<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0058</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(C10-0119/2024 - Rapóirtéir: Christine Schneider)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta chur i bhfeidhm (COM(2024)0452 – C10-0119/2024 – 2024/0249(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0452),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0119/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2024<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litreacha dar dáta an 16 Deireadh Fómhair 2024 agus an 4 Nollaig 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 60 agus 170 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 14 Samhain 2024 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2024)0031).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2024)0249</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/3234.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún an tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le forálacha a bhaineann le dáta an chur i bhfeidhm</STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3234, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj.</FIELD></FOOTNOTE></STI>
Geallann an Coimisiún fós an t‑ualach ar ghnólachtaí a laghdú trí cheanglais riaracháin a laghdú agus trí dheireadh a chur le hualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo.

Chun é sin a bhaint amach i ndáil le Rialachán (AE) 2023/1115, soláthróidh an Coimisiún tuilleadh soiléirithe, fiosróidh sé bearta simplithe, agus déanfaidh sé na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus doiciméadacht a chuíchóiriú, chun iad a íoslaghdú a mhéid is féidir, agus cuspóirí an Rialacháin á gcomhlíonadh go hiomlán san am céanna. Chuige sin, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, foilseoidh an Coimisiún eagrán cothrom le dáta de na Treoirlínte agus na Ceisteanna Coitianta. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de fhreagraí a thabhairt ar aiseolas ó na páirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit, de chuidiú leis na trádálaithe agus na hoibreoirí maidir le cur chun feidhme, go háirithe i ndáil leis an oibleagáid ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach ar feadh an tslabhra luacha.

Chun cur ar a gcumas do thrádálaithe agus d’oibreoirí, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, a bheith in ann ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, is tosaíocht de chuid an Choimisiúin é oibríochtú an Chórais Faisnéise. Is den ríthábhacht é freisin an catagóiriú riosca a thagarmharcáil chun intuarthacht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin le haghaidh oibreoirí, trádálaithe, tíortha is táirgeoirí agus údaráis inniúla. Geallann an Coimisiún go daingean a áirithiú go mbeidh an Córas Faisnéise agus an togra maidir leis an gcatagóiriú riosca araon ar fáil a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 mhí sula gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm.

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ghinearálta ar an Rialachán, a mheastar a chuirfear i gcrích tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún anailís, é bunaithe ar mheasúnú tionchair, de réir mar is iomchuí, ar bhearta breise chun an t‑ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú. Cuirfear san áireamh san anailís sin an gá le ceanglais laghdaithe i ndáil le foinsiú ó thíortha agus ó chodanna de thíortha a bhfuil torthaí dearfacha bainte amach acu i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin, mar aon le hindéantacht na gceanglas sin.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>