<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0068</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Petras Gražulis a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0078/2025 -  Rapóirtéir: Pascale Piera)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Petras Gražulis (2024/2089(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarraidh ó Phríomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Liotuáine an 16 Meán Fómhair 2024 ar tharscaoileadh dhíolúine Petras Gražulis i dtaca le himeachtaí coiriúla a bhfuil baint aige leo, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 24 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Petras Gražulis an 18 Márta 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht Phoblacht na Liotuáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0078/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur iarr Príomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Liotuáine, i litir dar dáta an 16 Meán Fómhair 2024, go ndéanfaí díolúine Petras Gražulis a tharscaoileadh, i dtaca le cion líomhnaithe faoi Airteagal 170(2) de Chód Coiriúil Phoblacht na Liotuáine, eadhon fonóid a dhéanamh go poiblí faoi ghrúpa daoine agus dímheas a tharraingt orthu mar gheall ar a ngnéaschlaonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear san iarratas go gcuirtear i leith Petras Gražulis go ndearna sé fonóid faoi ghrúpa daoine go poiblí, iad a dhíspeagadh agus uirísliú, agus gur léirigh sé a dhímheas orthu mar gheall ar a ngnéaschlaonadh agus é i ndorchlaí Seimas Phoblacht na Liotuáine (an pharlaimint) (‘an Seimas’ anseo feasta) an 26 Bealtaine 2022, ag deireadh an Seimas ina shuí ar chlárú comhpháirtíochtaí sibhialta, i gcomhthéacs plé le fear ceamara, a ndearna na meáin é a scannánú agus a chraoladh; de bhrí go dtéann an cion a bhfuil Petras Gražulis, a bhí ina chomhalta den Seimas ansin, á chúiseamh ann siar go 2022; de bhrí go ndearnadh an t-imscrúdú réamhthrialach in 2022 agus 2023, agus gur tarchuireadh an cás chuig Cúirt Réigiúnach Vilnias i mí Eanáir 2024; de bhrí go raibh díolúine ag Petras Gražulis an tráth sin mar chomhalta den Seimas, ach an 16 Samhain 2023 gur thug an Seimas a thoiliú d’imeachtaí coiriúla ina choinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Petras Gražulis chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar tharscaoileadh a dhíolúine le tuairim a thug Petras Gražulis ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear an méid seo le hAirteagal 62 de Bhunreacht Phoblacht na Liotuáine: ‘Beidh Comhalta den Seimas, ina phearsa féin, dosháraithe. Ní fhéadfar Comhalta den Seimas a chur faoi dhliteanas coiriúil, a ghabháil, ná a shaoirse a shrianadh ar shlí eile gan toiliú an Seimas. Ní fhéadfar géarleanúint a dhéanamh ar Chomhalta den Seimas as a vóta ná as a óráidí ag an Seimas. Féadfar, áfach, é a chur faoi dhliteanas, faoin ngnáthnós imeachta, i leith masla pearsanta nó clúmhilleadh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Petras Gražulis a tharscaoileadh
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Liotuáine agus chuig Petras Gražulis.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>