<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0026</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0003/2024 -  Rapóirtéir: Jonas Sjöstedt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II - an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0250/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi an 23 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacs arna ghlacadh, P9_TA(2024)0288.</FIELD></FOOTNOTE> lena ndéantar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2022 a chur ar atráth, agus don rún a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0003/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag diúltú d’urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh </STRING>(sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0003/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil Ard-Rúnaí na Comhairle iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le beagnach fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) i bhfiosrúchán straitéiseach IO/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Ghinearálta i mbreithiúnas uaithi an 25 Eanáir 2023 i gCás T-163/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, T-163/21, CLI:EU:T:2023:15.</FIELD></FOOTNOTE>, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, maidir le trédhearcacht laistigh de phróiseas reachtach an Aontais, nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi ó 2009 i leith, agus arís don bhliain airgeadais 2022 go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, rud a chuireann cosc ar an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar ghrinnscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle, agus a fhágann go bhfuil ar an bParlaimint urscaoileadh a dhiúltú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 28 Meán Fómhair 2023, go ndearna seirbhísí ábhartha na Parlaiminte, thar ceann an rapóirtéara don nós imeachta um urscaoileadh, ceistneoir a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht na Comhairle ina raibh 74 cheist thábhachtacha ón bParlaimint chun gur féidir grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle agus ar bhainistiú na Comhairle; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh ceistneoirí comhchosúla chuig gach institiúid eile, a bhfuil freagraí críochnúla tugtha ar na ceisteanna uile don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, an 12 Deireadh Fómhair 2023, gur chuir Ardrúnaíocht na Comhairle in iúl don Pharlaimint arís eile nach dtabharfadh sí aghaidh ar cheistneoir na Parlaiminte agus nach mbeadh an Chomhairle rannpháirteach san éisteacht a socraíodh don 25 Deireadh Fómhair 2023 mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh agus ina raibh na hinstitiúidí eile go léir ar tugadh cuireadh dóibh rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE, chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór fiche bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann an staid reatha ar chumas na Parlaiminte tuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí agus an Ombudsman a sheiceáil chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle, toisc go leanann an Chomhairle dá míchleachtas chun neamh-chomhoibriú leis an bParlaimint, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint a dualgais a chomhlíonadh i gceart agus cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh; á chur i bhfios go láidir go raibh drochthionchar buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid, go bhfuil míchlú tarraingthe ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais dá bharr agus go ndearnadh dochar do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag athdhearbhú a frustrachais mhóir maidir le dearcadh na Comhairle i leith an nós imeachta um urscaoileadh, ina gcuirtear teachtaireacht mhíchuí in iúl do shaoránaigh an Aontais tráth a bhfuil trédhearcacht níos mó ríthábhachtach; á chur i bhfios go láidir nach mór don Chomhairle cloí leis na caighdeáin chéanna chuntasachta a bhfuil sí ag dréim leo ó institiúidí eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go n-aithníonn institiúidí eile uile an Aontais an prionsabal agus go dtuigeann siad é, i bhfianaise tharmligean na cumhachta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, go bhfuil an ceart agus an oibleagáid araon ag an bParlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar a mbuiséid agus ar a bhforghníomhú mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh; i bhfianaise an mhéid sin, á chur in iúl go bhfuil sí an-mhíshásta go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathbhreithniú ar na Conarthaí chun an nós imeachta um urscaoileadh a shruthlíniú, lena ndéanfaí níos soiléire agus níos trédhearcaí é, go háirithe tríd an inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht ina n-aonar; á chur i bhfios go láidir, áfach, go gcaithfear an staid reatha a fheabhsú, go dtí go ndéanfar athbhreithniú den sórt sin, trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr laistigh de chreat reatha na gConarthaí agus ag tathant ar an gComhairle dul i dteagmháil go gníomhach leis an bParlaimint chun aghaidh a thabhairt ar an staid reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint ar an leibhéal is airde a luaithe is féidir, a mbeidh páirt ag Ard-Rúnaithe agus Uachtaráin an dá institiúid inti, chun deireadh a chur leis an tsáinn agus chun teacht ar réiteach agus urraim á tabhairt ag an am céanna do róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh agus chun trédhearcacht agus rialú daonlathach cuí ar chur chun feidhme an bhuiséid a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach raibh an Chomhairle ullamh chun Uachtaránacht na Comhairle faoi stiúir Ballstáit atá faoi réir nós imeachta Airteagal 7 a sheachaint, agus go bhfuil mí-úsáid á baint ag rialtas na hUngáire as Uachtaránacht na Comhairle dá dheasca sin, agus gur sáraíodh prionsabal an chomhair dhílis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, maidir le rún urscaoilte ón bParlaimint an 23 Aibreán 2024, gur bailí i gcónaí a barúlacha ann maidir le tosaíochtaí polaitiúla, lena n-áirítear easpa treoirlínte ceangailteacha maidir le hurraíochtaí corparáideacha uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle, bainistiú buiséadach agus bainistíocht airgeadais, bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach, acmhainní daonna, comhionannas, amhail an éagothroime inscne agus folláine na foirne, creat eiticiúil agus trédhearcacht, digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí, foirgnimh, an comhshaol agus inbhuanaitheacht, comhar idirinstitiúideach agus cumarsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil bac á chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as nós imeachta vótála na haontoilíochta sa Chomhairle maidir le réimsí beartais áirithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh na Ballstáit dúmhál a dhéanamh air, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta;
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>