<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0021</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0015/2025 -  Rapóirtéir:Dainius Žalimas)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2025 maidir le hiarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh (2024/2045(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh, dar dáta an 5 Iúil 2024 agus a thíolaic an Chúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście, Rannán Coiriúil V, i ndáil le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh ina choinne trí dhíotáil phríobháideach arna comhdú ag ionadaí dlíthiúil na gcúisitheoirí príobháideacha, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt d’Adam Bielan an 23 Eanáir 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta agus ag féachaint don doiciméad a thíolaic sé le linn na héisteachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra v De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint,</STRING> T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102;  breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0015/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, an 5 Iúil 2024, gur tharchuir Rannán Coiriúil V den Chúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście sa Pholainn iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Adam Bielan a tharscaoileadh, ar Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Pholainn é, a chuir páirtí príobháideach faoina bráid ar fhorais ráitis áirithe a rinne Adam Bielan le linn agallamh raidió a craoladh an 10 Márta 2023; de bhrí, i gcomhréir le Riail 9(1) de na Rialacha Nós Imeachta, nach mór ‘d’údarás inniúil Ballstáit’ aon iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh a thíolacadh agus, i gcomhréir le Riail 9(12), gur cheart do na húdaráis bhreithiúnacha í a tharchur, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí, i gcásanna ina dtugtar díotáil phríobháideach faoi dhlí na Polainne, ar cásanna iad nach bhfuil ionchúisitheoir poiblí rannpháirteach iontu, gurb í an chúirt an t-údarás atá inniúil chun iarraidh ó pháirtí príobháideach ar dhíolúine a tharscaoileadh a tharchur;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndearnadh an iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne Adam Bielan maidir le clúmhilleadh, ar cion é faoi Airteagal 212(1) agus (2) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearna Adam Bielan na ráitis chlúmhillteacha líomhnaithe le linn agallamh le haghaidh cláir ag an stáisiún raidió RMF FM, a craoladh sa Pholainn an 10 Márta 2023, i ndáil le hoibriú agus bainistiú Ionad Náisiúnta na Polainne um Thaighde agus Forbairt, ar gníomhaireacht feidhmiúcháin é d’Aireacht Eolaíochta agus Ardoideachais na Polainne; de bhrí go ndéanann an tAire Cistí Forbraíochta agus Beartais Réigiúnaigh maoirseacht ar an ngníomhaireacht agus go bhfuil sé ar cheann dá príomhchúraimí cistiú poiblí a leithdháileadh ar thionscadail;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, de réir an bhille phríobháidigh um dhíotáil, go líomhnaítear go ndearna Adam Bielan na ráitis chlúmhillteacha agus é mar aidhm aige dochar a dhéanamh don chlú poiblí atá ar bheirt aonair agus ar chuideachta, a bhfuil a gceanncheathrú i Vársá, agus gur dócha go gcaillfear an iontaoibh riachtanach atá ag daoine astu chun a róil faoi seach a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí faoi seach a dhéanamh, agus iad a chlúmhilleadh trí mhodh ollchumarsáide, cion a d’fhéadfaí a ionchúiseamh go príobháideach faoi Airteagal 212(4) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur toghadh Adam Bielan chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2019 agus go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil ‘Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhféadfaidh ráiteas ó Fheisire lasmuigh den Pharlaimint a bheith ina thuairim arna cur in iúl i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil measúnú suibiachtúil ann a bhfuil baint dhíreach agus fhollasach aige le comhlíonadh dhualgais pharlaiminteacha an Fheisire sin; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás a chinneadh de réir chineál agus inneachar an ráitis;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, sa chomhthéacs sin, ag féachaint do na himthosca a thuairiscítear san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, do chomhthéacs agus d’inneachar na ráiteas clúmhillteach líomhnaithe arna ndéanamh ag Adam Bielan, gur cosúil nach ann do nasc díreach agus soiléir idir na ráitis sin agus a shainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach ionann na gníomhartha líomhnaithe, dá bhrí sin, agus tuairim arna tabhairt nó vóta arna chaitheamh ag Adam Bielan i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fhógraítear torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Feisire faoi chuntasacht choiriúil gan toiliú ón <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING> (teach íochtarach parlaiminte) agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú ón <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING>, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é/í le linn cion a dhéanamh agus inar gá é nó í a choinneáil nó á coinneáil chun conair cheart imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint de ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois v Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Adam Bielan a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Adam Bielan.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>