<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0067</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceapadh Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid (AMLA)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0032/2024 -  Rapóirtéirí: Aurore Lalucq, Javier Zarzalejos)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2024 ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (N10-0050/2024 – C10-0210/2024 – 2024/0802(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Formheas)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 (C10-0210/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010,<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0032/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 go roghnófar Cathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, ionracais, seasamh aitheanta agus taithí i réimse AML/CFT agus cáilíochtaí ábhartha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú i bpoist feidhmiúcháin in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620, gur ghlac an Coimisiún, an 9 Deireadh Fómhair 2024, gearrliosta iarrthóirí do phost Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus gur thionóil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile éisteachtaí leis na hiarrthóirí sin atá ar an ngearrliosta an 25 Samhain 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur sholáthair an Coimisiún an gearrliosta do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2024/1620 an 9 Deireadh Fómhair 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, an 4 Nollaig 2024, gur ghlac an Coimisiún togra chun Bruna Szego a cheapadh mar Chathaoirleach ar an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus gur tharchuir sé an togra sin chuig Parlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra mholta do phost Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2024/1620;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, an 16 Nollaig 2024, go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile le Bruna Szego, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí na gCoistí ina dhiaidh sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra le haghaidh cheapachán Bruna Szego mar Chathaoirleach an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus chuig rialtais na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>