<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0052</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Comhaontuithe maidir le Sásraí Airgeadais le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028 (LEE: an tAontas Eorpach-an Íoslainn-Lichtinstéin-an Iorua; Sásra Airgeadais na hIorua: an tAontas Eorpach-an Iorua); na Prótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir LEE-an Iorua agus leis an gComhaontú idir LEE-an Íoslainn</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0036/2025 -  Rapóirtéir: Željana Zovko)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2025 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Chomhaontaithe idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021 - Aibreán 2028, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua agus an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn (10005/2024 – C10-0103/2024 – 2024/0052(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Toiliú)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10005/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Prionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua maidir le Sásra Airgeadais LEE le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021–Aibreán 2028 (10057/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir Ríocht na hIorua agus an tAontas Eorpach maidir le Sásra Airgeadais na hIorua le haghaidh na tréimhse Bealtaine 2021–Aibreán 2028 (10146/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht-Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (10149/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht-Phrótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn (10148/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0103/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 107(1) agus (4), agus do Riail 117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0036/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe agus na bprótacal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin agus Ríocht na hIorua.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>