<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0062</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0019/2024 -  Rapóirtéir:Matjaž Nemec)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper (COM(2024)0370 – C10-0166/2024 – 2024/0286(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0370 – C10‑0166/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus do na spriocanna a bunaíodh i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0019/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus do na cuideachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 681 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 17 (Monarú páipéir agus táirgí páipéir) i réigiún Provincie Limburg laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 31 Nollaig 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken NV (páipéar) agus 114 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Purmo Group Belgium NV (innealra);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna nó in earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus atá suite sa réigiún céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Bheilg;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go raibh Sappi Lanaken speisialaithe i dtáirgeadh páipéir bhrataithe saor ó adhmad (WCP); de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar ró-acmhainneacht thionscal WCP na hEorpa mar thoradh ar an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar tháirgí grafaicí mar thoradh ar dhigitiú méadaithe; de bhrí nach bhféadfaí an táirgeadh ag Sappi Lanaken a aistriú chuig táirgí eile páipéir ar mó an t-éileamh orthu gan infheistíochtaí troma agus, dá bhrí sin, gur chinn Sappi Group stop a chur leis an táirgeadh in Lanaken agus an gléasra a dhúnadh, toisc nach bhféadfaí aon cheannaitheoir oiriúnach a shainaithint, mar gheall ar ró-acmhainneacht struchtúrach sa tionscal;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar mhéid táirgeachta radaitheoirí painéil Purmo Group le linn na tréimhse 2018-2023, ó 820 000 aonad in 2018 go 320 000 in 2023 (-60 %). de bhrí, agus costais táirgthe phlandaí éagsúla Purmo Group san Eoraip á gcur i gcomparáid, go bhfuil an láithreán in Zonhoven faoi mhíbhuntáiste, ós rud é go bhfuil a chostais 17 % go 35 % níos airde. de bhrí gur chinn Purmo Group stop a chur le táirgeadh radaitheoirí painéil 50 mm ina ghléasra Zonhoven agus an líne tháirgthe ábhartha a dhúnadh;  de bhrí, tar éis na staide gan choinne maidir le hinfhaighteacht agus praghsanna gáis, a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus reachtaíocht an Aontais a théann chun tairbhe do chórais téimh ísealteochta chun dochair do radaitheoirí painéil, nach dócha go mbeidh téarnamh éilimh ann toisc go mbeidh margadh na radaitheoirí painéil teoranta níos mó agus níos mó d’aonaid atá in úsáid a ionadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur lean an dá chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo agus go bhfuil aonad fostaíochta curtha ar bun acu, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a chur ar fáil d’oibrithe a scaoileadh chun bealaigh i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (c), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 2 704 135 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 173 559, a chuimsíonn EUR 1 126 559 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 47 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 19 Iúil 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 5 Samhain 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 567 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Sappi Lanaken agus 114 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Purmo Group Belgium; ag tabhairt dá haire thairis sin go mbeidh 632 oibrí ina dtairbhithe spriocdhírithe ar an iomlán, fir amháin nach mór;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil margaí saothair Lanaken agus Zonhoven faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le Limburg ina iomláine nó le Flóndras ina bhfuil cóimheas i bhfad níos ísle idir an daonra oibre agus na poist atá ar fáil ná mar atá in Limburg ina iomláine nó i bhFlóndras; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú 15 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Limburg in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil próifílí na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 55 bliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil oideachas íseal ag 30 % díobh, ina mbacainní tromchúiseacha ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth, agus an treocht anuas i bhfolúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas sin á gcur i gcuntas, go mbeidh tacaíocht shaincheaptha bhreise de dhíth ar na hoibrithe chun cabhrú leo an t-aistriú chuig an bhfostaíocht a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é an fhéidearthacht a thabhairt do na hoibrithe a ndéanfar difear dóibh na cáilíochtaí is gá d’fhostaíocht amach anseo a fháil, i bhfianaise go bhfuil tionchar suntasach ag an aistriú digiteach agus éiceolaíoch ar a n-earnálacha agus go bhfuil laghdú ar an éileamh mar thoradh air ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá an tacaíocht a chuireann CED ar fáil a leabú i straitéis níos mó do na hoibrithe a ndéantar difear dóibh agus don réigiún, ar gach leibhéal polaitiúil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’ionstraimí cistiúcháin ábhartha an Aontais, agus é mar aidhm leis a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár sna haistrithe digiteacha agus aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: comhairleoir idirghabhála sóisialta, treoir, comhairleoireacht, agus treoshuíomh gairmiúil, tacaíocht ghníomhach i gcuardach poist, oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint, lena n-áirítear oiliúint i scileanna digiteacha, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 26 Nollaig 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 20 Samhain 2023 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a dhéanann iarratas ar thacaíocht chistiúcháin ó CED a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i ndlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus go ndearna an chuideachta lena mbaineann foráil dá hoibrithe dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Beilge agus ar Bhallstáit eile na bearta coisctheacha a dhéanamh ar bhealach réamhghníomhach chun tionscail a oiriúnú don domhandú agus d’athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil agus chun oibrithe a chosaint ar a bpoist a chailleadh agus ar thionchar diúltach eile an domhandaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE-Limburg machinery and paper</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/47.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>