<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0024</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 - nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar roinnt gníomhaireachtaí díláraithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0007/2024 -  Rapóirtéir: Siegfried Mureşan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ó Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024 - nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar roinnt gníomhaireachtaí díláraithe (13195/2024 – C10-0109/2024 – 2024/0185(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, mar a glacadh go cinntitheach é an 22 Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 19 Iúil 2024 (COM(2024)0931),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 23 Meán Fómhair 2024 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2024 (13195/2024 – C10‑0109/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0007/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é príomhchuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 taobh an ioncaim den bhuiséad a nuashonrú chun na forbairtí is déanaí a chur san áireamh agus, ina theannta sin, taobh an chaiteachais den bhuiséad a choigeartú i ndáil le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe,
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb é atá i gceist le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ná athbhreithniú ar réamhaisnéisí maidir le hacmhainní dílse i ndáil le dleachtanna custaim, atá 18,3 % faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, i mbonn CBL neamhchaidhpeáilte, atá 0,6 % faoi bhun réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, i ndramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, atá suas 0,6 % i gcomparáid le réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023, agus i mbonn OIN iomlán an Aontais, atá 0,3 % níos airde ná réamhaisnéis mhí na Bealtaine 2023,
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndéantar nuashonrú freisin le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 ar ranníocaíocht 2024 na Ríochta Aontaithe de bhun an chomhaontaithe um tharraingt siar, arb ionann é agus EUR 2,38 billiún, laghdú suntasach EUR 1,52 billiún i gcomparáid leis an meastachán a áirítear i mbuiséad 2024; de bhrí go gcuirtear san áireamh freisin i ndréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 na fíneálacha agus na pionóis a bailíodh go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2024, rud a mhéadaíonn EUR 513 mhilliún an réamhaisnéis tosaigh maidir le fíneálacha agus pionóis i mbuiséad 2024,
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go moltar i ndréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 roinnt coigeartuithe ar mhaoiniú gníomhaireachtaí díláraithe, le glanmhéadú EUR 12 mhilliún ar an iomlán agus togra chun an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh le haghaidh EUR 13,2 milliún chun méaduithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus do Eurojust a chumhdach in éagmais aon chorrlach atá ar fáil faoi Cheannteideal 2b den chreat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’),
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 mar a thíolaic an Coimisiún é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú EUR 5,63 billiún ar ranníocaíochtaí OIN mar thoradh ar an laghdú ar mhéid acmhainní dílse seachas OIN (go háirithe maidir le dleachtanna custaim) agus ar mhéid ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe leis an mbuiséad; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann ón réamh-mheastachán tosaigh ar dhleachtanna custaim agus ó rannchuidiú na Ríochta Aontaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an raon feidhme chun feabhas a chur ar a réamhaisnéis, rud atá ríthábhachtach d’intuarthacht na pleanála buiséadaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024, gurb ionann laghduithe cnapshuime OIN do na cúig Bhallstát is tairbhithe agus beagán faoi bhun EUR 5.4 billiún glan; á chur i bhfáth go bhfuil na lacáistí sin nasctha le boilsciú agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú tagtha orthu ag ráta níos airde ná uasteorainneacha CAI, a dhéantar a choigeartú go bliantúil ar bhonn an díbhoilsceora 2 %; á chur i bhfios go láidir go méadaíonn an aimhrialtacht sin an t-ualach ar na Ballstáit eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le hioncam inbhuanaithe do bhuiséad an Aontais, atá faoi bhrú mór chun freagairt do ghéarchéimeanna éagsúla le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil dul chun cinn déanta sa Chomhairle maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras acmhainní dílse i gcomhréir leis an treochlár sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; ag meabhrú a seasaimh chun tacú leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún agus ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit na tograí sin a ghlacadh go pras chun na hacmhainní dílse atá ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú; ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe go n-éilíonn tosaíochtaí nua maoiniú úr; ag cur sonrú sa tsraith coigeartuithe ar bhuiséid gníomhaireachtaí díláraithe, go príomha i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar dóibh faoi reachtaíocht a glacadh le déanaí; á mheabhrú nach mór an fhoireann agus an buiséad is gá a bheith ag gníomhaireachtaí chun a sainorduithe a chomhlíonadh i gceart; á chur i bhfios go láidir, i roinnt cásanna, go bhfuil laghdú comhfhreagrach ar imchlúdach an chláir i gceist le hacmhainní breise do ghníomhaireacht dhíláraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha, go ndearnadh EUR 1,5 billiún san iomlán a athdháileadh, nó go bhfuil sé beartaithe é a athdháileadh, ó chláir chuig gníomhaireachtaí díláraithe; á chur i bhfios go láidir go léiríonn méid an athdháilte na hacmhainní ganna atá ar fáil do bhuiséad an Aontais agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le solúbthacht bhuiséadach chun acmhainní na ngníomhaireachtaí a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar a sainorduithe agus ar a gcúraimí le linn CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú EUR 2 mhilliún do Eurojust i gceist le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024 mar gheall ar bhrú boilscitheach; á chur i bhfios go láidir gur léir go bhfuil brú boilscitheach ina dhúshlán do ghníomhaireachtaí díláraithe uile, agus go bhfuil an boilsciú os cionn an díbhoilsceora bhliantúil 2 % lena méadaítear uasteorainneacha CAI agus go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe faoi bhrú suntasach mar thoradh air sin, á mheas gur gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh mar chuid d’ullmhúcháin an Choimisiúin do CAI tar éis 2027 ar an gcaoi a gcaitear faoi láthair le buiséid na ngníomhaireachtaí díláraithe mar bhuiséid ar leithligh ón gcaiteachas riaracháin faoi Cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 4/2024 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>