<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0067</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0077/2025 -  Rapóirtéir: Pascale Piera)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron (2024/2047(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petr Bystron, faighte trí litir dar dáta an 27 Lúnasa 2024 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh ó Ionchúisitheoir Poiblí München an 23 Iúil 2024, i dtaca le himeachtaí coiriúla atá ar bun ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Petr Bystron an 13 Feabhra 2025, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, an 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0077/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir Poiblí München go ndéanfaí díolúine Petr Bystron, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh i dtaca leis na cúisimh a tugadh ina choinne de bhun Airteagal 108e(1), Airteagal 261(1), pointe (2), Airteagal 261(7), Airteagal 263(1) agus Airteagal 263(3), pointe (1), de Chód Coiriúil na Gearmáine, Airteagal 370(1) de Chód Cánach Ginearálta na Gearmáine agus Airteagal 53 de Chód Coiriúil na Gearmáine, a bhaineann le cionta líomhnaithe de shé scór ar a laghad d’éilliú éighníomhach, sciúradh airgid agus calaois, agus de chúig scór ar a laghad d’imghabháil cánach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go sonraítear san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, ó thráth neamhchinnte in 2020, go bhféadfadh, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, go bhfuair Petr Bystron íocaíochtaí airgid thirim de láimh nó go bhfuair sé aistrithe criptea-airgeadra ó oibreoir an tsuímh gréasáin ‘<STRING ITALIC="on">Voice of Europe’</STRING> atá ar son na Rúise i gcomaoin a ghealltanais labhairt agus vótáil, mar chomhalta den pharlaimint náisiúnta, ar mhaithe le Rialtas na Rúise; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron méideanna suntasacha a thaisceadh in UMB an 17 agus an 20 Márta 2023 i gcuntas ar leis an gcuideachta é arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é; de bhrí go líomhnaítear gur aistarraing sé, an 20 Márta 2023, an méid céanna in ainmníocht EUR 200 ó UMB de chuid an bhainc chéanna; de bhrí, mar fhreagra ar iarraidh ón mbanc, go líomhnaítear nár thug Petr Bystron aon mhíniú ar an gcúis leis na gluaiseachtaí amhrasacha sin; de bhrí, as na breabanna líomhnaithe a fuair sé in airgead tirim, gur thaisc Petr Bystron roinnt suimeanna chomh maith in Iúil 2021, in Aibreán agus Meán Fómhair 2022, agus i Meitheamh agus Iúil 2023; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron iarracht tionscnamh an airgid thirim a cheilt; de bhrí go bhfuil taifid idirbhirt ag Ionchúisitheoir Poiblí München ar chuntais uile Petr Bystron agus ar an gcuideachta sin, arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é, ó 2020 ar aghaidh; de bhrí go líomhnaítear go bhfágfadh sin go mbeadh sé dodhéanta breis íocaíochtaí in airgead tirim a bhrath agus déanamh amach go raibh breabanna a líomhnaítear a fuair sé tráth níos luaithe ann i ndáiríre;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i roinnt pléití de chuid na parlaiminte náisiúnta, a raibh Petr Bystron ina chomhalta di tráth na bhfíoras líomhnaithe, ar cheisteanna a bhaineann leis an Rúis, go líomhnaítear gur vótáil sé, ó 2022 i leith, sa tslí is fabhraí do leasanna rialtas na Rúise agus go líomhnaítear gur thug sé dhá óráid ar a laghad os comhair Bundestag na Gearmáine inar chosain sé seasamh ar son na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear go ndearna Petr Bystron, a bhí i dteideal liúntas ar ráta comhréidh, faoi Dhlí na Gearmáine maidir le Comhaltaí na Parlaiminte, a bhí beartaithe, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, chun foireann a earcú, go líomhnaítear go ndearna sé conradh fostaíochta lena dhlíodóir i nDeireadh Fómhair 2021 agus go ndearna sé cúig leasú ar an gconradh sin, agus am oibre seachtainiúil agus tuarastal míosúil a dhlíodóra á leasú ag gach ceann acu; de bhrí nach bhféadfar an liúntas ar ráta comhréidh a úsáid ach amháin má tá nasc leordhóthanach ag an gcuspóir beartaithe nó ag na gníomhaíochtaí lena mbaineann le feidhmiú an tsainordaithe; de bhrí go líomhnaítear nár bhain an obair a rinneadh faoin gconradh sin le feidhmiú an tsainordaithe pharlaimintigh nó nach ndearnadh an obair a rabhthas ag súil léi, ach go líomhnaítear gur íocadh luach saothair mar sin féin mar thoradh ar an ngníomhaire inniúil a bheith curtha ar míthreoir; de bhrí go líomhnaítear gurbh ionann an íocaíocht sin agus damáiste €97 400,00 do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, sna blianta airgeadais 2017 go 2021, go líomhnaítear gur chuir Petr Bystron, trí chomhairleoir cánach na cuideachta arb é an t-aon scairshealbhóir agus bainisteoir uirthi é, tuairisceáin CBL mhíchearta faoi bhráid údaráis chánach München, ina raibh caiteachas príobháideach nach raibh aon bhaint aige le gníomhaíocht tráchtála na cuideachta sin; de bhrí, mar thoradh ar an bhfaisnéis mhícheart sin sna tuairisceáin CBL, go líomhnaítear go ndearnadh aisíocaíocht neamhdhlite CBL dar luach €9 949 17 san iomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur toghadh Petr Bystron chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 sa Ghearmáin agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim a thug Petr Bystron ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">‘(2) 	I gcás cion atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í le linn dó nó di an cion a dhéanamh nó le linn an lae dár gcionn.</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(4)</SYMBOL>Déanfar aon imeachtaí coiriúla nó aon imeachtaí faoi Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, agus aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse pearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;</ITEM></LIST>
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Petr Bystron a tharscaoileadh
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chun údaráis inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chun Petr Bystron.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>