<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0043</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Mariusz Kamiński a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0032/2025 -  Rapóirtéir:Mario Furore)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 maidir lei an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Mariusz Kamiński (2024/2046(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Mariusz Kamiński ó Ionchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na Polainne, dar dáta an 29 Iúil 2024, lena dtarchuirtear iarraidh arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i ndáil le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne Mariusz Kamiński agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Mariusz Kamiński an 30 Eanáir 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra v De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023,Puigdemont i <STRING ITALIC="on">Casamajó agus páirtithe eile v an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0032/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tharchuir Ard-Ionchúisitheoir na Polainne, le litir dar dáta an 29 Iúil 2024, iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Mariusz Kamiński, arna déanamh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i ndáil le cionta líomhnaithe faoi Airteagal 244 de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 12 den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go léirítear san iarraidh gur sháraigh na gníomhaíochtaí a rinne Mariusz Kamiński an 21 agus an 28 Nollaig 2023 i Vársá, le hintinn réamhbheartaithe agus ag eatraimh ghearra, an toirmeasc cúig bliana ar sheasamh poiblí a shealbhú a forchuireadh i mbreithiúnas críochnaitheach agus ceangailteach a thug an Chúirt Réigiúnach i Vársá an 20 Nollaig 2023, a mhéid a chomhlíon Mariusz Kamiński dualgais Chomhalta Sejm (teach íochtarach Pharlaimint na Polainne) de Phoblacht na Polainne trí pháirt a ghlacadh i seisiún an Sejm a tionóladh an 21 Nollaig 2023, lenar áiríodh páirt a ghlacadh i vótaí, agus páirt a ghlacadh i gcruinniú a thionóil Coiste um Riarachán agus um Ghnóthaí Inmheánacha Sejm an 28 Nollaig 2023; de bhrí gur cion faoi Airteagal 244 de Chód Coiriúil na Polainne iad na caingne líomhnaithe i gcomhar le hAirteagal 12 den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur tugadh na cúisimh thuas i gcoinne Mariusz Kamiński an 18 Aibreán 2024; de bhrí gur toghadh Mariusz Kamiński chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024; de bhrí nach raibh Mariusz Kamiński ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim arna tabhairt ag Mariusz Kamiński ná le vóta arna chaitheamh aige i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú Sejm Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach d’fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois v Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Mariusz Kamiński a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Mariusz Kamiński.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>