<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0022</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an Aerspáis Aonair Eorpaigh (athmhúnlú)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0010/2024 -  Rapóirtéirí: Jens Gieseke, Johan Danielsson)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Aonair Eorpaigh (athmhúnlú) (08311/2024 – C10-0114/2024 – 2013/0186(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (08311/2024 – C10‑0114/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 378, 9.11.2017, lch. 546.</FIELD></FOOTNOTE> ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2013)0410),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiúin(COM (2020)0579),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0577 – 2020/0264(COD)),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A10-0010/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheas, mar gheall ar inneachar thogra COM(2020)0577 ón gCoimisiún a ionchorprú sa seasamh sin, go bhfuil nós imeachta reachtach 2020/0264(COD) imithe in éag;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParlaimint agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, ach a mbeidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH</STRING></STI>
Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ná do chumhachtaí an Choimisiúin an dréachtbhuiséad a bhunú, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún a mholadh, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, go gcruthófaí líne bhuiséid bhreise le haghaidh tacaíocht riaracháin faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), arna maoiniú ó na leithreasuithe atá ar fáil faoi SCE mar a shainaithnítear iad sa Ráiteas Airgeadais Reachtach arna sholáthar ag an gCoimisiún. Chumhdódh an líne bhuiséid nua sin na costais a ghabhann le gníomhairí conarthacha agus caiteachais riaracháin eile do rúnaíocht an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta, don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta agus do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, mar shampla, cúnamh teicniúil, costais saineolaithe, conarthaí le haghaidh soláthar sonraí, staidéir sheachtracha agus le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin breise, agus maoineofar poist an phlean bunaíochta ón líne bhuiséid riaracháin faoi Cheannteideal 7, agus lánurraim á tabhairt don Rialachán reatha maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. A mhéid is féidir, ba cheart an maoiniú sin faoi SCE a bheith gan dochar do na cistí a cuireadh in áirithe cheana sa Chlár Oibre Iompair is déanaí de chuid SCE.

Le maoiniú gníomhairí conarthacha agus caiteachas riaracháin eile faoi SCE do rúnaíocht an Bhoird Athbhreithnithe Feidhmíochta, don Bhord Athbhreithnithe Feidhmíochta agus do Bhord um Chomhar na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta, níor cheart fasach a leagan síos chun rúnaíocht bord eile a mhaoiniú. Níor cheart dó réamhbhreith a dhéanamh ar bhealach ar bith ar na socruithe maoiniúcháin atá le comhaontú faoi chuimsiú an chéad Rialacháin eile maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>