<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2024)0075</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh chuig an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais don 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0030/2024 -  Rapóirtéir: Lina Gálvez)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Nollaig 2024 chuig an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais don 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (2024/2057(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú na Náisiún Aontaithe an 15 Meán Fómhair 1995 dar teideal ‘Dearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta’ agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún 1979 na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, don phrionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ agus, go háirithe, do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 5, lena bhféachtar le comhionannas inscne a bhaint amach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 13 Nollaig 2019 chuig Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Review and appraisal of the implementation of the Beijing Declaration and Platform for Action and the outcomes of the twenty-third special session of the General Assembly’</STRING> [Athbhreithniú agus measúnú ar chur chun feidhme Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus torthaí an 23ú seisiún speisialta den Chomhthionól Ginearálta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP): clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais’ (JOIN(2020)0017) agus an doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach a ghabhann leis an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Cuspóirí agus Táscairí chun cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (2021-25) a cheapadh’ (SWD(2020)0284),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis Eorpach um Chomhionannas Inscne 2020-2025 an 5 Márta 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhiosrúchán 2024 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú maidir leis an bPolainn, arna dhéanamh faoi Airteagal 8 den Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Feabhra 2021 maidir le dúshláin amach anseo i ndáil le cearta na mban san Eoraip: breis agus 25 bliana i ndiaidh Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 160.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéisiú dar teideal ‘Dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 (SDG 5): Comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní a chumhachtú’, a d’fhoilsigh an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 18 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mhná na Náisiún Aontaithe agus Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe ó mhí Mheán Fómhair 2024 dar teideal ‘Dul chun cinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe: An Léargas ar Inscne 2024’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaí leasuithe ar na Conarthaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4216, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4216/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Aibreán 2024 maidir leis an gceart chun ginmhillte a áireamh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0286.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0030/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur prionsabal bunúsach agus uilíoch de chuid AE é an comhionannas idir mná agus fir, agus de bhrí nach mór gníomhaíocht sheachtrach AE a bheith á treorú ag an bprionsabal sin, ionas go leanfaidh AE de cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus go gcuirfidh siad dlús breise lena ngealltanais maidir le comhionannas inscne agus go gcomhlíonfaidh siad iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach amháin gur cearta bunúsacha an duine iad cearta daonna agus comhionannas inscne na mban agus na gcailíní, ach gur réamhchoinníollacha iad chun forbairt a chur chun cinn agus chun an bhochtaineacht a laghdú, agus gur bonn riachtanach iad do dhomhan síochánta, rathúil agus inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur gheall 189 rialtas ar fud an domhain, lena n-áirítear an tAontas agus a Bhallstáit, oibriú i dtreo comhionannas inscne a bhaint amach agus gach bean agus cailín a chumhachtú ag an gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná in 1995 i mBéising;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb é Dearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising an clár oibre domhanda is cuimsithí chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus go meastar gurb é ‘Bille Idirnáisiúnta um Chearta’ an bille do mhná, lena sainmhínítear cearta na mban mar chearta an duine agus lena gcuirtear in iúl fís de chearta comhionanna, saoirse chomhionann agus deiseanna comhionanna do mhná uile ar domhan, agus gur athdhearbhaíodh é in 2015 le Sprioc 5, ‘Comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú’, de na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, trí spriocanna agus bearta nithiúla a shonrú ar fud raon na saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar mhná agus ar chailíní;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur tháinig Comhthionól na Náisiún Aontaithe ar chomhaontú in 2017 maidir le creat táscairí domhanda chun bailiú sonraí a chaighdeánú, ar príomhghné é d’inchomparáideacht sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, gan ach sé bliana fágtha roimh sprioc 2030 do SDGanna na Náisiún Aontaithe, nár baineadh amach oiread agus táscaire amháin faoi Sprioc 5; de bhrí go measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil gá le gníomhaíochtaí láidre chun dlús a chur leis an dul chun cinn agus chun nach dtógfaidh sé 286 bliana chun bearnaí sa chosaint dhlíthiúil a dhúnadh agus chun deireadh a chur le reachtaíocht idirdhealaitheach do mhná;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur prionsabal trasearnálach é an comhionannas inscne, atá le príomhshruthú ar fud na SDGanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go dtugtar chun suntais i staidéar 2024<FOOTNOTE><FIELD> Na Náisiúin Aontaithe <STRING ITALIC="on">Are we getting there? A synthesis of UN system evaluations of SDG 5</STRING> [An bhfuil muid nach mór ann? Sintéis ar mheastóireachtaí chóras na Náisiún Aontaithe ar SDG 5], mí an Mhárta 2024, https://www.unwomen.org/ga/digital-library/publications/2024/03/are-getting-there-a-synthesis-un-system-evaluations-of-sdg-5.</FIELD></FOOTNOTE> ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an meastóireacht ar SDG 5 go bhfuil noirm shóisialta fós ann lena ndéantar foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní a dhlisteanú, gan pionós leordhóthanach in aghaidh dhéantóirí na coire a bheith ann, lena ndéantar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a laghdú, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, lena ndéantar cúram neamhíoctha agus obair tí a shannadh do mhná amháin agus deiseanna ceannaireachta a shrianadh; de bhrí gur féidir idirdhealú a dhéanamh fós ar mhná agus ar chailíní trí atáirgeadh de réir inscne<FOOTNOTE><FIELD> Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal, Mná na Náisiún Aontaithe, UNIFCEF, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, <STRING ITALIC="on">Preventing gender-biased sex selection: an interagency statement</STRING> [Cosc a chur ar roghnú gnéis atá claonta ó thaobh inscne de: ráiteas idirghníomhaireachta], 2011, https://www.unfpa.org/sites/default/files/resource-pdf/Preventing_gender-biased_sex_selection.pdf</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil rabhadh tugtha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe faoin bhfrithbheartaíocht ghníomhach i gcoinne a bhfuil bainte amach agus an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcomhionannas inscne agus faoin bhfrithfhreagairt thrasnáisiúnta atá ag dul i méid i gcoinne chearta na mban; de bhrí, le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe chomh maith le gluaiseachtaí frithchearta, go gcuirtear cearta bunúsacha na mban agus na gcailíní i mbaol ar bhonn laethúil; de bhrí go bhfuil gá soiléir práinneach le comhionannas inscne agus cearta daonna na mban agus na gcailíní a athdhearbhú, a choimirciú agus a fhorbairt<FOOTNOTE><FIELD> Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, <STRING ITALIC="on">Escalating backlash against gender equality and urgency of reaffirming substantive equality and the human rights of women and girls: Report of the Working Group on discrimination against women and girls</STRING> [Géarú na frithfhreagartha i gcoinne an chomhionannais inscne agus an phráinn a bhaineann le comhionannas substainteach agus cearta daonna na mban agus na gcailíní a athdhearbhú: Tuarascáil ón Meitheal maidir le hidirdhealú in aghaidh na mban agus na gcailíní], an 15 Bealtaine 2024, https://documents.un.org/doc/undoc/gen/g24/073/47/pdf/g2407347.pdf</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach mór do chomórtais spóirt na mban a bheith ina gceiliúradh ar luachanna spóirt; de bhrí nach mór na coinníollacha uile a chomhlíonadh chun cothroime a áirithiú laistigh de na comórtais sin, chun sláinte lúthchleasaithe baineanna a chaomhnú agus chun foréigean fisiciúil agus síceolaíoch ina gcoinne a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go n-áirítear sa doiciméad a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Todhchaí gníomhaíocht shonrach chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile a bhaint amach mar rannchuidiú ríthábhachtach leis an dul chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> Na Náisiúin Aontaithe, doiciméid toraidh Chruinniú Mullaigh na Todhchaí: An Comhshocrú don Todhchaí, an Comhshocrú Digiteach Domhanda agus an Dearbhú maidir le Glúine Amach Anseo’, Meán Fómhair 2024, https://www.un.org/sites/un2.un.org/files/sotf-pact_for_the_future_adopted.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil forlámhas ag fórsa Hayat Tahrir al-Sham (HTS) ar na reibiliúnaithe a thug anuas an réimeas sa tSiria; de bhrí gur eagraíocht Ioslamach é an grúpa HTS atá aicmithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta ag an Aontas agus ag na Náisiúin Aontaithe; de bhrí gur cúis mhór imní é an staid sin maidir le slándáil na mban agus na gcailíní sa cheantar;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur chinn Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, i bhfiosrúchán ar dhlí ginmhillte na Polainne, go bhfuil idirdhealú in aghaidh na mban á dhéanamh trí ghinmhilleadh a choiriúlú agus a shrianadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag moladh go ndéanfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>a tiomantas iomlán buanseasmhach a athdhearbhú do Dhearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus don réimse gníomhaíochtaí maidir le cearta daonna na mban ina n-éagsúlacht uile, agus do chomhionannas inscne, a leagtar amach sa Dearbhú; a tiomantas do chearta daonna na mban a dhearbhú, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, trí phríomhshruthú inscne i ngach réimse agus timthriall beartais, do ghníomhaíochtaí sonracha agus spriocdhírithe a chur chun feidhme maidir le cearta daonna na mban agus comhionannas inscne na mban, agus chun buiséadú cuí inscne a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>á chur in iúl go bhfuil sí go mór i gcoinne an fhíorais go bhfuil an Araib Shádach ina cathaoirleach ar chruinniú bliantúil CSW i mbliana agus ag cáineadh aon chineál ionstraimíochta polaitiúla ós rud é go bhfuil an-droch-cháil ar an tír maidir le cearta na mban agus toisc go bhfuil go leor dá beartais contrártha le sainordú agus cuspóirí CSW féin; an t-idirdhealú córasach in aghaidh na mban agus an ghéarleanúint ar ghníomhaithe ar son chearta na mban a tharlaíonn san Araib Shádach a ardú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>a áirithiú go ndéanfar comhionannas inscne agus cearta na mban agus na gcailíní a chur chun feidhme go hiomlán agus go bródúil mar chuid lárnach de ghníomhaíocht sheachtrach AE trí chur chuige atá maoinithe go leordhóthanach, freagrúil ó thaobh inscne de, cuimsitheach agus trasnach, agus mná imeallaithe agus mná i gcásanna leochaileacha á gcur san áireamh, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar chistiú gluaiseachtaí frithinscne ar fud an domhain<FOOTNOTE><FIELD> Datta, N., Fóram Parlaiminteach na hEorpa um Chearta Gnéis agus Atáirgthe, <STRING ITALIC="on">Tip of the Iceberg- Religious Extremist Funders against Human Rights for Sexuality and Reproductive Health in Europe 2009-2018</STRING> [An Ceann Caol den Deacracht – Cisteoirí antoisceacha Reiligiúnacha i gcoinne Chearta an Duine maidir le Gnéasacht agus Sláinte Atáirgthe san Eoraip 2009-2018] Meitheamh 2021, https://www.epfweb.org/sites/default/files/2021-08/Tip%20of%20the%20Iceberg%20August%202021%20Final.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus a Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne a áirithiú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le seasamh an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (10-25 Márta 2025); a áirithiú go mbeidh faisnéis agus rochtain leormhaith rialta agus thráthúil ag an bParlaimint ar dhoiciméad seasaimh an Aontais roimh na caibidlíochtaí; a áirithiú go gcuirfear seasamh na Parlaiminte in iúl go tráthúil d’fhoireann chaibidlíochta AE; agus comhar idirinstitiúideach agus comhairliúchán neamhfhoirmiúil a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear roimh chaibidlíochtaí agus lena linn, ionas go ndéanfar tosaíochtaí na Parlaiminte a ionchorprú go cuí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar na céimeanna ar gcúl, a tháinig chun cinn i gcur chun feidhme Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>gealltanas a thabhairt go dtacóidh sí go láidir le hobair Mhná na Náisiún Aontaithe, ar gníomhaí lárnach é i gcóras na Náisiún Aontaithe chun cearta na mban a chur chun cinn, agus gealltanas á thabhairt ag an am céanna a cistiú chomh maith le maoiniú méadaithe don chomhionannas inscne a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>dlús a chur an athuair le hiarrachtaí an Aontais na dúshláin atá fós ann a shárú agus dlús a chur le cur chun feidhme iomlán Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising, ós rud é gur doiciméad uilíoch é, agus toisc nach bhfuil na spriocanna uile bainte amach ag Ballstáit an Aontais, ná baol air; a áirithiú go dtabharfaidh an tAontas dea-shampla trí bhearta láidre beartais a chur i bhfeidhm, in éineacht le hairgeadas leormhaith, chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne ina chineálacha uile, chun é a sheachaint, a chomhrac agus chun mná ina n-éagsúlacht uile a chumhachtú i dtíortha uile an Aontais agus a áirithiú go bhfíorófar a gcearta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>a athdhearbhú go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas maidir le domhan atá comhionann ó thaobh inscne de a bhaint amach trí cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus tacú le tíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál idirdhealaithe inscne dhírigh agus indírigh agus foréigean inscnebhunaithe; meabhrú a thábhachtaí atá Coinbhinsiún Iostanbúl, tathant ar na cúig Bhallstát eile nár dhaingnigh agus nár chuir Coinbhinsiún Iostanbúl chun feidhme go fóill é sin a dhéanamh a luaithe is féidir, agus a iarraidh freisin ar thíortha eile dul chun cinn a dhéanamh i dtreo é a shíniú agus a dhaingniú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>rochtain chomhionann ar dheiseanna agus comhionannas deiseanna a éileamh do chách i ngach réimse den saol, chun ligean do mhná ina n-éagsúlacht uile barr a gcumas a bhaint amach, go háirithe sa chinnteoireacht freisin, lena n-áirítear sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, acadúla, sláinte, cultúrtha, agus spóirt, rud atá bunriachtanach freisin don dea-rialachas agus don cheapadh beartas; tionscnaimh a spreagadh lena gcuirtear ceannaireacht pholaitiúil agus rannpháirtíocht na mban chun cinn, lena neartaítear cleachtais dhaonlathacha agus lena spreagtar glúnta ban a bheidh ann amach anseo;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>sa chomhthéacs sin, á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear ar líne nó as líne, agus foréigean i gcoinne na mban atá rannpháirteach sa pholaitíocht nó ar mian leo páirt a ghlacadh inti, lena gcothaítear agus lena dtreisítear dofheictheacht na mban agus steiréitíopaí diúltacha faoi mhná agus lena ndíspreagtar mná de gach aois dul isteach sa pholaitíocht agus i spásanna poiblí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>bearta a spreagadh lena gcuirtear rannpháirtíocht na mban agus cothromaíocht inscne chun cinn i ngach earnáil ardtionchair, lena n-áirítear ETIM; a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé steiréitíopaí, dearcthaí agus réamhchlaontaí inscne ina ngnéithe uile a chomhrac, trí gach cineál meán, lena n-áirítear na meáin shóisialta, agus cláir a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, chun idirdhealú in aghaidh na mban sa pholaitíocht agus i bpoist phoiblí a laghdú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>a chur i bhfios go láidir gur sainaithníodh gur bacainní agus bagairtí ar chearta na mban iad treoir pholaitiúil lag, easpa tiomantais, bearnaí sonraí, infheistíocht nach bhfuil spriocdhírithe go leordhóthanach, fuathchaint agus feachtais fuatha, easpa rochtana ar scileanna agus eolas ábhartha, easpa deiseanna eacnamaíocha agus oideachais, idirdhealú a bhaineann le hinscne san ionad oibre, lena n-áirítear bulaíocht mháthartha, easpa neamhspleáchais eacnamaíoch agus dálaí éagothroma i margadh an tsaothair, agus teacht chun cinn gluaiseachtaí frithchearta; dá bhrí sin, is gá níos mó ban a spreagadh sa pholaitíocht agus sa cheannaireacht, infheistíocht thiomnaithe a bhaineann le comhionannas inscne a mhéadú i seirbhísí amhail an t-oideachas agus an tsláinte, agus athchóirithe cuimsitheacha oideachais, oiliúna agus beartais atá bunaithe ar chearta agus atá freagrúil ó thaobh inscne de a chur chun feidhme chun na bacainní struchtúracha sistéamacha sin a shárú agus chun sochaí atá fíor-chomhionann a bhaint amach, rud a bhfuil tiomantas agus rannpháirtíocht na bhfear agus na mbuachaillí bunriachtanach ina leith;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí i réimsí beartais ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíocht sheachtrach, agus ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla i ndáil leis sin, ag gealladh go n-áireofar sa chéad CAI eile 2027 cuspóirí a bhaineann go sonrach le comhionannas inscne agus modhanna buiséadaithe inscne chun go mbeifear in ann na hinfheistíochtaí uile maidir le tionchar inscne a mhéadú agus faireachán a dhéanamh orthu;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>gealltanas a thabhairt measúnú leanúnach agus gníomhaíocht cheartaitheach réamhghníomhach a dhéanamh i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais maidir le comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>an tábhacht a bhaineann leis an gClár Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus le comóradh 25 bliana a rúin chinniúnaigh a chosaint agus a mheabhrú, plean gníomhaíochta an Aontais a athnuachan agus aon bhrú siar i dtreo an chláir oibre sin a chomhrac go hidirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>á iarraidh ar an gCoimisiún pleananna agus gníomhaíochtaí nithiúla dea-mhaoinithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar SDGanna na Náisiún Aontaithe, go háirithe iad siúd a bhaineann le comhionannas inscne agus comhionannas a chur chun cinn san oideachas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne na frithfhreagartha in aghaidh an chomhionannais inscne agus chearta na mban, a chruthaítear go háirithe le gluaiseachtaí frithchearta a bhfuil tionchar méadaitheach acu, trí cháineadh a dhéanamh ar gach iarracht chun na cosaintí atá ann cheana don chomhionannas inscne a rolladh siar, a shrianadh nó a bhaint, lena n-áirítear maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, chomh maith le gach cineál bagairtí, imeaglaithe agus ciaptha, ar líne agus as líne, ar chosantóirí chearta an duine agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair chun na cearta sin a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir nach amháin go bhfuil gluaiseachtaí frith-inscne ag ionsaí chearta na mban agus an chomhionannais inscne ach go bhfuil siad fite fuaite le gluaiseachtaí frithdhaonlathacha; comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a chur chun cinn chun gníomhú in aghaidh gluaiseachtaí cúlchéimnitheacha agus tiomantas an Aontais do chomhionannas inscne a chosaint mar bhunluach a athdhearbhú, lena n-áirítear trína áirithiú go ndéanfar gluaiseachtaí chearta na mban a chistiú go leordhóthanach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>béim a leagan ar an ngá atá le cearta grúpaí a bhfuil cineálacha trasnacha idirdhealaithe á bhfulaingt acu a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, a ndéantar ciníochú orthu, ó chúlraí eitneacha, mionlaigh nó imirceacha, daoine scothaosta nó LGBTIQ+, i measc daoine eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>oibriú chun an coincheap maidir le hidirdhealú trasnach a chomhrac a chur chun cinn ar fud chomhlachtaí uile na Náisiún Aontaithe agus anailís inscne thrasnach a dhéanamh, a chur i bhfeidhm agus a chomhtháthú ar leibhéil éagsúla san Aontas agus ina Bhallstáit;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>tathant ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha agus feabhsaithe a dhéanamh ar bhailiú sonraí comhionannais atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir le gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh eile, tuairim pholaitiúil, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, saintréithe gnéis agus féiniúlacht inscne chomh maith le sonraí atá imdhealaithe go geografach, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, chun a áirithiú go rannchuideoidh na sonraí sin le ceapadh beartas níos fearr agus níos eolaí, agus chun an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a threisiú ó thaobh cistiúcháin agus acmhainneachta de;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>gealltanas a thabhairt dul chun cinn a dhéanamh i dtreo beartas eachtrach, slándála agus forbartha lena dtugtar tosaíocht don chomhionannas inscne, lena gcosnaítear agus lena gcuirtear chun cinn cearta daonna na ngrúpaí atá imeallaithe go traidisiúnta, amhail daoine trasinscneacha, agus lena gcuirtear san áireamh tuairimí na mban agus chosantóirí chearta an duine LADTIA+ agus na sochaí sibhialta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>GAP III AE a chur chun feidhme gan mhoill agus a mhéid is féidir, agus a áirithiú go gcuirfidh 85 % de na gníomhaíochtaí nua uile le linn an chaidrimh sheachtraigh faoi 2025 le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban faoi 2027 ar a dhéanaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>na moltaí i rún ón bParlaimint an 10 Márta 2022 maidir le GAP III AE a thabhairt dá haire agus a chur chun feidhme, agus, ar an gcaoi sin, tús áite a thabhairt do GAP III i ngach gné de ghníomhaíocht sheachtrach AE trí chur chuige atá freagrúil maidir le caidrimh inscne, agus trasnach, i dtéarmaí chlúdach geografach GAP III agus réimsí gníomhaíochta araon, chomh maith le príomhshruthú inscne i ngach réimse den ghníomhaíocht sheachtrach, bíodh sé an trádáil, an beartas forbartha, an imirce, an chabhair dhaonnúil, an tslándáil nó earnálacha amhail fuinneamh, iascach agus talmhaíocht nó ná bíodh, agus ag an am céanna an chomhsheasmhacht idir beartais inmheánacha agus seachtracha an Aontais a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>beartais a cheapadh, a mhaoiniú agus a chur chun feidhme lena ndéantar baineannú na bochtaineachta a chomhrac agus lena laghdaítear ról na hinscne mar thoisc sa bhochtaineacht laistigh den Aontas agus, trí ghníomhaíocht sheachtrach, lasmuigh de, agus aird chuí á tabhairt ar thosca trasnacha, lena n-áirítear gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh eile, tuairim pholaitiúil, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, saintréithe gnéis nó féiniúlacht inscne;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>tacú le rochtain chomhionann ar acmhainní agus comhdheiseanna do mhná i ngach réigiún, chun cumhachtú eacnamaíoch a bhaint amach agus rochtain ar cheartas sóisialta agus ar cháilíocht saoil níos fearr a chumasú mar thoradh ar fhís dhomhanda maidir le comhionannas inscne; na dúshláin uathúla atá roimh mhná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, iargúlta agus is lú forbairt a aithint, áit a bhféadfadh rochtain ar acmhainní, ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha a bheith teoranta; bearta agus infheistíochtaí spriocdhírithe a iarraidh lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal sin, trí chomhionannas inscne, fiontraíocht na mban agus deiseanna fostaíochta nó bonneagar a chur chun cinn; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé na dearcthaí sin a chomhtháthú sna straitéisí ábhartha gníomhaíochta seachtraí agus forbartha uile chun a áirithiú nach bhfágfar aon bhean ar lár;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sistéamacha bochtaineachta na mban agus faireachán a dhéanamh orthu agus béim á leagan orthu siúd i gceantair thuaithe nó i gceantair iargúlta agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste, mná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile a chumhachtú trí oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, deiseanna neamh-idirdhealaitheacha saothair, rochtain ar phá comhionann agus ar phinsin chomhionanna, agus cláir fostaíochta do mhná faoi mhíchumas a spreagadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>fiontraíocht na mban agus gnólachtaí faoi stiúir na mban a chur chun cinn trí thimpeallacht chumasúcháin dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, amhail cláir thacaíochta i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áiritheofar rochtain chothrom ar dheiseanna gnó agus oiliúint i scileanna fiontraíochta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>tionscnaimh a spreagadh lena neartaítear neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus cruthú post in earnálacha ardfháis, tacú le tionscnaimh lena gcumhachtaítear mná go heacnamaíoch, go háirithe fiontraithe ban agus iad siúd atá ar thús cadhnaíochta i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le steiréitíopaí a chomhrac agus neamhionannais leanúnacha san oideachas a chomhrac, agus aghaidh a thabhairt ar ráta fostaíochta agus tearcionadaíocht na mban in earnálacha áirithe amhail ETIM agus IS;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>rochtain ar sheirbhísí sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, sciartha comhionanna d’fhreagrachtaí cúraim agus sóisialta gan íocaíocht trí thionscnaimh reachtacha, iarrachtaí chun steiréitíopáil dhíobhálach inscne a chomhrac, dearcthaí agus córais phatrarcacha agus mná a chur chun cinn mar eiseamláirí, agus beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil lena n-áirithítear rochtain ar oideachas digiteach agus ar oiliúint scileanna chun an bhearna dhigiteach idir na hinscní a dhúnadh; rochtain na mban ar úinéireacht, ar mhaoin, ar thithíocht agus ar thalamh leormhaith agus inacmhainne a chumasú, deireadh a chur le bacainní, agus béim á leagan ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban, go háirithe iad siúd atá i mbochtaineacht agus teaghlaigh arna stiúradh ag mná;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>a iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí agus go mbeidh níos mó reachtaíochta agus forfheidhmithe ann i dtaca leis na bearta atá ann cheana chun cearta na n-oibrithe cúraim ban agus na n-oibrithe tí a áirithiú chomh maith le haitheantas a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear máithreacha aonair, agus aitheantas á thabhairt dá gcuid oibre mar obair bhunriachtanach chun go bhfeidhmeoidh ár sochaí; beartais chúraim agus infheistíochtaí cúraim níos uaillmhianaí a éileamh d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo geilleagair chúraim, íoschaighdeáin agus treoirlínte a leagan síos don chúram ar feadh na saolré, le dearcadh trasnach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>beartais agus cláir imirce lucht saothair atá inscne-fhreagrúil a fhorbairt, lena n-áirítear in earnálacha atá ‘baineannaithe’ agus earnálacha neamhfhoirmiúla amhail obair tí agus obair chúraim, agus lena dtugtar aghaidh ar na bacainní inscneacha ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair agus ar aitheantas scileanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>an ceart chun tearmainn a spreagadh in AE, agus mná ar íospartaigh foréigin iad a aithint, a chosaint, tacú leo agus iad a lánpháirtiú, gan beann ar an gcineál foréigin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>feabhas a chur ar fhreagairt, acmhainní agus sraith straitéisí an Aontais, go hinmheánach agus go seachtrach araon, maidir le foréigean inscnebhunaithe ar líne agus as líne, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh, gnéasach, fisiciúil, síceolaíoch, ó bhéal agus eacnamaíoch, ciapadh ag an obair, chomh maith le foréigean i gcásanna coinbhleachta agus cogaidh, gáinneáil, luathphósadh agus pósadh éigeantais agus dúshaothrú gnéis agus atáirgthe, ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí leis sin tacaíocht do bhunú ionad cabhrach d’íospartaigh an fhoréigin ar mná iad i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i limistéir faoi mhíbhuntáiste, cosúil le hionaid frithfhoréigin, a bhfuil an dá chuspóir seo a leanas acu: cúnamh a thabhairt chun cásanna foréigin a aithint agus cosaint agus tacaíocht dhlíthiúil agus phraiticiúil a chur ar fáil do mhná a chinneann foréigean a thuairisciú agus a fhágáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>tacú le sainmhíniú atá bunaithe ar thoiliú ar éigniú mar chaighdeán uilíoch ar fud na réigiún uile, arb é is aidhm dó cosaintí dlíthiúla a fheabhsú agus a áirithiú go saineofar foréigean gnéasach trí easpa toilithe, seachas trí úsáid fornirt amháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>aird a tharraingt ar an tionchar mór atá ag foréigean inscnebhunaithe ar líne ar shaol pearsanta agus gairmiúil na mban agus na gcailíní, agus ar a sláinte mheabhrach agus choirp;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aj)</SYMBOL>a chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an dlí daonnúil idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú chun cearta na mban agus na gcailíní i gcoinbhleachtaí a choimirciú; a áirithiú go dtabharfar tús áite do shábháilteacht na mban agus na gcailíní i gcomhaontuithe seachtracha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le rialú teorann agus comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas, agus béim á leagan ar an bhfíoras nach mór don Aontas a áirithiú go gcloífidh tíortha comhpháirtíochta le hardchaighdeáin maidir le cearta an duine, go háirithe maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc, lena n-áirítear gáinneáil chun críche teacht i dtír gnéasach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>aird ar leith a thabhairt ar an mbail atá ar mhná agus leanaí na Siria, lena n-áirítear iad siúd ó mhionlaigh Chríostaí, ar mó an dóchúlacht go ndíreofar réimeas Ioslamach orthu, mar a chonacthas cheana i roinnt tíortha sa Mheánoirthear, amhail an Afganastáin agus an Iaráic;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>	cosc an fhoréigin inscnebhunaithe sa spórt a chur chun cinn trí chóras a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar fhoréigean den sórt sin agus é a chosc laistigh d’institiúidí spóirt, lena gceanglaítear ar eagraíochtaí beartais agus bearta coisctheacha a ghlacadh, mar aon le sásra tuairiscithe atá slán agus cosanta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>	deireadh a chur leis na bacainní agus na srianta dlíthiúla, airgeadais, sóisialta agus praiticiúla ar rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil ar fud an domhain; tacú go láidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chosaint mar chearta bunúsacha agus líonraí in aghaidh an ghinmhillte a chomhrac; a áirithiú go mbeidh faisnéis agus rochtain ag mná agus cailíní, ina n-éagsúlacht uile, ar sheirbhísí sláinte inacmhainne, lena n-áirítear le haghaidh sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus sláinte phoiblí, lena n-áirítear oideachas cuimsitheach gnéasachta agus caidrimh atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus cruinn ó thaobh na heolaíochta de, rochtain ar fhrithghiniúint agus ar fhrithghiniúint éigeandála, ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, cúram sláinte máthartha measúil agus seirbhísí sláinte cúrambhunaithe; a áirithiú go gcosnófar mná ar thoircheas éigeantach agus ar ghinmhilleadh gnéis nó ar ghinmhilleadh éigeantach, go háirithe i gcomhthéacs cleachtais glanta eitnigh, agus nár cheart ginmhilleadh a chur chun cinn i gcás ar bith mar mhodh pleanála teaghlaigh, mar a luaitear i nDearbhú Bhéising; béim a leagan ar a thábhachtaí atá rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte atá saincheaptha do riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>dálaí faoi dhínit lena n-urramaítear cearta an duine a chur chun cinn do mhná atá i bpríosún agus ar máithreacha iad freisin, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais máithreacha a bhfuil leanaí óga acu; tacú le rochtain ar chúram sláinte, ar chúram síceolaíoch agus ar chláir athshlánaithe, lena n-áiritheofar spásanna leordhóthanacha chun an nasc a choinneáil lena leanaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>	aird a thabhairt ar na moltaí a lean as rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 agus iad a chur chun feidhme, ar moltaí iad a bhaineann leis an gceart chun ginmhillte a áireamh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>gealltanas a thabhairt iarrachtaí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inscne i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus fuinnimh, agus é á aithint nach bhfuil an ghéarchéim aeráide neodrach ó thaobh inscne de; aitheantas a thabhairt do thionchar trasnach agus díréireach an athraithe aeráide ar mhná agus ar chailíní, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, agus sna réigiúin agus sna ceantair thuaithe is mó a ndéanann na hathruithe sin difear dóibh; tacú le cuimsiú na mban i bpróisis chinnteoireachta chomhshaoil chun athléimneacht agus straitéisí inscne-fhreagrúla a fhorbairt;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn chun cearta na mban agus na gcailíní agus comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach imthoisc, lena n-áirítear míchumas, foréigean, idirdhealú san ionad oibre nó máithreachas, agus iad a neartú; tacú le spásanna sábháilte agus ionaid dídine a chur ar fáil do mhná agus do chailíní atá thíos le foréigin nó bagairtí; a áirithiú go gcosnófar cosantóirí chearta an duine, agus a rannpháirtíocht sna fóraim ábhartha a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>oibriú chun a áirithiú go dtacófar le heagraíochtaí pobail agus le cosantóirí chearta na mban agus LADTIA+, go háirithe eagraíochtaí beaga, trí chistiú leordhóthanach a sholáthar agus trí dheireadh a chur le srianta a chuireann bac ar a gcumas oibriú; bearta spriocdhírithe agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta a chur ar fáil d’eagraíochtaí na mban ar leibhéal an phobail chun a dtionchar a mhéadú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal idirnáisiúnta; oibriú go gníomhach i gcoinne tionscnaimh atá dírithe ar an spás sibhialta a laghdú ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>foirmíocht de chuid na Comhairle maidir le Comhionannas Inscne agus Comhionannas a bhunú, chun fóram foirmiúil a chruthú do na hairí atá freagrach as cúrsaí comhionannais chun comhar a chothú, beartais a chomhordú agus dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, agus an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>