<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0059</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0012/2025 -  Rapóirtéir: Isabel Wiseler-Lima)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2025 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2081(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 8, 21 agus 23 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 17 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí agus ionstraimí eile na Náisiún Aontaithe um chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Déileáil le Príosúnaigh Chogaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe 1951 agus do Phrótacal 1967 a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe 1948 agus do rún 43/29 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 maidir le cinedhíothú a chosc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984 agus don Phrótacal Roghnach an 18 Nollaig 2002 a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 12 Nollaig 2006 agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis, a glacadh an 13 Nollaig 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta 1976 maidir le Coir Apartheid a Dhíchur agus a Phionósú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú maidir le Gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá Bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú, a fógraíodh le Rún 36/55 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Samhain 1981,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga an 18 Nollaig 1992,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, a glacadh trí chomhthoil i rún 53/144 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1998,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach an 13 Meán Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe an 28 Meán Fómhair 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Gníomhaíochta Chomhdháil Idirnáisiúnta Chaireo maidir le Daonra agus Forbairt 1994, agus dá chomhdhálacha athbhreithnithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 agus don dá Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis, a glacadh an 25 Bealtaine 2000,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe, a tháinig i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014, agus Cód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le hOnnmhairiú Arm an 5 Meitheamh 1998,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Bhéising na Náisiún Aontaithe agus don Ardán le haghaidh Gníomhaíochta agus dá chomhdhálacha athbhreithnithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015 agus, go háirithe, do spriocanna 1, 3, 4, 5, 8, 10 agus 16 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta a glacadh an 19 Nollaig 2018 agus do Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe a glacadh an 17 Nollaig 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a glacadh an 17 Iúil 1998, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2002,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú an 10 Aibreán 2006 idir an tAontas Eorpach agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir le comhar agus cúnamh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 115, 28.4.2006, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2006/313/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa an 4 Aibreán 1997 chun Cearta an Duine agus Dínit an Duine a chosaint maidir le Feidhmiú na Bitheolaíochta agus na Míochaine, agus do na prótacail breise a ghabhann leo, maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine an 16 Bealtaine 2005, agus Leanaí a Chosaint ar Theacht i dTír Gnéasach agus ar Mhí-úsáid Ghnéasach an 25 Deireadh Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), nach bhfuil daingnithe ag na Ballstáit go léir ach a tháinig i bhfeidhm don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacail Uimhreacha 6 agus 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Aibreán 1983 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus a bhaineann le Deireadh a Chur le Pionós an Bháis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2020%3A1998%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 maidir le Tosaíochtaí AE i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas 2020-2024, a ghlac an Chomhairle an 17 Samhain 2020 agus a Athbhreithniú meántéarma a glacadh an 9 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 i dtaca le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 a ailíniú leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachtaint do Phlean Gníomhaíochta Inscne an Aontais Eorpaigh (GAP) III – clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, (JOIN(2020)0017).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas Inscne, 2020-2025 (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas LGBTIQ 2020-2025 (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis AE maidir le cearta an linbh (COM(2021)0142),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis an Aontais maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, 2021-2030 (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais (2020-2025) (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-0620 (COM(2020)0620),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cosantóirí chearta an duine, a ghlac an Chomhairle an 14 Meitheamh 2004 agus a athbhreithníodh in 2008, agus don dara nóta treorach maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, a formhuiníodh in 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac, a ghlac an Chomhairle an 8 Nollaig 2008,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta (IHL) 2005 a chur chun cinn, arna nuashonrú in 2009,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le pionós an bháis, arna nuashonrú ag an gComhairle an 12 Aibreán 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar gach ceart de chearta an duine a bheith á theachtadh ag daoine LADTI, a glacadh an 24 Meitheamh 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint, arna nglacadh ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne agus as líne, arna nglacadh ag an gComhairle an 12 Bealtaine 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach, arna nglacadh ag an gComhairle an 18 Márta 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le huisce óil sábháilte agus le sláintíocht, arna nglacadh ag an gComhairle an 17 Meitheamh 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus maidir le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, arna nglacadh ag an gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh maidir le hidirphléití i dtaca le cearta an duine le tíortha comhpháirtíochta/tríú tíortha, arna bhformheas ag an gComhairle an 22 Feabhra 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha, arna bhformheas ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2012 dar teideal ‘Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa chaidreamh seachtrach’ (COM(2012)0492),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonchlúidí ón gComhairle an 10 Márta 2023 maidir le ról an spáis shibhialta i ndáil le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: <STRING UNDERLINE="on">https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024L1760</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe (JOIN(2023)0013),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 an Aontais Eorpaigh ar Chearta an Duine agus an Daonlathas ar Domhan,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, a bronnadh in 2024 ar María Corina Machado, mar cheannaire ar na fórsaí daonlathacha i Veiniséala, agus don Uachtarán tofa Edmundo González Urrutia, a dhéanann ionadaíocht ar gach Veiniséalach laistigh agus lasmuigh den tír atá ag troid ar son athbhunú na saoirse agus an daonlathais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh agus sainordú Thoscaire Speisialta an Aontais maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 411, 27.11.2020, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas imirce seachtrach an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky an Aontais Eorpaigh)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 152.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6741, 26.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/6741/oj?eliuri=eli%3AC%3A2024%3A6741%3Aoj&locale=ga</FIELD></FOOTNOTE>, agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar rúin phráinne), arna nglacadh i gcomhréir le Riail 150 dá Rialacha Nós Imeachta, go háirithe na rúin sin a glacadh in 2023 agus 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0012/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagail 2 agus 21 CAE; de bhrí nach mór gníomhaíocht AE ar fud an domhain a bheith treoraithe ag uilíochas agus doroinnteacht chearta an duine agus ós rud é go bhfuil caomhnú agus cosaint éifeachtach chearta an duine agus an daonlathais i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cuid bhunriachtanach d’ollstruchtúr chearta an duine san Eoraip iad rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ar fud bheartais inmheánacha agus sheachtracha AE ríthábhachtach chun beartas éifeachtach agus inchreidte AE um chearta an duine a bhaint amach, agus chun an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint agus chun tacú leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb iad na córais dhaonlathacha na córais is oiriúnaí chun a ráthú go mbeidh gach duine in ann lántairbhe a bhaint as a gcearta daonna agus a saoirsí bunúsacha; de bhrí gurb é iltaobhachas éifeachtach riailbhunaithe an córas eagraithe is fearr chun daonlathais a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcreideann AE go láidir san iltaobhachas, in ord domhanda riailbhunaithe agus sa tacar luachanna, prionsabal agus norm uilíoch lena dtreoraítear Ballstáit na Náisiún Aontaithe agus go dtacaíonn sé go hiomlán leo agus go bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstáit na Náisiún Aontaithe seasamh leo, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur domhan níos sábháilte é domhan na ndaonlathas, a thuigtear mar dhomhan na gcóras polaitiúil lena gcosnaítear cearta an duine ar fud an domhain, ós rud é go bhfuil srianta agus ceartúcháin shuntasacha i bhfeidhm ag daonlathais chun dothuarthacht uathlathas a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ríthábhachtach chun sochaithe saora agus comhionanna a fhorbairt; de bhrí nach ráthaítear cearta daonna na mban, na gcailíní agus na ndaoine neamhdhénártha fós ar fud an domhain agus go bhfuil an spás d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí chearta na mban, eagraíochtaí dúchais agus pobail, ag laghdú in go leor tíortha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil teacht chun cinn an údarásaíochais, an ollsmachtachais agus an phobalachais ag bagairt ar an ord domhanda riailbhunaithe, ar chosaint agus ar chur chun cinn na saoirse agus chearta an duine sa domhan, chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i mí na Nollag 2023, go ndearnadh comóradh 75 bliana ar Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine a cheiliúradh; de bhrí, níos mó ná riamh ó bunaíodh na Náisiúin Aontaithe, go dtugann réimis ollsmachtacha dúshlán bhunphrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, go bhféachann siad le noirm idirnáisiúnta a athscríobh, an bonn a bhaint d’institiúidí iltaobhacha agus an tsíocháin agus an tslándáil a chur i mbaol ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheiliúir Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 35 bliana ar an bhfód i mí na Samhna 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go mbreathnaítear ar Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising de chuid na Náisiún Aontaithe mar chor cinniúnach don chlár oibre domhanda ar chomhionannas inscne agus go ndéanfar ceiliúradh ar 30 bliain ó tháinig sé i bhfeidhm in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlisteanacht agus feidhmiú an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe ag brath ar chomhlíonadh orduithe agus urramú comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus orduithe agus cinntí ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC); de bhrí go bhfuil dúshlán á thabhairt don iltaobhachas trí bhagairtí domhanda atá ag dul i méid, amhail an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas, a chuireann comhlíonadh na n-orduithe agus na gcinntí sin i mbaol, chomh maith le, go ginearálta, forálacha an dlí idirnáisiúnta, an dlí um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta i gcásanna coinbhleachta atá ag teacht chun cinn agus atá ar siúl faoi láthair; de bhrí go bhfuil institiúidí idirnáisiúnta, a n-oifigigh, agus iad siúd atá ag comhoibriú leo, faoi réir ionsaithe agus bagairtí; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear AE, seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe trí chomhlíonadh uilíoch a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trína chomhpháirtithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta creat cuntasachta maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh; de bhrí go bhfuil neamhspleáchas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfear an ceartas ar fáil go neamhchlaonta agus gan cur isteach polaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur léirigh Athbhreithniú Meántéarma 2023 ar Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, atá leathnaithe anois go dtí 2027, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, gur gá tuilleadh a dhéanamh, i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn, go háirithe i gcomhthéacs na ndúshlán nach bhfaca an domhan a leithéid riamh roimhe seo ó glacadh é;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtithe ríthábhachtacha iad cosantóirí chearta an duine (CCDanna) agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) le hiarrachtaí an Aontais cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a choimirciú agus a chur chun cinn, chomh maith le coinbhleachtaí a chosc ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil gníomhaithe stáit agus neamhstáit ar fud an domhain ag déanamh níos mó cinsireachta, tosta agus ciaptha, i measc nithe eile, ar CCDanna, ESSanna, iriseoirí, pobail reiligiúnacha, ceannairí freasúra agus grúpaí leochaileacha eile ina gcuid oibre, rud a laghdaíonn an spás sibhialta a thuilleadh; de bhrí go n-áirítear leis an iompraíocht sin na bearta lena gcuimsítear cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna), beartais rialtais sriantacha, cos ar bolg trasnáisiúnta, feachtais chlúmhillte, idirdhealú, imeaglú agus foréigean, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha agus traschríche, fuadaigh, gabhálacha treallacha agus coinneáil; de bhrí go gclúdaíonn na hionsaithe ar CCDanna níos mó agus níos mó ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail, lena n-áirítear na daoine atá ag maireachtáil ar deoraíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ina chroíluach ag an Aontas Eorpach agus go leantar de bheith ag sárú chearta an duine do mhná agus do chailíní, lena n-áirítear a gcearta gnéis agus atáirgthe, ar fud an domhain; de bhrí go mbíonn tionchair uathúla agus dhíréireacha ag coinbhleachtaí, ag an athrú aeráide agus ag an imirce ar mhná, lena n-áirítear rioscaí méadaithe maidir le foréigean inscnebhunaithe, imeallú eacnamaíoch agus bacainní ar rochtain a fháil ar acmhainní; de bhrí go leanann CCDanna ban agus ESSanna de laghdú a dhéanamh ar an spás dá gcuid oibre criticiúla, chomh maith le bagairtí foréigin, ciaptha agus imeaglaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur léiríodh le bliain anuas iomadú breise dlíthe maidir le ‘gníomhairí eachtracha’ nó tionchar eachtrach, lena n-áirítear i dtíortha a bhfuil stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas acu, lena ndírítear ar ESSanna agus ar eagraíochtaí meán agus lena ndéantar iarracht cosc a chur orthu tacaíocht airgeadais a fháil ón gcoigríoch, lena n-áirítear ó AE agus óna Bhallstáit, lena gcothaítear timpeallacht eagla agus féinchinsireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, in 2024, go ndeachaigh níos mó ná leath de dhaonra an domhain chuig na pobalbhreitheanna, agus go raibh cúbláil, bréagaisnéis agus iarrachtaí ar chur isteach ón taobh istigh nó ón taobh amuigh den tír mar thoradh ar go leor de na toghcháin sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go dtugann Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2024 ó Thuairisceoirí gan Teorainneacha (RSF) rabhadh maidir le meath ar intinn stát agus fórsaí polaitiúla eile saoirse an phreasa a chosaint; de bhrí, de réir Achoimre 2024 RSF, gur maraíodh 54 iriseoir agus oibrí sna meáin, an chuid is mó acu i limistéir choinbhleachta, go raibh 550 acu faoi choinneáil, go raibh 55 acu á gcoinneáil mar ghialla, agus go raibh 95 acu ar iarraidh in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go mbaintear a gceart bunúsach chun oideachais de 251 mhilliún leanbh agus duine óg agus go bhfanann siad lasmuigh den scoil, de réir Thuarascáil Faireacháin UNESCO 2024 maidir leis an Oideachas Domhanda; de bhrí nach í an bhochtaineacht amháin a dhéanann difear do chailíní agus do mhná ach go ndéanann noirm chultúrtha, laofacht inscne, pósadh leanaí agus foréigean difear dóibh freisin trí bheartais oifigiúla idirdhealaitheacha lena gcuirtear cosc orthu rochtain a fháil ar oideachas agus ar mhargadh an tsaothair agus iarracht a dhéanamh iad a scriosadh ón saol poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil milliún duine ar a laghad i bpríosún go héagórach ar chúiseanna polaitiúla, ina measc roinnt buaiteoirí agus iomaitheoirí a bhí sa bhabhta ceannais de Dhuais Sakharov na Parlaiminte um Shaoirse Smaointeoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, de réir Airteagal 21 CAE, nach mór don Aontas iarracht a dhéanamh ar chaidreamh agus comhpháirtíochtaí a chothú le tríú tíortha a bheadh bunaithe, i measc prionsabail eile, ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, ar urraim do dhínit an duine, ar phrionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus ar urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta; de bhrí nach ndéanann comhpháirtithe iomadúla de chuid an Aontais Eorpaigh, in ainneoin sochar a bheith á bhaint acu as fabhair agus buntáistí éagsúla arna n-eascairt as comhaontuithe le AE le blianta fada, a n-oibleagáidí a chomhlíonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil an díobháil don chomhshaol agus tionchair an athraithe aeráide ag géarú na héiginnteachta, an imeallaithe agus an neamhionannais, agus go bhfuil méadú ag teacht ar dhaoine a easáitiú óna dtithe nó ar iad a sháinniú i ndálaí neamhshábháilte, rud a mhéadaíonn a leochaileacht agus a chuireann a gcearta daonna i mbaol;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúshláin dhomhanda roimh an daonlathas agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag athdhearbhú uilechoitinne, idirthuilleamaíocht, idirghaolmhaireacht agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na dínite ar cuid dhílis de gach duine í; ag athdhearbhú dhualgas AE agus a Bhallstát an daonlathas agus uilíocht chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dea-shampla a thabhairt, i gcomhréir lena luachanna, chun cearta an duine agus an ceartas idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chaomhnú go docht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á áitiú nach mór d’urramú, cosaint agus comhlíonadh chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a bheith ina chuid lárnach de bheartas seachtrach an Aontais i gcomhréir lena bhunphrionsabail; ag moladh go láidir do AE agus dá Bhallstáit, chuige sin, a ndícheall a dhéanamh tiomantas uaillmhianach leanúnach a bhaint amach chun go mbeidh an tsaoirse, an daonlathas agus cearta an duine agus a gcosaint ina gcuid lárnach de bheartais uile AE ar bhealach cuíchóirithe agus chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir beartais inmheánacha agus sheachtracha AE sa réimse sin, lena n-áirítear trína chomhaontuithe idirnáisiúnta uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do AE a bheith go hiomlán ullamh chun cur i gcoinne theacht chun cinn an údarásaíochais, an ollsmachtachais agus an phobalachais, chomh maith leis na sáruithe méadaitheacha ar phrionsabail uilechoitinne chearta an duine, an daonlathais agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cáineadh threocht mhéadaitheach na sáruithe agus na mí-úsáidí ar chearta an duine agus ar phrionsabail agus luachanna daonlathacha ar fud an domhain, amhail, i measc nithe eile, bagairtí cúlaithe ar chearta an duine, go háirithe cearta na mban, chomh maith le básuithe, maruithe seachbhreithiúnacha, gabhálacha agus coinneáil threallach, céasadh agus drochíde, foréigean inscnebhunaithe, dianteannadh ar an tsochaí shibhialta, freasúraí polaitiúla, grúpaí imeallaithe agus leochaileacha lena n-áirítear leanaí agus daoine scothaosta, imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, agus mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha; ag cáineadh, chomh maith céanna, sclábhaíocht agus saothar éigeantais, úsáid iomarcach foréigin ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cniogbheartaíocht fhoréigneach ar agóidí síochánta agus ar thionóil eile, idirdhealú córasach agus struchtúrach, ionstraimiú na mbreithiúna, cinsireacht agus bagairtí ar na meáin neamhspleácha, lena n-áirítear bagairtí sa réimse digiteach amhail faireachas ar líne agus dúnadh síos idirlín, ionsaithe polaitiúla i gcoinne institiúidí idirnáisiúnta agus i gcoinne an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus méadú ar úsáid modhanna neamhdhleathacha cogaidh lena sáraítear go tromchúiseach an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine; á chur in iúl gur saoth léi an lagú ar chosaint na n-institiúidí daonlathacha agus na bpróiseas daonlathach, agus laghdú an spáis do shochaithe sibhialta ar fud an domhain; ag cáineadh an bhrú faoi chois thrasnáisiúnta atá á dhéanamh ag réimis neamhliobrálacha ar shaoránaigh agus ar ghníomhaithe a lorg tearmann thar lear, lena n-áirítear ar chríoch AE; ag cáineadh ghabháil an scríobhneora Fhrancaigh-Algéirigh, Boualem Sansal agus an pianbhreith 5 bliana a ghearradh air ag cúirt Ailgéarach; á iarraidh go scaoilfí saor é láithreach agus táthar ag súil go bhfeicfidh údaráis na hAilgéire an géarghá atá leis seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina chúis mhór imní di, i ngéarchéim idirnáisiúnta leanúnach na cuntasachta agus i ndúshlán a bhaineann le deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás sáruithe ar noirm lárnacha an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil i gcoinbhleachtaí atá ag titim amach faoi láthair ar fud an domhain; ag athdhearbhú neodracht agus thábhacht na cabhrach daonnúla i ngach coinbhleacht agus géarchéim; ag leagan béim ar na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le míchlú a tharraingt ar eagraíochtaí na bhfóram iltaobhach agus iad a ionsaí, amhail na Náisiúin Aontaithe, ar féidir leo cultúr saoirse ó phionós a chothú agus an bonn a bhaint den mhuinín as córas na Náisiún Aontaithe agus d’fheidhmiú chóras na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar AE seasamh leis an gcóras dlí idirnáisiúnta agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun comhlíonadh a fhorfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfuil ‘gnéithe dearfacha maidir le cearta an duine’ ann freisin i gcomhthéacs sin na ndúshlán mór do chearta an duine ar fud an domhain; ag cur sonrú, go háirithe, in obair ESSanna agus CCDanna; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cumarsáid níos straitéisí maidir le cearta an duine agus daonlathas trí nuacht faoi thorthaí dearfacha, beartais agus dea-chleachtais a scaipeadh; ag tacú leis an tionscnamh Dea-scéalta faoi Chearta an Duine mar bhealach chun dea-scéalta faoi chearta an duine a chur chun cinn agus á mholadh go ndéanfaí é a uasdátú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha AE, chomh maith le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, maidir le cearta an duine a chur chun cinn, agus á iarraidh go méadófaí a iarrachtaí i ndáil leis sin le roinn na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bosca uirlisí an Aontais a neartú chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain;</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an deighilt ar fud an domhain ag dul i méid; á chur i bhfáth go bhfuil freagracht chomhpháirteach ar AE leanúint de luachanna daonlathacha agus prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine, ceartas idirnáisiúnta, an tsíocháin agus an dínit a chosaint ar fud an domhain, ar luachanna agus prionsabail iad atá níos tábhachtaí fós a chosaint i staid mhíshocair na polaitíochta domhanda atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an Aontas bealaí cumarsáide a choinneáil ar oscailt le geallsealbhóirí éagsúla agus leanúint de shraith chuimsitheach a fhorbairt chun cearta an duine agus an daonlathas a neartú ar fud an domhain;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag AE agus a Bhallstáit chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun feidhme, cé nár bhain siad a spriocanna uile amach, go páirteach freisin mar gheall ar na dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sa domhan ón uair a glacadh é; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, gur cuireadh síneadh leis an bplean gníomhaíochta go dtí 2027, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí agus as an gcomhlántacht idir cearta an duine agus an daonlathas ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tacú go hiomlán le hobair ISAE um Chearta an Duine chun rannchuidiú le hinfheictheacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí chearta an duine an Aontais ina chaidreamh seachtrach; ag seasamh leis an ról lárnach atá ag ISAE i gcur chun cinn agus i gcosaint AE maidir le cearta an duine trí bheith ag obair i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le dlúthchomhar idir an ISAE um Chearta an Duine agus ISAEnna eile agus Toscairí Speisialta chun an comhleanúnachas sin a fheabhsú tuilleadh, agus á iarraidh go mbeidh ról an ISAE um Chearta an Duine níos infheicthe; á iarraidh go dtacófaí le ISAE ina chuid oibre le hacmhainní méadaithe agus le comhordú níos fearr le toscaireachtaí AE ar fud an domhain; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin iarrataí leanúnacha, eisiamh na Parlaiminte ón bpróiseas chun ISAE a roghnú; á áitiú gur gá do ISAE tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa go rialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda agus an clár téamach um chearta an duine agus um an daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag meabhrú ról bunúsach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – an Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear a clár téamach um chearta an duine agus an daonlathas, mar ionstraim shuaitheanta an Aontais i gcur chun cinn agus i gcosaint chearta an duine agus an daonlathais ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais gur gá dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta i ngníomhaíochtaí seachtracha ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear an Straitéis Global Gateway a mhaoinítear trí NDICI-an Eoraip Dhomhanda; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine in ionstraimí gníomhaíochta seachtraí AE a shruthlíniú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an bParlaimint i bpróiseas clársceidealaithe na hionstraime agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an fhaisnéis ábhartha uile a chomhroinnt go tráthúil chun a chur ar chumas na Parlaiminte a ról a imirt dá réir sin, go háirithe le linn idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil leis an gCoimisiún agus sa phróiseas athbhreithnithe meántéarma agus ina rúin; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar freagairt ar na litreacha molta tar éis gach idirphlé geopholaitiúil agus gach rúin; ag tathant ar an gCoimisiún suíomh gréasáin cuimsitheach, láraithe a fhorbairt agus a sheoladh a bheidh tiomnaithe do NDICI-an Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na cláir ilbhliantúla tháscacha uile, ina sonrófar a mbuiséid faoi seach, na gníomhaíochtaí gaolmhara agus na leithdháiltí airgeadais a bhfuil siad ag tacú leo, arna n-eagrú de réir tíre agus de réir téama araon; ag tabhairt dá haire nach mór do NDICI-an Eoraip Dhomhanda agus do na hionstraimí uile a bheidh ann amach anseo díriú ar bhunchúiseanna na ndúshlán leanúnach, lena n-áirítear an gá atá le hathléimneacht na bpobal áitiúil agus gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais a neartú trí thacú leis an bhforbairt eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar measúnuithe neamhspleácha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> chun na himpleachtaí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail maidir le cearta an duine a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2021/947; á iarraidh go ndéanfaí faireachán neamhspleách ar chearta an duine le linn chur chun feidhme tionscadal i dtríú tíortha, go háirithe i ndáil le tionscadail lena mbaineann ardriosca sáruithe; á iarraidh go gcuirfí tionscadail ar fionraí a chuireann (go hindíreach) le sáruithe ar chearta an duine i dtíortha nach bhfuil san Aontas; á athdhearbhú go bhfuil toirmeasc ar chistí AE a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá contrártha do bhunluachanna AE, amhail an sceimhlitheoireacht nó an t-antoisceachas; á iarraidh ar an gCoimisiún na measúnuithe uile a bhaineann le cearta an duine a roinnt leis an bParlaimint ar bhealach réamhghníomhach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">comhaontuithe trádála agus idirnáisiúnta AE</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh an athuair measúnuithe um chearta an duine a chomhtháthú agus clásail láidre maidir le cearta an duine a chur san áireamh i gcomhaontuithe idir an tAontas agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, le tacaíocht ó thacar soiléir tagarmharcanna agus nósanna imeachta atá le leanúint i gcás sáruithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go ndéanfar faireachán gníomhach ar na clásail maidir le cearta an duine i gcomhaontuithe idirnáisiúnta reatha agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go gcuirfear feabhas ar a gcumarsáid leis an bParlaimint maidir le breithnithe agus cinntí i ndáil leis an bhforfheidhmiú sin; á athdhearbhú, i bhfianaise sáruithe leanúnacha ar chlásail chearta an duine ag a thíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an gclár Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus, gur cheart do AE freagairt go mear agus go cinntitheach, lena n-áirítear trí na comhaontuithe atá i gceist a chur ar fionraí má bhíonn roghanna eile neamhéifeachtach; á iarraidh go ndéanfaí moladh Ombudsman AE maidir le tairseach láimhseála gearán a chruthú a chur chun feidhme, faoi chuimsiú ionstraimí trádála agus airgeadais AE, nó go ndéanfaí Pointe Iontrála Aonair an Choimisiúin a oiriúnú chun go bhféadfar gearáin maidir le mainneachtain clásail maidir le cearta an duine a chomhlíonadh a thíolacadh; á iarraidh ar institiúidí an Aontais dul i dteagmháil go rialta leis an bpobal gnó agus leis an tsochaí shibhialta chun na naisc idir an trádáil idirnáisiúnta, cearta an duine agus an tslándáil eacnamaíoch a neartú; á iarraidh ar an Aontas cur chun cinn agus cosaint chearta an duine a áirithiú trína infheistíochtaí agus tionscadail Global Gateway, trína áirithiú nach ndéanfaidh siad aon dochar;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Idirphléití an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag idirphlé i ndáil le cearta an duine i sraith uirlisí an Aontais maidir le cearta an duine agus mar phríomhbhealach chun plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas chur i bhfeidhm; á thabhairt chun suntais nach mór don idirphlé sin aghaidh a thabhairt ar staid fhoriomlán chearta an duine agus an daonlathais leis na tíortha ábhartha; ag tabhairt dá haire gur cheart breathnú ar idirphlé maidir le cearta an duine mar phríomhghné de rannpháirtíocht leanúnach an Aontais seachas mar ionstraim shaorsheasaimh, agus gur cheart go n-úsáidfí uirlisí iomchuí eile beartais eachtraigh mar thoradh ar mhainneachtain leanúnach tíortha nach bhfuil san Aontas dul i mbun idirphlé i ndáiríre agus príomhspriocanna insoláthartha a chur chun feidhme; á mheabhrú gur gá na hidirphléití sin a úsáid i gcomhar agus i sineirge le hionstraimí eile, agus úsáid á baint as cur chuige 'níos mó le haghaidh níos mó' agus 'níos lú le haghaidh níos lú' ; á athdhearbhú gur gá cásanna aonair a ardú, go háirithe cásanna bhuaiteoirí Dhuais Sakharov agus na cásanna sin ar tharraing an Pharlaimint aird orthu ina rúin, agus obair leantach leormhaith a áirithiú; á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí AE infheictheacht an idirphlé sin agus a dtorthaí a mhéadú, lena n-áiritheofar go mbeidh siad dírithe ar thorthaí agus bunaithe ar shraith shoiléir de thagarmharcanna is féidir a áireamh i bpreasráiteas comhpháirteach a fhoilseofar, agus gníomhaíocht leantach oiriúnach a dhéanamh ina leith; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht fheabhsaithe agus fhóinteach ag an tsochaí shibhialta san idirphlé; á chur i bhfáth nár cheart bac a chur ar fhíor-ESSanna a bheith rannpháirteach in idirphlé maidir le cearta an duine agus nach mór gach fíor-ESS a áireamh in aon idirphlé agus é sin gan aon srianta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (CDSCD – ‘Gníomh Magnitsky AE’)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi úsáid mheadaitheach GHRSR AE mar phríomhuirlis pholaitiúil i gcosaint AE maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar fud an domhain; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur lean a úsáid de bheith teoranta, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair; ag cur sonrú, áfach, sna dúshláin a bhaineann le ceanglas aontoilíochta i nglacadh smachbhannaí agus á iarraidh an athuair go dtabharfar isteach vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí maidir le GHRSR; á mheabhrú, ina leith sin, gur chuir an Pharlaimint iarraidh fhoirmiúil faoi bhráid na Comhairle in 2023, maidir le coinbhinsiún athchóirithe AE a iarraidh, arb é is aidhm dó, i measc nithe eile, líon na gcinntí a dhéantar trí thromlach cáilithe a mhéadú; á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as GHRSR agus as córais smachtbhannaí <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> eile orthu siúd atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear oifigigh ardleibhéil; ag tacú go hiomlán leis an bhféidearthacht smachtbhannaí spriocdhírithe frith-éillithe a fhorchur laistigh de chreat AE i ndáil leis sin, ar tosaíocht sheanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é, cibé acu trína áireamh in GHRSR nó faoi chóras eile; á thabhairt chun suntais gur gá smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go hiomlán agus á iarraidh go rachfaí i ngleic le himchéimnithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí tacaíochta don daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na hionsaithe méadaitheacha atá á ndéanamh ag réimis údarásaíocha agus neamhliobrálacha ar phrionsabail dhaonlathacha, ar luachanna agus ar iolrachas; á chur i bhfáth go bhfuil cosaint agus tacaíocht an daonlathais ar fud an domhain ag éirí níos mó agus níos mó mar leas geopholaitiúil agus straitéiseach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá iarrachtaí na Parlaiminte maidir le fothú acmhainneachta do pharlaimintí comhpháirtíochta, idirghabháil a chur chun cinn agus cultúr idirphlé agus comhréitigh a spreagadh, go háirithe i measc ceannairí polaitiúla óga, agus parlaiminteoirí ban, CCDanna agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó na meáin neamhspleácha a chumhachtú; á athdhearbhú ar an gCoimisiún leanúint dá ghníomhaíochtaí sna réimsí sin agus iad a leathnú trí chistiú agus tacaíocht a mhéadú do chomhlachtaí, do ghníomhaireachtaí agus d’eagraíochtaí eile deontas-bhunaithe de chuid an Aontais; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé tacú go díreach leis an tsochaí shibhialta agus le daoine a chuireann tuairimí easaontacha in iúl, go háirithe i bhfianaise an teannais dhomhanda agus an bhrú faoi chois atá ag dul i méid i líon méadaitheach tíortha; á athdhearbhú a thábhachtaí atá misin breathnóireachta toghcháin an Aontais agus rannchuidiú na Parlaiminte lena modheolaíocht a fhorbairt agus a fheabhsú; á iarraidh go bhforbrófaí bosca uirlisí an Aontais a úsáidfear i gcásanna ina mbeidh torthaí toghcháin faoi dhíospóid nó neamh-thrédhearcach chun géarchéimeanna polaitiúla agus míleata a chosc sa timpeallacht iarthoghcháin; á iarraidh go bhfeabhsófaí gníomhaíocht AE chun teachtaireachtaí cúblála agus bréagacha i gcoinne AE a chomhrac i bhfeachtais toghcháin, go háirithe i dtíortha a fhaigheann cúnamh suntasach daonnúil agus forbartha AE agus i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht AE; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán Pharlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS; á iarraidh ar an AE saincheisteanna comhionannais inscne a tharraingt anuas, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, le tíortha nach bhfuil san Aontas; á iarraidh go dtabharfaí breis feiceálachta d’idirphléití chearta an duine, lena n-áiritheofar go mbeidh siad dírithe ar thorthaí agus bunaithe ar shraith shoiléir tagarmharcanna lena gcumasófar faireachán éifeachtach, lena n-áirítear trí chomhairliúchán éifeachtach <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> leis an tsochaí shibhialta agus trí phreasráitis chomhpháirteacha a fhoilsiú agus trí ghníomhaíochtaí leantacha iomchuí a fhorghníomhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht na mban i gcórais dhaonlathacha a neartú chun dul i ngleic leis an neamhréireacht in ionadaíocht na mban sa chinnteoireacht; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas gníomhaíocht sheachtrach chun rannpháirtíocht níos fearr na mban sa pholaitíocht, sa ghnó agus sa tsochaí shibhialta a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tacaíocht AE do chosantóirí chearta an duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an srian leanúnach ar spás na sochaí sibhialta agus na bagairtí atá ag teacht chun cinn ar obair CCDanna agus chomhaltaí ESSanna, chomh maith lena dteaghlaigh, lena bpobail agus lena ndlíodóirí, agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go háirithe na modhanna, atá ag éirí níos sofaisticiúla, a úsáidtear chun géarleanúint a dhéanamh orthu; ag cáineadh go láidir a gcoinneáil agus a maruithe treallacha; á chur in iúl gur saoth léi ciapadh ESSanna trí fhorálacha reachtacha, amhail dlíthe gníomhairí eachtracha agus srianta comhchosúla, agus srianta eile atá os a gcomhair; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sáruithe gan staonadh agus níos sofaisticiúla fós á ndéanamh ar CCDanna ar mná iad, lena n-áirítear maruithe spriocdhírithe, ionsaithe fisiciúla, fuadach, feachtais chlúmhillte, gabhálacha, ciapadh breithiúnach agus imeaglú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur cosúil go bhfuil na hionsaithe sin ceaptha chun CCDanna ar mná iad a chur ina dtost go córasach agus chun a nguthanna a scriosadh ón réimse poiblí; ag tacú go hiomlán le hobair CCDanna agus le gníomhaíocht AE chun a gcosaint a áirithiú ar fud an domhain; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá le hathbhreithniú cuimsitheach agus tráthúil a dhéanamh ar na Treoirlínte AE maidir le CCDanna, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn, agus a n-infheidhmeacht agus a n-éifeachtacht a áirithiú i gcosaint HRDanna ar fud an domhain, agus cuir chuige inscne-íogair agus trasnacha á gcomhtháthú sna Treoirlínte nuashonraithe, lena léirítear cúlraí agus taithí éagsúla HRDanna, agus na leochaileachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith rompu á gcur san áireamh; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit Treoirlínte AE maidir le CCDanna a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun straitéisí cumarsáide a fheabhsú chun infheictheacht ghníomhaíochtaí agus bhealaí AE a mhéadú chun CCDanna a chosaint agus chun na sásraí tacaíochta dóibh a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di feiniméan méadaitheach an bhrú faoi chois thrasnáisiúnta i gcoinne CCDanna, iriseoirí agus na sochaí sibhialta; á iarraidh go gceapfaí straitéis AE lena gcomhchuibheofaí freagairtí náisiúnta ar an gcos ar bolg trasnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an timpeallacht airgeadais atá ag éirí níos forbhásaí agus atá os comhair CCDanna agus pobail a mholann cearta, go háirithe laistigh de chomhthéacs domhanda arb é is príomhthréith dó géarú ar an gcos ar bolg; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil méadú tagtha ar an ngá atá ag CCDanna le tacaíocht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE agus ar a Bhallstáit leas iomlán a bhaint as a dtacaíocht airgeadais do CCDanna, lena n-áiritheofar go mbunófar sásraí cistiúcháin solúbtha, inrochtana agus marthanacha lena gcuirfear ar chumas na gcosantóirí sin leanúint dá gcuid oibre ríthábhachtaí i bhfianaise na ndúshlán atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á áitiú go dtabharfaidh SEGS, an Coimisiún agus toscaireachtaí an Aontais aird ar leith ar staid bhuaiteoirí Dhuais Sakharov agus na n-iomaitheoirí deiridh atá i mbaol agus go ndéanfaidh siad gníomhaíocht dhaingean, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, chun a ndea-bhail, a sábháilteacht nó a saoirse a áirithiú; ag tabhairt ómós do bhuaiteoirí Dhuais Sakharov agus iomaitheoirí deiridh, a fuair bás sa chomhrac ar son chearta an duine, daonlathais agus saoirse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar Lámhleabhar AE ar Chód Víosaí i ndáil le CCDanna agus á iarraidh go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach é; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún ról réamhghníomhach a ghlacadh i gcur chuige comhordaithe a bhunú i measc na mBallstát maidir le CCDanna atá i mbaol;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Saoirse ó phionós agus éilliú a chomhrac </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndéanann saoirse ó phionós agus éilliú araon sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine agus creimeadh na bprionsabal daonlathach a chumasú agus a ghéarú; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí frith-éillithe i mbeartais sheachtracha AE sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe (JOIN(2023)0012), ar cheart é a leanúint le dianchreat frithéillithe a dhéanfaí a chur chun feidhme sa dlí, amhail trí Threoir an Aontais maidir le Frithéilliú, agus trí aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an tsaincheist sin laistigh de straitéis frithéillithe an Aontais; ag tacú leis na forálacha frithéillithe a áirítear i gcomhaontuithe trádála an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá ról na sochaí sibhialta agus iriseoirí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós agus an éillithe; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cur lena n-iarrachtaí maidir le hathchóirithe ceartais, leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós, agus le feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar institiúidí frith-éillithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach; ag spreagadh AE agus a Bhallstát comhordú níos dlúithe a dhéanamh le comhghuaillithe agus le comhpháirtithe nuair is féidir chun éilliú sistéamach a chomhrac lena gcuirtear ar chumas uathlathaithe cumhacht a choinneáil, lena mbaintear acmhainní lárnacha de shochaithe agus lena mbaintear an bonn den daonlathas, de chearta an duine agus den smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á áitiú gur gá do AE céimeanna soiléire a ghlacadh chun an dlúthnasc idir an t-éilliú agus sáruithe ar chearta an duine a aithint chun díriú ar chumasóirí eacnamaíocha agus airgeadais mí-úsáideoirí chearta an duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal iltaobhach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le comhar láidir idirnáisiúnta ar leibhéal iltaobhach chun urraim, cosaint agus comhlíonadh chearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na Náisiúin Aontaithe agus ag a chomhlachtaí mar phríomhfhóram nach mór a bheith in ann na hiarrachtaí ar son na síochána agus na slándála, na forbartha inbhuanaithe agus na hurraime do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn go héifeachtach; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair na Náisiún Aontaithe, dá ghníomhaireachtaí agus dá nósanna imeachta speisialta, ó thaobh na polaitíochta agus an airgeadais de araon, chun a áirithiú go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm, agus chun brú ar ais i gcoinne thionchar na réimeas forlámhach agus ollsmachtach; á chur i bhfáth nach mór don ord iltaobhach atá ann faoi láthair na gníomhaithe domhanda nua a ionchorprú go hiomlán ina struchtúr, go háirithe iad siúd a dhíríonn ar an daonlathas agus ar chearta an duine; á athdhearbhú gur gá do AE agus dá Bhallstáit labhairt d’aon ghuth ag na Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile chun dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin dhomhanda do chearta an duine agus don daonlathas i bhfóraim iltaobhacha agus chun tacú leis an teanga is láidre is féidir i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á iarraidh, chun na críche sin, go ndéanfaí dul chun cinn chun a áirithiú go mbeidh suíochán ag AE in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sa bhreis ar shuíocháin na mBallstát atá ann cheana; á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag toscaireachtaí an Aontais i bhfóraim iltaobhacha, ar cheart acmhainní iomchuí a bheith ar fáil dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe méadaitheacha i gcoinne an oird dhomhanda riailbhunaithe ag réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha, lena n-áirítear trí ionsaí gan chúis gan údar i gcoinne comharsana síochánta agus tríd an mbonn a bhaint d’fheidhmiú chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe, eadhon mí-úsáid na cumhachta crosta ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil costais iarbhír ag baint le héifeachtacht laghdaithe na gcomhlachtaí sin i dtéarmaí coinbhleachtaí, beatha daoine a chailleadh agus fulaingt daoine, agus go lagaítear dá barr cumas ginearálta na dtíortha déileáil le dúshláin dhomhanda; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu straitéis láidir a fhorbairt agus dlús a chur lena n-iarrachtaí an treocht sin a aisiompú agus teachtaireacht aontaithe láidir tacaíochta a thabhairt do na heagraíochtaí sin nuair a dhéantar ionsaí orthu nó nuair a bhíonn siad faoi bhagairt; á chreidiúint go bhfuil athchóiriú de dhíth ar na Náisiúin Aontaithe, ar a chomhlachtaí agus ar eagraíochtaí iltaobhacha eile, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bagairtí sin atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an cinneadh ó roinnt tíortha tarraingt siar ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn AE go láidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta mar institiúidí dlínsiúla bunriachtanacha, neamhspleácha agus neamhchlaonta le linn tréimhse an-dúshlánach don cheartas idirnáisiúnta; á mheabhrú go bhfuil ICC dea-mhaoinithe bunriachtanach chun coireanna tromchúiseacha idirnáisiúnta a ionchúiseamh go héifeachtach; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais atá tugtha ag an Aontas don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, lena n-áirítear Oifig Ionchúisitheora (OTP) na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, agus seoladh an ‘Tionscnaimh Dhomhanda chun saoirse ó phionós i gcás coireanna idirnáisiúnta a chomhrac’ lena dtugtar tacaíocht airgeadais do ESSanna atá tiomanta don cheartas agus don chuntasacht a chothú i leith coireanna idirnáisiúnta agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht marthanóirí in imeachtaí dlíthiúla a éascú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta — lena n-áirítear do Chiste Iontaobhais ICC d’Íospartaigh — leis na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní agus tacaíocht pholaitiúil, agus na hionstraimí uile atá ar fáil dóibh a úsáid chun saoirse ó phionós a chomhrac ar fud an domhain agus chun a chur ar chumas na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a sainordú a chomhlíonadh go héifeachtach; á iarraidh ar na Ballstáit go léir gníomhaíochtaí agus cinntí na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta agus orgáin uile na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, lena n-áirítear OTP agus na Dlísheomraí, a urramú agus a chur chun feidhme, tíortha eile a ghríosú chun dul isteach sa chúirt agus comhoibriú léi, lena n-áirítear barántais ghabhála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, agus tacú lena gcuid oibre mar institiúid ceartais idirnáisiúnta neamhspleách agus neamhchlaonta ar fud an domhain; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar roinnt Ballstát de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta barántais ghabhála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a fhorghníomhú, rud a bhain an bonn d’obair na cúirte; á iarraidh ar AE tathant ar thíortha nach bhfuil in AE, lena n-áirítear a chomhpháirtithe móra, aitheantas a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus a bheith ina stát is páirtí i Reacht na Róimhe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas go láidir leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine; ag tathant ar gach Stát sínitheach sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cloí go hiomlán le rialuithe na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gan an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a pholaitiú, ós rud é go gcreimtear muinín sa chúirt má bhaintear mí-úsáid as a sainordú; ag cáineadh, go háirithe agus sna téarmaí is criticúla, na n-ionsaithe polaitiúla, na smachtbhannaí agus na mbeart comhéigneach eile a tugadh isteach nó atá beartaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta féin agus i gcoinne a foirne; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE comhoibriú chun oibriú ar réitigh chun institiúid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus a foireann a chosaint ar aon smachtbhannaí amach anseo a chuirfeadh feidhmiú na cúirte i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na smachtbhannaí i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a hionchúisitheoirí agus a breithiúna agus a foirne, arb ionann iad agus ionsaí tromchúiseach ar chóras an cheartais idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an Reacht Blocála a ghníomhachtú go práinneach agus á iarraidh ar na Ballstáit a n-iarrachtaí taidhleoireachta a mhéadú chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint agus a choimirciú mar bhunchloch fhíor-riachtanach chóras an cheartais idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag aithint gur uirlis thábhachtach den chóras idirnáisiúnta ceartais choiriúil í dlínse uilíoch chun saoirse ó phionós a chosc agus a chomhrac agus chun cuntasacht idirnáisiúnta a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit dlínse uilíoch a chur i bhfeidhm sa chomhrac i gcoinne saoirse ó phionós;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne gach cineál antoisceachais agus á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis an Aontais chun na críche sin; á éileamh go mbeadh an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta ar bharr chlár oibre gnóthaí baile agus eachtracha AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ag seasamh leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtugtar neamhaird ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, go háirithe i bhfoirm na gcoinbhleachtaí leanúnacha ar fud an domhain, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an neamhaird sin; ag cáineadh go láidir an méadú atá tagtha ar ionsaithe d’aon ghnó, neamh-idirdhealaitheacha agus díréireacha ar shibhialtaigh agus ar réada sibhialtacha in iliomad suíomhanna coinbhleachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh gníomhaireachtaí uile na Náisiúin Aontaithe agus na cabhrach daonnúla in ann cúnamh iomlán, tráthúil agus gan bhac a chur ar fáil do gach duine atá i staideanna leochaileacha agus á iarraidh ar na páirtithe uile i gcoinbhleachtaí armtha obair na ngníomhaireachtaí sin a urramú go hiomlán agus a áirithiú gur féidir leo freastal ar bhunriachtanais na sibhialtach gan chur isteach; ag cáineadh iarrachtaí chun an bonn a bhaint de ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe a sholáthraíonn cabhair dhaonnúil; ag tathant ar na páirtithe uile i gcoinbhleachtaí armtha pobail shibhialtacha, oibrithe daonnúla agus leighis, agus iriseoirí agus oibrithe sna meáin a chosaint; á iarraidh ar na páirtithe uile i gcoinbhleachtaí armtha dlisteanacht agus dosháraitheacht mhisin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe a urramú; á iarraidh ar gach stát an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chomhlíonadh gan choinníoll agus go hiomlán; á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta agus ar na Ballstáit go háirithe cuntasacht agus an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn; á iarraidh go gcruthófaí conairí daonnúla go córasach i réigiúin a bhfuil cogadh ar siúl iontu agus atá i staideanna comhraic, nuair is gá, chun ligean do shibhialtaigh atá i mbaol éalú ó choinbhleachtaí, agus ag cáineadh go láidir aon ionsaithe a dhéantar orthu; á éileamh go mbeadh rochtain gan bhac ag eagraíochtaí daonnúla a dhéanann faireachán ar phríosúnaigh chogaidh agus a chuidíonn leo, mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Ginéive maidir le Príosúnaigh Chogaidh; ag dréim leis go gcloífidh eagraíochtaí idirnáisiúnta leis an dlí idirnáisiúnta maidir le déileáil le príosúnaigh chogaidh; á iarraidh go mbeadh comhar agus cúnamh idirnáisiúnta ann maidir le daoine a díbríodh go héigeantach a fhilleadh, go háirithe leanaí agus gialla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil sciúirse na forghabhála agus na hionghabhála fadtréimhsí fós ag leanúint ar aghaidh; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar staid chearta an duine i gcríocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, lena n-áirítear i gcásanna forghabhála fadtréimhsí, agus go ndéanfaí bearta éifeachtacha chun sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar an talamh a chosc, lena n-áirítear sárú ar an gceart chun beatha, srian ar shaorghluaiseacht agus idirdhealú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh athuair go gcuideodh na Ballstáit le srian a choinneáil ar choinbhleachtaí armtha agus ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta trí chloí go docht le forálacha Airteagal 7 de Chonradh Trádála Arm na Náisiún Aontaithe an 2 Aibreán 2013 maidir le hOnnmhairithe agus Measúnú ar Onnmharaithe agus Comhsheasamh 2008/944/CFSP ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tathant ar thríú tíortha iontaofa atá ar aon intinn a gcumais chosanta, athléimneachta agus ullmhachta sibhialta a neartú, chun ionsaí a dhíspreagadh go héifeachtach agus cearta an duine a chaomhnú ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi, i bhfianaise thionchair inscneacha na gcoinbhleachtaí armtha, nach leor an tosaíocht ná an bhéim a leagtar ar fhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe agus do shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) ar fud fhreagairt dhaonnúil agus dídeanaithe an Aontais; ag aithint go ngéaraítear ar dhúshláin a bhaineann le SRHR agus inscne le linn géarchéimeanna daonnúla agus á mheabhrú, i gcriosanna géarchéime, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha amhail dídeanaithe agus imircigh, go mbíonn mná agus cailíní go háirithe neamhchosanta ar fhoréigean gnéasach, galair ghnéas-tarchurtha, teacht i dtír gnéasach, éigniú mar arm cogaidh agus toirchis neamhiarrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardtosaíocht a thabhairt do chomhionannas inscne agus SRHR ina bhfreagairt cabhrach daonnúla agus um dhídeanaithe, mar aon le cuntasacht agus rochtain ar cheartas agus sásamh as sáruithe ar chearta gnéis agus atáirgthe agus foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear ó thaobh oiliúna do ghníomhaithe daonnúla agus an chistithe de atá cheana ann agus a bheidh ann sa todhchaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur chuige Fhoireann na hEorpa</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag aithint go bhféadfaí ailíniú níos láidre a dhéanamh i gcur chuige maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn idir institiúidí an Aontais Eorpaigh, ambasáidí na mBallstát agus toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, go háirithe maidir leis na tíortha sin a spreagadh chun a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus staonadh ó chiapadh agus ó ghéarleanúint guthanna criticiúla; ag cur béim ar an deis atá ag ambasáidí na mBallstát ról níos gníomhaí a ghlacadh maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, agus tacú leis an tsochaí shibhialta sna tíortha sin ag an am céanna; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit gach modh is féidir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhálaí coinneála, agus breathnóireacht a dhéanamh ar thrialacha agus nósanna imeachta cúirte, chun brú agus feasacht a mhéadú, agus chun tíortha a ghríosú agus oibriú go gníomhach i dtreo príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá freagracht chomhroinnte idir na Ballstáit agus toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh sna hiarrachtaí sin; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí comhchoiteanna chun urraim, cosaint agus comhlíonadh chearta an duine a chur chun cinn agus chun tacú leis an daonlathas ar fud an domhain; á mholadh go ndéanfaí faireachán agus measúnú cúramach ar chumas thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go mbeidh pointe teagmhála ainmnithe ag gach ceann acu le haghaidh cásanna sáruithe ar chearta an duine, agus go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar an sainordú sin chun freagairt ar bhealach éifeachtach agus tráthúil; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá treoirlínte an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a bhaineann le réimsí sonracha de chearta an duine do thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Freagairt ar dhúshláin uilechoiteanna maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse ó chéasadh agus ó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cáineadh aon ghnímh nó aon iarrachta ar chéastóireacht agus ar mhodhanna eile íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a dhlisteanú, a thionscnamh, a údarú, nó toiliú a thabhairt ina leith, in imthosca ar bith; ag cáineadh na dtuairiscí méadaitheacha maidir leis an úsáid a bhaineann gníomhaithe stáit as céastóireacht in go leor comhthéacsanna éagsúla, lena n-áirítear i suíomhanna coimeádta agus seachchoimeádta – príosúnaigh pholaitiúla, i measc daoine eile – agus i gcásanna coinbhleachta ar fud an domhain, go háirithe de shárú ar Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Príosúnaigh Chogaidh, chomh maith le marú príosúnach cogaidh, arb ionann é agus coir chogaidh, agus á athdhearbhú gur de chineál neamh-mhaolaithe é an ceart chun bheith saor ó chéastóireacht nó ó chineálacha eile íde atá mídhaonna nó táireach; ag athdhearbhú bheartas neamhfhulaingthe an Aontais Eorpaigh maidir le céastóireacht agus drochíde eile agus á iarraidh ar na hinstitiúidí ábhartha, lena n-áirítear an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, seasamh críochnúil a ghlacadh maidir le haon chás den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndaingneofaí go huilíoch Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach agus an Prótacal Roghnach a ghabhann leis, agus an gá atá ann do stáit a bhforálacha náisiúnta maidir leis an méid sin a chur i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; á athdhearbhú, i gcomhréir leis na Treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartas an Aontais Eorpaigh i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus maidir le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, a ghlac an Chomhairle an 16 Meán Fómhair 2019, a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ábhartha sa chomhrac chun an chéastóireacht a dhíothú, agus chun faireachán a dhéanamh ar áiteanna coinneála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú gur gá spás daonlathach an Aontais Eorpaigh agus feidhmiú na saoirsí bunúsacha ann a chosaint, go háirithe na saoirsí comhthionóil agus comhlachais; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar an gcos ar bolg foréigneach ar agóid agus ar chomhthionóil shíochánta laistigh de spás sibhialta an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil básanna agus sáruithe tromchúiseacha eile mar thoradh ar chásanna céastóireachta agus drochíde; á chur i bhfios go láidir gur gá an ceart bunúsach sin a neartú i gcomhar leis an toirmeasc iomlán ar chéastóireacht agus ar dhrochíde;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun bia, uisce agus sláintíochta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheabhrú gur ceart daonna é an ceart chun bia, lena n-áirítear rochtain fhisiceach agus eacnamaíoch ar bhia leordhóthanach nó ar na modhanna chun é a sholáthar; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na dúshláin a bhaineann leis an gceart chun bia ar fud an domhain, go háirithe i gcásanna cogaidh agus coinbhleachtaí; ag cáineadh an méadú atá ag teacht ar na tuairiscí ar úsáid an bhia mar uirlis chogaidh i gcásanna coinbhleachta armtha; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit treoirlínte éigeantacha a chur chun cinn maidir leis an gceart chun bia gan idirdhealú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe; ag tathant ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit tacaíocht iomlán a thabhairt, ó thaobh na polaitíochta agus an airgeadais de, d’eagraíochtaí agus do ghníomhaireachtaí atá ag obair chun an ceart chun bia i limistéir choinbhleachta a dhaingniú; á mheabhrú a thábhachtaí atá Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe chun slándáil bia a bhaint amach; ag moladh obair Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe, i ndáil leis an méid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á athdhearbhú gur cearta an duine iad na cearta i ndáil le huisce óil sábháilte agus leis an tsláintíocht, agus gur dhá cheart chomhlántacha iad; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rochtain ar uisce óil glan fíor-riachtanach do shaol sláintiúil agus faoi dhínit agus go bhfuil sí bunriachtanach chun dínit an duine a chothabháil; á thabhairt chun suntais gur réamhchoinníoll bunúsach é an ceart chun uisce chun cearta eile a theachtadh, agus dá bhrí sin nach mór é a threorú le loighic atá bunaithe ar mhaithe le leas an phobail, agus ar earraí coiteanna poiblí agus domhanda; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le huisce óil sábháilte agus leis an tsláintíocht agus ag tathant ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme i dtríú tíortha agus i bhfóraim iltaobhacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An t-athrú aeráide agus an comhshaol</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeachtaí díreacha ag an athrú aeráide agus ag a thionchar ar an gcomhshaol ar theachtadh éifeachtach chearta uile an duine; ag aithint obair thábhachtach ESSanna, pobal dúchasach agus pobal áitiúil, CCDanna talún agus comhshaoil agus gníomhaithe dúchasacha chun timpeallacht ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a chosaint, lena n-áirítear rochtain ar thalamh agus ar fhoinsí uisce; á chur in iúl gur saoth léi na rioscaí a bhíonn roimh CCDanna comhshaoil agus roimh ghníomhaithe dúchasacha agus á iarraidh go ráthófaí a gcosaint éifeachtach; á thabhairt dá haire gurb iad na pobail is lú a chuireann leis an athrú aeráide na pobail is dóchúla a ndéanfaidh rioscaí aeráide agus tubaistí nádúrtha difear dóibh agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go méadófaí an tacaíocht a thugtar do na grúpaí is leochailí; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag pobail dhúchasacha agus áitiúla chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; á mheabhrú nach mór don aistriú chuig fuinneamh glan a bheith cóir agus cearta bunúsacha gach duine a urramú; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach chun cearta daonna na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta atá le teacht a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>	á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar na bagairtí ar chomhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a bhaineann le himscaradh arm ollscriosta agus cineálacha eile cogaíochta a dhéanann dochar agus don chomhshaol agus a bhfuil éifeacht díréireach acu air; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar easáitiú daoine de bharr scriosadh an chomhshaoil agus an athraithe aeráide, rud a mhéadaíonn an baol go ndéanfar sáruithe ar chearta an duine agus a mhéadaíonn leochaileachtaí i ndáil le cineálacha éagsúla dúshaothraithe; ag aithint go bhfuil leanaí faoi rioscaí níos géire ó thubaistí a bhaineann leis an aeráid agus go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is mó a ndéanfar difear dóibh; á iarraidh ar an Aontas Eorpach díriú ar aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide ar theachtadh chearta an linbh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an linbh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige córasach comhsheasmhach ann maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear dóibh siúd is imeallaithe agus dóibh siúd atá sna cásanna is leochailí, trí bheartais sheachtracha uile an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos comhbheartaithe chun urraim, cosaint agus comhlíonadh chearta an linbh a chur chun cinn i ngéarchéimeanna nó i gcásanna éigeandála; ag cáineadh na hurraime laghdaithe ar chearta an linbh agus na sáruithe agus na mí-úsáidí ar na cearta sin atá ag dul i méid, lena n-áirítear trí fhoréigean, luathphósadh agus pósadh éigeantais, mí-úsáid ghnéasach lena n-áirítear ciorrú ball giniúna, gáinneáil, saothar leanaí, maruithe onóra, earcú saighdiúirí linbh, easpa rochtana ar oideachas agus ar chúram sláinte, míchothú agus fíorbhochtaineacht; ag cáineadh, thairis sin, an mhéadaithe ar bhásanna leanaí i gcásanna coinbhleachta armtha agus á chur i bhfáth gur gá cearta leanaí a chosaint go héifeachtach i gcogaíocht ghníomhach; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh nua an Aontais Eorpaigh ann chun cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, d’fhonn leanaí atá buailte ag coinbhleacht a athshlánú agus a ath-lánpháirtiú, lena n-áiritheofar go mbeidh timpeallacht chosanta, teaghlachbhunaithe agus phobalbhunaithe acu mar chomhthéacs nádúrtha dá saol, ina bhfuil cúnamh agus oideachas ina ngnéithe bunúsacha; á iarraidh an athuair go mbeadh cur chuige córasach comhsheasmhach ann maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint i mbeartais sheachtracha uile an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar gach tír Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a dhaingniú mar ábhar práinne, chun go bhféadfar an ionstraim bhunúsach sin a dhaingniú go huilíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le cearta na mban torrach a chaomhnú, lena n-áiritheofar go bhfaighidh siad tacaíocht chuimsitheach dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá ndínit a áiríonn rochtain ráthaithe ar sheirbhísí cúraim sláinte do mháithreacha, teacht ar shaoráidí cúraim leanaí amhail naíolanna, agus bunú beartas cóir san ionad oibre a chosnaíonn a bhfolláine, a n-ioncam agus a ndul chun cinn gairme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an bhearna mhaoinithe a dhúnadh lena gcuirfí ar chumas tíortha a spriocanna SFI 4 maidir le hoideachas ar ardchaighdeán a bhaint amach agus rochtain ar oideachas a áirithiú do gach leanbh agus duine óg; á iarraidh an athuair go dtabharfaí aghaidh ar noirm chultúrtha agus ar chlaontacht inscne lena gcuirtear cosc ar chailíní agus ar mhná oideachas a fháil agus ag tathant go gcruthófaí córais oideachais inscne-fhreagrúla ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é an t-oideachas an túsphointe chun prionsabail agus luachanna a chuireann le forbairt phearsanta leanaí a chothú, chomh maith le comhtháthú sóisialta agus an daonlathas, agus an smacht reachta ar fud an domhain; á iarraidh ar an Aontas Eorpach, chuige sin, a luachanna a chur chun cinn trí thacú le rochtain ar oideachas agus ar fhoghlaim do mhná agus do chailíní;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na mban agus comhionannas inscne</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil cearta na mban agus comhionannas inscne fíor-riachtanach agus doroinnte, chomh maith le bheith ina mbonn don smacht reachta agus do dhaonlathais chuimsitheacha athléimneacha; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil idirdhealú agus foréigean fós á bhfulaingt ag na milliún ban agus cailíní, go háirithe i gcomhthéacs coimhlintí, cásanna iarchoimhlintí agus easáitithe, agus go ndiúltaítear dá ndínit, dá neamhspleáchas agus fiú dá saol; ag cáineadh na saoirse ó phionós lena ndéanann déantóirí coire sáruithe i gcoinne CCDanna ar mná iad; á chur in iúl gur cúis uafáis di úsáid an éignithe agus an fhoréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh agus á chur i bhfáth gur gá léargas a thabhairt ar na cásanna sin, agus gur gá comhar idirnáisiúnta níos fearr a bheith ann maidir le saoirse ó phionós i leith na gcoireanna sin a chomhrac; á iarraidh ar an Aontas Eorpach, ar a Bhallstáit agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo dlús a chur lena n-iarrachtaí chun teachtadh agus cosaint iomlán chearta daonna na mban agus na gcailíní a áirithiú, agus cur chuige príomhshruthaithe inscne a ionchorprú ar fud na mbeartas uile, agus tionchair dhifreáilte na ndúshlán domhanda amhail an t-athrú aeráide nó coinbhleachtaí á gcur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cearta bunúsacha an duine iad SRHR nach mór seasamh leo ar fud an domhain agus i mBallstáit agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na céimeanna ar gcúl domhanda sa chomhionannas inscne agus in SRHR; á athdhearbhú gur cineál foréigin inscnebhunaithe é diúltú seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe ardcháilíochta agus cuimsitheacha a sholáthar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dea-shampla a thabhairt; á iarraidh go dtabharfadh AE tosaíocht a thabhairt do rochtain ar SRHR mar chuid de chearta an duine a chur chun cinn agus de spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; ag cáineadh go neamhbhalbh na n-ionsaithe méadaitheacha ar SRHR ar fud an domhain, chomh maith le foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach a úsáid mar arm cogaidh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit seasamh le SRHR mar chearta an duine, an ceart chun ginmhillte dhlíthiúil agus shábháilte a chumhdach sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus tús áite a thabhairt do rochtain ar SRHR chun cearta an duine agus spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi go mór cásanna de chiorrú ball giniúna ban, maruithe onóra, póstaí leanaí agus póstaí éigeantais; á chur in iúl gur geal léi aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl agus ag spreagadh go láidir do na Ballstáit atá fágtha Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar an Aontas agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta a n-iarrachtaí a neartú chun a áirithiú go mbainfidh mná lántairbhe as a gcearta daonna agus go gcaithfear go cothrom le fir iad; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cearta na mban a chosaint, lena n-áirithítear go gcosnófar a sláinte, a sábháilteacht agus a ndínit, go háirithe i gcomhthéacs rochtain ar chúram sláinte agus cosaintí san ionad oibre; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint de bheith ag cur i gcoinne agus ag cáineadh, sna téarmaí is láidre, dlíthe in aghaidh an ghinmhillte lena ngearrtar pionós ar mhná agus ar chailíní le pianbhreitheanna príosúnachta fiche nó tríocha bliain, fiú i gcásanna éignithe, ciorrú coil nó nuair a bhíonn saol na mná torracha i mbaol; á chur i bhfáth gur gá leanúint de na hiarrachtaí chun an cleachtas faoina ndéantar ciorrú ball giniúna ban a dhíothú go hiomlán; ag tacú go hiomlán le ról Ambasadóir an Aontais um Inscne agus Éagsúlacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á aithint go bhfuil cur chun cinn agus cosaint SRHR riachtanach chun comhionannas inscne a bhaint amach agus ag daingniú an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí cuimsitheacha SRHR, lena n-áirítear frithghiniúint nua-aimseartha, ginmhilleadh saor, sábháilte agus dlíthiúil, cúram sláinte máithreachais, réamhbhreithe agus iarbhreithe, atáirgeadh cuidithe agus rochtain ar oideachas agus faisnéis ar SRHR, lena n-áirítear oideachas gnéasachta cuimsitheach, gan aon chineál idirdhealaithe, comhéigin nó foréigin; ag athdhearbhú go n-aithníonn comhlachtaí um chearta an duine go bhféadfadh mná a bheith ag fulaingt de réir céastóireachta nó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach trí chosc a chur ar ghinmhilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag aithint gur cineál cos ar bolg córasach agus institiúidithe é an <STRING ITALIC="on">apartheid</STRING> inscne, lena gceiltear cearta bunúsacha ar mhná agus ar chailíní ar bhonn a n-inscne amháin; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil <STRING ITALIC="on">apartheid</STRING> inscne daingean i réigiúin áirithe, áit a mbíonn srianta fairsinge ar mhná maidir le hoideachas, fostaíocht, cúram sláinte agus saoirse gluaiseachta, agus creataí dlíthiúla agus cultúrtha mar bhonn taca leo go minic lena dtreisítear idirdhealú bunaithe ar ghnéas; ag tathant ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar an <STRING ITALIC="on">apartheid</STRING> inscne trí iarrachtaí taidhleoireachta neartaithe, trí bhearta eacnamaíocha spriocdhírithe agus trí shásraí cuntasachta lena dtacaítear le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn ar son an chomhionannais inscne; á iarraidh go dtabharfaí aitheantas foirmiúil don <STRING ITALIC="on">apartheid</STRING> inscne mar shárú ar leith ar chearta an duine agus go dtacófaí le tionscnaimh idirnáisiúnta chun é a aicmiú mar choir in aghaidh na daonnachta, agus ar an gcaoi sin go rannchuideofaí le caighdeán domhanda cuntasachta a bhunú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag cáineadh creimeadh chearta an duine agus shábháilteacht na ndídeanaithe, na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndaoine atá easáitithe go héigeantach; á athdhearbhú a gcearta daonna doshannta agus a gceart bunúsach chun tearmann a lorg; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar stáit iad a chosaint i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé daoine aonair a shainaithint agus a chlárú, lena n-áirítear leanaí, mar phríomhuirlis chun dídeanaithe a chosaint agus chun sláine na gcóras cosanta dídeanaithe a áirithiú, chun gáinneáil ar dhaoine agus earcú leanaí isteach i mílístí armtha a chosc; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit seasamh go héifeachtach lena gcearta i mbeartas tearmainn agus imirce an Aontais Eorpaigh agus i gcomhar an Aontais Eorpaigh le tíortha comhpháirtíochta i ndáil leis sin; á chur in iúl gur saoth léi an tseineafóibe, an ciníochas agus an t-idirdhealú atá ag dul i méid i leith imirceach, chomh maith leis na cineálacha éagsúla foréigin atá rompu, lena n-áirítear le linn a n-easáitithe, agus an iliomad bacainní atá rompu, lena n-áirítear maidir le rochtain ar chúram sláinte; ag cáineadh ionstraimiú na himirce ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh ag gníomhaithe eachtracha, arb ionann é agus ionsaithe hibrideacha i gcoinne na mBallstát chomh maith le dídhaonnú imirceach; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí bealaí a aithint agus a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, ag cur le hathléimneacht phobail bhunaidh na n-imirceach agus ag cabhrú leo an deis a thabhairt dá ndaoine saol cuibhiúil a bheith acu ina dtír dhúchais; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht agus, i gcás inar féidir, dlús a chur lena dtacaíocht do na tíortha a bhfuil formhór na ndídeanaithe á n-óstáil acu, chomh maith leis na tíortha idirthurais; á athdhearbhú go bhfuil dlúthchomhar agus dlúth-rannpháirtíocht le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ríthábhachtach i gcónaí chun smuigleáil imirceach a chosc, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil scaipeadh faisnéise agus feachtais múscailte feasachta maidir leis na rioscaí a bhaineann le smuigleáil ríthábhachtach, chomh maith le dlíthe imirce na dtíortha cinn scríbe, chun cosc a chur orthu siúd nach bhfuil forais tearmainn acu tabhairt faoi thurais a bhfuil riosca gan ghá ag baint leo; á iarraidh ar oibríochtaí daonnúla arna gcistiú ag an Aontas riachtanais agus leochaileachtaí sonracha leanaí a chur san áireamh agus a gcosaint a áirithiú agus iad easáitithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé creat éifeachtach de chonairí sábháilte dlíthiúla chuig an Aontas a fhorbairt agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach (COM(2022)0657).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí tallainne a fhorbairt le tíortha comhpháirtíochta; á iarraidh go n-urramófaí prionsabal an <STRING ITALIC="on">non-refoulement</STRING> do thíortha ina mbeadh beatha agus saoirse daoine faoi bhagairt; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit plé a dhéanamh ar fheiniméan ionstraimiú na himirce arna eagrú ag réimis fhorlámhacha agus ag grúpaí coireachta eagraithe, agus ag cur béim ar an ngá atá le hanailís chuimsitheach a dhéanamh ar an bhfeiniméan sin, frithbhearta éifeachtacha a fhorbairt, agus a impleachtaí don chreat maidir le cearta an duine a mheas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine LGBTIQ+</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>;ag cáineadh sháruithe chearta an duine, lena n-áirítear idirdhealú, géarleanúint, foréigean agus maruithe, stiogmatú, fuathchoireacht, fuathchaint, teiripí tiontaithe, ciorrú ball giniúna idirghnéasach agus foréigean gnéasach i gcoinne daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ+) ar fud an domhain; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit na héagóracha sin a cháineadh agus gealltanas a thabhairt chun cearta, dínit agus sábháilteacht daoine LGBTIQ+ a chosaint; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di scaipeadh fuatha agus scéalta agus reachtaíochta frith-LGBTIQ+, a dhíríonn ar dhaoine LGBTIQ+ agus ar CCDanna; ag cáineadh, ina leith sin, cleachtais tiontaithe lena ndírítear ar dhaoine LGBTIQ+ atá dírithe ar chlaonadh gnéasach, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne a n-íospartaigh a athrú, a chosc nó a shochtadh; á iarraidh go ndéanfaí beartas uile-Aontais a chur chun feidhme chun cleachtais den chineál sin a thoirmeasc go dlíthiúil; á iarraidh go nglacfaí beartais lena gcosnaítear daoine LADTIA+ agus lena dtugtar na huirlisí dóibh chun sárú ar a gcearta a thuairisciú go sábháilte, i gcomhréir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar gach ceart de chearta an duine a bheith á theachtadh ag daoine LADTIA; ag cur béim ar na hábhair imní atá ag dul i méid i bpobail LGBTIQ+ agus ag tathant ar AE seasamh daingean a ghlacadh i gcoinne aon ghníomhaíochtaí reachtacha nó sóisialta a chuireann daoine LGBTIQ+ i mbaol; á chur in iúl gur cúis bhuartha speisialta di daoine LADTIA+ a bhfuil cónaí orthu faoi réimis neamhdhaonlathacha nó i gcásanna coinbhleachta, agus á iarraidh go mbeadh sásraí mearfhreagartha ann chun iad a chosaint mar aon lena gcosantóirí; á iarraidh an athuair go ndéanfar an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 a chur chun feidhme go hiomlán mar uirlis an Aontais chun feabhas a chur ar staid daoine LGBTIQ+ ar fud an domhain; á iarraidh go ndiúltófaí d’úsáid phionós an bháis i ngach imthoisc, lena n-áirítear aon reachtaíocht lena bhforchuirfí pionós an bháis ar an homaighnéasacht; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit tuilleadh teagmhála a dhéanamh leis na tíortha leis an reachtaíocht sin chun athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh maidir le pionós an bháis; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur bású treallach per se é pionós an bháis a fhorchur ar bhonn na reachtaíochta sin, agus gur sárú é ar Airteagal 6 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine faoi mhíchumas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dúshláin a bhaineann le teachtadh iomlán chearta na ndaoine faoi mhíchumas; á iarraidh an athuair go gcabhródh an tAontas le tíortha comhpháirtíochta beartais a fhorbairt chun tacú le cúramóirí daoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfaí feasacht shóisialta a mhúscailt agus go ndéanfaí iompraíochtaí idirdhealaitheacha i gcoinne daoine faoi mhíchumas a chomhrac; á chur i bhfios na castachtaí breise a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas i gcásanna coinbhleachta agus tubaistí nádúrtha, ós rud é go bhfuil siad níos leochailí ó thaobh foréigin de agus gur minic nach bhfaigheann siad tacaíocht leormhaith; ag tathant ar na páirtithe uile i gcásanna coinbhleachta ar fud an domhain bearta leormhaithe a dhéanamh chun na rioscaí dóibh a mhaolú a mhéid is féidir; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá leanaí faoi mhíchumas a chosaint ar aon chineál dúshaothraithe; á iarraidh ar an Aontas, ina bheartas seachtrach, chun úsáid a bhaint as an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021‑2030 mar uirlis chun feabhas a chur ar staid daoine faoi mhíchumas, go háirithe maidir leis an mbochtaineacht agus leis an idirdhealú, ach freisin na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar chúram sláinte agus ar fhostaíocht, agus le rannpháirtíocht sa saol polaitiúil; ag spreagadh an Aontais Eorpaigh chun tacú le tíortha comhpháirtíochta beartais eacnamaíocha chuimsitheacha a fhorbairt lena gcuirtear gairmoiliúint inrochtana agus deiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn, lena gcothaítear a rannpháirtíocht eacnamaíoch iomlán agus ghníomhach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta daoine scothaosta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an Aontas agus ar a Bhallstáit bealaí nua a fhorbairt chun cearta daoine scothaosta a neartú, agus na dúshláin iomadúla atá rompu á gcur san áireamh, amhail idirdhealú bunaithe ar aois, bochtaineacht, foréigean agus easpa cosanta sóisialta, cúram sláinte agus seirbhísí bunriachtanacha eile, chomh maith le bacainní ar fhostaíocht; á iarraidh go ndéanfaí bearta sonracha a chur chun feidhme chun baol na bochtaineachta do mhná scothaosta a chomhrac trí thacaíocht shóisialta mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir gur ann d’obair Mheitheal Oscailte na Náisiún Aontaithe maidir le hAosú i dtaobh ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí chun cosaint chearta an duine le haghaidh daoine scothaosta a neartú agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a machnamh a dhéanamh chun tacú go gníomhach leis an obair sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige trasearnálach idirghlúine i mbeartais an Aontais Eorpaigh, chun dlúthpháirtíocht idir daoine óga agus daoine scothaosta a thógáil agus a spreagadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun comhionannais agus chun neamh-idirdhealaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí gach cineál ciníochais, éadulaingthe, frithsheimíteachais, Ioslamafóibe, ghéarleanúint na gCríostaithe, seineafóibe agus idirdhealaithe bunaithe ar chine, eitneacht, náisiúntacht, aicme shóisialta, míchumas, sainaicme, reiligiún, creideamh, aois, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne; ag cáineadh bhagairt idirnáisiúnta mhéadaitheach na fuathchainte agus na cainte lena ngríosaítear foréigean, lena n-áirítear ar líne; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtch ag an oideachas agus ag idirphlé maidir le caoinfhulaingt, tuiscint agus éagsúlacht a chur chun cinn; á iarraidh go nglacfaí nó go neartófaí sásraí chun iompraíochtaí idirdhealaitheacha a thuairisciú chomh maith le rochtain ar leigheasanna éifeachtacha dlí, chun cabhrú le deireadh a chur le saoirse ó phionós na ndaoine sin a bhíonn ag gabháil don iompraíocht sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ceart chun beatha: i dtreo dhíothú uilechoiteann phionós an bháis </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí i gcoinne phionós an bháis ar bhonn prionsabail, rud atá do-aisiompaithe agus nach bhfuil ag luí leis an gceart chun na beatha agus leis an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar phionós atá cruálach, mídhaonna agus táireach; á chur i bhfáth nach mór don Aontas a bheith gan staonadh agus díothú uilechoiteann phionós an bháis á shaothrú aige mar mhórchuspóir dá bheartas eachtrach um chearta an duine; ag tabhairt dá haire, in ainneoin na treochta i roinnt tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad bearta a dhéanamh chun pionós an bháis a dhíothú, go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann ina leith sin; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an leibhéal is airde bainte amach le cúig bliana anuas ag tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir le líon na bpianbhreitheanna báis a cuireadh i gcrích; á iarraidh an athuair go ndéanfadh gach tír deireadh iomlán a chur le pionós an bháis nó moratóir láithreach a bhunú ar úsáid phionós an bháis (pianbhreitheanna agus básuithe) mar chéad chéim i dtreo é a dhíothú; ag tathant, i ndáil leis an méid sin, ar an Aontas Eorpach dlús a chur leis an rannpháirtíocht taidhleoireachta le tíortha a leanann de phionós an bháis a chleachtadh, idirphlé agus comhar a spreagadh maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt athchóirithe breithiúnacha a bhféadfadh díothú an phionóis a bheith mar thoradh orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di sáruithe ar an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú domhanda atá tagtha ar an éadulaingt i leith pobail reiligiúnacha éagsúla; á chur in iúl gur saoth léi ionstraimiú féiniúlachtaí reiligiúnacha nó creidimh chun críoch polaitiúil agus daoine ar de mhionlaigh reiligiúnacha agus creidimh iad agus de phobail reiligiúnacha a eisiamh, lena n-áirítear ó rannpháirtíocht pholaitiúil, chomh maith le scrios agus loitiméireacht láithreán agus saothair ealaíne lena mbaineann luach cultúrtha agus stairiúil, i dtíortha áirithe nach tíortha den Aontas Eorpach iad; á chur i bhfáth gur ceart daonna nach féidir pionós a ghearradh air í an tsaoirse chun reiligiún a roghnú, chun a chreidiúint nó gan a chreidiúint; ag cáineadh, dá bhrí sin, gurb ann do dhlíthe a bhaineann le séanadh creidimh, mar a thugtar orthu, agus do dhlíthe blaisféime agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme, ar dlíthe agus dlíthe iad as a n-eascraíonn pionóis ghéara, íde tháireach agus, i gcásanna áirithe, fiú pianbhreitheanna báis; á iarraidh go gcuirfí deireadh le dlíthe a bhaineann le séanadh creidimh agus dlíthe blaisféime; á chur i bhfáth gur cheart níos mó acmhainní a thabhairt don Toscaire Speisialta chun saoirse reiligiúin nó creidimh lasmuigh den Aontas a chur chun cinn agus a chosaint ionas gur féidir leis a shainordú a chur i gcrích go héifeachtúil; á thabhairt chun suntais gur gá don Toscaire Speisialta leanúint de bheith ag obair go dlúth agus ar bhealach comhlántach le ISAE um Chearta an Duine agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí an ceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a chumhdach, na saincheisteanna sin a tharraingt anuas i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus chun leanúint de bheith ag obair le sásraí agus coistí ábhartha na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Aontas Eorpach tuarascálacha ó thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh maidir le staid na saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh a iarraidh agus a chomhdhlúthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú go mbaineann formhór na spreagthaí coinbhleachtaí foréigneacha ar fud an domhain le casaoidí mionlaigh maidir le heisiamh, idirdhealú agus neamhionannais a bhaineann le sáruithe ar chearta daonna na mionlach, mar a thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna mionlaigh faoi deara; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cosaint chearta na mionlach a phríomhshruthú agus le sásraí cosanta a fhorbairt ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid ar stáit cearta a mionlach náisiúnta, eitneach, cultúrtha, reiligiúnach agus teanga a chosaint laistigh dá gcríocha faoi seach; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún le cosaint ceart daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad ar fud an domhain, lena n-áirítear mar thosaíocht faoi chlár téamach chearta an duine agus an daonlathais ICFCI – An Eoraip Dhomhanda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse acadúil, saoirse na meán, agus an ceart chun faisnéise</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an rochtain ar fhoinsí iontaofa agus éagsúla faisnéise chun an daonlathas agus spás sibhialta rathúil a chothú; á mheabhrú nach féidir le daonlathais feidhmiú ach amháin nuair a bhíonn rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis neamhspleách agus iontaofa, rud a fhágann go bhfuil iriseoirí ina bpríomhghníomhaithe i gcosaint an daonlathais; á chur in iúl, dá bhrí sin, gur cúis mhór bhuartha di na srianta méadaitheacha atá á gcur ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh in go leor tíortha ar fud an domhain, go háirithe d’iriseoirí, trí chinsireacht, féinchinsireacht fhorfheidhmithe, dlíthe gníomhairí eachtracha mar a thugtar orthu agus an mhí-úsáid a bhaintear as dlíthe frithsceimhlitheoireachta nó as dlíthe frith-éillithe chun iriseoirí agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur faoi chois; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid na fuathchainte i gcoinne iriseoirí, ar líne agus as líne araon, as a n-eascraíonn éifeacht dhíspreagthach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina theannta sin, slándáil fhisiciúil iriseoirí agus oibrithe sna meáin agus an chaoi a ndéantar spriocdhíriú orthu i limistéir choinbhleachta; á chur in iúl gur saoth léi gur maraíodh 54 iriseoir agus oibrí sna meáin in 2024 – an chuid is mó acu i limistéir choinbhleachta – go raibh 550 acu á gcoinneáil, go raibh 55 acu á gcoinneáil mar ghialla, agus go raibh 95 acu ar iarraidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go práinneach ar an Aontas Eorpach tacú le heagraíochtaí iontaofa meán agus faisnéise a chuireann cuntasacht na n-údarás chun cinn agus a thacaíonn le haistrithe daonlathacha, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le prionsabail an iolrachais, na trédhearcachta agus an neamhspleáchais a chaomhnú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag seiceálaithe fíricí ó thaobh na meán, chun a chinntiú gur féidir leis an bpobal brath ar an bhfaisnéis a fhaigheann siad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur spriocanna móra iad, dá bhrí sin, d’ionsaithe ó réimis neamhliobrálacha a chumann agus a scaipeann bréagaisnéis, bolscaireacht agus bréagnuacht; ag cáineadh úsáid fhorleathan SLAPPanna chun iriseoirí, gníomhaithe, ceardchumannaithe agus CCDanna a chur ina dtost ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an treoir atá ceaptha chun iriseoirí agus CCDanna a chosaint ar chaingne dlí ionsaitheacha agus ar SLAPPanna; ag spreagadh reachtóirí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad reachtaíocht a mbeidh an sprioc chéanna aici a fhorbairt, mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun saoirse agus iolrachas na meán a chur chun cinn agus a chosaint; á iarraidh go ndéanfaí ionsaithe ar shaoirse na meán, chomh maith le hídiú leanúnach agus córasach an chirt chun faisnéise, a chur san áireamh san fhaireachán a dhéanfaidh an tAontas Eorpach ar chomhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi plean an Choimisiúin tionscnaimh a mhaoiniú chun tacú le hiriseoirí maidir le hábhair dhlíthiúla agus phraiticiúla, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas, tríd an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach; á iarraidh ar an Aontas Eorpach a iarrachtaí a neartú chun cabhrú le hiriseoirí a bhfuiltear ag díriú orthu ar fud an domhain, á mheabhrú go bhfuil iriseoirí neamhspleácha ar thúslíne an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise, rud a bhaineann an bonn ó dhaonlathais; á aithint go gcuireann cláir amhail Media4Democracy atá imithe in éag anois agus gníomhaíochtaí eile arna gcistiú ag an Aontas leis an sprioc sin a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais; á chur in iúl gur oth léi go mór an cinneadh stop a chur le cistiú do Radio Free Europe/Radio Liberty, Radio Free Asia agus Voice of America, ar eagraíochtaí iad a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac, luachanna daonlathacha a chur chun cinn agus tuairisciú in áiteanna ina bhfuil srian mór curtha ar shaoirse an phreasa nó nach ann di; á iarraidh ar an Aontas Eorpach seasamh isteach go práinneach agus an cistiú is gá a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh foinsí iontaofa nuachta ar fáil i dtíortha a chuireann srian ar shaoirse an phreasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí staid shaoirse an phreasa atá ag dul in olcas ar fud an domhain; ag cáineadh na cinsireachta ar iriseoirí, ar CCDanna agus ar ESSanna trí chur i bhfeidhm na ndlíthe gníomhairí eachtracha, mar a thugtar orthu, chomh maith le bearta reachtacha agus neamhreachtacha eile arna nglacadh ag réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta an tsaoirse acadúil a chosaint agus a chur chun cinn mar phríomhghné de shochaithe oscailte agus daonlathacha; á chur i bhfios go láidir na hionsaithe ar an tsaoirse acadúil, ní hamháin ag réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha, ach ag fórsaí antoisceacha agus pobalacha ar fud an domhain freisin; á iarraidh go bhforbrófaí tagarmharcanna don tsaoirse acadúil ina ndearbhú cáilíochta institiúideach laistigh de ranguithe, nósanna imeachta agus critéir acadúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil obair fhíor-riachtanach á déanamh ag eagraíochtaí amhail Radio Free Europe/Radio Liberty, agus an daonlathas, iolrachas na meán agus rochtain ar fhaisnéis neodrach á gcur chun cinn acu; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, i gcás ina gcuirtear guth an daonlathais ar ceal, go bhfuil sé éasca don bholscaireacht i gcoinne luachanna daonlathacha ceannas a ghlacadh; á thabhairt chun suntais gur gá maoiniú comhsheasmhach na n-institiúidí sin a áirithiú, agus á iarraidh ar an Aontas dlús a chur le maoiniú na n-eagraíochtaí sin agus bearnaí taighde a d’fhéadfadh a bheith ann a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina gcónaí laistigh de thimpeallachtaí ina bhfuil leibhéil na saoirse acadúla srianta go hiomlán nó go mór, rud a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige don cheart chun oideachais, do theachtadh na dtairbhí a bhaineann le dul chun cinn eolaíoch agus don tsaoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh; ag tathant ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun stop a chur le cinsireacht, bagairtí nó ionsaithe ar an tsaoirse acadúil, agus go háirithe príosúnacht scoláirí ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na n-acadóirí atá i mbaol i Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosantóirí Chearta an Duine; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tacaíocht ardleibhéil leanúnach a áirithiú don Champas Domhanda um Chearta an Duine a chuir spás sábháilte ar fáil do mhic léinn agus do scoláirí arbh éigean dóibh teitheadh óna dtíortha as an daonlathas agus cearta an duine a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta na bpobal dúchasach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur oth léi go leanann pobail dhúchasacha de bheith ag tabhairt aghaidh ar idirdhealú agus géarleanúint fhorleathan agus chórasach ar fud an domhain, lena n-áirítear easáitiú éigeantach; ag cáineadh gabhálacha treallacha agus marú chosantóirí chearta an duine agus na talún a sheasann ar son chearta na bpobal dúchasach; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cearta na bpobal dúchasach agus a gcleachtais thraidisiúnta a chur chun cinn chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; ag tathant ar rialtais beartais forbartha agus chomhshaoil a shaothrú lena n-urramaítear cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, agus atá cuimsitheach do phobail dhúchasacha agus do phobail áitiúla, i gcomhréir le SFInna na Náisiún Aontaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Aontas Eorpach, ar a Bhallstáit agus ar a gcomhpháirtithe sa chomhphobal idirnáisiúnta na bearta uile is gá a ghlacadh chun cearta na bpobal dúchasach a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir lena dteangacha, a dtailte, a gcríocha agus a n-acmhainní, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, lena n-áirítear i ndáil le toiliú saor, roimh ré agus feasach; á iarraidh go ndéanfadh gach stát a áirithiú go gcuirfear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla san áireamh i bplé agus i bpróisis cinnteoireachta na taidhleoireachta aeráide idirnáisiúnta; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint ar aghaidh ag cur idirphlé agus comhar idir pobail dhúchasacha agus an Aontas Eorpach chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An ceart chun rannpháirtíocht phoiblí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nach n-urramaítear an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin shaora agus chóra i réimis fhorlámhacha, neamhliobrálacha agus ollsmachtacha; á thabhairt chun suntais go mbíonn toghcháin bhréige ag na réimis sin agus é mar aidhm leo a gcumhacht a dhaingniú, cionn is nach bhfuil fíoriomaíocht pholaitiúil ná fíor-iolrachas polaitiúil acu; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na treochtaí reatha sna próisis toghcháin, amhail an laghdú méadaitheach ar rannpháirtíocht toghcháin agus ar fheidhmíocht dhaonlathach nó na díospóidí atá ag dul i méid maidir le hinchreidteacht toghchán; á thabhairt chun suntais, agus é ina chúis mhór imní di, go bhfuil roinnt stát ag cur isteach níos mó ar thoghcháin tíortha eile trí oirbhearta hibrideacha; á athdhearbhú gur gá ionadaíocht pholaitiúil na mban, na ndaoine óga agus na ngrúpaí leochaileacha a mhéadú agus rannpháirtíocht phoiblí na mionlach a ráthú; á chur i bhfios go láidir gur féidir le mímhuinín sa phróiseas toghcháin a bheith níos measa ní hamháin mar gheall ar neamhrialtachtaí ach freisin mar gheall ar ráitis phoiblí, lena n-áirítear ó rannpháirtithe; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dearcadh an phobail ar an bpróiseas toghcháin chomh ríthábhachtach céanna leis an bpróiseas féin, ós rud é go bhféadfadh polarú nó ionsaithe spriocdhírithe a bheith mar thoradh ar ionramháil an phróisis sin; á iarraidh ar thíortha nach bhfuil san Aontas a n-iarrachtaí a threisiú chun gach céim dá bpróisis agus dá gcórais toghcháin faoi seach a chur in iúl go soiléir, chomh maith leis na sásraí cuntasachta atá ann cheana i gcás neamhrialtachtaí; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar a dtionscnaimh chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga (IS) i bpróisis toghcháin agus iad a thuairisciú don Pharlaimint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an duine, gnó agus trádáil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag leagan béim ar ról na trádála mar ionstraim shuntasach chun staid chearta an duine a chur chun cinn agus a fheabhsú i dtíortha comhpháirtíochta AE; ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhordú idir beartais trádála, infheistíochta agus forbartha AE agus tús áite a thabhairt d’fhorbairt chearta an duine agus í a chur chun cinn trí bheartais trádála AE, lena n-áirítear Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus; á thabhairt dá haire, áfach, gur beag feabhas a tháinig, má tháinig feabhas ar bith, i gcuid de na tíortha ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil freagrachtaí ar stáit agus ar ghníomhaithe eile, amhail corparáidí, chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, chun a n-iarmhairt dhiúltach ar chearta an duine a chosc agus chun beartais iomchuí a chur chun cinn i gcomhréir le hoibleagáidí um chearta an duine; á chur in iúl gur saoth léi na héifeachtaí díobhálacha atá ag roinnt gníomhaíochtaí gnó iomarcacha agus dúshaothraithe ar chearta an duine agus ar an daonlathas; á chur in iúl gur geal léi an comhchuibhiú a d’eascair as glacadh na Treorach maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáidí le rialacha ceangailteacha an Aontais maidir le hiompraíocht chorparáideach fhreagrach i ndáil le cearta an duine, cearta saothair agus cearta comhshaoil; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an Rialachán maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453).</FIELD></FOOTNOTE> agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go pras é ar leibhéal na mBallstát; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme moladh Ombudsman an Aontais maidir le tairseach láimhseála gearán a chruthú, faoi chuimsiú ionstraimí trádála agus airgeadais an Aontais, agus go ndéanfaí Pointe Iontrála Aonair an Choimisiúin a oiriúnú chun go bhféadfar gearáin a thíolacadh maidir le mainneachtain clásail maidir le cearta an duine a chomhlíonadh, ar cheart dóibh a bheith inrochtana, fabhrach do shaoránaigh agus trédhearcach; á iarraidh ar an Aontas Eorpach leanúint dá iarrachtaí deireadh a chur le saothar leanaí, agus le saothar éignithe agus saothar faoi bhanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta feabhsúcháin agus rochtana ar cheartas atá i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear bearta airgeadais agus neamhairgeadais i gcomhairle leis na híospartaigh; á iarraidh ar an gComhairle sainordú uaillmhianach a ghlacadh don Aontas Eorpach chun dul i mbun na caibidlíochta leanúnacha maidir le hionstraim NA atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le gnó agus cearta an duine a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur minic i roinnt mhaith réigiún ar domhan gurb iad na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) a thugann spreagadh do gheilleagair áitiúla agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mban atá á reáchtáil; á chur i bhfios go láidir gurb ionann MFBManna agus 90 % de ghnólachtaí, 60 % go 70 % den fhostaíocht agus 50 % den olltáirgeacht intíre ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá MFBManna ar a mhéid a rannchuidíonn siad le Clár Oibre 2030 agus leis na SFInna a bhaint amach, eadhon na spriocanna sin maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú agus dálaí oibre cuibhiúla do chách.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta an duine agus teicneolaíochtaí digiteacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag IS don daonlathas agus do chearta an duine, go háirithe mura ndéantar í a rialáil go cuí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le maoirseacht, trédhearcacht láidir agus coimircí iomchuí do theicneolaíochtaí nua agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine; á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle maidir le Taidhleoireacht Dhigiteach an 26 Meitheamh 2023 chun ról agus ceannaireacht an Aontais sa rialachas digiteach domhanda a neartú, go háirithe a sheasamh mar chruthaitheoir ar an leabhar rialacha digiteacha domhanda bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, gurb é is aidhm do ghlacadh Ghníomh an Aontais maidir leis an Intleacht Shaorga chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le IS chun cearta an duine a chosaint, agus ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag IS do dhea-bhail an duine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hiarmhairtí díobhálacha a bhaineann le mí-úsáid IS agus domhainbhrionnuithe, go háirithe do mhná agus do leanaí; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na héifeachtaí díobhálacha atá ag ‘tionscal an ábhair bhréige’ ar an gceart chun faisnéise agus saoirse an phreasa, lena n-áirítear forbairt thapa IS agus cumhachtú thionscal na bréagaisnéise ina dhiaidh sin<FOOTNOTE><FIELD> Tuairisceoirí gan Teorainneacha, ‘Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa 2023 – iriseoireacht faoi bhagairt ag tionscal an ábhair bhréige’ https://rsf.org/en/2023-world-press-freedom-index-journalism-threatened-fake-content-industry.</FIELD></FOOTNOTE>; ag cáineadh úsáid teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail teicneolaíocht aghaidh-aitheanta agus faireachas digiteach, mar ionstraimí comhéigneacha agus a n-úsáid chun ciapadh, imeaglú agus géarleanúint a dhéanamh ar CCDanna, gníomhaithe, iriseoirí agus dlíodóirí, atá ag méadú; á iarraidh ar an gComhairle go liostófaí faoi EUGHRSR gníomhaithe stáit agus neamhstáit atá i mbun na gcleachtas sin; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil forbairt thapa á déanamh ar IS i bhfeidhmeanna míleata, chomh maith leis an bhforbairt agus cur chun feidhme a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chórais uathrialacha a d’fhéadfadh cinntí a dhéanamh maidir le beatha nó bás gan ionchur ón duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mheabhrú gur sárú ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt í an trádáil idirnáisiúnta in earraí spiaireachta chuig tríú tíortha ina n-úsáidtear uirlisí den sórt sin i gcoinne gníomhaithe ar son chearta an duine, iriseoirí agus lucht cáinte rialtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh i mBealtaine 2024 Creatchoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga agus Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta, darbh aidhm a áirithiú go raibh na gníomhaíochtaí laistigh de thimthriall chórais IS go hiomlán comhsheasmhach le cearta an duine, an daonlathas agus an smachta reachta; á athdhearbhú gur gá aird reachtach níos mó a thabhairt ar na hathruithe móra a éiríonn ó ghníomhaíochtaí laistigh de shaolré chórais IS, a fhéadfaidh rathúnas an duine, folláine aonair agus shóisialta, forbairt inbhuanaithe, comhionannas inscne, agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile a chur chun cinn, ach a bhfuil an baol ag baint leo chomh maith go gcruthófar neamhionannais nó go gcuirfear leo agus go ndreasófar cibearfhoréigean agus foréigean fisiciúil, lena n-áirítear foréigean a fhulaingíonn mná agus daoine aonair i staideanna leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an t-idirlíon ina áit ina bhfuil forlámhas ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á mheas, mar sin féin, gur gá cearta daoine aonair a urramú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcás inarb infheidhme, gur cheart a mheas go bhfuil an méid a mheastar a bheith neamhdhleathach as líne, beidh sé neamhdhleathach ar líne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na ndúnadh idirlín; á thabhairt chun suntais gur minic a úsáideann réimis fhorlámhacha, i measc réimis eile, múchadh idirlín chun easaontas polaitiúil a chur ina thost agus chun srian a chur leis an tsaoirse pholaitiúil; á iarraidh go práinneach ar an Aontas Eorpach an feiniméan scáfar sin a chomhrac, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar chead a thabhairt do sholáthraithe atá bunaithe san Aontas Eorpach uirlisí cumarsáide sábháilte a thairiscint do dhaoine a bhfuil rochtain ar líne bainte díobh ar an gcaoi sin; ag tathant ar an Aontas Eorpach seasamh daingean a ghlacadh i gcoinne aon iarrachtaí ó ollchuideachtaí teicneolaíochta dul timpeall ar chórais dlí náisiúnta agus ar chinntí neamhspleácha cúirte nó an bonn a bhaint díobh, agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint agus bearta a chur chun feidhme chun sláine toghchán a choinneáil, chomh maith leis an gceart chun faisnéise a chosaint, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig an Uachtarán ar an 79ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuig Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cinn Toscaireachta an Aontais Eorpaigh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>