<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0056</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0041/2025 -  Rapóirtéir: Malik Azmani)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (COM(2024)0316 – C10-0112/2024 – 2024/0187(CNS))</STRING></TI><NOTE>(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2024)0316),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 77(3), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10‑0112/2024),</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 84 dá Rialacha Nós Imeachta,</P></VISA><VISA><P><NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0041/2025),</P></VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION><P><NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;</P></ACTION><ACTION><P><NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.</P></ACTION></ACTLST></DISPOSITIF><AMDLST><HD><HEAD.OLD><STRING ITALIC="on">Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún</STRING></HEAD.OLD><HEAD.NEW><STRING ITALIC="on">Leasú</STRING></HEAD.NEW></HD><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 19</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(19)</NO.P>Ní sholáthraítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, lena n-áirítear a cheanglais riachtanais agus chomhréireachta. Thairis sin, ní sholáthraítear bunús dlí leis an Rialachán chun bunachar sonraí láraithe a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(19)</NO.P>Ní sholáthraítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING> Thairis sin, ní sholáthraítear bunús dlí leis an Rialachán chun bunachar sonraí láraithe a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Mar a mheabhraigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ina thuairim 21/2024, maidir le bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta chun sonraí bithmhéadracha a stóráil sna Ballstáit, nó ar an gcaoi chéanna, bunachar sonraí láraithe a chur ar bun nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais, mar aon leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na sonraí sin chun críoch eile, níor mhór tástáil dhian riachtanais agus comhréireachta a chomhlíonadh faoin gCairt, mar a léirmhínítear le cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		2</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 20</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(20)</NO.P>Ba cheart aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus a stóráil i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe chun barántúlacht an doiciméid agus aitheantas an tsealbhóra a fhíorú. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Mar gheall ar an ríomhshíniú ar mheán stórála na gcártaí aitheantais, tá sé níos iontaofa an sealbhóir a shainaithint trí na sonraí sa mheán stórála a sheiceáil, ina gcoinnítear na sonraí beathaisnéiseacha céanna atá priontáilte ar an doiciméad, in áit seiceáil ó amharc a dhéanamh ar an doiciméad.</STRING></STRING> Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag saoránaigh den Aontas na sonraí i meán stórála a gcártaí aitheantais a úsáid chun iad féin a shainaithint d'eintitis phríobháideacha. Níor cheart, áfach, an fíorú sin a dhéanamh ach amháin ag foireann chuí-údaraithe, agus níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair a cheanglaítear le dlí an doiciméad a thaispeáint.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(20)</NO.P>I gcás <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">íomhánna</STRING></STRING> den aghaidh a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">níor cheart rochtain a bheith ach ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta, ghníomhaireachtaí an Aontais agus na n-eintiteas príobháideach uirthi</STRING></STRING> chun barántúlacht an doiciméid agus aitheantas an tsealbhóra a fhíorú.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ba cheart dlí an</STRING></STRING> Aontais <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh leis an rochtain sin. Níor cheart na híomhánna den aghaidh a choinneáil níos faide ná mar is gá chun na gcríoch sin, ba cheart iad a scriosadh a luaithe a bhainfear na críocha sin amach agus</STRING></STRING> níor cheart <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">iad a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mura gceadaítear sin faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Tá na coimircí sin beartaithe chun cosaint iomchuí na híomhá den aghaidh a áirithiú ach gan toirmeasc a chur ar a húsáid.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		3</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 20 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(20a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Níor cheart ach d’fhoireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais amháin fíorú na méarlorg atá stóráilte ar an meán stórála a dhéanamh, agus níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta an doiciméad a thaispeáint.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		4</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 23</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(23)</NO.P>Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an áireofar inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina n-áireoidh Ballstát inscne duine ar doiciméad den sórt sin, ba cheart na sonraíochtaí ‘F’, ‘M’ nó ‘X’ nó an túslitir aonair comhfhreagrach a úsáidtear i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit sin de chuid Dhoiciméad ICAO 9303 a úsáid, de réir mar is iomchuí.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(23)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gan dochar do chásdlí na Cúirte Breithiúnais</STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">1a</STRING></STRING></STRING>, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an áireofar inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina n-áireoidh Ballstát inscne duine ar doiciméad den sórt sin, ba cheart na sonraíochtaí ‘F’, ‘M’ nó ‘X’ nó an túslitir aonair comhfhreagrach a úsáidtear i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit sin de chuid Dhoiciméad ICAO 9303 a úsáid, de réir mar is iomchuí.</P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">_________________</STRING></STRING></P></NEW><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">1a</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin, C-4/23, ECLI:EU:C:2024:845;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		5</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 26</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(26)</NO.P>I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun dínit an duine lena mbaineann a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart breithnithe sonracha a bhaineann le hinscne, chomh maith le riachtanais shonracha leanaí agus daoine leochaileacha, a chur san áireamh.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(26)</NO.P>I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun dínit an duine lena mbaineann a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart breithnithe sonracha a bhaineann le hinscne, chomh maith le riachtanais shonracha leanaí agus daoine leochaileacha, a chur san áireamh. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart oiliúint i ndea-chleachtais a chur ar bhaill foirne cháilithe chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú ó leanaí agus ó dhaoine leochaileacha, lena n-áiritheofar íogaireacht i leith riachtanais inscne agus riachtanais a bhaineann go sonrach le haois agus dínit gach duine á hurramú ag an am céanna.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		6</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 32</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(32)</NO.P>Ba cheart do na Ballstáit malartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin is gá chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ar an meán stórála slán, agus chun í a fhíordheimhniú agus a fhíorú. Ba cheart na formáidí a úsáidtear leis an meán stórála slán a bheith idir-inoibritheach, lena n‑áirítear i dtaca le pointí trasnaithe teorann uathoibrithe.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(32)</NO.P>Ba cheart do na Ballstáit malartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin is gá chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ar an meán stórála slán, agus chun í a fhíordheimhniú agus a fhíorú. Ba cheart na formáidí a úsáidtear leis an meán stórála slán a bheith idir-inoibritheach, lena n‑áirítear i dtaca le pointí trasnaithe teorann uathoibrithe.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Ba cheart don Choimisiún comhar na mBallstát a chur chun cinn chun tacú leis na cuspóirí sin.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		7</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Aithris 43</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>(43)</NO.P>I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016<STRING SUPERSCRIPT="on">9</STRING> ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Chun críocha faireachán a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit staidreamh a bhailiú ar líon na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe a d'eisigh siad.</P></OLD><NEW><P><NO.P>(43)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart don Choimisiún tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo 2 bhliain, agus 11 bhliain, tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, lena n-áirítear ar a iomchuí atá an leibhéal slándála, agus a thionchar ar chearta bunúsacha agus prionsabail cosanta sonraí á thabhairt san áireamh.</STRING></STRING> I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016<STRING SUPERSCRIPT="on">9</STRING>, ba cheart don Choimisiún, 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Chun críocha faireachán a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit staidreamh a bhailiú ar líon na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe a d'eisigh siad.</P></NEW><OLD><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">_________________</STRING></STRING></P></OLD><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">_________________</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">9</STRING> IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">9</STRING> IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		8</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P>De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar uimhir an doiciméid a chur isteach i limistéar 1 agus beidh sainiú inscne an duine roghnach.</P></OLD><NEW><P>De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar uimhir an doiciméid a chur isteach i limistéar 1 agus beidh sainiú inscne an duine roghnach. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás ina n-áireoidh Ballstát inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo, úsáidfear sonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303 ‘F’, ‘M’ nó ‘X’ nó an túslitir aonair chomhfhreagrach a úsáidtear i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, de réir mar is iomchuí.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		9</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 3 – mír 5</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>5.</NO.P>Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála an-slán ina mbeidh sonraí bithmhéadracha lena n-áireofar íomhá d'aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha digiteacha. Chun aitheantóirí bithmhéadracha a ghabháil, cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018)7767<STRING SUPERSCRIPT="on">12</STRING> ón gCoimisiún arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún i bhfeidhm<STRING SUPERSCRIPT="on">13</STRING>.</P></OLD><NEW><P><NO.P>5.</NO.P>Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála an-slán ina mbeidh sonraí bithmhéadracha lena n-áireofar íomhá d'aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha digiteacha. Chun an dá chineál aitheantóra bhithmhéadraigh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sin</STRING></STRING> a ghabháil, cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 7767 ón gCoimisiún arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún i bhfeidhm<STRING SUPERSCRIPT="on">13</STRING>.</P></NEW><OLD><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">_________________</STRING></STRING></P></OLD><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">_________________</STRING></STRING></P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">12</STRING> Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018)7767 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2018, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus lena n‑aisghairtear Cinneadh C(2002)3069.</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">12</STRING> Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018)7767 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2018, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus lena n‑aisghairtear Cinneadh C(2002)3069.</P></NEW><OLD><P><STRING SUPERSCRIPT="on">13</STRING> Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 7767 i ndáil leis an liosta tagairtí normatacha.</P></OLD><NEW><P><STRING SUPERSCRIPT="on">13</STRING> Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3726 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 7767 i ndáil leis an liosta tagairtí normatacha.</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		10</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 10 – mír 3</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>3.</NO.P>Seachas i gcás ina bhfuil gá leo chun críche próiseála i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, coinneofar aitheantóirí bithmhéadracha a stóráiltear chun críche cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid, agus go dtí an dáta sin amháin, agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid sin. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na haitheantóirí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach.</P></OLD><NEW><P><NO.P>3.</NO.P>Maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a stóráiltear chun críocha cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, déanfar iad a choinneáil ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid sin. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na haitheantóirí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beidh próiseáil na sonraí sin chun críocha eile faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		11</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 4</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>4.</NO.P>Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe ar oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.</P></OLD><NEW><P><NO.P>4.</NO.P>Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe ar oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach soláthraí seachtrach dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí, agus glacfar bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar aon mhí-úsáid sonraí pearsanta le linn próisis sheachfhoinsithe.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		12</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 6 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach</STRING></STI.AMD><OLD><P>Ní bhainfear leas as na sonraí bithmhéadracha a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun críche fíorú a dhéanamh ar:</P></OLD><NEW><P>Ní bheidh rochtain ach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta, ghníomhaireachtaí an Aontais agus na n‑eintiteas príobháideach</STRING></STRING> ar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an íomhá d’aghaidh an tsealbhóra</STRING></STRING> a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe agus tabharfar an rochtain sin i gcomhréir le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">dlí</STRING></STRING> an Aontais <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">maidir le cosaint sonraí</STRING></STRING> chun an méid seo a leanas a fhíorú:</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		13</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 6 – fomhír 1 a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beidh gá le toiliú an tsealbhóra freisin chun go mbeidh rochtain ag eintitis phríobháideacha ar an íomhá den aghaidh, ach amháin má tá géarghá le rochtain gan beann ar thoiliú chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír agus dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		14</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 11 – mír 6 – fomhír 2</STRING></STI.AMD><OLD><P>An dá mhéarlorg a stóráiltear sa mheán stórála, ní bheidh rochtain orthu ach amháin ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais.</P></OLD><NEW><P>An dá mhéarlorg <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">de chuid</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an tsealbhóra</STRING></STRING> a stóráiltear sa mheán stórála, ní bheidh rochtain orthu ach amháin ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ach chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		15</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 13 – teideal</STRING></STI.AMD><OLD><P>Meastóireacht</P></OLD><NEW><P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuairisciú agus</STRING></STRING> meastóireacht</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		16</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 13 – mír -1 (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>-1.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Faoin [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin [11 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir le cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta a chosaint.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		17</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach</STRING></STI.AMD><OLD><P><NO.P>1.</NO.P>Tráth nach luaithe ná [6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:</P></OLD><NEW><P><NO.P>1.</NO.P>Tráth nach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">déanaí</STRING></STRING> ná [6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin,</STRING></STRING> déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:</P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		18</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 13 – mír 1 – pointe d a (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(da)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an gá le gnéithe comhchoiteanna slándála a thabhairt isteach do dhoiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach d'fhonn iad a aithint ar bhealach níos fearr;</STRING></STRING></P></NEW></AMEND><AMEND><TI.AMD><STRING BOLD="on">Leasú		19</STRING></TI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Togra le haghaidh rialacháin</STRING></STI.AMD><STI.AMD><STRING BOLD="on">Airteagal 13 – mír 1 – pointe d b (nua)</STRING></STI.AMD><OLD/><NEW><P><NO.P>(db)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an gá atá le gnéithe slándála na ndoiciméad cónaithe a chomhchuibhiú tuilleadh.</STRING></STRING></P></NEW></AMEND></AMDLST></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>