<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0048</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a sholáthar don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0020/2024 -  Rapóirtéir: Giuseppe Lupo)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024 (COM(2024)0480 – C10-0162/2024 – 2024/0284(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0480 – C10‑0162/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 10 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0082.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le héifeachtacht na húsáide a bhaineann na Ballstáit as airgead ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i gcásanna tubaistí nádúrtha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 184, 05.05.2022, lch. 82.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10‑0020/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bhuail báisteach throm an Ghearmáin an 30 Bealtaine 2024, rud ba chúis le tuilte móra i nDeisceart na Gearmáine ag tús mhí an Mheithimh, as ar eascair <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">bás seisear agus </STRING></STRING>damáistí díreacha iomlána de EUR 4 131,6 milliún de réir an Choimisiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í an Iodáil a bhí buailte ag na stoirmeacha tréana an 29 Meitheamh 2024, as a dtáinig forsceitheadh aibhneacha agus sruthanna i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta, as ar eascair damáistí díreacha iomlána a mheas údaráis na hIodáile a bheith cothrom le EUR 158,39 milliún;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht iomlán leis na híospartaigh uile, lena dteaghlaigh agus leis na daoine uile atá buailte ag na tuilte millteacha sa Ghearmáin agus san Iodáil, agus leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá páirteach sna hiarrachtaí fóirithinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar fhoirm inbhraite agus infheicthe de dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sna limistéir a buaileadh sa Ghearmáin agus san Iodáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé na sochair nithiúla a eascraíonn as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a chur in iúl don phobal, agus feasach na saoránach ar uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtubaistí nádúrtha tromchúiseacha, millteacha agus marfacha san Eoraip agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh i mbearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin chun caillteanais dhaonna agus eacnamaíocha a sheachaint; á mheas gur cheart buiséad CDAE nó a choibhéis a leathnú go suntasach i bhfianaise an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua agus na caibidlíochta idirinstitiúidí ina dhiaidh sin agus nach mór do CDAE nó dá choibhéis cúnamh a thabhairt do shaoránaigh atá i gcomhréir le méid na dtubaistí sin; ag tabhairt dá haire, dá méadófaí CDAE go suntasach, go gcuirfí ar chumas na mBallstát freagairt ar thubaistí ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa agus ionstraimí eile á gcaomhnú ag an am céanna, go háirithe cistí comhtháthaithe nach é an príomhchuspóir atá leo freagairt ar thubaistí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go ndearna tuilte damáiste suntasach do thalamh talmhaíochta agus d’fheirmeacha, do bhonneagar iompair agus go háirithe do shráidbhailte beaga agus bailte lasmuigh de réigiúin uirbeacha; á chur i bhfáth, mar gheall ar an athrú aeráide, go bhfuil oileáin agus réigiúin chósta an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha; á aithint go bhfuil feiniméin amhail creathanna talún, tuilte, brúchtaí bolcánacha agus triomaigh – a mbíonn tionchar acu freisin ar lochanna agus aibhneacha – ina mbagairt mhéadaitheach ar go leor réigiúin Eorpacha, go háirithe iad siúd sa Mheánmhuir; á cheistiú an bhfuil CDAE ailínithe go leormhaith leis na riachtanais éigeandála a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide sna críocha sin atá an-leochaileach; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go bhfaigheadh oileáin agus réigiúin chósta cistiú leormhaith faoi chuimsiú CDAE chun aghaidh a thabhairt ar a leochaileachtaí sonracha; á iarraidh ar na Ballstáit a chur i gcuntas go mbíonn tionchar ar leith ag tubaistí nádúrtha ar phobail leochaileacha mar gheall ar thosca socheacnamaíocha a chuireann bac breise ar a gcumas téarnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth nach bhfuil in CDAE ach ionstraim leigheasach agus gur cheart don Aontas leanúint d’aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar mhaolú ar an athrú sin trí thacú le beartais Eorpacha agus náisiúnta chun tubaistí nádúrtha a chosc; á chur i bhfios go láidir gur tugadh rabhadh i dTuarascáil Uimh. 1/2024 ó EEA dar teideal European Climate Risk Assessment [Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide] nach bhfuil an tAontas ullamh d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht chun a áirithiú nach sroichfidh na rioscaí aeráide sainaitheanta leibhéil chriticiúla; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun go mbainfidh an tAontas na gealltanais arna dtabhairt faoi Chomhaontú Pháras amach; á mheabhrú go bhfuil gá le sineirgí éifeachtacha le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna cistiúcháin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus na cláir forbartha tuaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon iarraidh réasúnaithe ó na Ballstáit cistí laistigh de na pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a ath-leithdháileadh ar chúnamh i gcás tubaistí nádúrtha, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le bearta coisctheacha, ní hamháin chun damáiste amach anseo a mhaolú ach freisin chun géarú ar dhálaí riosca i ndiaidh teagmhais thurraingeacha a chosc, amhail tuilte, falscaithe, sciorrthaí talún nó triomú lochanna agus aibhneacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá solúbthacht leormhaith idir na cláir éagsúla; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh an cúnamh a sholáthraítear faoi CDAE dochar do chistiú an Aontais a fhaigheann na Ballstáit faoi chláir nó beartais eile de chuid an Aontais; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit státchabhair a dheonú, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe do ghnólachtaí talmhaíochta a d’fhulaing damáistí de dheasca tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Coimisiún togra reachtach an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le tacaíocht éigeandála réigiúnach don atógáil i ndiaidh tubaiste nádúrtha<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún Eorpach an 21 Deireadh Fómhair 2024 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle RESTORE – Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057 (COM(2024)0496).</FIELD></FOOTNOTE> agus maidir le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún Eorpach an 21 Deireadh Fómhair 2024 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh (COM(2024)0495).</FIELD></FOOTNOTE> agus é mar aidhm leis sin tuilleadh solúbthachtaí a chur ar fáil maidir le húsáid na gcistí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá measúnú tapa agus láidir ar dhamáiste lena dtugtar aird chuí ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus buiséad an Aontais á chosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cúnamh airgeadais láithreach a scaoileadh trí CDAE chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht, in am trátha, do na réigiúin dá ndearnadh difear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/3105.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>