<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0040</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Jana Nagyová a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0029/2025 - Rapóirtéir:Krzysztof Śmiszek)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Jana Nagyová (2024/2035(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Jana Nagyová, dar dáta an 1 Iúil 2024 agus a thíolaic an Ard-Chúirt i bPrág maidir leis an nós imeachta coiriúil atá ar feitheamh os comhair na cúirte sin, ar achomharc, faoi thagairt 3 To 34/2024, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 19 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Jana Nagyová an 29 Eanáir 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra v De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 27 de Bhunreacht Phoblacht na Seice agus do Roinn 10(1) d’Acht Uimh. 141/1961 Coll. maidir le Nós Imeachta Coiriúil (Cód Nós Imeachta Coiriúil Phoblacht na Seice),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0029/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Ard-Chúirt i bPrág, an 1 Iúil 2024, iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine pharlaiminteach Jana Nagyová, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh i bPoblacht na Seice, d’fhonn leanúint de na himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh os a comhair ar achomharc faoi láthair maidir leis an gcúiseamh go ndearnadh an cion calaoise fóirdheontais de bhun Roinn 212(1) agus (6), pointe (a), agus an cion damáiste do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh de bhun Roinn 260(1) agus (5) d’Acht Uimh. 40/2009 Coll (Cód Coiriúil Phoblacht na Seice);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil na himeachtaí coiriúla i gcoinne Jana Nagyová á seoladh ar bhonn bhille díotála Oifig an Ionchúisitheora Stáit Bhardasaigh i bPrág, dar dáta an 21 Márta 2022, mar gheall ar ghníomh a líomhnaítear a rinne sí i gcomhpháirt le duine comhchúisithe, ar an bhforas go ndearna sí, ina cáil mar dhuine ag a bhfuil fócas gairmiúil ar dheontais an Aontais agus, sa tréimhse ón 17 Eanáir 2008 go dtí an 5 Eanáir 2010, mar leaschathaoirleach ar bhord stiúrthóirí cuideachta Seiceach, iarratas ar dheontas agus a fhios aici nach raibh an chuideachta sin ina teideal agus gur chuir sí faisnéis bhréagach ar fáil gur fiontar beag agus fiontar neamhspleách a bhí sa chuideachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe le tuairimí a nochtadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstát féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 27(4) de Bhunreacht Phoblacht na Seice nach bhféadfar Teachtaí agus Seanadóirí a ionchúiseamh go coiriúil ach amháin le toiliú an tseomra ar comhalta de iad agus, má dhéanann an seomra sin a thoiliú a choinneáil siar, go ndéanfar an t-ionchúiseamh coiriúil sin a fhoriamh ar feadh thréimhse a sainordaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurbh é rún na n-imeachtaí dlíthiúla  ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Jana Nagyová a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Seice agus chuig Jana Nagyová.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>