<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0049</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5: coigeartú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncaim agus nuashonruithe teicniúla eile</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0017/2024 -  Rapóirtéir:Siegfried Mureşan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2024 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 - coigeartú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncaim agus nuashonruithe teicniúla eile (14477/2024 – C10-0186/2024 – 2024/0252(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh a49Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 44 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, mar a glacadh go cinntitheach é an 22 Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2024/207/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 10 Deireadh Fómhair 2024 (COM(2024)0650),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024 a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 5 Samhain 2024 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 12 Samhain 2024 (14477/2024 – C10-0186/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 96 agus 98 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0017/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024 coigeartuithe a dhéanamh ar chaiteachas, go háirithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus ioncam do bhuiséad an Aontais a nuashonrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i ndáil le caiteachas, go bhfuil glanmhéadú EUR 44,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2,95 billiún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i gceist le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024; de bhrí, toisc nach bhfuil aon chorrlach ar fáil faoi Cheannteidil 2b, 5 agus 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), go moltar EUR 7,2 milliún breise a shlógadh ón Ionstraim Sholúbthachta agus EUR 68,5 milliún breise a úsáid ó urrann (a) den Ionstraim Corrlaigh Aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, ar thaobh an ioncaim, go ndéantar, le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024, fíneálacha cinntitheacha agus pionóis chinntitheacha a íoctar suas go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024 a chur isteach i mbuiséad 2024, arb ionann iad agus EUR 2.82 billiún san iomlán, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le ranníocaíochtaí breise OIN de EUR 139,9 milliún chun freastal ar na riachtanais íocaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go dtugtar isteach freisin le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024 línte buiséid nua ioncaim agus caiteachais do Shásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, faoina soláthrófar tacaíocht trí iasachtaí arna seirbhísiú agus arna n-aisíoc le sreafaí ioncaim amach anseo ó shócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024 mar a thíolaic an Coimisiún é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na riachtanais mhéadaithe íocaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), mar aon leis na riachtanais don Chomhbheartas Talmhaíochta san Aistriú Domhanda (DEC 11/24), mar chomhartha go bhfuil dlús á chur le cur chun feidhme an chláir tar éis tús mall, ar cúis imní é, sa tréimhse 2021-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi a thabhairt dá haire go raibh tionchar dearfach ag athruithe ar na rialacha a thug an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) isteach - le réamh-mhaoiniú eisceachtúil agus cómhaoiniú deonach 100 % - ar chur chun feidhme CFRE, rud a chiallaíonn go bhfuil airgead á chaitheamh ag na Ballstáit ar chuspóirí STEP; á mheas, thairis sin, gur cheart go gcabhródh méadú ar íocaíochtaí in 2024 leis an mbrú ar íocaíochtaí a mhaolú idir 2025 agus 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear na riachtanais mhéadaithe íocaíochta beagnach go hiomlán le hioncam ó fhíneálacha agus ó phionóis, go háirithe an fhíneáil iomaíochta EUR 2,4 billiún a forchuireadh ar Google as sáruithe in aghaidh trustaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le hioncam inbhuanaithe do bhuiséad an Aontais, atá faoi bhrú mór chun freagairt ar ghéarchéimeanna éagsúla le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil dul chun cinn déanta sa Chomhairle maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras acmhainní dílse i gcomhréir leis an treochlár sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; ag meabhrú a seasaimh chun tacú leis na tograí leasaithe ón gCoimisiún agus ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit na tograí sin a ghlacadh go pras chun na hacmhainní dílse atá ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú; ag meabhrú a seasaimh sheanbhunaithe gur cheart fíneálacha agus táillí a úsáid mar ioncam forlíontach do bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear línte buiséid ioncaim agus caiteachais don Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht airgeadais leanúnach don Úcráin i gcomhthéacs nach leor ó thaobh riachtanas de an maoiniú faoi Shaoráid na hÚcráine agus faoi na socruithe cúnaimh macrairgeadais (MFA) atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go ndéanfar iasachtaí breise cúnaimh mhacrairgeadais a fhrithghealladh le lamháltas an bhuiséid agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún sonraí a sholáthar don údarás buiséadach maidir le comhiomlánú na ndliteanas don lamháltas atá ag brath ar oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí; ag dréim leis go soáthróidh an Coimisiún an fhaisnéis uile do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de réir a ráitis atá i gceangal le Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L, 2024/2773, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj).</FIELD></FOOTNOTE>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ann do choigeartú tuarastail níos airde ná buiséadaithe do 2024, a bhfuil tionchar aige ar luach saothair agus ar phinsin araon, agus líon níos airde ná mar a bhí tuartha de phinsinéirí nua in 2024, rud a mhéadóidh tuilleadh costais phinsin; á chur in iúl gur geal léi gur cumhdaíodh beagnach gach costas breise ar fud na n-institiúidí trí ath-imlonnuithe inmheánacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil dul i muinín na hIonstraime Corrlaigh Aonair faoi smacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndéanann an coigeartú tuarastail difear freisin do ghníomhaireachtaí díláraithe, a bhí ag streachailt leis an mboilsciú os cionn an díbhoilsceora 2 % trína méadaíonn a mbuiséid bhliantúla agus go háirithe a mhéid arb ionann costais foirne agus oibriúcháin agus cuid mhór dá n-eisíocaíochtaí; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh méadú 1,7 % ar ranníocaíocht an Aontais ag gníomhaireachtaí nach raibh in ann na hacmhainní a aimsiú trí ath-imlonnuithe; á athdhearbhú gur gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le buiséid na ngníomhaireachtaí díláraithe faoi láthair mar chuid d’ullmhúcháin an Choimisiúin do CAI tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh ar leithreasuithe do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) chun costais mhéadaitheacha a chumhdach, cé gur cúis bhuartha di an laghdú comhfhreagrach ar leithreasuithe do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA); á chur in iúl gur geal léi gur treisíodh EUAA mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar CAI chun a chur ar a chumas cúraimí nua a chur i gcrích i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú go dlúth leis an dá ghníomhaireacht chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh ina n‑iomláine agus na leithreasuithe breise a shanntar dóibh a ionsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na leithreasuithe breise do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) in 2024 tar éis chibirionsaí mhí an Mheithimh 2024 ar an ngníomhaireacht; á áitiú gur gá ceachtanna a fhoghlaim agus tacaíocht theicniúil bhreise a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí agus institiúidí eile ag an tSeirbhís Chibearshlándála d’eintitis an Aontais (CERT-EU), i bhfianaise na bagartha airde cibearshlándála agus chun a áirithiú nach gcuirfidh ionsaí eile aon ghníomhaireacht ná institiúid de chuid an Aontais i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tÚdarás nuabhunaithe um Fhrithsciúradh Airgid sa chreat athbhreithnithe maidir le frithsciúradh airgid ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, dá bhrí sin, na moilleanna sa chéim bhunaithe, go háirithe maidir le hearcaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, agus an Rialachán Airgeadais athmhúnlaithe i bhfeidhm anois, gur féidir ioncam diúltach a áireamh sa bhuiséad chun ús cúiteach a íoc i gcásanna cúirte caillte; ag tabhairt dá haire go bhfuil méid beacht an úis sin á bhunú ag an gCoimisiún faoi láthair agus á iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil don údarás buiséadach a luaithe is féidir in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 5/2024 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;</STRING>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>