<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0058</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0011/2025 -  Rapóirtéir: Nicolás Pascual De La Parte)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2025 ar chur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2082(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Caibidil a Dó, Roinn a Dó de maidir le forálacha i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceannairí stáit nó rialtais an 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’</STRING> [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéisí slándála náisiúnta Bhallstáit an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhshocrú Sibhialtach CBSC – I dtreo misin shibhialtacha níos éifeachtaí, a d’fhormheas an Chomhairle an 22 Bealtaine 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 270, 18.10.2022, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1968/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1970 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 270, 18.10.2022, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1970/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2507 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 110, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2507/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 22, 24.1.2023, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/162/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/890 ón gComhairle an 18 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/890, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/890/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 185, 24.7.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1525/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh (COM(2023)0209),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 maidir le Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint (JOIN(2023)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2113, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2113/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh maoiniúcháin bliantúil, arb é an chéad chuid den chlár oibre bliantúil é le haghaidh chur chun feidhme an Chiste Eorpaigh Cosanta do 2024, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2023 (C(2023)4252),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gCur Chuige Comhtháite i leith Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha agus an 24 Eanáir 2022 maidir le staid slándála na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Granada a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceannairí stáit nó rialtais an 6 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena leathnaítear agus lena bhfeabhsaítear Coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe i Murascaill na Guine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Márta 2024, maidir leis an gcinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 maidir le slándáil agus cosaint an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal ‘An Plean Gníomhaíochta maidir le Soghluaisteacht Mhíleata 2.0’ (JOIN(2022)0048),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh (JOIN(2022)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta an hEorpa atá níos freagrúla agus níos athléimní’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Common Foreign and Security Policy Report – Our priorities in 2024’</STRING> [Tuarascáil maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála – Ár dtosaíochtaí in 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, ón iarrthóir ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an 18 Iúil 2024, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s choice’</STRING> [Rogha na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’ </STRING>[I bhfad níos mó ná margadh] agus go háirithe don roinn dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Promoting peace and enhancing security: towards a Common Market for the defence industry’</STRING> [An tSíocháin a chur chun cinn agus an tslándáil a fheabhsú: i dtreo Cómhargadh don tionscal cosanta], a foilsíodh i mí Aibreáin 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa agus do Chaibidil a Ceathair di maidir leis an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together: Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile: Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta a shínigh an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv faoi seach an 21 Bealtaine 2024, agus a shínigh an tAontas Eorpach agus an Iorua an 28 Bealtaine 2024, a shínigh an tAontas agus an tSeapáin an 1 Samhain 2024, a shínigh an tAontas agus an Chóiré Theas an 4 Samhain 2024, a shínigh an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh an 19 Samhain 2024, a shínigh an tAontas agus an Albáin agus an 18 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, go háirithe d’Airteagal 2(4) de lena dtoirmisctear forneart a úsáid agus d’Airteagal 51 maidir leis an gceart bunúsach féinchosanta aonair agus comhchoiteann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rúin 1325 (2000) an 31 Deireadh Fómhair 2000, 1889 (2009) an 5 Deireadh Fómhair 2009, 2122 (2013) an 18 Deireadh Fómhair 2013, 2242 (2015) an 13 Deireadh Fómhair 2015 agus Rún 2493 (2019) an 29 Deireadh Fómhair 2019 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus do Rúin 2250 (2015) an 9 Nollaig 2015, 2419 (2018) an 6 Meitheamh 2018 agus 2535 (2020) an 14 Iúil 2020 maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development’</STRING> [I mbun Athrú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhshocrú don Todhchaí agus do Chaibidil a Dó de maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, a ghlac cinn stáit nó rialtais Bhallstáit na Náisiún Aontaithe an 23 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh an Atlantaigh Thuaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú ó Chruinniú Mullaigh Mhaidrid a ghlac cinn stáit agus rialtais ECAT ag cruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choincheap Straitéiseach ECAT 2022 agus do Communiqué Chruinniú Mullaigh Vilnias 2023 ECAT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don na trí dhearbhú chomhpháirteacha maidir leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT a síníodh an 8 Iúil 2016, an 10 Iúil 2018 agus an 10 Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don naoú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tacair chomhchoitinn de thograí a d’fhormhuinigh Comhairlí an Aontais Eorpaigh agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017, arna dtíolacadh go comhpháirteach ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) agus Ard-Rúnaí ECAT do Chomhairlí an Aontais Eorpaigh agus ECAT an 13 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh Washington a ghlac cinn stáit agus rialtais ECAT ag cruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Maidrid an 10 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais i ndiaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 136.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 maidir le straitéis nua an Aontais Eorpaigh don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2022 maidir le haitheantas a thabhairt do Chónaidhm na Rúise mar urraitheoir stáit ar an sceimhlitheoireacht<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1226, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1226/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis 2 bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6745, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6745/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Iúil 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6129, 22.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6129/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Meán Fómhair 2024 maidir le tacaíocht leanúnach airgeadais agus mhíleata ó Ballstáit an Aontais don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7214, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7214/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 ar impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5719, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5719/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 22 Deireadh Fómhair 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/488, 29.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/488/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le míthuiscint ag Daon-Phoblacht na Síne ar rún 2758 ó na Náisiúin Aontaithe agus maidir lena briogadh míleata leanúnach mórthimpeall na Téaváine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/487, 29.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/487/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phlean buachana na hÚcráine a chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, faoi bhráid na Comhairle Eorpaí an 17 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ReArm Europe an 4 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Pháipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030, mar a tíolacadh ar an 19 Márta 2025 é (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Beart Slándála don Eoraip (SAFE) tríd an Ionstraim um Thionscal Cosanta na hEorpa a atreisiú (COM(2025)0122),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Freastal ar chaiteachas cosanta méadaithe laistigh den Chonair Cobhsaíochta agus Fáis’ (C(2025)2000),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na hóráidí agus na ráitis a rinneadh ag Comhdháil Slándála München an 14-16 Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú na gceannairí i Londain an 2 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phleananna ón gCoimisiún le haghaidh Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0011/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil meath tagtha ar an tsíocháin agus ar an tslándáil dhomhanda le bliain anuas, mar thoradh, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ar choinbhleacht, ar iomaíocht gheopholaitiúil, ar mhíleatú atá ag dul i méid agus ar bhagairtí hibrideacha, mar atá measta ag Innéacs na Normainne 2024<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar, <STRING ITALIC="on">Mapping threats to peace and democracy worldwide – Normandy Index 2024</STRING> [Bagairtí ar an tsíocháin agus ar an daonlathas ar fud an domhain a mhapáil – Innéacs na Normainne 2024], Parlaimint na hEorpa, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, iarrachtaí armála leanúnacha agus comhar armála le cumhachtaí forlámhacha eile lena sáraítear go mór stoic agus acmhainneachtaí táirgeachta na hEorpa, agus rogha réimeas na Rúise an bonn a bhaint ón ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus ó ollstruchtúr slándála na hEorpa agus cogadh a fhearadh ar thíortha na hEorpa nó féachaint lena ndíchobhsú chun a fís impiriúil den domhan a bhaint amach, ina bagairt is tromchúisí agus gan fasach ar an tsíocháin dhomhanda, agus ar shlándáil agus ar chríoch an Aontais agus a Bhallstát; de bhrí go dtáirgeann an Rúis trí mhilliún sliogán airtléire in aghaidh na bliana faoi láthair, agus go bhfuil sé mar aidhm ag uaillmhian dhearbhaithe an Aontais laistigh dá chéad Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIS) acmhainneacht táirgeachta dhá mhilliún sliogán in aghaidh na bliana a bhaint amach faoi dheireadh 2025; de bhrí go bhfuil réimeas na Rúise ag neartú a nasc le ceannaireacht uathlathach na Síne, na hIaráine agus na Cóiré Thuaidh chun a chuspóirí a ghnóthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go léiríonn ráitis le déanaí ó chomhaltaí de rialtas na Stát Aontaithe, in éineacht leis an mbrú trom a chuir ceannaireacht na Stát Aontaithe ar an Úcráin, athrú ar bheartas eachtrach na Stát Aontaithe, ós rud é go bhfuil riarachán Trump ag moladh go ndéanfaí na naisc leis an Rúis a normalú agus go bhfuil sé ag éirí níos soiléire gur gá don Eoraip a slándáil agus a cosaint a neartú chun go mbeidh sí in ann cabhrú leis an Úcráin agus í féin a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an Aontas freisin ar an raon is éagsúla agus is casta de bhagairtí neamh-mhíleata ó bunaíodh é, ar bagairtí iad atá níos measa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, ionramháil agus trasnaíocht eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), cibirionsaithe, brú eacnamaíoch, dúmhál bia agus fuinnimh, ionstraimiú na himirce agus tionchar polaitiúil treascrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndearna an Rúis ionradh agus ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus ar réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia san Úcráin; de bhrí nach mór na cumais mhíleata is gá a chur ar fáil don Úcráin chomh fada agus a thógann sé uirthi bua míleata cinntitheach a bhaint amach, deireadh a chur le cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise, a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus aon fhogha amach anseo a dhíspreagadh; de bhrí go bhfuil an Úcráin freisin, agus í á cosaint féin, ag cosaint luachanna Eorpacha agus príomhleasanna slándála na hEorpa agus ag troid ar son na luachanna agus bpríomhleasanna sin; de bhrí go bhfuil réigiúin na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia agus réigiún Tras-dnístria na Moldóive fós faoi fhorghabháil neamhdhleathach ag an Rúis;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil rialtas nua na Stát Aontaithe ag iarraidh go gníomhach go nglacfadh an Rúis le comhaontú síochána ach, in ainneoin dhá ghlao gutháin idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Putin, an 12 Feabhra agus an 18 Márta 2025, chomh maith le roinnt babhtaí de chaibidlíocht dhíreach idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach, gur sheachain an Rúis freagra a thabhairt go soiléir go dtí seo ar aon togra maidir le sos comhraic agus go bhfuil coinníollacha socraithe aici go comhsheasmhach maidir le sos comhraic; de bhrí, in ainneoin an cháinte a rinne sé arís agus arís eile, nach ndearnadh ionadaíocht leormhaith ar AE go dtí seo ag an gcaibidlíocht maidir le sos comhraic agus síocháin san Úcráin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, agus í á spreagadh ag an uaillmhian a bheith ina sárchumhacht dhomhanda, go bhfuil creimeadh á dhéanamh ag an tSín ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe trí bheartais eacnamaíocha agus iomaíochta eachtracha agus naimhdeacha a shaothrú go teanntásach agus trí earraí dé-úsáide a úsáideann an Rúis ar an láthair chatha i gcoinne na hÚcráine a onnmhairiú, lena gcuirtear, dá bhrí sin, leasanna na hEorpa i mbaol; de bhrí go bhfuil an tSín í féin freisin go láidir i mbun armáil mhíleata, agus úsáid á baint aici as a cumhacht eacnamaíoch chun cáineadh a dhéantar uirthi ar fud an domhain a phlúchadh, agus go bhfuil sí ar a dícheall ag iarraidh í féin a dhearbhú mar an chumhacht cheannasach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí go bhfuil an tSín, trí ghéarú ar a gníomhaíochtaí bagracha ionsaitheacha i gcoinne roinnt dá comharsana, go háirithe i gCaolas na Téaváine i Muir na Síne Theas, ina baol don tslándáil réigiúnach agus dhomhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil insint mhalartach curtha chun cinn ag an tSín le blianta fada, lena dtugtar dúshlán chearta an duine, luachanna daonlathacha agus na margaí oscailte i bhfóraim iltaobhacha agus idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil bac curtha ag tionchar méadaitheach na Síne in eagraíochtaí idirnáisiúnta ar dhul chun cinn dearfach agus go bhfuil an Téaváin eisiata tuilleadh ó bheith rannpháirteach go cuí agus go fónta sna heagraíochtaí sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil meath tagtha ar thimpeallacht slándála an Aontais, ní hamháin in Oirthear na hEorpa, ach ina chomharsanacht theas agus níos faide i gcéin freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an mbaol a bhaineann le coimhlint mhíleata réigiúnach sa Mheánoirthear mar gheall ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha atá déanta ag Hamas i gcoinne Iosrael, ar an gcogadh leanúnach in Gaza agus ar na hoibríochtaí míleata i gcoinne Hezbollah ar chríoch na Liobáine, agus go bhfuil an baol ann go rachaidh cúrsaí in olcas sa réigiún chomh hard agus a bhí le blianta fada anuas; de bhrí go bhfuil na hionsaithe leanúnacha sa Mhuir Rua a sheoltar ó limistéir Éimin atá faoi smacht ag na Houthi, le tacaíocht ón Iaráin, agus na fuadaigh atá á ndéanamh ag foghlaithe mara Somálacha ar shoithí tráchtála ón Muir Rua go hiarthuaisceart an Aigéin Indiaigh ina mbagairt shuntasach ar an tsaoirse loingseoireachta, an tslándáil mhuirí agus an trádáil idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil ionsaithe breise ag mílístí éagsúla san Iaráic agus sa tSiria, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, ag cur tuilleadh le baol an ghéaraithe réigiúnaigh; de bhrí go bhfuil a oibríocht mhíleata féin, EUNAVFOR ASPIDES, seolta ag an Aontas chun feabhas a chur ar staid na slándála sa limistéar;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil bagairtí éagsúla ar a slándáil os comhair thíortha chomharsanacht an oirthir agus na mBalcán Thiar agus go bhfuil tionchar diúltach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine orthu, chomh maith le teanntás méadaithe na ngníomhaithe réigiúnacha agus domhanda, amhail an tSín; de bhrí go bhfuil bagairtí díchobhsaithe, go háirithe, roimh an gCosaiv agus an tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go mbaineann rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an Aontais agus dá leasanna eacnamaíocha agus trádála le tionchar tubaisteach na gcogaí a bhí ann agus atá fós ar bun, na héagobhsaíochta, na neamhshláine, na bochtaineachta agus an athraithe aeráide i réigiún na Saiheile agus in oirthuaisceart na hAfraice agus sa Libia; de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an éagobhsaíocht agus an neamhshlándáil i gcomharsanacht an deiscirt agus i réigiún na Saiheile agus go bhfuil sé fós ina dhúshlán leanúnach do bhainistiú teorainneacha seachtracha an Aontais; de bhrí go bhfuil Misean Cúnaimh Teorann an Aontais sa Libia agus EUNAVFOR MED Oibríocht IRINI ag rannchuidiú leis an tsíocháin, an tslándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe tríd an trádbhac arm a chur chun feidhme, lena ndéantar airm aindleathacha agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus oiliúint a chur ar gharda cósta na Libia;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil cuid den Chipir, Ballstát de chuid an Aontais, fós faoi fhorghabháil neamhdhleathach ag an Tuirc;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil an réigiún Artach ag éirí níos tábhachtaí don gheopholaitíocht, don fhorbairt eacnamaíoch agus don iompar, bíodh go bhfuil dúshláin os a chomhair, ag an am céanna, a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an míleatú agus leis an imirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil bearna infheistíochta ann mar thoradh ar thearcinfheistíocht i gcosaint ag Ballstáit an Aontais san am a chuaigh thart; de bhrí go bhfuil na Ballstáit comhaontaithe i dtaobh caiteachas cosanta méadaithe, feabhsaithe agus níos cliste a bheith ann; de bhrí, in 2024, go rabhthas ag dréim leis go ndéanfadh 16 Bhallstát an Aontais ar comhghuaillithe ECAT iad freisin, i gcomparáid le naoi mBallstát in 2023, treoirlínte ECAT a shárú chun 2 % ar a laghad dá nOlltáirgeacht Intíre (OTI) a chaitheamh ar chosaint; de bhrí go measann líon méadaitheach saineolaithe gur cuspóir riachtanach iad infheistíochtaí cosanta 3 % de OTI i bhfianaise gur bagairt dhíreach í an Rúis ar an Aontas agus ar a Bhallstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, in 2023, gur thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle comhaontuithe i gcrích maidir le tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú tríd an ngníomh soláthair comhoibríoch (EDIRPA) agus tríd an nGníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlón (ASAP), arb é is aidhm dóibh, mar bhearta gearrthéarmacha agus éigeandála, soláthar comhpháirteach táirgí cosanta a spreagadh, acmhainneacht táirgeachta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, stoic laghdaithe a athshlánú agus ilroinnt in earnáil an tsoláthair cosanta a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur eisigh an Coimisiún tograí in 2024 chun Straitéis um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIS) agus Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) a bhunú, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar chumais slándála agus cosanta an Aontais a uasghrádú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le comhchultúr straitéiseach, braistint bagartha comhroinnte agus réitigh a fhorbairt agus a chomhcheangal i bprionsabail agus i gcoincheapa chun cumais chosanta a fhorbairt agus iad a chur in oiriúint do riachtanais mhíleata;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil feidhm ag an eisceacht ó phrionsabal cistiúcháin bhuiséad an Aontais a leagtar amach in Airteagal 41(2) CAE i leith caiteachas a eascraíonn as oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta amháin acu; de bhrí, i ngach cás eile, gur cheart don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, in éineacht leis an gCoimisiún, i gcás inar gá, a mholadh go ndéanfaí caiteachas a bhaineann le CBES nó CBSC a mhaoiniú trí bhuiséad an Aontais; de bhrí go mbunaítear le hAirteagail 14(1) agus 16(1) CAE cothromaíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmeanna buiséadacha; de bhrí nach léiríonn an cleachtas reatha an chothromaíocht sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go dtugtar chun suntais i dtuarascáil Draghi meascán de laigí struchtúracha a dhéanann difear d’iomaíochas Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) de chuid an Aontais, agus go sainaithnítear ann ilroinnt, caiteachas cosanta poiblí neamhleor agus rochtain theoranta ar mhaoiniú; de bhrí go n-eisiatar le beartas iasachtaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) maoiniú armlóin agus arm, chomh maith le trealamh nó bonneagar atá tiomnaithe go heisiach d’úsáid mhíleata agus phóilíneachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil ón Uasal Niinistö nach bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ullmhaithe go hiomlán fós do na cásanna géarchéime trasearnála nó iltoiseacha is tromchúisí, go háirithe i bhfianaise na timpeallachta seachtraí atá ag dul in olcas tuilleadh; de bhrí go luaitear sa tuarascáil go bhfuil go leor bagairtí ag tarlú go leanúnach cheana féin; de bhrí go n-áitíonn sí go bhfuil gá le hullmhacht chun a chur in iúl do na céilí comhraic a d’fhéadfadh a bheith ann nach mbeidh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar an Aontas Eorpach; de bhrí gur saoth léi nach bhfuil plean comhchoiteann ag an Aontas i gcás ionsaí armtha agus á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a sainíonn sé a shlándáil; de bhrí go gcuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh an tAontas ullamh chun gníomhú chun tacú le Ballstát i gcás ionsaí armtha seachtrach agus a thábhachtaí atá sé acmhainneacht an Aontais a scaoileadh tuilleadh le haghaidh comhar sibhialta-míleata feabhsaithe agus bonneagar agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, trí úsáid acmhainní ganna a bharrfheabhsú agus trí shásraí comhordúcháin do na géarchéimeanna is tromchúisí a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar ag comhtháthú na hintleachta saorga i réimse na slándála agus na cosanta, lena n-áirítear teicneolaíochtaí arm, ar oibríochtaí míleata trí chórais uathrialacha, anailísíocht thuarthach agus cumais chinnteoireachta fheabhsaithe a chumasú chun ról suntasach a bheith acu i láithreacha catha; de bhrí go bhfuil deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus rioscaí móra ag baint leis an bhforbairt sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil 13 mhisean shibhialtacha, ocht n-oibríocht mhíleata agus aon mhisean sibhialtach-míleata amháin ar siúl ag CBSC le thart ar 5 000 pearsanra atá imscartha ar thrí mhór-roinn; de bhrí go luaitear in athbhreithnithe ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go bhfuil na misin agus na hoibríochtaí sin ag fulaingt go leanúnach toisc nach gcomhlíonann na Ballstáit a ngealltanais maidir le pearsanra leordhóthanach míleata nó sibhialtach a chur ar fáil; de bhrí gur ann d’easpa cinnteoireacht mhear i gcás na misean agus na n-oibríochtaí sin freisin agus go mbíonn siad in anchaoi ag an easpa solúbthachta agus oiriúnaithe do na riachtanais shonracha áitiúla ar an láthair; de bhrí go gcuireann na bacainní sin teorainn le héifeachtacht fhoriomlán mhisin agus oibríochtaí CBSC; de bhrí go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an Chompáis Straitéisigh misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata CBSC de chuid an Aontais a threisiú trí shainorduithe níos láidre agus níos solúbtha a chur ar fáil dóibh, lena ndéantar próisis chinnteoireachta níos gasta agus níos solúbtha a chur chun cinn agus lena n-áirithítear dlúthpháirtíocht airgeadais níos fearr; de bhrí gur minic bagairtí hibrideacha a bheith dírithe ar mhisin agus oibríochtaí CBSC de chuid an Aontais, lena n-áirítear bréagaisnéis, lena ndéantar a n-éifeachtacht a chur i mbaol a mhéid a bhaineann leis an tíortha ina bhfuil siad imscaradh a chobhsú agus, a dhéanann, ina ionad sin, an éagobhsaíocht atá ann cheana a threisiú, rud a théann chun tairbhe go minic do ghníomhaithe neamhstáit mailíseacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go ndéanann misin agus oibríochtaí CBSC athléimneacht agus cobhsaíocht chomharsanacht na hEorpa a neartú go mór, amhail sa Mheánmhuir, sna Balcáin Thiar, i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, i réigiún na Saiheile agus i gCorn na hAfraice, trí sheirbhísí a sholáthar amhail seirbhísí míleata, póilíneachta, garda cósta, oiliúint bainistithe teorainneacha agus fothú acmhainneachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go gcuirtear cúnamh an Aontais do gharda cósta na Libia ar fáil trí Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) agus trí EUNAVFOR MED Oibríocht IRINI; de bhrí gurb é príomhsprioc EUNAVFOR MED IRINI tacú le cur chun feidhme thrádbhac arm Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an Libia; de bhrí gur chuir Comhairle an Aontais Eorpaigh síneadh le sainordú EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2025, lena n-áirítear an cúram oiliúint a chur ar gharda cósta agus ar chabhlach na Libia;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go leagtar amach le hoibríocht EUFOR Althea conair i dtreo na síochána, na cobhsaíochta agus lánpháirtiú Eorpach na Boisnia agus na Heirseagaivéine, agus go bhfuil ról ríthábhachtach aici fós maidir le slándáil agus cobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an réigiúin a áirithiú; de bhrí, go luath i mí an Mhárta 2025, gur imscaradh 400 saighdiúir breise chun tacú le EUFOR Althea i bhfianaise éiginnteacht mhéadaithe sa tír tar éis rialú Chúirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcás Milorad Dodik an 26 Feabhra 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, an 17 Bealtaine 2024, gur chuir an tAontas deireadh le sainordú Mhisean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUTM); de bhrí, an 30 Meitheamh 2024, gur chuir sé deireadh le sainordú mhisean comhpháirtíochta míleata an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUMPM) agus an 30 Meán Fómhair 2024, gur chuir sé deireadh le misean pearsanra ar an talamh ó Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger);
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go ndéanfaidh an tAontas Eorpach EUR 1,5 billiún a leithdháileadh don tréimhse 2021-2027 chun tacú le coinbhleachtaí a chosc, leis an tsíocháin agus le tionscnaimh slándála ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach san Afraic fho-Shahárach; de bhrí go gcuirtear tacaíocht bhreise ar fáil san Afraic freisin faoin tSaoráid Eorpach Síochána (EPF), lena gcuirtear ar chumas an Aontais gach cineál trealaimh agus bonneagair a sholáthar d’fhórsaí armtha chomhpháirtithe an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionsaithe hibrideacha méadaitheacha ag tarlú ar chríocha an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear FIMI, insíothlú polaitiúil agus sabaitéireacht, arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint ó dhíospóireacht pholaitiúil fhónta agus ó mhuinín shaoránaigh an Aontais as institiúidí daonlathacha, chomh maith le deighiltí a chruthú i sochaithe na hEorpa agus idir náisiúin; de bhrí, sna blianta amach romhainn, go mbeidh méadú ar an úsáid a bhainfear as meascán córasach de chogaíocht faisnéise, d’ainliú solúbtha fórsa, de chibearchogaíocht ollmhór agus de theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus de theicneolaíochtaí suaiteacha, ó ghrinneall na farraige go dtí an spás i gceist le bagairtí hibrideacha, leis an imscaradh a dhéanfar ar ardchóras faireachais agus ionsaithe spásbhunaithe, a gcumasófar iad go léir le hardintleacht shaorga (IS), ríomhaireacht chandamach, teicneolaíochtaí saithe dróin atá ag éirí níos cliste, cibearchumais ionsaitheacha, córais diúracáin hipearsonacha, agus nanateicneolaíocht agus bithchogaíocht; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an Rúis agus ag an tSín go bhfuil méadú tagtha ar úsáid uirlisí hibrideacha chun an bonn a bhaint ó shlándáil agus ó chobhsaíocht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go mbaineann Cónaidhm na Rúise úsáid as cuideachtaí míleata príobháideacha (PMCanna), amhail Cór na hAfraice agus an Grúpa Wagner, mar chuid de bhosca uirlisí cogaíochta hibridí chun séanadh sochreidte a choinneáil, agus tionchar á imirt aici ar réigiúin éagsúla agus rochtain á fáil aici ar acmhainní nádúrtha agus ar bhonneagair ríthábhachtacha; de bhrí go dtuairiscítear go bhfuil ainghníomhartha déanta ag Cór na hAfraice agus ag an nGrúpa Wagner san Úcráin, i Mailí, sa Libia, sa tSiria agus i bPoblacht na hAfraice Láir; de bhrí go bhfuil meon frith-Eorpach curtha i dtreis ag Cónaidhm na Rúise, go háirithe i dtíortha ina bhfuil láithreacht láidir ag an Aontas nó a dhéanann misin CBSC a óstáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, an 7 Márta 2024, go ndeachaigh an tSualainn isteach in ECAT mar chomhalta nua, i ndiaidh don Fhionlainn teacht isteach in 2023; de bhrí go bhfuil comhar slándála agus cosanta le comhpháirtithe agus comhghuaillithe ríthábhachtach d’uaillmhian an Aontais a bheith ina sholáthraí slándála idirnáisiúnta agus gurb ionann é agus colún lárnach de CBES; de bhrí go bhfuil comhar leis na Náisiúin Aontaithe, ECAT, leis an Aontas Afracach, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), chomh maith le go leor comhghuaillithe agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an Úcráin, an Mholdóiv, tíortha na mBalcán Thiar, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus tíortha áirithe i Meiriceá Laidineach, as measc tíortha eile, ríthábhachtach chun CBSC a chur chun feidhme go rathúil;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na hiarmhairtí do shlándáil na hEorpa a bhaineann le paraidím gheopholaitiúil atá ag athrú </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth a thromchúisí atá na bagairtí ar shlándáil mhór-roinn na hEorpa, a bhfuil leibhéal nach bhfacthas a leithéid riamh cheana bainte amach acu ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá ag teacht ar scoilteanna geopholaitiúla, uaillmhianta impiriúla nua agus athnuaite maidir le forlámhas ag cumhachtaí forlámhacha, iomaíocht shistéamach cumhachtaí móra, aontaobhachas náisiúnach, leathadh na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht jiohádach, easáitiú éigeantach sibhialtach agus díriú d’aon ghnó ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar, agus úsáid phríomhúil agus mhéadaitheach fornirt agus foréigin ag gníomhaithe neamhstáit mailíseacha chun a gcuspóirí agus a leasanna polaitiúla a chur chun cinn nó chun díospóidí a réiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, gur cúis mhór bhuartha di an t-athrú dealraitheach atá tagtha ar sheasamh na Stát Aontaithe maidir le cogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear an milleán a chur go hoscailte ar an Úcráin as an gcogadh leanúnach, cabhair mhíleata na Stát Aontaithe a chur ar fionraí agus iarracht a dhéanamh an Úcráin a chomhéigniú chun scaradh lena ceart dlisteanach féinchosanta; á chur in iúl gur saoth léi go mór aon iarrachtaí ar dhúmhál a dhéanamh ar cheannaireacht na hÚcráine d’fhonn is go ngéillfeadh sí d’fhogha na Rúise chun ‘comhaontú síochána’ a fhógairt, agus chun na críche sin amháin agus á mheas gur iarracht fhritorthúil í iarracht na Stát Aontaithe sos cogaidh agus comhaontú síochána a chaibidliú gan rannpháirtíocht an Aontais, a mbeidh orthu dul i ngleic leis an toradh ar deireadh, toisc go ndéantar an chogaíocht a chumhachtú agus, dá bhrí sin, go léirítear nach ngearrtar pionós ar bheartas foghach ach go dtugtar luach saothair ina leith; ag léiriú dóchas áirithe maidir leis an togra le haghaidh comhaontú sosa cogaidh 30 lá; á mheabhrú nach féidir le sos comhraic a bheith ina uirlis éifeachtach chun an chogaíocht a chur ar fionraí ach amháin má chloíonn an t-ionsaitheoir go hiomlán leis; ag dréim leis, dá bhrí sin, go n-aontóidh an Rúis leis agus go leanfaidh sí é trí dheireadh a chur leis na hionsaithe uile ar an Úcráin, ar a seasaimh mhíleata, ar a daonra sibhialtach, ar a bonneagar agus ar a críoch; á mheas, mar sin féin, agus stair na Rúise maidir le sáruithe ar chomhaontuithe roimhe seo á cur san áireamh, nach féidir síocháin a bhaint amach ach amháin tríd an Úcráin a chumhachtú trí ráthaíochtaí láidre slándála; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, os a choinne sin, go bhféadfadh aon réiteach a bhaineann an bonn d’ardmhianta dlisteanacha na hÚcráine, amhail a ceart chun a socruithe slándála féin a roghnú, nó nach bhfuil ráthaíochtaí inchreidte slándála ann, an Úcráin agus tíortha Eorpacha eile a chur faoi réir ionsaithe athnuaite ón Rúis; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, vótaí Rialtas na Stát Aontaithe, a bhí ailínithe le Rialtas na Rúise, i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le rúin ar chomóradh 3 bliana chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil na láithreacha geopholaitiúla san Úcráin, sa Mheánoirthear agus i Muir na Síne Theas agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag éirí níos idirnasctha de réir a chéile toisc go bhfuil an Rúis agus an tSín, go háirithe, ag treisiú ar an gceangal atá eatarthu, agus go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leo don tsíocháin agus don tslándáil dhomhanda agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe nach mór don chomhphobal idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt air; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú tagtha ar ionsaithe agus ar bhagairtí hibrideacha atá dírithe ar an mbonn a bhaint ó luachanna agus struchtúir dhaonlathacha, as measc nithe eile, le linn toghchán, chomh maith le comhtháthú na sochaithe Eorpacha atá bunaithe ar luachanna agus an smacht reachta agus cloí na saoránach leo; á chreidiúint gurb ionann an treocht sin agus aistriú paraidíme, ós rud é go n-aisiompaíonn sí an loighic a bhaineann leis an tslándáil idirnáisiúnta a thógáil ar bhonn urraim don dlí idirnáisiúnta, d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus d’iltaobhachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag aithint chineál athraitheach na mbagairtí slándála domhanda agus ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag taidhleoireacht, comhar um fhorbairt agus rialú arm agus dí-armáil in éineacht le hiarrachtaí míleata chun síocháin agus slándáil idirnáisiúnta fhadtéarmach a áirithiú; ag tabhairt dá haire, áfach, tionchar teoranta na n-iarrachtaí taidhleoireachta atá dírithe ar an tsíocháin agus ar an tslándáil a chothú le blianta beaga anuas; á chur i bhfios go láidir nach féidir síocháin agus cobhsaíocht inbhuanaithe dhomhanda a bhaint amach trí bhearta míleata amháin, ach go bhfuil gá le straitéisí cuimsitheacha a thugann aghaidh ar phríomhspreagthaí na héagobhsaíochta, amhail an bhochtaineacht, an neamhionannas, teipeanna rialachais agus an t-athrú aeráide; á chur i bhfáth gur cheart tionscnamh Global Gateway an Aontais agus cláir forbartha eile a ailíniú le cuspóirí slándála, lena gcothófaí sochaithe athléimneacha trí fhás eacnamaíoch cuimsitheach, dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagairt an Aontais Eorpaigh: ré nua slándála agus cosanta san Eoraip </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór an Páipéar Bán Comhpháirteach um Ullmhacht Cosanta Eorpach, 2030<FOOTNOTE><FIELD> JOIN(2025)0120.</FIELD></FOOTNOTE>, ina gcuirtear treochlár láidir agus uaillmhianach chun cinn chun slándáil na hEorpa a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na gnéithe uaillmhianacha éagsúla a chur chun feidhme go pras gan mhoill, ós rud é nach mór don Eoraip a bheith in ann ionsaitheoirí a dhíspreagadh agus í féin a chosaint ar gach réimse, ceannaireacht a ghlacadh agus gníomhú go tapa maidir le ceisteanna slándála, agus trealamh cosanta a tháirgeadh dá riachtanais féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá leis go ndéanfaidh an tAontas na dúshláin a bhaineann leis na bagairtí iomadúla, atá ag síorathrú, ar a shlándáil a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus chun na críche sin, a bheith rannpháirteach i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí nua lena gcuirfear ar chumas an Aontais agus a Bhallstát a gcosaint san Eoraip a neartú i dteannta a chéile agus go comhleanúnach, chun slándáil Bhallstáit agus shaoránaigh uile an Aontais a áirithiú, chomh maith lena gcumas gníomhú ar an leibhéal domhanda a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chreidiúint gur cheart go leanfadh an taidhleoireacht de bheith ina bunchloch de bheartas eachtrach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé don Aontas uathriail straitéiseach agus ullmhacht cosanta níos fearr a bhaint amach, mar a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach, chun a áirithiú go mbeidh a chuspóirí ailínithe le leasanna comhchoiteanna agus ceannasacha a Bhallstát agus leis an bhfís níos leithne atá ann maidir le slándáil agus cosaint na hEorpa; á aithint, ina leith sin, go bhfuil beartais sheanbhunaithe neodrachta mhíleata ag roinnt Ballstát, agus go n-urramaíonn sí ceart gach Ballstáit a bheartas slándála féin a chinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint d’Airteagal 42(7) CAE maidir le cúnamh frithpháirteach a oibríochtú, lena n-áirithítear dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, go háirithe iad siúd a bhfágann a suíomh geografach go bhfuil siad neamhchosanta go díreach ar gharbhagairtí agus ar ghardhúshláin, agus gan beann ar cé acu is comhaltaí de ECAT iad nó nach ea; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun fíorbheartas dlúthpháirtíochta an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear trí shoiléiriú a dhéanamh ar na socruithe praiticiúla i gcás ina ngníomhachtaíonn Ballstát Airteagal 42(7) CAE agus ar an gcomhtháthú atá idir Airteagal 42(7) CAE agus Airteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur sonrú sa dul chun cinn teoranta foriomlán agus an tearcinfheistíocht san fhorbairt ar chumas cosanta comhchoiteann, acmhainneacht thionsclaíoch agus ullmhacht cosanta na hEorpa ó bunaíodh CBSC 25 bliana ó shin; ag tabhairt dá haire, gurb oth léi, in ainneoin na huaillmhéine comhbheartas cosanta de chuid an Aontais a chumadh, mar a leagtar amach in Airteagal 42(2) CAE, go bhfuil céimeanna nithiúla fós in easnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil ár gcosaint féin á neartú againn, go bhfuil ár gcomhghuaillíocht agus ár gcomhar leis na Stáit Aontaithe ríthábhachtach i gcónaí, mar aon le comhordú le ECAT, maidir le cumais a fhorbairt agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú; á aithint go bhfuil athrú tagtha ar thosaíochtaí slándála na Stát Aontaithe mar gheall ar dhúshláin i réigiúin eile, lena gceanglaítear ar an Eoraip freagracht iomlán a ghlacadh as a cosaint féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á áitiú go bhfuil gá le cur chuige, beartais agus iarrachtaí comhpháirteacha atá comhchoiteann i ndáiríre i réimse na cosanta chomh maith le haistriú paraidíme in CBSC an Aontais lena gcuirfear ar chumas an Aontais gníomhú go cinntitheach agus go héifeachtach ina chomharsanacht agus ar an leibhéal domhanda, a luachanna, a leasanna agus a shaoránaigh a choimirciú agus a chuspóirí straitéiseacha a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an tAontas a chur i láthair mar ghníomhaí idirnáisiúnta láidir aontaithe, atá in ann gníomhú ar bhealach níos straitéisí agus níos uathrialaithí, é féin a chosaint ar ionsaithe namhaid a d’fhéadfadh a bheith ann agus tacú lena chomhpháirtithe, agus a dhéanann an tsíocháin, forbairt inbhuanaithe agus an daonlathas a sholáthar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go leanfadh an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ag obair chun comhchultúr straitéiseach a chruthú i réimse na slándála agus na cosanta; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit machnamh comhchoiteann a dhéanamh ar a mbeartais agus a dteagasc díspreagtha amach anseo, chomh maith lena n-oiriúnú don timpeallacht slándála atá ag athrú san Eoraip; á chur i bhfáth, thairis sin, chun beartais chomhleanúnacha eachtracha agus chosanta a fhorbairt, nach mór don Aontas a struchtúir dhaonlathacha agus neamhspleácha, a phróisis chinnteoireachta agus a neamhspleáchas oibríochtúil a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuspóir Uachtarán an Choimisiúin tús a chur le ré nua do chosaint agus do shlándáil na hEorpa, trí fhíoraontas Eorpach um chosaint a thógáil; á chur in iúl gur geal léi ceapadh Andrius Kubilius, an chéad Choimisinéir um Chosaint agus Spás, a bhfuil sé de chúram air oibriú i gcomhpháirt le VP/HR; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh an páipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa; á chur i bhfáth gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit, ag gníomhú dóibh chun an t-aontas cosanta Eorpach a shainiú, bearta tosaíochta a dhéanamh agus gníomhaíochtaí amach anseo a ullmhú chun ullmhacht cosanta an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir leis an mbagairt ón Rúis, agus díspreagadh a threisiú agus cumais oibríochtúla a fheabhsú mar uirlis chosanta le linn cogaidh, agus riachtanais shibhialtacha agus dhaonnúla á gcomhlíonadh ag an am céanna, lena mbaintear leas, dá bhrí sin, as coincheap na ‘dé-úsáide’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plean ReArm Europe a mhol Uachtarán an Choimisiúin an 4 Márta 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi torthaí chruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 6 Márta 2025 agus na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 20 Márta 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh san áireamh sa pháipéar bán éilimh na Parlaiminte maidir leis an ngá atá le cosaint theorainneacha talún, aeir agus muirí AE ar bhagairtí míleata agus hibrideacha a áirithiú; ag moladh an fhíorais gur formhuiníodh Sciath Teorann Thoir agus á athdhearbhú go dtacaíonn sí le Líne Chosanta Mhuir Bhailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh Straitéis um Aontas na hUllmhachta agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gníomhaíochtaí an Aontais a bheith iomlánaíoch, agus aghaidh á tabhairt ar gach gné den tslándáil – seachtrach, inmheánach, sóisialta agus eacnamaíoch; á chreidiúint go daingean nach n-áiritheofaí tacaíocht leanúnach phoiblí san fhadtéarma ach le cur chuige cuimsitheach den sórt sin; á chur i bhfios go láidir nach mór do na bearta a leagtar amach sa Pháipéar Bán agus sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta a bheith ina gcomhlánú ar a chéile agus ag treisiú a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis na gealltanais a thug siad i nDearbhú Versailles agus freagracht níos mó a ghlacadh orthu féin as a gcosaint agus a slándáil, lena n-áirítear trí uathriail straitéiseach níos fearr a bhaint amach agus lena neartaítear a gcumais chosanta agus díspreagtha, go háirithe ag na teorainneacha thoir; á chur i bhfáth gurb iad ECAT agus an chomhpháirtíocht thrasatlantach leis na Stáit Aontaithe bunchlocha na cosanta comhchoitinne Eorpaí i gcónaí agus go bhfuil róil chomhlántacha, chomhleanúnacha agus atreisithe ar bhonn frithpháirteach ag an Aontas agus ECAT chun tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta; ag meabhrú go rachaidh an tAontas a bheith níos láidre agus níos cumasaí i réimse na slándála agus na cosanta chun leasa na slándála domhanda agus trasatlantaí agus go mbeidh sé ina chomhlánú ar ECAT; á chur i bhfáth gur gá do Bhallstáit an Aontais agus don Aontas ina iomláine dlús a chur lena n-iarrachtaí trí infheistíochtaí comhpháirteacha méadaithe agus spriocdhírithe, trí sholáthar comhpháirteach táirgí cosanta atá, den chuid is mó, deartha agus monaraithe san Aontas, agus trí níos mó cumais chomhpháirteacha a fhorbairt, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, trí chomhthiomsú agus comhroinnt, lena neartaítear, dá bhrí sin, a bhfórsaí armtha chun críoch oibríochtúla náisiúnta, ECAT nó an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit a áirithiú nach mbeidh cuid shubstaintiúil agus mhéadaithe dá dtrealamh míleata faoi réir rialacháin shriantacha tríú tír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aontú leis an uaillmhian i leith colún Eorpach a neartú laistigh de ECAT agus á chur i bhfáth gur cheart don fhorbairt ar aontas cosanta Eorpach a bheith fite fuaite le doimhniú an chomhair idir an tAontas agus ECAT, lena mbaintear lánúsáid as acmhainneachtaí uathúla gach eagraíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar maidir le díspreagadh agus comhoibriú a bheith idir an tAontas agus ECAT maidir le cumais chosanta chomhleanúnacha, chomhlántacha agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus lena dtreisítear acmhainneachtaí táirgeachta tionsclaíocha; á chur i bhfáth gurb é atá i gceist go háirithe le colún Eorpach laistigh de ECAT cumasóirí straitéiseacha nó córais arm straitéiseach a fháil go comhpháirteach, ar minic iad a bheith róchostasach do Bhallstát aonair, amhail cumas athbhreoslaithe aer go haer, cumas ceannais agus rialaithe, airm hipearshonacha, aerchosaint shrathach, cumais cogaíochta leictreonaí agus córais cosanta aeir agus diúracán; á chreidiúint go mbaineann an breisluach Eorpach leis na cumasóirí agus na córais sin, atá in easnamh go mór ar Bhallstáit aonair an Aontais, a fhorbairt nó a cheannach go comhpháirteach; á chur i bhfios go neartaíonn forbairt cumais an Aontais an colún Eorpach laistigh de ECAT agus go rannchuidítear dá réir sin leis an tslándáil thrasatlantach; á iarraidh go mbunófaí comhdháil rialta idir an tAontas agus ECAT chun dlúthchomhar agus comhlántacht a áirithiú idir an dá eagraíocht agus a mBallstáit ina n-iarrachtaí chun forbairt cumais agus armálacha a neartú, lena seachnaítear dúbláil neamhriachtanach agus mhífheidhmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go mbeidh iarrachtaí an Aontais i bhforbairt an chumais cosanta comhleanúnach le cuspóirí Phróiseas Pleanála um Chosaint ECAT; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí tacaíocht uile EPF le haghaidh an tsoláthair trealaimh a bheith curtha i gcrích i gcomhar le ECAT chun éifeachtúlacht a mhéadú agus dúbailt neamhriachtanach a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Slándáil na hEorpa a fheabhsú: tacú leis an Úcráin trí chumais mhíleata a chur ar fáil chun deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á áitiú nach mór don Aontas Eorpach gealltanais slándála a dhéanamh i leith na hÚcráine, mar a mholtar i gComhshocrú Slándála Chív, chun tuilleadh ionsaithe ón Rúis a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur mó tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas agus a Bhallstáit don Úcráin ná aon tír eile, rud ar léiriú é ar thiomantas dosháraithe an Aontais don Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór ról an Aontais in aon chaibidlíocht a mbeidh tionchar aici ar shlándáil na hEorpa a bheith i gcomhréir lena neart polaitiúil agus eacnamaíoch; á athdhearbhú nach féidir aon chaibidlíocht a dhéanamh maidir le slándáil na hEorpa gan an tAontas Eorpach a bheith rannpháirteach inti;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag athdhearbhú na conclúide ón gComhairle Eorpach, an 20 Márta 2025, ina dtacaítear le prionsabal na ‘síochána trí neart’ agus á chur i bhfios go láidir nach mór an Úcráin a bheith sa riocht is láidre is féidir chun caibidlíocht a dhéanamh leis an Rúis faoi dheoidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gurb amhlaidh, chun comhaontú síochána cuimsitheach a bhaint amach lena n-urramaítear neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, nach mór ráthaíochtaí slándála láidre inchreidte don Úcráin a bheith ag gabháil leis chun nach dtabharfaidh an Rúis fogha faoin Úcráin arís amach anseo; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh ina leith sin le comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile agus le comhpháirtithe ECAT; á chur in iúl gur geal léi conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025 ina gcuirtear i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit toilteanach ar rannchuidiú le ráthaíochtaí slándála, go háirithe trí thacú le cumas na hÚcráine í féin a chosaint go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go daingean leis an Aontas agus lena Bhallstáit seasamh i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin in éadan chogadh foghach na Rúise agus na modhanna míleata is gá a chur ar fáil don Úcráin agus ag an tráth is gá chun í féin a chosaint, Fórsaí Armtha na Rúise agus a seachfhórsaí a ruaigeadh, deireadh a chur leis an gcoinbhleacht, a ceannasacht a chosaint agus a hiomláine chríochach a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; ag tacú go hiomlán, dá bhrí sin, le straitéis ‘an torcáin’ i leith na hÚcráine, mar a leagtar amach sa pháipéar bán; á chur in iúl gur geal léi na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas agus an Úcráin agus na comhaontuithe déthaobhacha slándála a thug an Úcráin i gcrích le roinnt Ballstát; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na gealltanais agus na comhaontuithe sin mar chuid de phacáiste ráthaíochtaí slándála níos leithne atá comhordaithe go hidirnáisiúnta don Úcráin, lena n-áirítear seoladh creata iltaobhaigh G7 chun gealltanais agus socruithe déthaobhacha slándála a chaibidliú don Úcráin; á chreidiúint, gan tacaíocht mhíleata chinntitheach ón Aontas, nach mbeidh an Úcráin in ann buachan i gcoinne na Rúise; ag athdhearbhú go láidir a hiarrata ar Bhallstáit an Aontais a ngealltanais a chomhlíonadh go práinneach agus airm, aerárthaí troda, ladrainn, aerchosaint, córais arm agus armlón a sheachadadh chuig an Úcráin, lena n-áirítear diúracáin cúrsála aersheolta agus córais dromchla go dromchla, agus na cainníochtaí ábhartha a mhéadú go suntasach; ag tabhairt dá haire gur seachadadh aon mhilliún urchar d’armlón airtléire go rathúil chuig an Úcráin mar a chomhaontaigh an Chomhairle i mí an Mhárta 2023, in ainneoin na moille aiféalaí 9 mí; ag aithint an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le hacmhainneacht táirgeachta armlóin airtléire an Aontais, lena rannchuidítear le hullmhacht agus le cumas an Aontais tacú leis an Úcráin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chumais frithdhrón na hÚcráine mar ghné ríthábhachtach chun bagairtí aeir a chomhrac agus chun slándáil oibríochtúil a choimeád; á iarraidh go gcuirfí trealamh agus saineolas speisialaithe ar fáil chun a chur ar chumas fhórsaí na hÚcráine gníomhaíochtaí naimhdeacha drón a shainaithint, a rianú agus freagairt dóibh go mear, lena n-áiritheofaí cosaint láidir don bhonneagar míleata agus sibhialtach araon; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis na srianta uile a chuireann bac ar an Úcráin ó chórais arm an Iarthair a úsáid i gcoinne spriocanna míleata dleathacha laistigh den Rúis, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gComhairle gealltanas a thabhairt an trealamh míleata coigistithe nó an t-armlón coigistithe uile ó oibríochtaí agus misin an Aontais laistigh agus lasmuigh de Aontas a aistriú chuig an Úcráin; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT, i dteannta a chéile agus ar a gconlán féin, geallúint a thabhairt go dtacóidh siad, ar bhealach míleata, leis an Úcráin trí mhéid nach lú ná 0,25 % dá OTI in aghaidh na bliana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ceart bunúsach ag an Úcráin cumhacht a bheith aici ar a cinniúint féin agus ag éileamh an athuair go mbeadh an Úcráin agus AE rannpháirteach go hiomchuí sa chaibidlíocht atá ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag moladh na slí a dtacaíonn an Danmhairg leis an Úcráin, trína ndéantar cumais chosanta arna gcothú go díreach san Úcráin a sholáthar; á iarraidh go dtacódh an tAontas agus a Bhallstáit go láidir leis an tslí sin chun tacaíocht a thabhairt agus go mbainfidís leas iomlán aisti, ós rud é nach mbaintear dóthain úsáide as acmhainneacht thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, a mheastar a bheith cothrom le tuairim is 50 %, agus go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an tslí sin don dá thaobh, amhail trealamh níos saoire, lóistíocht níos tapúla agus níos sábháilte, agus oiliúint agus cothabháil níos éasca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit tacú leis an Úcráin an chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a leathnú chun tacú lena plean buachana agus lena plean síochána a thíolaic Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, mar an t-aon bhealach inmharthana chun ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú ar bhonn an dlí idirnáisiúnta, agus lena dtugtar, dá bhrí sin, an Rúis, a ceannaireacht agus a comhpháirtithe, go háirithe réimeas na Bealarúise chun cuntais as cogadh foghach a fhearadh i gcoinne na hÚcráine agus as coireanna cogaidh agus coir an fhogha a dhéanamh, lena n-áirithítear cúiteamh ón Rúis agus íocaíochtaí eile as an damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór tacaíocht na hÚcráine agus, i ndeireadh na dála, tacaíocht mhuintir na hÚcráine a bheith ag gach tionscnamh atá dírithe ar dheireadh a chur leis an gcoinbhleacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tuilleadh tacaíocht taidhleoireachta a shlógadh don Úcráin agus do na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar an Rúis, agus úsáid á baint as speictream iomlán an bhosca uirlisí taidhleoireachta, agus lena spreagtar Ballstáit an Aontais chun machnamh a dhéanamh ar smachtbhannaí tánaisteacha a fhorchur; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuarthas roinnt comhpháirteanna de thionscnamh an Iarthair in airm agus i gcórais arm a úsáideann an Rúis i gcoinne na hÚcráine, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a chur chun feidhme ar bhealach níos déine; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíochtaí breise agus go mbeadh comhar eatarthu chun stop a chur le scáthchabhlach na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cáineadh go láidir an ról atá ag an gCóiré Thuaidh chun cuidiú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí oiliúint a chur ar thrúpaí na Cóiré Thuaidh agus iad a imscaradh chun na Rúise chun bheith rannpháirteach go díreach sa chogadh nó chun tacú le Fórsaí Armtha na Rúise; ag cáineadh go neamhbhalbh freisin, soláthar trealaimh mhíleata agus armra na Cóiré Thuaidh a imscartar go gníomhach ar an láthair chatha, agus a rannpháirtíocht in imghabháil smachtbhannaí; á mheas gur sárú follasach ar noirm idirnáisiúnta iad gníomhaíochtaí na Cóiré Thuaidh agus ag tabhairt rabhadh faoin riosca contúirteach agus suntasach géaraithe a bhaineann leo don Eoraip agus don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne; á chur i bhfios go láidir, agus é ina chúis mhór bhuartha di, an baol go bhfuil an Chóiré Thuaidh ag baint úsáid as an láthair chatha san Úcráin mar ardán chun staidéar a dhéanamh ar ardoirbhearta comhraic, lena n-áirítear cogaíocht drón, agus é ar intinn aici na teicnící sin a chur i bhfeidhm i gcoinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á chur in iúl gur cúis uafáis di go bhfuil roinnt stáit bhradacha eile ag tacú go gníomhach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear an Iaráin, as measc tíortha eile; ag cáineadh, ina leith sin, aistriú ladrann, armlóin agus diúracán balaistíoch Shahed chuig an Rúis ag an Iaráin, lena méadaítear ar an mbaol go bhféadfadh Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) idirghabháil mhíleata a dhéanamh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chreidiúint go daingean nach mór don Aontas agus don chomhphobal idirnáisiúnta freagairt go daingean dó sin le meascán de bhearta taidhleoireachta, míleata agus eacnamaíocha, agus, níos tábhachtaí fós, trí thacaíocht mhéadaithe a chur ar fáil don Úcráin chun a cosaint i gcoinne na comhghuaillíochta sin de stáit bhrádacha atá forbartha ag an Rúis a neartú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlúth-idirchaidreamh a dhéanamh le Riarachán na Stát Aontaithe 2025-2029 ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá EPF, a bhfuil ról ríthábhachtach aige i dtacú le cumais mhíleata agus oiliúint mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, agus comhordú á éascú aige do na geallsealbhóirí uile tríd an teach imréitigh arna óstáil ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Ciste Cúnaimh tiomnaithe don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus á iarraidh go méadófaí acmhainní airgeadais le haghaidh cúnamh míleata don Úcráin tríd an ionstraim sin, agus peirspictíocht airgeadais mheántéarmach á soláthar freisin ag an am céanna; ag tathant ar Rialtas na hUngáire deireadh a chur láithreach lena iarrachtaí bac a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus deireadh a chur lena chros ar an síneadh atá le cur le tréimhse athnuachana smachtbhannaí an Aontais agus le tacaíocht mhíleata EPF don Úcráin, lena n-áirítear an aisíocaíocht chomhaontaithe le Ballstáit an Aontas as an gcabhair mhíleata atá curtha ar fáil acu; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil stad curtha ag cros Rialtas na hUngáire le tráinse nua caiteachais a oscailt chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine agus go bhfuil cosc curtha leis ar scaoileadh EUR 6,6 billiún in aisíocaíocht pháirteach le Ballstáit an Aontais a thugann tacaíocht mhíleata don Úcráin; ag tathant ar an gComhairle agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí teacht ar réitigh nuálacha a bheidh in ann deireadh a chur leis na bacainní sin agus na ciorruithe cistiúcháin sin a fhritháireamh; ag spreagadh na mBallstát fardail chásbhunaithe agus intuartha de chumais mhíleata a fhorbairt ar féidir iad a chur ar fáil faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun a áirithiú go ndéanfar soláthar gearrthéarmach cumas a fhoinsiú go mear ó na Ballstáit agus a sheachadadh gan mhoill, agus go gcuirfear soláthar fadtéarmach cumas ar fáil a chuideoidh leis an Úcráin díspreagadh a athbhunú laistigh de thréimhse ama intuartha, i gcomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas, nuair is gá; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil gach cúnamh míleata agus seachadtaí arm faoin tSaoráid Eorpach Síochána i gcomhréir iomlán le Comhsheasamh an Aontais maidir le honnmhairiú arm, an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil, agus trédhearcacht agus cuntasacht leormhaith á háirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl nach n-aontaíonn sí le beartas Rialtas na hUngáire i leith na Rúise, le crosa a bheith á n-úsáid aige i gcoinne smachtbhannaí AE ná le cabhair airgeadais agus cosanta de chuid an Aontais don Úcráin a bheith á cosc aige; á chreidiúint go mbaineann gníomhaíochtaí Rialtas na hUngáire an bonn ón aontacht agus ón dlúthpháirtíocht san Eoraip; á mheabhrú gurb amhlaidh, faoi SES, atá tíortha i dteideal cúiteamh airgeadais as seachadtaí trealaimh chuig an Úcráin agus á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i bhfianaise an mhéid sin, is gá deireadh a chur láithreach bonn leis an gcosc atá ar aisíocaíochtaí le 25 Bhallstát, agus EUR 450 milliún san iomlán de chúiteamh fós le híoc ag an bPolainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais an toradh a bhí ar Chruinniú Mullaigh Washington ECAT, inar athdhearbhaíodh go bhfuil todhchaí na hÚcráine in ECAT agus go dtacaíonn an chomhghuaillíocht le ceart na hÚcráine a socruithe slándála féin a roghnú agus a todhchaí féin a chinneadh, saor ó chur isteach ón iasacht; ag aontú gur léirigh an tAontas agus ECAT araon aontacht pholaitiúil i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus go bhfuil siad tiomanta do thacaíocht a thabhairt di; á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil an Úcráin ar chonair dho-aisiompaithe i dtreo bhallraíocht an Aontais agus ECAT; á chur in iúl gur geal léi gealltanas na gcomhghuaillithe maidir le cúnamh slándála fadtéarmach chun trealamh míleata, cúnamh agus oiliúint a chur ar fáil don Úcráin; ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag ECAT, ag an gcomhar atá idir an tAontas agus ECAT agus ag comhghuaillithe ECAT amhail na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe, maidir le hiarrachtaí a chomhordú chun tacú go míleata leis an Úcráin, ní hamháin trí arm, armlóin agus trealaimh, a sholáthar ach trí fhaisnéis agus sonraí a sholáthar freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024, lena n-áirithítear go n-úsáidfear na glanbhrabúis a eascraíonn as ioncam urghnách a ghintear ó shócmhainní doghluaiste Bhanc Ceannais na Rúise (RCB) san Aontas, mar thoradh ar chur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais, chun tuilleadh tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin, agus chun tacú lena hacmhainneachtaí tionscail cosanta agus a hatógáil; á chur in iúl gur geal léi freisin an comhaontú ar thángthas air leis an gComhairle, as ar eascair an cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 pacáiste cúnaimh airgeadais a ghlacadh, lena n-áirítear iasacht eisceachtúil cúnaimh macrairgeadais suas le EUR 35 bhilliún agus Sásra Comhair Iasachta don Úcráin a bhunú lena n-úsáidfear ranníocaíochtaí a thiomsófar ó bhrabúis shócmhainní doghluaiste RCB agus lena dtacófar leis an Úcráin iasachtaí suas le EUR 45 bhilliún ón Aontas agus óna chomhpháirtithe G7 a aisíoc; á mheabhrú, áfach, go ndéanfar an cúnamh airgeadais sin a shlógadh ar chostas na suime atá curtha i leataobh do thacaíocht mhíleata an Aontais trí Shaoráid na hÚcráine, nach mbainfidh tairbhe anois ach as uasmhéid 15 % de na brabúis ó shócmhainní doghluaiste RCB;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méid atá bainte amach ag Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM), a bhfuil oiliúint curtha aige, go dtí seo, ar bhreis agus 70 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine ar chríoch an Aontais, rud a fhágann gurb é an tAontas an soláthraí oiliúna míleata is mó don Úcráin agus a rannchuidíonn go suntasach le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine a fheabhsú; ag cur sonrú sa sprioc nua maidir le hoiliúint a chur ar 75 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine faoi dheireadh gheimhreadh 2024/2025; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chomhairle cinneadh an 8 Samhain 2024 síneadh 2 bhliain a chur le sainordú an mhisin; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais, lóistíochta agus daonna EUMAM a leathnú agus a chur in oiriúint do riachtanais éabhlóideacha oiliúna míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine, lena n-áirítear i réimsí na cosanta aeir agus muirí, agus do na hiarrachtaí athchóirithe fadtéarmacha atá iarrtha i gcomhréir leis na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas agus an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht láidir na mBallstát in EUMAM, ar féidir cur síos a dhéanamh uirthi mar theimpléad do mhisin oiliúna míleata a bheidh ann sa todhchaí, lena ndéantar díspreagadh a chur chun cinn tríd an idir-inoibritheacht idir na Ballstáit agus na comhpháirtithe a fheabhsú go suntasach, agus á iarraidh ar na Ballstáit uaillmhian chomhchosúil agus rannchuidiú comhchosúil a léiriú le misin agus oibríochtaí CBSC eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do EUMAM gníomhú freisin mar ardán chun dea-chleachtais a mhalartú chun a áirithiú go mbainfidh fórsaí na hEorpa tairbhe freisin as na ceachtanna atá foghlamtha ag Fórsaí Armtha na hÚcráine ar an láthair chatha; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh Clár ECAT um Chabhair agus Oiliúint Slándála don Úcráin (NSATU), a fógraíodh ag Cruinniú Mullaigh ECAT Washington, lena gcomhordaítear soláthar oiliúna míleata agus trealaimh mhíleata don Úcráin ag comhghuaillithe agus comhpháirtithe ECAT agus lena gcuirtear tacaíocht lóistíochta ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar idir EUMAM agus NSATU a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>	ag moladh obair Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUAM) maidir lena shainordú nua-athneartaithe a chur chun feidhme i ndálaí deacra; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas a áirithiú gur féidir le EUAM feidhmiú leis na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, lóistíochta agus pearsanra saineolach chun freastal ar riachtanais na hÚcráine agus á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht tíortha nach bhfuil san Aontas ina leith sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá EUAM agus a ról mar an rian is suntasaí den Aontas Eorpach ar an láthair, lena gcuirtear comhairle straitéiseach ar fáil d’údaráis slándála náisiúnta agus stáit na hÚcráine; á thabhairt chun suntais príomhchúraimí EUAM maidir le coireanna eagraithe agus trasteorann a chomhrac, seirbhísí poiblí i gcríocha saortha a athbhunú agus tacú le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ag tógáil ar láithreacht agus ar shaineolas EUAM;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar le tionscal cosanta na hÚcráine agus a thábhachtaí atá sé é a chomhtháthú de réir a chéile i mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais (EDTIB) agus, chun na críche sin, á iarraidh go gcuirfí cosaint na hÚcráine i gcuntas go hiomlán agus tionscnaimh reachtacha nua an Choimisiúin á n-ullmhú arb é is aidhm dóibh EDTIB a neartú; á chur i bhfáth gur cheart bearta nithiúla a dhéanamh chun an Úcráin a lánpháirtiú i mbeartais agus i gcláir chosanta an Aontais le linn phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear trí Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chur in oiriúint do cheanglais chumais an Aontais agus iad a bheith rannpháirteach i dtionscadail agus i gcláir comhair thionsclaíoch agus theicneolaíoch cosanta trasteorann; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, oscailt Oifig Nuálaíochta Cosanta an Aontais san Úcráin chun riachtanais agus acmhainneachtaí na hÚcráine sa nuálaíocht cosanta a shainaithint, tionscnaimh chomhpháirteacha a éascú agus comhar trasteorann idir geallsealbhóirí thionscal cosanta an Aontais agus na hÚcráine a chur chun cinn, agus a bheith ina pointe fócasach do chomhpháirtithe na hÚcráine, chomh maith le bheith ina mol comhordúcháin agus faisnéise; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh leanúnacha roinnt Bhallstáit an Aontais chun an comhar leis an Úcráin a dhoimhniú i réimse an taighde cosanta agus an táirgthe thionsclaíoch, agus á iarraidh go mbainfí tuilleadh úsáide as acmhainneacht nuálach cosanta na hÚcráine chun airm agus armlón a fhorbairt agus chun dlús a chur lena dtáirgeadh i ndlúthchomhar leis an Aontas agus le comhpháirtithe eile an Iarthair, agus úsáid á baint as na sásraí tacaíochta atá ar fáil; á iarraidh ar thionscail mhíleata Bhallstáit an Aontais a ngealltanas táirgeadh míleata a bhunú ar chríoch na hÚcráine a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cumais dímhianaithe a neartú laistigh den Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar ordanás agus mianaigh talún neamhphléasctha atá ann go forleathan, chomh maith le huiscí farraige na hÚcráine sa Mhuir Dhubh a dhímhianú; á mholadh go ndéanfaí acmhainní tiomnaithe a leithdháileadh chun tacú le hoiliúint chuimsitheach maidir le dímhianú, lena n-áirítear ardteicnící braite agus diúscartha; ag tabhairt dá haire nach amháin go n-éascófar oibríochtaí míleata níos sábháilte leis an acmhainneacht fheabhsaithe dímhianaithe, ach go dtacófar freisin le téarnamh agus sábháilteacht na limistéar sibhialtach atá buailte ag an gcogadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oibriú as lámha a chéile chun cumais chosanta a mhéadú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian a leagtar amach in EDIS ullmhacht cosanta an Aontais agus a Bhallstát a bhaint amach agus borradh a chur faoi EDTIB; á mheas go bhfuil an togra ón gCoimisiún chun Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) a bhunú ríthábhachtach ina leith sin; ag tacú leis na cuspóirí maidir le hullmhacht thionsclaíoch cosanta an Aontais a neartú, pleanáil chomhpháirteach cosanta a fheabhsú agus soláthar comhpháirteach ag na Ballstáit a éascú tuilleadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach sa phlean forbartha cumais (CDP) agus leis na réimsí comhair a shainaithnítear san athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint chun tionscadail cosanta leasa choitinn Eorpacha a sheoladh, go háirithe i réimsí cumais straitéisigh, amhail cosaint aeir agus diúracán, chomh maith le slándáil an tsoláthair agus rochtain ar amhábhair chriticiúla a áirithiú agus ganntanais i dtáirgeadh cosanta a chosc; ag tacú go láidir leis an smaoineamh comhar ar leibhéal an Aontais a úsáid den chuid is mó in earnáil thionsclaíoch cosanta na hEorpa, agus ag tacú leis na spriocanna nithiúla cainníochtaithe don chomhar a chuirtear i láthair in EDIS, lena ndírítear go háirithe ar sholáthar comhpháirteach, go sonrach, lena n-iarrtar ar na Ballstáit 40 % ar a laghad de threalamh cosanta a sholáthar ar bhealach comhoibríoch faoi 2030, chun a áirithiú, faoi 2030, gurb ionann luach na trádála cosanta laistigh den Aontas agus 35 % ar a laghad de luach mhargadh cosanta an Aontais, agus 50 % ar a laghad dá n-infheistíochtaí cosanta a sholáthar laistigh den Aontas faoi 2030 agus 60 % faoi 2035;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an buanchomhar struchtúrtha (PESCO) chun cumais chosanta an Aontais a fheabhsú agus a chomhchuibhiú; ag tabhairt dá haire arís, agus é ina chúis bhuartha di, go leanann na Ballstáit de gan leas iomlán a bhaint as creat PESCO agus go bhfuil torthaí inláimhsithe laistigh de na 66 thionscadal atá ar siúl faoi láthair teoranta i gcónaí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina chúis bhuartha di, an easpa faisnéise a chuirtear ar fáil do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na cúiseanna ar dúnadh sé thionscadal agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith orthu; á chur i bhfios gur chomhaontaigh na Ballstáit rannpháirteacha le 20 gealltanas ceangailteach chun uaillmhian an Aontais maidir le cosaint a chomhlíonadh; á mheas gur gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar thionscadail PESCO maidir le torthaí agus ionchais, d’fhonn an tacar reatha tionscadal a chuíchóiriú chuig sraith bheag tionscadal tosaíochta agus, ag an am céanna, tionscadail nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ina leith a dhúnadh; á mholadh go mbunófaí scéim tosaíochta laistigh de PESCO chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na bearnaí cumais agus ar na tosaíochtaí a shainaithnítear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le EDIP; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an measúnú ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa nach leor imchlúdach airgeadais EDIP i bhfianaise a chuspóirí, agus á iarraidh an athuair, dá bhrí sin, an cistiú is gá don chosaint a áirithiú; á chur i bhfáth go mbeidh gá le hiarrachtaí buiséadacha suntasacha chun go mbeidh tionchar suntasach ag EDIP ar thacaíocht mhíleata don Úcráin, ar fhíorchumas cosanta an Aontais a fhorbairt agus ar EDTIB iomaíoch; á chur in iúl gur geal léi athbhreithniú 2023 ar CDP; á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta i bhforbairt cumais ó glacadh an chéad CDP in 2008; á iarraidh ar na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar na hiarrachtaí comhpháirteacha chun dul chun cinn suntasach tráthúil a bhaint amach trí úsáid iomlán agus chomhleanúnach a bhaint as ionstraimí an Aontais, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Cosanta (EDF), PESCO agus an t-athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint, chomh maith leis na hionstraimí a chuirtear chun cinn i dtogra EDIP;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí comhpháirteacha a rinneadh go dtí seo chun ullmhacht cosanta an Aontais a neartú trí bhearta lena dtreisítear oiriúnú EDTIB agus lena dtacaítear leis, go háirithe trí rialacháin EDIRPA agus ASAP, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go mear iad; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil imchlúdach airgeadais EDIRPA teoranta i gcónaí agus á chur i bhfios gur cuireadh srian le ról ASAP i ndáil leis an uaillmhian milliún píosa armlóin a sholáthar don Úcráin mar gheall ar agóid na Comhairle i gcoinne a gnéithe rialála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí agus na hinfheistíochtaí atá déanta go dtí seo ag cuideachtaí EDTIB chun acmhainneacht thionsclaíoch a threisiú, lena n-áirítear le tacaíocht ó ionstraimí an Aontais; á thabhairt chun suntais go n-éilíonn atreisiú breise marthanach acmhainneacht EDTIB orduithe ó na Ballstáit ar an gcéad dul síos, ar cheart iad a dhéanamh go comhpháirteach chun ullmhacht cosanta an Aontais a áirithiú, chun idir-inoibritheacht idir fórsaí armtha na mBallstát a fheabhsú agus chun barainneachtaí scála a bhaint amach, lena mbaintear, dá bhrí sin, an leas is fearr is féidir as airgead cháiníocóirí an Aontais; á iarraidh, dá réir sin, ar na Ballstáit iarrachtaí comhpháirteacha soláthair a threisiú i gcomhréir leis na bearnaí cumais a shainaithnítear san Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus i dtosaíochtaí cumais CDP; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear le soláthar comhpháirteach éifeachtach maidir le tionscadail forbartha, go háirithe faoi chuimsiú EDF, sainmhíniú comhpháirteach ar riachtanais mhíleata na gcóras faoi seach chun barainneachtaí scála leormhaithe a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, ina leith sin, leas a bhaint as saineolas Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh chun an sainmhíniú comhpháirteach sin a sholáthar chun comhleanúnachas míleata ar an leibhéal tionsclaíoch a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith rannpháirteach i soláthar comhpháirteach d’fhonn slabhraí luacha uile-Eorpacha a bhunú trí tháirgeadh a dháileadh ar fud an Aontais agus, lena méadaítear, dá bhrí sin, tarraingteacht eacnamaíoch an tsoláthair chomhpháirtigh, agus iomarcaíochtaí straitéiseacha á bhforbairt in acmhainneachtaí táirgeachta ar mhaithe le hathléimneacht níos fearr i gcás coinbhleacht armtha; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún díriú ar shásraí soláthair chomhpháirtigh agus comhordú leordhóthanach ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’aistriú tionscadal forbartha chuig réitigh indíolta agus á chur in iúl gur geal léi an fhoráil i dtogra EDIP ina leith sin; á chur in iúl gur saoth léi dúbailt neamhriachtanach agus mhífheidhmiúil na n-iarrachtaí maidir leis na tionscadail ar an bpríomhthanc catha a bheidh ann amach anseo agus ar an idircheapóir hipearsonach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ngníomhaíonn na dúbailtí sin in aghaidh na huaillmhéine a leagtar amach in SEÁT chun 60 % a sholáthar ó EDTIB faoi 2035, ós rud é go gcuirfidh acmhainní scaipthe síneadh leis an am is gá chun réitigh indíolta a bhaint amach, rud is dóichí a mbeidh soláthar ó na Stáit Aontaithe mar thoradh air; á chur in iúl gur oth léi, ar an gcaoi chéanna, na moilleanna méadaitheacha ar thionscadail cumais bhunriachtanacha, go háirithe an tionscadal Franc-Ghearmánach maidir leis an bPríomhchóras Talamhchomhraic agus an tionscadal Franc-Ghearmánach-Spáinneach maidir leis an gCóras Aerchomhraic don Todhchaí, lena mbaineann an baol freisin go soláthrófar réitigh SAM amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart gach sineirge a d’fhéadfadh a bheith ann le EDF a úsáid, agus dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá comhleanúnachas aschuir a áirithiú idir próisis pleanála forbartha cumais an Aontais agus ECAT faoi seach; á iarraidh go bhfeabhsófaí idir-inoibritheacht trealaimh mhíleata ó Bhallstáit an Aontais agus ó Chomhghuaillithe ECAT agus go gcothófaí comhar tionsclaíoch trína áirithiú go mbeidh caighdeáin dhlíthiúla an Aontais amach anseo do chomhpháirteanna táirgí cosanta agus d’armlón bunaithe ar chaighdeáin ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh tionscadail Eorpacha leasa choitinn i réimse na cosanta maidir le cumais choiteanna a fhorbairt a théann níos faide ná acmhainní airgeadais Ballstáit aonair; á chreidiúint gur cheart na tionscadail sin a úsáid chun tacú leis na hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus teicneolaíocha atá mar bhonn agus mar thaca ag príomhthosaíochtaí coiteanna roinnt Ballstát, agus i réimsí amhail caomhnú teorainneacha seachtracha agus cosaint, go háirithe i réimse na talún, agus chun tacaíocht a chur ar fáil do chumasóirí straitéiseacha, go háirithe sa spás agus san aerchosaint Eorpach, chun gníomhú ar speictream iomlán na mbagairtí, chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht mhíleata, go sonrach aeriompar straitéiseach agus oirbheartaíochta, DeepStrikes, teicneolaíochtaí drón agus frithdhrón, diúracáin agus muinisin, agus intleacht shaorga, chun bonneagar ceannasach agus cumasóirí criticiúla a fhorbairt; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór forlámhas a bheith ag an bpragmatachas mar gheall ar an líon mór tosaíochtaí agus ar an ngá atá le hacmhainní nua a shlógadh; á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart don Aontas díriú, i gcás inar féidir, ar theicneolaíochtaí Eorpacha atá ar fáil go tapa agus cruthaithe lena laghdaítear spleáchais AE de réir a chéile agus lena bhfeabhsaítear a shlándáil; á thabhairt chun suntais gur gá tacú le slabhraí luacha uile-Eorpacha a fhorbairt i gcomhar cosanta an Aontais trí chuideachtaí ar fud an Aontais a ionchorprú agus borradh a chur faoin iomaíochas san earnáil ar bhealaí éagsúla, amhail cumaisc agus curaidh; á mheas, thairis sin, in ionad díriú ar thoradh cóir, gur cheart go spreagfadh beartais chosanta AE fás ionaid barr feabhais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá sé ilroinnt thírdhreach tionsclaíoch cosanta an Aontais a shárú agus cur chun feidhme iomlán mhargadh inmheánach an Aontais do tháirgí cosanta a bhaint amach ar deireadh, ós rud é go n-eascraíonn dúbailtí neamhriachtanacha agus iolrú neamhéifeachtúlachtaí in infheistíochtaí cosanta agus a n-úsáid as an struchtúr atá ann faoi láthair, agus go gcuireann sé bac struchtúrach ar ullmhacht cosanta a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaintear an bonn fós ón margadh inmheánach do tháirgí cosanta mar gheall ar chomhchuibhiú neamhleor i gcur i bhfeidhm a rialacha ag na Ballstáit agus mar gheall ar úsáid dhíréireach na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 346 CFAE; ag formhuiniú na hiarrata go gcruthófaí fíormhargadh aonair do tháirgí agus seirbhísí cosanta, mar a chuirtear i láthair freisin i dtuarascáil an Uasail Niinistö; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le creat rialála éifeachtach nuachóirithe a dhíríonn ar bhacainní ar iontráil i margadh na dtáirgí cosanta a laghdú, lena gcumasaítear comhdhlúthú tionsclaíoch cosanta an Aontais agus ar chead a thabhairt do chuideachtaí an Aontais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht ghnó, lena spreagtar nuálaíocht agus comhar trasteorann agus sibhialta agus míleata níos rianúla, lena gcuirtear borradh faoin táirgeacht, lena méadaítear slándáil an tsoláthair agus lena n-áirithítear infheistíochtaí poiblí níos cliste agus níos éifeachtúla in EDTIB; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, a thábhachtaí atá sé iomaíocht thorthúil a choinneáil idir iomaitheoirí éagsúla agus olagaplachtaí a sheachaint inar féidir le soláthraithe aonair praghsanna agus infhaighteacht earraí cosanta a chinneadh gan bhac; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun margadh inmheánach an Aontais don chosaint a thabhairt chun críche, bunaithe, go háirithe, ar mheasúnú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar cosanta agus aistriú táirgí a bhaineann le cosaint, agus ar shainaithint agus anailís a dhéanamh ar theorainneacha agus ar lúba ar lár sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, moltaí a dhéanamh maidir le léirmhíniú ar Airteagal 346 CFAE i gcomhréir leis an réaltacht atá ann faoi láthair maidir le struchtúr slándála idirspleách san Aontas; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chur chun feidhme Threoir 2009/81/CE maidir le cosaint agus soláthar slándála íogair<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Threoir 2009/43/CE maidir le haistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lc                          h. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/43/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hAistrithe), agus i gcás inar gá, i bhfianaise EDIS, go dtíolacfaí tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na treoracha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iarracht chothrom a áirithiú idir cumais thionsclaíocha armála reatha na mBallstát a neartú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus tacú le taighde agus forbairt (T&F) le haghaidh trealamh míleata agus armáil mhíleata nua agus nuálach atá curtha in oiriúint do riachtanais fhórsaí armtha na mBallstát agus do chumais chosanta an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí, amhail na cumais sin a éilíonn misin agus oibríochtaí CBSC agus Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais (RDC); ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tús áite a thabhairt don bhuntáiste teicneolaíoch a choinneáil agus a fheabhsú trí thionscadail straitéiseacha spriocdhírithe mar phríomhghné dhíspreagtha i ndáil lenár gcéilí comhraic agus lenár n-iomaitheoirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na Ballstáit uile a áireamh i straitéisí slándála agus cosanta, go háirithe maidir le forbairt thionscal na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá beartas éifeachtach armálacha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais a n-áirítear leis gné trádála seachtraí atá feidhmiúil agus éifeachtach a bhunú, atá dírithe ar thacú le comhpháirtithe a bhfuil bagairtí os a gcomhair ó réimis fhorlámhacha fhoghacha, agus chuireann cosc ar sheachadtaí arm chuig réimis ionsaitheacha neamhdhaonlathacha i gcomhréir le hocht gcritéar an Aontais atá ann cheana; á chur i bhfáth gur gá an léirmhíniú fíor-chúng agus náisiúnta ar Airteagal 346 CFAE a shárú ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta in earnáil na cosanta a theorannú do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo agus nár cheart dó leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a shárú; á mheabhrú go bhfuil riosca straitéiseach ag baint le spleáchais ar sholáthraithe ardriosca táirgí criticiúla a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca sin ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar údaráis ábhartha na mBallstát machnamh a dhéanamh ar conas na spleáchais sin a laghdú agus measúnú agus athbhreithniú láithreach a dhéanamh ar infheistíochtaí na Síne atá ann cheana i mbonneagar criticiúil, lena n-áirítear eangacha cumhachta, an gréasán iompair agus córais faisnéise agus cumarsáide, chun aon leochaileachtaí a shainaithint a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil agus ar chosaint an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar Rialachán an Aontais maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC); á chur i bhfáth gur gá nósanna imeachta um scagadh IDC a neartú tuilleadh trí chaighdeáin díchill chuí a ionchorprú chun cásanna a shainaithint ina bhfuil tionchar ag rialtais na stát ar infheisteoirí i mbonneagar criticiúil an Aontais, amhail calafoirt Eorpacha, agus i gcáblaí faoin bhfarraige sa Mhuir Bhailt, sa Mheánmhuir agus san Aigéan Artach ar bhealaí a sháródh leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bunaíodh faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V CAE; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm ag an gcur chuige sin i leith tíortha is iarrthóirí; á chreidiúint go bhfuil gá le reachtaíocht bhreise chun slándáil shlabhra soláthair TFC na hEorpa a chosaint go héifeachtach ar dhíoltóirí ardriosca agus cosaint a dhéanamh i gcoinne goid maoine intleachtúla chibearchumasaithe; á iarraidh go gcruthófaí creat Eorpach atá dírithe ar íoschaighdeáin agus coinníollacha a rialáil go dlúth agus a leagan síos chun maoin intleachtúil agus teicneolaíochtaí intleachtúla atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais a onnmhairiú, lena n-áirítear earraí dé-úsáide;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Taighde agus forbairt maidir le trealamh agus teicneolaíocht cosanta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tacú le méadú suntasach ar infheistíochtaí in T&F cosanta, agus béim ar leith á leagan ar thionscnaimh chomhoibríocha, lena neartaítear, dá bhrí sin, ceannaireacht theicneolaíoch agus iomaíochas an Aontais sa chosaint agus lena n-áirithítear éifeacht iarmharta sa mhargadh sibhialtach; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur infheistigh na Ballstáit thart ar EUR 10,7 billiún in T&F cosanta in 2022; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíocht chobhsaí fhadtéarmach ar fud na mBallstát chun dul chun cinn teicneolaíoch a dhéanamh i réimsí criticiúla – aer, talamh, muirí, spás agus cibear – chun coinneáil suas le nuálaíocht dhomhanda mhear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá ionstraimí agus cistiú T&F an Aontais a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí is féidir chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cumais agus ar thosaíochtaí go tráthúil mar a leagtar amach san Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus in CDP; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail agus cistiú EDF a ailíniú le riachtanais phráinneacha chumais an Aontais agus tosaíocht a thabhairt dóibh ar an mbonn sin, agus díriú ar na gníomhaíochtaí taighde is ábhartha agus is mó a bhfuil gealladh fúthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, athbhreithniú críochnúil a thionscnamh ar EDF i bhfianaise ionstraim airgeadais leantach athbhreithnithe don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige a ghlacadh ag a mbeadh lorg íseal fuinnimh, carbóin agus comhshaoil trí dhearadh agus cistí ábhartha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme agus an dul chun cinn a thuairisciú go rialta; á mheabhrú gur féidir na gníomhaíochtaí T&F a dhíriú ar réitigh chun an éifeachtúlacht a fheabhsú, an lorg carbóin a laghdú agus dea-chleachtais inbhuanaithe a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi an infheistíocht ábhartha EUR 133 mhilliún dá bhforáiltear sa chéad chlár oibre bliantúil, ach ag tabhairt dá haire nach bhfuil anseo ach 11 % de bhuiséad foriomlán bliantúil EDF; á mheabhrú a thábhachtaí atá ról NGEU sa ghníomhú ar son na haeráide agus á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as acmhainní óna bpleananna téarnaimh náisiúnta chun infheistiú in inbhuanaitheacht a mbonneagair mhíleata;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Teicneolaíochtaí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá ról níos réamhghníomhaí a fhorbairt don Aontas maidir le hinfheistíocht a chothú i dteicneolaíochtaí dé-úsáide, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs sibhialtach agus i gcomhthéacs míleata araon, mar bhealach chun athléimneacht an Aontais i gcoinne bagairtí hibrideacha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú, go háirithe, le tástáil fréamhshamhlacha táirgí nua agus díriú ar theicneolaíochtaí nua i ndlúthchomhar le gníomhaithe cosanta agus teicneolaíochta na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé inmharthanacht airgeadais cuideachtaí a áirithiú, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar cuideachtaí iad a dhéanann infheistíocht sa nuálaíocht sin; ag moladh go ndéanfaí tráchtálú sibhialtach na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn mar bhealach chun deiseanna margaidh a mhéadú agus an bonn tionsclaíoch Eorpach a neartú, lena gcothófaí sineirgí idir forbairt mhíleata agus shibhialtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>	á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha, amhail an intleacht shaorga, an ríomhaireacht chandamach, an néalríomhaireacht agus an róbataic, sa chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí infheistíochta agus taighde, ar iarrachtaí iad arna gcomhordú ag an Aontas, chun na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt agus leas a bhaint astu sa chosaint ionas go mbeidh soláthróirí trealaimh cosanta san Aontas fós ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht; ag tabhairt dá haire, faoin Rialachán reatha EDF, lena mbaineann timthriallta fada cur chun feidhme, nach ndéanann an Coimisiún cistiú a sholáthar do thionscadail taighde go tráthúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh cur chuige níos solúbtha agus níos tapúla ann maidir le tionscadail taighde a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha, lena léireofaí an dlús atá faoi fhorbairtí sa réimse sin, lena gcuirfí le hobair Mhol Nuálaíochta Cosanta Eorpach na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus lena mbainfí leas as obair na Gníomhaireachta um Thionscadail Ardtaighde Cosanta sna Stáit Aontaithe; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh ról ceannasach ag an Aontas maidir le taighde ar fheidhmeanna míleata na hintleachta saorga a chur chun cinn agus maidir le creataí rialachais a bhunú le haghaidh fhorbairt agus úsáid fhreagrach na teicneolaíochta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún anailís mhionsonraithe a roinnt leis an bParlaimint ar na rioscaí a bhaineann leis an mí-úsáid a bhaineann ár naimhde as teicneolaíochtaí, amhail leathsheoltóirí, an ríomhaireacht chandamach, blocshlabhraí, spás, an intleacht shaorga agus bith-theicneolaíochtaí, lena n-áirítear géanómaíocht, chomh maith leis an liosta de ghníomhaíochtaí AE atá beartaithe sna réimsí sin, i gcomhréir le straitéis slándála eacnamaíche an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról atá ag cuideachtaí Síneacha a bhfuil baint acu le cúrsaí míleata maidir le sonraí géiniteacha shaoránaigh AE a bhailiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún pacáiste drón AE a mholadh, lena ndíreofar ar chórais drón agus frithdhrón agus ar chumais chúnta, ina mbeidh pleananna agus cistí chun taighde agus forbairt a spreagadh, a bhainfidh leas as ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí na hÚcráine, agus a bheidh oscailte do rannpháirtíocht chuideachtaí an-nuálach na hÚcráine, chomh maith le clár tionsclaíoch atá tiomnaithe d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do sholáthar comhpháirteach córas drón agus frithdhrón, agus rialachán maidir le dróin a úsáid i gcomhthéacsanna sibhialta agus míleata;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">FBManna i réimse na cosanta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á athdhearbhú gurb iad FBManna a bhaineann le cosaint ar fud an Aontais cnámh droma thionscal cosanta agus shlabhraí soláthair na hEorpa agus go bhfuil siad ríthábhachtach don nuálaíocht sna réimsí sin, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tacaíocht a sholáthar do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, go háirithe, in earnáil na cosanta agus na n-earraí dé-úsáide; á chur i bhfáth nach mór do EDIS agus do EDIP cothrom iomaíochta a áirithiú do ghníomhaithe uile an tionscail cosanta ar fud an Aontais agus comhar a chur chun cinn idir cuideachtaí móra agus beaga ó na Ballstáit uile, lena n-áiritheofar nach mbeidh formhór an tionscail ag roinnt cuideachtaí móra ó líon teoranta Ballstát; ag moladh do na Ballstáit deiseanna speisialta a thabhairt do FBManna in earnáil cosanta na hEorpa, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas tairisceana, tríd na bearta seo a leanas a dhéanamh: liosta réamhcheadaithe cuideachtaí a chruthú chun próiseas rannpháirtíochta níos tapúla a éascú, gnólachtaí cothromais phríobháidigh a dhéanann infheistíocht in FBManna a thabhairt isteach sa phróiseas soláthair, cabhrú le fás FBManna trí ghoradh agus infheistíocht chaipitiúil, castachtaí na tairisceana do chonarthaí a laghdú, agus bearta inmheánacha a chur chun feidhme chun athchóiriú a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé sonraí conartha a phróiseáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An tsoghluaisteacht mhíleata</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>	á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an bonneagar is gá a fhorbairt, a chothabháil agus a chosaint chun soghluaisteacht mhíleata thapa agus éifeachtúil ár bhfórsaí armtha a áirithiú ar fud na mBallstát; á chur i bhfios go láidir gur gá athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a áirithiú lena n-éascaítear an tsoghluaisteacht mhíleata agus soláthar seirbhísí bunriachtanacha; á aithint gur féidir baint a bheith ag lóistíocht mhíleata le díspreagadh trí ullmhacht mhíleata fhoriomlán an Aontais a chur in iúl; á mheas go léireofar na pointí sin go soiléir sa teachtaireacht chomhpháirteach a fógraíodh i mí an Mheithimh 2025 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le feabhas suntasach a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata agus infheistíocht a dhéanamh inti, tús áite á thabhairt d’infheistíochtaí agus deireadh a chur le scrogaill agus naisc atá in easnamh; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé tionscadail agus bearta rialála a chur chun feidhme go pras i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta AE maidir le Soghluaisteacht Mhíleata 2.0; ag tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha nua i mbonneagar sibhialta agus míleata, amhail calafoirt, aerfoirt agus mórbhealaí, rud a fhágfaidh go bhféadfaidh aonaid agus soláthairtí míleata a aistriú go rianúil freisin, lena n-áirítear fórsaí mearfhreagartha, trealamh trom, earraí agus cabhair dhaonnúil; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú de réir na moltaí ó Thuarascáil Speisialta CIE 2025 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata agus breis tábhachta a thabhairt don mheasúnú míleata sa phróiseas roghnúcháin do thionscadail dé-úsáide<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Speisialta 04/2025 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Soghluaisteacht mhíleata AE – Níl sí faoi lán seoil de bharr laigí sa dearadh agus constaicí i gcaitheamh an bhealaigh’.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige comhtháite a fhorbairt i leith na soghluaisteachta míleata agus na lóistíochta míleata chun a áirithiú go gcomhlíonfaí gealltanas na Comhairle deireadh a chur leis na bacainní uile atá fós ann faoi 2026, agus go mbeadh sé i gcomhthráth le hinfheistíocht i bhfad níos airde ón Aontas i bpríomhghnéithe na soghluaisteachta míleata; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí cistiú iomchuí AE do thionscadail soghluaisteachta míleata atá ar siúl agus a bhfuil gá leo a áirithiú sa chéad CAI eile; á iarraidh ar na Ballstáit tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun nósanna imeachta maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus na hamlínte le haghaidh ceadanna a dheonú a ghiorrú ionas gur féidir leis na Ballstáit gníomhú níos tapúla agus a n-éifeachtúlacht freagartha a mhéadú, i gcomhréir lena riachtanais agus lena bhfreagrachtaí ó thaobh na cosanta de, i gcomhthéacs mhisin agus oibríochtaí CBSC agus i gcomhthéacs gníomhaíochtaí náisiúnta agus ilnáisiúnta araon; ag moladh do na Ballstáit leas a bhaint as comhaontú PESCO tríú tír maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata mar theimpléad do rannpháirtíocht tíortha comhpháirtíochta, agus béim á leagan ar thionscadail PESCO a chur in oiriúint do riachtanais mhisin CBSC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí na dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin cúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin ar bhealach slán agus éifeachtúil; á thabhairt dá haire go bhfuil taithí agus acmhainneacht soghluaisteachta míleata na Polainne, lena n-áirítear an Mol Cumarsáide Lárnach atá beartaithe, bunriachtanach do shlándáil thaobh an oirthir ina iomláine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Compás Straitéiseach nuashonraithe: fís straitéiseach chomhchoiteann agus comhleanúnachas a chur chun cinn, agus feabhas a chur ar chinnteoireacht an Aontais maidir le saincheisteanna cosanta laistigh de chreat institiúideach an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Compás Straitéiseach </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil forbairt thapa ag teacht ar fhorbairtí agus bagairtí geopholaitiúla i gcónaí ó ghlac na Ballstáit an Compás Straitéiseach i mí an Mhárta 2022; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar an measúnú cuimsitheach comhpháirteach ar bhagairtí a chumhdaítear sa Chompás Straitéiseach, as ar cheart tosaíochtaí do ghníomhaíocht AE teacht; á chreidiúint gur cheart don chleachtadh athbhreithnithe sin tuairimí coiteanna a shainiú ar bhearnaí cumais ar fud na hEorpa, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu trí chláir, cistí, tionscadail agus ionstraimí atá déthaobhach, ilnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, agus an tréimhse ar lena linn ba cheart an méid sin a dhéanamh a leagan amach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí bearta nuashonraithe don Chompás Straitéiseach a thíolacadh tar éis an chleachtaidh athbhreithnithe sin, más gá, agus go mbeadh sé sin mar bhonn eolais d’ullmhú an pháipéir bháin maidir le todhchaí chosaint na hEorpa; á athdhearbhú nach féidir aidhmeanna agus garspriocanna uaillmhianacha an Chompáis Straitéisigh a bhaint amach ach amháin le toilteanas polaitiúil comhfhreagrach agus gníomhaíocht thar ceann na mBallstát agus institiúidí an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhleanúnachas agus comhoiriúnacht idir an Compás Straitéiseach agus Coincheap Straitéiseach ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go gcuirfear an Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint chun feidhme ina hiomláine agus go bhfeabhsófar é i gcomhthéacs na mbeart nuashonraithe faoin gCompás Straitéiseach; á iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar na tréimhsí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treochlár agus, go háirithe, go ndéanfaí athbhreithniú ar na cuspóirí foriomlána i bhfad níos luaithe ná 2030; á iarraidh ar na Ballstáit struchtúir náisiúnta a fhorbairt chun tacú leis na cuspóirí; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí clár gníomhaíochta a mholadh do na Ballstáit ina mbeidh gníomhaíochtaí tosaíochta a chuirtear i láthair sa Treochlár, ar gníomhaíochtaí iad a fhéadfar a chur chun feidhme sa ghearrthéarma;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rialachas cosanta: creat institiúideach agus próiseas cinnteoireachta an Aontais i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhdhlúthú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle athbhreithniú ar shocruithe institiúideacha a comhlachtaí cinnteoireachta atá inniúil maidir le cosaint agus slándáil, agus breithniú ar bhuanchomhlacht cinnteoireachta nua a chur ar bun a bheadh comhdhéanta d’airí cosanta ó na Ballstáit, gan dochar do dháileadh na n-inniúlachtaí faoi seach laistigh d’aireachtaí náisiúnta ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éilíonn comhar éifeachtach ar leibhéal an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta agus freagairtí tapa, comhordaithe ar dhúshláin slándála comhleanúnachas idir struchtúir éagsúla na Comhairle agus an Choimisiúin; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá forluí a chosc, infheistíocht phoiblí éifeachtúil a ráthú, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais agus straitéisí slándála comhleanúnacha a fhorbairt i ndáil le comhpháirtithe, tríú tíortha agus réigiúin éagsúla ar fud an domhain, i bpróisis ceaptha beartas agus i dtionscnaimh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo araon; ag cur sonrú i roinnt dhoiléir na sainchúraimí agus san fhorluí inniúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i measc coimisinéirí i réimse na slándála agus na cosanta tar éis chruthú phost an Choimisinéara um an gCosaint agus um an Spás, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, inniúlachtaí na gcoimisinéirí sa réimse sin a shonrú go soiléir; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar a struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Ard-Stiúrthóireacht um an Tionscal Cosanta agus an Spás (AS DEFIS) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, agus ar a sainorduithe chun comhlántacht agus riar éifeachtúil na dtionscnamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo faoi CBSC a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tuilleadh acmhainní airgeadais agus daonna a thabhairt do SEGS chun a áirithiú gur féidir leis a ról mar sheirbhís taidhleoireachta an Aontais a chomhlíonadh go héifeachtach i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil an-iomaíoch agus na n-éileamh méadaithe ar a acmhainneachtaí teoranta le blianta beaga anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart don Aontas a phróiseas cinnteoireachta maidir le CBES/CBSC a athchóiriú chun go mbeadh sé ina ghníomhaí geopholaitiúil inchreidte, agus á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur cheart breithniú a dhéanamh ar mhachnamh institiúideach ar dheireadh a chur leis an gceanglas maidir le haontoilíocht sa phróiseas sin; á mheabhrú go gceadaítear cheana le creat Chonradh an Aontais roinnt cineálacha éagsúla comhair institiúidigh i réimse an bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta agus á chur in iúl gur oth léi nár úsáideadh an acmhainneacht le haghaidh gníomhaíocht thapa sa réimse sin, dá bhforáiltear i gclásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> i CAE, ach ar bhealach an-teoranta; á iarraidh ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile atá ann le haghaidh a próiseas cinnteoireachta maidir le CBES/CBSC a neartú agus a dhoimhniú d’fhonn acmhainneacht neamhshaothraithe na gConarthaí a bhaint amach; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh an Chomhairle athrú de réir a chéile go vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí maidir le CBES agus CBSC, ar a laghad sna réimsí sin nach bhfuil impleachtaí míleata acu; á mholadh, thairis sin, go bhféachfadh an Chomhairle le leas iomlán a bhaint as na clásail <STRING ITALIC="on">passerelle</STRING> agus as raon feidhme na n-airteagal lena bhfeabhsaítear dlúthpháirtíocht AE agus cúnamh frithpháirteach i gcás géarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag athdhearbhú go láidir a hiarrata Cumas Míleata Pleanála agus Seolta AE (MPCC) a neartú agus a ullmhacht oibríochtúil iomlán a bhaint amach, lena n-áirítear trí áitribh leormhaithe, foireann, ceannas agus rialú feabhsaithe, agus córais éifeachtacha chumarsáide agus faisnéise a sholáthar do mhisin agus d’oibríochtaí uile CBSC; á chur i bhfáth gur gá torthaí tráthúla a bhaint amach maidir le MPCC, i bhfianaise uaillmhian an Chompáis Straitéisigh gur cheart do MPCC feidhmiú mar an struchtúr ceannais agus rialaithe is fearr leis an Aontas agus a bheith in ann gach misean míleata neamhfheidhmiúcháin agus dhá oibríocht feidhmiúcháin ar mionscála nó oibríocht feidhmiúcháin ar meánscála amháin, chomh maith le freachnaimh bheo, a phleanáil agus a sheoladh; á chur i bhfáth gur gá do MPCC sineirgí a éascú idir ionstraimí sibhialta agus míleata agus á iarraidh go ndéanfaí ceanncheathrú chomhpháirteach shibhialta-mhíleata ina gcomhcheanglófaí ionstraimí sibhialta agus míleata a chur ar bun ar an leibhéal Eorpach go fadtéarmach, chun leas iomlán a bhaint as cur chuige comhtháite an Aontais maidir le bainistiú géarchéime ó chéim na pleanála straitéisí go dtí seoladh iarbhír an mhisin nó na hoibríochta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta AE (CPCC) breithniú a dhéanamh ar conas fórsa imscartha a chosaint ar an iliomad bagairtí hibrideacha agus ardoibríochtaí a sheoladh ar leibhéal riosca i bhfad níos airde ná mar atá i gcomhthéacsanna reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar MPCC, ar CPCC, ar Choiste Míleata AE agus ar Fhoireann Mhíleata AE cultúr nua tuisceana a chothú idir comhpháirtithe sibhialtacha agus míleata, comhar idirghníomhaireachta a fhorbairt agus aistriú dea-chleachtas i bpleanáil misean agus na gcoincheap gaolmhar a áirithiú, lena n-áirítear trí shamhail a fhorbairt chun dea-chleachtais a chruthú agus a chomhroinnt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an Acmhainneacht Mhear-Imscartha (RDC) chun cumas oibríochtúil iomlán a bhaint amach sa chéad leath de 2025 ar a dhéanaí, agus 5 000 trúpa ar a laghad ar fáil le haghaidh cúraimí tarrthála agus aslonnaithe, oibríochtaí iontrála agus cobhsaíochta tosaigh nó treisiú sealadach misean; ag tabhairt dá haire go mbeidh Buíonta Catha an Aontais, nár imscaradh riamh in ainneoin iad a bheith ag feidhmiú ó 2007 i leith, ina ndlúthchuid de chreat níos leithne RDC an Aontais; á chur in iúl gur geal léi pleanáil agus cur i gcrích freachnamh beo faoi chuimsiú RDC agus á mholadh go leanfaí leis na tionscnaimh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á mheas gur gné ríthábhachtach é RDC chun leibhéal uaillmhéine AE a bhaint amach agus á chreidiúint gur cheart trúpaí agus fórsaí breise a shannadh dó de réir a chéile, agus tagairt á déanamh do Phríomhsprioc Heilsincí 1999; á chreidiúint go mbeadh ciall le próiseas an Pháipéir Bháin a úsáid chun tús a chur le plé ar aonaid mhíleata bhuana ilnáisiúnta AE bhreise a chruthú, ar aonaid iad a d’fhéadfadh cúraimí atá comhlántach le RDC a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh teagmhála a dhéanamh le ECAT maidir le bunú RDC, i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann le hAirteagal 44 CAE a chur chun feidhme le linn oibríochtú RDC, agus i misin ábhartha eile CBSC freisin, chun cur ar chumas grúpa Ballstát atá toilteanach agus cumasach misean nó oibríocht a phleanáil agus a chur i gcrích laistigh de chreat an Aontais agus, ar an gcaoi sin, gníomhachtú tapa RDC a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt na bearnaí criticiúla i gcumasóirí straitéiseacha a laghdú go suntasach ar bhealach tráthúil, go háirithe iad siúd a bhaineann le RDC, amhail aertharlú straitéiseach, córais chumarsáide agus faisnéise shlána, sócmhainní leighis, cumais chibearchosanta agus faisnéis agus taiscéalaíocht; á iarraidh ar an gCoimisinéir um an gCosaint agus um an Spás breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh atá dírithe ar na cumasóirí straitéiseacha is gá a sholáthar, lena n-éascófaí misin agus oibríochtaí CBSC agus RDC, a chur san áireamh ina Thionscadail Eorpacha Leasa Choitinn um an gCosaint atá beartaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní atá tiomnaithe do chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais a mhéadú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á áitiú nach féidir le riachtanais phráinneacha fanacht don chéad CAI eile; á áitiú nach mór fiosrú  a dhénamh ar réitigh nuálacha chun cistiú breise a aimsiú gan mhoill, amhail infheistíocht a dhéanamh in earnáil na cosanta, é a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla athearraíocht a bhaint as cistí ó thionscadal amháin go tionscadal eile, agus féachaint an bhféadfaí critéir chistiúcháin AE a choigeartú chun tosaíocht nua a thabhairt do chritéir slándála maidir le caiteachas a leithdháileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na buiséid mhéadaithe agus an infheistíocht mhéadaithe i gcosaint ag na Ballstáit agus an méadú, cé gur méadú beag é, ar bhuiséad AE do CBSC in 2024; á chreidiúint go láidir, i bhfianaise bagairtí slándála nach bhfacthas a leithéid riamh, gur cheart do Bhallstáit uile AE leibhéal caiteachais cosanta a bhaint amach go práinneach, mar chion dá OTI, atá i bhfad níos airde ná sprioc reatha ECAT de 2 %; á aithint go raibh coinne leis go gcomhlíonfadh 23 de 32 chomhghuaillí ECAT, lena n-áirítear 16 thír atá ina mball den Aontas agus de ECAT araon, sprioc chaiteachais ECAT agus 2 % dá OTI á chaitheamh ar chaiteachas cosanta faoi dheireadh 2024; á chur i bhfios go bhfuil méadú faoi shé tagtha ar an sprioc sin ó 2014 i leith, nuair a gealladh í; ag tabhairt dá haire nach bhfuil buiséad reatha an Aontais don tslándáil agus don chosaint, i bhfianaise an tsuaite gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, i gcomhréir leis na dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma; á mholadh, i bhfianaise an ghá a mheastar a bheidh le hinfheistíocht chosanta EUR 500 billiún faoi 2035 agus ar bhonn anailís leanúnach ar riachtanais agus bearnaí cumais, go ndéanfadh na Ballstáit infheistíochtaí cosanta a mhéadú tuilleadh, go háirithe maidir le soláthar comhpháirteach cumas cosanta, agus ag tacú go hiomlán leis na spriocanna a leagtar síos faoi EDIS ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur le plé oscailte bunaithe, i measc nithe eile, ar na moltaí arna ndéanamh sna tuarascálacha ón Uasal Draghi agus ón Uasal Niinistö, lena n-áirítear na hacmhainní a leithdháiltear ar an tslándáil agus ar an gcosaint sa chéad CAI eile a mhéadú, na roghanna cistiúcháin éifeachtacha uile a shainaithint chun na críche sin agus codanna de bhuiséid náisiúnta cosanta a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais chun barainneachtaí scála a chruthú; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit próiseas maoinithe EPF a leasú chun tacaíocht leormhaith agus inbhuanaithe a áirithiú do chomhpháirtithe agus comhghuaillithe, agus ailíniú á dhéanamh ag an am céanna le misin agus oibríochtaí CBSC; á iarraidh go gceapfaí straitéis a mbeidh sé d’aidhm aici ionaid barr feabhais a chruthú i réigiúin éagsúla AE, gan obair ECAT sna réimsí sin a dhúbláil, chun nuálaíocht agus rannpháirtíocht na mBallstát uile a chur chun cinn, lena n-áiritheofaí go rannchuideodh cumais agus eolas speisialaithe gach Ballstáit le bonn tionsclaíoch cosanta a bheadh níos comhleanúnaí agus níos comhtháite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ionstraim airgeadais nua,  Beart Slándála don Eoraip  (SAFE), agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramóidh infheistíocht mhéadaithe i gcumais chosanta na hEorpa an coincheap ‘níos mó a cheannach, a cheannach ar bhealach níos fearr, a cheannach le chéile, a cheannach le chéile, a cheannach san Eoraip’; á chur in iúl gur oth léi úsáid Airteagal 122 agus easpa rannpháirtíochta na Parlaiminte dá bharr sin i bhformheas na hionstraime sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi straitéis an aontais coigiltis agus infheistíochta, agus á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go mbeidh sé níos éasca coigilteas príobháideach a shlógadh i dtreo margaí caipitil níos éifeachtúla agus infheistíocht a dhíriú ar earnáil na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit tacú le banc cosanta, slándála agus athléimneachta a bhunú chun fónamh mar institiúid iasachta iltaobhach atá ceaptha chun iasachtaí fadtéarmacha ar ús íseal a chur ar fáil ar féidir leo tacú le príomhthosaíochtaí slándála náisiúnta amhail atharmáil, nuachóiriú cosanta, iarrachtaí atógála san Úcráin agus bonneagar criticiúil atá á rialú faoi láthair ag tíortha naimhdeacha nach bhfuil san Aontas a cheannach ar ais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil feidhm ag cuspóirí an Aontais maidir le dlúthpháirtíocht, comhtháthú agus cóineasú maidir leis an gcosaint freisin; á chur i bhfáth, maidir leis na hacmhainní airgeadais is gá chun ár gcumais chosanta a atógáil agus a leathnú sna deich mbliana amach romhainn, go mbeidh tionchar suntasach acu ar fhóntacht agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, agus dá bhrí sin go mbeidh gá le comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais trí fhíorbheartas eacnamaíoch cosanta; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh méadú ar infheistíocht sa chosaint in iomaíocht le tosaíochtaí infheistíochta eile, lena n-áirítear comhtháthú sóisialta; á mheabhrú, thairis sin, gur cheart treoirlínte maidir le maoiniú a bheith bunaithe ar chur chuige uile-shochaí i leith na hathléimneachta agus, dá bhrí sin, gur gá do shaoránaigh na hEorpa tacú go forleathan leo, agus nach mór an tacaíocht sin a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma; á chur i bhfáth nach mór, dá bhrí sin, an t-ualach airgeadais a chomhroinnt go cothrom, go háirithe ag cuideachtaí brabúsacha a bhaineann tairbhe as rannpháirtíocht phoiblí nó as státchabhair cheana féin; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart caiteachas poiblí a chomhlánú le cistiú príobháideach méadaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhealaí fioscacha a d’fhéadfadh a bheith ann lena bhféadfaí an t-ualach airgeadais a dháileadh ar bhealach níos cothroime agus lena gcuirfí teorainn le suaitheadh iomaíochta in EDTIB de bharr státchabhracha agus próisis tairisceana a shaobhann an margadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí na hacmhainní is gá ar fáil sa chéad CAI eile le haghaidh fíoraontas cosanta; ag tacú le tograí chun infheistíocht ollmhór airgeadais AE a dhéanamh i gcosaint na hEorpa agus chun taighde agus nuálaíocht theicneolaíoch agus tionscadail dé-úsáide a spreagadh i dtionscal cosanta na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, a iomaíochas a neartú agus forbairtí lena gcuirtear leis an tslándáil agus an fás eacnamaíoch inbhuanaithe araon a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ndéanfadh infheistíocht chosanta ó bhuiséad AE iarrachtaí airgeadais na mBallstát a chomhlánú, seachas iad a ionadú, go háirithe maidir le huaillmhian na dtíortha atá ina mball den Aontas agus de ECAT araon 2 % dá OTI a infheistiú sa chosaint; á iarraidh ar na Ballstáit athmheasúnú a dhéanamh ar raon feidhme agus sainiú na gcostas coiteann, chun an dlúthpháirtíocht a fheabhsú agus rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata CBSC a spreagadh, agus ar raon feidhme agus sainiú na gcostas a bhaineann le freachnaimh, i gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún fiachas coiteann a chruinniú chun acmhainneacht fhioscach a chur ar fáil don Aontas iasachtaí a fháil i gcásanna eisceachtúla agus géarchéime, faoi láthair agus amach anseo, agus an taithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó NextGenerationEU á gcur san áireamh, ós rud é go bhfuil géarghá againn anois borradh a chur faoin tslándáil agus faoin gcosaint chun saoránaigh an Aontais a chosaint, díspreagadh a athbhunú agus tacú le comhghuaillithe an Aontais, go háirithe an Úcráin; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór ualach na gníomhaíochta sin a chomhroinnt go cothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí tacaíocht airgeadais mhéadaithe ar fáil sa chéad CAI eile chun soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú trí sholáthar comhpháirteach, comhordú tionsclaíoch, stoc-charnadh, tacú le FBManna agus leathnú na n-acmhainneachtaí táirgeachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don chistiú sin tosaíocht a thabhairt go háirithe do na Ballstáit atá ag críochantacht leis an Úcráin chun a cosaint a fheabhsú, chomh maith leis na Ballstáit ina bhfuil baol mór go mbeidh gnáthbhagairtí míleata orthu, amhail na cinn sin atá ag críochantacht leis an Rúis agus leis an mBealarúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa maoinithe phríobháidigh, a bhfuil géarghá leis, atá ar fáil do EDTIB, go háirithe do FBManna, a d’fhéadfadh eascairt as easpa conarthaí fadtéarmacha rialtais nó as léirmhíniú ró-chúng ar chritéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais;  á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an soiléiriú a thug an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 14 Bealtaine 2024, ar dá réir nach ndéantar ach cuideachtaí a bhfuil baint acu le hairm a bhfuil toirmeasc orthu faoin dlí idirnáisiúnta a eisiamh go huathoibríoch ó rochtain a fháil ar chistí; á chur in iúl gur geal léi na tograí a rinneadh sa tuarascáil ón Uasal Niinistö chun ilroinnt i gcaiteachas cosanta a sheachaint, sruthanna ábhartha cistiúcháin a chomhcheangal agus tuilleadh infheistíochta ón earnáil phríobháideach a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na moltaí agus tograí nithiúla a chur i dtoll a chéile; á thabhairt chun suntais gur gá don tionscal cosanta rochtain níos fearr a fháil ar mhargaí caipitil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Beartas iasachta BEI le haghaidh earnáil na cosanta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rochtain earnáil na cosanta ar na hiasachtaí arna soláthar ag BEI mar spreagadh don infheistíocht phríobháideach i dtionscal cosanta na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi gur leathnaíodh critéir incháilitheachta BEI tuilleadh chun earraí dé-úsáide a chur san áireamh agus á iarraidh ar BEI bearta breise a dhéanamh ina leith sin; á chur i bhfáth, i bhfianaise chuspóir BEI forbairt an Aontais a chur chun cinn agus tacú lena bheartais, go háirithe an beartas cosanta agus EDTIB a neartú, i gcomhréir le hAirteagal 309 CFAE, gur cheart do BEI athbhreithniú breise a dhéanamh ar a bheartas iasachta agus é a oiriúnú go leanúnach; á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar leathnú a bheartais earraí dé-úsáide agus athchóiriú a dhéanamh ar a liosta incháilitheachta, de réir mar is iomchuí, ionas nach ndéanfaí armlón agus trealamh míleata a théann níos faide ná feidhmeanna dé-úsáide a eisiamh a thuilleadh ó mhaoiniú BEI; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Straitéiseach 2022 BEI um Shlándáil na hEorpa arb é is aidhm dó tacú le taighde, forbairt agus nuálaíocht dé-úsáide, bonneagar slándála agus tionscadail teicneolaíochta atá dírithe ar an gcibearshlándáil, an Spás Nua, an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí leis an tslándáil dhomhanda trí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais agus ról an Aontais mar ghníomhaí slándála a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Díghéarú, cogaí a chosc agus tacú le réiteach coinbhleachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tacaíocht na Síne don Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, go háirithe trí chomhar le bonn míleata tionsclaíoch agus teicneolaíoch na Rúise, earraí dé-úsáide a onnmhairiú chuig an Rúis agus rannpháirtíocht leanúnach cuideachtaí atá lonnaithe sa tSín i seachaint agus imchéimniú smachtbhannaí, agus á chur in iúl gur saoth léi an tacaíocht sin; á chur in iúl, ina leith sin, gur cúis mhór bhuartha di na tuarascálacha arna ndéanamh le déanaí ina maítear go bhfuil ladrainn ionsaitheacha fadraoin á dtáirgeadh ag an tSín lena n-úsáid ag an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus á éileamh, má leanann an tSín de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí armála na Rúise, nach mór go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar bheartas seachtrach AE i dtaca leis an tSín; á chur in iúl gur saoth léi an chomhpháirtíocht ‘gan teorainneacha’ idir an Rúis agus an tSín agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gealltanas athnuaite na Síne agus na Rúise a naisc a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gComhairle smachtbhannaí a fhorchur ar chuideachtaí Síneacha as a dtacaíocht do chogadh na Rúise san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di infheistíochtaí méadaitheacha na Síne i gcumais mhíleata agus míleatú a slabhraí soláthair chun a tionscal a dhaingniú agus leas á bhaint ag an am céanna as na deiseanna polaitiúla agus eacnamaíocha atá cruthaithe ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di freisin an éifeacht atá ag spleáchais Eorpacha ar an tSín ar inchreidteacht chumas na mBallstát a slándáil náisiúnta a choimirciú agus ar inchreidteacht chumas AE ina iomláine comhéigean eacnamaíoch na Síne, an géarú breise a d’fhéadfadh a bheith ann leis an Téaváin agus an tacaíocht a thugann sí don Rúis, a cháineadh go héifeachtach agus a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartas ‘dí-rioscaithe’ a chur chun feidhme i gceart agus é mar aidhm leis na rioscaí a eascraíonn as rannpháirtíocht eacnamaíoch agus theicneolaíoch leis an tSín a bhainistiú; á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfaí aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le soláthróirí Síneacha i mbonneagar criticiúil AE, agus nach gcuirfí staid na soláthróirí sin san Eoraip chun cinn le cistí ná fóirdheontais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag cáineadh go láidir na bhfreachnamh míleata gan údar a rinne an tSín an 14 Deireadh Fómhair 2024 timpeall na Téaváine; ag cáineadh, thairis sin, an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na ngníomhartha naimhdeacha atá á ndéanamh ag an tSín i gcoinne na Téaváine, lena n-áirítear cibirionsaithe, feachtais tionchair, eitleáin chogaidh Síneacha a théann isteach i Zón Aitheantais Aerchosanta na Téaváine agus gearradh cáblaí fomhuirí; ag athdhearbhú an ghealltanais láidir a thug sí chun an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> a chaomhnú i gCaolas na Téaváine agus á chur i bhfios go láidir nach nglacfar le haon iarracht an gealltanas sin a athrú go haontaobhach, go háirithe le forneart nó le comhéigean, agus go ndéanfar freagairt chinntitheach dhaingean uirthi; ag moladh ghuaim agus fhreagairt smachtaithe údaráis na Téaváine agus á iarraidh ar údaráis na Síne guaim a choinneáil orthu féin agus aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur tuilleadh leis an teannas traschaolais a sheachaint; á iarraidh go mbeadh malartuithe rialta ann idir an tAontas agus a chontrapháirtithe sa Téaváin maidir le saincheisteanna slándála ábhartha agus go mbeadh comhar níos láidre ann maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na trasnaíochta eachtraí; á chur i bhfáth go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag aon ghéarú i gCaolas na Téaváine ar shlándáil agus geilleagar na hEorpa agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gCoimisiún tús a chur le plean teagmhasach agus bearta maolaithe a fhorbairt ar bhonn cásanna géaraithe is dócha a bheadh ann, amhail bac eacnamaíoch curtha ag an tSín ar an Téaváin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gníomhaíochtaí na Síne atá ag éirí níos ionsaithí i Muir na Síne Theas agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, eadhon an úsáid a bhaineann sí as comhéigean míleata agus eacnamaíoch, oirbheartaíocht cogaíochta hibridí, inlíochtaí contúirteacha arna ndéanamh ag a cabhlach agus a garda cósta i gcoinne a comharsana agus tógáil oileánach, chun éilimh neamhdhleathacha mhuirí a chur chun cinn agus chun lánaí loingseoireachta muirí a chur i mbaol; á chur i bhfios gur tuairiscíodh gur ghearr long atá nasctha leis an tSín cábla fomhuirí de chuid na Téaváine go luath i mí Eanáir 2025 agus á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil ar an ábhar sin; á iarraidh, thairis sin, ar an Téaváin agus ar an Aontas faisnéis a roinnt faoi theagmhais den sórt sin; á athdhearbhú gur spéis léi go mór saoirse loingseoireachta agus slándáil mhuirí i ngach áit, agus go háirithe i Muir na Síne Theas, agus go dtacaíonn sí leo; á iarraidh ar údaráis na Síne deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí ionsaitheacha agus conspóideacha uile, go háirithe oibríochtaí aeir agus muirí i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Theas, lena gcuirtear cobhsaíocht sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i mbaol agus, ar an gcaoi sin, lena mbaintear an bonn ón tsíocháin agus ón tslándáil idirnáisiúnta, ó cheannasacht tíortha sa réigiún, ó shábháilteacht anama ar muir agus ó shaoirse loingseoireachta, i gcomhréir iomlán le UNCLOS; ag moladh an mhéadaithe ar líon na bhfreachnamh saoirse loingseoireachta arna ndéanamh ag roinnt tíortha AE, lena n-áirítear an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ghearmáin; ag tabhairt dá haire go bhfuil na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus á iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair agus comhordaithe ann le comhpháirtithe réigiúnacha, lena n-áirítear trí Láithreachtaí Muirí Comhordaithe san Aigéan Indiach thiar thuaidh, i measc limistéir eile, chun oibríochtaí saoirse loingseoireachta sa réigiún a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí an brú polaitiúil agus eacnamaíoch atá á chur ag an tSín agus ag an Rúis san Áise Láir agus á chur i bhfáth gur gá láithreacht AE sa réigiún a mhéadú mar fhreagairt air sin; á chur i bhfios go láidir gur chun leasa AE é comhar slándála, caidreamh eacnamaíoch agus naisc pholaitiúla le tíortha na hÁise Láir a neartú, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar imchéimniú smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag cáineadh na hIaráine go tréan as a gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha i réigiún an Mheánoirthir, lena n-áirítear trína seachfhórsaí, agus as a tacaíocht leanúnach do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, ar bagairt dhíreach iad ar an tslándáil réigiúnach, Eorpach agus dhomhanda; ag cáineadh an chomhair mhíleata atá ag dul i méid idir an Iaráin agus an Rúis, go háirithe an rún atá acu conradh maidir le comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach a shíniú; á chur in iúl, áfach, go dtacaíonn sí go hiomlán le sochaí shibhialta agus fórsaí daonlathacha na hIaráine agus go seasann sí i ndlúthpháirtíocht leo agus á iarraidh go méadófaí na hiarrachtaí idirnáisiúnta chun tacú leis na grúpaí sin lena streachailt ar son na saoirse agus chearta an duine; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón Aontas smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine a athnuachan go dtí mí Iúil 2025, lena n-áirítear trí smachtbhannaí a fhorchur ar tháirgeadh ladrann agus diúracán ag an Iaráin agus ar sholáthar na ladrann agus na ndiúracán sin ag an Iaráin don Rúis agus do réigiún an Mheánoirthir i gcoitinne; á chur i bhfios go n-áirítear ar na roghanna smachtbhannaí nár ídíodh go fóill cur chuige atá i bhfad níos sriantaí i leith aistrithe teicneolaíochta trí onnmhairiú táirgí nach bhfuil aicmithe mar ‘táirgí dé-úsáide’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>ag cáineadh go tréan Rialtas na hIaráine as cabhrú agus neartú le heagraíochtaí agus líonraí sceimhlitheoireachta, amhail Hamas agus Hezbollah, a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a rinne ionsaithe laistigh den Aontas nó a rinne iarracht iad a dhéanamh, ar bagairt dhíreach iad ar shlándáil, cheannasacht agus cobhsaíocht na hEorpa; á mheabhrú, ina leith sin, go raibh baint ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí leis na scórtha feallmharuithe agus ionsaithe sceimhlitheoireachta a phleanáil agus a dhéanamh, lena n-áirítear ar chríoch an Aontais, le 30 bliain anuas agus, le déanaí, le hionsaithe ar shionagóga agus daoine aonair Giúdacha, agus ar ambasáidí de chuid Iosrael i roinnt Ballstát; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus bearta frithsceimhlitheoireachta chun aon ionsaí amach anseo a chosc; ag athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí a chur le liosta an Aontais d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus ag tacú leis na tionscnaimh arna ndéanamh ag roinnt Ballstát ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á mheas go bhfuil clár arm núicléach na hIaráine ar cheann de na bagairtí is mó ar an tslándáil dhomhanda agus á chur i bhfáth, má éiríonn leis an Iaráin cumas arm núicléach a bhaint amach, go bhfuil an baol ann go gcuirfear leis an meon trodach agus go gcuirfear borradh faoin urraíocht stáit ar an sceimhlitheoireacht agus ar leathadh diúracán agus ladrann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí go tréan na hionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha a rinne an eagraíocht sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, a chuir le tuilleadh díchobhsaithe sa Mheánoirthear, atá treisithe ag ionsaithe i gcoinne Iosrael ag seachfhórsaí na hIaráine (amhail eagraíochtaí sceimhlitheoireachta lena n-áirítear Hezbollah sa Liobáin agus na Houthi in Éimin) agus ag réimeas na hIaráine féin; á athdhearbhú go bhfuil sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint, mar a chumhdaítear sa dlí idirnáisiúnta agus mar a shriantar leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll na gialla uile atá fós i seilbh Hamas; á iarraidh ar na páirtithe uile deireadh a chur leis an gcogaíocht uile láithreach agus cloí go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cliseadh an tsosa comhraic in Gaza le déanaí agus á iarraidh go bhfillfear air láithreach bonn; ag cur béim ar an bhfíoras gurchéim shuntasach é sin chun faoiseamh a thabhairt do shibhialtaigh ar an dá thaobh a d’fhulaing go mór le roinnt míonna anuas; ag moladh thiomantas na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, an Éigipt agus Catar, a raibh a n-iarrachtaí ríthábhachtach chun an chéad sos comhraic a bhaint amach; ag tathant ar na gníomhaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta uile rannchuidiú go gníomhach le hurfhuascailt nua a bhaint amach, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an tsosa comhraic agus iad siúd nach gcomhlíonann é a thabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ath-imlonnú Mhisean Cúnaimh Teorann AE chuig Rafah an 31 Eanáir 2025 chun tacú le hÚdarás na Palaistíne gluaiseacht shábháilte a éascú d’aslonnuithe leighis le linn Chéim I den sos comhraic; á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun páirt a ghlacadh sa phlé maidir le rannchuidithe nithiúla amach anseo chun tacú le sos comhraic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an géarú míleata sa Mheánoirthear, rud a chuireann le tuilleadh díchobhsaithe sa réigiún; á chur in iúl gur saoth léi líon do-ghlactha na dtaismeach sibhialtach, an t-easáitiú éigeantais arb é an foréigean atá ag dul in olcas is cúis leis agus an úsáid leanúnach a bhaintear as forneart míleata; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, thairis sin, an ghníomhaíocht mhíleata leanúnach atá á déanamh ag Fórsaí Cosanta Iosrael i Stráice Gaza agus sa Bhruach Thiar; á cháineadh gur scaoil Fórsaí Cosanta Iosrael le Forsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), ar sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta é; á athdhearbhú go bhfuil ról bunriachtanach cobhsaíochta ag UNIFIL, a rannchuidíonn 16 Bhallstát leis, i ndeisceart na Liobáine; á iarraidh go mbeadh sosanna comhraic in Gaza agus sa Liobáin araon láithreach bonn, go gcuirfí deireadh leis an gcogaíocht, go ndéanfaí Rún 1701 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán agus go córasach agus go ndéanfaí na pobail shibhialtacha a chosaint; á chur i bhfáth gur gá don Aontas agus do ghníomhaithe idirnáisiúnta eile freagracht bhreise a ghlacadh orthu féin agus cabhrú le rialtais agus eagraíochtaí sochaí sibhialta sa Mheánoirthear síocháin mharthanach agus inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do réiteach dhá stát idir Iosrael agus an Phalaistín, agus tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú sa réigiún a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhfuil iarmhairtí ag teacht chun cinn na gcoinbhleachtaí sa réigiún ar réigiúin chomharsanacha agus ar an Eoraip agus go bhfuil dúshláin slándála ag baint leis don Aontas maidir le todhchaí an díspreagtha, an dlí dhaonnúil agus an bhainistithe géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Plean Arabach um Théarnamh agus Atógáil a cuireadh i láthair ag Cruinniú Mullaigh Chaireo an 4 Márta 2025, ar bonn tromchúiseach é don phlé ar thodhchaí Stráice Gaza; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus an Choimisinéara um Réigiún na Meánmhara dul i dteagmháil go cuiditheach le comhpháirtithe Arabacha chun réitigh inchreidte a chur ar fáil maidir le hatógáil, rialachas agus slándáil Gaza; ag diúltú, ar an taobh eile, don togra ‘Trump Gaza’, lena dtugtar neamhaird ar na dálaí luaineacha slándála ar fud an Mheánoirthir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le rannpháirtíocht chuimsitheach idirnáisiúnta, leis na Stáit Aontaithe, le AE, leis na Náisiúin Aontaithe, leis na Stáit Arabacha agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile mar chomhlánú ar iarrachtaí a chéile chun go gcuirfear tús arís leis an gcaibidlíocht agus go mbeidh sí cuiditheach mar gheall ar mhéid an scriosta agus na fulaingthe daonna in Gaza; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta d’iarrachtaí normalaithe a dhéanfar amach anseo idir Iosrael agus stáit Arabacha sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit Hezbollah, ina iomláine, a shainaithint mar eagraíocht sceimhlitheoireachta agus a dí-armáil iomlán a éileamh i gcomhréir le Rún 1701 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á thabhairt chun suntais na cinntí a rinne roinnt stát le déanaí, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe agus Ceanada, chun Samidoun a liostú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ag gníomhú mar sheachfhórsa don Fhronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne; á chur i bhfáth gur toirmeascadh Samidoun sa Ghearmáin in 2023 agus á iarraidh ar Bhallstáit eile AE bearta comhchosúla a dhéanamh trí thoirmeasc a chur ar an eagraíocht laistigh dá gcríoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an teorainn idir an Iordáin agus an tSiria á húsáid mar phointe trasnaithe le haghaidh gáinneáil ar airm agus ar dhrugaí; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Aontas tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Iordáin, atá níos laige mar gheall ar an ngéarchéim reatha sa Mheánoirthear, agus á iarraidh go mbainfí úsáid mhéadaithe as EPF chun an teorainn idir an Iordáin agus an tSiria a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á aithint gur tír í an Tuirc a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint léi don Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Tuirc i láthair ar bhonn níos minice i limistéir ina bhfuil príomhleasanna slándála agus misin agus oibríochtaí CBSC ag an Aontas, agus ag tabhairt dá haire gur oth léi an ról atá ag an Tuirc maidir le réimsí áirithe imní don Aontas a dhíchobhsú agus lena chomharsanachtaí; ag cur sonrú i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Tuirce i gcoinne leasanna an Aontais sa Mheánmhuir Thoir, ar gníomhaíochtaí iad a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear UNCLOS; á athdhearbhú go gcáineann sí gur síníodh na meabhráin tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí, atá idirnasctha agus ar sáruithe soiléire iad ar an dlí idirnáisiúnta, ar rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ar chearta ceannasacha Bhallstáit an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi go mbaineann an Tuirc an bonn ó éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc go mbeadh sí go hiomlán i gcomhréir leo sin; á iarraidh ar an Tuirc staonadh ón mbonn a bhaint ó mhisin agus oibríochtaí CBSC an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc a hoibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an bPrótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara a chur chun feidhme go hiomlán agus go neamh-idirdhealaitheach i leith na mBallstát uile, lena n-áirítear Poblacht na Cipire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin iarrachtaí díghéaraithe, go leanann an Tuirc de bheith ag seasamh le bagairt <STRING ITALIC="on">casus belli</STRING> i gcoinne na Gréige agus den chuid thuaidh de Phoblacht na Cipire a choinneáil faoi fhorghabháil neamhdhleathach; ag cáineadh go láidir ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Tuirce sa Chipir, lena n-áirítear an sárú a rinne sí ar stádas an chreasa mhaolánaigh, an míleatú méadaitheach atá á dhéanamh ar na limistéir faoi fhorghabháil i bPoblacht na Cipire agus na hiarrachtaí a rinne sí chun an t-eintiteas scarthach i limistéar faoi fhorghabháil na Cipire a neartú de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, agus ag tabhairt dá haire nach bhfuil na gníomhaíochtaí sin fabhrach d’atosú na caibidlíochta faoi stiúir na Náisiún Aontaithe; ag cáineadh sháruithe leanúnacha na Tuirce ar Rúin 550 (1984) agus 789 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ina n-iarrtar ar an Tuirc limistéar Varosha a aistriú chuig a háitritheoirí dleathacha faoi riarachán sealadach na Náisiún Aontaithe trí thacú le hoscailt bhaile Varosha don phobal; ag tathant go láidir ar an Tuirc an athuair a gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus aontaobhacha in Varosha a aisiompú; á iarraidh ar an Tuirc, thairis sin, a trúpaí a tharraingt siar as an gCipir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh go práinneach go gcuirfí tús arís leis an gcaibidlíocht maidir le hathaontú na Cipire faoi choimirce Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus á athdhearbhú go dtacaíonn sí go buanseasmhach leis an gCipir chun an tsaincheist a réiteach; á iarraidh ar an Tuirc glacadh le réiteach cothrom, cuimsitheach agus inmharthana ar an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cruinniú neamhfhoirmiúil leathnaithe a thionóil Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 18 Márta 2025 sa Ghinéiv chun an bealach a réiteach chun tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht maidir le fadhb na Cipire go daingean laistigh de chreat comhaontaithe na Náisiún Aontaithe, an t-aon chreat a nglacann an tAontas agus an comhphobal idirnáisiúnta leis, agus atá i gcomhréir le dlí, luachanna agus prionsabail an Aontais; á mheabhrú gur tosaíocht do AE é athaontú na Cipire, atá réidh le teacht chun cinn agus ról gníomhach a ghlacadh chun tacú leis an bpróiseas faoi stiúir na Náisiún Aontaithe leis na huirlisí uile atá ar fáil dó; á iarraidh ar an Tuirc páirt chuiditheach a ghlacadh sa chaibidlíocht agus filleadh ar an mbord caibidlíochta de mheon macánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas ról suntasach a bheith aige sa Mheánmhuir agus a bheith ina ghníomhaí slándála a bheidh in ann cobhsaíocht an réigiúin agus urraim don dlí idirnáisiúnta agus do UNCLOS a ráthú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur ceapadh Coimisinéir um Réigiún na Meánmhara, atá ag obair faoi threoir agus stiúradh polaitiúil an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí; á chur i bhfáth gur gá don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, i gcomhar leis an gCoimisinéir um Réigiún na Meánmhara, i gcás inar gá, agus i gcomhairle leis na Ballstáit, straitéis chomhleanúnach slándála a fhorbairt maidir le réigiún na Meánmhara agus a thíortha comharsanachta, lena n-áirítear san Afraic Thuaidh, an Leiveaint agus an tSaiheil; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann le tíortha comhpháirtíochta sa Mheánmhuir chun an t-antoisceachas, an sceimhlitheoireacht, an trádáil aindleathach in airm agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di na sáruithe ar chearta bunúsacha imirceach sa Libia, mar a léirítear i Rún 2755 (2024) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfáth gur gá scrúdú a dhéanamh ar an ról atá ag misin agus oibríochtaí CBSC – EUBAM Libya agus EUNAVFOR IRINI – sa chomhrac éifeachtach i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, agus ar a ngníomhaíochtaí i ndáil leis an ngá atá le cearta bunúsacha imirceach a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann turnamh tapa réimeas coiriúil Bashar al-Assad sa tSiria, a bhfuil tacaíocht á fháil aige ón gCreimil ó 2015 i leith, agus díomua suntasach polaitiúil do Vladimir Putin agus go gcuireann sé láithreacht straitéiseach agus mhíleata na Rúise sa tSiria i mbaol; á mheabhrú go bhfuil na bunáiteanna míleata Khmeimim agus Tartus ina bpríomhphointí le haghaidh theilgean cumhachta na Rúise sa Mheánoirthear agus san Afraic ó 2015 i leith; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh na bunáiteanna míleata Khmeimim agus Tartus ríthábhachtach chun armra trom agus trealamh a sholáthar agus a iompar chuig cuideachtaí príobháideacha míleata na Rúise, amhail an Grúpa Wagner agus a oibríochtaí sa Libia, Mailí, Poblacht na hAfraice Láir agus an tSúdáin; á chur i bhfáth go bhféadfadh cailleadh bunáiteanna míleata sa tSiria acmhainneacht oibríochtúil na Rúise agus a tionchar san Afraic a lagú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid sa tSiria, naisc le réimeas nua na Siria a dhéanamh coinníollach ar tharraingt siar iomlán na Rúise as an tír agus cosc a chur ar an Rúis bunáiteanna míleata nua a bhunú in áiteanna eile sa réigiún; ag aithint, ina leith sin, an tionchair shuntasaigh atá ag an Aontas ar an tSiria maidir le haitheantas polaitiúil, maolú smachtbhannaí, comhaontuithe trádála, agus tacaíocht airgeadais don atógáil, lena gcuirtear an tAontas chun cinn mar rogha mhalartach ar an Tuirc maidir le todhchaí na Siria a mhúnlú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Rúis na tíortha i gComharsanacht an Oirthir san Aontas a dhíchobhsú trí FIMI, feallmharuithe polaitiúla, bagairtí agus críocha faoi fhorghabháil a úsáid chun go mbeadh tionchar diúltach ar a mianta Eorpacha agus ar a gcobhsaíocht Eorpach agus go gcáineann sí iad; á chur i bhfios go láidir gur gá acmhainneachtaí an Aontais a threisiú chun sochaithe daonlathacha agus luachbhunaithe a chosaint agus a fhorbairt sna tíortha i gComharsanacht an Oirthir san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag athdhearbhú ghealltanas an Aontais tacú le ceannasacht agus iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus na hiarrachtaí chun teacht ar réiteach síochánta, marthanach, cuimsitheach, polaitiúil ar an gcoinbhleacht idir an Mholdóiv agus an Tras-dnístria; ag cáineadh go láidir na n-iarrachtaí leanúnacha agus comhordaithe atá á ndéanamh ag an Rúis, ag olagarcaí atá ar son na Rúise agus ag seachfhórsaí áitiúla atá urraithe ag an Rúis chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, deighiltí a chothú i sochaí na Moldóive agus an bonn a bhaint ó chonair Eorpach na tíre trí ionsaithe hibrideacha, soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda, bréagaisnéis, bagairtí buamaí agus agóidí réamhbheartaithe, chomh maith le bagairt nó úsáid an fhoréigin; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur thuairiscigh Seirbhís Slándála agus Faisnéise Phoblacht na Moldóive leibhéal déine nach bhfacthas a leithéid riamh i ngníomhaíochtaí na Rúise arb é is aidhm leo an Mholdóiv a choinneáil faoina réimse tionchair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an bhagairt hibrideach sin dírithe ar phróisis dhaonlathacha agus go mbaintear an bonn léi ó lánpháirtiú na hEorpa, lena n-áirítear trí chlaontaí scarúnaíocha radacacha i ndeisceart na tíre, go háirithe in Gagauzia, a mhéadú, bolscaireacht a úsáid, an spás faisnéise a ionramháil, cur isteach ar an bpróiseas toghcháin agus oibríochtaí treascracha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an Rúis a fórsaí míleata agus a trealamh míleata a tharraingt siar as críoch Phoblacht na Moldóive, chun a áirithiú go scriosfaí go hiomlán an t-armlón agus an trealamh uile in iosta Cobasna faoi fhormhaoirseacht idirnáisiúnta agus chun tacú le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht idir an Mholdóiv agus an Tras-dnístria, i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tacaíocht fheabhsaithe don Mholdóiv chun FIMI, bagairtí hibrideacha agus cibirionsaithe a chomhrac; ag tathant ar na Ballstáit cistiú do EPF a mhéadú chun cumais chosanta na Moldóive a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á aithint gurbh í an tSeoirsia an chéad tír ar sheol an Rúis fogha míleata iomlán ina coinne in 2008, lena ndearna sí iarracht teorainneacha stáit cheannasaigh san Eoraip a athrú le forneart; á chur i bhfáth go leanann an Rúis dá forghabháil neamhdhleathach agus dá rialú éifeachtach ar réigiúin faoi fhorghabháil na Seoirsia ó 2008 i leith; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear slándáil na Seoirsia agus creat slándála níos leithne na hEorpa i mbaol le láithreacht mhíleata na Rúise agus an méadú suntasach atá tagtha uirthi sna réigiúin faoi fhorghabháil, agus lena gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, a gníomhaíochtaí leanúnacha chun teorainneacha a athrú feadh na línte teorann riarthach agus a sáruithe ar chearta an duine sa tSeoirsia; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Rúis a fórsaí míleata agus a trealamh míleata a tharraingt siar as críoch na Seoirsia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag cáineadh go láidir gur thug an Rúis Eitilt 8243 de chuid Azerbaijan Airlines go talamh an 25 Nollaig 2024, a raibh 67 bpaisinéir ar bord agus ar maraíodh 38 díobh; á chur i bhfios go láidir go dtugtar chun suntais leis sin arís a bhrúidiúla agus a throdaí atá réimeas na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>ag tathant ar an Aontas leanúint dá rannpháirtíocht ghníomhach agus céimeanna cinntitheacha a ghlacadh, trína ionstraimí tábhachtacha, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Rúis a hoibleagáidí faoi chomhaontú an tsosa comhraic an 12 Lúnasa 2008, a raibh an tAontas ina idirghabhálaí ann, go háirithe an hoibleagáidí atá uirthi a fórsaí míleata uile a tharraingt siar as réigiúin faoi fhorghabháil na Seoirsia, chun go bhféadfar sásraí slándála idirnáisiúnta a úsáid laistigh den dá réigiún sa tSeoirsia agus rochtain gan bhac ar chríoch iomlán na Seoirsia a thabhairt do Mhisean Faireacháin an Aontais agus chun páirt chuiditheach a ghlacadh in Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive agus sna Sásraí um Theagmhais a Chosc agus a Fhreagairt; á iarraidh ar SEGS tuarascáil chuimsitheach a ullmhú maidir le sáruithe ar chomhaontú an tsosa comhraic an 12 Lúnasa 2008, na forálacha nach bhfuil comhlíonta fós ag an Rúis a shainaithint agus a chur in iúl go soiléir agus moltaí a thíolacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an nuacht is déanaí maidir le tabhairt i gcrích rathúil na caibidlíochta idir an Airméin agus an Asarbaiseáin maidir le téacs iomlán an dréacht-Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Bunú Caidrimh Idirstáit, ag moladh na hAirméine as an mbealach a réiteach chun bailchríoch a chur ar an téacs agus ag tathant ar cheannaireacht na hAsarbaiseáine an comhaontú síochána mar a tugadh i gcrích sa chaibidlíocht a shíniú agus a chur chun feidhme de mheon macánta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>ag cáineadh na hAsarbaiseáine as a hiarrachtaí leanúnacha chun an bonn a bhaint ón bhféidearthacht go mbeadh síocháin réigiúnach ann agus as a bagairtí leanúnacha i gcoinne na hAirméine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit aon chúnamh slándála, teicniúil nó airgeadais a sholáthraítear don Asarbaiseáin, lena n-áirítear trí ionstraimí éagsúla an Aontais, a chur ar fionraí, ar cúnamh é a d’fhéadfadh cur leis an méadú ar chumais ionsaitheacha na hAsarbaiseáine nó slándáil, iomláine chríochach agus ceannasacht na hAirméine a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil bliain caite ó ghabh an Asarbaiseáin an Nagarna-Carabaic, rud a d’fhág gur easáitíodh níos mó ná 140 000 Airméanach ón réigiún go héigeantach; ag cáineadh na tacaíochta míleata agus an tsoláthair arm arna soláthar ag tíortha nach de chuid an Aontais iad don Asarbaiseáin; á chur i bhfios go raibh an Asarbaiseáin ciontach i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Nagarna-Carabaic; á cháineadh gur scrios an Asarbaiseáin oidhreacht chultúrtha na hAirméine sa réigiún; á iarraidh go scaoilfí saor gach ceann de na 23 ghiall de chuid na hAirméine atá á gcoinneáil san Asarbaiseáin, lena n-áirítear iaroifigigh de facto na Nagarna-Carabaice agus príosúnaigh chogaidh ó chogadh 2020; á iarraidh ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí spriocdhírithe agus aonair a fhorchur orthu siúd atá freagrach as sáruithe ar an sos comhraic agus sáruithe ar chearta an duine sa Nagarna-Carabaic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh an chéad bheart cúnaimh a ghlacadh faoi EPF chun tacú le fórsaí armtha na hAirméine, toisc go neartódh sé sin athléimneacht na hAirméine i gcomhthéacs slándáil, neamhspleáchas agus ceannasacht a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí an comhar idir an Airméin agus an tAontas i réimse na slándála agus na cosanta a threisiú tuilleadh, go háirithe i réimse an dímhianaithe, lena n-áirítear trí EPF a úsáid, agus athbhreithniú na hAirméine ar a ballraíocht in Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála á chur san áireamh; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag roinnt Ballstát chun tacaíocht mhíleata chosantach a sholáthar don Airméin agus ag tathant ar na Ballstáit eile breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh chomhchosúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar a straitéis réigiúnach don tSaiheil, i ndiaidh na <STRING ITALIC="on">coups</STRING> éagsúla sa réigiún; á chur in iúl gur saoth léi go mór imeacht éigeantach thrúpaí na Fraince agus fhórsaí coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe ón réigiún agus ag cáineadh láithreacht cuideachtaí príobháideacha míleata (PMCanna) agus seachfhórsaí státurraithe amhail Cór na hAfraice (ar a dtugtaí an Grúpa Wagner roimhe seo); á chur i bhfios go láidir go raibh ról díchobhsaitheach ag na PMCanna sin sa tSaiheil agus gur thacaigh siad le réimis dhiansmachtúla éagsúla mar iarracht chun tionchar na Rúise a chur chun cinn san Afraic; á chur i bhfios go bhfuil airm á soláthar ag an Rúis do réimis mhíleata na Saiheile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil gníomhaithe eile, amhail an Tuirc, i láthair ar bhonn níos minice sa réigiún; ag tathant ar Ionadaí Speisialta an Aontais don tSaiheil agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht taidhleoireachta a choinneáil agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus d’airgead a chaitheamh ar fhorbairt agus ar chabhair dhaonnúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa comhleanúnachais i bhfreagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna réigiún na Mór-Lochanna agus á iarraidh ar an gComhairle athmheasúnú a dhéanamh ar Straitéis athnuaite an Aontais um na Mór-Lochanna, a glacadh an 20 Feabhra 2023; á aithint a thábhachtaí atá fíorghealltanas an Aontais don tsíocháin sa réigiún; ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, sa ról atá ag Ruanda in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) agus á iarraidh ar an Aontas coinníollacha a fhorchur ar aon tacaíocht mhíleata do Ruanda; ag cáineadh go láidir gur urghabhadh críoch in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ag M23, lena n-áirítear na príomhchathracha réigiúnacha Goma agus Bukavu, as ar eascair bás measta 3000 sibhialtach; ag cáineadh na sáruithe arna ndéanamh ag reibiliúnaigh M23 ar cheannasacht agus iomláine chríochach oirthear PDC; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid dhaonnúil na milliún duine easáitithe sa cheantar agus úsáid an éignithe mar arm straitéiseach cogaidh; ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí dul i mbun gníomhaíochtaí soiléire i gcomhréir le Straitéis an Aontais um na Mór-Lochanna chun cobhsaíocht a athbhunú agus chun comhoibriú le Misean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe in PDC (MCENAC) chun sibhialtaigh in oirthear PDC a chosaint; ag tathant ar Rialtas Ruanda a thrúpaí a tharraingt siar as críoch PDC agus deireadh a chur leis an gcomhar le reibiliúnaigh M23, lena n-áirítear soláthar arm agus trúpaí agus tacaíocht lóistíochta; á iarraidh ar an Aontas a Mheabhrán Tuisceana ar amhábhair agus gach gné comhair mhíleata le Ruanda a chur ar fionraí, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus aon sásra eile, go dtí go gcuirfidh Ruanda deireadh lena thacaíocht neamhdhleathach do ghrúpaí armtha agus go dtí go n-urramóidh sé ceannasacht agus iomláine chríochach PDC; á iarraidh freisin ar PDC deireadh a chur lena chomhar le grúpaí reibiliúnacha sa réigiún; ag tacú le próiseas síochána Luanda agus Nairobi chun réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht a bhaint amach trí mhodhanna taidhleoireachta agus ag tathant ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí leanúint d’fhor-rochtain taidhleoireachta a dhéanamh ar na páirtithe sa choinbhleacht agus ar pháirtithe eile sa réigiún agus an brú a mhéadú ar na páirtithe dul i mbun caibidlíocht shíochánta an athuair, lena n-áirítear trí Chomhairliúcháin Slándála agus Cosanta AE le Ruanda a chur siar agus smachtbhannaí a ghlacadh, ag brath ar an staid ar an láthair agus ar an dul chun cinn atá déanta sna próisis idirghabhála réigiúnacha leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chur in iúl gur cúis díomá di gur cuireadh gníomhaíochtaí Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) ar fionraí agus á chur i bhfios go láidir go gcuireann sé sin go mór le dúshláin slándála agus cosanta, ós rud é go bhfuil infheistíochtaí criticiúla san athléimneacht, san oiriúnú, i gcosc coinbhleachtaí agus i gcothú na síochána ciorraithe anois, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú nach n-úsáidfidh ár gcéilí comhraic an folús atá fágtha ar lár trí mhachnamh straitéiseach a dhéanamh ar conas cláir áirithe a fhágáil gan mhaoiniú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí Rialtas na Stát Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról teoranta atá ag an Aontas i gCorn na hAfraice, agus rannpháirtíocht gníomhaithe eachtracha eile ag dul i méid; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar straitéis an Aontais sa réigiún, d’fhonn spriocanna an Aontais a bhaint amach maidir le síocháin, cobhsaíocht agus forbairt eacnamaíoch chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn sa réigiún; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar SEGS machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun úsáid a bhaint as misin agus oibríochtaí CBSC a imscartar sa réigiún chun na spriocanna sin a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á aithint go bhfuil tábhacht shuntasach straitéiseach agus gheopholaitiúil ag baint leis an réigiún Artach mar gheall ar na bealaí muirí atá ag teacht chun cinn, na hacmhainní nádúrtha saibhre agus na deiseanna forbartha eacnamaíche atá ann mar gheall ar an téamh domhanda, ach go bhfuil an réigiún á chonspóid ar bhonn níos minice ag an am céanna; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar an míleatú méadaitheach agus ar an iomaíocht i leith acmhainní mar thoradh ar ghníomhaíochtaí na Rúise agus na Síne sa réigiún; ag cáineadh go láidir na ráiteas a rinne Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile maidir lena sprioc go nglacfadh na Stáit Aontaithe seilbh ar an nGraonlainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé slándáil, cobhsaíocht agus comhar a chaomhnú san Artach; á chur i bhfáth nach mór don réigiún fanacht saor ó theannas míleata agus ó shaothrú acmhainní nádúrtha agus nach mór cearta na bpobal dúchasach a urramú; á athdhearbhú gur gá beartas an Aontais maidir leis an Artach a áireamh in CBSC agus cumais díspreagtha agus chosanta a neartú i ndlúthchomhar le ECAT; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an comhar idir an tAontas agus ECAT bunriachtanach chun dul i ngleic le tionchar méadaitheach na Rúise agus na Síne sa réigiún; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh go tráthrialta ar shaincheisteanna ar díol spéise iad don Artach laistigh de chruinnithe an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus na Comhairle;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gné na hinscne agus ról na mban sa tsíocháin agus sa tslándáil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>ag cur béim ar an tionchar díréireach uathúil atá ag coinbhleachtaí armtha ar mhná agus cailíní, go háirithe maidir le foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le soláthar agus inrochtaineacht an chúraim sláinte iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, le linn coinbhleachtaí armtha; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí breithniú ar choinbhleachtaí armtha trí lionsa inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á mheabhrú gur tosaíochtaí seanbhunaithe don Aontas iad gné na hinscne a phríomhshruthú agus a oibríochtú sa chaidreamh seachtrach agus an clár oibre maidir le ‘Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil’ a chur chun feidhme i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht na mban a neartú i gcosc agus réiteach coinbhleachtaí, i gcaibidlíocht síochána, i gcothú na síochána agus i gcoimeád na síochána, i ngníomhaíocht dhaonnúil agus in atógáil iarchoinbhleachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuidíonn comhtháthú ghné na hinscne i ngníomhaíochtaí seachtracha agus inmheánacha uile CBSC le héifeachtacht oibríochtúil CBSC a fheabhsú agus le hinchreidteacht an Aontais mar thacadóir don chomhionannas inscne a chur chun cinn ar fud an domhain; á áitiú, dá bhrí sin, go mbaineann tábhacht leis na gealltanais uile a thug an tAontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd i bPlean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP) (2020-2024) agus sa Chompás Straitéiseach; á áitiú freisin go molfar bearta breise sa nuashonrú ar an gCompás Straitéiseach chun an comhionannas inscne agus rannpháirtíocht iomlán agus fhóinteach na mban in CBSC, go háirithe i misin mhíleata, a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndéantar gné na hinscne agus gné chearta an duine a chur san áireamh, comhairleoirí inscne a cheapadh i misin agus oibríochtaí uile CBSC agus líonra pointí fócasacha inscne a bhunú; á iarraidh go n-úsáidfí an Comhshocrú Sibhialtach CBSC nua chun iarracht a dhéanamh rannpháirtíocht iomlán na mban i misin shibhialtacha CBSC a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Misin agus oibríochtaí CBSC</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá spriocanna soiléire agus indéanta, leathanaigeantacht i leith dhearcthaí agus úinéireacht na tíre óstaí, mar aon leis an trealamh agus na hacmhainní airgeadais, lóistíochta agus daonna is gá le haghaidh gach ceann de mhisin agus oibríochtaí CBSC; á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil an timpeallacht slándála ina ndéantar a lán de mhisin CBSC ag dul in olcas; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar rialachas na meastóireachta agus an rialaithe ar mhisin agus oibríochtaí CBSC; á iarraidh an athuair go ndéanfaí measúnuithe cuimsitheacha ar mhisin agus oibríochtaí CBSC, go háirithe ar a réalaíche atá a sainorduithe i ndáil leis na hacmhainní agus an trealamh arna leithdháileadh, an bainistiú a dhéantar orthu, na modhanna arna n-úsáid chun a bhfoireann a earcú agus próifílí a mheaitseáil leis na scileanna is gá, a thrédhearcaí atá na glaonna ar thairiscintí, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na torthaí arna mbaint amach, na ceachtanna arna bhfoghlaim i ndáil le dea-chleachtais agus na deacrachtaí arna sárú; á chur i bhfáth go bhfuil gá ar leith le forálacha éagtha a bheith ag roinnt leis na misin agus na hoibríochtaí go léir chun go bhféadfar foirceannadh inbhuanaithe a dhéanamh más gá; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit leanúint de mhisin agus oibríochtaí CBSC a cheapadh go héifeachtach, lena n-áirítear sainorduithe atá urrúnta, atá dírithe ar thorthaí, atá solúbtha agus atá modúlach, chun dul in oiriúint do chomhthéacs slándála iomlaoideach agus riachtanais iomlaoideacha na dtíortha óstacha, agus chun comhpháirtíocht láidir a chothú leis na rialtais óstacha, leis an tsochaí shibhialta agus leis na pobail áitiúla, d’fhonn a áirithiú go bhféadfaí spriocanna na misean agus na n-obríochtaí a bhaint amach san fhadtéarma; á iarradh go mbainfeadh na Ballstáit úsáid as Comhshocrú Sibhialtach nua CBSC chun an fhís straitéiseach atá acu i leith bainistiú géarchéime sibhialtach a neartú trí ról, éifeachtacht agus breisluach chomhshocrú sibhialtach CBSC a shoiléiriú, agus trí leibhéal comhroinnte uaillmhéine a leagan síos i leith bainistiú géarchéime sibhialtach; á iarraidh freisin go ndéanfaí na sineirgí agus na comhlántachtaí idir an ghné shibhialtach agus an ghné mhíleata de CBSC a shaothrú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS Próiseas Forbartha struchtúrtha agus rialta maidir le Cumas Sibhialtach a fhorbairt, i dteannta na mBallstát, chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht riachtanais cumais na mBallstát, ceanglais a fhorbairt, anailís a dhéanamh ar bhearnaí agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an dul chun cinn; á chreidiúint gur gá beartas daingean a bhunú maidir leis an trealamh agus na seirbhísí a theastaíonn ó na tíortha comhpháirtíochta sin ina ndéantar misin shibhialtacha CBSC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár tháinig ach méadú beag ar bhuiséad CBSC i gcomhair mhisin shibhialtacha CBSC idir an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 agus CAI 2021-2027, agus gurb amhlaidh, ag an am céanna, atá an líon misean agus na cúraimí agus na costais ina leith dulta i méid;  á iarraidh go ndéanfaí an cistiú do bhuiséad CBES a mhéadú go suntasach, agus go n-áiritheofaí, an tráth céanna, go mbainfí úsáid éifeachtúil as na cistí arna leithdháileadh ar mhisin shibhialtacha CBSC, chun a chinntiú go bhfreagróidís go héifeachtach ar ghéarchéimeanna agus ar theagmhais gan choinne; á iarraidh go mbunófaí líne bhuiséid thiomnaithe nó ‘saoráid tacaíochta sibhialta’, chun an trealamh agus na seirbhísí is gá a sholáthar do na tíortha comhpháirtíochta i dtreo is go bhféadfaidís a gcumais shibhialtacha a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á iarraidh an athuair ar SEGS gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh chun tacú le misin agus oibríochtaí sin CBSC trína dtugtar cosaint ar chibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha agus trína gcuirtear i gcoinne FIMI i dtíortha ina ndéantar misin agus oibríochtaí CBSC, go háirithe sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh ar an gCoimisiún misin agus oibríochtaí CBSC a chur i gcuntas agus a Sciath Eorpach don Daonlathas á ceapadh aige chun teacht roimh bhagairtí a bhfuil sé d’aidhm acu an bonn a bhaint ó ghníomhaíochtaí seachtracha AE agus chun foireann sin AE arna himscaradh thar lear a chosaint; á áitiú go gcaithfidh na ceachtanna arna bhfoghlaim mar chuid de mhisin agus oibríochtaí éagsúla CBSC a bheith ina mbonn le feabhas a dhéanamh, agus go gcaithfear oibriú i gcomhar le misin agus oibríochtaí na mBallstát i dtreo is gur fearr a fhéadfar rabhadh a thabhairt faoi bhagairtí, agus iad a shainaithint, chun teacht rompu nó chun freagairt orthu ar bhealach tráthúil nuair is gá; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcumas freagartha, agus go bhfeabhsófaí an chumarsáid straitéiseach agus an fhor-rochtain i réimsí an imscartha – trí na teangacha áitiúla ábhartha a úsáid – chun an pobal áitiúil a chur ar an eolas, ar bhealach níos fearr, faoi bhunús, tairbhí agus róil mhisin agus oibríochtaí CBSC ina réigiúin faoi seach, agus chun iad a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar a bheith ag brath ar thacaíocht ó ghníomhaithe eile atá ag iarraidh cíor thuathail a dhéanamh díobh, go háirithe an Rúis agus an tSín; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún agus ar SEGS infheictheacht mhisin agus oibríochtaí CBSC i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú trína n-áireamh ina dteachtaireachtaí polaitiúla, trí rochtain a thabhairt don phobal ar dhoiciméid agus trí dhul i mbun idirphlé leis an bpreas idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS sainorduithe comhairleacha mhisin agus oibríochtaí CBSC a choigeartú chun oiliúint speisialaithe ar ghníomhaíochtaí cogaíochta hibridí a chomhrac, ar chibearchogaíocht agus ar anailís faisnéise foinse oscailte (OSINT) a áireamh iontu; á iarraidh ar SEGS treisiú lena chomhar agus chomhordú le misin agus oibríochtaí eile arna ndéanamh ag comhpháirtithe agus eagraíochtaí atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear Oibríochtaí Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe, chun cur i gcoinne oibríochtaí FIMI sa réimse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir drochthionchar a bheith ag éilliú i láithreacha oibríochtaí ar mhisin agus oibríochtaí CBSC trí dhamáiste a dhéanamh dá gclú, acmhainní a chur amú, agus drochrialachas agus drochriarachán a ghéarú, agus trí na leibhéil áitiúla breabaireachta, calaoise, sracaidh agus finíochais a mhéadú; á iarraidh go gcuirfí straitéisí chun feidhme chun éilliú a chosc agus a chomhrac, agus, ar an gcaoi sin, saineolas agus eolas frithéillithe a fhorbairt agus dlús a chur leis na hiarrachtaí ar an mbaol go mbeadh éilliú ann i misin agus in oibríochtaí sin CBSC atáthar a dhéanamh faoi láthair agus a dhéanfar amach anseo a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á iarraidh go n-áireodh an Chomhairle agus SEGS gné sna misin agus sna hoibríochtaí a dhéanann siad faoi CBSC d’fhonn an oidhreacht chultúrtha a chosaint chun cúnamh agus oideachas a sholáthar do chomhpháirtithe áitiúla maidir le haghaidh á tabhairt ar dhúshláin slándála a bhaineann le caomhnú agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha; ag tabhairt dá haire gur chun leasa phróiseas an réitigh coinbhleachta agus an athmhuintearais a bheadh sé cosaint na hoidhreachta cultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha as bheith ina ngnéithe de shainorduithe misean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá sainorduithe mhisin agus oibríochtaí sin CBSC a dhéantar i dtíortha comharsanacha in Oirthear na hEorpa a leathnú, i gcás ina bhfuil, mar gheall ar na bagairtí slándála a bheith ag dul i méid, údar le ról níos treisithe a bheith ag an Aontas sna tíortha úd; ag moladh do na Ballstáit uile pearsanra a imscaradh chuig na misin agus na hoibríochtaí sin; á mholadh freisin go mbeadh tríú tíortha níos rannpháirtí sna misin sin, go háirithe na tríú tíortha sin inar cuireadh misin CBSC i gcrích; á iarraidh ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir misin agus oibríochtaí nua CBSC a bhunú i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, más gá, agus i ndlúthchomhar lena n-údaráis náisiúnta; á iarraidh ar SEGS a áirithiú go n-áireofar oiliúint d’oifigigh aireachta sa tacaíocht a thugtar d’athchóirithe san earnáil slándála trí mhisin CBSC; á iarraidh go gcuideodh SEGS agus an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint le saineolas na foirne sibhialta agus cosanta a thacaíonn le misin agus oibríochtaí CBSC, agus a ghlacann páirt iontu, a fhorbairt; ag aithint go bhfuil deis ann do thríú tíortha a bhfuil misin agus oibríochtaí CBSC á ndéanamh iontu cabhrú leis an Aontas cuspóirí CBSC a bhaint amach agus a gcumas slándáil a sholáthar do thíortha eile a léiriú trína rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí CBSC lasmuigh den limistéar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe síneadh le sainordú Oibríocht Althea Fhórsa an Aontais Eorpaigh (EUFOR) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (BiH) tar éis 2025, ós misean síochánaíochta seanbhunaithe agus cruthaithe é ar daingne go mór cobhsaíocht na tíre agus an réigiúin dá bharr; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur tugadh, mar chuid den mhisean, freagra dearfach ar an iarraidh ó Ghníomhaireacht Cosanta Sibhialta Aireacht Slándála na Boisnia agus an Heirseagaivéin, trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchar na dtuilte a tharla le déanaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an síneadh sin ina léiriú ar a mheáite atáthar sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, gan beann ar chlaonadh polaitiúil, seasamh leis an tsíocháin agus leis an tslándáil i gcomhar le AE; á chur in iúl gur geal léi teacht fhórsaí cúltaca EUFOR Althea sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i lár mhí an Mhárta agus á iarraidh an athuair ar na gníomhaithe uile sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin staonadh ó aon bhagairtí polaitiúla agus ó aon ghníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, urraim a thabhairt do bhunreacht na tíre agus obair a dhéanamh chun conair lánpháirtithe AE na Boisnia agus na Heirseagaivéine a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Fórsa na Cosaive (KFOR) fós sa Chosaiv, agus go bhfuil Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh (EULEX) fós ar bun inti, agus ag moladh an róil atá aige maidir leis an tslándáil agus an chobhsaíocht a neartú; á iarraidh ar na páirtithe uile lena mbaineann cloí le ceanglais an dlí idirnáisiúnta, agus srian agus cosc a chur le haon ghníomhaíochtaí suaiteacha a bheith á ndéanamh d’fhonn réigiún thuaidh na Cosaive a dhíchobhsú; ag tathant orthu páirt a ghlacadh san idirphlé struchtúrtha arna stiúradh ag AE; ag cáineadh go láidir an t-ionsaí sceimhlitheoireachta a rinne paraimíleataigh Sheirbiacha ar phóilíní na Cosaive mar aon leis an ionsaí sceimhlitheoireachta scáfar ar bhonneagar criticiúil i ngaobhar Zubin Potok i dtuaisceart na Cosaive; á chur i bhfáth nach mór lucht déanta na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha sin a thabhairt chun cuntais agus a thabhairt chun an dlí gan mhoill; á iarraidh go neartófaí Oibríocht Altheas EUFOR agus KFOR araon trí bhíthin acmhainní breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>ag moladh bhunú agus oibríochtaí Mhisean Comhpháirtíochta AE sa Mholdóiv (EUPM Moldova), ar láidre struchtúir bainistithe géarchéime na tíre dá bharr, ar treise athléimneacht na tíre i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha dá bharr, agus ar cuireadh i gcoinne FIMI mar chuid de freisin; á iarraidh go gcuirfí síneadh le sainordú an mhisin tar éis Bhealtaine 2025, go ndéanfaí measúnú ar leormhaitheas a bhealaí, a mhodhanna agus a acmhainní i ndáil le cuspóirí an mhisin agus go ndéanfaí a acmhainní a oiriúnú i bhfianaise chonclúidí na meastóireachta chun a éifeachtacht a fheabhsú; ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM maidir le cuidiú le lasta iarnróid tríd an Tras-dnístria a athoscailt agus maidir le bac a chur ar oibríochtaí smuigleála iomadúla; ag moladh do EUBAM a chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomadúla, lena n-áirítear Europol, FRONTEX agus ESCE trína Mheitheal Arm, Oibríochtaí Comhpháirteacha ORIO II agus tionscnaimh ‘EU 4 Border Security’, a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ról ag Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh (EUMM) sa tSeoirsia maidir le faireachán a dhéanamh ar an staid ar Líne Teorann Riaracháin na hAbcáise agus na hOiséite Theas; á chur in iúl gur saoth léi oifigigh de chuid EUMM a bheith á gcoinneáil go sealadach ag gníomhaithe slándála agus gnáthphatról á dhéanamh acu feadh na Líne Teorann Riaracháin (ABL); á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di aon ghníomhaíochtaí trína gcuirtear bac ar ghníomhaíochtaí EUMM agus a bhfuil sé d’aidhm acu an bonn a bhaint ó na hiarrachtaí ar mhuinín a chothú; ag tathant ar an gComhairle agus ar SEGS dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid, rochtain gan bhac EUMM ar chríocha sin na Seoirsia atá faoi fhorghabháil ag an Rúis a chur chun cinn i gcomhréir le sainordú an mhisin, tacú le síneadh a chur lena shainordú agus a acmhainneachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar riachtanais slándála agus dhaonnúla an phobail áitiúil i limistéir ina bhfuil coinbhleacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí Mhisean sibhialtach an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) faoi CBSC, atá ina gcuidiú leis an tslándáil sa réigiún a mhéadú tríd an líon teagmhas i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir teorann a laghdú go suntasach, trí mhuinín a chothú agus trí mhéid an bhaoil don phobal a mhaireann sna limistéir sin a laghdú; á chur in iúl gur geal go bhfuil an Airméin ag cuidiú le gníomhaíochtaí EUMA a chur i gcrích ar a críoch; ag moladh na Comhairle as an gcinneadh a rinne sí borradh a chur faoi acmhainneacht an mhisin, an líon breathnóirí arna n-imscaradh a mhéadú, agus an tréimhse ama imscartha a fhadú, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh leathnaithe, agus go mbeadh láithreacht níos láidre ann, sa réigiún chun timpeallacht a chruthú a bheadh fabhrach do na hiarrachtaí normalúcháin, a dtacaíonn AE leo, idir an Airméin agus an Asarbaiseáin; ag tathant ar an Asarbaiseáin cead a thabhairt do bhreathnóirí AE a bheith ar a taobhsa den teorainn freisin; ag cáineadh bhagairtí na hAsarbaiseáine ar EUMA mar aon le hinsint dhiúltach na Rúise air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á mheas go bhféadfadh ról bunriachtanach a bheith ag dhá mhisean shibhialtacha sin AE arna ndéanamh faoi CBSC – Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) agus Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EUBAM Rafah) – i ndáil le tacú leis na hiarrachtaí ar stát a thógáil sa Phalaistín; ag tacú le ról níos láidre a bheith ag EUPOL COPPS agus EUBAM Rafah, i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Márta 2024 agus bunaithe ar phrionsabal réiteach an dá stát agus ar inmharthanacht stát sin na Palaistíne a bheidh ann amach anseo, ionas gur féidir leo a bheith rannpháirteach i seachadadh cúnaimh dhaonnúil do Stráice Gaza a éascú, feabhas a chur ar éifeachtúlacht údarás na Palaistíne sa Bhruach Thiar, agus ullmhú d’fhilleadh an údaráis ar Stráice Gaza; á chur i bhfáth, go háirithe, go gcaithfear na dálaí is gá a chruthú chun EUBAM Rafah a athghníomhachtú go hiomlán chun go mbeidh sé in ann gníomhú mar thríú páirtí neodrach ag pointe trasnaithe Rafah, i gcomhar le hÚdarás na Palaistíne agus le húdarás Iosrael agus údarás na hÉigipte; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go mbeidh treisiú raon feidhme agus shainorduithe EUPOL COPPS agus EUBAM Rafah ar an láthair ina phríomhthosaíocht i Straitéis AE-an Mheánoirthir atá ar na bacáin; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chomhairle cinneadh sainorduithe an dá mhisean a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig deireadh le sainordú EUTM Mali, sainordú EUMPM sa Nígir agus sainordú mhisean ar talamh na mball foirne sin ó EUCAP Sahel Niger in 2024, agus go bhfuil Misean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais i Mailí (EUCAP Sahel Mali) agus Aonad Réigiúnach AE um Chomhairle agus Comhordú (EU RACC) don tSaiheil fós ar bun; á aithint nach raibh na misin idirnáisiúnta éagsúla in ann an sprioc a bhí acu, eadhon an réigiún agus a dhaonlathais leochaileacha a chobhsú, a bhaint amach ná síocháin a áirithiú sa réigiún; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chlis ar straitéis AE don tSaiheil ó thaobh slándála agus cosanta de; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid slándála a bheith ag dul in olcas sa tSaiheil, cliseadh leanúnach stát sa tSaiheil agus borradh na sceimhlitheoireachta sa tSaiheil; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh cineál nua de Thionscnamh Slándála agus Cosanta sibhialtach-míleata hibrideach de chuid an Aontais i Murascaill na Guine (EUSDI, Murascaill na Guine), a bunaíodh i Lúnasa 2023, a bhfuil sé d’aidhm aige fórsaí slándála agus cosanta an Chósta Eabhair, fórsaí slándála agus cosanta Ghána, fórsaí slándála agus cosanta Thóga agus fórsaí slándála agus cosanta Bheinin a chumhachtú chun feabhas a chur ar chobhsaíocht agus athléimneacht a limistéar ar an teorainn thuaidh; á iarraidh ar SEGS agus ar na Ballstáit scrúdú géar a dheanamh ar shainordú mhisin uile CBSC san Afraic, d’fhonn spriocanna agus garspriocanna inbhainte amach a leagan síos i leith gach misin i bhfianaise an chomhthéacs pholaitiúil reatha, agus a fhiosrú freisin an bhféadfaí na misin sin a leasú chun freastal, ar bhealach níos éifeachtaí, ar straitéis ilghnéitheach athbhreithnithe nua de chuid an Aontais don Afraic agus don tSaiheil, mar chuid dá chur chuige comhtháite; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí athbhreithniú, mar ábhar tosaíochta, ar shainordú agus ar acmhainní mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí agus EU RACC don tSaiheil, ina molfaí athruithe orthu agus ina ndéanfaí breithniú a dhéanamh i dtaobh iad a fhoirceannadh más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh EUNAVFOR ASPIDES i mí Feabhra 2024 mar oibríocht mhíleata de chuid an Aontais mar fhreagairt ar na hionsaithe a rinne na Houthi ar an loingeas idirnáisiúnta sa Mhuir Rua, chun rannchuidiú le saoirse na loingseoireachta a chosaint agus leis an tslándáil mhuirí a choimirciú, go háirithe i gcás soithí trádála agus tráchtála sa Mhuir Rua, san Aigéan Indiach agus i Murascaill na Peirse; á iarraidh ar na Ballstáit cumas oibríocht EUNAVFOR ASPIDES a mhéadú agus breithniú a dhéanamh i dtaobh í a chumasc le hoibríocht mhíleata EU ATALANTA, faoi mar a beartaíodh a dhéanamh ar dtús, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an dá oibríocht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feabhas a chur ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Acmhainneachtaí faisnéise</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhroinnt faisnéise agus malartú faisnéise feabhsaithe i measc na mBallstát agus institiúidí AE, lena n-áirítear an Pharlaimint, chun cur isteach eachtrach a chomhrac, feabhas a chur ar an bhfeasacht staide agus chun a bheith in ann bagairtí ar an tslándáil chomhchoiteann a réamh-mheas agus a chomhrac ar bhealach níos fearr agus línte coiteanna gníomhaíochtaí a shainiú faoi CBSC, go háirithe i réimse an bhainistithe géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh AE leas iomlán a bhaint as an bhfaisnéis bhunaidh is gá ar shaincheisteanna domhanda atá ann lasmuigh dá theorainneacha i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil agus na ngéarchéimeanna geopholaitiúla a bheith ag dul i méid ar fud an domhain; ag moladh iarrachtaí Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) agus Stiúrthóireacht Faisnéise Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, ag comhoibriú dóibh faoi chuimsiú na hAcmhainneachta Aonair Anailíse Faisnéise (SIAC), mar aon le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen), ar mheasúnuithe faisnéise uilefhoinse a dhéanamh; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh EU INTCEN, SIAC, Lárionad Freagartha Géarchéime SEG agus EU SatCen a threisiú trína bhfoireann agus a n-acmhainní airgeadais, mar aon lena gcumas agus slándáil a bhfaisnéise a fheabhsú; ag tathant ar na lárionaid sin, ar choinníoll go bhfuil forálacha slándála faisnéise leormhaithe acu, ceachtanna a fhoghlaim ó ról ECAT i ndáil le comhroinnt phoiblí phríobháideach faisnéise ar chibearbhagairtí a éascú, agus tarraingt air sin ina réimse féin, chun leasa na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit EU INTCEN a úsáid mar chomhlacht comhroinnte faisnéise éifeachtach chun faisnéis a chomhroinnt ar bhealach slán, chun cultúr straitéiseach agus slándála coiteann a chothú agus chun faisnéis straitéiseach a sholáthar; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, ar bhonn na faisnéise arna cruinniú, gur cheart go mbeadh baint bhreise ag EU INTCEN leis na measúnuithe ar bhagairtí arna ndéanamh ag institiúidí AE, mar aon le sannadh oibríochtaí digiteacha agus seachaint smachtbhannaí; á iarraidh an athuair go ndéanfaí bunú córais le haghaidh sreabhadh rialta agus leanúnach faisnéise ó na Ballstáit chuig SEGS agus idir Ballstáit AE maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála atá ann lasmuigh den Aontas a chur chun cinn; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cumarsáid shlán agus leibhéal ard slándála faisnéise i leith faisnéis iontaofa agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí ar na rialacha slándála a fheabhsú agus a chuíchóiriú agus go saothrófaí rialacháin ina leith sin chun córais faisnéise íogaire, bhonneagair agus chumarsáide a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar chur isteach eachtrach agus ar ionsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe comhpháirteacha rialta ar bhagairtí i gcomhar le seirbhísí faisnéise na mBallstát chun comhlachtaí cinnteoireachta CBSC a chur ar an eolas fúthu sin agus á iarraidh an athuair go mbainfí leas as acmhainneachtaí cruinnithe faisnéise i misin agus oibríochtaí uile CBSC, rud a d’fhágfadh go soláthrófaí faisnéis do EU INTCEN, d’Fhoireann Mhíleata AE (EUMS), do MPCC agus do CPCC;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cosaint ar ionsaithe hibrideacha agus ar bhréagaisnéis</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na dúshláin slándála atá ag dul i méid a bhaineann le cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha, mar aon le FIMI, a bhfuil sé d’aidhm ag gach ceann acu, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, an bonn a bhaint ó chobhsaíocht shochaithe daonlathacha AE, go háirithe i gcríocha sin AE atá i bhfad ón míntír, ó chomhghuaillíochtaí Bhallstáit AE, agus polarú a chothú, go háirithe sa tréimhse roimh thoghcháin; á chur i bhfáth go bhfuil na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit sin atá ar theorainn sheachtrach thoir AE, leochaileach i leith tionchar naimhdeach a bheith á n-imirt orthu ag an Rúis agus ag an mBealarúis; á chur in iúl gur geal léi gur oibrigh an Coimisiún, SEGS agus an Pharlaimint i gcomhar le chéile, ar bhonn institiúideach, ar an leibhéal riaracháin le linn an fheachtais toghcháin Eorpaigh dheireanaigh chun cosc a chur ar úsáid ollmhór a bheith á baint ag gníomhaithe tríú stát agus neamhstáit mailíseacha as FIMI; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar riarachán na Parlaiminte a gcumas a neartú chun athléimneacht i gcoinne ionsaithe hibrideacha agus FIMI a mhéadú; á chur i bhfios, ina leith sin, gur chinn cúirt bhunreachtúil na Rómáine le déanaí an chéad bhabhta de na toghcháin uachtaránachta a neamhniú mar gheall ar thuairiscí ar ionsaithe ollmhóra hibrideacha a bheith déanta ag an Rúis, go háirithe trí ardáin na meán sóisialta; á iarraidh, thairis sin, go gcomhoibreodh riaracháin SEGS agus na Parlaiminte go dlúth leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta, agus leis an bpobal acadúil agus eolaíoch chun cur i gcoinne feachtais tionchair mailísí agus bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a bheith á n-úsáid mar uirlis troda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>ag tacú leis an ngealltanas a tugadh ‘Sciath Eorpach don Daonlathas’ a bhunú agus á iarraidh an athuair ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh struchtúr neamhspleách, ag a mbeadh lear acmhainní, a chruthú a mbeadh sé de chúram air bagairtí FIMI ar an Aontas ina iomláine a shainaithint, a anailísiú agus a dhoiciméadú, ábhar míthreorach ar líne a bhrath agus a rianú, mar aon lena iarraidh go mbainfí é, feasacht staide agus comhroinnt faisnéise ar bhagairtí a mhéadú, agus cumais sannta agus frithbhearta a fhorbairt i ndáil le FIMI; á mheas go mbeadh an struchtúr sin ina phointe tagartha agus ina mhol eolais speisialaithe chun malartú oibríochtúil idir údaráis na mBallstát, agus institiúidí an Aontais a éascú agus a chothú; á chur i bhfáth gur cheart, tríd an struchtúr, ról Roinn Cumarsáide Straitéisí SEGS agus a tascfhórsaí mar chomhlacht straitéiseach sheirbhís taidhleoireachta an Aontais a shoiléiriú agus a fheabhsú agus forluí gníomhaíochtaí a chosc; ag cur béim ar a cinneadh féin coiste speisialta um Sciath AE don Daonlathas a bhunú i bParlaimint na hEorpa agus á mheas gur bealach tábhachtach é le hiarrachtaí na hEorpa sa réimse sin a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis na hiarrachtaí ar bhréagaisnéis arna cur chun cinn ag gníomhaithe eachtracha atá dírithe ar an mbonn a bhaint ó inchreidteacht an Aontais a chomhrac, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas nó i dtíortha agus réigiúin chomharsanacha ina bhfuil misin agus oibríochtaí CBSC ar bun; á chur i bhfios go láidir nach mór an comhordú idir SEGS agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus údaráis ábhartha AE ar leibhéal na mBallstát, a mhéadú go suntasach chun straitéisí comhleanúnacha agus éifeachtúla i gcoinne FIMI a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil gá le cumarsáid straitéiseach agus choisctheach, agus á iarraidh ar institiúidí uile AE oibriú i gcomhar le SEGS, chun infheictheacht, dearcadh dearfach agus dlisteanacht ghníomhaíochtaí seachtracha AE a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>á mheas gurb é a bheidh i mbagairtí hibrideacha sna blianta amach romhainn meascán de chogaíocht faisnéise, ionramháil luaile fórsa, ollchogaíocht chibearchogaíochta, agus teicneolaíochtaí arna dteacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha ó ghrinneall na farraige go dtí an spás maille le húsáid ardchóras faireachais agus ionsaithe aeir agus spáis, arbh fhéidir gach ceann acu a bheith ann mar gheall ar IS, ar ríomhaireacht chandamach, ar theicneolaíochtaí saithe dróin a bheidh níos cliste fós, ar chibearchumais ionsaitheacha, ar chórais diúracáin hipearsonacha, ar nanaitheicneolaíochtaí agus ar chogaíocht bhitheolaíoch; ag aithint go háirithe go bhfuil ról IS i gcogaíocht hibrideach ag dul i méid agus go bhféadfaí í a úsáid chun an bonn a bhaint ó institiúidí daonlathacha, chun bréagaisnéis a scaipeadh, chun cur isteach ar bhonneagar criticiúil, agus chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail freisin trí oibríochtaí uathoibrithe agus sonraíbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta straitéiseacha, réamhghníomhacha agus comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun slándáil agus sláine an bhonneagair chriticiúil san Aontas a neartú, agus, ar an gcaoi sin, buntáiste teicneolaíoch an Aontais in earnálacha criticiúla a dhí-rioscú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear bearta chun sholáthraithe ardriosca a shrianadh nó a eisiamh; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil an-tábhacht le tionscadal PESCO a bhfuil sé d’aidhm aige tacú leis an Lárionad Comhordúcháin um Earnáil na Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC) chun beartú agus seoladh mhisin agus oibríochtaí an Aontais lena ngabhann cumais chibearfhearainn agus fearainn faisnéise a éascú mar aon le hathléimneacht ghinearálta an Aontais sa réimse sin a fheabhsú; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí é a chomhtháthú go buan in CBSC;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>ag cáineadh ghníomhaíochtaí mailíseacha leanúnacha na Rúise agus na Bealarúise a bhfuil sé d’aidhm acu an tAontas a dhíchobhsú trí bhrú a chur ar imircigh dul isteach go héigeantach i dtíortha an Aontais, arb ionsaí hibrideach é; á iarraidh ar AE athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar a bheartais maidir lena theorainneacha seachtracha a neartú, lena n-áirítear trí bhacainní fisiceacha agus imshuí cabhlaigh a mhaoiniú,  chun slándáil an Aontais ina iomláine a threisiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cibearshlándáil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht), IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé do chumais chibearchosanta na mBallstát; ag tacú le hardáin le haghaidh comhroinnt agus anailís faisnéise a bheith á gcur chun cinn agus á iarraidh go leathnófaí é sin chun soláthar faisnéise ar bhagairtí nó leochaileachtaí le lárionaid oibríochtaí slándála trasteorann (SOCanna) a áireamh; á iarraidh go mbeadh plean cistiúcháin níos soiléire ann ina sonrófaí an méid cistí a d’úsáidfí chun an gníomh a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhoill atá á déanamh ag a lán Ballstát leis an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (Treoir NIS 2)<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS), IO L, 333, 27.12.2022, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/2022-12-27.</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go pras í chun bonneagar criticiúil Eorpach a dhaingniú; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí na boscaí uirlise cibearsmachtbhannaí, smachtbhannaí hibrideacha agus smachtbhannaí FIMI a shioncrónú ar bhealach níos fearr agus iad a úsáid ar bhealach níos gníomhaí agus fós a fhiosrú conas a fhéadfar smachtbhannaí earnála a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An spás</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na torthaí agus na moltaí atá i dtuarascáil an Uasail Draghi ar a bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa, lena moltar do na Ballstáit rialacha rialachais agus infheistíochta i réimse an spáis a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe i gcás réimsí a bhaineann le cosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht iomchuí a dhéanamh sa réimse sin i gcomhthéacs an chéad CAI eile agus freisin trí aon ionstraim maoinithe eile a mheas; á thabhairt chun suntais go háirithe gur gá, agus an CAI nua á bheartú, Clár Spáis an Aontais a fhorbairt tuilleadh i bhfianaise na nasc láidir atá ann idir earnáil an spáis agus earnáil na cosanta agus na slándála; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhar idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtúla as acmhainní; á iarraidh go gcothófaí comhar trasatlantach agus sineirgí le ECAT chun a áirithiú go mbeidh comhordú éifeachtach ann agus cumais spáis agus cosanta á bhforbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>151.</NO.P>á chur i bhfáth gur léir go bhféadfaí colúin reatha chlár spáis an Aontais – clár Galileo um loingseoireacht satailíte dhomhanda agus clár Copernicus um fhaire na Cruinne – a úsáid ar dhá shlí chun feidhmchláir agus seirbhísí spáis a fhorbairt; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé buíon satailítí IRIS2 a bhunú, mar thríú colún chlár spáis an Aontais, chun seirbhísí cumarsáide slána a sholáthar don Aontas agus do Bhallstáit an Aontais mar aon le nascacht leathanbhanda do shaoránaigh na hEorpa, do chuideachtaí príobháideacha agus d’údaráis rialtais; ag moladh go dtabharfaí rochtain don Téaváin agus don Úcráin ar bhuíon satailítí IRIS2; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, amach ó chumarsáid satailíte, atá earnálacha amhail suíomh, loingseoireacht, uainiú, mar aon le faire na cruinne, bunriachtanach chun uathriail straitéiseach agus athléimneacht an Aontais a neartú; á chur i bhfáth go rannchuidíonn forbairt na gcumas sin go díreach le freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna agus le cosaint bonneagar criticiúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí breithniú i dtaobh cláir spáis nua de chuid an Aontais a bhunú, a chuirfeadh ar a chumas don Aontas a neamhspleáchas straitéiseach agus a stádas mar chumhacht spáis dhomhanda a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>152.</NO.P>ag aithint nach leor cumas na bhfeithiclí lainseála ná an chumarsáid satailíte laistigh den Aontas; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé, ó thaobh straitéise de, an cumas sin a chur chun cinn agus a fheabhsú chun go bhféadfaidh AE tacú go héifeachtach le misin agus oibríochtaí na mBallstát agus misin agus oibríochtaí CBSC, agus fós seasamh athléimneach agus uathrialach a choinneáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh faoi stiúir an Aontais a fhorbairt sa réimse sin chun bonneagar criticiúil a chosaint agus chun láithreacht shlán agus iomaíoch in earnáil an spáis a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>153.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbagairt mhéadaitheach atá ann mar gheall ar armáil an spáis, go háirithe na tuairiscí ar dhul chun na Rúise i leith teicneolaíocht arm núicléach spásbhunaithe, a bheadh ina shárú follasach ar Chonradh Cianspáis 1967;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An réimse muirí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>154.</NO.P>á chur i bhfáth gurb amhlaidh, i bhfianaise an teannais mhuirí gheopholaitiúil atá ag dul i méid, a chaithfidh an tAontas dlús a chur lena ghníomhaíochtaí ar muir, trína bheith ar thús cadhnaíochta san fheasacht ar an réimse muirí, trí bhonneagar criticiúil a chosaint, trína áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar a theorainneacha muirí seachtracha chun dul chun comhraic leis na heagraíochtaí coiriúla a bhaineann brabús amach ó imircigh neamhdhleathacha a shmuigleáil isteach i mBallstáit an Aontais, go háirithe an Mheánmhuir agus an tAigéan Atlantach, agus trí rannchuidiú le saoirse loingseoireachta agus sábháilteacht línte cumarsáide muirí agus soithí agus criúnna a áirithiú, agus le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>155.</NO.P>ag cur béim ar a mheáite atáthar ar ról an Aontais mar ráthóir na slándála muirí idirnáisiúnta a neartú; ag cur béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe (CMP), lena bhfeabhsaítear ról AE mar sholáthraí slándála muirí domhanda agus a infheictheacht i bpríomhréigiúin mhuirí, agus ag cur béim freisin ar gníomhaíochtaí CMPanna i Murascaill na Guine agus san Aigéan Indiach thiar thuaidh; á iarraidh go rachadh na Ballstáit i mbun na dtionscnamh sin go gníomhach agus go neartóidís a n-acmhainneachtaí cabhlaigh míleata d’fhonn láithreacht agus infheictheacht an Aontais sa réimse muirí domhanda a threisiú; ag moladh go leathnófaí CMPanna chun príomhlimistéir mhuirí eile ar fud an domhain a chuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>156.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di faireachas na Rúise agus na Síne ar bhonneagar criticiúil muirí, agus sabaitéireacht na Rúise agus na Síne ar bhonneagar criticiúil, amhail cáblaí cumarsáide ar ghrinneall na farraige agus saoráidí fuinnimh amach ón gcósta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go háirithe an damáiste a rinneadh do dhá chábla cumarsáide fhomhuirí, ceann a cheanglaíonn an Fhionlainn leis an nGearmáin agus ceann eile a cheanglaíonn an tSualainn leis an Liotuáin, laistigh de 24 uair an chloig an 17 agus an 18 Samhain 2024, agus an damáiste a rinne tancaer de scáthchabhlach na Rúise do EstLink2, a cheanglaíonn an Eastóin agus an Fhionlainn, an 25 Nollaig 2024; á iarraidh ar an Aontas córais faireacháin agus faireachais éifeachtacha a chur i bhfeidhm agus comhar réigiúnach a chothú i measc gardaí cósta chun a áirithiú go ndéanfar ionsaithe ar bhonneagar den sórt sin a chosc agus a bhrath go mear; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur sheol ECAT an oibríocht ‘Baltic Sentry’, i gcomhar le roinnt Ballstát, chun feabhas a chur ar shlándáil an bhonneagair chriticiúil faoin bhfarraige i Muir Bhailt; á iarraidh ar na Ballstáit cloí go hiomlán le gealltanais dhearbhú Nua-Eabhrac maidir le Slándáil agus Athléimneacht Cáblaí Faoin bhFarraige, lena n-áirítear trealamh cábla fomhuirí a fháil ó chuideachtaí i dtíortha comhghuaillithe, agus uathu sin amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar thaighde agus forbairt sócmhainní ceannródaíocha agus trealaimh cosanta úrscothaigh faoi uisce chun oileáin a chosaint ar thuirlingtí agus ionsaithe a d’fhéadfadh fórsaí ó thríú tíortha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>157.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar údaráis na mBallstát bearta práinneacha agus cinntitheacha a dhéanamh i gcoinne scáthchabhlach na Rúise i Muir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh, agus á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an nuacht gur ghlac an Ghearmáin, an 21 Márta 2025, úinéireacht ar an long Eventin, a úsáideadh chun dul timpeall ar smachtbhannaí AE ar onnmhairí ola na Rúise;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rialú arm, neamhleathadh agus dí-armáil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>158.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi córais neamhleata agus rialaithe arm a bheith ag lagú le linn na tréimhse geopholaitiúla éagobhsaí seo agus á iarraidh go ndéanfaí breis iarrachtaí ar an treocht sin a aisiompú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil géarghá le hinfheistíocht bhreise a dhéanamh i rialú arm réigiúnach agus domhanda, i neamhleathadh agus i ndí-armáil, agus béim ar leith á leagan ar straitéiseacha iltaobhacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart, trí na straitéisí sin, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hordanás neamhphléasctha agus airm cheimiceacha a dumpáladh sa chéad roimhe seo, rud atá ina bhagairt ar an tslándáil, ar an gcomhshaol, ar an tsláinte agus ar an ngeilleagar, go háirithe i Muir Bhailt, i Muir Aidriad agus sa Mhuir Thuaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>159.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir agus go buanseasmhach le tiomantas an Aontais agus Bhallstáit an Aontais don Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), agus go n-aithníonn sí gurb é bunchloch chreat domhanda an neamhleata agus na dí-armála núicléiche é; á mheabhrú go ndearna an Rúis a daingniú ar an gConradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha a tharraingt siar i nDeireadh Fómhair 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>160.</NO.P>á thabhairt dá haire, mar thoradh ar an mbagairt gan fasach ó fhogha na Rúise i gcoinne chríoch an Aontais, go bhfuil na Ballstáit, go háirithe iad siúd atá i ngaireacht gheografach don Rúis agus dá comhghuaillí, an Bhealarúis, ag tabhairt aghaidhe ar chinntí deacra maidir lena mbeartas armála, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais roimhe seo agus rannpháirtíocht i gconarthaí idirnáisiúnta; ag athdhearbhú a cáineadh ar bhagairtí na Rúise a thug ar roinnt Ballstát machnamh ar tharraingt siar ó Chonradh Ottawa agus á thabhairt dá haire, cé nach bhfuil athrú ginearálta i mbeartas an Aontais i gceist leis sin, go leagann an t-athmhachnamh seo béim ar thromchúis bhagairt na Rúise agus ar an ngá atá ann ár saoránaigh a chosaint go leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>161.</NO.P>á mheabhrú go mbíonn tionchar ag an gcaibidlíocht idirnáisiúnta i dtaca le córais neamhleata agus rialaithe arm, agus ag torthaí na caibidlíochta úd, ar an Eoraip, go háirithe ar Bhallstáit AE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé borradh úr a chur faoi na córais sin; ag cur béim freisin ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go nglacfaidh an tAontas ról gníomhach agus cuiditheach i ndáil leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta riailbhunaithe ar ollstruchtúr neamhleata, rialaithe arm agus dí-armála a chothú, go háirithe i réimse na n-arm ollscriosta agus na n-uirlisí faireachais dhigitigh agus ionramhála dé-úsáide, a chur chun cinn agus a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>162.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit cloí go hiomlán le Comhsheasamh 2008/944/CBES lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata arna leasú le Cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle, agus critéar 4 maidir le cobhsaíocht réigiúnach a chur chun feidhme go docht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>163.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cosc a chur ar theicneolaíochtaí íogaire arna dteacht chun cinn agus ar phríomhítimí dé-úsáide, go háirithe iad siúd atá ríthábhachtach do shlándáil AE, a bheith á n-aistriú chuig cinn scríbe atá ina n-údar imní lasmuigh de AE; á iarraidh go ndéanfaí córais leictreonacha uile-Aontais um cheadúnú custaim agus onnmhairiúcháin a bhunú agus a chur chun feidhme, mar chéim ríthábhachtach i dtreo rialuithe onnmhairiúcháin arna ndéanamh ag na Ballstáit ar na teicneolaíochtaí agus na hítimí sin a dhéanamh níos éifeachtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An chosaint agus an tsochaí agus an ullmhacht agus am réidhe shibhialta agus mhíleata</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>164.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gcaithfidh tuiscint leathan a bheith ann, i measc shaoránaigh AE, ar bhagairtí agus rioscaí slándála chun comhthuiscint ar bhraith bagairtí, agus ailíniú ar na braith úd, a chothú ar fud na hEorpa agus chun coincheap cuimsitheach na cosanta Eorpaí a chothú freisin; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht a fháil ó institiúidí daonlathacha agus, uime sin, ó shaoránaigh chun cosaint fhadtéarmach rathúil agus chomhleanúnach a chothú in AE, a dteastaíonn díospóireacht phoiblí eolasach ina leith; á iarraidh go ndéanfadh AE agus Ballstáit AE cláir múscailte feasachta agus oideachais a fhorbairt, go háirithe don ógra, d’fhonn feabhas a chur ar eolas, d’fhonn díospóireachtaí ar shlándáil, ar chosaint agus ar thábhacht na bhfórsaí armtha a éascú agus d’fhonn athléimneacht sochaithe, agus a n-ullmhacht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála, a neartú, agus fós a fhágáil go bhféadfar rialú agus grinnscrúdú poiblí agus daonlathach níos mó a dhéanamh ar an earnáil cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na cláir sin a fhorbairt faoi chuimsiú na Scéithe Eorpaí don Daonlathas, ar bhonn mhúnla na gclár náisiúnta, amhail Tionscnamh Teagmhasachta Sibhialta na Sualainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>165.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí ar ullmhacht agus réidhe shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú, mar a mholtar freisin i dtuarascáil an Uasail Niinistö; ag aithint a ríthábhachtaí atá saoránaigh maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt ar ghéarchéimeanna, go háirithe athléimneacht shíceolaíoch daoine aonair agus ullmhacht teaghlach; ag aithint freisin a thábhachtaí atá bonneagair cosanta sibhialta agus pleanáil le haghaidh cásanna éigeandála; ag tacú le cur chuige uile-shochaí i leith na hathléimneachta, i gcomhar gníomhach le hinstitiúidí AE, leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta agus le saoránaigh aonair, chun creat slándála AE a neartú; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhlachtaí cinnteoireachta sin CBSC atá freagrach as pleanáil, acmhainní agus lóistíocht, agus iad sin go príomha, an bainistiú ar ghéarchéimeanna sibhialtacha a stiúradh le linn staideanna éigeandála; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún scrúdú géar a dhéanamh ar mholtaí na tuarascála agus straitéis de chuid an Aontais maidir le measúnú riosca agus ullmhacht a fhorbairt, freachnaimh chomhpháirteacha a dhéanamh, agus comhar níos láidre a chothú idir AE agus ECAT d’fhonn dul i ngleic le géarchéimeanna; á iarraidh go bhforbrófaí bonneagar cosanta sibhialta leormhaith agus pleanáil éigeandála chríochnúil agus go n-áiritheofaí go mbeidh na hinfheistíochtaí is gá ann chun na gcríoch sin, lena n-áirítear trí chlár ráthaithe infheistíochta tiomnaithe de chuid BEI le haghaidh bonneagar cosanta sibhialta atá acmhainneach i gcás géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>166.</NO.P>á mheabhrú gur bagairt sheasmhach í an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht jiohádach, ar shlándáil AE agus ar shlándáil a chomhpháirtithe; á iarraidh ar AE leanúint de na hiarrachtaí, go daingean agus go diongbháilte, ar an mbagairt sin a chosc, go háirithe trí bhreis comhordaithe chun feabhas a chur ar eolas, cumas ullmhachta agus freagartha a fhorbairt, agus chun idirghníomhaíocht níos dlúithe le comhpháirtithe agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>167.</NO.P>á chur i bhfios gur cheart, le beartais chosanta AE, prionsabal an chomhionannais inscne agus prionsabal na héagsúlachta a léiriú, timpeallachtaí míleata cuimsitheacha a chur chun cinn a bheidh ina léiriú ar luachanna agus éagsúlacht shochaí na hEorpa agus fós a áirithiú go mbeidh ag comhaltaí uile fhórsaí armtha na hEorpa, beag beann ar a n-inscne nó a gcúlra, comhdheiseanna agus rochtain ar thacaíocht; á athdhearbhú go bhfuil ról tábhachtach ag daoine óga agus ag eagraíochtaí óige maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothabháil agus a chur chun cinn agus á iarraidh ar SEGS gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh sé daoine óga a chuimsiú, ar bhealach níos córasaí, ina chlár oibre don óige, don tsíocháin agus don tslándáil (YPS); á iarraidh freisin go bhforbrófaí cláir oiliúna d’oiliúnóirí agus go gcothófaí comhar idir institiúidí cosanta agus ollscoileanna Bhallstáit AE, amhail cúrsaí míleata, cleachtaí agus gníomhaíochtaí oiliúna rólimeartha do mhic léinn shibhialtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>168.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do AE agus do Bhallstáit AE aghaidh a thabhairt ar dhúshláin earcaíochta agus choinneála chriticiúla san arm trí ghníomhaíochtaí comhordaithe a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun lucht saothair míleata inbhuanaithe a áirithiú; á mholadh gur cheart do AE tacú leis na Ballstáit agus beartais á bhforbairt acu lena bhfeabhsófar tarraingteacht gairme agus straitéisí coinneála fadtéarmacha; á chur i bhfáth gur gá do Choiste Míleata AE (EUMC) gníomh iardain a dhéanamh i leith an chúraim atá air sonraí a bhailiú agus a anailísiú i mBallstáit uile AE maidir le saincheisteanna na hearcaíochta agus na coinneála, chun bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a shainaithint; á thabhairt chun suntais nach mór an dóigh a dtacaítear le meabhairshláinte agus dea-bhail pearsanra míleata, trí aird ar leith a thabhairt ar fhorbairt ghairmiúil agus ar chúram fadtéarmach do sheansaighdiúirí, a chur i gcuntas go leormhaith agus an tAontas Cosanta á fhorbairt tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>169.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé oiliúint chomhpháirteach agus freachnaimh chomhpháirteacha a eagrú idir fórsaí armtha na hEorpa, agus, ar an gcaoi sin, idir-inoibritheacht a chur chun cinn, d’fhonn treisiú le hullmhacht misean agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an iliomad bagairtí, idir ghnáthbhagairtí agus bhagairtí neamhghnácha; á iarraidh go ndéanfaí cláir mhalartaithe a fhorbairt agus a chruthú ar leibhéal an Aontais i gcomhair pearsanra míleata ó na Ballstáit, d’fhonn is go mbeadh deiseanna oiliúna ann i dtimpeallachtaí agus struchtúir mhíleata éagsúla na hEorpa, agus go bhféadfaí taithí a fháil orthu sin, agus, ar an gcaoi sin, comhthuiscint, comhtháthú agus idir-inoibritheacht a chothú idir fórsaí armtha AE; á athdhearbhú, ina leith sin, go dtacaíonn sí leis an Tionscadal Eorpach um Malartú Oifigeach Óg Airm (Erasmus Míleata – EMILYO), arna stiúradh ag an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar agus comhpháirtíochtaí cosanta a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>170.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá gné na comhpháirtíochta den Chompás Straitéiseach maidir leis an gcomhar idir AE agus a chomhghuaillithe agus a chomhpháirtithe ar fud an domhain a threisiú bunaithe ar luachanna comhchoiteanna agus ar urraim do chearta an duine agus don daonlathas, chun an dearcadh ar phrionsabal an bhactha a neartú agus chun cur i gcoinne straitéisí eachtracha atá dírithe ar an mbonn a bhaint ó AE agus a chomhpháirtithe agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a dhíchobhsú; á iarraidh ar AE dul i mbun breis comhar slándála le comhpháirtithe sna réimsí tosaíochta uile a shainaithnítear sa Chompás Straitéiseach, go háirithe maidir le treisiú le hathléimneacht earnálacha slándála áitiúla i réimse an bhainistithe géarchéime, maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac agus maidir le hacmhainneachtaí institiúidí cibearshlándála a uasghrádú; á iarraidh freisin go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir eagraíochtaí ábhartha ó chomhpháirtithe le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); á chreidiúint gurb amhlaidh, mar gheall ar rannpháirtíocht chomhpháirtithe agus Chomhghuaillithe ECAT i dtionscadail PESCO, faoi réir chomhaontú Bhallstáit AE, a chuirtear feabhas ar an gcomhoiriúnacht idir a gcaighdeáin in earnáil na cosanta agus a chomhroinntear taithí, faisnéis agus saineolas teicniúil i réimsí éagsúla freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>171.</NO.P>á athdhearbhú nach mór Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais Eorpaigh an dlí idirnáisiúnta agus na cinntí iltaobhacha arna ndéanamh ag institiúidí idirnáisiúnta a urramú go docht i gcónaí; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh beartas díchill chuí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta maidir le tacaíocht ón earnáil slándála do thríú páirtithe, atá ina bhonn leis an gcomhar slándála agus míleata le tríú tíortha ar bhealach atá níos comhlíontaí le cearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go críochnúil é; á iarraidh an athuair go mbeadh comhar níos dlúithe ann le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Afracach, agus a misin síochánaíochta i láithreacha comhpháirteacha, agus ESCE maidir leis an tslándáil, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>172.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Dearbhú Comhpháirteach Airí Cosanta G7 an 19 Deireadh Fómhair 2024 agus a ndearbhú intinne comhar a mhéadú in earnáil na cosanta; á chur i bhfáth gur chun leasa AE go mór a bheadh sé comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa réimse sin agus gur gá iarrachtaí AE ar a áirithiú nach gcuirfidh iomaitheoirí sistéamacha anáil faoi thíortha a bhí ina gcomhpháirtithe straitéiseacha tráth, agus a bhfuil naisc chultúrtha láidre ag roinnt Ballstát leo, a neartú; á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an taidhleoireacht eacnamaíoch san iarracht sin, agus í ina huirlis bhunriachtanach chun naisc chomhoibríocha a threisiú, rathúnas frithpháirteach a chur chun cinn, agus láithreacht agus tionchar AE a neartú, agus, ar an gcaoi sin, treisiú le hathléimneacht na gcomhpháirtithe i gcoinne brúnna seachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>173.</NO.P>á chreidiúint nach mór gach iarracht a dhéanamh comhar trasatlantach a chothabháil agus, más féidir, a chothú i ngach réimse den earnáil mhíleata agus chosanta, agus ag meabhrú an gá atá le cosaint Eorpach a chothú agus le ceannasacht níos mó a fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An comhar idir an tAontas agus ECAT</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>174.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhpháirtíocht straitéiseach AE le ECAT, trína ndéantar treoirphrionsabail chomhaontaithe na trédhearcachta, na cómhalartachta agus na cuimsitheachta a urramú ina n-iomláine, agus trína dtugtar urraim freisin d’uathriail agus nósanna imeachta cinnteoireachta gach eagraíochta; á thabhairt chun suntais go bhfuil róil chomhlántacha, chomhleanúnacha agus chomhthreisitheacha ag ECAT agus ag AE i ndáil le tacú leis an tsíocháin is an tslándáil idirnáisiúnta agus, ar an gcaoi sin, dúbláil na n-iarrachtaí cosanta a sheachaint, agus fós dlúthchomhar láidir a choinneáil; á chur in iúl gur geal léi aontachas na Sualainne le ECAT in 2024, agus gur geal léi aontachas na Fionlainne leis in 2023, ar céim chun cinn stairiúil é i leith an tslándáil san Eoraip a neartú, go háirithe i Réigiún Mhuir Bhailt; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí oibriú i ndlúthchomhar agus in aontacht le hArd-Rúnaí ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>175.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an comhar idir AE agus ECAT a dhoimhniú tuilleadh trí Chompás Straitéiseach AE agus Coincheap Straitéiseach nua ECAT a threisiú, lena n-áirítear i réimsí na cibearshlándála, na cogaíochta hibridí, na frithsceimhlitheoireachta, na soghluaisteachta míleata, agus an bhonneagair dé-úsáide, trí choinbhleachtaí a chosc agus géarchéimeanna a bhainistiú, tríd an gcomhar slándála míleata, trí thrasnaíocht eachtrach mhailíseach tríú tíortha a chomhrac, trí chur chuige comhordaithe a ghlacadh sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus trí threisiú leis an gcomhghníomhaíocht ar an bhfód idirnáisiúnta chun an daonlathas a chosaint; ag tacú go láidir le Beartas Iontráil Oscailte ECAT; á iarraidh ar an Aontas agus ar ECAT treisiú lena gcomhar maidir le tacú le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>176.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá leanúnach ann na stáit sin ar ball de AE agus ECAT araon iad a ailíniú leis an oibleagáid faoi Airteagail 1 agus 3 de Chairt ECAT um Chomhar, um Fhéinchabhair agus um Chúnamh Frithpháirteach; á iarraidh ar AE dlús a chur lena iarrachtaí ar chomhthionscnaimh slándála agus chosanta i gcás nach bhfuil a chomhionann sin de chomhthionscnaimh slándála agus chosanta á stiúradh ag ECAT, ar chaighdeánú a mhéadú, ar fheabhas a chur ar idir-inoibritheacht agus ar nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna a fhorbairt idir cumas cosanta na mBallstát agus cumas cosanta AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>177.</NO.P>ag moladh an dlúthchomhair idir AE agus ECAT sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear trí Oibríocht EUFOR Althea agus oibríochtaí míleata KFOR, a fhágann an chobhsaíocht is gá a bheith ann don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin, don Chosaiv agus don réigiún máguaird;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>178.</NO.P>ag cur béim ar ról ríthábhachtach réigiún na Mara Duibhe i dtimpeallacht slándála na hEorpa agus á iarraidh go n-oibreodh AE i gcomhar le ECAT chun straitéis chuimsitheach a cheapadh don réigiún sin, lenar cheart aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála, bagairtí hibrideacha a chomhrac, comhar muirí a fheabhsú agus comhpháirtíochtaí réigiúnacha a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>179.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Ionadaí Speisialta ECAT do Chomharsanacht an Deiscirt agus go bhfuil ECAT ag díriú ar an réigiún sin; á mheas gurb iomchuí an comhordú agus an comhairliúchán idir oifigigh sin AE atá i gceannas ar an mbeartas do Chomharsanacht an Deiscirt agus don tSaiheil agus a gcontrapháirtithe in ECAT a neartú, chun dúbláil agus blúiriú ar na hiarrachtaí agus na hacmhainní a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>180.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ó Thionól Parlaiminteach ECAT (TP ECAT) chun ‘comhpháirtí’ a dhéanamh den Pharlaimint faoin athchóiriú atá ar bun ar chomhpháirtíochtaí; á iarraidh ar a Toscaireacht don chaidreamh le PA ECAT (DNAT) leas iomlán a bhaint as pribhléidí reatha na Parlaiminte agus as na pribhléidí a bheidh aici amach anseo; á mheas go bhfuil DNAT ina ionstraim thábhachtach de thaidhleoireacht na Parlaiminte i gcomhpháirtíocht fheabhsaithe idir AE agus ECAT a bhfuil sé d’aidhm aici colún Eorpach ECAT a neartú agus rannchuidiú le cuspóirí foriomlána na Comhghuaillíochta a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir ról lárnach a bheith ag DNAT i ndáil leis an gcomhar idir AE agus ECAT a threisiú, i ndáil le hathléimneacht dhaonlathach na dtíortha aontachais agus na bpríomh-chomhpháirtithe a neartú, agus, tríd is tríd, i ndáil leis an ngné pharlaiminteach den chomhpháirtíocht bhunriachtanach sin a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíocht le Meiriceá Thuaidh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>181.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dlúthchaidreamh AE leis na Stáit Aontaithe a fhorbairt tuilleadh, ar dlúthchaidreamh é atá bunaithe ar urraim fhrithpháirteach, ar luachanna comhroinnte an daonlathais, na saoirse agus an smachta reachta, agus ar réimse leathan leasanna comhchoiteanna agus cóineasaithe; á chur in iúl gur mór aici tiomantas na Stát Aontaithe i leith chosaint chríochach na hEorpa, agus baint na Stát Aontaithe le cosaint chríochach na hEorpa, i gcomhréir le Conradh an Atlantaigh Thuaidh agus Airteagal 5 ann, go háirithe i bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag moladh go ndéanfaí tionscnaimh fhrithpháirteacha ar an tslándáil is ar an gcosaint, agus comhar i réimsí an dí-armála agus neamhleatha, ar thionchar teicneolaíochtaí suaiteacha, ar an athrú aeráide, ar bhagairtí hibrideacha, ar an gcibearchosaint, ar an tsoghluaisteacht mhíleata, ar bhainistiú géarchéime agus ar an gcaidreamh le hiomaitheoirí straitéiseacha; á iarraidh go ndéanfaí an t-idirphlé slándála agus cosanta idir AE agus na Stáit Aontaithe a neartú tuilleadh óir is ionstraim thábhachtach é i gcomhar trasatlantach níos dlúithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>182.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir na gníomhaíochtaí agus na ráitis a rinne rialtas na Stát Aontaithe le déanaí leis na hábhair imní maidir le seasamh na Stát Aontaithe amach anseo i leith na Rúise, ECAT agus shlándáil na hEorpa; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, vótaí Rialtas na Stát Aontaithe, ailínithe le Rialtas na Rúise, i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis na rúin ar chomóradh trí bliana chogadh foghach na Rúise; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún iarrachtaí chun an t-idirphlé slándála agus cosanta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a athneartú óir is ionstraim thábhachtach é i gcomhar trasatlantach níos dlúithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>183.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ag baint le comhoibriú breise i dtáirgeadh agus soláthar trealaimh cosanta, lena n-áirítear trí rochtain chomhionann ar an margadh a bheith ag an dá thionscail cosanta; ag cur suntas i Straitéis na Stát Aontaithe ó mhí Eanáir 2024 maidir leis an Tionscal Cosanta Náisiúnta agus san uaillmhian atá inti an comhar tionsclaíoch le comhpháirtithe a dhoimhniú; ag aithint raon ollmhór na réimsí comhair i ngort na cosanta a d’fhéadfadh dul chun tairbhe an dá thaobh mar aon le na himpleachtaí dearfacha na réimsí comhair sin do chomhpháirtíocht thrasatlantach níos láidre tráth atá an iomaíocht gheopholaitiúil ag dul i méid; á chur i bhfáth, áfach, go gcaithfidh cothrom iomaíochta a bheith ann d’fhonn an comhar úd a dhéanamh, rud nach bhfuil ag luí le forálacha Rialachán na Stát Aontaithe maidir le Trádáil Idirnáisiúnta Arm; á iarraidh, dá réir sin, ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé leis na Stáit Aontaithe féachaint an bhféadfaí comhar tionsclaíoch cosanta a rachadh chun tairbhe an dá thaobh a fhorbairt bunaithe ar chreat dlíthiúil lena n-áiritheofaí cothrom iomaíochta trasatlantach a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>184.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar le Ceanada bunúsach do shlándáil an Aontais á chur in iúl gur geal léi an ról gníomhach a bhí ag Ceanada maidir le tacaíocht a sholáthar don Úcráin; á chreidiúint go soláthraíonn an t-idirphlé déthaobhach slándála agus cosanta agus an chomhpháirtíocht slándála agus cosanta atá le teacht an bonn le haghaidh comhar feabhsaithe slándála agus cosanta, lena n-áirítear tionscnaimh faoi seach chun táirgeadh an tionscail chosanta a threisiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíocht leis an Ríocht Aontaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>185.</NO.P>ag aithint lorg nach beag na Ríochta Aontaithe ar shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa, agus tiomantas na Ríochta Aontaithe do chuspóirí cosanta comhroinnte, lena bhfeabhsaítear an tslándáil chomhchoiteann ar fud na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhar láidir ar bun idir AE, Ballstáit AE agus an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann le tacú leis an Úcráin, mar aon le comhaontuithe déthaobhacha amhail comhaontú Theach na Tríonóide idir an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin chun an comhar cosanta a dhoimhniú; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe páirt sa chruinniú a bhí ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha AE i mí Dheireadh Fómhair 2024; á iarraidh go ndéanfadh AE agus an Ríocht Aontaithe an comhar cosanta a uasghrádú go mear agus go mbeidís ina gcomhpháirtithe slándála níos dlúithe trí dhearbhú comhpháirteach a shíniú ina mbeadh rannpháirtíocht nithiúil agus idirphlé struchtúrtha chun treisiú leis an gcomhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe maidir le réimse iomlán na ndúshlán eachtrach agus slándála atá le sárú ag AE agus an Ríocht Aontaithe ar mhór-roinn na hEorpa; ag cur béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá comhar níos dlúithe maidir le comhroinnt eolais agus faisnéise, maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata, maidir le tionscnaimh slándála agus chosanta, maidir le bainistiú géarchéime, maidir leis an gcibearchosaint, maidir le bagairtí hibrideacha agus maidir le FIMI, agus maidir le haghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhagairtí comhroinnte, amhail leathadh arm ollscriosta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>186.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dul chun cinn a dhéanamh i leith an chomhair phraiticiúil trí dhearbhú comhpháirteach ar chomhpháirtíocht slándála agus cosanta leis an Ríocht Aontaithe a chur ar bhonn foirmiúil mar bhealach chun slándáil na hEorpa agus colún Eorpach ECAT a neartú, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag moladh don Leas-Uachtarán/Ardionadaí cuireadh a thabhairt go rialta don Ríocht Aontaithe chuig cruinnithe neamhfhoirmiúla airí gnóthaí eachtracha (agus cosanta) na Comhairle chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna arb ábhar leasa choitinn iad agus fós neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais a choimirciú go hiomlán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíocht le comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus Oirthear na hEorpa</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>187.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil dlúthnasc idir slándáil AE agus slándáil na dtíortha sin a bhfuil teorainn acu leis an Aontas agus gur chun leasa AE a bheadh sé tosaíocht a thabhairt dá bheartas um méadú agus cobhsaíocht a thíortha chomharsanachta in Oirdheisceart na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa a neartú, go háirithe tíortha is iarrthóirí; á iarraidh go mbeadh comhar míleata agus slándála níos láidre ann, lena n-áirítear comhar sibhialtach agus míleata mar aon le comhar póilíneachta agus míleata, agus go n-oibreofaí i gcomhar le tíortha is iarrthóirí agus le comhpháirtithe, go háirithe i réimsí amhail athléimneacht, cibearshlándáil, bagairtí hibrideacha, bainistiú teorainneacha agus an fhrithsceimhlitheoireacht, agus chun cur i gcoinne bréagaisnéise; á athdhearbhú gur gá oibriú i ndlúthchomhar le ECAT ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh na Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta an 19 Samhain agus an 18 Nollaig 2024 idir an tAontas Eorpach agus an Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>188.</NO.P>	á thabhairt chun suntais gur cheart don Aontas rannpháirtíocht comhpháirtithe Eorpacha a bhfuil ardleibhéal ailínithe acu le hábhair CBSC a éascú, go háirithe tíortha na mBalcán Thiar, i gcláir atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i dtaca le hearnáil na cosanta; á athdhearbhú go n-éascódh rannpháirtíocht chríochnúil na dtíortha is iarrthóirí a bpróiseas aontachais go mór trína n-acmhainneachtaí tionsclaíocha agus oibríochtúla in earnáil na cosanta a mhéadú, agus, ar an gcaoi sin, an idir-inoibritheacht le fórsaí armtha Bhallstáit an Aontais a mhéadú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeadh cuimsiú cuimsitheach thíortha is iarrthóirí na mBalcán Thiar i dtionscnaimh chosanta AE ina infheistíocht straitéiseach, agus ina dhlúthchuid d’iarrachtaí AE ar theanntás méadaitheach agus cur isteach eachtrach na dtíortha sin a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>189.</NO.P>ag moladh do na Ballstáit úsáid bhreise a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) chun oiliúint a chur ar na seirbhísí slándála i dtíortha comhpháirtíochta sin Oirdheisceart na hEorpa agus Oirthear na hEorpa ina bhfuil misin CBSC ar bun, agus chun iad a réiteach faoi chomhair a n-oibre, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagar na bpóilíní míleata, bonneagar leighis agus bonneagar forfheidhmithe dlí, agus an cumas malartaithe faisnéise a mhéadú trí línte slána cumarsáide;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíocht leis an Aontas Afracach agus le tíortha Afracacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>190.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an caidreamh idir AE agus an Afraic i leith shlándáil na hEorpa; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dlús nach beag a chur le comhpháirtíochtaí AE le tíortha Afracacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíocht leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>191.</NO.P>ag cur béim ar thábhacht straitéiseach an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh faoi chuimsiú chreat cosanta AE, ag aithint di gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní slándála atá ag dul i méid i dtaca le gníomhaíochtaí réigiúnacha na Síne agus a mór-impleachtaí sin don chobhsaíocht dhomhanda; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach láithreacht agus comhpháirtíochtaí AE sa réigiún sin a neartú; á chur in iúl gur eol di freisin go bhfuil an Téaváin ar thús cadhnaíochta san fhorbairt ardteicneolaíochta, agus go bhfuil taithí fhairsing aici ar í féin a chosaint ar ionsaithe hibrideacha, bréagaisnéis agus FIMI na Síne, rud ba cheart a chur i gcuntas, thar aon ní eile, agus measúnú á dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann malartuithe iltaobhacha agus comhar iltaobhach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>192.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an tAontas slándáil chomhchoiteann níos seasmhaí a bhunú trí líonra comhghuaillithe agus comhpháirtithe réigiúnacha, a bheadh ina bunús lena rannpháirtíocht sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh na Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta an 1 Samhain agus an 4 Samhain 2024 idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus an Chóiré Theas faoi seach; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus cosanta AE leis an tSeapáin agus leis an gCóiré Theas a dhoimhniú tuilleadh, agus idirphlé rialta, comhar agus fothú acmhainneachta a fhorbairt le tíortha eile atá ar aon intinn leis sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, amhail an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Téaváin, chun an tslándáil chomhchoiteann a chur chun cinn; á iarraidh an athuair ar an Aontais tuilleadh comhair a dhéanamh leis na comhpháirtithe straitéiseacha sin atá ag teacht chun cinn sa réigiún, amhail an Indinéis agus Vítneam;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>193.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an India agus á chreidiúint gur cuireadh tús le caibidil nua i stair an chaidrimh idir an tAontas agus an India le cuairt chinniúnach Uachtarán an Choimisiúin agus Choláiste na gCoimisinéirí ar an India an 27 agus 28 Feabhra 2025 agus á athdhearbhú an nasc straitéiseach agus an acmhainneacht neamhshaothraithe atá ag baint leis; á chur i bhfios go láidir an acmhainneacht atá ann ár gcomhpháirtíocht a dhoimhniú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin fheabhsaithe slándála agus cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht níos mó ag Parlaimint na hEorpa in CBSC</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>194.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le grinnscrúdú agus cuntasacht pharlaiminteach iomlán chun CBSC a neartú mar thosaíocht pholaitiúil sa deichiú téarma reachtach agus chun an caiteachas ar bheartais agus ar chláir chosanta ar leibhéal AE agus i measc na mBallstát a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>195.</NO.P>á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí ról grinnscrúdaithe, reachtach agus buiséadach na Parlaiminte i leith réimse méadaitheach tionscnamh cosanta in institiúidí uile AE agus go háirithe an obair a dhéantar faoi CBSC a threisiú, lena n-áirítear tríd an idirphlé rialta a neartú, trí mhalartú faisnéise agus trí bhealaí buana cumarsáide a choinneáil ar oscailt idir an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, an Coimisinéir um an gCosaint agus um an Spás agus comhlachtaí inniúla na Parlaiminte; á mholadh go n-áireofaí nuashonruithe faisnéise rialta chuig coistí parlaiminteacha ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>196.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfágann an easpa rochtana ar fhaisnéis nach bhfuil an Pharlaimint in inmhe grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar thionscadail PESCO; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit tuarascáil cur chun feidhme ar thionscadail PESCO a chur faoi bhráid na Parlaiminte dhá uair sa bhliain ar a laghad; á iarraidh an athuair ar SEGS tuarascáil a thabhairt, go rialta agus go cuimsitheach, don Choiste um Shlándáil agus Cosaint sa Pharlaimint ar chur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh, ar thionscnaimh agus cláir eile slándála agus cosanta, agus ar an measúnú orthu sin; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú ar chur chun feidhme rialachán tionsclaíoch cosanta tríd an nós imeachta le haghaidh gníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>197.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Uachtarán an Choimisiúin agus chuig Coimisinéirí inniúla, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí ECAT, chuig Uachtarán Thionól Parlaiminteach ECAT, chuig gníomhaireachtaí slándála agus cosanta an Aontais, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig na tíortha comhpháirtíochta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>