<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0011</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Banc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0003/2025 -  Rapóirtéir:Anouk Van Brug)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2025 maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach - tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2054(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aiseolas an 18 Aibreán 2024 ó BCE maidir leis an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa faoi chuimsiú a rúin maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 283, 11.8.2023, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus BCE, go háirithe Airteagail 2, 15 agus 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 119, 123(1), 125, 127(1) agus (2), 130, 282(2) agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3 agus 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais don limistéar euro an 7 Márta 2024, an 6 Meitheamh 2024, an 12 Meán Fómhair 2024, agus an 12 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na cinntí a rinne Comhairle Rialaithe BCE an 25 Eanáir 2024, an 7 Márta 2024, an 11 Aibreán 2024, an 6 Meitheamh 2024, an 18 Iúil 2024, an 12 Meán Fómhair 2024, an 17 Deireadh Fómhair 2024 agus an 12 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheastachán Eurostat ar bhoilsciú an 3 Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2024 ón gCoimisiún, a foilsíodh an 26 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Ionchas Eacnamaíochta Domhanda an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ó mhí Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na hidirphléití airgeadaíochta le hUachtarán BCE, Christine Lagarde, an 15 Feabhra 2024, an 30 Meán Fómhair 2024 agus an 4 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir leis na socruithe i bhfoirm malartú litreacha idir Parlaimint na hEorpa agus BCE maidir le struchtúrú na gcleachtas le haghaidh idirghníomhaíocht i réimse na baincéireachta ceannais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, IO C, C/2024/6738, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6738/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhormheas Chomhairle Rialaithe BCE ar an ionstraim um chosaint tarchuir (TPI) an 21 Iúil 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an euro dhigitigh (COM(2023)0369),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chéad tuarascáil ar dhul chun cinn ó BCE an 24 Meitheamh 2024 agus don dara tuarascáil ar dhul chun cinn an 2 Nollaig 2024 maidir le céim ullmhúcháin an euro dhigitigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do cheithre thuarascáil ar dhul chun cinn ó BCE an 13 Iúil 2023, an 24 Aibreán 2023, an 21 Nollaig 2022 agus an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le céim imscrúdaithe an euro dhigitigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don athbhreithniú ar straitéis um beartas airgeadaíochta BCE a seoladh an 23 Eanáir 2020 agus a tugadh i gcrích an 8 Iúil 2021, agus don mheasúnú ar an straitéis um beartas airgeadaíochta atá ar na bacáin in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’athbhreithniú ar chreat oibríochtúil BCE a foilsíodh an 13 Márta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil BCE ó mhí an Mheithimh 2024 maidir le ról idirnáisiúnta an euro,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí na chéad tástála struis a bhí ag BCE riamh ar an gcibear-athléimneacht an 26 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Athbhreithniú BCE ar Chobhsaíocht Airgeadais a foilsíodh an 20 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilsiú an Rialacháin athbhreithnithe maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘CRR III’) agus na Treorach maidir le Ceanglais Chaipitil<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1619, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘CRD VI’) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thorthaí thástáil struis BCE maidir le riosca aeráide an 8 Iúil 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nuashonrú 2024 ar Ráiteas Comhshaoil BCE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Aeráide agus Dúlra BCE ó mhí na Bealtaine 2024-2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 142(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0003/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir Eurostat, gur shroich boilsciú innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) leibhéal 2,4 % sa limistéar euro i mí na Nollag 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais i mí na Nollag 2024 don limistéar euro, go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar bhoilsciú ICPT go 2,1 % in 2025, 1,9 % in 2026, agus go dtiocfaidh méadú air go 2,1 % in 2027<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ecb.europa.eu/press/projections/html/ecb.projections202412_eurosystemstaff~71a06224a5.ga.html#toc6.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go léiríonn réamh-mheastacháin maidir leis an mboilsciú éagsúlacht shuntasach ar fud an limistéir euro;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb é príomhchuspóir BCE cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun, agus gur leibhéal boilscithe 2 % sa mheántéarma an sainiú atá déanta aige air sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur cheart do BCE tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta AE, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil BCE neamhspleách ar bhonn polaitiúil, rud a chiallaíonn nár cheart d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais ná do rialtais na mBallstát féachaint le tionchar a imirt air;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur féidir le BCE cinntí a dhéanamh chun a phríomhchuspóir a chomhlíonadh, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choinneáil gan cur isteach polaitiúil seachas a bheith cuntasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an neamhspleáchas polaitiúil sin, nach mór do BCE staonadh ó ghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, le hAirteagal 123 CFAE agus le hAirteagal 21 de Reacht CEBC agus BCE, go dtoirmeasctar maoiniú díreach airgeadaíochta rialtas; de bhrí go bhféadfaidh BCE urrúis fiachais a cheannach ar an margadh tánaisteach más gá sin, chun a chuspóirí a shaothrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur tógadh an tEurochóras ar phrionsabal na ceannasachta airgeadaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach ndéanfar na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag aibiú faoin gClár Ceannaithe Sócmhainní (CCS) a athinfheistiú a thuilleadh agus nach ndéanfar na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag aibiú arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) a athinfheistiú a thuilleadh ón Eanáir 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb ionann cúlchistí bainc arna sealbhú ag institiúidí creidmheasa ag BCE agus EUR 3 thrilliún i mí na Nollag 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gurb é an euro an dara hairgeadra is tábhachtaí ar domhan;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil BCE cuntasach don Pharlaimint toisc gurb í an institiúid AE í a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais; de bhrí gur coinníodh an chuntasacht sin ar an leibhéal is airde, le heagrú rialta an Idirphlé Airgeadaíochta, le hUachtarán BCE agus í i láthair go rialta ag suíonna iomlánacha na Parlaiminte agus le cuairteanna agus cruinnithe éagsúla idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí boird BCE;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forléargas ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról BCE maidir le cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimirciú, rud atá ina réamhchoinníoll riachtanach don fhás agus don chobhsaíocht eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir gurb é BCE an institiúid atá freagrach as cobhsaíocht praghsanna a choinneáil sa limistéar euro i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire, gan dochar do chuspóir maidir le cobhsaíocht praghasanna, go dtacóidh CEBC le beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas mar atá leagtha síos in Airteagal 127 CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é neamhspleáchas reachtúil BCE, mar a leagtar síos sna Conarthaí é, chun a shainordú a chomhlíonadh, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choinneáil sa limistéar euro agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le fás eacnamaíoch, le hiomaíochas agus le cruthú post;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá neamhspleáchas polaitiúil BCE, ar cheart dó fanacht gan athrú; á chur i bhfáth go n-éilíonn an neamhspleáchas sin ar BCE, ar a sheal, staonadh ó ghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi an comhar institiúideach, agus ar an gcaoi sin béim a leagan ar a thábhachtaí atá an leibhéal comhfhreagrach cuntasachta don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar BCE agus ar Pharlaimint na hEorpa leas iomlán a bhaint as na socruithe cuntasachta agus trédhearcachta agus, i gcás inar féidir, na socruithe sin a fheabhsú tuilleadh, gan dochar do neamhspleáchas BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag aithint iarrachtaí BCE an boilsciú a thabhairt ar ais go leibhéil atá i gcomhréir lena sprioc 2 % sa mheántéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do bheartas airgeadaíochta BCE, lena gcuirtear a shainordú i gcrích, agus do bheartais fhioscacha araon, oibriú i gcomhar le chéile chun cabhrú le saoránaigh agus teaghlaigh na hEorpa, chomh maith le gnólachtaí beaga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú sna héagothromaíochtaí atá ann idir na Ballstáit maidir le leibhéil bhoilscithe atá os cionn nó faoi bhun sprioc 2 % BCE; ag cur béim ar an bhfíoras go laghdaíonn boilsciú cumhacht cheannaigh ioncam seasta, coigiltis agus pinsean agus go saobhann sé feidhm chomharthaíochta praghsanna lena n-áirithítear leithdháileadh éifeachtúil acmhainní, rud a d’fhág go raibh tionchar diúltach aige sin ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth gur spreag an boilsciú ‘géarchéim an chostais mhaireachtála’ do shaoránaigh an Aontais; ag cur béim, dá bhrí sin, ar an ngá atá leis an mboilsciú a laghdú go dtí a spriocráta 2 %; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar díréireach ag ardleibhéil bhoilscithe ar theaghlaigh atá ar ioncam níos ísle a chaitheann cion níos airde dá mbuiséad ar riachtanais; á chur i bhfáth gur den tábhacht é, dá bhrí sin, boilsciú ceannlíne a thabhairt ar ais go dtí a spriocleibhéil chun an comhtháthú sóisialta a choimeád ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an croí-bhoilsciú fós ard sa limistéar euro (2,7 % i mí na Nollag 2024), agus nár thuairiscigh ach trí Bhallstát sa limistéar euro rátaí croí-bhoilscithe faoi bhun 2 % i mí na Nollag 2024; á mheabhrú, leis an staid sin, go gcruthaítear éiginnteacht eacnamaíoch, go ndíspreagtar coigilteas agus go méadaítear costais mhaireachtála na saoránach, rud a dhéanann difear go háirithe dóibh siúd ar ioncaim sheasta agus theoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfaí dochar a dhéanamh don fhás eacnamaíoch dá gcoinneofaí na rátaí úis ró-ard; á iarraidh ar BCE gan rátaí úis a ísliú róthapa, i bhfianaise an riosca go bhféadfadh leibhéil bhoilscithe tosú ag méadú arís, cé go bhfuil an boilsciú os cionn 2 % cheana féin; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag ionchais bhoilscithe agus go bhféadfadh luaineacht iomarcach i rátaí boilscithe ionchais bhoilscithe a shaobhadh; á iarraidh ar BCE measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe ar an ráta úis ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, ina measc earnálacha atá dian ar chaipiteal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á aithint, leis na cinntí beartais airgeadaíochta a rinne Comhairle Rialaithe BCE ó tharla an ghéarchéim bhoilscithe a eascraíonn as an ardú ar phraghsanna fuinnimh, go bhfuil boilsciú curtha ar chonair atá comhoiriúnach le cuspóir na cobhsaíochta praghsanna a bhaint amach, agus meathlú tromchúiseach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ar fhostaíocht á sheachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú gur ar phrionsabal an chinsil airgeadaíochta a bunaíodh an tEurochóras agus dá bhrí sin, go n-éilítear leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta beartais fhioscacha láidre sna Ballstáit ionas gur féidir gníomhú i leith suaití seachtracha; á mheabhrú gur gá an creat fioscach nua a chur chun feidhme go leormhaith chun inchreidteacht na mbeartas fioscach ar leibhéal an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú; ag tabhairt dá haire go gcuireann spás fioscach leordhóthanach ar chumas na mBallstát freagairt do shuaití seachtracha; ag tabhairt dá haire an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis na rialacha fioscacha nua i ndáil leis sin; á chur i bhfios gur féidir leis na Ballstáit feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith suaití seachtracha trí bhearta fioscacha chomh maith le hathchóirithe lena gcothaítear fás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú gur féidir le beartais fhioscacha stuama ag na Ballstáit iarrachtaí BCE a chomhlánú chun an boilsciú a choinneáil íseal agus ar an gcaoi sin, ioncaim a chosaint; á chur chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar leibhéil iomarcacha easnaimh phoiblí agus fiachais chun geilleagar cobhsaí agus fás inbhuanaithe a choinneáil agus chun go mbeidh an spás beartais ar fáil do rialtais chun freagairt do shuaití díobhálacha; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, na torthaí a fuarthas le déanaí ón Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais maidir le leibhéil arda fiachais náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartais airgeadaíochta BCE atá dírithe ar a phríomh-shainordú a chur i gcrích faoi réir measúnú comhréireachta; ag tabhairt dá haire go gcuirtear san áireamh sa mheasúnú comhréireachta tionchar na mbeart beartais airgeadaíochta ar an ngeilleagar trí chéile agus ar na beartais eacnamaíocha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas airgeadaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór gur tháinig laghdú ar an mboilsciú príomha óna bhuaic de 10,6 % i mí Dheireadh Fómhair 2022 go 2,4 % i mí na Nollag 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an laghdú ar an gcroí-bhoilsciú ón bhuaic de 7,6 % i mí an Mhárta 2023 go 2,7 % i mí na Nollag 2024, ach á chur in iúl go bhfuil sí míshásta lena leibhéal ard stairiúil agus leanúnach; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, go bhféadfadh uimhreacha boilscithe príomha níos airde a bheith mar thoradh ar chroí-bhoilsciú ard;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil níos mó ná trí bliana caite ag BCE chun leibhéal boilscithe a bhaint amach atá i gcomhréir lena spriocleibhéal 2 %; á mheabhrú, ina leith sin, go raibh coinne le measúnú mícheart ó BCE go mbeadh an boilsciú neamhbhuan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth go raibh suaití soláthair, a tháinig go príomha ó fhoinsí seachtracha, i measc phríomhspreagthaí an bhorrtha ar bhoilsciú; á aithint go bhfuil tionchar níos dírí ag beartas airgeadaíochta ar leibhéil bhoilscithe nuair a eascraíonn sé go príomha as tosca éilimh seachas as tosca soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BCE a shamhlacha a thabhairt cothrom le dáta go rialta; á iarraidh ar BCE leanúint d’athbhreithniú agus d’fheabhas a chur ar a shamhlacha agus ar a ról ina cheapadh beartas i bhfianaise fheidhmíocht íseal na samhlacha le blianta beaga anuas, chun go bhfoghlaimeofar ó ghéarchéimeanna roimhe seo, go háirithe chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir foinsí boilscithe atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar; á chur i bhfáth gur féidir le suaití soláthair eacnamaíoch teacht chun cinn ó go leor foinsí, i measc nithe eile, imeachtaí geopholaitiúla, tubaistí a bhaineann leis an aeráid nó tubaistí nádúrtha agus cibirionsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé inmhianaithe tithíocht úinéir-áitithe (TÚÁ) a áireamh in ICPT ar chúiseanna ionadaíochais agus inchomparáideachta araon ar fud tíortha sa limistéar euro; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an treochlár chun a áirithiú go ndéanfar sonraí TÚÁ a áireamh go tapa in ICPT; á chur in iúl gur geal léi tiomantas BCE breithniú a dhéanamh ina mheasúnuithe ar bheartas airgeadaíochta agus ina chinntí araon ar na bearta boilscithe atá ar fáil maidir le hinnéacs ráithiúil neamhspleách OOH;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tacú leis an gcinneadh ó BCE gearradh siar ar a chláir ceannaigh sócmhainní, chun cothromaíocht a bhaint amach idir dálaí leachtachta an mhargaidh agus leibhéil bhoilscithe, i bhfianaise na róleachtachta sa mhargadh agus leibhéil laghdaithe boilscithe; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an phunann sócmhainní faoi chláir cheannaigh BCE ag dul i laghad ó 2023 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb é an toradh a bhí ar ús ar shealúchais cúlchistí bainc na mbanc tráchtála gur íoc an tEurochóras níos mó ná ús EUR 120 billiún le hinstitiúidí creidmheasa in 2023, arb ionann é agus 0.8 % ar a laghad de OTI an limistéir euro; á mheas gur fóirdheontas suntasach é sin don earnáil baincéireachta; á iarraidh ar BCE an tsaincheist sin a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth gur beartais neamhghnácha iad cláir cheannaigh BCE nach bhfuil infheidhme ach amháin le linn tréimhsí géarchéime a bhfuil an baol ann, mura gcuirtear chun feidhme go cúramach iad, go sáróidh siad an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta faoi Airteagal 123(1) CFAE; á iarraidh ar BCE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an laghdú de réir a chéile ar a chlár comhardaithe, chun teorainn a chur le héifeachtaí díchobhsaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar feadh i bhfad sa limistéar euro, agus faireachán á dhéanamh ag an am céanna ar fhás agus ar iomaíochas gheilleagar an Aontais; á iarraidh ar BCE léargais a chomhroinnt ar thionchar na gclár ceannaigh ar fheidhmiú na margaí airgeadais, lena n-áirítear an tionchar ar chistí pinsin agus ar chomhar árachais pinsin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tarchur cothrom an bheartais airgeadaíochta ríthábhachtach chun sainordú BCE i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfágann dibhéirseacht iomarcach i dtorthaí na mbannaí ceannasacha nach bhfuil na dálaí creidmheasa i gcomhréir le tarchur aonfhoirmeach an bheartais airgeadaíochta agus go bhfuil laghdú ar an bhfiachas poiblí thar a bheith deacair; ag cur sonrú i mbunú na hionstraime um chosaint tarchuir (TPI) i mí Iúil 2022 mar uirlis chun tacú le tarchur éifeachtach an bheartais airgeadaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rátaí úis éagsúla sa limistéar euro, in éagmais aon suaitheadh tromchúiseach airgeadais, mar thoradh go ginearálta ar phréimheanna riosca éagsúla ar bhannaí rialtais lena léirítear, i measc tosca eile, cineálacha éagsúla cur chuige maidir leis an mbeartas fioscach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh idirghabhálacha TPI dúshláin fhioscacha fholuiteacha a cheilt; á chur i bhfáth nár cheart TPI a úsáid faoi na coinníollacha arna leagan síos ag BCE ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar strus sa mhargadh airgeadais nach mbaineann le bunphrionsabail eacnamaíocha; á iarraidh ar na Ballstáit beartais fhioscacha fhreagracha a dhéanamh agus leibhéil fiachais inbhuanaithe a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a n-athléimneacht i gcoinne suaití reatha agus suaití amach anseo a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An euro digiteach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>Ag cur sonrú i ndul chun cinn BCE maidir le tionscadal an euro dhigitigh agus á chur in iúl gur geal léi a idirphlé leanúnach le Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’aon euro digiteach breisluach soiléir a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa, lena n-áirítear neamhspleáchas straitéiseach feabhsaithe maidir le híocaíochtaí, leibhéal níos airde iomaíochta sa mhargadh íocaíochta miondíola, an acmhainneacht nuálaíocht in íocaíochtaí agus in airgeadas a chothú, cuimsiú airgeadais feabhsaithe agus córas íocaíochta cúltaca iontaofa as líne; á iarraidh ar BCE na tairbhí sin a léiriú go soiléir sula ndéanfaidh chomhreachtóirí an Aontais an chothromaíocht cheart amach, i measc nithe eile, i ndáil le teorainneacha sealúchais, ábhair imní maidir le príobháideachas, iomaíocht le réitigh íocaíochta príobháideacha agus inúsáidteacht i gcomhthéacs gnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á éileamh nár cheart do Chomhairle Rialaithe BCE aon chinneadh a dhéanamh go heisiach chun an euro digiteach a eisiúint; á mheas, ina ionad sin, gur cinneadh polaitiúil é an cinneadh maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar euro digiteach a thabhairt isteach nach mór do chomhreachtóirí an Aontais a dhéanamh ar deireadh, i bhfianaise an tionchair mhóir a d’fhéadfadh a bheith ag cinneadh den sórt sin ar raon leathan réimsí AE, lena n-áirítear príobháideachas, cosaint tomhaltóirí, cobhsaíocht airgeadais, beartas airgeadais agus réimsí eile a théann thar raon feidhme docht an bheartais airgeadaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheas nach n-éireoidh thar cionn leis an euro digiteach ach amháin má chuireann sé breisluach inláimhsithe ar fáil do shaoránaigh na hEorpa ar bhealach is féidir leo a thuiscint; ag tabhairt dá haire nár chuala go leor saoránach Eorpach faoi thionscadal an euro dhigitigh faoi láthair nó go bhfuil amhras orthu fós ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go mbeadh airgead tirim fós ar fáil go forleathan agus inrochtana i gcónaí chun iolrachas an mhodha íocaíochta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an togra le haghaidh rialachán maidir le hairgead tirim in euro a úsáid mar dhlíthairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le samhail chúitimh atá bunaithe ar chostas d’earnáil na baincéireachta, a bhfuil sé de chúram uirthi tionscadal an euro dhigitigh a chur chun feidhme go praiticiúil; á mheabhrú nach mór don tsamhail chúitimh euro atá saor in aisce dá húsáideoirí a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar BCE aird chuí a thabhairt ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais agus ar athruithe a d’fhéadfadh teacht ar struchtúr na hearnála airgeadais mar thoradh ar thabhairt isteach an euro dhigitigh; á mheabhrú a thábhachtaí atá teorainneacha sealúchais, ionas nach gcruthófar rioscaí breise do chláir chomhardaithe na mbanc, go háirithe le linn géarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar BCE tosaíocht a thabhairt do choimircí láidre príobháideachais, lena mbunaítear iad mar chaighdeán óir le haghaidh príobháideachas d’airgeadra digiteach bainc ceannais (CBDC), chun muinín an phobail a dhaingniú agus chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach maidir le cosaint sonraí agus neamhspleáchas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuspóirí tánaisteacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cuspóirí tánaisteacha an Aontais neamhchinntithe mar a shonraítear faoi láthair sna Conarthaí; ag tabhairt dá haire go gcomhlánaíonn cineál tacaíochta chuspóirí tánaisteacha BCE an príomh-shainordú; de réir na gConarthaí, is é is aidhm don Aontas síochán, a chuid luachanna agus folláine a phobail a chur chun cinn, fás eacnamaíoch cothromúil agus cobhsaíocht praghsanna, geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar a chruthú, arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú, gan dochar do phríomh-shainordú BCE, go gceanglaítear leis na Conarthaí air tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta an Aontais; á iarraidh ar BCE cloí lena shainordú agus a chuspóirí tánaisteacha á léirmhíniú aige nó gníomh á dhéanamh aige dá réir; á chur i bhfáth gur gcuirfeadh sárú an tsainordaithe sin isteach ar neamhspleáchas BCE; á mheas go gcuidíonn cobhsaíocht praghsanna agus dálaí maicreacnamaíocha cobhsaí leis na dálaí cearta a chruthú chun cuspóirí ginearálta bheartas eacnamaíoch an Aontais a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios gur fearr a bhainfear amach cuspóirí tánaisteacha BCE agus iad ag feidhmiú i dtimpeallacht mhaicreacnamaíoch chobhsaí atá bunaithe ar leibhéil intuartha praghsanna, lena spreagtar infheistíocht; á iarraidh ar BCE caibidil shonrach a chur isteach ina thuarascáil bhliantúil ar mhíniú a thabhairt ar an gcaoi ar léirmhínigh sé a chuspóirí tánaisteacha agus ar an gcaoi ar chuir siad iad chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do BCE saobhadh ar fheidhm chomharthaíochta praghsanna a chosc lena n-áirithítear leithdháileadh éifeachtúil acmhainní; á iarraidh ar BCE go ndéanfaí measúnú breise ar a mhéid a dhéanann an t-athrú aeráide difear dá chumas cobhsaíocht praghsanna a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar BCE an cur chuige maidir le neodrach an mhargaidh a urramú ina chuid oibríochtaí airgeadaíochta, agus ag tabhairt dá haire ag an am céanna go n-aithníonn BCE gur uirlis oibríochtúil í neodracht an mhargaidh, seachas ceanglas dlíthiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár chloígh gníomhaíochtaí BCE go docht le cur chuige atá neodrach ó thaobh an mhargaidh de chun a shealúchais bannaí corparáideacha a dhícharbónú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar BCE athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais chun a áirithiú go gcuirfear iomaíochas AE chun cinn leis na bearta sin de bhrí nár cheart do ghníomhaíochtaí den sórt sin príomhchuspóir BCE a chur i mbaol ar bhealach ar bith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar BCE úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó chun a áirithiú go dtabharfaidh na bainc aird chuí ar rioscaí airgeadais agus ar rioscaí seachtracha, lena n-áirítear rioscaí aeráide agus rioscaí geopholaitiúla; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí BCE chun uirlisí measúnaithe riosca agus chumais an Eurochórais a fheabhsú tuilleadh chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a thabhairt san áireamh ar bhealach níos fearr, go háirithe toisc go bhféadfadh luaineacht praghsanna níos mó a bheith mar thoradh ar an athrú aeráide agus ar fheiniméin adhaimsire, san earnáil agraibhia go háirithe; á iarraidh ar BCE leanúint dá chuid oibre ar thástálacha struis riosca aeráide a forbraíodh chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na mbanc agus na gcorparáidí i bhfianaise riosca mar gheall ar an aistriú aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur sonrú i bplean aeráide agus dúlra 2024-2025; á iarraidh ar BCE plean Geopholaitíochta 2025-2030 a dhréachtú chun tuiscint níos fearr a fháil ar impleachtaí an chogaidh agus na coinbhleachta ar chobhsaíocht praghsanna agus chun caitheamh go cothrom le gach foinse suaití seachtracha a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeadh rátaí úis níos ísle sa limistéar euro, stádas méadaithe don Aontas ar an leibhéal idirnáisiúnta agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch fheabhsaithe mar thoradh ar ról idirnáisiúnta neartaithe an euro; á mheabhrú go rannchuideodh neartú ról idirnáisiúnta an euro le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar BCE féachaint le ról idirnáisiúnta an euro a neartú d’fhonn a tharraingteacht mar airgeadra cúltaca a fheabhsú agus tacú le hathruithe atá faoi thionchar an mhargaidh sa treo sin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tabhairt chun críche an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta ról idirnáisiúnta an euro a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtacaíonn BCE le bunú scéime Eorpaí árachais taiscí lánfheidhme; ag aithint go bhfuil comhroinnt riosca agus laghdú riosca idirnasctha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go dtugann BCE aird ar na rioscaí a bhaineann le cibirionsaithe; á iarraidh ar BCE sábháilteacht agus slándáil an chórais airgeadaíochta a áirithiú dá úsáideoirí, go háirithe i bhfianaise forbairtí geopholaitiúla leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mheas gur réamhriachtanas í an chobhsaíocht airgeadais do bheartas airgeadaíochta éifeachtach agus do chóras airgeadais athléimneach; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh creat Basel III agus a chur chun feidhme ón 1 Eanáir 2025 chun críche, toisc go bhfuil sé d'acmhainneacht aige athléimneacht na hearnála baincéireachta a neartú i ndáil leis an méid sin; ag cur sonrú, áfach, i moilleanna ar chur chun feidhme agus san easpa soiléireachta maidir le cur chun feidhme ag líon áirithe dlínsí eile, rud a fhágann go bhfuil éagothrom iomaíochta ann ar an leibhéal domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag aithint, agus é ina ábhar imní do BCE, gur mhéadaigh an earnáil scáthbhaincéireachta agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi don chobhsaíocht airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag spreagadh comhoibriú leis na Ballstáit agus leis na bainc cheannais náisiúnta maidir le cláir litearthachta airgeadais chun daoine aonair agus gnólachtaí a chumhachtú chun cinntí airgeadais eolasacha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach beirt bhan ina gcomhalta de Bhord Feidhmiúcháin agus de Chomhairle Rialaithe BCE; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh na hainmniúcháin chuig an mBord Feidhmiúcháin cothrom-ó thaobh inscne de, agus go gcuirfí gearrliostaí faoi bhráid na Parlaiminte; ag tathant ar Bhallstáit an limistéir euro feabhas a chur ar phrionsabail an chomhionannais inscne ina nósanna imeachta ceapacháin, ionas go mbeidh comhdheiseanna ag an dá inscne feidhmiú mar ghobharnóirí ar a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart ceapacháin BCE a bheith bunaithe ar fhiúntas oibiachtúil agus ar phróisis measúnaithe inniúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tacú le haidhm BCE ionadaíocht na mban a mhéadú trí mhná a spreagadh chun dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, tionscnaimh amhail Scoláireacht BCE maidir le Mná san Eacnamaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt chun suntais, leis an Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais is déanaí a d’eisigh BCE i mí na Samhna 2024, go bhfuil ábhair imní ann faoin bhféidearthacht go mbeadh boilgeog praghsanna sócmhainní a bhaineann le IS ann i bhfianaise an chomhchruinnithe i measc roinnt gnólachtaí móra is tairbhithe IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí tuilleadh creat sceithireachta inmheánach BCE chun é a thabhairt i gcomhréir le Treoir an Aontais maidir le Sceithirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar CEBC leanúint dá idirphléití leis na parlaimintí náisiúnta agus iad a neartú, ar idirphléití iad a chreideann sé a neartódh dlisteanacht agus beartais CEBC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>