<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0060</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais 2026 – Roinn I – Parlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0048/2025 -  Rapóirtéir: Matjaž Nemec)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2025 ar mheastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2026 (2024/2111(BUI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus don dearbhú comhpháirteach a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 252.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2496/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘athbhreithniú CAI’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Nollaig 2020 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1195, 23.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1195/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 27 Feabhra 2024 le haghaidh dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6751, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6751/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (‘an Rialachán Airgeadais’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/31, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2025/31/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Ardrúnaí chuig an mBiúró maidir le réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024 a tharraingt suas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don réamhdhréacht de na meastacháin arna dtarraingt suas ag an mBiúró an 10 Márta 2025 de bhun Rialacha 25(7) agus 104(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dréachtmheastacháin arna dtarraingt suas ag an gCoiste um Buiséid de bhun Riail 104(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 104 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0048/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb ionann an buiséad a mhol an tArdrúnaí an 10 Feabhra 2025 do réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa do 2026 agus EUR 2 641 609 620 agus gurb ionann é sin agus méadú 4,30 % nó EUR 108 914 512 i gcomparáid le buiséad 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurbh ionann boilsciú bliantúil an Aontais agus 2,8 % i mí Eanáir 2025 de réir Eurostat, méadú ó 2,7 % i mí na Nollag 2024; de bhrí go bhfuil leibhéal an chaiteachais i gCeannteideal 7 de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 bunaithe ar mhéadú bliantúil 2 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbraitheann creidiúnacht Pharlaimint na hEorpa ar a cumas díriú ar a croí-obair bhuiséadach, reachtach agus ghrinnscrúdaithe ar an gcaighdeán is airde, agus ag an am céanna sampla a leagan síos <STRING ITALIC="on">vis-à-vis</STRING> institiúidí eile de chuid an Aontais chun a caiteachas a phleanáil agus a dhéanamh go stuama agus go héifeachtúil agus chun na réaltachtaí eacnamaíochta forleathana a léiriú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid Cheannteideal 7 sa CAI reatha; á mheabhrú go bhfuil na srianta sin mar thoradh ar na laghdaithe a chuir an Chomhairle i bhfeidhm ar an togra tosaigh ón gCoimisiún a bhí an-íseal cheana féin nuair a tháinig sí ar chomhaontú maidir le CAI reatha 2021-2027; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Chomhairle i gcoinne an togra ón gCoimisiún chun uasteorainn Cheannteideal 7 in athbhreithniú CAI a mhéadú ó 2024 ar aghaidh; á chur i bhfios nár tugadh aghaidh ar shaincheist uasteorainn Cheannteideal 7 in athbhreithniú CAI; á thabhairt chun suntais go nglactar leis an gcorrlach diúltach réamh-mheasta do 2026 go n-úsáidfear ionstraimí speisialta i gCeannteideal 7 chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formhuiniú an chomhaontaithe ar thángthas air san Idir-réiteach idir an Biúró agus an Coiste um Buiséid an 18 Márta 2025 chun an méadú ar bhuiséad 2025 a shocrú ag 4,09 %, arb ionann é agus leibhéal foriomlán meastachán de EUR 2 636 241 620 do 2026, agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a laghdú dá réir le haghaidh iomlán EUR 12 378 000:
</ACTION><ACTION>
1 0 0 6 — Liúntas caiteachais ghinearálta, 1 4 2 — Seirbhísí aistriúcháin sheachtraigh, 2 0 0 0 — Cíos, 2 0 0 7 — Tógáil foirgneamh agus feistiú áitreabh, 2 0 2 4 — Tomhaltas fuinnimh, 2 1 0 1 — Bainistiú feidhmchlár gnó, 3 2 0 — Fáil saineolais, 3 2 4 3 — Ionaid cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa, 3 2 4 8 — Caiteachas ar fhaisnéis chlosamhairc, 4 4 — Cruinnithe agus gníomhaíochtaí eile Feisirí reatha agus iar-Fheisirí;
</ACTION><ACTION>
thairis sin, cinneadh leibhéal caiteachais an réamhdhréachta den mheastachán a d’fhormheas an Biúró an 10 Márta 2025 a mhéadú EUR 7 010 000 agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a mhéadú dá réir:
</ACTION><ACTION>
1 2 0 0 — Luach saothair agus liúntais, 1 6 3 0 — Leas sóisialta: caiteachas leasa shóisialta, 4 0 0 — Caiteachas riaracháin reatha agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí polaitiúla agus faisnéise na ngrúpaí polaitiúla agus na bhFeisirí neamhcheangailte, agus 4 0 3 — Cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
ar deireadh, comhaontaíodh modhnú a dhéanamh ar na barúlacha buiséadacha maidir le mír 1 6 3 0 — Leas sóisialta: caiteachas leasa chun an tagairt don Choiste CPC a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil nach mór dhá thrian den bhuiséad socraithe ag oibleagáidí reachtúla; ag tabhairt dá haire, as an méadú EUR 103,5 milliún i gcomparáid le buiséad 2025, gur oibleagáidí airgeadais reachtúla is cúis le méadú EUR 85,3 milliún, go príomha le haghaidh nuashonruithe tuarastail oifigeach agus foirne sealadaí (EUR 52,7 milliún), gníomhairí ar conradh (EUR 9,2 milliún) agus cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (EUR 15,1 milliún); á mheabhrú go bhfuil réamhaisnéisiú déanta ag an gCoimisiún ar an innéacsú tuarastail, i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, do mhí Aibreáin 2025, do mhí Iúil 2025, do mhí Aibreáin 2026 agus do mhí Iúil 2026 agus go bhfuil an réamhaisnéisiú sin faoi láthair ag 1,2 %, 4,6 %, 0,6 % agus 3,4 % faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach n-iarrann Parlaimint na hEorpa aon phoist bhreise do 2026, an tríú bliain as a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann an méadú ar chaiteachas neamhreachtúil idir 2025 agus 2026 agus 1,96 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón Ardrúnaí chun mórchleachtadh scagtha a dhéanamh atá dírithe ar dheiseanna a shainaithint le haghaidh simpliú riaracháin, deireadh a chur le neamhéifeachtúlachtaí agus laghduithe inláimhsithe ar chostais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin éifeachtúlacht a mhéadú agus úsáid chliste acmhainní a áirithiú; á iarraidh ar an Ardrúnaí nuashonruithe seimeastair a chur ar fáil don Choiste um Buiséid maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh agus maidir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Simpliú chomh maith lena dtionchar ó thaobh buiséid agus foirne de; á chur i bhfios go láidir gur ualach trom ar na Feisirí iad nósanna imeachta riaracháin agus bainistiú acmhainní daonna, go háirithe agus cúntóirí áitiúla á bhfostú acu, agus á iarraidh go ndéanfaí simpliú ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheart buiséad Pharlaimint na hEorpa a bhunú ar bhonn réalaíoch, i gcomhréir le prionsabail an smachta bhuiséadaigh agus na bainistíochta fónta airgeadais; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go leanfaidh stuamacht airgeadais agus slándáil de bheith ina bpríomhthosaíochtaí agus a ráthú ag an am céanna nach gcuirfidh na bearta sin bac ar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus acmhainneacht oibríochtúil na hinstitiúide agus a foirne riachtanaí agus iad i mbun a ndualgas go rathúil; á chur i bhfáth, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil agus na n-infheistíochtaí a bheidh ar an Aontas a dhéanamh dá uathriail straitéiseach, nach mór do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt i mbainistiú a bhuiséid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais ról Pharlaimint na hEorpa maidir le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhorbairt agus luachanna agus beartais an Aontais amhail an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha iad an trédhearcacht, an chuntasacht, an comhionannas inscne agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais agus go háirithe Parlaimint na hEorpa mar theach de dhaonlathas na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhfheidhmeanna Pharlaimint na hEorpa a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh ceithre Ard-Stiúrthóireacht théamacha nua i mí Mheán Fómhair 2024, atá freagrach as gníomhaíochtaí reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe, ón Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha a bhí ann roimhe seo, chun feidhmiú Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir, mar bhrainse amháin den údarás buiséadach, agus mar údarás um urscaoileadh a fheabhsú; á iarraidh ar an Ardrúnaí nuashonruithe rialta a chur ar fáil don Choiste um Buiséid maidir le forbairt na hoibre agus na foirne sna hArd-Stiúrthóireachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le níos mó cinnteoireachta polaitiúla bunaithe ar fhianaise agus ar fhíorais; ag tabhairt dá haire gur ann do bhuiséad EUR 16,75 milliún chun cumas riaracháin Pharlaimint na hEorpa a neartú chun tacú leis na Feisirí ina n-obair pharlaiminteach agus chun a cumas dul i ngleic le castacht agus éiginnteacht a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag grúpaí polaitiúla maidir le saineolas agus tacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil d’Fheisirí ina gcuid oibre reachtaí agus parlaimintí; á chur i bhfios go láidir gur gá an cuspóir tábhachtach a áirithiú maidir le hacmhainneacht Pharlaimint na hEorpa a neartú chun tacú le hobair na bhFeisirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aistriú digiteach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhthosaíocht í cibearshlándáil Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt dá haire gurb ionann an buiséad foriomlán TF agus 7,40 % den bhuiséad iomlán i meastacháin 2026; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bonneagar fónta cibearshlándála in amanna suaiteacha geopholaitiúla agus á chur in iúl gur geal léi an méadú ar na leithreasuithe atá tiomnaithe don chibearshlándáil; ag tacú leis an méadú de réir a chéile atá beartaithe ar na leithreasuithe airgeadais cibearshlándála go 10 % de bhuiséad TFC Pharlaimint na hEorpa faoi 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Biúró an Creat maidir le creat inmheánach bainistíochta rioscaí, rialachais agus rialaithe cibearshlándála an 10 Feabhra 2025; á mheabhrú go bhfuil infheistíochtaí sa chibearshlándáil ríthábhachtach chun guth daonlathach Pharlaimint na hEorpa agus an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi infheistíochtaí EUR 1 mhilliún san Intleacht Shaorga (IS); á iarraidh go méadófaí úsáid IS chun éifeachtúlachtaí a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar na rioscaí gaolmhara, lena n-áirítear eitic agus cosaint sonraí; ag cur béim ar acmhainneacht IS próisis riaracháin a chuíchóiriú; á chur i bhfáth nach mór d’úsáid IS cothromaíocht a bhaint amach idir an nuálaíocht agus na coimircí is gá; ag tabhairt dá haire go ndéanfar dlúthfhaireachán ar fhorbairt IS i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an mBiúró, lena n-áirítear, i measc nithe eile, measúnú riosca críochnúil agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí nua; á iarraidh ar an Rúnaíocht réitigh a chur ar fáil, amhail feidhmchláir agus uirlisí, a chuirfear ar fáil do na Feisirí agus don fhoireann a luaithe is féidir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An t-aistriú glas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi spriocanna chóras bainistíochta comhshaoil (EMAS) Pharlaimint na hEorpa do 2025-2029; á mheabhrú gur modh maith iad infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh chun luach ar airgead a bhaint amach; ag cur sonrú sa bhuiséad EUR 8,45 milliún le haghaidh infheistíochtaí ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an gcomhshaol i meastacháin 2026 chun feidhmíocht chomhshaoil a foirgneamh a fheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire go gcomhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 74 % i gcomparáid le buiséad 2025; á aithint, áfach, go bhfuil na gníomhaíochtaí comhshaoil sin mar chuid de líne bhuiséid 2007 ‘Foirgnimh a thógáil agus áitribh a fheistiú’ ar tháinig laghdú EUR 3,7 milliún ar a móriomlán in 2026 i gcomparáid le 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag meabhrú gurb é iompar daoine is siocair le beagnach dhá thrian de lorg carbóin Pharlaiminte na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí laghdú réasúnta ar thaisteal do chruinnithe is féidir a sheoladh go héifeachtach go cianda nó i modh hibrideach agus aistriú chuig roghanna malartacha ísealcharbóin a chur chun cinn do gach taisteal atá fágtha, a mhéid nach ndéanann sé sin difear do cháilíocht na hoibre reachtaí agus polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur sonrú sa mhéadú réamh-mheasta ar phraghsanna creidmheasanna carbóin, go mbeadh gá measta EUR 900 000 le haghaidh 2026 leis na leibhéil astaíochtaí atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an riarachán leanúint de laghdú a dhéanamh, i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais, ar astaíochtaí Pharlaimint na hEorpa maidir le creidmheasanna carbóin a cheannach; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach tairiscint fheabhsaithe traenach do mhisin go Strasbourg amhail ó mhí Iúil 2025, mar chéim dhearfach i dtreo astaíochtaí CO2 a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil painéil ghréine fhótavoltacha suiteáilte ag Parlaimint na hEorpa, agus go bhfuil cinn eile á suiteáil aici go fóill, chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair a mhéadú tuilleadh chun sprioc 25 % a bhaint amach; ag cur sonrú sna freagraí a thug an tArdrúnaí ar mheastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2024 ina léirítear go ndearnadh staidéar ar úsáid painéal fótavoltach d’fhoirgnimh Strasbourg in 2022 agus gur tugadh chun críche é in 2023 agus go raibh staidéir bhreise le déanamh in 2024 ar réitigh inmharthana, go háirithe d’fhoirgneamh WEISS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ilteangachas, cumarsáid agus bréagaisnéis</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur príomhphrionsabal é an t-ilteangachas ar a bhfuil obair Pharlaimint na hEorpa bunaithe; ag cur sonrú san athbhreithniú ar an gCód Iompair maidir leis an Ilteangachas atá beartaithe d’earrach 2025; á iarraidh, i gcás inarb iomchuí, go mbainfeadh Parlaimint na hEorpa leas as éabhlóidí móra teicneolaíochta i seirbhísí a bhaineann leis an ilteangachas, lena n-áirítear forbairt agus úsáid IS; á iarraidh ar an Ardrúnaí an Coiste um Buiséid a chur ar an eolas go tráthúil maidir le haon tionchair bhuiséadacha tar éis an athbhreithnithe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) maidir le trasnaíocht eachtrach agus bréagaisnéis a chomhrac; ag cur sonrú, ina leith sin, in obair EPLOnna lena ndéantar obair Pharlaimint na hEorpa a chur chun cinn go réamhghníomhach ina dteangacha áitiúla ar fud bealaí éagsúla; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag EPLOnna sa Ríocht Aontaithe mar an príomhphointe teagmhála do náisiúnaigh an Aontais atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear faisnéis ar fáil dóibh faoi Pharlaimint na hEorpa agus lena spreagtar iad chun vótáil sna toghcháin Eorpacha; á iarraidh ar an mBiúró táirgeadh agus scaipeadh ábhar cumarsáide a leathnú ar bhealach inrochtana agus cuimsitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú i ráta íseal rannpháirtíochta daoine óga sna toghcháin Eorpacha le déanaí i roinnt réigiún den Aontas agus ról Pharlaimint na hEorpa maidir le hoideachas saoránachta AE a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá clár Scoileanna Ambasadóra Pharlaimint na hEorpa chun rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn i measc Eorpaigh óga agus an chláir oiliúna d’iriseoirí óga a ainmnítear in onóir David Sassoli chun an tuiscint ar an Aontas agus ar a fheidhmiú i measc iriseoirí a neartú, mar an frithnimh is fearr i gcoinne na bréagaisnéise, i bhfianaise na dtreochtaí a bhí ann le déanaí lena léirítear meath, ar ábhar imní é, ar shaoirse agus neamhspleáchas na meán ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá grúpaí cuairteoirí mar uirlis thábhachtach chun saoránaigh a nascadh le hobair na bhFeisirí; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an méadú ar na huasteorainneacha agus ar na tosca costais chun an ranníocaíocht airgeadais le cuairteoirí urraithe a ríomh amhail ón 1 Eanáir 2025; á iarraidh ar an mBiúró measúnú a dhéanamh ar thionchar na rialacha athbhreithnithe a bhaineann le grúpaí cuairteoirí i ndáil le costais taistil agus luaineacht sa mhargadh á cur san áireamh agus idirdhealú geografach indíreach do chuairteoirí a sheachaint; ag tabhairt dá haire nach bhfuil thart ar 15 % den chuóta do chuairteoirí á úsáid go stairiúil ag Feisirí; á iarraidh ar an Ardrúnaí a mholadh don Bhiúró go ndéanfaí an cuóta nár úsáideadh a chur ar fáil d’Fheisirí leasmhara; ag tabhairt dá haire gurb ionann an buiséad do ghrúpaí cuairteoirí agus 22 % de bhuiséad foriomlán Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag cur suntas, agus iad ina n-ábhar imní di, sna rialacha inmheánacha lena rialaítear grúpaí cuairteoirí Feisirí, rialacha a fhágann go gcaithfidh Cúntóirí Parlaiminteacha Creidiúnaithe (CPCanna) 30 % de na costais tosaigh a thabhú in imthosca áirithe; ag cur béim ar dhofheidhmitheacht na rialacha sin agus ar an ualach airgeadais a chuireann siad sin ar CPCanna; ag cur sonrú sna freagraí a thug an tArdrúnaí ar mheastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2024 maidir le réasúnaíocht an chur chuige dhá chéim; á chur in iúl go dtuigeann sí an réasúnaíocht ach ag cur béim ar na dúshláin mhéadaitheacha a bhaineann leis sin do APAnna, go háirithe leis an aistriú leanúnach i dtreo rialacha níos déine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil timpeallacht na cumarsáide ag éirí níos dúshlánaí agus go bhfuil an iliomad bealaí inar cheart cumarsáid pholaitiúil a dhéanamh, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh in ardáin éagsúla na meán sóisialta agus i meáin eile; á chur i bhfios go láidir gur gá do na grúpaí polaitiúla a dteachtaireacht a chur in iúl agus a léiriú ar fud na mBallstát uile mar phríomhphrionsabal de dhaonlathas Eorpach dea-fheidhmiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint an chur chuige nua a bhaineann le foirgnimh, cur chuige trína bhfuil Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh tréimhse fála, tar éis dul isteach i ré comhdhlúthaithe foirgneamh, agus inbhuanaitheacht, inrochtaineacht agus soghluaisteacht na bhFeisirí agus na foirne á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-áirítear EUR 4 mhilliún i meastacháin 2026 do staidéir agus d’oibreacha ullmhúcháin an chonraitheora a bhaineann le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK agus go meastar gurb ionann na costais fhoriomlána agus EUR 36 mhilliún; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, nach n-áirítear EUR 32 mhilliún de chostais a bhaineann le hathchóiriú fhoirgneamh SPAAK i meastacháin 2026; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an Ardrúnaí na costais sin a chumhdach trí aistriú fuílleach nó trí úsáid iasachta; á iarraidh ar an Ardrúnaí faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil don Choiste um Buiséid maidir le hiasacht a d’fhéadfaí a fháil chun na costais sin a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 272 (6) den Rialachán Airgeadais, a luaithe is féidir chomh maith le pleanáil iomlán na n-oibreacha lena n-áirítear pleanáil na gcostas; á áitiú gur cheart costais nach bhfuil nasctha go díreach leis na hoibreacha athchóirithe a liostú go soiléir agus a bhuiséadú freisin; ag tabhairt dá haire, amhail ó mhí na Nollag 2024, gurb ionann costais dhíreacha thionscadal SPAAK agus EUR 14,12 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi treoirthionscadal AS INLO arb é is aidhm dó <STRING ITALIC="on">legionella</STRING> a bhaint de chóras sláintíochta píblíne Pharlaimint na hEorpa agus á thabhairt chun suntais gurb é an t-aon bhealach éifeachtach chun leathadh breise <STRING ITALIC="on">legionella</STRING> a chomhrac ná teocht an uisce laistigh de na píblínte a thabhairt go 55 céim Celsius ar feadh tréimhse theoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe EUR 11,45 milliún a infheistiú in Europa Experiences in 2026; ag tabhairt dá haire gur chinn an Biúró i mí na Samhna 2024 athbhreithniú a dhéanamh ar choincheap Europa Experience agus ag dréim leis go mbeidh an coincheap athbhreithnithe níos costéifeachtúla agus níos tarraingtí do chuairteoirí; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon Europa Experiences fós i mBúcairist, i Ríge, i Maidrid, i Liospóin, sa Niocóis, i Vaileite ná i Vilnias; á iarraidh go mbunófaí Europa Experiences i ngach Ballstát a luaithe a bhunófar coincheap athbhreithnithe; á mheabhrú gur cheart go gcuirfeadh Europa Experiences ar chumas na saoránach tuiscint níos fearr a bheith acu ar fheidhmiú an Aontais agus foghlaim faoinár gcomhluachanna; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur dlúthchuid de rannpháirtíocht leanúnach Pharlaimint na hEorpa le saoránaigh an Aontais iad Europa Experience;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil gá le maoiniú breise chun oifigí Pharlaimint na hEorpa a oscailt sa Mholdóiv agus sna Balcáin Thiar, ós rud é go mbunófaí iad sin laistigh d’áitreabh SEGS; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá láithreacht Pharlaimint na hEorpa sna tíortha sin mar chomhartha ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus mar chomhartha ar thiomantas Pharlaimint na hEorpa don phróiseas aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag cur sonrú i bhfoirceannadh luath an chonartha le soláthraí na Naíolann Wayenberg a bhí ann roimhe sin tar éis roinnt líomhaintí tromchúiseacha i gcoinne an chonraitheora; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú le soláthraí nua lena bhforáiltear do dhálaí oibre níos fearr d’fhoireann naíolainne agus do cháilíocht níos fearr na seirbhíse do na leanaí; á aithint, áfach, go bhfuil méadú ar an mbuiséad is gá chun na críche sin mar thoradh air sin, ach ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, i gcás inarb ábhartha, tús áite a thabhairt do dhálaí oibre cuibhiúla d’fhoireann sheachtrach i soláthar poiblí Pharlaimint na hEorpa mar ábhar prionsabail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le seomraí altranais ardcháilíochta in áitribh Pharlaimint na hEorpa agus á iarraidh ar na seirbhísí inniúla na saoráidí reatha a uasghrádú ó thaobh trealaimh, spáis agus inrochtaineachta de chun iad a dhéanamh fabhrach do leanaí; á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair ar an ngá atá le seomra teaghlaigh laistigh d’áitreabh shuíochán Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, do leanaí Feisirí nach bhfuil buanáit chónaithe acu sa Bhruiséil, rud a bheadh ar aon dul leis na socruithe in Strasbourg;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata, arna glacadh ar an leibhéal Iomlánach roinnt uaireanta, go ndéanfadh na comhlachtaí ábhartha machnamh ar réiteach lena gcuirfí ar chumas na bhFeisirí a gceart vótála a fheidhmiú go cianda, le linn dóibh tairbhe a bhaint as saoire mháithreachais nó atharthachta, le linn breoiteacht fhadtéarmach dheimhnithe, agus leas á bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime maidir le gnéithe teicniúla an mhodha vótála sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an Ardrúnaí béim a leagan ar an mbunphrionsabal gur cheart an earcaíocht uile a bheith bunaithe ar inniúlacht, agus cothromaíocht gheografach i measc na mBallstát uile á háirithiú ag an am céanna ar gach leibhéal foirne; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa a hinniúlacht for-rochtana féin a fhorbairt, agus é d’aidhm aici iarrthóirí ar ardchaighdeán atá de dhíth ar Pharlaimint na hEorpa a mhealladh chuig comórtais, i dtéarmaí próifíle, aoise, inscne agus náisiúntachta agus go háirithe ó thíortha atá faoi ghannionadaíocht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach ionadaíocht chothrom gheografach a bhaint amach chun fíorsheirbhís phoiblí Eorpach a chothú; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta déanta go comhsheasmhach ag Parlaimint na hEorpa chun tacú leis an gcuspóir sin, lena n-áirítear comórtais a bhaineann go sonrach le náisiúntacht a eagrú agus cur chuige roghnúcháin dian atá bunaithe ar fhiúntas á choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chreidiúint gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, mar fhostóir agus mar institiúid phoiblí araon; á chur in iúl gur geal léi beartas Pharlaimint na hEorpa arb é is aidhm dó a áirithiú go mbainfidh daoine faoi mhíchumas úsáid iomlán neamhspleách as foirgnimh Pharlaimint na hEorpa agus go dtacóidh sé le bearta agus le hoiriúnuithe breise a bheidh riachtanach i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear EUR 3,7 milliún sa bhuiséad chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh suíomh aonair Pharlaimint na hEorpa na costais airgeadais agus chomhshaoil a laghdú; á mheabhrú, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach, go mbeidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg; á thabhairt dá haire go n-éileodh athruithe buana athrú ar an gConradh a mbeadh gá le haontoilíocht ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann speansais mhisin na bhFeisirí agus na foirne agus EUR 116 mhilliún i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh ar chomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa machnamh a dhéanamh ar chleachtais mhisin agus athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha agus cleachtais mhisin agus é mar aidhm fhoriomlán leo leanúint d’fheabhas a chur ar chineál na misean agus na costais ghaolmhara airgeadais agus chomhshaoil a laghdú tuilleadh; ag spreagadh na bhFeisirí roghanna malartacha iompair ísealcharbóin a úsáid agus ag moladh úsáid fhreagrach agus thomhaiste a bhaint as roghanna eitiltí ar an luach is fearr, agus tosaíocht a thabhairt do thaisteal traenach i gcás inar rogha inmharthana é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhforáiltear le hAirteagal 46(2) de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa go bhféadfaí costais bhreise atá nasctha leis na buiséid um chúnamh parlaiminteach a mhaoiniú le leithreasuithe óna Liúntas Caiteachais Ghinearálta (GEA); á iarraidh ar riarachán Pharlaimint na hEorpa na bearta is gá a dhéanamh chun a chur ar chumas na bhFeisirí ar mian leo déanamh amhlaidh a GEA a úsáid chun costas mhisin APA a chumhdach; á thabhairt chun suntais go dtabharfadh beart den sórt sin aghaidh ar chostais mhéadaitheacha in oifigí na bhFeisirí agus go mbeadh sé neodrach ó thaobh an bhuiséid de ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an mBiúró gan innéacsú a dhéanamh ar an GEA agus gan GEA a dheonú d’iar-Fheisirí, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí coigilteas suntasach a dhéanamh ar na costais reachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>Á iarraidh ar an mBiúró na rialacha a athbhreithniú agus tréimhse mharana a thabhairt isteach d’iar-Fheisirí ar lena linn nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí brústocaireachta nó ionadaíochta leis an bParlaimint atá comhionann leis an am ar lena linn a fhaigheann na Feisirí liúntas idirthréimhseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú gur vótáil an Pharlaimint go comhsheasmhach sa Seisiún Iomlánach ó 2018 i leith chun breithniú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an toirmeasc foriomlán ar APAnna a bheith rannpháirteach i dtoscaireachtaí oifigiúla agus i misin oifigiúla; á chur in iúl gur oth léi nach raibh  cinntí ó Chomhdháil na nUachtarán ó mhí an Mhárta 2025 maidir leis na Forálacha cur chun feidhme lena rialaítear na misin lasmuigh de thrí ionad oibre Pharlaimint na hEorpa; á mheabhrú gur vótáil an Pharlaimint go comhsheasmhach sa Seisiún Iomlánach ó 2018 i leith chun breithniú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an toirmeasc foriomlán ar APAnna a bheith rannpháirteach i dtoscaireachtaí oifigiúla agus i misin oifigiúla; á chur in iúl gur oth léi nach raibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair Choiste CPC a dhéanann ionadaíocht ar thart ar 2 000 CPC, a bhfuil a gcuid oibre ríthábhachtach d’oibriú rianúil ghníomhaíochtaí laethúla an Fheisire; ag tabhairt dá haire go bhfuil EUR 10 000 curtha ar leataobh chun go gcomhlíonfaidh Coiste CPC a ról agus chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú chun tacú go héifeachtach le CPCanna agus chun ionadaíocht cheart a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú eisceachtúil 10 % ar scoláireachtaí do gach oiliúnaí in 2026, arna bhuiséadú do EUR 1 mhilliún in 2026 chun cabhrú leo déileáil le costais tithíochta atá ag dul i méid sa Bhruiséil agus i Lucsamburg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag dréim leis ndéileálfaidh na comhlachtaí freagracha le hiarrataí arna vótáil ag an Seisiún Iomlánach mar ábhar ardtosaíochta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag glacadh na meastachán don bhliain airgeadais 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na meastacháin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>