<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0057</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0010/2025 -  Rapóirtéir: David McAllister)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2025 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2080(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 14, 16, 21, 24, 36 agus 41 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 20 Meitheamh 2024 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Common Foreign and Security Policy Report – Our Priorities in 2024’</STRING> [Tuarascáil ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála – Ár dTosaíochtaí in 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’</STRING> [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 21 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choincheap Straitéiseach 2022 ECAT, a glacadh an 29 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Márta 2024, an 18 Aibreán 2024, an 27 Meitheamh 2024, an 19 Nollaig 2024 an 6 Márta 2025 agus an 20 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 18 Márta 2024, an 22 Aibreán 2024, an 24 Bealtaine 2024, an 24 Meitheamh 2024, an 22 Iúil 2024, an 14 Deireadh Fómhair 2024, an 18 Samhain 2024, an 16 Nollaig 2024, an 27 Eanáir 2025, an 24 Feabhra 2025 agus an 17 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú an Chruinnithe Mhullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a glacadh an 18 Iúil 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528<FOOTNOTE><FIELD> IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/2024-03-18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte Polaitiúla Uachtarán an Choimisiúin do 2024-2029,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha 2024 maidir le méadú a chuir an Coimisiún i láthair an 30 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 Communication on EU enlargement policy’</STRING> [Teachtaireacht 2022 maidir le beartas an Aontais um méadú] (COM(2024)0690),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R1449.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2025 maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do Phoblacht na Moldóive a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/535, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/535/oj.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together: Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile: Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh in 2004, a nuashonraíodh in 2008 agus a forlíonadh tuilleadh in 2020 le nóta treorach maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, arna nglacadh i gcomhréir le Riail 150 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2023 maidir le Straitéis Slándála Eacnamaíche na hEorpa (JOIN(2023)0020),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Nollaig 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The EU’s Cybersecurity Strategy for the Digital Decade’</STRING> [Straitéis Chibearshlándála AE don Deacáid Dhigiteach] (JOIN(2020)0018),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla do shlándáil eacnamaíoch AE chun tuilleadh measúnaithe riosca a dhéanamh leis na Ballstáit (C(2023)6689),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol<FOOTNOTE><FIELD> IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/797/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1226, 21.12.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52023IP0219.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir le hathléimneacht na Moldóive i gcoinne chur isteach na Rúise a neartú roimh na toghcháin uachtaránachta atá ar na bacáin agus reifreann bunreachtúil maidir le lánpháirtiú AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/204, 14.1.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0016(01).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le míthuiscint ag Daon-Phoblacht na Síne ar rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus maidir lena briogadh míleata leanúnach i gcoinne na Téaváine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/487, 29.1.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0030(01).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 ar impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5719, 17.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0028.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 ar an staid in Asarbaiseáin, sárú ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta, agus an caidreamh leis an Airméin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/486, 29.1.2025, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0029(01).</FIELD></FOOTNOTE> agus do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an staid sa Nagarna-Carabaic tar éis ionsaí na hAsarbaiseáine agus na mbagairtí leanúnacha ar an Airméin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1188, 23.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52023IP0356.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cuimhneachán stairiúil, lena n-áirítear na rúin uaithi an 2 Aibreán 2009 maidir le coinsias Eorpach agus an t-ollsmachtachas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 137 E, 27.5.2010, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>, an 19 Meán Fómhair 2019 maidir leis an tábhacht a bhaineann le cuimhneachán Eorpach do thodhchaí na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 171, 6.5.2021, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>, an 15 Nollaig 2022 maidir le 90 bliain tar éis Holodomor: an t-ollmharú tríd an ocras a aithint mar chinedhíothú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 112.</FIELD></FOOTNOTE>, agus an 17 Eanáir 2024 ar an gcomhfhiosacht stairiúil Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5721, 17.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0030.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Bealtaine 2022 maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan sa Chaidreamh Seachtrach, 2021-2025 (GAP III),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), a tháinig i bhfeidhm san Aontas an 1 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac dar teideal <STRING ITALIC="on">Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development’ (Agenda 2030)</STRING> [I mbun Athrú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (Clár Oibre 2030)], lenar bunaíodh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 8 Nollaig 1949 maidir le cúnamh do dhídeanaithe ón bPalaistín,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 22 Samhain 1967 maidir le socrú síochánta a bhfuil glacadh leis i ndáil leis an staid sa Mheánoirthear,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 11 Lúnasa 2006 maidir leis an staid sa Mheánoirthear,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe 1948 agus do rún 43/29 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 maidir le cinedhíothú a chosc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhaontú an 28 Aibreán 2006 idir an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 115, 28.4.2006, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2006/313/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim chomhairleach a d’iarr Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta i rún uaidh an 30 Nollaig 2022 maidir le cleachtais Iosrael a dhéanann difear do chearta an duine mhuintir na Palaistíne sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa’ (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0010/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil athruithe gasta geopholaitiúla os comhair an domhain, le cumhachtaí uathlathacha, ina n-aonar agus in iarrachtaí comhordaithe araon, ag cur dúshlán gníomhach roimh an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus roimh a institiúidí iltaobhacha, roimh an dlí idirnáisiúnta, roimh institiúidí daonlathacha agus roimh shochaithe, agus roimh ár gcomhghuaillíochtaí chomh maith; de bhrí gur cheart giaráil uile an Aontais a mheasúnú chun tíortha a dhíspreagadh ó thacaíocht a thabhairt d’fhogha na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuireann cruinniú mullaigh BRICS a tionóladh in Kazan na Rúise, ón 22 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2024, béim ar an gcaoi a ngiarálann Putin ardáin idirnáisiúnta chun gníomhú in aghaidh an leithlisithe agus chun comhghuaillíochtaí a thógáil; de bhrí go bhfuil gá le freagairt aontaithe agus straitéiseach ón Aontas chun seasamh le prionsabail an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an gcúnamh forbartha a thugtar do rialtais tíortha a thacaíonn go hoscailte le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus faireachán a dhéanamh ar a vótaí maidir le rúin ábhartha ó na Náisiúin Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an choimhlint gheopholaitiúil idir daonlathais agus réimis fhorlámhacha agus dheachtóireachta ag dul i méid, go bhfuil coinbhleachtaí ag méadú, agus, ar bhonn níos minice, go gcaitear le húsáid fornirt mar uirlis chaighdeánach chun aidhmeanna polaitiúla a shaothrú; de bhrí go bhfuil lámh láidir in úsáid ní hamháin ag stáit ach freisin ag buíon mhéadaitheach gníomhaithe neamhstáit; de bhrí gur gá don Aontas an caidreamh trasatlantach a neartú agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thógáil le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa Domhan Theas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir an comhthéacs geopholaitiúil ina bhfuil an tAontas ag feidhmiú béim ar an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas a bheidh níos uaillmhianaí, níos inchreidte, níos cinntitheach agus níos aontaithe, chomh maith le beartas eachtrach Eorpach lánfheidhme ar an leibhéal domhanda agus gur leagadh béim ar a riachtanaí atá sé go léireoidh na Ballstáit an toil pholaitiúil is gá chun a gcumais chosanta a atógáil, agus naisc agus compháirtíochtaí trasatlantacha an Aontais le tíortha ar aon intinn linn a neartú; de bhrí nach mór don chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) a bheith ina bheartas lánfheidhme de chuid an Aontais trínar féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin gheopholaitiúla; de bhrí gur cheart go mbeadh na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2, Airteagal 3(5) agus Airteagal 21 CAE mar threoir ag an Aontas ina ghníomhaíocht sheachtrach, a spreag féinchruthú, féinfhorbairt agus féinmhéadú AE; de bhrí gur chun leasa an Aontais é seasamh dá réir sin ar son luachanna, norm agus prionsabail uilíocha amhail an tsaoirse agus caighdeáin dhaonlathacha, chomh maith le cearta an duine, an smacht reachta, an ceartas idirnáisiúnta agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, go háirithe maidir le neamhshárú teorainneacha idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú mear atá ag teacht ar bhagairtí nua atá roimh an Aontas ag a theorainneacha agus ar a chríoch, ar bagairtí iad atá ag díchobhsú fheidhmiú an Aontais, go háirithe bréagaisnéis spriocdhírithe, cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha, ionstraimiú sreabha imirce, chomh maith le sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus radacachas reiligiúnach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn neamhspleáchas straitéiseach ar an Aontas gníomhú go neamhspleách ar an leibhéal domhanda nuair is gá, go háirithe sa bheartas eachtrach agus slándála; de bhrí gur aithin an tAontas gur gá spleáchas míchuí ar ghníomhaithe seachtracha a laghdú chun a leasanna a chosaint i ndomhan dothuartha agus ilpholach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur gá don Aontas taidhleoireacht Eorpach neamhspleách agus uathrialach a fhorbairt, lena n-áirítear taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha, eacnamaíoch, aeráide, dhigiteach agus chibearthaidhleoireacht, faoi stiúir seirbhís taidhleoireachta AE atá á stiúradh ag cultúr coiteann taidhleoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go sáraíonn cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, bunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta mar a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i bpríomhchoinbhinsiúin agus príomhrúin, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn sáruithe na Rúise ar Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Príosúnaigh Chogaidh príosúnaigh a chur chun báis agus rochtain ar eagraíochtaí daonnúla agus cóireáil leighis a dhiúltú do phríosúnaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gabhála do Vladimir Putin agus d’Ard-Choimisinéir na Rúise um Leanaí, Maria Lvova-Belova, as a rannpháirtíocht i bhfuadach leanaí ón Úcráin chuig an Rúis; de bhrí go bhfuil an Rúis, le cúnamh ó réimeas na Bealarúise, ag tabhairt faoi athoideachas a chur ar leanaí na hÚcráine arís agus a bhféiniúlacht Úcránach a scriosadh; de bhrí nach mór réimeas Aliaksandr Lukashenka sa Bhealarúis a thabhairt chun cuntais go hiomlán as a chomhpháirteachas sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus as coireanna cogaidh amhail fuadach na mílte leanaí Úcránacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántais ghabhála freisin do cheannairí míleata na Rúise Sergei Shoigu, Valery Gerasimov, Viktor Sokolov agus Sergei Kobylash, ar cuireadh ina leith go ndearna siad ionsaithe ar thargaidí sibhialtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil rialtas na hUngáire ag cur bac ar an gCiste Cúnaimh don Úcráin, ar fiú EUR 5 bhilliún é, a bunaíodh i mí an Mhárta 2024 laistigh den tSaoráid Eorpach Síochána; de bhrí go bhfuil rialtas na hUngáire ag cur bac ar an ochtú tráinse d’aisíocaíochtaí de chuid na Saoráide Eorpaí Síochána do na Ballstáit a bhfuil cabhair mhíleata curtha ar fáil acu don Úcráin ó mhí na Bealtaine 2023 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil riosca suntasach ag baint le tancaeir scáthchabhlaigh na Rúise don tslándáil mhuirí agus don tslándáil mhuirí chomhshaoil trína gcórais aitheantais uathoibríocha a mhúchadh nó a ionramháil; de bhrí go soláthraíonn na tancaeir sin thart ar USD 12 bhilliún do bhuiséad cogaidh na Rúise gach mí, rud a mhaoiníonn a hoibríochtaí míleata foghacha go díreach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil an stair ionstraimithe ag réimeas Vladimir Putin mar iarracht dílseacht phobal na Rúise a dhaingniú trí chumha a chruthú do mhórgacht mhaíte na hImpireachta Sóivéadaí, trí stair na Rúise agus na hÚcráine a fhalsú, trí dhiúltú do bheartas Nikita Khrushchev coireanna Stailíneacha a aithint agus a cháineadh, trí chúlú ar aitheantas agus cáineadh Mikhail Gorbachev ar Chomhaontú Molotov-Ribbentrop agus trí chliseadh an Aontais Shóivéadaigh a dhearbhú mar an tragóid ba mhó dar thit amach sa chéad roimhe sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Rúis agus gníomhaithe urchóideacha eile ina tíortha comharsanachta reitric fhrith-Iarthair agus scoilteach chun cinn agus go mbaineann siad leas as teannas eitneach sna Balcáin Thiar chun coinbhleacht a ghríosadh agus pobail a roinnt, lena n-áirítear trí Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia a ionstraimiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gurbh é 2024 comóradh 20 bliain ó tharla ‘méadú mór’ an Aontais nuair a tháinig 10 dtír isteach san Aontas Eorpach; de bhrí go bhfuil an méadú ríthábhachtach ó thaobh straitéise de don Aontas, ós rud é gur infheistíocht gheostraitéiseach é sa tsíocháin fhadtéarmach, sa daonlathas, sa chobhsaíocht, sa tslándáil, sa chosaint aeráide agus sa rathúnas ar fud na mór-roinne, agus go háirithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go n-éilítear athchóirithe san Aontas chun ullmhú do mhéadú agus de bhrí gur cheart don Aontas an próiseas um méadú a reáchtáil i gcomhthráth leis na hathchóirithe institiúideacha agus cinnteoireachta is gá chun acmhainneacht lánpháirtithe an Aontais a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí nach mór don Aontas an móiminteam a choinneáil chun dlús a chur lena bheartas um méadú fad a leanfaidh tíortha aontachais de na tagarmharcanna riachtanacha a bhaineann le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais a athchóiriú agus a bhaint amach; de bhrí go bhfuil teachtaireachtaí comhsheasmhacha agus conair shoiléir i dtreo an lánpháirtithe do thíortha is iarrthóirí ríthábhachtach chun an dearcadh atá ar son na hEorpa a choinneáil beo;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil todhchaí na mBalcán agus na dtíortha i gComharsanacht an Oirthir suite san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an daonlathais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, ar cuid iad de chritéir Chóbanhávan, arb ionann iad sin agus an phríomhshraith critéar iad le haghaidh ballraíocht san Aontas. de bhrí gur próiseas atá bunaithe ar fhiúntas agus inchúlaithe é an próiseas aontachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le hailíniú beartais eachtraigh chun ballraíocht a fháil san Aontas, lena n-áirítear maidir leis na vótaí ar rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, tacaíocht don Úcráin agus ailíniú le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; de bhrí go bhfuil leibhéil arda ailínithe le CBES bainte amach ag formhór thíortha na mBalcán Thiar, cé is moite, go suntasach, den tSeirbia;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur thug an Mhacadóin Thuaidh Comhaontú Prespa leis an nGréig agus Conradh an chairdis, na dea-chomharsanachta agus an chomhair leis an mBulgáir i gcrích;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur léirigh saoránaigh na Seoirsia a dtiomantas do luachanna daonlathacha agus dá dtír dul chun cinn a dhéanamh maidir le lánpháirtiú AE; de bhrí gur gá an cúlú daonlathach sa tSeoirsia a aisiompú; de bhrí gur cheart d’údaráis na Seoirsia aird a thabhairt ar thoil phobal na Seoirsia dul isteach san Aontas agus gur cheart dóibh saorthoghcháin chóra a áirithiú, deireadh a chur le cúlú daonlathach, deireadh a chur leis na dlíthe a chuireann todhchaí Eorpach na Seoirsia i mbaol agus tabhairt faoi athchóirithe daonlathacha atá ar son na hEorpa; de bhrí gur cheart don tSeoirsia ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na smachtbhannaí a glacadh d’aon toil i gcoinne na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí nach mór coinníollacha láidre a bheith ag gabháil le haon chomhaontú comhpháirtíochta idir AE agus an Asarbaiseáin – lena n-áirítear maidir le fuinneamh – maidir le hurraim don dlí idirnáisiúnta, do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta agus, go háirithe, maidir leis an Asarbaiseáin ag déanamh dul chun cinn suntasach i dtreo comhaontú síochána cuimsitheach agus inbhuanaithe leis an Airméin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an Meánmhuir don Aontas, go stairiúil agus go geografach araon; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag tíortha Chomharsanacht an Deiscirt maidir lena áirithiú go mbainistítear sreabha neamhrialta imirce ar bhonn phrionsabail na dlúthpháirtíochta, na cothromaíochta, na freagrachta comhroinnte agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme agus, go háirithe, le cearta an duine agus leis an dlí daonnúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhaontuithe idir an Aontas agus tíortha tionscnaimh agus idirthurais, amhail iad siúd idir an Aontas agus an Mháratáin, ina samhail rathúil chun imirce neamhrialta a chosc agus chun smuigléirí imirceach a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur daingníodh ról na hIaráine mar stát éaglainne tuilleadh le soláthar na mílte ladrann Shahed ó Phoblacht Ioslamach na hIaráine go dtí an Rúis; de bhrí go léiríonn an Chóiré Thuaidh agus an tSín a neamhaird bhuanseasmhach ar dhlíthe agus noirm idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur aithin an Iorua, Éire agus an Spáinn Stát na Palaistíne an 28 Bealtaine 2024, agus gur lean Parlaimint na Slóivéine iad le cinneadh uaithi ina dhiaidh sin an 4 Meitheamh 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go ndéanann an tSín í féin a shainiú mar ‘stát gar don Artach’ agus go bhféachann sí le Bóthar Síoda Polach a fhorbairt, i ndlúthchomhar leis an Rúis;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go dtugann an Tionscnamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’, ar a dtugtar ‘One Belt One Road’ sa tSín, dúshlán leasanna AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur chomhaontaigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, an 14 Deireadh Fómhair 2024, comhairliúcháin straitéiseacha a sheoladh maidir le saincheisteanna amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, na Balcáin Thiar agus bagairtí hibrideacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn gníomhaireachtaí uile na Náisiún Aontaithe an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus iad ag cur i bhfeidhm agus ag seasamh le fuarlitir agus spiorad Chairt na Náisiún Aontaithe, nach mór do Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe cloí leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gur ceanglas fíorthábhachtach iad inchreidteacht agus comhleanúnachas an Aontais chun a ghníomhaíocht sheachtrach a chur chun feidhme i gceart, ós rud é go dtreisíonn sé sin muinín as an Aontas i measc gníomhaithe éagsúla agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad; de bhrí go bhfuil éifeachtúlacht ghníomhaíochtaí an Aontais ar fud an domhain ag brath ar an leibhéal is airde comhordaithe agus comhleanúnachais i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú; de bhrí gur cheart comhordú idir an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a neartú, go háirithe mar gheall ar bhuiséad oibríochtúil neamhleor SEGS;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn cur chun feidhme an chomhionannais inscne agus chlár oibre Chur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil tionscnaimh lena gcuirtear ceannaireacht inscne-fhreagrúil chun cinn, lena gcosnaítear cearta na mban agus lena ndéantar foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a chomhrac i suíomhanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; de bhrí go bhfuil cistiú na dtionscnamh sin bunriachtanach chun tacú le heagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta agus chun tacaíocht atá dírithe ar mharthanóirí a chur ar fáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gurb iad cosantóirí chearta an duine príomh-chomhghuaillithe an Aontais maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn thar lear; de bhrí go bhfuil cosantóirí chearta an duine i mbaol ionsaithe agus bagairtí ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit níos mó ná riamh; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go comhsheasmhach go ndéanfaí Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine (2008) a chur chun feidhme go cuí agus go comhordaithe; de bhrí gur cheart do na Ballstáit, in éineacht le hinstitiúidí an Aontais, na Treoirlínte sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear raon gealltanas sonrach, amhail tuairisciú rialta, comhordú agus gníomhaíocht chun tacú le cosantóirí chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go mbeidh tionchar níos tromchúisí ná riamh ag iarmhairtí an athraithe aeráide ar ghnéithe éagsúla de shaol an duine, lena n-áirítear an t-ord geopholaitiúil agus an chobhsaíocht dhomhanda; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh sé ina bhunchloch de CBES: comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, éileamh ar ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus cabhrú leo siúd is mó atá buailte ag a iarmhairtí; á chur i bhfios go láidir an ról bunúsach nach mór a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, i gcur chuige comhpháirteach, maidir leis an taidhleoireacht aeráide a chur chun cinn ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go soláthraítear sa tuarascáil dar teideal <STRING ITALIC="on">Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness</STRING> [Sábháilteacht le Chéile – Ullmhacht agus Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú], arna cur i láthair ag Sauli Niinistö, Comhairleoir Speisialta d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, moltaí straitéiseacha chun ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a fheabhsú i bhfianaise bagairtí casta slándála atá ag dul in olcas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go ndéantar athbhreithniú ar dtús sa tuarascáil seo ar thuarascáil bhliantúil CBES ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus go gcomhlánaítear í ina dhiaidh sin le seasaimh na Parlaiminte maidir le cuspóirí CBES in 2025; de bhrí, agus an méid sin á dhéanamh, go leathnaítear sa tuarascáil go háirithe (1) iarmhairtí domhanda chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, (2) coinbhleacht agus síocháin sa Mheánoirthear, (3) comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn agus (4) infheictheacht ghinearálta ghníomhaíocht AE thar lear; de bhrí go gcuirtear le fios go láidir, ar deireadh, le seasamh réamhbhreathnaitheach na Parlaiminte maidir le CBES ar phríomhéilimh a bhaineann leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile agus le formhaoirseacht pharlaiminteach ar CAI; de bhrí gur gá an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus noirm, luachanna agus prionsabail uilíocha Chairt na Náisiún Aontaithe amhail cearta an duine agus an ceartas idirnáisiúnta, an t-iltaobhachas, agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí a chosaint agus a neartú, go háirithe maidir le neamhshárú teorainneacha idirnáisiúnta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil a rúin maidir le cur chun feidhme CBES ina gcuid lárnach dá rannchuidiú le ceapadh bheartas eachtrach an Aontais; á chur i bhfios go láidir go léiríonn na rúin sin impleachtaí praiticiúla an chirt neartaithe grinnscrúdaithe i réimse an bheartais eachtraigh a thugtar don Pharlaimint le Conradh Liospóin; á mheabhrú gurb é rún 2024 an chéad rún den chineál sin sa téarma reachtach seo agus go bhfuil sé mar aidhm leis fónamh mar threoir d’fheidhmeannas an Aontais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh á leagan síos don téarma seo; á thabhairt chun suntais, i dtimpeallacht idirnáisiúnta shíor-luaineach, nach mór don Aontas dul i ngleic go comhuaineach leis an iliomad dúshlán beartais eachtraigh a dhéanann difear dó go díreach nó go hindíreach, amhail cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, coinbhleachtaí sa Mheánoirthear, iomaíocht mhór chumhachta atá ag dul i méid, iarrachtaí leanúnacha chun an bonn a bhaint ón ord idirnáisiúnta iltaobhach riailbhunaithe agus nasc méadaithe idir géarchéimeanna eachtracha agus inmheánacha; á chreidiúint go láidir, chun leanúint de bheith ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, nach mór don Aontas beartas eachtrach diongbháilte, araíonachta agus teanntásach a shaothrú a chomhlíonfaidh cuspóirí straitéiseacha féin an Aontais agus a leanfaidh dá leasanna a shainiú, a dhearbhú agus a chosaint ar fud an domhain; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an tAontas á threorú ina ghníomhaíocht sheachtrach ag na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2, Airteagal 3(5) agus Airteagal 21 CAE, a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais féin, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, agus prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart go n-áiritheofaí le CBES cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus SFInna a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil croíphrionsabail CBES AE fréamhaithe i dtiomantas diongbháilte AE d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach, mar a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe, agus i rogha shoiléir an Aontais do chomhar síochánta taidhleoireachta i measc a Bhallstát uile; ag spreagadh na bpáirtithe uile chun díospóidí a réiteach trí idirphlé, agus urraim fhrithpháirteach á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, don cheannasacht agus don iomláine chríochach; ag athdhearbhú a tiomantais don tsíocháin agus don chobhsaíocht dhomhanda a chur chun cinn trí thionscnaimh taidhleoireachta a chur chun cinn atá dírithe ar choinbhleachtaí a chosc agus díospóidí a réiteach agus lena gcothaítear comhar idirnáisiúnta maidir le príomhdhúshláin dhomhanda, amhail an t-athrú aeráide, cearta an duine agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh comhpháirtíochtaí leanúnacha ann le gníomhaithe idirnáisiúnta chun éifeachtacht na n-iarrachtaí domhanda síochánaíochta agus cothaithe síochána a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>I.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuarascáil bhliaintúil 2024 ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 20 Meitheamh 2024; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an tuarascáil réamhbhreathnaitheach; ag trácht anseo feasta ar roinnt forbairtí ar leag an Leas-Uachtarán/Ardionadaí béim orthu ina thuarascáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á chur in iúl gur geal léi go háirithe an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na sochaithe sibhialta áitiúla bríomhara i dtíortha an mhéadaithe a bhfuil ról cuiditheach acu i bpróisis lánpháirtithe an Aontais, agus béim á leagan ag an am céanna ar a ríthábhachtaí atá an tsochaí shibhialta maidir leis an daonlathas agus an t-iolrachas a chothú agus maidir le dea-rialachas a chur chun cinn, chomh maith le dul chun cinn sóisialta, agus gur cheart do thíortha an mhéadaithe spás cumasúcháin agus creat iomchuí le haghaidh comhair a chur ar fáil chun a rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>bailchríoch rathúil a chur ar an bpróiseas scagtha don Albáin ag deireadh 2023 agus an chéad chnuasach de chaibidlí caibidlíochta maidir le bunphrionsabail agus maidir leis an gcaidreamh seachtrach (Cnuasach 6) a oscailt in 2024; á chur in iúl gur geal léi uaillmhian na hAlbáine maidir leis an gcaibidlíocht aontachais a dhúnadh go pras; á thabhairt chun suntais gur gá athchóirithe a threisiú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh atá fós ann maidir leis na ‘bunphrionsabail’, go háirithe maidir leis an smacht reachta, agus an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac; ag tabhairt rabhadh i gcoinne an bonn a bhaint ó obair institiúidí neamhspleácha amhail an Struchtúr Speisialaithe um Chomhrac an Éillithe agus na Coireachta Eagraithe (SPAK); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iolrachas polaitiúil inmharthana agus freasúra iomaíoch agus á iarraidh go mbeadh idirphlé agus rannpháirtíocht chuiditheach ann idir an tromlach agus an freasúra chun an deighilt pholaitiúil láidir sa tír a shárú agus chun próisis dhaonlathacha chuimsitheacha a chothú lena n-urramaítear na páirtithe uile, lena n-áirítear na mionlaigh Ghréagacha, Romacha agus Éigipteacha sa tír; ag moladh ailíniú comhsheasmhach iomlán na tíre le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, lena n-áirítear le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an cinneadh faoi oscailt na caibidlíochta aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; ag spreagadh na n-údarás na céimeanna ábhartha uile a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 a dhéanamh; ag tathant ar cheannairí polaitiúla na tíre sraith shuntasach athchóirithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear athchóirithe toghchánacha, i gcomhréir le cinntí na gcúirteanna intíre agus idirnáisiúnta chun prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a áirithiú do gach saoránach agus do gach comhphobal, mar a chumhdaítear ina bunreacht agus le lánurraim do bhreithiúnais na gcúirteanna intíre agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear gach rialú ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; ag cáineadh gurb ann don reitric athlastach tréimhsiúla agus do na dlíthe chúlaitheacha ag ceannaireacht eintiteas Republika Srpska (RS), lena n-áirítear ‘Lá RS’ míbhunreachtúil an 9 Eanáir 2025 a cheiliúradh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar ionadaithe an chomhphobail idirnáisiúnta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin cur chun feidhme na breithiúnais sin a chur chun cinn agus tacú leis; ag cur sonrú sa rialú ó Chúirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcás Milorad Dodik an 26 Feabhra 2025 agus ag cáineadh na n-ionsaithe gan fasach a rinne sé ar institiúidí na Boisnia agus na Heirseagaivéine, mar aon le ceannaireacht RS, agus imeaglú an fhreasúra in RS; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh smachtbhannaí spriocdhírithe ann i gcoinne gníomhaithe díchobhsaitheacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, go háirithe Milorad Dodik, chomh maith le hoifigigh ardchéime eile de chuid RS agus oifigigh Sheirbiacha a chuireann tacaíocht pholaitiúil agus ábhartha ar fáil do bheartais scarthacha; ag tacú leis an ráiteas a rinne Ard-Rúnaí ECAT Mark Rutte an 10 Márta 2025 i Sairéavó agus á iarraidh go mbeadh idirphlé ann idir na páirtithe uile chun cobhsaíocht sa tír a choimirciú; á iarraidh ar na Ballstáit uile a áirithiú gur féidir leis an gComhairle smachtbhannaí den sórt sin a ghlacadh agus iad a fhorchur go déthaobhach nó i gcomhar le Ballstáit eile mura féidir iad a ghlacadh sa Chomhairle; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air maidir le síneadh a chur le sainordú fhórsaí an Aontais in Oibríocht Althea na Boisnia agus na Heirseagaivéine go dtí Samhain 2025 agus á mheabhrú go bhfuil ról lárnach fós ag an misean sin i slándáil agus i gcobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine; á chur in iúl gur geal léi teacht fhórsaí cúltaca EUFOR Althea; ag tathant ar mhisean míleata an Aontais paráidí neamhdhleathacha agus briogadh eile a chosc go gníomhach chomh maith le bagairtí i gcoinne gach duine atá ag obair chun cabhrú le híospartaigh an chinedhíothaithe agus infheistíocht a dhéanamh san athmhuintearas idir-eitneach agus todhchaí shíochánta don tír; á iarraidh go n-áiritheofaí slándáil ag Ionad Cuimhneacháin Srebrenica-Potočari;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an dul chun cinn san Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, go háirithe i réimsí na saorghluaiseachta agus an fhuinnimh; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia páirt a ghlacadh go leanúnach san idirphlé sin de mheon macánta agus de mheon an chomhréitigh chun comhaontú cuimsitheach agus ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach maidir lena gcaidreamh a normalú, bunaithe ar aitheantas frithpháirteach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus gan a thuilleadh moille; á chur in iúl, sa chomhthéac sin, gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na conaire i dtreo an normalaithe agus á iarraidh go ndéanfaí iarracht agus go ndíreofaí acmhainneachta i leith idirphlé arna éascú ag an Aontas; á ghealladh, dá bhrí sin, go n-oibreofar go dlúth le hIonadaí Speisialta de chuid an Aontais don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, an té atá ag dul as oifig chomh maith leis an gcomharba, agus ar shaincheisteanna réigiúnacha eile sa Bhalcáin Thiar; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí leas a bhaint as téarma nua an Choimisiúin chun an tsáinn a shárú agus chun dlús nua a chur leis an idirphlé agus chun teacht ar chur chuige nua, nuálach agus cothrom i leith na hidirghabhála;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>Tuarascáil 2024 um Méadú maidir leis an tSeirbia, arna tíolacadh ag an gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024; ag athdhearbhú a seasaimh nár cheart dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia ach amháin má ailíníonn an tír le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus má dhéanann sí dul chun cinn suntasach maidir lena hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, go háirithe i réimse na ‘bunphrionsabal’; á mheabhrú d’údaráis na Seirbia go bhfuil feidhmiú cuí institiúidí daonlathacha i gcroílár phróiseas aontachais na Seirbia leis an Aontas agus mhodheolaíocht aontachais an Aontais; ag meabhrú a seasaimh, sa chomhthéacs sin, gur imigh toghcháin pharlaiminteacha agus áitiúla na Seirbia a reáchtáladh an 17 Nollaig 2023 ó chaighdeáin idirnáisiúnta agus ó ghealltanais na Seirbia maidir le saorthoghcháin chóra; á athdhearbhú gur cúis mhór bhuartha di na neamhrialtachtaí sin agus an timpeallacht fhoriomlán toghcháin, a thit faoi bhun na gcaighdeán a bhfuiltear ag súil leo ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht an Aontais; ag tathant ar cheannaireacht pholaitiúil na Seirbia chun idirphlé cuiditheach cuimsitheach a áirithiú ar fud an speictrim pholaitiúil agus chun na hathchóirithe is gá a bhaint amach chun go bhféadfaidh an tSeirbia dul chun cinn a dhéanamh ar an mbealach i dtreo aontachas leis an Aontas; lean sí go dlúth slógadh mór na mac léinn, in éineacht le grúpaí eile saoránach tar éis eachtra thragóideach stáisiún iarnróid Novi Sad; á mheabhrú gur ceart bunúsach í an tsaoirse comhthionóil agus go seasann sí le beartas neamhfhulaingthe i leith an fhoréigin i gcoinne agóideoirí síochánta; ag cáineadh na gcásanna tuairiscithe d’ionsaithe mí-úsáideacha i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa tSeirbia agus d’fhaireachas agus ciapadh digiteach orthu, lena n-áirítear, le déanaí, ruathar póilíneachta ar cheithre phríomheagraíocht na sochaí sibhialta an 25 Feabhra 2025 maidir leis an mí-úsáid a bhain siad as cistí USAID; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil, neamhchlaonta agus mear ar na líomhaintí go ndearnadh foréigean ar léirsitheoirí agus ar phóilíní a bheith i mbun mí-iompair le linn agóidí; á chur in iúl go seasann sí i ndlúthpháirtíocht le rannpháirtithe na léirsithe síochánta, go háirithe iad siúd a bhí i léirsiú an 15 Márta 2025, an ollagóid is mó i stair nua-aimseartha na Seirbia; á chur in iúl gur oth léi cur chuige géillte an Chomisiúin i leith na Seirbia in ainneoin an rolladh siar atá déanta aici le bliain anuas maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha, chomh maith lena thionchar díchobhsaitheach ar an réigiún ina iomláine; ag tathant ar an gCoimisiún, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, teanga níos soiléire a úsáid i leith na Seirbia agus aghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar a heasnaimh shuntasacha, easpa dul chun cinn agus fiú cúlú, agus ar an gcaoi sin luachanna bunúsacha AE a chaomhnú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>iarratas na Cosaive ar bhallraíocht an Aontais agus Tuarascáil 2024 ar an gCosaiv agus á iarraidh an athuair ar na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach sainordú a thabhairt don Choimisiún an ceistneoir a chur i láthair agus a thuairim a thíolacadh maidir le tuillteanais iarratas na tíre; á mheabhrú go ndéanfar measúnú ar thairiscint na Cosaive a mheas mar thír is iarrthóir ar bhonn a tuillteanais féin agus ar bhonn a ratha i gcomhlíonadh chritéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur cuireadh deireadh leis na ceanglais víosa do shaoránaigh na Cosaive; á chur in iúl gur oth léi na bearta sriantacha arna bhforchur ag an gComhairle i gcoinne na Cosaive agus á iarraidh go gcuirfí deireadh leo láithreach, mar atá molta ag an Leas-Uachtarán/Ardionadaí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró maidir leis na tagarmharcanna eatramhacha le haghaidh Chaibidlí 23 agus 24 de <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE a chomhlíonadh; ag spreagadh na tíre leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe a bhaineann AE agus iad a chur chun feidhme go pras; á chur in iúl, mar sin féin, gur cúis bhuartha di smaointe conspóideacha do thograí reachtacha maidir le saoránacht agus gníomhairí eachtracha atá á gcur chun cinn go poiblí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé don rialtas nua a bheith in ann na hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas a thabhairt ar aghaidh agus a bheith tiomanta dó sin, agus Montainéagró a choinneáil go daingean ar chonair straitéiseach an Aontais; ag dréim leis go dtosóidh an tír ar chaibidlí a dhúnadh sa chaibidlíocht aontachais agus go mbeidh sí réidh chun teacht isteach san Aontas laistigh den chéad chúpla bliain eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>tabhairt chun críche rathúil an phróisis scagtha don Mhacadóin Thuaidh ag deireadh 2023; ag tathant ar rialtas na Macadóine Thuaidh torthaí nithiúla a bhaint amach maidir lena hoibleagáid faoi chreat caibidlíochta an Aontais agus na conclúidí ó chruinniú den Chomhairle Eorpach an 18 Iúil 2022 a chomhlíonadh, lena n-áirítear athruithe bunreachtúla ábhartha, i gcomhréir le gealltanais na tíre;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>atosú rathúil idirphlé CBES idir AE agus a chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus a thábhachtaí atá na comhpháirtíochtaí sin don tsíocháin agus don tslándáil; á mheabhrú gur infheistíocht gheostraitéiseach é méadú AE, lena n-éilítear tiomantas ó AE agus ó thíortha an mhéadaithe araon agus iad ag dul i dtreo an aontachais; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá leanúnach le hathchóirithe maidir leis an smacht reachta, cearta bunúsacha agus riarachán poiblí, agus le hailíniú le CBES, lena n-áirítear maidir le smachtbhannaí agus beartas víosaí an Aontais; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, na bagairtí a bhaineann le trasnaíocht eachtrach urchóideach sa réigiún agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an bhréagaisnéis a chomhrac chun reitric fhrith-Iarthair agus scoilteach a shrianadh lena bhféachtar le teannas eitneach sa réigiún a dhúshaothrú agus a ghéarú; ag tabhairt rabhadh i gcoinne rannpháirtíocht le hiomaitheoirí sistéamacha an Aontais, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó thodhchaí rathúil, inbhuanaithe agus slán a bhaineann le haontachas leis an Aontas; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, bhreisluach na n-infheistíochtaí a rinne an tAontas faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, faoin tSaoráid nuabhunaithe Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, agus faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar; á iarraidh ar thíortha na mBalcán Thiar úsáid a bhaint as na hacmhainní uile a chuirtear ar fáil chun tacú lena n-ailíniú le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisinéir um Méadú infheictheacht ghníomhaíocht an Aontais sna Balcáin a mhéadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an cinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv; ag moladh an fhíorais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar ráta ailínithe na Moldóive maidir le CBES, ó 54 % in 2022 go 86 % in 2024 agus á mholadh don Úcráin agus don Mholdóiv leanúint leis an treocht dhearfach sin i dtreo ailíniú iomlán; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an bpróiseas scagtha agus go n-eagrófaí na comhdhálacha idir-rialtasacha ina dhiaidh sin go tráthúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>cinneadh na hAirméine a rannpháirtíocht in Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála a chur ar fionraí agus deireadh a chur le gach íocaíocht lena buiséad in 2024, tar éis mhainneachtain na Rúise cúnamh a thabhairt don Airméin i gcoinne fhogha míleata na hAsarbaiseáine, agus ailtireacht slándála níos iontaofa a lorg; ag tacú le hiarraidh oifigiúil na hAirméine ar Chónaidhm na Rúise a gardaí teorann de chuid na Seirbhíse Slándála Cónaidhme a tharraingt siar óna haerfort idirnáisiúnta agus ón teorainn idir an Airméin agus an Iaráin; á chur in iúl gur geal léi na cruinnithe rialta faoi fhormáid an Idirphlé Pholaitiúil agus Slándála idir an tAontas agus an Airméin agus faoin gComhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin agus ag moladh an chinnidh go nglacfar na bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána an 13 Meitheamh agus an 22 Iúil 2024 faoi seach chun tacú le fórsaí armtha na hAirméine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>tabhairt chun críche rathúil na caibidlíochta idir an Airméin agus an Asarbaiseáin maidir le téacs iomlán an dréacht-Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Bunú Caidrimh Idirstáit; ag moladh na hAirméine as an mbealach a réiteach chun bailchríoch a chur ar an téacs agus ag tathant ar cheannairí na hAsarbaiseáine an Comhaontú Síochána a shíniú agus a chur chun feidhme de mheon macánta, mar a tugadh i gcrích sa chaibidlíocht; ag moladh tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh faoi chuimsiú phróiseas teorannaithe teorann na hAirméine-na hAsarbaiseáine, as ar eascair comhaontú maidir le roinnt codanna den teorainn agus lena n-osclaítear na teachtaireachtaí réigiúnacha ar bhonn cheannasacht agus dhlínse an dá tír, cómhalartacht agus comhionannas, mar phríomhbheart chun an fhorbairt réigiúnach a dhíbhlocáil, nascacht a fheabhsú agus síocháin agus rathúnas inbhuanaithe a chothú, chomh maith le hathmhuintearas a éascú i measc pobal bunaithe ar theagmháil mhéadaithe idir daoine; ag athdhearbhú a tacaíochta do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hAirméine agus na hAsarbaiseáine araon agus ag tacú go láidir le normalú a gcaidrimh bunaithe ar phrionsabail an aitheantais fhrithpháirtigh d’iomláine chríochach agus dosháraitheacht teorainneacha, i gcomhréir le Dearbhú Alma-Ata 1991; ag athdhearbhú a héilimh go dtarraingeofaí trúpaí na hAsarbaiseáine siar ó chríoch cheannasach iomlán na hAirméine agus go scaoilfí saor na 23 ghiall Airméanacha atá fágtha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>gníomhaíochtaí Mhisean sibhialtach an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), a rannchuidíonn leis an tslándáil sa réigiún tríd an líon teagmhas i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir teorann a laghdú go suntasach, agus a laghdaíonn leibhéal an bhaoil don phobal a mhaireann sna limistéir sin; á chur in iúl gur geal go bhfuil an Airméin ag cuidiú le gníomhaíochtaí EUMA a chur i gcrích ar a críoch; ag moladh na Comhairle as an gcinneadh líon na mbreathnóirí imscartha, chomh maith le hacmhainneacht an mhisin, a mhéadú agus síneadh a chur lena chreat ama imscartha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh leathnaithe agus go ndéanfaí leathnú ar an láithreacht sa réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil don Airméin chun dímhianaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>obair leanúnach SEGS maidir le haghaidh a thabhairt ar chúbláil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) agus iad a chomhrac trí Bhosca Uirlisí FIMI an Aontais, tascfhórsa STRATCOM a chur ar bun, agus trí dhlúthchomhar leis na Ballstáit, le comhpháirtithe idirnáisiúnta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile; á iarraidh an athuair go gcuirfí sreabhadh leanúnach faisnéise chun cinn ó na Ballstáit chuig SEGS maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála a tharlaíonn lasmuigh den Aontas; á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí INTCEN AE, Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh trína bhfoirne, a n-acmhainní airgeadais agus a gcumais a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an togra ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le córas smachtbhannaí frithéillithe, lena gcuirfí ar chumas an Aontais díriú ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe ar fud an domhain; á iarraidh go nglacfadh an Chomhairle é go pras;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">ag cáineadh go háirithe an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine atá neamhdhleathach agus gan údar agus ionsaithe méadaitheacha na Rúise ar thargaidí sibhialtacha agus ar bhonneagar sibhialtach laistigh den Úcráin; á éileamh go gcuirfeadh an Rúis agus a seachfhórsaí deireadh le gach gníomhaíocht mhíleata agus go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise a trúpaí agus a trealamh a tharraingt siar láithreach agus gan choinníoll ón Úcráin agus ó aon tír eile a bhfuil a críoch, nó codanna di, faoi fhorghabháil go neamhdhleathach aici; á athdhearbhú go bhfuil sé mar bheartas aici gan aitheantas a thabhairt do chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis, lena n-áirítear Leithinis na Crimé, ach gan a bheith teoranta di; ag cáineadh aon ionsaithe hibrideacha a rinne an Rúis san Úcráin agus ag cáineadh go láidir leathadh bholscaireacht na Rúise faoina cogadh san Úcráin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>ról réimeas neamhdhlisteanach Aliaksandr Lukashenka maidir le cead a thabhairt don tír fónamh mar bhonn míleata Rúiseach, ceannasacht náisiúnta a thabhairt suas go héifeachtach don Chreimil chun a greim ar an mBealarúis a choinneáil, agus cos ar bolg bhrúidiúil á déanamh ag an am céanna ar mhuintir na Bealarúise chun go bhfanfadh sé i gcumhacht; á chur in iúl gur saoth léi go ndearnadh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tréimhse roimh an toghchán bréagach an 26 Eanáir 2025; á chur in iúl gur cúis mhór imní di ionstraimiú na himirce ag réimeas Putin agus Lukashenka, go háirithe i bhfianaise insreabhadh na mílte imirceach isteach sa Pholainn, i Liotuáin agus i Laitvia, ar ionstraimiú é a d’eagraigh an Rúis agus an Bhealarúis chun a ngluaiseacht isteach san Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur saoth léi ionstraimiú polaitiúil na himirce ag réimeas Putin, rud a raibh dúnadh theorainn na Fionlainne leis an Rúis mar thoradh air;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>rannpháirtíocht neamhdhleathach na Cóiré Thuaidh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí threalamh míleata agus armlón a sheoladh chuig an Rúis, chomh maith leis na mílte saighdiúirí a sheoladh chun cogadh a fhearadh i gcoinne na hÚcráine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>tástáil agus forbairt leanúnach arm na Cóiré Thuaidh ar a clár núicléach, de shárú ar rún na Náisiún Aontaithe, rud a ghéaraíonn an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á éileamh go ndéanfadh an Chóiré Thuaidh a cuid arm ollscriosta agus a cláir diúracán balaistíoch a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe; ag tathant ar údaráis na Cóiré Thuaidh deireadh a chur lena coireanna leanúnacha i gcoinne an chine dhaonna agus tabhairt faoi phróiseas athchóirithe ina ndéanfar cearta uile an duine a urramú agus a chosaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an méadú atá ag teacht ar ghníomhaíochtaí mailíseacha, trasnaíocht agus cogaíocht hibrideach arna n-imscaradh ag Cónaidhm na Rúise, a hinstitiúidí agus a seachionadaithe chun an bonn a bhaint ó chobhsaíocht dhaonlathach agus ceannasacht na Seoirse agus Phoblacht na Moldóive, agus chun an chobhsaíocht agus ceannasacht sin a threascairt agus go háirithe an trasnaíocht le déanaí sa reifreann bunreachtúil maidir le haontachas leis an Aontas agus sna toghcháin uachtaránachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an t-ionsaí ar phóilíní na Cosaive a rinne paraimíleataigh dhea-eagraithe de chuid na Seirbia in Banjska/Banjskë i dtuaisceart na Cosaive an 24 Meán Fómhair 2023 a raibh bás póilín Cosavaigh Afrim Bunjaku agus gortú beirt phóilíní Chosavacha eile mar thoradh air; ag cáineadh an ionsaithe ghránna sceimhlitheoireachta ar bhonneagar criticiúil gar do Zubin Potok; á chur i bhfáth nach mór lucht déanta na n-ionsaithe uafásacha sin a thabhairt chun cuntais agus a thabhairt chun an dlí gan mhoill;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>forghabháil neamhdhleathach leanúnach, faoin dlí idirnáisiúnta, ag an Tuirc, ballstát ECAT, de 37 % den Chipir, ar Ballstát den Aontas í;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na hionsaithe sceimhlitheoireachta brúidiúla agus neamh-idirdhealaitheacha a rinne Hamas ar fud Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, a spreag freagairt mhíleata Iosrael agus coinbhleacht in Gaza a bhfuil éifeacht mhillteanach aici ar shibhialtaigh agus atá ina cúis le staid dhaonnúil thubaisteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>go bhfuil daoine neamhchiontacha glactha ag Hamas agus á gcoinneáil aige fós, lena n-áirítear mná agus leanaí, gialla, agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll gialla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>staid thar a bheith dian a spreagadh d’aon ghnó agus go hurchóideach, trí ionsaithe leanúnacha a dhéanamh ar Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair 2023, ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit sa réigiún agus an Iaráin ina príomhspreagthóir, chomh maith leis na Houthis in Éimin agus Hezbollah sa Liobáin ag gníomhú mar chuid dá seachvótálaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>neamhchomhlíonadh leanúnach na hIaráine lena hoibleagáidí cosanta dlíthiúla faoina Comhaontú maidir le Coimircí Cuimsitheacha agus lena gealltanais faoin bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), agus ag cáineadh, ina theannta sin, dhul chun cinn a cláir núicléach thar gach bonn cirt sibhialtach inchreidte agus díchobhsú an Mheánoirthir is cúis leis sin, lena n-áirítear trí ionadaithe, amhail ionsaithe ar Iosrael agus tacú le sceimhlitheoireacht agus le coinbhleachtaí sibhialta; na hionsaithe a rinne eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó a rinne siad iarracht a dhéanamh laistigh den Aontas agus líonraí atá cleamhnaithe leis an Iaráin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>saoránaigh Eorpacha a choinneáil go héagórach san Iaráin, saoránach Eorpach de dhénáisiúntacht Ghearmánach-Iaránach Jamshid Sharmahd a chur chun báis an 29 Deireadh Fómhair 2024, agus cos ar bolg bhrúidiúil mhuintir na hIaráine, go háirithe mná; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go daingean le mná na hIaráine, atá fós faoi réir sáruithe tromchúiseacha ar a gcearta bunúsacha dhá bhliain tar éis ghluaiseacht na mBan, na Beatha agus na Saoirse a bheith curtha faoi chois go brúidiúil; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a dhícheall a dhéanamh chun na saoránaigh sin a shaoradh agus deireadh a chur le cleachtas thaidhleoireacht giall na hIaráine, trína chuireann sí sibhialtaigh eachtrannacha agus dénáisiúnaigh faoi choinneáil, lena n-áirítear trí na Ballstáit a spreagadh chun go molfaidh siad dá gcuid saoránach staonadh ó thaisteal chun na hIaráine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an comhar míleata atá ag dul i méid idir an Iaráin agus an Rúis, go háirithe an chuspóir conradh a shíniú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach agus soláthar ladrann agus diúracán balaistíocha ag an Iaráin don Rúis lena n-úsáid i gcoinne na hÚcráine agus a muintire;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an dlí a glacadh le déanaí maidir le ‘cur chun cinn na suáilce agus cosc na duáilce’ san Afganastáin, chomh maith leis an sárú córasach ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, go háirithe an léirmhíniú míchuibheasach ar an sharia a scriosann mná ón saol poiblí, a chuireann toirmeasc orthu a bheith ag obair, a chuireann bac ar a rochtain ar spásanna poiblí gan gaol fireann a bheith ina éineacht leo agus ar oideachas níos airde ná an séú grád, arb ionann é agus cinedheighilt inscne; á éileamh ar údaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> na hAfganastáine deireadh a chur le gach srian inscnebhunaithe ar mhná agus á chur i bhfáth nach mór é sin a bheith ina phríomhchoinníoll d’aon rannpháirtíocht ón gcomhphobal idirnáisiúnta leis an Talaban; á áitiú go gcoinneofaí rannpháirtíocht dhian agus choinníollach leis an Talaban bunaithe ar na cúig thagarmharc atá leagtha síos ag an gComhairle chun dul i mbun rannpháirtíochta leis na húdaráis <STRING ITALIC="on">de facto</STRING>, agus déantóirí na sáruithe tromchúiseacha sin ar chearta na gcailíní agus na mban a thabhairt chun cuntais, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>leithead agus déine mhéadaitheach na n-oibríochtaí, lena n-áirítear cibirionsaithe agus ionramháil eachtrach faisnéise ag Rialtas na Síne, chomh maith le soithí agus aerárthaí atá ag iarraidh imeaglú a dhéanamh ar chomharsana na Síne, a sháraíonn an tsíocháin agus an chobhsaíocht i gCaolas na Téaváine agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird agus a chuireann bac ar shaoirse na gceart loingseoireachta atá ag gach páirtí eile; ag cáineadh go láidir ráitis ó Uachtarán na Síne nach dtréigfidh Daon-Phoblacht na Síne riamh an ceart chun forneart a úsáid i ndáil leis an Téaváin, agus á áitiú go bhfuil úsáid beart comhéigneach chun aontú a bhaint amach ag teacht salach ar an dlí idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an córas um shaothar éigeantais atá faoi stiúir an rialtais agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine, go háirithe an cur faoi chois córasach ar Uigiúraigh i gCúige Xinjiang; ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, an dian-chniogbheartaíocht ar mhionlaigh eitneacha sa Tibéid, i Hong Cong agus i Macao agus an cur faoi chois trasnáisiúnta ar easaontaigh na Síne, chomh maith le láithreacht leanúnach phóilíní na Síne ar chríoch an Aontais; tar éis a thabhairt faoi deara agus ag cáineadh go láidir Dhaon-Phoblacht na Síne toisc nár chuir sí moltaí Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) chun feidhme; á iarraidh ar Dhaon-Phoblacht na Síne rochtain neamhspleách ar <STRING ITALIC="on">Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang</STRING> a cheadú do OHCHR agus á iarraidh ar OHCHR nuashonrú cuimsitheach staide agus plean gníomhaíochta a eisiúint chun Daon-Phoblacht na Síne a choinneáil cuntasach; á iarraidh ar Bhallstáit uile AE conarthaí eiseachadta le Hong Cong agus leis an tSín a chur ar fionraí agus daoine aonair a ndéantar ciapadh agus géarleanúint orthu a chosaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>meath na cobhsaíochta sa tSaiheil, atá níos measa mar gheall ar an iliomad coup míleata sa réigiún le blianta beaga anuas; á mheabhrú go bhfuil iarmhairtí díreacha ag cobhsaíocht sa tSaiheil ar shlándáil theorainneacha seachtracha na hEorpa agus ar bhainistiú sreabha imirce neamhrialta ó mhór-roinn na hAfraice; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar a straitéis réigiúnach don tSaiheil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na coups i mBuircíne Fasó agus sa Nígir, agus an tUachtarán Bazoum á choinneáil agus an bunreacht curtha ar fionraí; an imní méadaitheach faoin gcinneadh a rinne réimis mhíleata na Saiheile láir i mBuircíne Fasó, i Mailí agus sa Nígir Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) a fhágáil, rud a d’fhág ECOWAS i ngéarchéim dhomhain pholaitiúil; ag cáineadh freisin an ionsaí fisiciúil a rinneadh an 29 Meán Fómhair 2024 ar Fheisire Parlaiminte ECOWAS agus ar rannpháirtithe eile de shlógadh freasúra a dearbhaíodh go hoifigiúil in Lomé; á iarraidh ar údaráis Thóga a áirithiú go ndéanfar bunphrionsabail chearta an duine agus chearta na ndaoine a chumhdaítear in Airteagal 4 de Chonradh ECOWAS athbhreithnithe a chur chun cinn agus a chosaint, amhail na cearta chun comhthionóil shíochánta, chun saoirse comhlachais, chun creidimh agus chun tuairimí a nochtadh; á iarraidh ar údaráis ECOWAS agus ar a bhallstáit tacú leis na hiarrachtaí is gá chun prionsabail Chairt na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal a choimirciú ar fud an fho-réigiúin; ag tabhairt dá haire dhúnadh mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM Niger) agus Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) agus neamh-athnuachan Mhisean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUTM); ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil dlús curtha ag an Rúis le forbairt an chaidrimh idir stáit agus tionscnaimh chomhair le stáit Afracacha trí chomhar míleata agus tiomantas comhoibriú maidir le fuinneamh núicléach a fhorbairt; ag cáineadh mhéadú na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta agus na gcaillteanas trom sibhialtach sa tSaiheil, chomh maith le láithreacht agus gníomhaíochtaí creachadóireachta pharaimíleataigh na Rúise, as ar eascair easáitiú an daonra agus insreabhadh dídeanaithe, arb í an éagobhsaíocht sa réigiún is cúis leo freisin; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an folús i ndiaidh choimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe á líonadh go héifeachtach ag amhais Ghrúpa Wagner agus ag arm na Rúise agus na Tuirce, a soláthraíonn a dtionscail airm do phríomhchathracha na Saiheile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an cogadh cathartha sa tSúdáin, na hiarmhairtí tubaisteacha don phobal sibhialta, na hainghníomhartha a rinneadh ina gcoinne agus, go háirithe, úsáid shuarach mhórscála an éignithe mar arm cogaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na srianta oirbheartaíochta agus teicniúla ag an nóiméad deireanach a d’fhorchuir údaráis Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, rud a chuir cosc ar Mhisean Breathnóireachta an Aontais um Thoghcháin faireachán a dhéanamh ar na toghcháin uachtaránachta; ag cáineadh an fhoréigin a rinne gluaiseacht reibiliúnach M23, a fhaigheann tacaíocht ó Ruanda, a dhíchobhsaigh oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar straitéis an Aontais do réigiún na Mór-Lochanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>réimeas forlámhach Daniel Ortega agus Rosario Murillo, a bhfuil an bonn á bhaint de struchtúir dhaonlathacha Nicearagua go córasach acu; á mheabhrú go gcoinníonn an réimeas i Nicearagua naisc láidre le huathlathais eile, amhail uathlathais san Iaráin, i Veiniséala agus i gCúba; ag cáineadh na sáruithe agus na mí-úsáidí córasacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag réimeas Chúba; ag cáineadh go láidir na calaoise toghcháin a d’eagraigh an réimeas i Veiniséala agus ag diúltú go hiomlán don chalaois sin agus á éileamh go gcuirfeadh rialtas Maduro deireadh lena bheartas cos ar bolg agus lena ionsaithe ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra; á mheabhrú gur aithin an Pharlaimint, an 19 Meán Fómhair 2024, Edmundo González Urrutia mar Uachtarán Veiniséala, tofa go dlisteanach agus go daonlathach, agus María Corina Machado mar cheannaire na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala; á thabhairt chun suntais gur aithin stáit dhaonlathacha éagsúla sa réigiún agus ar fud an domhain González mar uachtarán toghaí; á mheabhrú gur cheart gur cuireadh faoi mhionn é an 10 Eanáir 2025; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhronn an Pharlaimint Duais Sakharov 2024 ar an 17 Nollaig 2024 um Shaoirse Smaointeoireachta ar María Corina Machado, agus í ina ceannaire ar na fórsaí daonlathacha i Veiniséala, agus ar Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia, a dhéanann ionadaíocht do Veiniséalaigh uile laistigh den tír agus lasmuigh di agus atá ag troid ar son athbhunú na saoirse agus an daonlathais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>fostú ‘Bhriogáid leighis na gCúba’ i roinnt tíortha Eorpacha mar chineál sáraithe ar chearta agus saoirsí bunúsacha agus mar chineál sclábhaíochta agus saothair éignithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an baol go gclisfeadh ar struchtúir an stáit agus an staid dhaonnúil dheacair i Háítí mar gheall ar fhoréigean forleathan dronganna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>go n-úsáideann Daon-Phoblacht na Síne, an Rúis, an Iaráin agus réimis ollsmachtacha nó fhorlámhacha eile ionramháil faisnéise agus cur isteach mailíseach mar ionstraimí lárnacha chun brú a chur ar institiúidí iltaobhacha agus ar luachanna agus noirm dhaonlathacha, chun cumhacht a mhí-úsáid, chun minicíocht agus déine na sáruithe ar chearta an duine a mhéadú, chun spásanna a shrianadh don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus do ghluaiseachtaí freasúra daonlathacha, chun bréagaisnéis frith-Iarthair a scaipeadh agus chun cineálacha éagsúla cur faoi chois a úsáid chun imeaglú a dhéanamh agus spásanna a shrianadh don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus do ghluaiseachtaí freasúra daonlathacha sa diaspóra;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>ionsaithe, ciapadh, coinneáil threallach, céasadh agus marú chosantóirí chearta an duine atá ag dul i méid ar fud an domhain, go háirithe iad siúd atá ag tacú le cearta comhshaoil, cearta dúchasacha, cearta na mban, cearta LADTIA+ agus cearta frithéillithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na bearta atá á n-úsáid ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit ag éirí níos sofaisticiúla, lena n-áirítear faireachas digiteach agus feachtais chlúmhillte, atá dírithe ar chosantóirí chearta an duine a chur ina dtost; á chur i bhfáth go bhfuil sé riachtanach cosantóirí chearta an duine a chosaint, a bhfuil ról ríthábhachtach acu freisin maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a chaomhnú ar fud an domhain; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar shásraí tacaíochta agus cosanta do chosantóirí chearta an duine a bhfuil bagairtí, ciapadh agus foréigean rompu, go háirithe iad siúd i limistéir ardriosca nó atá ag obair ar shaincheisteanna íogaire amhail cearta comhshaoil, cearta dúchasacha agus cearta na mban;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>–</SYMBOL>iarrachtaí teacht timpeall ar smachtbhannaí an Aontais agus idirnáisiúnta, a mheasann sí a bheith ina straitéisí atá ina mbagairt dhíreach ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>mainneachtain na hAsarbaiseáine ordú an 17 Samhain 2023 a chomhlíonadh, arna eisiúint ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, lena léirítear bearta sealadacha maidir le filleadh sábháilte, gan bhac agus gasta na 100 000 Airméanach eitneach a theith ón Nagarna-Carabaic tar éis ionsaí míleata réamhphleanáilte gan údar a rinne an Asarbaiseáin i mí Mheán Fómhair 2023, chomh maith le diúltú údaráis na hAsarbaiseáine na 23 phríosúnach cogaidh uile de chuid na hAirméine atá á gcoinneáil aici faoi láthair a scaoileadh saor; á chur i bhfáth gur gá tacú leis na tionscnaimh agus na gníomhaíochtaí uile a bhféadfadh bunú síochána marthanaí idir an Airméin agus an Asarbaiseáin bheith mar thoradh orthu; á éileamh, chuige sin, go dtarraingeofaí siar trúpaí na hAsarbaiseáine ó chríoch cheannasach iomlán na hAirméine agus ag tabhairt rabhaidh ag an am céanna nach mbeadh aon ghníomhaíocht mhíleata eile i gcoinne na hAirméine do-ghlactha agus go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aici ar an gcomhpháirtíocht idir an Asarbaiseáin agus an tAontas Eorpach; á thabhairt chun suntais gur cheart saincheisteanna nascachta na hAsarbaiseáine lena heachtarchríoch Nakhchivan a réiteach le lánurraim do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hAirméine; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart don Aontas a bheith réidh chun smachtbhannaí a fhorchur ar aon duine aonair agus ar aon eintiteas a chuireann ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hAirméine i mbaol; á chur i bhfáth nach bhfuil aon athrú ar dhearcadh an Aontais maidir leis an Asarbaiseáin mar thoradh ar rabhaidh iomadúla na Parlaiminte maidir leis an staid; á iarraidh ar an Aontas deireadh a chur lena spleáchas ar onnmhairí gáis ón Asarbaiseáin; á iarraidh ar an gCoimisiún meabhrán tuisceana 2022 maidir leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach i réimse an fhuinnimh a chur ar fionraí agus gníomhú dá réir; á áitiú go mbeadh aon chomhaontú comhpháirtíochta amach anseo idir AE agus an Asarbaiseáin coinníollach ar gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor agus ar fheabhas a chur ar staid chearta an duine sa tír; ag cáineadh ‘sciúradh gáis’ na Rúise tríd an Asarbaiseáin agus éascú údaráis na hAsarbaiseáine ar dhul timpeall na Rúise ar smachtbhannaí an Aontais; á iarraidh ar an Aontas deireadh a chur le gach cúnamh teicniúil agus airgeadais don Asarbaiseáin a d’fhéadfadh rannchuidiú lena cumais mhíleata nó slándála a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit onnmhairiú gach trealaimh mhíleata agus slándála chuig an Asarbaiseáin a reo; ag cáineadh iarrachtaí leanúnacha na hAsarbaiseáine na Ballstáit a dhíspeagadh agus a dhíchobhsú, lena n-áirítear trí Ghrúpa Tionscnaimh Baku, mar a thugtar air; ag cáineadh an mheatha leanúnaigh ar staid chearta an duine sa Rúis;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á chur in iúl go bhfuil sí ag teacht leis an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an gá atá le feabhas a chur ar an gcaidreamh leis an Tuirc; á chur in iúl gur geal léi díghéarú páirteach an teannais sa Mheánmhuir Thoir agus sa Mhuir Aeigéach ach á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil beartas eachtrach na Tuirce fós ag teacht salach ar thosaíochtaí an Aontais faoi CBES; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur síníodh agus gur tugadh chun cuimhne an meabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an iarraidh ar an Tuirc oibriú ar chur chuige cuiditheach, nach bhfuil teanntásach ná ionsaitheach, ina comharsanacht, lena n-áirítear Cugas Theas; á chur in iúl gur oth léi go leanann an Tuirc de cheannasacht agus de chearta ceannasacha Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh a dhíospóid; á mheabhrú go bhfuil próiseas aontachais na Tuirce ag brath ar chritéir Chóbanhávan a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán aici agus ar normalú a bheith déanta aici ar an gcaidreamh le Ballstáit uile an Aontais, lena n-áirítear Poblacht na Cipire; á iarraidh go n-urramófaí stádas an chreasa mhaolánaigh agus sainordú fhórsa coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe sa Chipir; ag tathant ar an Tuirc agus ar cheannaireacht Thurcach na Cipire deireadh a chur le gníomhaíochtaí aontaobhacha den sórt sin agus iad a aisiompú agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí agus briogadh breise; á iarraidh go mbeifí rannpháirteach i gcaibidlíocht shíochánta faoi stiúir na Náisiún Aontaithe agus go ndéanfaí fíordhul chun cinn i gcainteanna socraíochta na Cipire go daingean laistigh de chreat comhaontaithe na Náisiún Aontaithe, arb é an t-aon chreat é a nglacann an tAontas agus an comhphobal idirnáisiúnta leis, agus i gcomhréir le dlí, luachanna agus prionsabail an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an measúnú nach féidir próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas a atosú in éagmais athrú ollmhór cúrsa ag Rialtas na Tuirce agus mura n-aithnítear gur stát ceannasach í Poblacht na Cipire; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur gabhadh le déanaí Méara Bhardas Cathrach Iostanbúl, Ekrem İmamoğlu, as Páirtí an Phobail Phoblachtaigh (CHP), roinnt laethanta sular roghnaigh CHP é mar iarrthóir don chéad toghchán uachtaránachta eile, agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuiltear ag díriú go buan ar an bhfreasúra polaitiúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>a phráinní atá sé go rachadh an tAontas agus Rialtas na Tuirce ar aghaidh i dtreo próiseas machnaimh fhrithpháirtigh, lena n-áirítear comhaontú comhlachais nuachóirithe, as a dtiocfadh comhpháirtíocht a rachadh chun tairbhe don dá thaobh, a bheadh níos dinimiciúla agus níos straitéisí, ina mbeadh coinníollacht dhocht maidir leis an smacht reachta, cearta bunúsacha, an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear <STRING ITALIC="on">Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige</STRING>, agus dea-chaidreamh comharsanachta a urramú, i bhfianaise an róil lárnaigh atá ag an Tuirc, mar shampla, i réigiún na Mara Duibhe agus a thábhachtaí atá sé mar chomhghuaillí ECAT;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an fíoras go bhfuil iarracht neamhleor á déanamh ag an Tuirc i dtaobh ailíniú le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, lena n-áirítear maidir le smachtbhannaí agus frith-imchéimniú smachtbhannaí, chomh maith leis an ngá atá ann go gcomhoibreodh an Tuirc go dlúth le Toscaire Smachtbhannaí AE; á chur in iúl gur saoth léi cineál do-ghlactha na dlúthpháirtíochta agus na tacaíochta a chuir Uachtarán na Tuirce ar fáil go poiblí don eagraíocht sceimhlitheoireachta Hamas; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an meath leanúnach atá ag teacht ar chaighdeáin dhaonlathacha sa Tuirc; á mheabhrú go ndíríonn an Tuirc ar an Aontas freisin maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus go bhfuil a rialtas ag smaoineamh ar dhlí gníomhairí eachtracha ar nós na Rúise a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil neamh-chomhoiriúnacht idir iarrthóireacht na Tuirce do BRICS+ agus CBES an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an imní maidir le cúlú daonlathach sa tSeoirsia, a léiríodh leis an bhfíoras nár urramaíodh caighdeáin idirnáisiúnta do thoghcháin dhaonlathacha leis na toghcháin pharlaiminteacha a reáchtáladh an 26 Deireadh Fómhair 2024 ná lena gealltanais mar chomhalta de ESCE saorthoghcháin chóra a chur i gcrích, rud a bhain an bonn de dhlisteanacht na dtorthaí agus de mhuinín an phobail as an rialtas; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sáruithe ar shláine toghcháin ar neamhréir leis na caighdeáin a bhfuiltear ag dréim leo ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas; ag diúltú d’aon aitheantas do na toghcháin pharlaiminteacha agus á mheas gur stát í an tSeoirsia atá gafa ag réimeas neamhdhlisteanach ‘Aisling na Seoirsia’ agus, dá bhrí sin, ag diúltú d’aon chinntí a rinne an comhlacht a bhfuil rialú na tíre tógtha air féin aige, amhail leasuithe ar an gCód um Chionta Riaracháin, ar an gCód Coiriúil agus ar an Dlí um Thionóil agus um Thaispeántais a ghlacadh faoi dheifir; á iarraidh go práinneach go ndéanfaí toghcháin luatha i dtimpeallacht toghcháin fheabhsaithe, arna mbainistiú ag riarachán toghcháin neamhspleách agus neamhchlaonta a ndéantar breathnóireacht idirnáisiúnta fhorleathan air, chun próiseas atá saor, cothrom agus trédhearcach i ndáiríre a áirithiú a bheadh ina léiriú ar thoil mhuintir na Seoirsia; ag aontú leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 go gcuireann mainneachtain an ghníomhaíocht reatha a aisiompú, lena n-áirítear an dlí maidir le ‘trédhearcacht an tionchair eachtraigh’, an dlí maidir le ‘luachanna teaghlaigh agus cosaint mionaoiseach’, chomh maith leis na hathruithe ar an gCód Toghcháin, conair na Seoirsia i dtreo an Aontais i mbaol, rud a chuireann stop de facto leis an bpróiseas aontachais; ag leanúint de Salome Zourabichvili a aithint mar Uachtarán dlisteanach na Seoirsia agus mar ionadaí mhuintir na Seoirsia; ag moladh a hiarrachtaí an tír a stiúradh go síochánta ar ais i dtreo conair forbartha dhaonlathach agus Eorpach; á iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí cuireadh a thabhairt don Uachtarán Zourabichvili ionadaíocht a dhéanamh ar an tSeoirsia ag cruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ann amach anseo agus ag an gcéad chruinniú mullaigh eile den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach; ag athdhearbhú a tacaíochta buanseasmhaí d’ardmhianta dlisteanacha Eorpacha mhuintir na Seoirsia, a bhfuil feall á dhéanamh ag Rialtas na Seoirsia orthu; á éileamh go scaoilfear saor láithreach gach duine atá á choinneáil toisc go ndearna siad agóid shíochánta i gcoinne na gcinntí a rinne an tSeoirsia le déanaí maidir le lánpháirtiú san Aontas a chur ar fionraí; á iarraidh go ndéanfaí sásraí cistiúcháin AE a choigeartú chun na riachtanais a thagann chun cinn i dtimpeallacht níos naimhdí agus níos frithdhaonlathaí a chur san áireamh; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé tacú leis an tsochaí shibhialta i bhfianaise an bhrú faoi chois atá ag dul i méid agus i bhfianaise ghníomhaíochtaí Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) a bheith curtha ar fionraí, agus dá bhrí sin ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis an tacaíocht gan mhoill; ag áitiú go bhfuil sí den tuairim nach léirítear go hiomlán go fóill leis na bearta a rinne AE go dtí seo mar fhreagairt don chúlú daonlathas follasach agus don chúlú ar ghealltanais a tugadh roimhe seo, a dhéine atá an staid sa tSeoirsia agus an méid a thit amach sa tír le déanaí; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle taisteal gan víosa a chur ar fionraí do thaidhleoirí agus d’oifigigh de chuid na Seoirsia, ach á mheas gur gá machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht stádas gan víosa na Seoirsia a chur ar fionraí bunaithe ar neamh-chomhlíonadh tagarmharcanna maidir le cearta bunúsacha; á chur in iúl gur saoth léi gur chuir Rialtais na hUngáire agus na Slóvaice bac ar chinntí na Comhairle maidir le smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne daoine aonair atá freagrach as cúlú daonlathach sa tSeoirsia; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as an EUR 120 milliún atá reoite agus a beartaíodh ar dtús mar thacaíocht d’údaráis na Seoirsia chun tacaíocht an Aontais do shochaí shibhialta na Seoirsia a fheabhsú, go háirithe an earnáil neamhrialtasach agus na meáin neamhspleácha, atá ag teacht faoi bhrú míchuí ón bpáirtí polaitiúil atá i gceannas agus ó na húdaráis, chomh maith le tacú le cláir lena dtacaítear le hathléimneacht dhaonlathach agus le sláine toghcháin; ag moladh go láidir do AE agus dá Bhallstáit smachtbhannaí pearsanta a thabhairt isteach i gcoinne phríomhfhigiúirí uile an réimis ar an leibhéal polaitiúil, i gcoinne baill dá dteaghlaigh, i gcoinne chumasóirí an réimis sa riarachán, i ngnó, sna meáin, sa chóras ceartais agus i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí; á iarraidh ar AE, i gcomhar le dlínsí eile, go háirithe an Ríocht Aontaithe, sócmhainní airgeadais Bidzina Ivanishvili a chalcadh; ag moladh do na Ballstáit aonair agus dá n-eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha gan údaráis fhéincheaptha ‘Aisling na Seoirsia’ a dhlisteanú go gníomhach agus á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go gcuirfí an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia ar fionraí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an bharúil go bhfuil an Rúis agus an tSín anois ina ngníomhaithe suntasacha i gComharsanacht an Deiscirt, go háirithe san Afraic Thuaidh, agus go bhfuil an Tuirc agus stáit na Murascaille, a bhfuil Ríocht na hAraibe Sádaí, Catar agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha chun tosaigh ina measc, tar éis teacht chun cinn mar fhórsaí réigiúnacha; ag áitiú go bhfuiltear ag tabhairt neamhaird leis an smaoineamh maidir le ‘comharsanacht’ aonair d’Oirthear agus do Dheisceart na hEorpa araon ar na dúshláin ar leith atá rompu; ag aontú freisin le hábharthacht straitéiseach Chomharsanacht an Deiscirt, lena cobhsaíocht, lena forbairt eacnamaíoch agus lena rathúnas; á mheabhrú gur dúshlán leantach í an éagobhsaíocht agus an neamhshláine fós i gComharsanacht an Deiscirt le haghaidh bainistiú teorainneacha seachtracha Eorpacha; á chur i bhfios go láidir go gcuireann iomaitheoirí straitéiseacha isteach ar an réigiún agus á iarraidh go láidir ar an Aontas teachtaireacht pholaitiúil láidir agus shoiléir a sheoladh i bhfabhar comhar athnuaite le tíortha de chuid Chomharsanacht an Deiscirt; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gCoimisiún an comhaontú nua don Mheánmhuir a scaoileadh, mar ábhar práinne, agus acmhainní leormhaithe a áirithiú chun é a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh líonra dinimiciúil de chomhpháirtíochtaí straitéiseacha atá saincheaptha do riachtanais agus d’ardmhianta sonracha gach tíre i gComharsanacht an Deiscirt i gcroílár an chomhshocraithe nua; á chreidiúint, sa chomhthéacs sin, gur cheart do AE athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an struchtúr dreasachta atá ann faoi láthair lena gcomhcheanglaítear an gealltanas maidir le cúnamh airgeadais agus tairbhí trádála mar mhalairt ar athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha agus a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí níos leithne an Aontais, lena n-áirítear cur chun cinn chearta an duine agus luachanna daonlathacha; á chur i bhfáth, seachas tús áite a thabhairt don chomhar déthaobhach, gur cheart don Aontas leanúint den chomhar réigiúnach a chothú trí chreataí atá ann cheana, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, lena gcuirtear ardán luachmhar ar fáil chun idirphlé agus gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun cinn maidir le saincheisteanna arb ábhar leasa choitinn iad;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an chúis bhuartha maidir le brú na Rúise agus na Síne a cuireadh i bhfeidhm sa réigiún agus á chur i bhfáth gur gá láithreacht an Aontais san Áise Láir a mhéadú mar fhreagairt air sin, i bhfianaise na tábhachta geostraitéisí a bhaineann léi; á thabhairt chun suntais go bhfuil leisce ar stáit na hÁise Láir tacaíocht a thabhairt do chogadh foghach na Rúise i bhfianaise éifeacht an chogaidh ar an réigiún; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa AE é caidreamh eacnamaíoch a mhéadú agus naisc pholaitiúla le tíortha na hÁise Láir a threisiú, i bpáirt chun aghaidh a thabhairt ar imchéimniú na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise; á iarraidh ar údaráis stáit na hÁise Láir, go háirithe an Chasacstáin, an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin, comhoibriú go dlúth leis an Aontas Eorpach, go háirithe lena Thoscaire Smachtbhannaí; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát leanúint de chur chun cinn athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha lena neartaítear an smacht reachta, an daonlathas, an dea-rialachas agus urraim do chearta an duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an fíoras go bhfuil tábhacht gheostraitéiseach ag baint leis an Artach a mhéid a bhaineann leathnú bealaí muirí féideartha, rochtain ar acmhainní nádúrtha, caomhnú na haeráide agus éilimh chríochacha; á chur i bhfáth gur mó fós an tábhacht sin ní hamháin trí leathnú míleata na Rúise san Ard-Thuaisceart ach freisin trí láithreacht agus spéis mhéadaitheach na Síne sa réigiún, agus trína féinfhorógra mar ‘stát atá gar don Artach’; á chur i bhfios go láidir gur gá saoirse agus sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú le linn thionchar agus mhíleatú méadaitheach an dá stát sin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé slándáil, cobhsaíocht agus comhar a chaomhnú san Artach; á chur i bhfáth nach mór don réigiún fanacht saor ó theannas míleata agus ó shaothrú acmhainní nádúrtha, agus cearta na bpobal dúchasach á n-urramú aige; á athdhearbhú gur gá beartas Artach an Aontais a áireamh in CBSC agus dul i mbun comhar éifeachtach le ECAT; á iarraidh go dtabharfar aghaidh go tráthrialta ar an Artach laistigh de chruinnithe an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus na Comhairle;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an tábhacht straitéiseach a bhaineann le Caolas na Téaváine agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i bhfianaise imeaglú méadaitheach na Síne sa réigiún, lena n‑áirítear trí mhodhanna míleata agus hibrideacha, agus á chur i bhfáth gur gá láithreacht an Aontais sa réigiún a mhéadú mar fhreagairt air sin; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa an Aontais é caidreamh eacnamaíoch a mhéadú agus naisc shuntasacha a threisiú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis sa réigiún, lena n‑áirítear an Téaváin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis chomhordaithe de chuid an Aontais um ullmhacht agus um réamhaíocht ar chásanna féideartha i gCaolas na Téaváine a leanúint, agus an Pharlaimint a chur ar an eolas agus measúnú tionchair a sholáthar go tráthrialta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>éifeachtacht chur chun feidhme straitéis na Murascaille, lena bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn i gcomhpháirtíocht straitéiseach le gach ceann de thíortha na Murascaille agus ag oibriú le chéile chun slándáil agus rathúnas domhanda agus réigiúnach a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an bhéim atá ar chuntasacht a bhaint amach sa chibearspás, trí bhosca uirlisí taidhleoireachta digití an Aontais a oibríochtú agus an aird a thugtar ar neartú na cibear-athléimneachta domhanda; á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar chur le hacmhainneacht cibear-athléimneachta daonlathais atá i mbéal forbartha agus a bhfuil dúshláin hibrideacha rompu maidir lena gcórais toghcháin; á iarraidh go méadófaí cleachtaí comhpháirteacha cibearchosanta idir an tAontas agus ECAT chun idir-inoibritheacht agus ullmhacht a fheabhsú chun bagairtí hibrideacha a chomhrac;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an tiomantas cur chun cinn an daonlathais a chur ar thús cadhnaíochta in CBES agus ról réamhghníomhach an Aontais a áirithiú i ndáil leis sin, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais a rinneadh roimhe seo, go háirithe chun tacú leis an tsochaí shibhialta, le cosantóirí chearta an duine, le guthanna criticiúla, leis an bhfreasúra daonlathach agus leis na meáin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an gá atá ann saoirse ó phionós a chomhrac agus iarrachtaí cuntasachta a neartú ar fud an domhain, lena n-áirítear tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus seasamh ar son an dlí idirnáisiúnta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí treocht na n-oifigeach stáit atá ag baint an bonn de chinntí na n-institiúidí idirnáisiúnta agus a bhfostaithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di smachtbhannaí na Stát Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a hionchúisitheoirí agus a breithiúna agus a foirne, arb ionann iad agus ionsaí tromchúiseach ar chóras an cheartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an reacht blocála a ghníomhachtú go práinneach agus á iarraidh ar na Ballstáit a n-iarrachtaí taidhleoireachta a mhéadú go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch fhíor-riachtanach chóras an cheartais idirnáisiúnta; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar roinnt Ballstát de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta barántais ghabhála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a fhorghníomhú, rud a bhain an bonn d’obair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an gá práinneach agus leanúnach atá le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn trí ghníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais, agus le beartas eachtrach lena gcuirtear príomhshruthú inscne i gcuntas i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Inscne 2021-2025, go háirithe i bhfianaise rolladh siar domhanda chearta na mban atá ann faoi láthair; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an ráta reatha dul chun cinn, go dtógfaidh sé 131 bhliain eile comhionannas inscne a bhaint amach ar fud an domhain, agus béim á leagan ar a ríthábhachtaí atá sé dlús a chur le hiarrachtaí chun cearta agus deiseanna na mban a chosaint agus a chur chun cinn;</ITEM></LIST>
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>II.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuspóirí CBES in 2025</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag aithint, sa roinn seo a leanas, chuspóirí na Parlaiminte maidir le CBES in 2025, lena ndéantar, ar an gcaoi sin, na tuairimí a cuireadh in iúl i dtuarascáil bhliantúil CBES ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí a chomhlánú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a iarmhairtí, lena n-áirítear éiginnteacht eacnamaíoch, neamhshlándáil bia agus praghsanna arda fuinnimh, in éineacht le hiompraíocht athbhreithnitheach Chónaidhm na Rúise i gcoinne roinnt stát atá i gcomharsanacht na Mara Duibhe, Comharsanacht an Oirthir agus na Balcáin Thiar a dhíchobhsú agus a chur i mbaol, rud a chreimeann ailtireacht slándála na hEorpa; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur gá acmhainneachtaí AE a threisiú chun tacú le hinstitiúidí daonlathacha inár ngarchomharsanacht; á chur i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá cosaint theorainn thoir an Aontais, a rannchuidíonn le slándáil an Aontais uilig; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh Sciath an Oirthir agus Líne Cosanta Mhuir Bhailt mar thionscadail suaitheanta an Aontais chun díspreagadh a chothú agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ón oirthear a shárú agus go mbunóidís córas comhtháite bainistíochta um theorainn talún atá ceaptha chun teorainn sheachtrach talún an Aontais leis an Rúis agus leis an mBealarúis a neartú i gcoinne bagairtí míleata agus hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil gníomhaithe uathlathacha ar fud an domhain ag féachaint go géar ar fhreagairt AE ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go mbeidh tionchar cinntitheach aici maidir lena n-iompar a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhar agus an comhordú méadaitheach i measc réimis uathlathacha, lena n-áirítear trína dtacaíocht ábharach nó eile d’fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tathant ar an gComhairle bearta sriantacha a fhorchur ar thíortha a dhéanann earraí míleata, amhail aerfheithiclí gan foireann agus diúracáin dromchla go dromchla, a sheachadadh chuig Cónaidhm na Rúise lena n-úsáid i gcoinne spriocanna sibhialtacha; á mheabhrú gur coir chogaidh é earraí míleata den sórt sin a úsáid i gcoinne spriocanna sibhialtacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar an gcomhar idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC), agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil fostú thrúpaí na Cóiré Thuaidh ag an Rúis ag leathnú scála na coinbhleachta; ag cur béim, ar an gcaoi chéanna, ar an ngá práinneach atá le tuilleadh smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise, rud atá ar aon dul leis na smachtbhannaí uile i gcoinne na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb iad an tAontas agus a Bhallstáit na haon chomhghuaillithe straitéiseacha atá ag an Úcráin anois agus dá réir sin á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacaíocht mhíleata agus eacnamaíoch, cúnamh daonnúil, chomh maith le cabhair airgeadais, a mhéadú agus a bhrostú go fóinteach agus ar gach bealach is féidir chun go mbeidh an Úcráin in ann seasamh láidir a ghlacadh, chun a muintir uile a shaoradh agus aon fhogha breise ón Rúis a dhíspreagadh tar éis comhaontú sosa cogaidh a d’fhéadfadh a bheith ann; ag moladh, chun na críche sin, go neartófaí Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin, a bhfuil thart ar 75 000 trúpa de chuid na hÚcráine oilte aige, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le hacmhainneachtaí méadaithe aerchosanta agus dromchla go dromchla a sholáthar don Úcráin chun a bonneagar criticiúil fuinnimh a chosaint, agus á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur láithreach le srianta ar úsáid chórais arm an Iarthair, amhail diúracáin fadraoin Taurus, a sheachadtar chuig an Úcráin, i gcoinne spriocanna míleata dlisteanacha ar chríoch na Rúise, a bheadh go hiomlán i gcomhréir le ceart na hÚcráine chun féinchosanta de réir Chairt na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag athdhearbhú go bhfuil sí meáite ar thacú le mian na hÚcráine síocháin chóir agus bhuan a dhéanamh agus leis an bplean síochána agus an Plean Bua a rinne Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, a chur chun cinn; á mheabhrú gur gá aon tionscnamh, go háirithe réitigh taidhleoireachta, atá dírithe ar dheireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus ar shíocháin chóir agus mharthanach a bhaint amach, gur gá go mbeadh sé bunaithe ar théarmaí agus ar ionchur a sholátharaíonn an Úcráin agus a nglacann muintir na hÚcráine leo ar deireadh; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, gur cúis mhór bhuartha di an t-athrú dealraitheach atá tagtha ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear an milleán a chur go hoscailte ar an Úcráin as an gcogadh leanúnach, cabhair mhíleata na Stát Aontaithe a chur ar fionraí agus iarracht a dhéanamh an Úcráin a chomhéigniú chun scaradh lena ceart dlisteanach féinchosanta; á chur in iúl gur saoth léi go mór aon iarrachtaí ar dhúmhál a dhéanamh ar cheannaireacht na hÚcráine d’fhonn is go ngéillfeadh sí d’fhogha na Rúise chun ‘comhaontú síochána’, mar a thugtar air, a fhógairt, agus chun na críche sin amháin agus á mheas gur iarracht fhritorthúil í iarracht na Stát Aontaithe sos cogaidh agus comhaontú síochána a chaibidliú gan rannpháirtíocht stát Eorpach, a mbeidh orthu an toradh a fhulaingt ar deireadh, toisc go ndéantar Stát trodach na Rúise a chumhachtú agus, dá bhrí sin, go léirítear nach gcuirtear pionós as beartas foghach ach go dtugtar luach saothair ina leith; ag léiriú dóchas áirithe maidir leis an togra le haghaidh comhaontú sosa cogaidh 30 lá; á mheabhrú nach féidir le sos cogaidh a bheith ina uirlis éifeachtach chun cogaíocht a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina gcloíonn an t-ionsaitheoir go hiomlán leis; ag dréim, dá bhrí sin, go gcloífidh an Rúis leis agus go scoirfidh sí, ina dhiaidh sin, de gach ionsaí ar an Úcráin, ar a suíomhanna míleata, ar a pobal sibhialta, ar a bonneagar agus ar a críoch; á mheas, mar sin féin, agus stair sháruithe na Rúise ar chomhaontuithe roimhe seo, nach féidir síocháin a bhaint amach ach amháin tríd an Úcráin a chumhachtú trí ráthaíochtaí láidre slándála; á chur in iúl go bhfuil sí, os a choinne sin, den tuairim go mbeidh baol ann le haon socrú lena mbainfear an bonn ó mhianta dlisteanacha na hÚcráine, amhail a ceart chun a socruithe slándála féin a roghnú, nó nach n-áireofar ann ráthaíochtaí inchreidte slándála, go bhféadfaí an Úcráin agus tíortha Eorpacha eile a chur faoi réir fogha athnuaite na Rúise; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanann an tAontas gealltanais slándála i leith na hÚcráine mar a mholtar i gComhshocrú Slándála Chív, chun tuilleadh ionsaithe ón Rúis a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur mó tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas agus a Bhallstáit don Úcráin ná aon tír ar leith, rud ar léiriú é ar thiomantas dosháraithe an Aontais don Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór ról an Aontais in aon chaibidlíocht a mbeidh tionchar aici ar shlándáil na hEorpa a bheith i gcomhréir lena neart polaitiúil agus eacnamaíoch; á athdhearbhú nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh maidir le slándáil na hEorpa gan an tAontas Eorpach a bheith rannpháirteach inti;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag dréim go gcoinneoidh na Ballstáit a smachtbhannaí i gcoinne na Rúise i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun síocháin chóir agus mharthanach a áirithiú agus go dtí go bhfuil cuntasacht bainte amach; á iarraidh, idir an dá linn, ar an Aontas agus ar na Ballstáit éifeachtacht agus tionchar a bpacáistí smachtbhannaí a glacadh go dtí seo a threisiú agus cinn nua a chomhaontú a luaithe is gá; ag tarraingt aird, sa chomhthéacs sin, ar earnálacha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do gheilleagar na Rúise, go háirithe baincéireacht, na hearnálacha miotalóireachta, núicléacha, ceimiceacha agus talmhaíochta, agus amhábhair amhail alúmanam, cruach, úráiniam, tíotáiniam agus nicil; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc nó taraifí spriocdhírithe ar allmhairí na Rúise chuig an Aontas agus é mar aidhm leis sin sreabhadh gráin, potais agus leasacháin a dhúnadh go hiomlán; á mheabhrú go bhfuil cur chun feidhme docht agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na mbeart sriantach sna Ballstáit uile ina réamhchoinníoll le haghaidh inchreidteacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh uile na Rúise chuig an Aontas agus tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí G7 chun an chaidhp phraghais ola a ísliú; á iarraidh ar an gCoimisiún pionóis a fhorchur ar gach cuideachta Eorpach a leanann de bheith i mbun gnó le Cónaidhm na Rúise, chomh maith le measúnú breise a dhéanamh ar imchéimniú smachtbhannaí agus é a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag iarraidh taidhleoireacht réamhghníomhach a bheith ann le tríú tíortha nach de chuid an Aontais iad chun imchéimniú na smachtbhannaí sin a íoslaghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú criticiúil a dhéanamh ar chúnamh an Aontais do tíortha nach de chuid an Aontais iad a thacaíonn go gníomhach le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ag tathant ar an gComhairle bearta sriantacha a fhorchur ar thíortha nach de chuid an Aontais iad lena gcumasaítear cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, cibé acu trí sheachaint smachtbhannaí a éascú nó trí chúnamh míleata díreach a sholáthar, amhail i gcás na Bealarúise, na hIaráine nó i gcás na Coiré Thuaidh; á iarraidh ar gach tír ailíniú iomlán a dhéanamh le pacáistí smachtbhannaí uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an chomhpháirtíocht ‘gan teorainneacha’ idir an Rúis agus an tSín, go háirithe an tiomantas athnuaite chun a naisc mhíleata a neartú; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle smachtbhannaí a fhorchur ar chuideachtaí Síneacha as a dtacaíocht do chogadh na Rúise san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di faireachas na Rúise agus na Síne ar bhonneagair chriticiúla mhuirí, agus sabaitéireacht na Rúise agus na Síne ar bhonneagar criticiúil, amhail cáblaí cumarsáide ar ghrinneall na farraige agus saoráidí fuinnimh amach ón gcósta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go háirithe an damáiste a rinneadh do dhá chábla cumarsáide fhomhuirí, ceann a cheanglaíonn an Fhionlainn leis an nGearmáin agus ceann eile a cheanglaíonn an tSualainn leis an Liotuáin, laistigh de 24 uair an chloig an 17 agus an 18 Samhain 2024, agus an damáiste a rinne tancaer de scáthchabhlach na Rúise don chábla cumhachta EstLink2, a cheanglaíonn an Eastóin agus an Fhionlainn, an 25 Nollaig 2024; á iarraidh ar an Aontas córais faireacháin agus faireachais éifeachtacha a chur i bhfeidhm agus comhar réigiúnach a chothú i measc gardaí cósta chun a áirithiú go ndéanfar ionsaithe ar bhonneagair den sórt sin a chosc agus a bhrath go mear; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur sheol ECAT an oibríocht ‘Baltic Sentry’, i gcomhar le roinnt Ballstát, chun feabhas a chur ar shlándáil na mbonneagair criticiúil faoin bhfarraige i Muir Bhailt; á iarraidh ar na Ballstáit cloí go hiomlán le gealltanais ráiteas comhpháirteach Nua-Eabhrac maidir le slándáil agus athléimneacht cáblaí faoin bhfarraige; á mheabhrú freisin go bhfuil gníomhaíochtaí sabaitéireachta comhchosúla lena ndírítear ar bhonneagar faoi uisce ar bun i gCaolas na Téaváine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus Ballstáit an Aontais dianrialú ar ghníomhaíochtaí scáthfhlíteanna na Rúise agus go ndéanfaidís iad a sheachaint agus a theorannú, ós rud é go mbíonn smachtbhannaí an Aontais agus G7 a sárú acu, agus, sa bhreis air sin, gur bagairt éiceolaíoch ollmhór ar éiceachórais iad toisc easnaimh theicniúla a bheith iontu agus toisc iad a bheith ag cliseadh go minic; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht ghasta a dhéanamh, faoi chuimsiú chomhar an Aontais leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, agus smachtbhannaí níos spriocdhírithe a cheapadh i gcoinne an scáthfhlít sa chéad phacáiste smachtbhannaí eile i gcoinne na Rúise; á shonrú gur cheart go n-ainmneofaí leis na smachtbhannaí sin gach soitheach scáthchabhlaigh aonair a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith lena n-úinéirí, a n‑oibreoirí, a mbainisteoirí, etc.; á mholadh go gcuirfí cosc ar dhíolacháin tancaer le tíortha a éascaíonn trádáil leis an Rúis; ag tabhairt dá haire go bhfuil na stáit bhrataí a rannchuidíonn le scáthchabhlach na Rúise ag cuidiú freisin, dá bhrí sin, le hiarracht chogaidh na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfaí na bearta is gá chun leanaí de chuid na hÚcráine a díbríodh go héigeantach agus a uchtaíodh go neamhdhleathach a chur ar ais ón Rúis nó ó chríoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Chomhairle an Grúpa míleata príobháideach Wagner de chuid na Rúise atá maoinithe ag an stát a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta; ag tarraingt aird ar an ‘gCór Afracach’, mar a thugtar air, a cruthaíodh tar éis bhás iarcheannaire an Ghrúpa Wagner, Yevgeny Prigozhin, i mí Lúnasa 2023, agus a cuireadh go díreach faoi rialú Aireacht Cosanta na Rúise, mar iarracht chun gnéithe de chuid Wagner a athghrúpáil faoi rialú an rialtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil an ceart dlisteanach féinchosanta ag an Úcráin, mar íospartach ionsaithe, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit lena mbaineann frithbhearta éifeachtacha na hÚcráine i gcoinne na Rúise a chumasú; á mheabhrú go bhfuil an dlí idirnáisiúnta sáraithe ag an Rúis agus gur céim iomchuí í urghabháil iomlán shócmhainní reoite na Rúise i dtreo oibleagáid na Rúise cloí leis an dlí idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, agus an Úcráin agus daoine díobhálaithe eile a chúiteamh i leith na gcaillteanas a d’eascair as cogadh foghach na Rúise; á iarraidh ar an gCoimisiún córas fónta dlí a bhunú chun sócmhainní na Rúise atá faoi úinéireacht stáit arna gcalcadh ag an Aontas a choigistiú; á mheabhrú don Choimisiún nach gcuireann aon togra den sórt sin deireadh leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais, pholaitiúil, mhíleata agus dhaonnúil; á iarraidh go gcuirfí san áireamh sócmhainní uile Stát na Rúise, údaráis áitiúla na Rúise, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit na Rúise, agus daoine aonair ar liosta smachtbhannaí an Aontais, agus go n-úsáidfí na sócmhainní sin chun an Úcráin a chúiteamh as an damáiste a rinne an cogadh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú sa mheastachán is déanaí ar an Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais ina luaitear go mbeidh EUR 506 bhilliún ar a laghad ag teastáil sna deich mbliana amach romhainn le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi Saoráid an Aontais don Úcráin a bheith ann, a bhfuil buiséad ar fiú beagnach EUR 50 billiún aici agus Sásra comhair an Aontais le haghaidh Iasachtaí, a chuireann iasachtaí suas le EUR 45 bhilliún ar fáil don Úcráin agus a fhreagraíonn don iarraidh ón bParlaimint agus a chuireann leis an gcinneadh ón gComhairle ioncam urghnách a eascraíonn as sócmhainní blocáilte stáit na Rúise a dhíriú ar Chiste Cúnaimh don Úcráin agus don tSaoráid don Úcráin, agus a chuireann le cinneadh G7 iasacht USD 50 billiún a thairiscint don Úcráin arna hurrú trí shócmhainní blocáilte stáit na Rúise; á chur in iúl go gcreideann sí gur céim shubstainteach é Sásra comhair nua le haghaidh iasachtaí don Úcráin chun iachall a chur ar an Rúis cúiteamh airgeadais a dhéanamh as an damáiste ollmhór atá á dhéanamh aici i gcónaí san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cáineadh na húsáide mí-úsáidí a bhain Rialtas na hUngáire as a chumhacht chrosta chun moill a chur ar dheonú cabhrach bunriachtanaí ón Aontas don Úcráin nó chun bac éifeachtach a chur ar dheonú cabhrach bunriachtanaí ón Aontas don Úcráin, agus é ag iarraidh an bonn a bhaint ó sheasamh aontaithe an Aontais maidir leis an Úcráin, á iarraidh ar an Leas Uachtarán/Ardionadaí agus ar Uachtarán na Comhairle chomh maith leis na Ballstáit na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun cosc a chur ar Rialtas na hUngáire an chabhair a bhlocáil tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit eile an t-imshuí a rinne Rialtas na hUngáire ar chinneadh cistiúcháin agus eisíocaíochta na Saoráide Eorpaí Síochána a shárú, i.e. an ceann ar fiú EUR 450 milliún chuig an bPolainn é agus ar cúiteamh é as trealamh a seachadadh chuig an Úcráin; á tathant orthu a ráthú go mbeidh an t-aon ionstraim de chuid AE chun tacú le cabhair mhíleata don Úcráin lánfheidhmiúil arís; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tograí a chur chun cinn chun imshuí den sórt sin a chosc amach anseo nó chun teacht ar shásra malartach atá go hiomlán iontaofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé go n-éileodh AE agus a Bhallstáit go gcruthófaí binse idirnáisiúnta speisialta a mbeidh dlínse aige  coir an fhogha a rinne ceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise agus a comhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á cháineadh gur chuir fórsaí na Rúise príosúnaigh chogaidh Úcránacha chun báis; á chur i bhfios go láidir nach mbeidh aon tsíocháin inbhuanaithe gan cheartas; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha i gcoinne na hÚcráine sa Háig; á chur in iúl go dtacaíonn sí le gníomhaíochtaí uile na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir leis na coireanna a rinneadh ar chríoch na hÚcráine a ionchúiseamh; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an Úcráin Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, lena gcuirtear ar a cumas a bheith ina stát is páirtí amhail ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag moladh na hÚcráine as an dul chun cinn atá déanta aici i bpróiseas scagtha aontachais an Aontais in ainneoin na ndálaí cogaidh agus á iarraidh ar an Úcráin leanúint dá dul chun cinn maidir le ballraíocht san Aontas agus úsáid á baint as na hacmhainní uile a chuirtear ar fáil di faoin tSaoráid don Úcráin agus a áirithiú go mbeidh a sochaí shibhialta rannpháirteach go fóinteach i gcéimeanna cur chun feidhme agus faireacháin na ballraíochta sin; á mheabhrú gur próiseas atá bunaithe go docht ar thuillteanas é aontachas an Aontais a éilíonn go gcomhlíonfar critéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht san Aontas, lena n‑áirítear na critéir sin a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, agus luachanna bunúsacha agus leis an éilliú a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chreidiúint go mb’ionann aontachas na hÚcráine agus na Moldóive araon leis an Aontas agus infheistíocht a rachadh chun tairbhe don dá thaobh in Eoraip aontaithe agus láidir; á chur in iúl gur geal léi an plean fáis do Phoblacht na Moldóive agus glacadh na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive, ar fiú EUR 1,9 billiún é, a fhonann chun dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarmhairtí diúltacha don Mholdóiv a bhaineann le USAID a chur ar fionraí; á mheas gur cheart an bhearna sin a fhritháireamh a mhéid is féidir le foinsí AE, leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus le foinsí eile; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí chun comhpháirtíocht CBES leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a fheabhsú tuilleadh agus, sa chomhthéacs sin, á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an chomhpháirtíocht slándála agus cosanta idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv i mí na Bealtaine 2024; á mheabhrú go bhfuil dlúthbhaint ag slándáil Phoblacht na Moldóive le slándáil na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá ranníocaíochtaí airgeadais ón tSaoráid Eorpach Síochána a mhéadú chun cumais chosanta na Moldóive a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh na Moldóive as an toghchán uachtaránachta agus an reifreann a reáchtáil go gairmiúil de ghrá an dualgais agus an tiomantais as cuimse, in ainneoin an chur isteach ollmhóir leanúnaigh ón Rúis agus óna hionadaithe; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar reifreann na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas Eorpach in 2024 lenar cumhdaíodh an tiomantas dul isteach san Aontas i mbunreacht na tíre; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an Moldóiv maidir lena daonlathas a chosaint; ag cáineadh go láidir na n-iarrachtaí leanúnacha agus comhordaithe sin atá á ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise, ag olagarcaí atá ar son na Rúise agus ag seachfhórsaí áitiúla atá urraithe ag an Rúis chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, deighiltí a chothú i sochaí na Moldóive agus an bonn a bhaint ó threo na tíre ar son na hEorpa trí ionsaithe hibrideacha, soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda, feachtais bhréagaisnéise, bagairtí buamaí agus agóidí réamhbheartaithe, chomh maith le bagairt nó úsáid an fhoréigin; ag moladh bhunú agus oibríochtaí Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais sa Mholdóiv a d’fheabhsaigh cumais údaráis na Moldóive aghaidh a thabhairt ar chur isteach na Rúise; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar SEGS na hacmhainní breise is gá a chur ar fáil, lena n-áirítear acmhainní daonna agus airgeadais, trealamh agus saineolaithe sibhialta, chun leanúint de shainordú an mhisin a chur chun feidhme tar éis mhí na Bealtaine 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an tSaoráid Eorpach Síochána chun feabhas a chur ar chumas AE coinbhleachtaí a chosc, síocháin a chothú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi seoladh ghrúpa comhairleach na Bealarúise-AE chun idirphlé leanúnach idir an tAontas agus fórsaí daonlathacha na Bealarúise a chumasú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le scaoileadh saor na bpríosúnach polaitiúil uile agus na ngníomhaithe agus na n-iriseoirí cróga sa Bhealarúis a leanann de chur i gcoinne réimeas an cheannaire neamhdhlisteanaigh in ainneoin cniogbheartaíocht leanúnach, go háirithe athnuachan pasanna na Bealarúiseach thar lear a bheith á diúltú, agus a chuir in iúl gur mian leo forbairt dhaonlathach a dhéanamh sa Bhealarúis agus ballraíocht san Aontas a bhaint amach, lena n-áirítear ag Comhdháil Nua na Bealarúise a tionóladh i Vársá i mí Lúnasa 2023; á chur i bhfios go láidir go léiríonn iarrachtaí den sórt sin ról bunúsach na sochaí sibhialta maidir leis an daonlathas a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Coinbhleacht a réiteach agus tacú leis an tsíocháin sa Mheánoirthear</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á dhearbhú go bhfuil sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint mar a chumhdaítear sa dlí idirnáisiúnta agus mar a shriantar leis an dlí idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Iosrael aghaidh a thabhairt ar an mbaol oll-ocrais agus ar ráig eipidéimí galair in Gaza; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Iosrael freisin an pobal sibhialtach a chosaint agus nach mór oibríochtaí míleata a bheith comhréireach agus i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ghníomhaíocht mhíleata a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael i Stráice Gaza agus sa Bhruach Thiar agus sa Liobáin; á iarraidh go mbeadh sos cogaidh buan agus láithreach ann lena n-áirítear scaoileadh saor neamhchoinníollach na ngiall uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór cliseadh an tsosa comhraic in Gaza, a bhí ina chúis le líon mór taismeach sibhialtach le linn aerionsaithe le déanaí; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, diúltú Hamas na gialla atá fós á gcoinneáil a thabhairt ar láimh; á iarraidh go bhfillfí láithreach ar chur chun feidhme iomlán an chomhaontaithe maidir le sos cogaidh agus scaoileadh na ngiall agus á chur i bhfáth gur gá dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an dara céim de; ag moladh thiomantas na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear SAM, an Éigipt agus Catar, a rinne iarrachtaí a bhí ríthábhachtach chun comhaontú maidir le sos cogaidh agus scaoileadh na ngiall a bhaint amach ar an gcéad dul síos; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun páirt a ghlacadh sa phlé maidir le rannchuidithe nithiúla amach anseo chun tacú le sos comhraic; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go gcloífear leis na hoibleagáidí uile arna ndéanamh faoin gcomhaontú, lena n-áiritheofar go scaoilfear saor na gialla uile, agus freisin lena gcuirfear deireadh leis an bhforéigean ar bhonn inbhuanaithe agus lena gceadófar rochtain gan srian agus dáileadh marthanach cúnaimh dhaonnúil agus leighis a cheadú i Stráice Gaza; á chur in iúl gur geal léi, chuige sin, ath-imlonnú EUBAM Rafah an 31 Eanáir 2025 chun tacú le hÚdarás na Palaistíne trasnú a éascú le haghaidh aslonnuithe leighis; á chur in iúl gur cúis mhíshuaimhnis di dúnadh Phointe Trasnaithe Rafah le déanaí go dtí go bhfógrófar a mhalairt mar thoradh ar oibríochtaí míleata in Gaza a tionscnaíodh an 18 Márta 2025; á iarraidh ar na páirtithe uile a bheith lántiomanta dá n-oibleagáidí agus tús áite a thabhairt do chosaint na sibhialtach; ag tathant ar na gníomhaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta uile formhaoirseacht ghníomhach a dhéanamh ar chur chun feidhme an tsosa comhraic agus iad siúd nach gcomhlíonann é a thabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chreidiúint gur chéad chéim í an Chomhairle Comhlachais le hIosrael, a tionóladh sa Bhruiséil an 24 Feabhra 2025, i dtreo dul i mbun plé macánta oscailte arís le hAire Gnóthaí Eachtracha Iosrael, a mbeidh gá le hobair leantach ina leith; ag aithint a luachmhaire atá sé dul i ranníocaíocht le hIosrael chun ról an Aontais sa Mheánoirthear a neartú, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna nach mór an chomhpháirtíocht a bheith bunaithe ar urraim iomlán do chearta agus do luachanna; á mheabhrú gur gné ríthábhachtach den chomhpháirtíocht é Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais a chomhlíonadh agus á iarraidh go leanfaidh rialtas Iosrael d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi an tIdirphlé Ardleibhéil le Príomh-Aire na Palaistíne a bhfuiltear ag súil leis i mí Aibreáin 2025,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go daingean le réiteach dhá stát caibidlithe ar bhonn theorainneacha 1967, agus dhá stát cheannasacha dhaonlathacha mar chomharsana síochánta agus Iarúsailéim mar phríomhchathair chomhroinnte acu, arb é an bealach is inmharthana i gcónaí é chun síocháin agus slándáil bhuan a bhaint amach d’Iosraelaigh agus do Phalaistínigh araon; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tacú le gach iarracht chun na críche sin, agus go háirithe leis an gComhaontas Domhanda um Chur Chun Feidhme an Réitigh dhá Stát; á iarraidh ar na páirtithe uile iarrachtaí a athnuachan chun deireadh a chur leis na bacainní ar an réiteach sin agus dul i mbun idirphlé atá dírithe ar chomhthuiscint agus ar urraim fhrithpháirteach a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh Údarás na Palaistíne filleadh ar Gaza; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna Údarás na Palaistíne toghcháin a reáchtáil ó 2005 i leith, rud a chuireann bac ar a chreidiúnacht, agus go bhfuil sí ag súil go reáchtálfar toghcháin go luath; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir aon ionchas a bheith ann go mbeidh síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ann do Gaza agus go mbeidh athmhuintearas ann idir pobail Iosrael agus na Palaistíne fad a bheidh ról ag Hamas agus ag grúpaí sceimhlitheoireachta eile i Stráice Gaza; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Ionadaí Speisialta an Aontais do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir tacú leis na hiarrachtaí chun gníomhú i gcoinne radacú breise daoine óga sa réigiún; ag cáineadh an ghéaraithe ar lonnaíocht neamhdhleathach Iosrael ar chríoch Phalaistíneach, lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta, lena mbaintear an bonn ó iarrachtaí chun réiteach dhá stát a bhaint amach, agus lena gcuirtear bac suntasach ar shíocháin bhuan; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar an bhforéigean arna dhéanamh ag fórsaí Iosrael agus ag lonnaitheoirí antoisceacha sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir agus á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí a glacadh i gcoinne lonnaitheoirí antoisceacha Iosraelacha; á athdhearbhú go bhfuil ról tábhachtach ag Comhaontuithe Abraham mar chreat chun síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas marthanach a bhaint amach sa Mheánoirthear; á chur in iúl gur geal léi an Plean Arabach um Théarnamh agus Atógáil a cuireadh i láthair ag Cruinniú Mullaigh Chaireo an 4 Márta 2025, ar bonn tromchúiseach é don phlé ar thodhchaí Stráice Gaza; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus an Choimisinéara um Réigiún na Meánmhara dul i dteagmháil go cuiditheach le comhpháirtithe Arabacha chun réitigh inchreidte a chur ar fáil maidir le hatógáil, rialachas agus slándáil Gaza; ag diúltú, ar an taobh eile, don togra ‘Trump Gaza’, lena dtugtar neamhaird ar na dálaí luaineacha slándála ar fud an Mheánoirthir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le rannpháirtíocht chuimsitheach idirnáisiúnta, leis na Stáit Aontaithe, i gcomhar leis an Aontas, leis na Náisiúin Aontaithe, leis na Stáit Arabacha agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, mar chomhlánú ar iarrachtaí a chéile chun go gcuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht agus go mbeidh sí cuiditheach mar gheall ar mhéid an scriosta agus na fulaingthe daonna in Gaza; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do na hiarrachtaí normalaithe a dhéanfar amach anseo idir Iosrael agus stáit Arabacha sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tacú le réiteach cóir agus inmharthana ar cheist na ndídeanaithe Palaistíneacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) maidir le cabhair dhaonnúil agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil nár cheart cur isteach orthu sna himthosca reatha, agus á mheas nach mór tacú le gníomhaireachtaí uile na Náisiún Aontaithe atá gníomhach sa réigiún ina n-iarrachtaí; á mheabhrú, áfach, gur cúis bhuartha di líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh i gcoinne bhaill foirne UNRWA a thugann le fios go bhfuil baill den eagraíocht sceimhlitheoireachta Hamas fostaithe ag UNRWA; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne na Náisiúin Aontaithe tar éis na líomhaintí maidir le foireann na Gníomhaireachta agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas iomlán UNRWA na moltaí a eascraíonn as ‘tuarascáil Colonna’ a chur chun feidhme; ag athdhearbhú na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2024 ina gcáintear aon iarracht comhaontú 1967 idir Iosrael agus UNRWA a aisghairm; ag áitiú go n-áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfaidh aon chistí ó bhuiséad AE gníomhaíochtaí Hamas ná Hezbollah a mhaoiniú, nach rannchuideoidh siad leo ná nach dtacóidh siad leo; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé go mbeadh gá le bearta breise amach anseo chun iarracht a dhéanamh níos mó trédhearcachta agus cuntasachta a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an teannas atá ag dul i méid sa Mheánoirthear agus ag tathant ar na páirtithe uile lena mbaineann seasamh leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an srian is mó is féidir a léiriú agus gealltanas a thabhairt maidir le díghéarú, ós rud é nach mór coinbhleacht réigiúnach a sheachaint ar ais nó ar éigean; á chur in iúl gur saoth léi gur cailleadh na mílte sibhialtach; á iarraidh go ndéanfaí Hezbollah a dhí-armáil mar chuid de bhearta níos leithne chun an chogaíocht a laghdú agus chun cobhsaíocht réigiúnach a áirithiú; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí straitéis chuimsitheach an Aontais don Mheánoirthear a chur chun cinn, láithreacht éifeachtach an Aontais sa réigiún a mhéadú, cobhsaíocht agus síocháin fhadtéarmach a chur chun cinn sa réigiún agus comhpháirtíochtaí le príomhgheallsealbhóirí réigiúnacha a neartú; á chur i bhfáth nach mór an straitéis a fhorbairt laistigh de na chéad mhíonna de shainordú nua an Choimisiúin agus gur cheart í a léiriú sa CAI atá le teacht más amhlaidh go mbeidh aon tionchar nithiúil aici ar staid atá ag dul in olcas go tapa; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí taidhleoireachta le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear le tíortha na Murascaille, chun díghéarú práinneach agus idirphlé fóinteach a spreagadh; á chur i bhfios go láidir gur gá tosaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa réigiún agus iad a neartú, go háirithe eagraíochtaí atá ag obair ar chearta an duine a chosaint agus ar chothú na síochána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag cáineadh go láidir an ról díchobhsaitheach atá ag réimeas na hIaráine agus ag a líonra gníomhaithe neamhstáit sa réigiún; á mheabhrú go bhfuil an Iaráin imithe as scáth a hionadaithe agus ag cáineadh dhá ionsaí dhíreacha agus oscailte na hIaráine ar chríoch Iosrael in 2024, ar chuir Iosrael ina gcoinne an dá uair, rud a léiríonn méadú gan fasach ar an gcoinbhleacht; ag cáineadh go láidir ionsaithe Hezbollah i gcoinne Iosrael as ar eascair ionradh talún Iosraelach sa Liobáin a bhí ina chúis le líon ard taismeach sibhialtach, easáitiú éigeantach agus foréigean atá ag dul in olcas sa Liobáin; ag tabhairt dá haire gurbh ann do shos comhraic idir Iosrael agus Hezbollah, a comhaontaíodh an 27 Samhain 2024, ar feadh tréimhse 60 lá; ag tathant ar Iosrael tarraingt siar ó dheisceart na Liobáine i gcomhréir le Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú gur gá deireadh buan a chur leis an gcogaíocht a luaithe is féidir chun spás a chruthú do réiteach taidhleoireachta feadh na Líne Goirme; á éileamh go gcuirfear Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme ina iomláine, mar an t-aon bhealach amháin chun an teannas a mhaolú agus an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin a chobhsú ar bhealach marthanach agus ceannasacht, iomláine chríochach agus cobhsaíocht na Liobáine a athbhunú go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi an Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 chun an tríú beart cúnaimh a ghlacadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú EUR 60 milliún é chun tairbhe Fhórsaí Armtha na Liobáine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí Hezbollah a chur ina iomláine le liosta an Aontais d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gabhála an 21 Samhain 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag athdhearbhú iarraidh Uachtarán na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Tomoko Akane, ar an Aontas beart a dhéanamh láithreach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus an smacht reachta sa chomhphobal idirnáisiúnta a chosaint, lena n-áirítear trí reacht blocála an Aontais a leasú go pras chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a thabhairt faoina raon feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh rialtas nua; á chur in iúl go nguíonn sí gach rath ar an Uachtarán Joseph Aoun agus ar an bPríomh-Aire Nawaf Salam a mhéid a bhaineann le mianta mhuintir na Liobáine a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta tacú leis an tír institiúidí stáit a atógáil a bheidh in ann a misean a chomhlíonadh chun freastal ar gach saoránach, agus clár oibre atá dírithe ar an athchóiriú agus ar an todhchaí a ghlacadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoirsí sibhialta agus an smacht reachta; ag tacú le hiarrachtaí atógála agus ag an am céanna dul i mbun cobhsaíocht pholaitiúil agus téarnamh socheacnamaíoch; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí an Chomhpháirtíocht idir AE agus an Liobáin a athsheoladh, lena n-áirítear trí Chomhairle Comhlachais a reáchtáil go luath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cáineadh go láidir na hionsaithe a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael agus Hezbollah ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) le déanaí; á athdhearbhú go bhfuil pearsanra agus áitribh uile na Náisiún Aontaithe dosháraithe agus á athdhearbhú go bhfuil ról cobhsaíochta ríthábhachtach ag UNIFIL i ndeisceart na Liobáine, a rannchuidíonn 16 Bhallstát leis, agus á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis na hionsaithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh AE smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine a athnuachan go dtí mí Iúil 2025, lena n-áirítear trí smachtbhannaí a chur ar tháirgeadh ladrann agus diúracán gan foireann ag an Iaráin agus ar sholáthar na ladrann agus na ndiúracán sin ag an Iaráin don Rúis agus do réigiún an Mheánoirthir i gcoitinne; á thabhairt chun suntais gur ann do naisc láidre idir an Iaráin agus Cór Gharda na Réabhlóide Iaránaí (IRGC), a ionadaithe, amhail na Houthi, agus na mílístí atá ag feidhmiú san Iaráic agus sa tSiria; ag cáineadh go láidir líon ard na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta agus feallmharaithe, nó na n-iarrachtaí ar ionsaithe, a rinne IRGC ar fud an domhain, lena n-áirítear ar thalamh na hEorpa, le blianta beaga anuas; á iarraidh an athuair go gcuirfí IRGC le liosta an Aontais d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta; á chur i bhfios go n-áirítear ar na roghanna smachtbhannaí nár ídíodh go fóill cur chuige atá i bhfad níos sriantaí i leith aistrithe teicneolaíochta trí onnmhairiú táirgí nach bhfuil aicmithe mar ‘táirgí dé-úsáide’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cáineadh go láidir ionsaithe díchobhsaitheacha na Houthi i gcoinne soithí tráchtála chomh maith le soithí míleata ar idirthuras sa Mhuir Rua; á chur i bhfáth gur chuir siad sin isteach go mór ar an trádáil dhomhanda, ós rud é go gcuirtear iallach ar chuideachtaí loingseoireachta cuid mhór de thrácht na Mara Rua timpeall ar bharr theas na hAfraice a athródú; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chomhchoiteann agus ag spreagadh rannpháirtíocht agus comhar idirnáisiúnta feabhsaithe ón Aontas, agus á iarraidh go láidir go ndéanfaí gníomhaíocht leanúnach chun saoirse loingseoireachta a áirithiú i gceann de na huiscebhealaí is criticiúla ar domhan; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis na hionsaithe neamhdhleathacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn leis an gcuspóir cosc a chur ar an Iaráin airm núicléacha a fháil ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile; á chur i bhfios, áfach, gur léir gur dhiúltaigh an réimeas in Tehran d’athbheochan PCCG agus gur dhiúltaigh sé comhoibriú ina dhíospóid leanúnach leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; á thabhairt chun suntais, ag an am céanna, gur mhéadaigh an Iaráin a cumas arm núicléach; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon straitéis i bhfeidhm faoi láthair chun a chur ina luí ar an Iaráin staonadh ó acmhainneacht mhíleata núicléach a fhorbairt, ná nach ann do phlean gníomhaíochta i gcás go dtrasnódh an Iaráin an tairseach núicléach; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí straitéis athbhreithnithe a chur ar aghaidh i leith na hIaráine lena n-ullmhófar do gach imeacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reitric ghríosaitheach, a spreagtar le mífhaisnéis agus bréagaisnéis, a bhaineann leis an gcoinbhleacht seo, agus an t-ionstraimiú a dhéanann gníomhaithe mailíseacha uirthi chun mímhuinín agus fuath a chothú, lena n‑áirítear laistigh de shochaithe na hEorpa, mar a léirítear go háirithe, ach ní go heisiach, le teacht chun cinn an fhrithsheimíteachais, arb ábhar imní é; ag tabhairt rabhaidh gur cheart gur príomhfhócas a bheadh ann i gcomhrac an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise agus á iarraidh go mbeadh cur chuige comhordaithe ag an gCoimisiún, agus gnéithe seachtracha agus inmheánacha a chuid beartas á gcur san áireamh, lena n‑áirítear an plean cumarsáide straitéisí atá le teacht chun ról an Aontais i gComharsanacht an Deiscirt a chur chun cinn, ach gan bheith teoranta dó sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi titim stairiúil réimeas Assad sa tSiria; á mheabhrú nár tháinig sé slán le tamall chomh fada sin ach a bhuí le tacaíocht óna chomhghuaillithe Rúiseacha agus Iaránacha agus go léirítear lena chliseadh go bhfuil siad lagaithe; á chur in iúl gur geal léi an tús nua sa chaidreamh idir AE agus an tSiria, a léiríodh le ceapachán Chargé d’Affaires de chuid an Aontais sa Damaisc, rannpháirtíocht taidhleoireachta agus cruinnithe ardleibhéil a rinne na Ballstáit agus ceannairí de chuid an Aontais, chomh maith leis an naoú Comhdháil sa Bhruiséil a bhí ar siúl an 17 Márta 2025 agus inar ghlac an tAire Gnóthaí Eachtracha eatramhach Assad al-Shibani páirt; á mheas nár cheart caidreamh taidhleoireachta a bheith ann le húdaráis nua na Siria a bheith ina leithscéal le trócaire a dhéanamh ar náisiúnaigh sin na mBallstát a throid mar chuid de ghrúpaí Ioslamacha sa tSiria; á dhearbhú go bhfuil na trodaithe sin fós ina mbagairt ar na tíortha ar náisiúnaigh díobh iad agus ar Bhallstáit uile AE; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go buanseasmhach le sláine chríochach na Siria agus á thabhairt chun suntais gur gá dlús práinneach a chur le cabhair dhaonnúil agus cosaint don 16,7 milliún duine atá i ngátar; á chur in iúl gur geal léi, chun na críche sin, gur cuireadh síneadh éiginnte le díolúintí daonnúla agus gur cuireadh smachtbhannaí ar raon earnálacha eacnamaíocha ar fionraí de réir a chéile, ach go coinníollach, chun líne tharrthála a bhfuil géarghá léi a chur ar fáil do gheilleagar na Siria; á ghealladh go ndéanfaidh sí dlúthfhaireachán ar an bpróiseas aistrithe pholaitiúil agus go n-iarrfaidh sí ar na Ballstáit deireadh a chur leis na smachtbhannaí mura gcomhlíonfaidh údaráis na Siria a ngealltanais shonraithe; ag aithint an dúshláin a bhaineann le cothú ordúil stáit a bhaineann leis an mbaol go mba ann do cheannairc grúpaí armtha atá dílis don iar-réimeas agus ag spreagadh na n-údarás idircheaptha chun dí-armáil pharaimíleata agus shibhialtach a eagrú go práinneach, go háirithe tar éis don phobal Alabhaíteach a bheith ina sprioc dhíoltais dho-ghlactha, bunaithe ar an mbaint a mheastar a bheith aige le réimeas Assad; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit tacú le próiseas cur chun feidhme an chomhaontaithe idir rialtas idirthréimhseach na Siria agus SDF atá faoi stiúir na gCoirdíneach, chun aitheantas iomlán agus rannpháirtíocht pholaitiúil sa tSiria a ráthú don phobal Coirdíneach; á iarraidh ar na páirtithe uile rannchuidiú le haistriú polaitiúil síochánta faoi stiúir na Siria i dtreo samhail rialachais chuimsitheach dhaonlathach lena n-áiritheofar ionadaíocht, rannpháirtíocht agus cearta comhionanna na mban, na mionlach agus mhuintir uile shochaí na Siria gan beann ar eitneacht nó reiligiún agus lena gcuirfear dea-fheidhmiú institiúidí an stáit agus dea-bhail mhuintir na Siria i gcroílár a ngníomhaíochtaí; á chur in iúl gur geal léi gur aithin an tUachtarán idirthréimhsiúil al-Sharaa éagsúlacht na Siria, agus ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhfuil comhdhéanamh an rialtais eatramhaigh atá ann faoi láthair easnamhach ina leith sin; á chreidiúint go láidir go bhfuil rath aistriú polaitiúil na Siria, go háirithe cosaint na síochána sibhialta agus cothú muiníne in institiúidí stáit, ag brath ar cheartas idirthréimhseach agus ar athmhuintearas mar bhealach chun saoirse ó phionós na bpáirtithe uile atá freagrach as sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chomhrac; á chur i bhfáth gur riachtanas morálta agus polaitiúil don Eoraip agus don chomhphobal idirnáisiúnta é an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós sa tSiria; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le hobair an tSásra Idirnáisiúnta, Neamhchlaonta agus Neamhspleách chun Cuidiú le hImscrúdú agus Ionchúiseamh na nDaoine atá Freagrach as na Coireanna is Tromchúisí faoin Dlí Idirnáisiúnta a rinneadh i bPoblacht Arabach na Siria ó mhí an Mhárta 2011 i leith; ag spreagadh na Siria Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú agus an reachtaíocht náisiúnta a ailíniú leis, chomh maith le dlínse chúlghabhálach a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta trí dhearbhú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit machnamh a dhéanamh ar mhisean speisialta a bhunú, i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun cabhrú le cásanna de choireanna tromchúiseacha ag réimeas Assad, chomh maith le gach faicsin eile, a dhoiciméadú; á chur i bhfáth go mbaineann tábhacht le sláine chríochach na Siria a chaomhnú, chun cabhrú le cobhsaíocht a chaomhnú sa réigiún freisin; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh láithreach chun cosc a chur ar aon athbhunú nó atreisiú ar fhórsaí, paraimíleataigh nó intleacht de chuid na Rúise sa tír;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn a dhreasú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á aithint go gcuireann an gá le haontoilíocht ar na Ballstáit oibriú gan stad gan staonadh chun comhréiteach agus aontacht a bhaint amach, rud is cúis le giaráil pholaitiúil an Aontais ar an ardán domhanda; á chur i bhfios, áfach, gur cheart measúnú criticiúil a dhéanamh ar an gcomhbhabhtáil idir idéalach na haontachta agus costais arda na haontoilíochta ó thaobh creidiúnachta de ar an ardán domhanda, go háirithe agus feidhmiú éifeachtach Aontais mhéadaithe á chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, gur bhain Ballstáit aonair úsáid as a gceart crosta chun comhaontuithe a lagú, moill a chur ar chinnteoireacht nó comhbheartas a chur ó mhaith ar fad; á chur in iúl gur oth léi nár úsáideadh an acmhainneacht maidir le gníomhaíocht eachtrach, slándála agus cosanta atá tapa, éifeachtúil agus éifeachtach, dá bhforáiltear, inter alia, le clásail passerelle CAE, ariamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go n-athróidh an Chomhairle de réir a chéile chuig vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí i réimsí CBES nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu; á aithint go bhfuil ábhair imní ag roinnt Ballstát, a bhfuil eagla orthu go laghdófaí an cumas tionchar a imirt ar an mbeartas eachtrach agus slándála ar leibhéal an Aontais; á mholadh, go dtí go gcuirfear vótáil trí thromlach cáilithe i bhfeidhm go hiomlán maidir le cinntí nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu, go mbainfí úsáid as gach deis atá ann faoi láthair chun cinntitheacht a fheabhsú i ndáil leis sin, lena n-áirítear staonadh inchiallaithe a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 31(1) CAE; á aithint nach féidir dul chun cinn a dhéanamh i dtreo vótáil trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm ach de réir a chéile, ag tógáil ar chultúr straitéiseach Eorpach a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an domhan ag éirí níos ilpholaí agus go bhfuil an iltaobhacht ag laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart fóraim iltaobhacha, a bhfuil na Náisiúin Aontaithe agus a chuid gníomhaireachtaí ina gcinn feadhna orthu, a mheas mar an fhormáid chomhair is fearr leis an Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha cuimsitheacha rialachais iltaobhaigh a threisiú agus á mholadh, sa chomhthéacs sin, don Choimisiún, do SEGS agus don Chomhairle dlús a chur leis an gcomhar idirinstitiúideach le heagraíochtaí iltaobhacha atá lárnach don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus dá bhrí sin a chosnaíonn na Náisiúin Aontaithe agus an córas iltaobhach ar an iomlán; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina leith sin, ábharthacht mhéadaitheach na bhformáidí eisiacha comhair, a mbíonn iomaíocht mhéadaitheach ag baint leo; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an grúpa BRICS ag cás, ar bhfuil 45 % de dhaonra an domhain mar chuid de; á chur i bhfáth go dtugann an comhar sin bealach don Rúis bearta a sheachaint arb é atá i gceist leo an tír a leithlisiú go polaitiúil agus go gcumasaíonn sé an tSín a tionchar a shíneadh trína <STRING ITALIC="on">modus operandi</STRING> ina ndéanann sí tionscadail bonneagair a mhaoiniú; á chur i bhfios go láidir go mbeidh tromchúis rannpháirtíocht na Síne ag brath ar a toilteanas lamháltais a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú agus athstruchtúrú fhiachas thíortha an Domhain Theas; á thabhairt faoi deara, ag an am céanna, go bhfuil institiúidí agus noirm idirnáisiúnta á n-ionstraimiú agus go bhfuil an bonn á bhaint uathu níos mó agus níos mó ag réimis uathlathacha; á chur i bhfáth go gcuireann an treocht sin an tAontas i staid íogair, toisc gur gá dó cothromaíocht a aimsiú idir an gá atá le coincheap iltaobhachais leathan agus cuimsitheach a iarraidh agus an chomhar le comhpháirtithe roghnaithe atá ar aon intinn leis a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athmheastóireacht agus athmheasúnú a dhéanamh ar chur chuige an Aontais i leith ghrúpa BRICS agus a chomhpháirtithe agus beartas ar leith de chuid an Aontais a fhorbairt i leith BRICS+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go láidir go ndéanfaí athbhreithniú ar chúnamh airgeadais ón Aontas do thríú tíortha chun a áirithiú nach dtacóidh sé le rialtais a chuireann i gcoinne luachanna Eorpacha, a scaipeann bolscaireacht frith-Iarthair, a thacaíonn le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a bhaineann an bonn den ord idirnáisiúnta atá ann faoi láthair a sheasann leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil éiginnteacht radacach agus aistriú ó chomhar go hiomaíocht fós ag baint leis an gcomhthéacs geopholaitiúil ina bhfuil an tAontas ag feidhmiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil gach cineál idirghníomhaíochta á úsáid mar arm agus ag tabhairt dá haire go gcuireann an treocht sin isteach ar an gcomhar idirnáisiúnta tráth nach mór dlús a chur le haistrithe domhanda chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin dhomhanda; á mheabhrú nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas iompú isteach chuige féin agus nach mór dó fanacht oscailte agus rannpháirteach ar domhan chun a luachanna agus a leasanna a chosaint; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise iarrachtaí treisithe ag tríú tíortha chun an t-ord idirnáisiúnta a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint ón iltaobhachas trí bhréagaisnéis a scaipeadh, tá comhar agus comhordú feabhsaithe le páirtithe atá ar aon intinn bunriachtanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh go dtacódh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit go gníomhach le hathchóiriú institiúideach cuimsitheach ar institiúidí iltaobhacha, ar an gcéad dul síos ar chóras na Náisiún Aontaithe agus go háirithe ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, inar cheart go n-áireofaí bearta lena ndírítear ar úsáid na gceart crosta a theorannú, borradh a chur faoin ionadaíocht réigiúnach, an comhlachta feidhmiúcháin a thabhairt chun cuntais don tionól a thoghann é, agus an comhdhéanamh a athshainiú chun an réaltacht gheopholaitiúil a léiriú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí shuíomh buan a bhunú don Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil na hathchóirithe sin bunriachtanach chun an t-iltaobhachas a neartú, rialú domhanda agus cinnteoireacht luachbhunaithe a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin idirnáisiúnta ar bhealach níos cuimsithí agus níos freagrúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag meabhrú a thábhachtaí atá comhpháirtíocht láidir agus chuiditheach leis an Ríocht Aontaithe, ní hamháin i bhfianaise Comhaontú Trádála agus Comhair cuimsitheach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a bheith ann, bunús luachanna comhroinnte amhail an daonlathas, agus tacaíocht don iltaobhachas agus do chearta an duine, ach freisin i bhfianaise raon feidhme na saincheisteanna leasa choitinn i réimsí amhail an chosaint, an aeráid agus an fuinneamh, bainistiú teorainneacha, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, an choireacht eagraithe agus cur chun cinn na síochána agus na cobhsaíochta; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an spreagadh athnuaite ó Rialtas nua na Ríochta Aontaithe machnamh a dhéanamh in éineacht leis an Aontas ar dheiseanna le haghaidh beartas eachtrach agus comhar slándála níos dlúithe, a bhfuil bearta nithiúla ina mbonn taca faoi agus ina dtógtar ar an dea-chomhar ar leibhéal na Náisiún Aontaithe agus ar an gcomhordú éifeachtach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar ghlacadh na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus ar fhaireachán ar a gcur chun feidhme; á chreidiúint go bhfuil luach breise ag an gcomhordú sin don Aontas agus don Ríocht Aontaithe araon, agus dá bhrí sin á chur in iúl gur geal léi an comhaontú chun oibriú i dtreo comhpháirtíocht slándála AE-RA a chruthú bunaithe ar leas comhroinnte agus ar fhreagracht chomhchoiteann; á chreidiúint, faoi raon feidhme na comhpháirtíochta sin, gur cheart comhairle a lorg ar thopaicí amhail an tslándáil mhuirí; á éileamh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go cuí sa mhachnamh sin agus ar an eolas go cuí faoi roimh an gCruinniú Mullaigh atá ar na bacáin idir an Ríocht Aontaithe agus AE agus ina dhiaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire toradh na dtoghchán uachtaránachta agus comhdhála sna Stáit Aontaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an luas tapa ag a bhfuil rialtas nua na Stát Aontaithe ag athrú comhpháirtíochtaí seanbhunaithe agus an traidisiúin taidhleoireachta go hiomlán; á chur in iúl gur cúis díomá di an beartas atá ann faoi láthair maidir leis an Rúis a cheansú agus díriú ar chomhghuaillithe traidisiúnta; á chur in iúl gur oth léi na barúlacha a thug Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe J.D. Vance le déanaí, ina gceistítear luachanna comhroinnte atá mar bhonn taca leis an gcomhpháirtíocht thrasatlantach; ag tabhairt rabhadh go bhfuil an rud is annamh, eadhon muinín as na Stáit Aontaithe, á chur i mbaol ag riarachán Trump trí bheartas chomh neamhiontaofa sin; á chreidiúint, mar sin féin, go bhfuil an caidreamh trasatlantach fós fíor-riachtanach do shlándáil na gcomhpháirtithe ar an dá thaobh den Atlantach agus gur fiú, dá bhrí sin, infheistíocht a dhéanamh ann; á mheas go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh leanúint de bheith i dteagmháil le contrapháirtithe de chuid na Stát Aontaithe ar leibhéal na cónaidhme agus ar leibhéal an stáit; ag spreagadh na mBallstát bealaí taidhleoireachta déthaobhacha a shaothrú le contrapháirtithe sna Stáit Aontaithe, toisc gurb é sin an fhormáid chomhair is fearr le riarachán na Stát Aontaithe, lena léirítear aontacht agus tiomantas do chomhsheasamh de chuid an Aontais; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go dtionólfaí cruinnithe mullaigh AE-SAM ar bhonn rialta chun spreagadh ar an leibhéal is airde a thabhairt i gcomhair comhar amach anseo; ag tacú go hiomlán le neartú an chomhair faoi chuimsiú na dialóige trasatlantaigh AE-SAM, amhail trí thaidhleoireacht pharlaiminteach thrasatlantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi cinneadh na Stát Aontaithe stop tobann a chur leis an gcuid is mó dá gcabhair dhaonnúil agus dá gcúnamh um fhorbairt, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don chabhair a chuir Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) ar fáil go dtí seo, rud a bhfuil éifeachtaí tubaisteacha aige ar bheatha lear mór daoine, ach a bhfuil baol ann freisin go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar chearta an duine agus ar an tslándáil dhomhanda; á aithint nach féidir leis an Aontas teacht in ionad USAID, ach gur gá dó acmhainní a ath-leithdháileadh go straitéiseach agus go cliste trí chur chuige Fhoireann na hEorpa chun tionchair a mhaolú, ar mhaithe leis na tíortha a ndéantar difear dóibh agus lenár leasanna féin; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún agus ó SEGS go bhfuil iarrachtaí ar bun chun go ndéanfar leachtacht a instealladh isteach i limistéir atá buailte go dona trí réamh-mhaoiniú a ath-imlonnú agus a mhéadú; ag moladh an chinnidh chun mapáil a thionscnamh ar leibhéal an Aontais, agus gur cheart éifeachtaí tánaisteacha a chur san áireamh freisin, agus á iarraidh go gcomhroinnfí na torthaí leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint; á iarraidh ar an gCoimisiún ráiteas a eisiúint ina ndéanfar breithniú ar fhreagairt iomlánaíoch an Aontais ar an ngéarchéim seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún naisc níos dlúithe a chothú le Ceanada chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda a dhéanann difear dár luachanna, dár leasanna, dár slándáil agus dár rathúnas comhroinnte; á chreidiúint, leis an idirphlé déthaobhach slándála agus cosanta chomh maith leis an gcomhpháirtíocht slándála agus cosanta atá ar na bacáin, go soláthraítear an bonn le haghaidh comhar feabhsaithe slándála agus cosanta, lena n-áirítear tionscnaimh faoi seach chun borradh a chur faoin táirgeadh sa tionscal cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag athdhearbhú, gan beann ar an bhfíoras  gur gá do na Ballstáit coincheap uathriail straitéiseach agus ullmhacht cosanta an Aontais a oibríochtú go hiomlán agus chuige sin infheistíochtaí comhpháirteacha dea-chomhordaithe a dhéanamh ina gcuid slándála agus cosanta leis an gcuspóir chun Aontas Cosanta Eorpach a bhaint amach atá idir-inoibritheach agus comhlántach le comhghuaillíocht ECAT, agus atá in ann gníomhú go neamhspleách i gcás inar gá; á mheas nach mór don Aontas gníomhú go práinneach chun a spleáchais ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú dá chumais chosanta, go háirithe do chumasóirí straitéiseacha, lena n-áiritheofar a shlándáil uathrialach féin; á mheabhrú gur sócmhainn straitéiseach é EDTIB do shlándáil agus do chosaint an Aontais agus dá bheartas eachtrach araon; á iarraidh go ndéanfaí comhpháirtíochtaí tionsclaíocha cosanta a neartú go suntasach agus go ndéanfaí an bonn tionsclaíoch atá ag comhpháirtithe iontaofa atá ar aon intinn léi a chomhtháthú in EDTIB, an Úcráin ar an gcéad dul síos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag spreagadh dlúthchaidrimh le tíortha in iarthar na hEorpa nach bhfuil san Aontas, go háirithe comhar i réimsí áirithe de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tabhairt i gcrích caibidlíochtaí ar phacáiste leathan beart don chaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis amach anseo ina léirítear cloch míle suntasach chun an dlúthchaidreamh atá ann cheana a thabhairt chun cinn agus a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis a nuachóiriú agus a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé caidreamh níos láidre leis an Iorua a chur chun cinn, go háirithe faoi chuimsiú na comhpháirtíochta slándála agus cosanta, chomh maith le bainistíocht chomhoibritheach scaireanna comhroinnte agus leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta seanbhunaithe; á iarraidh go síneofar go pras an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus Andóra agus San Mairíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fuinneamh nua sa chaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Airméin, a dtacaíonn na húdaráis in Eireaván go mór leis; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tacú go gníomhach le mian na hAirméine comhar méadaithe a bhaint amach leis an Aontas; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an obair nua a tosaíodh ar an gClár Oibre Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin, lena mbunaítear tosaíochtaí comhpháirteacha níos uaillmhianaí i ngach gné den chomhar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le gníomhaíochtaí Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach aige; á iarraidh ar EUMA leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid slándála atá ag teacht chun cinn ar an láthair, tuairisciú trédhearcach a chur ar fáil don Pharlaimint agus rannchuidiú go gníomhach le hiarrachtaí chun coinbhleachtaí a réiteach; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit sainordú EUMA a neartú, a mhéid a mhéadú agus síneadh a chur lena fhad; á iarraidh ar údaráis na hAsarbaiseáine aontú le misean sibhialtach mar sin a bheith ar a dtaobh den teorainn freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an tosaíocht san ord domhanda ag tiontú i dtreo an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus gur gá don Aontas a ról gníomhach agus a láithreacht sa réigiún sin a neartú chun a leasanna a chosaint, an chobhsaíocht a chur chun cinn agus chun cloí le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe; á athdhearbhú go bhfuil réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá síochánta, saor, cobhsaí agus riailbhunaithe ina leas Eorpach ríthábhachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an iomaíocht mhór cumhachta sa réigiún ag cur paraiméadair i bhfeidhm maidir le cumas an Aontais an t-iltaobhachas a chur chun cinn sa réigiún; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an Cruinniú idir an Áise agus an Eoraip fós faoi shrian mar gheall ar an teannas geopholaitiúil leis an Rúis; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, naisc feabhsaithe maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta a bheith ann le comhpháirtithe atá ar aon intinn sa réigiún i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí infheictheacht agus tionchar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chur chun cinn in éineacht lenár gcomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe an Astráil, an India, an Nua-Shéalainn, an Chóiré Theas, an tSeapáin agus an Téaváin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, an chomhpháirtíocht straitéiseach atá ag Aontas leis an tSeapáin, ar cheart an chomhpháirtíocht sin a bheith ina heiseamláir do chomhpháirtíocht dhéthaobhach thairbheach lena lamháiltear múnlú éifeachtach beartais i gcomhthéacsanna iltaobhacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tAontas agus an tSeapáin ag ceiliúradh 50 bliain dá gcaidrimh taidhleoireachta faoi seach in 2024 agus ag cur béim láidir ar spéis an Aontais an chomhpháirtíocht sin a neartú agus a leathnú go déthaobhach sna 50 bliain amach romhainn; á chur in iúl gur geal léi, chuige sin, an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) idir an tAontas agus an tSeapáin, a bhforálann an dara ceann acu, i measc nithe eile, do chomhairleoireacht ar fhorbairt a dtionscnamh cosanta faoi seach lena n-áirítear malartú faisnéise ar chúrsaí a bhaineann leis an tionscal cosanta, agus do phlé ar rannpháirteachas frithpháirteach féideartha ina dtionscnaimh cosanta faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur neartaigh dúshláin gheopholaitiúla leas comhroinnte an Aontais agus na hIndia maidir le slándáil, rathúnas agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú; á iarraidh go mbeadh cruinniú mullaigh ann idir an India agus an tAontas chun an caidreamh déthaobhach a choinneáil mar thosaíocht ar an gclár oibre; ag aithint gurb iad an t-athrú aeráide agus fás glas, digitiú agus teicneolaíochtaí nua, taighde agus forbairt, nascacht, trádáil agus beartas infheistíochta, eachtrach, slándála agus cosanta na príomhréimsí comhair; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh tacaíocht níos láidre ann ó na Ballstáit; á iarraidh chomh maith céanna ar na Ballstáit an comhar idir an India agus an tAontas maidir leis an tslándáil mhuir a shíneadh agus a leathnú mar fhreagra ar láithreacht na Síne sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ag teacht chun cinn; á thabhairt chun suntais gur gá dul i mbun plé leis an India ar a spleáchas láidir míleata ar an Rúis agus ar a soláthar teicneolaíochtaí ríthábhachta srianta don Rúis; ag tathant ar an India cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh agus páirt a ghlacadh i mbeartas smachtbhannaí an Aontais don Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á mheas gur comhpháirtí daonlathach tábhachtach í an India agus ag spreagadh don Aontas dul i mbun plé dian le rialtas na hIndia ar urramú chearta an duine agus an smachta reachta, go hinmheánach agus ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaí Straitéis 2018 an Aontais ar an India agus an Treochlár idir an tAontas agus an India do 2025 a chur chun feidhme go hiomlán agus dlúth-chomhordú a bheith ann le gníomhartha féin na mBallstát; á chur i bhfáth go háirithe gur gá sineirgí níos fearr a chur chun cinn sa bheartas eachtrach agus slándála trí shásraí dialóige atá ann cheana agus fóraim eile arna mbunú faoin Treochlár idir an tAontas agus an India do 2025; á chreidiúint gur cuireadh tús le caibidil nua i stair an chaidrimh idir an tAontas agus an India le cuairt chinniúnach Uachtarán an Choimisiúin agus Choláiste na gCoimisinéirí ar an India an 27 agus 28 Feabhra 2025 agus á athdhearbhú an nasc straitéiseach agus an acmhainneacht neamhshaothraithe atá ag baint leis; á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh clár oibre straitéiseach amach anseo idir an tAontas agus an India;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an tAontas tiomanta dá bheartas ‘an t-aon Sín amháin’ mar cheann de phrionsabail an chaidrimh idir an tAontas agus an tSín; á chur i bhfios go láidir gur príomh-chomhpháirtí daonlathach í an Téaváin don Aontas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á aithint a thábhachtaí atá an Téaváin maidir le slabhraí soláthair domhanda a áirithiú, go háirithe san earnáil ardteicneolaíochta, agus ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit páirt a ghlacadh i gcomhar níos dlúithe leis an Téaváin chun dlús a chur le naisc eacnamaíocha, trádála agus infheistíochta; ag spreagadh an Choimisiúin bearta ullmhúcháin a sheoladh, gan mhoill, le haghaidh caibidlíochtaí maidir le comhaontú infheistíochta leis an Téaváin; ag cur béim ar an bhfíoras nach nglacfar le haon iarracht ó réimis údarásacha chun forbairt an chaidrimh chairdiúil idir an tAontas agus an Téaváin a shrianadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag cáineadh go láidir briogadh míleata leanúnach na Síne i gcoinne na Téaváine agus ag athdhearbhú go ndiúltaíonn sí go láidir d’aon athrú aontaobhach ar an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> i gCaolas na Téaváine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú, trí chomharthaíocht shoiléir agus chomhsheasmhach, nach mbeidh glacadh le haon iarracht an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> i gCaolas na Téaváine a athrú go haontaobhach, go háirithe trí bhíthin fornirt nó comhéigin, agus go mbeidh costais arda ag baint léi; á thabhairt chun suntais nach bhfuil aon bhunús ag éilimh chríche na Síne sa dlí idirnáisiúnta agus nach féidir ach le rialtas na Téaváine, a toghadh go daonlathach, ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Téaváine; ag cáineadh, thairis sin, an bac arna chur ag an tSín ar rannpháirtíocht fhóinteach na Téaváine in eagraíochtaí iltaobhacha, amhail EDS, an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, tríd an saobhadh a dhéanann sí ar Rún 2758 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á iarraidh, dá réir sin, go dtacódh an tAontas agus a Bhallstáit le rannpháirtíocht fhóinteach na Téaváine in eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hathruithe is déanaí ar sheasamh intíre agus mhíleata na Síne ón 20ú comhdháil náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go léiríonn an tSín go bhfuil sé de rún aici, agus, níos mó ná riamh, go bhfuil an chumhacht eacnamaíoch, taidhleoireachta, theicneolaíoch agus mhíleata araon aici, chun tuiscint nua a chruthú ar an ord domhanda; á chur i bhfios go láidir gur fianaise de sin í an straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá don Aontas a bheith níos treallúsaí agus níos aontaithe ina chur chuige maidir leis an tSín agus dá bhrí sin á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis i leith na Síne a chuireann na beartais intíre atá ag éirí níos tíoránta, an beartas eachtrach treallúsach agus úsáid an chomhéigin eacnamaíoch mar mhodh trínar féidir leis an tSín a spriocanna a bhaint amach; á mheas, mar gheall ar na dúshláin a eascraíonn as teacht chun cinn na Síne mar ghníomhaí domhanda, go bhfuil gá le freagra ilghnéitheach cothromaithe atá ar aon dul leis an bprionsabal ‘déan comhar i gcás inar féidir, téigh in iomaíocht i gcás inar gá agus téigh i ngleic i gcás inar riachtanach’, trína gcoinníonn an tAontas rannpháirtíocht roghnaitheach leis an tSín mar chomhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil le roinnt príomh-shaincheisteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur bagairt í seasamh Dhaon-Phoblacht na Síne, atá ag éirí níos ionsaithí, ar an tsaoirse loingseoireachta agus go gcuireann sé an chobhsaíocht atá ríthábhachtach don trádáil dhomhanda i mbaol; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil líon méadaitheach comhpháirtithe atá ar aon intinn agus atá tiomanta do shíocháin agus cobhsaíocht sa réigiún, ag amharc ar an gcás sin; á chur i bhfios go láidir gur gá díspreagadh iompair díchobhsaithe a neartú, lena n-áirítear trí oibríochtaí rialta chun an tsaoirse loingseoireachta a dheimhniú thar iarrachtaí Dhaon-Phoblacht na Síne smacht a fhorchur ar uiscí agus aerspás idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go ndéanann an tSín, trí fhás na comhpháirtíochta straitéisí idir an tSín agus an Rúis, lena n-áirítear i réimsí na n-aistrithe teicneolaíochta agus acmhainneachta míleata, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a éascú (go hindíreach);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí sárú na Síne ar a gealltanais idirnáisiúnta, sáruithe na Síne ar na Dearbhuithe Comhpháirteacha idir an tSín agus an Bhreatain agus idir an tSín agus an Phortaingéil, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an prionsabal ‘tír amháin, dhá chóras’ agus Dlí Bunúsach Hong Cong chomh maith leis an gcniogbheartaíocht ar neamhspleáchas agus ar phearsana freasúra an réigiúin riaracháin speisialta, lena n-áirítear daoine den tsochaí shibhialta agus a mbaill teaghlaigh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar stádas uathrialach Hong Cong agus Macao i bhfianaise sháruithe na Síne ar na Dearbhuithe Comhpháirteacha idir an tSín agus an Bhreatain agus idir an tSín agus an Phortaingéil agus i bhfianaise na cniogbheartaíochta ar neamhspleáchas Hong Cong;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an sciar de gheilleagar an Aontais atá ag cuideachtaí Síneacha, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail monarú cadhnraí; á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le leanúint leis an mbeartas um laghdú rioscaí trí leanúint de spleáchas eacnamaíoch a laghdú in earnálacha ríthábhachtacha, ar aon dul le straitéis slándála eacnamaíche an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á athdhearbhú gur comhghuaillí ríthábhachtach é Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) chun iltaobhachas riailbhunaithe a threisiú; ag tacú le hiarrachtaí ASEAN caibidlíocht leis an tSín maidir le cód iompair éifeachtach agus substainteach i Muir na Síne Theas a thabhairt chun críche; ag spreagadh rannpháirtíocht fheabhsaithe agus comhar feabhsaithe ón Aontas le ASEAN agus iarrachtaí ar chomhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach, ar a dtógfaí ar naisc eacnamaíocha agus ar an bhfás inbhuanaithe, agus go háirithe ar an gcomhar polaitiúil i ndáil le cearta an duine agus leis an daonlathas; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do rialtas aontachta náisiúnta Mhaenmar agus go gcuirfí brú níos mó ar thíortha ASEAN chun bheith ar aon dul leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta in aghaidh ghiunta míleata Mhaenmar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit díriú ar chaidreamh déthaobhach le comhpháirtithe san Afraic, an Afraic Theas, Gána, Maracó, an Chéinia, an tSeineagáil agus an Mháratáin i measc comhpháirtithe eile, agus riachtanais agus leasanna frithpháirteacha á gcur san áireamh chun fíor-chomhpháirtíochtaí cothroma a chothú; á chreidiúint gur cheart an prionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’ a chomhtháthú go hiomlán sa chaidreamh le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad, trína bhforbraíonn an tAontas comhpháirtíochtaí níos láidre leis na tíortha sin a sheasann le prionsabail CBES agus an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), agus le bunluachanna an Aontais; á chur in iúl go gcreideann sí gur gá don Aontas béim leanúnach a choinneáil ar an Afraic, ar mórthír straitéiseach í cheana agus a bheidh ina gníomhaí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas a Mheabhrán Tuisceana ar amhábhair agus gach gné comhair mhíleata le Ruanda a chur ar fionraí, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus aon sásra eile, go dtí go gcuirfidh Ruanda deireadh lena thacaíocht neamhdhleathach do ghrúpaí armtha agus go dtí go n-urramóidh sé ceannasacht agus iomláine chríochach Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC); ag cáineadh na sáruithe arna ndéanamh ag reibiliúnaigh M23 ar cheannasacht agus iomláine chríochach oirthear PDC; ag cáineadh ghabháil Goma agus Bukavu ag grúpa armtha M23 agus a ionsaí leanúnach in Kivu Theas, a chuir leis an ngéarchéim dhaonnúil ghéar, agus a mhéadaigh an baol díchobhsú Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus cogadh réigiúnach iomlán a bheith ann; ag tacú le próiseas síochána Luanda Nairobi chun réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht a bhaint amach trí mhodhanna taidhleoireachta agus ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí leanúint d’fhor-rochtain taidhleoireachta ar an gcoinbhleacht agus ar pháirtithe réigiúnacha agus an brú a mhéadú ar pháirtithe dul i mbun caibidlíocht shíochánta an athuair, lena n-áirítear trí Chomhairliúcháin Slándála agus Cosanta AE le Ruanda a chur siar agus trí smachtbhannaí a ghlacadh ag brath ar an staid ar an láthair agus ar an dul chun cinn i bpróisis idirghabhála réigiúnacha leanúnacha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid dhaonnúil na mílte daoine easáitithe sa limistéar; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí dul i mbun gníomhaíochtaí soiléire i gcomhréir le straitéis an Aontais um na Mór-Lochanna chun cobhsaíocht a athbhunú agus chun comhoibriú le Misean Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MCENAC) chun sibhialtaigh in oirthear PDC a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir gur cuireadh ábhair imní in iúl mar gheall ar na forbairtí le déanaí sa Túinéis faoi chearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha, le tuairiscí ag léiriú trédhearcacht theoranta, rannpháirtíocht shrianta an fhreasúra agus iomaíocht pholaitiúil laghdaithe i dtoghchán na huachtaránachta; ag cur i bhfios go láidir go bhfuil tiomantas agus tacaíocht á dtabhairt ag an Aontas don Túinéis le linn na tréimhse seo íogaireachta polaitiúla agus socheacnamaíche, trí theagmháil a choinneáil ar leibhéil éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir go bhfuil leas díreach agus ríthábhachtach ag an Aontas i gcobhsaíocht, slándáil agus fás eacnamaíoch imchuach na Meánmhara agus Chomharsanacht an Deiscirt go forleathan; a mheabhrú gur seoladh Beartas Comharsanachta na hEorpa leis na cuspóirí inmholta chun cobhsaíocht, rathúnas agus dea-rialachas a chothú sa Mheánmhuir theas; ag aithint, áfach, gur léir sa lá atá inniu ann nach bhfuil a ionstraimí, cuspóirí agus prionsabail ar aon dul le fírinní an réigiúin reatha a thuilleadh; á chur in iúl gurb oth léi, beagnach 30 bliain tar éis Phróiseas Barcelona, mar a thugtar air, nach bhfuil cruthú limistéir rathúnais, cobhsaíochta agus saoirse comhroinnte le tíortha Meánmhara Chomharsanacht an Deiscirt bainte amach; á iarraidh ar an gCoimisiún Comhshocrú nua a thíolacadh do réigiún na Meánmhara; á chreidiúint gur cheart don Aontas agus do thíortha Chomharsanacht an Deiscirt meabhráin tuisceana a thabhairt chun críche arb é is aidhm leo cobhsaíocht, rathúnas agus cosaint chearta an duine a chur chun cinn, ar choinníoll go ndéanfar comhar i ndáil leis an imirce; á mheabhrú gur dúshlán leantach í an éagobhsaíocht agus an neamhshláine fós i gComharsanacht an Deiscirt le haghaidh bainistiú teorainneacha seachtracha Eorpacha; á argóint gur cheart don Aontas, agus tosaíocht á thabhairt aige do chaidrimh dhéthaobhacha le tíortha sa réigiún, leanúint de chomhar réigiúnach a chothú freisin trí chreatlaí atá ann cheana amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí; á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Coimisinéir a bheidh i gceannas ar an Réigiún Meánmhuirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá don Aontas a chomhar le tíortha Arabacha agus leis an Murascaill a neartú agus a dhaingniú, mar fhreagra ar na dúshláin phráinneacha gheopholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha atá ann don réigiún; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go dtabharfadh comhar feabhsaithe tosaíocht do réimsí ríthábhachtacha amhail imirce, an claochlú digiteach, slándáil, an t-aistriú glas agus malartú cultúrtha chun comhpháirtíocht athléimneach a thógáil; á iarraidh go mbeadh cur chuige straitéiseach ann a shocróidh rannpháirtíocht le gach tír chun forbairt inbhuanaithe agus comhthuiscint a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tabhairt i gcrích an Chéad Mhullaigh idir an tAontas Eorpach agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (GCC) agus á chreidiúint gur léirigh an mullach sin céim ríthábhachtach sa chaidreamh idir an tAontas agus a chomhpháirtithe ó GCC, ar cuireadh i bhfáth ann go bhfuil gealltanas frithpháirteach ann chun naisc a neartú feadh príomhréimsí straitéiseacha, eacnamaíocha agus cultúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le luachanna daonlathacha agus iad a chur chun cinn sa réigiún; ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar an bhfuathchaint, lena n-áirítear i gcoinne institiúidí Eorpacha, agus ionsaithe ar shaoirsí aonair agus ar an ord idirnáisiúnta, laistigh de na Ballstáit agus thar lear araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tíortha an Aontais, agus tíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib ar aon intinn agus go bhfuil luachanna, teangacha, stair, cultúr agus creidimh chomhchoiteanna acu, a d'fhágfadh go mbeidís ina gcomhpháirtithe i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu; á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún le blianta beaga anuas, rud a chruthaigh folús do thionchar na Síne agus na Rúise, atá ag fás; ag tathant ar thíortha ar fud Mheiriceá Laidineach dearcadh níos daingne a ghlacadh maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus SEGS taidhleoireacht réamhghníomhach a shaothrú sa réigiún, agus béim láidir á leagan ar an ord domhanda iltaobhach, an dlí idirnáisiúnta agus urraim don daonlathas agus do chearta an duine a chosaint; á thathant go dtabharfadh tionscnaimh iltaobhacha aghaidh ar an éagobhsaíocht pholaitiúil sna tíortha is míshocra sa réigiún, mar shampla in Háítí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur síníodh an Creat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile agus á iarraidh go ndaingneofaí é go tapa agus go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi, ar an gcaoi chéanna, gur tugadh i gcrích an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Domhanda nuachóirithe idir AE agus Meicsiceo, a d’fhógair an Coimisiún an 17 Eanáir 2025 agus a bhfuil a toiliú fós le tabhairt ag an bParlaimint ina leith; á thabhairt chun suntais go dtreiseodh an comhaontú comhpháirtíocht straitéiseach AE le Meicsiceo, agus aitheantas á thabhairt do ról ríthábhachtach na tíre i Meiriceá Laidineach agus dá huaillmhian trádáil agus comhpháirtíochtaí polaitiúla a éagsúlú chun spleáchas eacnamaíoch ar na Stáit Aontaithe a laghdú; ;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag cur sonrú i dtabhairt i gcrích an chomhaontaithe le Mercosur; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith aige ar chaighdeáin inbhuanaitheachta agus sábháilteachta an Aontais agus ar iomaíochas earnáil agraibhia an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir nach mór don Pharlaimint scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann an comhaontú caighdeáin inbhuanaitheachta an Aontais agus an gcomhlíonann sé prionsabal na cómhalartachta, sular féidir breithniú a dhéanamh ar dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur in iúl gur geall léi an cruinniú neamhfhoirmeálta idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) agus cur chun feidhme tionscnamh faoi Threochlár AE-CELAC 2023-2025 agus, i ndáil leis sin, á chur i bhfios go láidir gur gá treochlár nua uaillmhianach a ghlacadh ag an mullach in 2025, a leanann den chomhpháirtíocht a neartú agus a chuireann na dea-chleachtais atá bainte amach go fóill san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige níos déine a bheith ann maidir le foréigean in aghaidh chosantóirí an chomhshaoil agus dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais cuidiú le caomhnú na bithéagsúlachta agus oiriúnú don éigeandáil aeráide; á mholadh go neartófaí an comhar in aghaidh na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí, rud a bhfuil tionchar aige freisin ar an Aontas; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcomhar déréigiúnach sa chomhrac i gcoinne an fheiniméin seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tús áite a thabhairt le linn a téarma don obair le daonlathais atá ar aon intinn agus comhar agus comhairliúchán le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn a chórasú chun an daonlathas a chur chun cinn agus ullmhacht choiteann agus rochtain ar acmhainní freagartha ar ghéarchéimeanna a fheabhsú; ag athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, an mholta chun naisc a neartú le heagraíochtaí réigiúnacha amhail ASEAN agus an tAontas Afracach chun creatlaí slándála comhoibritheacha a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag athdhearbhú a tacaíochta don Chomhphobal Polaitiúil Eorpach mar ardán don phlé, don idirphlé agus don chomhar le comhpháirtithe Eorpacha maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil atá os ár gcomhair, agus é mar aidhm leis sin slándáil agus cobhsaíocht san Eoraip a neartú agus comhar polaitiúil agus slándála atá bunaithe ar leasanna comhroinnte a shaothrú; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go dlúth i soiléiriú raon feidhme agus obair an chomhphobail sin amach anseo; á chur i bhfios go láidir, ar mhaithe le rath agus comhleanúnachas na formáide sin amach anseo, go bhfuil leibhéal áirithe ailínithe maidir le luachanna agus prionsabail dhaonlathacha bunriachtanach; á athdhearbhú nach féidir leis an gComhphobal Polaitiúil Eorpach, in imthosca ar bith, a bheith ina chúinse le moilleanna ar aontachas thíortha an mhéadaithe leis an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chreidiúint freisin a thábhachtaí atá sé comhghuaillíochtaí nua a fhorbairt, inter alia leis na tíortha inár gcomharsanacht agus sa Domhan Theas, agus riachtanais agus leasanna frithpháirteacha á gcur san áireamh chun fíor-chomhpháirtíochtaí cothroma comhionanna a chothú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na comhaontuithe polaitiúla sin a bhunú le tríú tíortha, bunaithe ar luachanna coiteanna Eorpacha agus ar chearta bunúsacha; á iarraidh go bhfreagródh an tAontas d’ionchais na dtíortha comhpháirtíochta agus comhaontuithe polaitiúla leo a bhaint amach go tapa chun a léiriú gur comhpháirtí iontaofa agus straitéiseach é an tAontas agus a léiriú gur féidir leis an gcóras idirnáisiúnta riailbhunaithe dul i ngleic le dúshláin chomhaimseartha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach i mbunú agus i gcur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí um thrádáil agus infheistíocht ghlan a bheidh ann amach anseo, agus i bhfaireachán a dhéanamh orthu; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh tionscnaimh comhoibritheacha ann idir an tAontas agus tíortha an Domhain Theas chun géarchéim an fhiachais a mheasúnú agus dul i ngleic léi; ag tabhairt dá haire gur cheart go rannchuideodh comhaontuithe leis an Domhan Theas, go háirithe maidir le hamhábhair, le forbairt eacnamaíoch áitiúil seachas spleáchas a mhéadú agus cur le saothrú iomarcach acmhainní;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">Gníomhaíocht an Aontais thar lear a chothú </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí mar idirghabhálaí idir CBES agus caidreamh seachtrach an Aontais chun an leibhéal is airde comhordaithe agus comhleanúnachais i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá don Aontas feiceálacht agus éifeachtacht a ghníomhaíochta seachtraí agus iarrachtaí comhair forbartha a chothú, á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, i gcásanna áirithe, go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le hionadaíocht sheachtrach an Aontais, lena gcuirtear bac ar chumarsáid straitéiseach an Aontais thar lear; á chur i bhfáth gur gá inniúlachtaí an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí a shainiú go soiléir maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus ionadaíocht an Aontais ionas go bhfuil tuairim an Aontais comhleanúnach agus go measann a chomhpháirtithe amhlaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún a comhordú le SEGS a neartú i ngníomhaíocht sheachtrach, lena n‑áirítear trína áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 3.2 agus 9 de Chinneadh SEGS<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj?locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE> go hiomlán, a bhféadfaidh gur gá é a nuashonrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí SEGS – a cheanncheathrú agus toscaireachtaí an Aontais araon – a neartú trí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna a sholáthar ionas gur féidir leis an Aontas a bheith níos ullmhaithe do dhúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn; á iarraidh go mbeadh SEGS in ann a fhoireann taidhleoireachta bhuan don Aontas a roghnú agus a earcú agus cothromaíocht chothrom inscne agus gheografach a áirithiú i measc na mBallstát feadh gach leibhéil laistigh de SEGS; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tograí a chur le chéile go pras maidir le struchtúr oibríochtúil ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais amach anseo agus chuige sin moladh ón bParlaimint an 15 Márta 2023, ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 chuig an gComhairle agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina ndéantar breithniú ar fheidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú, IO C, C/2023/410, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/410/oj?locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur gá cumarsáid straitéiseach a neartú chomh maith le hobair an Aontais maidir le bréagaisnéis a fhritháireamh trí acmhainní tiomnaithe agus oifigí i réigiúin agus tíortha atá ábhartha ó thaobh straitéisí de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil leas straitéiseach ag an Aontais dul chun cinn a dhéanamh ar an bhforbairt inbhuanaithe, laghdú an bhochtanais agus an comhionannas domhanda, toisc go rannchuidíonn na hiarrachtaí sin leis an tsíocháin agus an tslándáil dhomhanda fhadtéarmach; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> a úsáid go héifeachtach agus go pras mar rogha mhalartach inbhuanaithe ar Thionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne agus mar ionstraim chun láithreacht agus infheictheacht an Aontais a mhéadú ar fud an domhain; á mheabhrú go dtuigtear gur coincheap straitéiseach é an tionscnamh <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> lena ndéantar beartas eachtrach, eacnamaíoch agus forbartha a chomhtháthú, lena n-áirítear na haistrithe aeráide agus digiteacha, chomh maith le hinfheistíocht i mbonneagar chun dlúth-chomhpháirtíocht a neartú bunaithe ar leasanna frithpháirteacha, forbairt eacnamaíoch agus slabhraí soláthair athléimneacha; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil comhordú le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, rannpháirtíocht dhea-shainithe na hearnála príobháidí agus cumarsáid straitéiseach shaincheaptha, lena n-áirítear sna tíortha faighteora, bunriachtanach chun go mbeidh an ionstraim in ann an scála inmhianaithe a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil roinnt tionscadal de chuid <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> á gcur chun feidhme ag cuideachtaí Síneacha, ar sárú é sin ar aidhmeanna agus cuspóirí an tionscnaimh, ina n-áirítear slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú agus forbairt eacnamaíocht, agus comhpháirtíochtaí le tríú tíortha atá chun tairbhe an dá thaobh, a chothú; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí faoi imscrúdú láithreach ar na cuideachtaí Síneacha seo atá rannpháirteach in <STRING ITALIC="on">Global Gateway</STRING> agus go ndéanfaí iad a bhaint; á chur i bhfáth gur cheart go gcomhlíonfaí tacaíocht an Aontais tionscnaimh eile amhail an Chomhpháirtíocht um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda, an Chonair Eacnamaíocht idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip agus Conair Lobito, agus gur cheart di díriú go háirithe ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag an bParlaimint in CBES, agus go rannchuidíonn sí go sonrach leis sin de bhua a taidhleoireachta parlaimintí agus a cuid ionstraimí, bealaí agus teagmhálacha ar leith, lena n-áirítear a cláir tacaíochta daonlathais, an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha, idirphlé rialta parlaiminteach agus toscaireachtaí oifigiúla; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé d’acmhainn mhór ag an taidhleoireacht pharlaiminteach príomh-gheallsealbhóirí polaitiúla a tharraingt isteach agus rialachas daonlathach a éascú; á chur i bhfáth, go háirithe, go bhfuil breisluach ag baint leis an taidhleoireacht pharlaiminteach le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, go bhfuil comhar luachmhar ann ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil idir Verkhovna Rada na hÚcráine agus Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chreidiúint go daingean gur cuid shuntasach de ghníomhaíocht an Aontais í an taidhleoireacht; á iarraidh, i bhfianaise an mhéid sin, go ndéanfaí forbairt bhreise ar thaidhleoireacht choisctheach an Aontais mar uirlis beartais sheachtraigh réamhghníomhach chun teacht roimh choimhlint idir páirtithe, chun idirghabháil a dhéanamh ina leith agus í a réiteach, á iarraidh ar SEGS uirlisí taidhleoireachta coiscthí an Aontais a chomhtháthú i sásraí agus gníomhaíochtaí coisc struchtúracha, amhail comhaontuithe polaitiúla i measc gníomhaithe éagsúla atá bainteach le coimhlintí, idirphlé náisiúnta le haghaidh an athmhuintearais, chothú na síochána agus an cheartais idirthréimhsigh, chomh maith le coimisiúin um fhírinne agus um athmhuintearas; ag tathant ar SEGS cleachtaí ar ‘ceachtanna a foghlaimíodh’ a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar iarrachtaí taidhleoireachta, réimsí feabhais a shainaithint agus dea-chleachtas a chomhtháthú i dtionscnaimh amach anseo; á iarraidh go ndéanfaí acmhainneachtaí SEGS i ndáil leis sin a mhéadú, go háirithe sna ranna ábhartha ullmhachta do ghéarchéimeanna agus freagartha ar ghéarchéimeanna; á chur i bhfáth gur gá buiséad ábhartha an Aontais a dhúbailt go práinneach laistigh den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus gníomhaíocht an Aontais a méadú go mór maidir le hidirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag athdhearbhú ról ionadaithe speisialta an Aontais, a chuireann beartais agus leasanna an Aontais chun cinn i réigiúin agus i dtíortha sonracha agus a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le CBES níos láidre agus níos éifeachtaí a fhorbairt trí láithreacht ghníomhach pholaitiúil a chur ar fáil don Aontas i bpríomhthíortha agus i bpríomhréigiúin, ag gníomhú dóibh mar ‘guth’ agus ‘aghaidh’ don Aontas agus dá bheartais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha a thabhairt d’ionadaithe speisialta an Aontais, lena gcumasaítear iad na cúraimí sin a chur chun feidhme go héifeachtach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh sainordú leathan solúbtha ag ionadaithe speisialta an Aontais, atá in ann dul in oiriúint do chúinsí geopholaitiúla atá ag teacht chun cinn chun beartais agus leasanna an Aontais a chur chun cinn i réigiúin shonracha agus i dtíortha sonracha agus ról gníomhach a bheith acu in iarrachtaí taidhleoireachta coiscthí; á áitiú nár cheart go ndéanfaí ionadaithe speisialta nua an Aontais a cheapadh ach amháin tar éis éisteacht sa Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfágann éilliú a bheith á dhéanamh gur féidir sáruithe a dhéanamh ar chearta an duine agus an bonn a bhaint ó phrionsabail dhaonlathacha agus ón smacht reachta agus gur measa iad dís mar gheall ar éilliú a bheith á dhéanamh; á iarraidh go dtabharfadh AE agus a Bhallstáit aghaidh ar bhaol an éillithe don chobhsaíocht, don rialachas agus don tsíocháin, agus na bagairtí sin ar leasanna AE agus ar rathúnas agus slándáil an domhain a chosc agus a chomhrac, go háirithe i gcomharsanacht thoir agus comharsanacht theas AE; ag moladh go n-oibreodh AE, a Bhallstáit agus a chomhghuaillithe agus a chomhpháirtithe i ndlúthchomhar le chéile nuair is féidir, chun dul i ngleic le héilliú sistéamach a fhágann cumhacht a bheith ag réimis uathlathacha, gur féidir tionchar mailíseach a imirt i bhfad is i ngearr, sochaithe a bheith ar díth acmhainní bunriachtanacha agus an bonn a bheith á bhaint ó luachanna daonlathacha, ó chearta an duine agus ón smacht reachta; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta agus ag iriseoirí neamhspleácha i dtíortha nach bhfuil san Aontas i ndáil le faireachán a dhéanamh ar éilliú agus é a nochtadh; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh AE creat frith-éillithe cuimsitheach, a chuirfí chun feidhme go pras, a ghlacadh faoi chuimsiú a bheartais eachtraigh, a chuimseodh córas smachtbhannaí AE, an treoir frithéillithe atá beartaithe agus mórstraitéis frithéillithe AE; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí bearta nithiúla agus forleathana a mholadh ina leith sin, agus ag tacú le forálacha frithéillithe a bheith ar áireamh i gcomhaontuithe trádála de chuid AE le tíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfios go láidir go bhfuil misean agus oibríochtaí ag an Aontas thar lear chun an tsíocháin, an tslándáil agus an dul chun cinn a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí an méid seo a leanas a dhéanamh:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na tograí le haghaidh na misean riachtanach de chuid CBES a sheoladh in 2025, trí Acmhainneacht Mhear-Imscartha (RDC) an Aontais a úsáid mar threisiú míleata coisctheach; á mheabhrú gur cheart an caiteachas riaracháin le haghaidh na mbeart sin, lena n-áirítear caiteachas cúltaca RDC, a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>oibriú leis an gCipir, leis an Tuirc, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Náisiúin Aontaithe chun bearta nithiúla a chur chun feidhme chun an crios maolánach sa Chipir a dhímhíleatú, agus chun feabhas a chur ar an tslándáil ar an oileán, i measc phobal Gréagach na Cipire agus i measc phobal Turcach na Cipire araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>tacú le ról méadaithe a bheith ag an dá mhisean CSDP de chuid an Aontais, EUPOL COPPS agus EUBAM Rafah, i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Márta 2024, ina meabhraítear gur féidir ról tábhachtach a bheith acu bunaithe ar phrionsabal réiteach an dá stát agus ar inmharthanacht Stát na Palaistíne a bheadh ann amach anseo, agus a bheith rannpháirteach i seachadadh cúnaimh dhaonnúil do Stráice Gaza a éascú, feabhas a chur ar éifeachtúlacht Údarás na Palaistíne sa Bhruach Thiar, agus ullmhú dá fhilleadh ar Stráice Gaza;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>na dálaí is gá a chruthú chun EUBAM Rafah a athghníomhachtú go hiomlán chun go mbeidh sé in ann gníomhú mar thríú páirtí neodrach ag pointe trasnaithe Rafah, i gcomhar le hÚdarás na Palaistíne agus le húdarás Iosrael agus údarás na hÉigipte; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go mbeidh treisiú raon feidhme agus shainorduithe EUPOL COPPS agus EUBAM Rafah ar an láthair ina phríomhthosaíocht sa straitéis idir an tAontas agus an Mheánoirthir atá ar na bacáin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>méadú breise a dhéanamh ar líon na mbreathnóirí arna n-imlonnú mar chuid de mhisean sibhialta an Aontais san Airméin ar an taobh Airméanach den teorainn idirnáisiúnta leis an Asarbaiseáin agus iarrataí ar an Asarbaiseáin dul i gcomhar leis an misean agus deireadh a chur lena feachtas clúmhillte ina aghaidh a athdhearbhú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>oibriú leis an Astráil, an Nua Shéalainn, Poblacht na Cóiré, an tSeapáin, an Téaváin agus ballstáit de ASEAN chun síocháin agus slándáil sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus san Áise Thoir Theas a éascú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>straitéisí a fhorbairt chun frithbheart a dhéanamh in aghaidh ionsaithe hibrideacha ar theorainn thoir an Aontais agus sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, go háirithe na hionsaithe sin a úsáideann an imirce mar oirbheart chun na Ballstáit a dhíchobhsú agus chun brú polaitiúil a chur orthu, na Ballstáit a spreagadh le dlúthpháirtíocht a léiriú leis na tíortha sin a bhfuil ionsaithe den sórt á déanamh orthu, amhail an Pholainn agus an Liotuáin, agus frithbhearta a mholadh i gcoinne Oileáin Chomóra as teacht i dtír ar rabhartaí imirce in Mayotte;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí obair leantach a dhéanamh ar shamplaí na ngníomhaíochtaí rathúla aslonnaithe sa tSúdáin agus ar shamplaí na cosanta consalaí treisithe, agus oibriú i dtreo córas cuimsitheach cosanta do shaoránaigh an Aontais thar lear; á chur i bhfáth gur féidir riosca a bheith ag baint leis an tionchar atá ag géarchéimeanna agus coimhlintí leantacha go gcuirfí ró-ualach ar acmhainneachtaí cosanta consalaí agus/nó cúnaimh consalaigh na mBallstát agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí acmhainneachtaí agus acmhainní Ionad SEGS um Fhreagairt ar Ghéarchéimeanna agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta; á mheabhrú go bhfuil seasamh seanbhunaithe aici chun leibhéal cosúil cosanta a chur i bhfeidhm don fhoireann áitiúil i dtoscaireachtaí an Aontais agus misin agus oibríochtaí CBES;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT>III.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An chéad CAI eile agus a fhormhaoirseacht pharlaiminteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gá le formhaoirseacht pharlaiminteach institiúidithe níos láidre ar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear rochtain rialta agus thráthúil, ach slán, ar fhaisnéis agus seisiúin faisnéise rúnda i bParlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 36 CAE; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le níos mó aiseolais ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ó SEGS faoi na bearta a rinneadh agus na héifeachtaí a baineadh amach, chun moltaí na Parlaiminte, arna leagan amach sna rúin ar chúrsaí a bhaineann le gnóthaí eachtracha, a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, in CBES, ina bhfuil CBSC, go bhfeidhmíonn Parlaimint na hEorpa a feidhm bhuiséadach i gcomhpháirt leis an gComhairle; á mheabhrú go bhfeidhmíonn Parlaimint na hEorpa feidhm an rialaithe pholaitiúil agus an chomhairliúcháin pholaitiúil maidir leis na beartais sin dá dtagraítear in Airteagal 36 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 41 CAE, gur cheart an caiteachas riaracháin agus oibríochtúil uile a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, seachas an caiteachas sin a eascraíonn as oibríochtaí ag a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur roghanna bunúsacha i gcónaí iad cinntí CBES nó CBSC lena mbaineann caiteachas do na beartais sin agus nach mór go mbeidís faoi réir formhaoirseacht pharlaiminteach; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí dul i gcomhairle leis an bParlaimint roimh chinntí CBES nó CBSC a mholadh, lena n‑áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht i gcomhréir le hAirteagal 36 CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil dlúthbhaint idir feidhmiú a feidhme buiséadaí ag an bParlaimint agus an fheidhm atá aici maidir le rialú polaitiúil agus comhairliúchán polaitiúil; á mheabhrú go mbunaítear le hAirteagal 36 CAE caidreamh sonrach idir an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus Parlaimint na hEorpa, ar réamhriachtanas é don Pharlaimint chun na feidhmeanna sin a fheidhmiú, agus gur cheart don Leas-Uachtarán/Ardionadaí tacú leis an bParlaimint i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach leor an buiséad do mhisin shibhialta CBSC; á mheabhrú gur méadaíodh líon agus cúraimí na misean sin, go bhfuil an timpeallacht slándála tar éis éirí níos dúshlánaí agus gur méadaíodh costas na n-oibríochtaí; ag tathant ar an gComhairle Eorpach méadú substaintiúil a dhéanamh ar chistiú CBES, curtha faoi cheannteideal ar leith do CBES Sibhialta agus Bainistiú Géarchéime. á iarraidh go n‑áiritheofaí úsáid níos éifeachtúla na gcistí arna ndáiltear ar mhisin shibhialta CBSC, chun a áirithiú gur féidir leis na misin sin freagairt go héifeachtach do chásanna géarchéime agus teagmhais gan choinne; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí teacht le tograí comhpháirteacha chuige sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur chúis mhór bhuartha di go bhfuil SEGS tearcmhaoinithe go struchtúrach agus go mbaineann sé seo le hiarmhairtí diúltacha dáiríre agus forleathan cheana féin do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus d’fheidhmiú institiúidí an Aontais sa réimse sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige sonrach i leith bhuiséad riaracháin SEGS agus á mheabhrú go bhfuil an baol ann go mbeadh tionchar dáiríre ag easpa gníomhaíocht cheartaitheach ar chaidreamh an Aontais le tríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a mheas ina thogra le haghaidh an chéad CAI eile faoi cheannteideal ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>acmhainneachtaí agus acmhainní láidre le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chuireann an t-ardán idirnáisiúnta atá ag éirí níos dúshlánaí agus níos dúshlánaí san áireamh, á mheabhrú i ndáil leis sin gur ríthábhachtach tacaíocht an Aontais do chearta an duine, don daonlathas agus don fhorbairt i dtríú tíortha a neartú tuilleadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>acmhainní do thaidhleoireacht dhigiteach an Aontais, i bhfianaise chomhthéacs reatha an dul chun cinn mhear sa teicneolaíocht agus na hiomaíochta geopholaitiúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>acmhainní don taidhleoireacht ghlas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>buiséad tiomnaithe do ghníomhaíochtaí beartais eachtraigh an Aontais maidir le comhionannas inscne agus an clár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, chun gnéithe inscne a chomhtháthú in iarrachtaí slándála taidhleoireachta agus daonna an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>acmhainní d’imscrúdú coisctheach ar thairbhithe féideartha chun a áirithiú nach dtacaíonn cistí an Aontais, go díreach ná go hindíreach, tionscadail ná litríocht a spreagann foréigean agus fuath faoi choinníoll ar bith, lena n-áirítear frith-Sheimíteachas, agus chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar gach faighteoir chistiú an Aontais dá réir sin;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thograí don chéad CAI eile a thíolacadh sa chéad seimeastar de 2025 chun go mbeidh dóthain ama ann chun na cláir a chaibidliú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hainmníocht bhuiséadach níos mionsonraithe san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus i mbuiséad CBES, lena lamháiltear don údarás buiséadach tosaíochtaí beartais agus geografacha a leagan síos faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn gach ábhar a ardaítear thuas freagairt iomchuí ón bhfeidhmeannas; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí freagairt d’iarrataí agus d’ábhair imní na Parlaiminte go pras agus i scríbhinn; á mheas nach féidir le ráitis ó bhéal sa choiste nó sa suí iomlánach a bheith ina bhfreagairt leordhóthanach ach amháin i gcásanna eisceachtúla nó práinneacha; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs dúshlánach geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le dlúthchomhar agus comhpháirtíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí; ag dréim le malartuithe níos córasaí sula nglacfar sainorduithe agus straitéisí CBES agus le sreabhadh faisnéise feabhsaithe maidir le caibidlíocht agus le cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta, chomh maith le meabhráin tuisceana; ag dréim leis, ina theannta sin, go ndéanfar an Pharlaimint a ionchorprú go héifeachtach ar fud bheartais sheachtracha agus ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus ar an gcaoi sin taidhleoireacht pharlaiminteach a shlógadh chun tacú le hiarrachtaí an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>