<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0031</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Seimeastar Eorpach 2025 um chomhordú an bheartais eacnamaíoch</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0022/2025 -  Rapóirtéir: Fernando Navarrete Rojas)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2025 ar Sheimeastar Eorpach 2025 um chomhordú an bheartais eacnamaíoch (2024/2112(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 121,126 agus 136 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir leis an nós imeachta um fhiachas iomarcach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1173/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1174/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais<FOOTNOTE><FIELD> IO L 140, 27.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/472/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 140, 27.5.2013, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/473/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán RRF),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2024 ón gCoimisiún, an 15 Bealtaine 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2024 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhaireachán an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023, an 22 Márta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 dar teideal ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh’ (COM(2024)0702) agus don mholadh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2024)0704),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (COM(2024)0701),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Fiscal policy guidance for 2024’</STRING> [Treoir maidir le beartas fioscach do 2024] (COM(2023)0141),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (COM(2024)0598),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2807, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2807/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheasúnú ón mBord Fioscach Eorpach an 3 Iúil 2024 ar an staid fhioscach atá iomchuí don limistéar euro in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas ón nGrúpa Euro an 15 Iúil 2024 maidir leis an seasamh fioscach don limistéar euro in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2024 de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh a foilsíodh an 2 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 European Semester - Spring Package’</STRING> [Seimeastar Eorpach 2024 - Pacáiste an Earraigh] (COM(2024)0600),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 dar teideal ‘Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair’ (COM(2024)0700),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The European Green Deal’</STRING> [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640), do Chomhaontú Pháras a glacadh an 12 Nollaig 2015 i gcomhthéacs Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2030,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhorógra Idirinstitiúideach an 17 Samhain 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE> agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The European Pillar of Social Rights Action Plan’</STRING> [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don doiciméad ó Ursula von der Leyen, iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, an 18 Iúil 2024, dar teideal ‘Rogha na hEorpa — Treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’, agus don ráiteas a rinne Valdis Dombrovskis, an Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, agus um Chur Chun Feidhme agus Simpliú, ag a éisteacht dheimhniúcháin an 7 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar oibre 24/181 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó mhí Lúnasa 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Taming Public Debt in Europe: Outlook, Challenges, and Policy Response’</STRING> [Ceart a bhaint as Fiachas Poiblí san Eoraip: Ionchas, Dúshláin agus Freagairt Bheartais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mhonatóir Fioscach an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Putting a Lid on Public Debt’</STRING> [Srian a Chur leis an bhFiachas Poiblí] ó mhí Dheireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 13/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí RRF a bhaint amach’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mhionanailís dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The new economic governance framework: implications for monetary policy’</STRING> [An creat rialachais eacnamaíoch nua: impleachtaí don bheartas airgeadaíochta], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 20 Samhain 2024<FOOTNOTE><FIELD> Páipéar Idirphlé Airgeadaíochta — <STRING ITALIC="on">The new economic governance framework: implications for monetary policy</STRING> [An creat rialachais eacnamaíoch nua: impleachtaí don bheartas airgeadaíochta], Darvas, Z. et al. do Pharlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an tAonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA, an 20 Samhain 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mhionanailís dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Economic Dialogue with the European Commission on EU Fiscal Surveillance’</STRING> [Idirphlé Eacnamaíoch leis an gCoimisiún Eorpach maidir le Faireachas Fioscach AE], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 1 Nollaig 2024<FOOTNOTE><FIELD> Grinnanailís — <STRING ITALIC="on">Economic Dialogue with the European Commission on EU Fiscal Surveillance</STRING> [Idirphlé Eacnamaíoch leis an gCoimisiún Eorpach maidir le Faireachas Fioscach AE], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an tAonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA, an 1 Nollaig 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0022/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Seimeastar Eorpach maidir le beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha sna Ballstáit a chomhordú, agus ar an gcaoi sin go gcaomhnaítear cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Seimeastar Eorpach fás inbhuanaithe, cuimsitheach agus iomaíoch, fostaíocht, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadas poiblí fónta a chur chun cinn ar fud AE ar fad, d’fhonn cóineasú aníos marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na mBallstát a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurbh é Seimeastar Eorpach 2024 an chéad timthriall cur chun feidhme den chreat nua rialachais eacnamaíoch, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, lena dtreoraítear AE agus a Bhallstáit trí chéim idirthréimhseach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar i Moladh 2024 ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, chun iomaíochas a neartú, borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, cobhsaíocht mhacrairgeadais a chaomhnú agus ardleibhéal infheistíochta poiblí a chothú chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha; de bhrí gur bonn í an chobhsaíocht fhioscach d’ardchaighdeáin shóisialta inbhuanaithe in AE agus d’iomaíochas AE araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb iad príomhchuspóirí an chreata nua rialachais eacnamaíoch inbhuanaitheacht fiachais agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a neartú sna Ballstáit uile, chomh maith le cur ar chumas na mBallstát uile tabhairt faoi na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá i dtosaíochtaí coiteanna AE, lena n-áirítear (i) aistriú cothrom glas agus digiteach, (ii) athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch lena n-áirítear colún Eorpach na gceart sóisialta, (iii) slándáil fuinnimh, agus (iv) cumais chosanta a fhorbairt; de bhrí go gcuireann éagothromaíochtaí san acmhainneacht fhioscach i measc na mBallstát bac ar infheistíocht chothrom i dtosaíochtaí straitéiseacha agus go lagaíonn siad comhtháthú laistigh den mhargadh aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear le CFAE luachanna tagartha suas le 3 % den easnamh rialtais do OTI agus 60 % den fhiachas poiblí do OTI; de bhrí go bhfuil easnamh ceannlíne AE agus cóimheas idir fiachas an rialtais agus OTI fós os cionn na luachanna tagartha; de bhrí go bhfuil éagsúlacht idir an t-easnamh ceannlíne agus an cóimheas idir fiachas rialtais agus OTI ar fud AE, agus staideanna an-éagsúil i mBallstáit éagsúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur osclaíodh nósanna imeachta um easnamh iomarcach, nó gur coinníodh ar oscailt iad, d’ocht mBallstát in 2024; de bhrí nach raibh roinnt Ballstát faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, in ainneoin easnamh os cionn 3 % de OTI a bheith acu in 2023, mar a chinn an Chomhairle agus an Coimisiún tar éis measúnú cothrom a dhéanamh ar na tosca ábhartha uile;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nár chuir an Chomhairle tús le haon nós imeachta maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ó bunaíodh an nós imeachta sin in 2011; de bhrí, i gcomhréir lena Thuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, go ndéanfaidh an Coimisiún grinn-athbhreithniú in 2025 ar 10 dtír a sainaithnítear go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha nó míchothromaíochtaí iomarcacha acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go mbraitheann rath creata go mór ar a chur chun feidhme cuí, trédhearcach agus éifeachtach ón tús, agus túsphointí na mBallstát agus na dúshláin aonair atá rompu á gcur san áireamh ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur réamhchoinníoll é na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta agus na dréachtphleananna buiséadacha a thíolacadh go tráthúil chun na rialacha nua a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun inchreidteacht na rialacha nua a áirithiú; de bhrí go bhfuil measúnú déanta cheana féin ag an gComhairle ar na chéad phleananna fioscacha agus buiséadacha náisiúnta; de bhrí go bhfuil gá le cóir chomhionann na mBallstát agus comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263 a mhéid a bhaineann leis na pleananna fioscacha chun an creat a chur chun feidhme go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-ionchas eacnamaíoch do AE fós an-éiginnte agus go bhfuil baol méadaitheach ann go dtarlóidh teagmhais nó cásanna amach anseo a mbeidh tionchar diúltach acu ar an ngeilleagar; de bhrí go bhfuil ionsaí na Rúise san Úcráin agus na coinbhleachtaí sa Mheánoirthear ag cur le rioscaí geopholaitiúla agus ag cur béim ar leochaileacht fuinnimh na hEorpa; de bhrí go bhféadfadh méadú ar bhearta caomhnaitheacha ag comhpháirtithe trádála difear a dhéanamh don trádáil dhomhanda, agus go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aige sin do gheilleagar AE; de bhrí gur léirigh an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair gur gá do AE a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú tuilleadh agus leanúint de bheith iomaíoch sa mhargadh domhanda, agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go meastar go mbeidh staid fhioscach shriantach don limistéar euro, ina iomláine, de 0,5 % de OTI in 2024 agus 0,25 % de OTI in 2025 mar thoradh ar chur chun feidhme an chreata rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe; de bhrí go bhfuil gá le plé polaitiúil chun leibhéil iomchuí infheistíochta poiblí a áirithiú tar éis don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) dul in éag in 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go dtugtar le fios i dtuarascáil Draghi go bhfuil an bhearna idir AE agus na Stáit Aontaithe i leibhéal OTI ag praghsanna 2015 méadaithe de réir a chéile, ó bheagán níos mó ná 15 % in 2002 go 30 % in 2023, agus go meastar gurb ionann an infheistíocht bhliantúil bhreise is gá ó AE agus EUR 800 billiún, lena n-áirítear EUR 450 billiún don aistriú fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil sprioc leagtha síos ag an gCoimisiún nua a bheith ina ‘Choimisiún infheistíochta’; de bhrí go bhfuil gá le plé san Aontas maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna shuntasach infheistíochta agus costais iasachtaíochta a laghdú; de bhrí gur cheart an creat a neartú, i gcás inarb iomchuí, le hionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal AE atá ceaptha chun an costas do cháiníocóirí AE a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le soláthar earraí poiblí Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur gá na sásraí rialaithe agus iniúchóireachta is gá a bheith ag na Ballstáit chun urraim don smacht reachta a áirithiú agus chun leasanna airgeadais AE a chosaint, go háirithe chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun trédhearcacht a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé tábhachtach sciar na moltaí tírshonracha (CSRanna) atá ‘curtha chun feidhme go hiomlán’ a mhéadú agus iad a nascadh níos dlúithe leis na tuarascálacha tíre faoi seach chun rannchuidiú le rialachas eacnamaíoch níos éifeachtaí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ardleibhéal athléimneachta agus aontachta léirithe ag an Aontas le blianta beaga anuas i bhfianaise suaití móra, a bhuí, i measc nithe eile, le freagairt chomhordaithe beartais a bhfuil institiúidí uile an Aontais rannpháirteach inti, lena n-áirítear cur chuige solúbtha maidir le hionstraimí nua agus ionstraimí atá ann cheana a úsáid; á mheabhrú, thairis sin, má chuirtear fás inbhuanaithe fadtéarmach chun cinn, go gcaithfear cothromaíocht a chur chun cinn idir beartais fhioscacha fhreagracha, athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí lena méadaítear le chéile éifeachtúlacht, táirgiúlacht, fostaíocht agus rathúnas, agus go gcaithfear borradh a chur faoin iomaíochas, an margadh aonair a chothú, beartais fáis eacnamaíoch a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála chun infheistíochtaí a mhealladh; á chur i bhfáth go bhfuil gá bunúsach le fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe, cuimsitheach agus iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil gá bunúsach le comhordú an bheartais eacnamaíoch chun go mbeidh aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta rathúil ann; á mheabhrú gurb é an Seimeastar Eorpach an creat seanbhunaithe chun beartais fhioscacha, eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a chomhordú ar fud an Aontais, i gcomhréir leis na Conarthaí, agus na hinniúlachtaí náisiúnta sainithe á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de thiomantas ag an gCoimisiún a áirithiú go spreagfaidh an Seimeastar Eorpach comhordú beartais don iomaíochas, don inbhuanaitheacht agus don chothroime shóisialta, chomh maith le comhtháthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus colún Eorpach na gceart sóisialta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip fós ina phríomhsprioc insoláthartha don Choimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil beartas tionsclaíoch comhtháite, comhordaithe, spriocdhírithe agus cothrománach ríthábhachtach chun infheistíochtaí in acmhainneacht nuálaíochta AE a mhéadú, agus iomaíochas agus sláine an mhargaidh aonair á neartú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ríthábhachtach do chumas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin atá ann cheana, lena n-áirítear acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a fhorbairt agus na haistrithe córa glasa agus digiteacha a chur chun feidhme, agus go gcuirfidh siad le hathléimneacht, iomaíochas fadtéarmach agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais; á iarraidh go dtabharfaí aird ar an ngá atá le hinfheistíochtaí straitéiseacha in idirnaisc fuinnimh, i bhfuinnimh ísealcharbóin (amhail foinsí in-athnuaite) agus in éifeachtúlacht fuinnimh chun, i measc nithe eile, (i) AE a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus cosc a chur ar na héifeachtaí boilscitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag spleáchas orthu sin, (ii) córais táirgthe a nuachóiriú agus (iii) comhtháthú sóisialta a chur chun cinn; á mheabhrú gur féidir le rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an athrú aeráide difear mór a dhéanamh don airgeadas poiblí, mar a léiríodh leis na tuilte in Valencia i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus leis an gcioclón in Mayotte i mí na Nollag 2024; á iarraidh ar na Ballstáit na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar an maolú ar an athrú aeráide agus ar an oiriúnú don athrú sin agus chun athléimneacht gheilleagar AE a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a chur i dtoll a chéile, ar bhonn Dhearbhú Bhúdaipeist; an tAontas a dhéanamh níos iomaíche, níos táirgiúla, níos nuálaí agus níos inbhuanaithe, trí chur leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus trí chóineasú agus cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil uirlis nua um chomhordú iomaíochais á forbairt; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún soiléiriú ar an gcaoi a n-idirghníomhóidh an uirlis sin leis an Seimeastar Eorpach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide mar phríomhspreagthaí don fhás eacnamaíoch agus don fhostaíocht laistigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá éiceachóras fiontraíochta dinimiciúil a chothú a thacaíonn le nuálaithe, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu maidir le hiomaíochas domhanda, athléimneacht eacnamaíoch, cruthú post agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na moltaí ón gCoimisiún maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, lena n-iarrtar ar na Ballstáit feabhas a chur ar an iomaíochas agus táirgiúlacht a chothú trí rochtain níos fearr ar chistiú do ghnólachtaí, ualaí riaracháin laghdaithe, agus infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i réimsí chomhthosaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear (i) aistriú cothrom glas agus digiteach, (ii) athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch lena n-áirítear colún Eorpach na gceart sóisialta, (iii) slándáil fuinnimh, agus (iv) cumais chosanta a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an moladh ón gCoimisiún gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag Ballstáit an limistéir euro, agus straitéisí fioscacha á sainiú acu, feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí agus an ioncaim phoiblí, atá bunriachtanach chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a áirithiú, agus tionchair dhíobhálacha agus shaobhacha ar an bhfás eacnamaíoch á n-íoslaghdú ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhféadfaí é sin a bhaint amach, i measc nithe eile, trí chomhordú Eorpach a mhéadú agus trí sheachaint cánach agus imghabháil cánach a laghdú; á chur in iúl gur geal léi conclúid thuarascáil Draghi go bhfuil gá le laghdú comhordaithe ar chánachas ioncaim saothair d’oibrithe ísealioncaim go meánioncaim chun iomaíochas AE a chur chun cinn; ag meabhrú inniúlacht na mBallstát i mbeartas cánach; á iarraidh ar na Ballstáit an t-ualach cánach a atreorú ó ioncam chuig boinn chánach nach bhfuil chomh saobhach céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá maoláin fhioscacha a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin inbhuanaitheachta fioscaí, lena n-áiritheofar acmhainní leordhóthanacha le haghaidh infheistíochta agus chun déileáil le suaití agus géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé fás iomaíoch, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn chun tacú le cobhsaíocht agus athléimneacht fhioscach fhadtéarmach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ionchais eacnamaíocha don Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch fhómhar 2024 ón gCoimisiún, go meastar go dtiocfaidh méadú 0,9 % (0,8 % sa limistéar euro) ar OTI AE in 2024, méadú 1,5 % (1,3 % sa limistéar euro) in 2025 agus méadú 1,8 % (1,6 % sa limistéar euro) in 2026; á mheabhrú go léiríonn na figiúirí sin téarnamh de réir a chéile, ach leathnú eacnamaíoch teoranta freisin i gcomparáid le timthriallta eacnamaíocha roimhe seo; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-ionchas eacnamaíoch don Aontas fós an-éiginnte, agus gur dóchúla go mbeidh tionchar diúltach ag na rioscaí ar an bhfás eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go meastar go dtiocfaidh méadú ar chóimheas an fhiachais phoiblí go 83,0 % san Aontas agus 89,6 % sa limistéar euro in 2025 agus go 83,4 % san Aontas agus 90 % sa limistéar euro in 2026, nuair a dhúnfar an bhearna aschuir beagnach san Aontas agus sa limistéar euro araon, agus go bhfuil sé sin níos airde ná na leibhéil in 2024 (82,4 % don Aontas agus 89,1 % don limistéar euro);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go n-athraíonn forbairtí i gcóimheasa fiachais phoiblí ó thír go tír; á chur i bhfios gur féidir le héiginnteacht beartais agus rioscaí geopholaitiúla rannchuidiú go suntasach leis an gcostas iasachtaíochta ar na margaí airgeadais a mhéadú do na Ballstáit; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh leibhéil fiachais neamh-inbhuanaithe an bonn a bhaint ón gcobhsaíocht eacnamaíoch agus athléimneacht eacnamaíoch agus cumas na mBallstát freagairt do ghéarchéimeanna a laghdú; á thabhairt chun suntais go meastar go mbeidh cóimheasa fiachais os cionn luach tagartha an Chonartha de 60 % ag 11 Bhallstát sa limistéar euro in 2024 agus 2025, agus go bhfanfaidh 5 cinn os cionn 100 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch fhómhar 2024 ón gCoimisiún, go meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais san Aontas agus sa limistéar euro go 3,1 % agus 3 % de OTI, faoi seach, in 2024, agus go laghdóidh sé tuilleadh go 3 % agus 2,9 % de OTI in 2025 agus go 2,9 % agus 2,8 % de OTI in 2026; á chur i bhfáth go meastar go ndéanfaidh 10 mBallstát de chuid AE easnamh a phostáil os cionn luach tagartha an Chonartha de 3 % de OTI in 2024; á chur i bhfios go bhfanfaidh an líon sin cobhsaí in 2025, agus go dtuartar go mbeidh riochtaí buiséadacha níos laige ag formhór na mBallstát in 2026 ná mar a bhí roimh an bpaindéim (2019), agus easnaimh os cionn 3 % fós á bpostú ag 9 gcinn acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil easnaimh iomarcacha ag ocht mBallstát; á mheabhrú go bhfuil gníomhaíocht feabhais déanta ag an gComhairle agus á iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann bearta a dhéanamh chun easnaimh iomarcacha a laghdú agus an tionchar socheacnamaíoch á íoslaghdú ag an am céanna; ag meabhrú a thábhachtaí atá comhsheasmhacht maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur i bhfeidhm ar na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch fhómhar 2024 ón gCoimisiún, go meastar go dtitfidh an boilsciú ó 2,6 % in 2024 go 2,4 % in 2025 agus 2 % in 2026 in AE, agus ó 2,4 % in 2024 go 2,1 % in 2025 agus 1,9 % in 2026 sa limistéar euro; á mheabhrú, cé gur forbairt dhearfach é an laghdú sin, go bhfuil an croí-bhoilsciú fós sách ard, rud a léiríonn brúnna boilscithe leanúnacha; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an mbeartas fioscach, agus inbhuanaitheacht fhioscach á cosaint ag an am céanna, tacú leis an mbeartas airgeadaíochta chun boilsciú a laghdú, agus gur cheart dó spás leordhóthanach a chur ar fáil d’infheistíochtaí breise agus tacú leis an bhfás fadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh an Coimisiún in ann an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, an dréachtmholadh maidir leis an limistéar euro agus an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht a thíolacadh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir Thuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Sásra Foláirimh, go n-ullmhófar grinn-athbhreithnithe in 2025 do na naoi dtír a sainaithníodh mar thíortha a bhfuil míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha acu in 2024, agus gur cheart grinn-athbhreithniú eile a dhéanamh do Bhallstát eile, ós rud é go bhfuil rioscaí ar leith ag baint leis a bhaineann le míchothromaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tithíocht idirnasctha go díreach leis na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa limistéar euro, a bhfuil impleachtaí díobhálacha acu don athléimneacht eacnamaíoch, don fhuinneamh agus don dul chun cinn sóisialta agus don tsoghluaisteacht réigiúnach agus laistigh den Aontas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur dócha go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna tithe i roinnt Ballstát agus go bhféadfadh sé a bheith deacair srian a chur leo in éagmais straitéis iomlánaíoch;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais agus a chur chun feidhme éifeachtach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an athchóiriú an creat a dhéanamh níos simplí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí, le húinéireacht náisiúnta níos mó agus forfheidhmiú níos fearr, agus idirdhealú á dhéanamh idir na Ballstáit ar bhonn a dtúsphointí aonair, arb ionann é agus céim chun tosaigh chun deireadh a chur leis an gcur chuige ‘a oireann do chách’ i bhfianaise na mbreithnithe tírshonracha maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach a chuimsítear sa chonair ghlanchaiteachais; á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil sé d’aidhm ag an athchóiriú an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú trí choigeartuithe de réir a chéile agus saincheaptha arna gcomhlánú le hathchóirithe agus infheistíochtaí agus beartais fhioscacha fhrith-thimthriallacha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á aithint go gcuireann na rialacha fioscacha nua níos mó solúbthachta agus dreasachtaí ar fáil a bhaineann leis na hinfheistíochtaí agus leis na hathchóirithe náisiúnta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus gheopholaitiúla atá roimh an Aontas; ag aithint go bhfuil difríocht idir acmhainní airgeadais agus ranníocaíochtaí ó bhuiséid náisiúnta ó Bhallstát amháin go Ballstát eile; á chur in iúl gur geal léi go n-eisiatar leis an táscaire glanchaiteachais an cómhaoiniú náisiúnta uile i gcláir arna gcistiú ag an Aontas, lena gcuirtear spás fioscach méadaithe ar fáil do na Ballstáit chun infheistíocht a dhéanamh i gcomhthosaíochtaí an Aontais, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1263, agus ar an gcaoi sin cuidiú le sineirgí idir buiséid an Aontais agus buiséid náisiúnta a neartú, agus ar an gcaoi sin ilroinnt a laghdú agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chaiteachais phoiblí a mhéadú i réimsí áirithe, amhail an chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an anailís ar inbhuanaitheacht fiachais (DSA) i rialacha fioscacha athchóirithe AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gceanglaítear le ról lánroghnach an Choimisiúin in DSA go mbeidh na measúnuithe ábhartha go hiomlán trédhearcach, intuartha, inmhacasamhlaithe agus cobhsaí; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar fheabhsuithe modheolaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarmharta idir na Ballstáit, agus an Pharlaimint a chur ar an eolas go cuí ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Coimisiún creat na rialacha fioscacha i bhfeidhm go neamhréireach san am a chuaigh thart, agus gur chomhlíon na Ballstáit na rialacha go míchothrom; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach don chreat nua cóir chomhionann na mBallstát a áirithiú; á dhearbhú go bhfuil creat rathúil ag brath go mór ar chur chun feidhme cuí, trédhearcach agus éifeachtach ón tús, agus túsphointí na mBallstát agus na dúshláin aonair atá rompu á gcur san áireamh ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur tugadh athruithe isteach sa chreat nua chun inchreidteacht an chórais smachtbhannaí airgeadais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát chun sainmhíniú teicniúil a dtáscaire oibríochtúil náisiúnta a ailíniú leis an táscaire glanchaiteachais phríomhúil Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cur béim ar ról na Parlaiminte agus na n-údarás fioscach neamhspleách i gcreat rialachais eacnamaíoch AE; ag cur béim ar chumhacht lánroghnach an Choimisiúin maidir leis na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a fhorbairt; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá leis an bParlaimint agus an Bord Fioscach Eorpach grinnscrúdú méadaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún, mar a bheartaítear i Rialachán (AE) 2024/1263, agus go bhfuil gá le méadú ar an sreabhadh faisnéise i dtreo na Parlaiminte chun a maoirseacht éifeachtach a chumasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Pleananna fioscacha struchtúrtha agus buiséadacha meántéarmacha náisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh na Ballstáit uile in ann a bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta agus a ndréachtphleananna buiséadacha a thíolacadh in am; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar olltoghcháin agus ar bhunú rialtas nua, nár thíolaic cúig Bhallstát a bpleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta go fóill agus nár thíolaic dhá Bhallstát a ndréachtphleananna buiséadacha go fóill, agus nár thíolaic Ballstát amháin a dhréachtphlean buiséadach ar chúiseanna neamhshonraithe eile; á iarraidh ar na Ballstáit sin na pleananna ábhartha a thíolacadh a luaithe is féidir; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é na pleananna sin a thíolacadh go tráthúil chun na rialacha nua a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun inchreidteacht na rialacha nua a áirithiú; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé dréachtphleananna buiséadacha a thíolacadh go tráthúil chun beartais nithiúla a dhéanamh de na gealltanais a leagtar amach i bpleananna fioscacha tar éis na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a fhormheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mheabhrú gur cheart na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a ailíniú le tosaíochtaí coiteanna an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1263; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Choimisiún, faoin gcreat nua, aird ar leith a thabhairt ar na tosaíochtaí sin agus measúnú á dhéanamh aige ar na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á aithint go bhfuarthas meastóireacht dhearfach ar 21 de na 22 phlean struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a ndearnadh athbhreithniú orthu go dtí seo; ag tabhairt dá haire go gceadaítear leis an gcreat nua do na Ballstáit toimhdí atá éagsúil le DSA an Choimisiúin a úsáid má mhínítear na difríochtaí sin agus má tá údar cuí leo ar bhealach trédhearcach agus má tá siad bunaithe ar argóintí fónta eacnamaíocha san idirphlé teicniúil leis na Ballstáit; á thabhairt dá haire, áfach, sna pleananna a thíolaic cúig Bhallstát, go bhfuair an Coimisiún nach raibh údar leordhóthanach le neamhréireachtaí agus dialltaí ó chreat DSA i dtoimhdí maicreacnamaíocha a bhaineann le OTI féideartha agus/nó díbhoilsceoir OTI; á chur i bhfáth go bhféadfadh dialltaí agus rioscaí cúl-ualaithe den sórt sin a bheith ina mbagairt ar an inbhuanaitheacht fhioscach amach anseo; ag tabhairt dá haire go n-aithníonn an Coimisiún, sna pleananna a thíolaic trí Bhallstát, comhchruinniú an choigeartaithe fhioscaigh i dtreo dheireadh na tréimhse; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh aon chomhchruinniú den sórt sin ar an gcoigeartú na ceanglais a leagtar amach sa rialachán agus á iarraidh air beartais chomhthimthriallacha a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár iarr ach seacht mBallstát tuairim óna n-institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha, lena gcuirtear gné thábhachtach bhreise ghrinnscrúdaithe ar fáil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha tuairim dhiúltach maidir le plean fioscach náisiúnta a mBallstáit; á chur i bhfáth nár chomhlíon naoi mBallstát a n-oibleagáid comhairliúcháin pholaitiúla a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta, le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile sular chuir siad a bpleananna náisiúnta isteach; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nár ghlac roinnt Ballstát páirt ina bparlaimintí náisiúnta sa phróiseas formheasa do na pleananna agus nár thuairiscigh siad ar tharla na comhairliúcháin riachtanacha leis na parlaimintí náisiúnta mar a leagtar síos sa chreat nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur iarr cúig Bhallstát síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart aon síneadh den sórt sin a bheith bunaithe ar thacar de ghealltanais infheistíochta agus athchóirithe lena bhfeabhsaítear, nuair a chuirtear le chéile iad, fás agus athléimneacht fhéideartha an gheilleagair, lena dtacaítear leis an inbhuanaitheacht fhioscach, lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais agus ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus ar measadh go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa rialachán maidir le síneadh den sórt sin; ag tabhairt dá haire go mbraitheann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a úsáidtear chun údar a thabhairt leis an síneadh sin go mór ar athchóirithe a formheasadh cheana faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá athchóirithe agus infheistíochtaí a chuireann go dearfach le fás ionchasach OTI na mBallstát agus an gá atá leo; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht éifeachtach <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a dhéanamh ar thionchar na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe a comhaontaíodh ó thaobh tacú le hinbhuanaitheacht fhioscach, acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais agus ar na moltaí tírshonracha agus an leibhéal riachtanach infheistíochta poiblí a mhaoinítear go náisiúnta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún nach bhfuil ach ocht gcinn de na 17 ndréachtphlean bhuiséadacha a cuireadh i láthair i gcomhréir le moltaí fioscacha a eascraíonn as an bplean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta; á chur in iúl gur oth léi gur measadh nach raibh seacht bplean go hiomlán i gcomhréir leis na moltaí, go raibh ceann amháin acu neamhchomhlíontach agus go raibh baol ann nach mbeidís i gcomhréir leis na moltaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur thíolaic sé Bhallstát dréachtphleananna buiséadacha ina bhfuil fás bliantúil nó carnach caiteachais os cionn a n-uasteorainneacha forordaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid fhioscach agus ról an bheartais fhioscaigh maidir le hearraí poiblí Eorpacha a sholáthar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tuartha ag an gCoimisiún go dtiocfaidh laghdú ar an bpríomhchomhardú struchtúrach don limistéar euro ina iomláine de 0,5 % de OTI in 2024 agus 0,25 % de OTI in 2025 mar thoradh ar chur chun feidhme an chreata rialachais athbhreithnithe; ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún go bhfuil sé sin i gcomhréir leis an bpróiseas chun inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú agus tacú leis an bpróiseas díbhoilscitheach leanúnach toisc go bhfuil éiginnteacht eacnamaíoch fós ard; ag tabhairt dá haire go leanfaidh fás OTI de bheith ag tacú le comhdhlúthú fioscach ar fud AE; á iarraidh go mbeadh beartais fhioscacha ann lena n-athbhunaítear cobhsaíocht agus nuálaíocht, iomaíochas tionsclaíoch agus fás eacnamaíoch fadtéarmach á gcur chun cinn ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá spás fioscach breise a chruthú chun dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo agus le géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus leibhéal leordhóthanach infheistíochta á chaomhnú ag an am céanna chun tacú le fás, tionsclaíocht agus rathúnas inbhuanaithe agus cuimsitheach do chách agus chun iad a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheas nach leor ann féin cur chun feidhme éifeachtach na rialacha fioscacha, bíodh is go bhfuil gá leis, chun an seasamh fioscach is fearr a bhaint amach i gcónaí agus chun ardchaighdeán maireachtála a áirithiú do gach Eorpach; ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh an staid fhioscach fós an-éagsúil ó Bhallstát go chéile in 2025; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar smaointe maidir le sásra lena gcuideofar lena áirithiú go mbeidh seasamh timthriallach AE ina iomláine iomchuí don ionchas maicreacnamaíoch i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú, de réir an Choimisiúin, go ndéanfar an chúltarraingt fhioscach in 2025 a fhritháireamh go páirteach trí leathnú beag ar infheistíocht, arna mhaoiniú ag buiséid náisiúnta agus ag deontais RRF agus ag cistí eile de chuid an Aontais araon; ag cur béim ar ról RRF maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta AE, ag tabhairt dá haire go rachaidh sé in éag faoi dheireadh 2026, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le laghdú ar infheistíocht phoiblí i dtosaíochtaí coiteanna Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le plé maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna shuntasach infheistíochta in AE agus costais iasachtaíochta a laghdú, cobhsaíocht airgeadais a neartú agus infheistíochtaí straitéiseacha a chumasú i gcomhréir le cuspóirí AE agus earraí poiblí Eorpacha a sholáthar, amhail cumais chosanta chun freastal ar riachtanais i gcomhthéacs bagairtí agus dúshláin slándála atá ag dul i méid; á iarraidh go mbainfí leas iomlán as na gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh eascairt as earraí poiblí Eorpacha a sholáthar ar scála AE trí thosaíochtaí infheistíochta a chomhordú go héifeachtach i measc na mBallstát; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart an creat a neartú, i gcás inarb iomchuí, le hionstraimí agus uirlisí infheistíochta ar leibhéal AE atá ceaptha chun an costas do cháiníocóirí AE a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le soláthar earraí poiblí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheabhrú nach mór rialuithe láidre lena n-áirithítear trédhearcacht, cuntasacht agus úsáid éifeachtúil cistí a bheith ag gabháil le haon chistiú de chuid AE, chun méaduithe gan údar ar chaiteachas poiblí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát caiteachas infheistíochta a chur chun cinn a tháirgeann ráta toraidh dearfach; ag aithint mheasúnú thuarascáil Draghi gurb í an earnáil phríobháideach san Aontas a dhéanfaidh thart ar cheithre chúigiú d’infheistíochtaí táirgiúla, agus go mbeidh ról catalaíoch ag an infheistíocht phoiblí freisin; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún ciste iomaíochais a mholadh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nua agus á iarraidh air leas iomlán a bhaint as ráthaíochtaí airgeadais chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil; á chur i bhfáth nach mór do na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí, go háirithe iarrachtaí buiséadacha, chun dlús a chur leis an nuálaíocht, leis an digitiú, leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an dícharbónú, chun iomaíochas na hEorpa a neartú agus chun spleáchais a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí tírshonracha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thit sciar na moltaí tírshonracha atá ‘curtha chun feidhme go hiomlán’ ó 18,1 % (sa tréimhse 2011-2018) go 13,9 % (sa tréimhse 2019-2023); á mheabhrú gur cuid lárnach é moltaí tírshonracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le héifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí, chun inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha; á mholadh go ndéanfaí na CSRanna agus na hathchóirithe ábhartha a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla; á iarraidh go bhféachfaí ar bhealaí chun sciar na moltaí tírshonracha atá ‘curtha chun feidhme go hiomlán’ a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí tírshonracha a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis na tuarascálacha tíre faoi seach; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na n-athchóirithe agus ar an dul chun cinn i dtreo bearnaí infheistíochta sainaitheanta a laghdú; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann agus CSRanna á n-ullmhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, gur cheart moltaí tírshonracha a fheabhsú trí dhíriú ar shraith theoranta dúshlán, go háirithe dúshláin struchtúracha shonracha na mBallstát agus tosaíochtaí coiteanna an Aontais, d’fhonn fás eacnamaíoch fónta agus cuimsitheach a chur chun cinn, iomaíochas agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a fheabhsú, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn agus cothroime shóisialta agus idirghlúine a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag meabhrú thiomantas na mBallstát aghaidh a thabhairt, ina bpleananna fioscacha náisiúnta, ar na moltaí tírshonracha ábhartha ina ngnéithe eacnamaíocha agus sóisialta araon, mar a cuireadh in iúl faoin Seimeastar Eorpach; ag tabhairt dá haire gur aimsigh an Coimisiún moltaí tírshonracha nár tugadh aghaidh orthu sna pleananna fioscacha náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na moltaí tírshonracha chun dul i ngleic le cúiseanna fadtéarmacha na hinbhuanaitheachta fioscaí, lena n-áirítear inbhuanaitheacht agus soláthar cuí chórais na bpinsean poiblí, na gcóras cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh i bhfianaise dúshláin dhéimeagrafacha amhail daonraí atá ag dul in aois, agus ullmhacht d’fhorbairtí díobhálacha, lena n-áirítear rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an athrú aeráide; ag cur i bhfáth a ábhartha atá moltaí tírshonracha maidir le haghaidh a thabhairt ar chobhsaíocht an mhargaidh tithíochta chun rannchuidiú le hathléimneacht eacnamaíoch AE;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>