagna na hIodáile a bhí ina cúis le tuilte a raibh damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 8,5 billiún, de réir mheastachán údaráis na hIodáile, mar thoradh orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, idir an 3 agus an 6 Lúnasa 2023, go raibh tionchar ag báisteach throm ar an tSlóivéin, a bhí ina cúis le tuilte ar fud na tíre agus arbh í an tubaiste nádúrtha ba mheasa a bhí aici riamh, as ar eascair damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 7,3 billiún, de réir an Choimisiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, idir an 3 agus an 6 Lúnasa 2023, go raibh tionchar ag báisteach throm ar an Ostair a bhí ina cúis le tuilte i réigiúin dheisceart na hOstaire, tuilte a raibh damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 208 milliún mar thoradh orthu, de réir mheastachán údaráis na hOstaire;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, idir an 4 agus an 11 Meán Fómhair 2023, go raibh tionchar ag stoirm na Meánmhara ‘Daniel’ ar an nGréig, stoirm ba chúis le báisteach throm agus as ar eascair tuilte in áiteanna éagsúla i lár na Gréige, go háirithe i réigiún na Teasáile, as ar eascair damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 2,3 billiún, de réir mheastachán údaráis na Gréige;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, idir an 25 Deireadh Fómhair agus an 10 Samhain 2023, go rabh báisteach throm i réigiún na Tuscáine san Iodáil a bhí ina cúis le maidhmeanna tuile as ar eascair damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 2,7 billiún, de réir mheastachán údaráis na hIodáile;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, idir an 2 agus an 9 Samhain 2023, go raibh tionchar ag báisteach throm ar iar-réigiún Nord-Pas-de-Calais réigiún Hauts-de-France na Fraince, báisteach a bhí ina cúis le tuilte as ar eascair damáistí díreacha iomlána ar chostas EUR 1,9 billiún, de réir mheastachán údaráis na Fraince;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile atá buailte ag na tuilte millteacha san Iodáil, sa tSlóivéin, san Ostair, sa Ghréig agus sa Fhrainc, agus leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá páirteach sna hiarrachtaí fóirithinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inbhraite agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sna limistéir a buaileadh san Iodáil, sa tSlóivéin, san Ostair, sa Ghréig agus sa Fhrainc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na sochair nithiúla a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus feasach na saoránach ar uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha agus millteacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i mbearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; á mheas gur cheart buiséad CDAE nó a choibhéis a leathnú i bhfianaise an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus i bhfianaise na caibidlíochta idirinstitiúidí ina dhiaidh sin; ag tathant ar an gCoimisiún buiséad an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta a mhéadú agus a áirithiú go n-áiritheofar éifeachtacht optamach CDAE trí mhéid foriomlán an chistithe agus trí na módúlachtaí leithdháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth, mar gheall ar an athrú aeráide, go bhfuil oileáin agus réigiúin chósta an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha; á aithint go bhfuil feiniméin amhail creathanna talún, tuilte, brúchtaí bolcánacha agus triomaigh – a mbíonn tionchar acu freisin ar lochanna agus aibhneacha – ina mbagairt mhéadaitheach ar go leor réigiúin Eorpacha, go háirithe iad siúd sa Mheánmhuir; á cheistiú an bhfuil CDAE ailínithe go leormhaith leis na riachtanais éigeandála a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide sna críocha sin atá an-leochaileach; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go bhfaigheadh oileáin agus réigiúin chósta cistiú leormhaith faoi chuimsiú CDAE chun aghaidh a thabhairt ar a leochaileachtaí sonracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú an athraithe aeráide trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc; á chur i bhfios go láidir gur tugadh rabhadh i dTuarascáil EEA Uimh. 1/2024 ‘Measúnú Eorpach ar Riosca Aeráide’ nach bhfuil an tAontas ullamh d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht chun a áirithiú nach sroichfidh na rioscaí aeráide sainaitheanta leibhéil chriticiúla; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún rannchuidiú chun na cuspóirí a comhaontaíodh ag Cruinniú Mullaigh Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a bhaint amach; á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, as Ciste Sóisialta na hEorpa +, as an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, as an gCiste Comhtháthaithe agus as na cláir forbartha tuaithe; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca tar éis teagmhais thurraingeacha a chosc, amhail falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú an Aontais a fhaigheann na Ballstáit faoi chláir nó beartais eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnú tapa agus láidir ar dhamáiste lena dtugtar aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus buiséad an Aontais á chosaint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an nós imeachta a chuíchóiriú tuilleadh agus an t-am is gá chun na hiarratais a phróiseáil chun CDAE a shlógadh a ghiorrú, dlús a chur leis na hamanna freagartha agus a áirithiú go sroichfidh cistí na réigiúin bhuailte go pras de réir mar a dhéanann tubaistí nádúrtha damáiste suntasach a chuireann isteach ar an saol laethúil agus ar gheilleagair áitiúla; á chur i bhfáth go bhfuil gá le solúbthacht réasúnta nuair a bhíonn moilleanna agus dúshláin inchosanta roimh thíortha is faighteoirí maidir le hiarratas a dhéanamh ar chistiú leithdháilte agus úsáid a bhaint as an gcistiú sin; á iarraidh ar na Ballstáit a chur i gcuntas go mbíonn tionchar ar leith ag tubaistí nádúrtha ar phobail leochaileacha mar gheall ar thosca socheacnamaíocha a chuireann bac breise ar a gcumas téarnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá, mar ábhar práinne, cúnamh airgeadais láithreach a scaoileadh trí CDAE chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht, in am trátha, do na réigiúin dá ndearnadh difear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Iodáil, don tSlóivéin, don Ostair, don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le sé thubaiste nádúrtha a tharla in 2023</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/2772.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>