<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0041</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0030/2025 -  Rapóirtéir:Dominik Tarczyński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron (2024/2048(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron, a fuarthas i litir dar dáta an 27 Lúnasa 2024 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh ó Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí München I, i dtaca le himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh os comhair Chúirt Dúiche München, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Petr Bystron i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta an 29 Eanáir 2025 agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé le linn na héisteachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0030/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí München I díolúine pharlaiminteach Petr Bystron, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh, i gcomhthéacs líomhaintí a tugadh ina choinne faoi Roinn 86a de Chód Coiriúil na Gearmáine agus i dtaca le Roinn 86 den Chód sin, maidir le húsáid líomhnaithe siombailí d’eagraíochtaí míbhunreachtúla agus sceimhlitheoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go léirítear san iarraidh, tar éis Ambasadóir na hÚcráine chun na Gearmáine a bhriseadh as oifig an 12 Iúil 2022, gur líomhnaíodh gur fhoilsigh Petr Bystron montáis grianghraf ar a chuntas Twitter, a thaispeáin gearrthóga ó phictiúir de dhaoine a bhí i seilbh ardoifige poiblí roimhe seo, agus gach duine acu ag coinneáil a láimhe deise nó a láimhe clé suas leis an lámh sínte amach agus na méara ag díriú suas; de bhrí go bhfuil an fotheideal ‘Slán! [...] Fágann polaiteoirí na Gearmáine slán!’ <FOOTNOTE><FIELD> Aistriúchán Gaeilge ar an mbuntéacs.</FIELD></FOOTNOTE> ag gabháil leis an gcolláis fhoilsithe; de bhrí gur cuireadh i leith Petr Bystron gur ghlac sé ar a laghad go hintuigthe go bhfágfadh an mhontáis grianghraf sin úsáideoir oibiachtúil Twitter leis an tuiscint gurbh é an ‘cúirtéis Hitler’ an seasamh láimhe a léiríodh, toisc gur cineál beannachta é sin a d’úsáid réimeas na Naitsithe; de bhrí gur cúisíodh Petr Bystron as siombailí d’eagraíochtaí míbhunreachtúla agus sceimhlitheoireachta a dháileadh nó a úsáid go poiblí sa Ghearmáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, tar éis imscrúduithe a dhéanamh, gur chuir na húdaráis inniúla iarraidh isteach ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh, iarraidh a díríodh chuig Bundestag na Gearmáine, a raibh sé ina chomhalta de ag an am; de bhrí go ndearna Bundestag na Gearmáine a dhíolúine a tharscaoileadh an 7 Meán Fómhair 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Petr Bystron chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024; de bhrí, tar éis thoradh deiridh an toghcháin a fhógairt, go ndearna na húdaráis inniúla, le cinneadh an 9 Iúil 2024, na himeachtaí coiriúla ina choinne a chur ar fionraí go sealadach chun dul ar aghaidh leis an iarraidh ar tharscaoileadh a dhíolúine;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach raibh Petr Bystron ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim arna tabhairt ag Petr Bystron ná le vóta arna chaitheamh aige i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a Stáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL>‘I gcás gníomh atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í i mbun gnímh nó an lá tar éis an lae a rinne sé an gníomh sin.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(4)</SYMBOL>Déanfar aon imeachtaí coiriúla agus aon nósanna imeachta de réir Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse pearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;</ITEM></LIST>
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach d’fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Petr Bystron a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chuig Petr Bystron.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>