<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0025</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas CED/2024/001 BE/Match-Smatch</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0009/2024 -  Rapóirtéir: Michalis Hadjipantela)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (iarratas ón mBeilg – EGF/2024/001 BE/Match-Smatch) (COM(2024)0275 – C10-0101/2024 – 2024/0226(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0275 – C10‑0101/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0009/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/001 BE/Match-Smatch isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis méid iomlán de 513 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 47 (An trádáil mhiondíola, cé is moite de mhótarfheithiclí agus gluaisrothair) sna réigiúin Hainaut (BE32), Liège (BE33), agus Namur (BE35) ina bhfuil 444 iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 11 Nollaig 2023 go dtí an 11 Aibreán 2024, agus 69 n-iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 444 iomarcaíocht laistigh den tréimhse thagartha don iarratas ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht i Match-Smatch;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 69 n-iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó ina diaidh, i gcás inar féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6, an dara mír de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear scor na gníomhaíochta ag 200 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur tháinig laghdú nach beag ar earnáil miondíola bia na Beilge ó thaobh na méideanna a díoladh in 2023, mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh agus bhoilscithe, agus méadú ar shiopadóireacht trasteorann agus ar ríomhthráchtáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh staid eacnamaíoch dheacair os comhair Match-Smatch le roinnt blianta, agus gur thuairiscigh sé ar deireadh ollchaillteanas oibriúcháin EUR 36,5 milliún in 2022, agus chun carnadh breise caillteanas a chosc, ghlac Match-Smatch le tairiscint Ghrúpa Colruyt 57 gcinn de na 84 shiopa a fháil i mí Mheán Fómhair 2023, agus foireann na siopaí (1 069 duine) a thógáil ar láimh uaidh freisin; de bhrí gur tugadh ocht siopa breise do Carrefour, Delhaize, Intermarché agus Delfood;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, mar thoradh air sin, go raibh 513 fhostaí san iomlán faoi réir nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta; 339 bhfostaí sna 19 siopa nach bhféadfaí aon cheannaitheoir a fháil dóibh, chomh maith leis na 174 fhostaí i gceanncheathrú Match-Smatch;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht AE maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur chuir an ghéarchéim eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi dlús leis an éileamh ar oibrithe níos cáilithe i margadh saothair na Beilge, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra d’iar-oibrithe Match-Smatch ath-imeascadh san fhostaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go laghdaíonn an t-athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hinstitiúidí uile aon bheart agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú, in ainneoin na gciorruithe sin, gur féidir le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht brath ar dhlúthpháirtíocht an Aontais trí thacaíocht ó CED;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 661 564 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán de EUR 3 131 252, a chuimsíonn EUR 3 009 752 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 121 500 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 3 Meitheamh 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 16 Meán Fómhair 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 513 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i Match-Smatch; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 365 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Bheilg iarratas ar chómhaoiniú CED chun tacú le hiar-oibrithe Match-Smatch a bhfuil cónaí orthu sa Vallúin, agus chun na críche sin amháin, i bhfianaise na staide maidir leis an margadh saothair réigiúnach (ráta dífhostaíochta 2023 de 8.2%) agus ós rud é go bhfuil níos mó ná 70 % de na daoine a leagadh as a bpost comhchruinnithe sa Vallúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil leath de na hoibrithe iomarcacha Match-Smatch (46 %) 50 bliain d’aois nó níos sine, aoisghrúpa a bhfuil níos mó bacainní ar fhostaíocht os a chomhair agus go raibh difríocht 18.3 pointe céatadáin idir an ráta fostaíochta don aoisghrúpa 20-54 (76,8 %) agus an ráta fostaíochta don aoisghrúpa 55+ (58,5 %) ar an leibhéal náisiúnta sa ráithe dheireanach de 2023<FOOTNOTE><FIELD> Statbel. Emploi et chômage (13.6.2024). Chiffres.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur dúshlán a bheidh in athsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe i gcomhréir le héileamh an mhargaidh saothair ar phoist cháilithe, go háirithe i bhfianaise an líon mór daoine a dífhostaíodh an tráth céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe dréachtaithe ag an mBeilg i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta chun go mbeidh na limistéir a bhfuil difear déanta dóibh, agus an margadh saothair foriomlán níos inbhuanaithe agus níos athléimní amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe na gníomhaíochtaí seo a leanas: seirbhísí faisnéise, cúnamh gairmthreorach agus cúnamh socrúcháin sheachtraigh, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, tacaíocht agus rannchuidiú le gnó a chruthú, chomh maith le dreasachtaí agus liúntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú go n-áiritheoidh údaráis na Beilge go mbeidh comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne ina gcuid lárnach den tréimhse cur chun feidhme agus go gcuirfear chun cinn iad i rith na tréimhse cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Seirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna na Vallúine (Le Forem), ceardchumainn (FGTB agus CSC), agus comhpháirtithe eile le chéile roinnt uaireanta in 2024, chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais athoiliúna oibrithe agus é mar aidhm acu pacáiste fónta de bhearta saincheaptha a ullmhú chun tacú le hiarrachtaí oibrithe Match-Smatch filleadh ar an obair, go ndeachthas i gcomhairle freisin leis na comhairleoirí sóisialta a bhí in éineacht leis na hoibrithe tar éis a ndífhostaithe, agus go raibh mar thoradh ar na cruinnithe sin pacáiste comhordaithe de bhearta CED a chomhlíonann Airteagal 7(4) de Rialachán CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear modúl maidir le geilleagar ciorclach agus úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní a forbraíodh d’iar-oibrithe Swissport (EGF/2020/005 BE/Swissport) mar chuid den tairiscint chaighdeánach oiliúna ón tSeirbhís Réigiúnach Fostaíochta Poiblí agus Gairmoiliúna (Forem), a bheidh á chómhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+); á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a sholáthar don dá chlaochlú; ag tacú go láidir leis an bhfíoras go leanfaidh CED, le linn thréimhse CAI 2021-2027, de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndéantar difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar thionchar an athstruchtúraithe ar oibrithe; á iarraidh go ndéanfaí iarratais amach anseo chun comhleanúnachas beartais a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil do na hoibrithe sin a cuireadh ar iomarcaíocht le haghaidh chlaochlú digiteach agus glas thionscal agus gheilleagar an Aontais, rud a mbeidh tionchar aige freisin ar an margadh saothair; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar oideachas cáilithe agus ábhartha, lena n-áirítear gairmoiliúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Eanáir 2024 agus go mbeidh an caiteachas ar na bearta incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2024 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar chaiteachas a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 22 Meán Fómhair 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 22 Meán Fómhair 2023 go ceann 31 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á fhormheas an cinneadh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg (EGF/2024/001 BE/Match-Smatch)</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/2854.) </STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>