<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0031</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm </STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(C10-0119/2024)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta chur i bhfeidhm (COM(2024)0452 – C10-0119/2024 – 2024/0249(COD))</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír.</FIELD></FOOTNOTE></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION/></ACTLST></DISPOSITIF><AMDLST><HD><HEAD.OLD><STRING ITALIC="on">An téacs atá ann</STRING></HEAD.OLD><HEAD.NEW><STRING ITALIC="on">Leasú</STRING></HEAD.NEW></HD><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	3</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 68</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 68:</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><NO.P>(68)</NO.P>Thairis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí ar leibhéal tíre nó codanna di bunaithe ar réimse critéar lena léirítear sonraí cainníochtúla, oibiachtúla agus sonraí a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ar thásca go bhfuil na tíortha rannpháirteach go gníomhach sa chomhrac in aghaidh an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí. Le faisnéis tagarmharcála den sórt sin ba cheart a éascú d’oibreoirí san Aontas dícheall cuí a fheidhmiú agus do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus í a fhorfheidhmiú, agus dreasacht á soláthar freisin do thíortha táirgeachta chun inbhuanaitheacht a gcóras táirgeachta talmhaíochta a mhéadú agus a dtionchar dífhoraoisithe a laghdú. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú le cur le trédhearcacht agus le hinbhuanaitheacht slabhraí soláthair. Ba cheart an córas tagarmharcála sin a bheith bunaithe ar chóras <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí-</STRING></STRING>chiseal chun tíortha a aicmiú mar thíortha ísealriosca, riosca chaighdeánaigh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nó</STRING></STRING> ardriosca. Chun trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na sonraí atá á n-úsáid le haghaidh na tagarmharcála, na cúiseanna le hathrú beartaithe an aicmithe agus freagra na tíre lena mbaineann, a chur ar fáil go poiblí. Le haghaidh táirgí ábhartha ó thíortha ísealriosca nó codanna díobh, ba cheart a cheadú d’oibreoirí dícheall cuí simplithe a fheidhmiú. Maidir le táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó codanna díobh ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na tíortha nó codanna díobh a shuíomh, lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca.</P></OLD><NEW><P>‘(68) 	Thairis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí ar leibhéal tíre nó codanna di bunaithe ar réimse critéar lena léirítear sonraí cainníochtúla, oibiachtúla agus sonraí a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ar thásca go bhfuil na tíortha rannpháirteach go gníomhach sa chomhrac in aghaidh an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí. Le faisnéis tagarmharcála den sórt sin ba cheart a éascú d’oibreoirí san Aontas dícheall cuí a fheidhmiú agus do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus í a fhorfheidhmiú, agus dreasacht á soláthar freisin do thíortha táirgeachta chun inbhuanaitheacht a gcóras táirgeachta talmhaíochta a mhéadú agus a dtionchar dífhoraoisithe a laghdú. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú le cur le trédhearcacht agus le hinbhuanaitheacht slabhraí soláthair. Ba cheart an córas tagarmharcála sin a bheith bunaithe ar chóras<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ceithre</STRING></STRING> chiseal chun tíortha a aicmiú mar thíortha ísealriosca, riosca chaighdeánaigh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> ardriosca <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nó gan</STRING></STRING> riosca ar bith. Chun trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na sonraí atá á n-úsáid le haghaidh na tagarmharcála, na cúiseanna le hathrú beartaithe an aicmithe agus freagra na tíre lena mbaineann, a chur ar fáil go poiblí. Le haghaidh táirgí ábhartha ó thíortha ísealriosca nó codanna díobh, ba cheart a cheadú d’oibreoirí dícheall cuí simplithe a fheidhmiú. Maidir le táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó codanna díobh ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Níor cheart táirgí ábhartha ó thíortha gan riosca agus ó chodanna díobh a bheith faoi réir na gcoinníollacha sin. </STRING></STRING>Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na tíortha nó codanna díobh a shuíomh, lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca.’</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	4</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 a (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 86</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 86:</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><NO.P>(86)</NO.P>Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí, do thrádálaithe agus do na húdaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.</P></OLD><NEW><P>‘(86) 	Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí, do thrádálaithe agus do na húdaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sa tréimhse roimh dháta an chur i bhfeidhm, agus chun aon mhoill a sheachaint, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do bharrfheabhsú an ardáin chun faisnéis a mhalartú idir na geallsealbhóirí ábhartha agus na húdaráis inniúla. Geallann an Coimisiún freisin an t-aicmiú riosca a fhoilsiú ionas gur féidir leis na geallsealbhóirí ábhartha ullmhú do raon feidhme sainordaitheach sainithe an Rialacháin seo. Ba cheart an t-ardán chun faisnéis a mhalartú agus an t-aicmiú riosca a bheith ar fáil agus lánfheidhmiúil sé mhí ar a laghad roimh dháta an chur i bhfeidhm. I gcás tuilleadh moille, ba cheart dáta an chur i bhfeidhm a chur siar dá réir.’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	5</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 b (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – an chuid réamhráiteach</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P>Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:</P></OLD><NEW><P>‘<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">1.</STRING></STRING> 	Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha ó thíortha nó ó na codanna díobh, a mbaineann ísealriosca, riosca chaighdeánaigh nó ardriosca leo i gcomhréir le hAirteagal 29, a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	6</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe - 1 c (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 1 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘1a. 	Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha ó thíortha nó ó chodanna díobh nach mbaineann riosca leo i gcomhréir le hAirteagal 29, a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe; agus</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go gcomhlíonann siad na ceanglais doiciméadachta a leagtar síos in Airteagal 5(1a).’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	7</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 d (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 4 – mír 10 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1d)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘10a. 	De mhaolú ar mhíreanna 1 go 10 den Airteagal seo, maidir le hoibreoirí a dhéanann tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, ar tráchtearraí agus táirgí iad a tháirgtear i dtíortha nó i gcodanna díobh nach mbaineann aon riosca leo i gcomhréir le hAirteagal 29, ní cheanglófar orthu ach na ceanglais doiciméadachta a leagtar síos in Airteagal 5(1a) a chomhlíonadh. Maidir le táirgí ábhartha agus codanna de tháirgí ábhartha a táirgeadh i dtíortha nó i gcodanna díobh nach mbaineann aon riosca leo i gcomhréir le hAirteagal 29, feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	9</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 e (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 5 – mír 1 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘1a. 	Maidir le hoibreoirí a dhéanann tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, ar tráchtearraí agus táirgí iad a tháirgtear i dtíortha nó i gcodanna díobh nach mbaineann aon riosca leo i gcomhréir le hAirteagal 29, comhlíonfaidh siad na ceanglais doiciméadachta trí na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trádainm agus cineál na dtáirgí ábhartha;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cainníocht na dtáirgí ábhartha</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an tháirgthe agus, i gcás inarb ábhartha, codanna di;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(d)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta nó aon duine óna bhfuarthas na táirgí ábhartha;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(f)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go bhfuil na táirgí ábhartha saor ó dhíghrádú foraoisí;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(g)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go ndearnadh na tráchtearraí ábhartha a tháirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe.’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	10</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 f (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 16 – mír 10 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1f)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on">‘</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">10a.	Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 0.1 % de na hoibreoirí a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna gan riosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú	11</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 g (nua)</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Rialachán (AE) 2023/1115</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 29 – mír 1</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(-1g)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><NO.P>1.</NO.P>Bunaítear leis an Rialachán seo córas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí</STRING></STRING>-chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Chun na críche sin, déanfar Ballstáit agus tríú tíortha, nó codanna díobh, a aicmiú i gceann de na catagóirí riosca seo a leanas:</P></OLD><NEW><P>‘1.	Bunaítear leis an Rialachán seo córas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ceathair</STRING></STRING>-chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Chun na críche sin, déanfar Ballstáit agus tríú tíortha, nó codanna díobh, a aicmiú i gceann de na catagóirí riosca seo a leanas:</P></NEW><OLD><P><NO.P>(a)</NO.P>tagraíonn ‘ardriosca’, do thíortha nó codanna díobh, inar sainaithníodh, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil ardriosca ann go dtáirgfear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3(a) ina leith;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(a)</NO.P>tagraíonn ‘ardriosca’, do thíortha nó codanna díobh, inar sainaithníodh, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil ardriosca ann go dtáirgfear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3(a) ina leith;</P></NEW><OLD><P><NO.P>(b)</NO.P>tagraíonn ‘ísealriosca’ do thíortha, nó codanna díobh, a meastar ina leith, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil dóthain muiníne ann gurb eisceachtúil iad na cásanna ina dtáirgtear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) ina leith;</P></OLD><NEW><P><NO.P>(b)</NO.P>tagraíonn ‘ísealriosca’ do thíortha, nó codanna díobh, a meastar ina leith, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil dóthain muiníne ann gurb eisceachtúil iad na cásanna ina dtáirgtear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) ina leith;</P></NEW><OLD><P><NO.P>(c)</NO.P>tagraíonn ‘gnáthriosca’ do thíortha nó codanna díobh, nach dtagann faoi chatagóir an ‘ardriosca’ <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ná catagóir</STRING></STRING> an ‘ísealriosca’.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(c)</NO.P>tagraíonn ‘gnáthriosca’ do thíortha nó codanna díobh, nach dtagann faoi chatagóir an ‘ardriosca’ <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ná an catagóir ‘gan riosca’;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(ca)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">tagraíonn ‘gan riosca’ do thíortha nó do chodanna díobh a chomhlíonann na critéir mheasúnaithe seo a leanas: </STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(i)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gur fhan forbairt an limistéir foraoise cobhsaí nó gur tháinig méadú uirthi i gcomparáid le 1990;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(ii)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gur shínigh na tíortha sin agus codanna díobh Comhaontú Pháras agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus maidir le dífhoraoisiú a chosc;</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><NO.P>(iii)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go ndéantar rialacháin maidir le dífhoraoisiú a chosc agus maidir le caomhnú foraoisí ar an leibhéal náisiúnta a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go docht agus le trédhearcacht iomlán agus go ndéantar faireachán orthu.’</STRING></STRING></P></NEW></AMEND></AMDLST></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>