<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0069</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0081/2025 -  Rapóirtéir: Dainius Žalimas)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun (2024/2102(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun ó Phríomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne, dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2024, lena dtarchuirtear iarraidh arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i dtaca le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne Grzegorz Braun, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 14 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhíoras go meastar gur dhiúltaigh Grzegorz Braun dá cheart chun éisteachta faoi Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0081/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2024, gur tharchuir Príomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne iarraidh ar dhíolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh, arna tíolacadh ag Oifig an Ionchúisitheora Réigiúnaigh i Vársá, i ndáil le roinnt cionta líomhnaithe a tharla in 2022 agus in 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 1 Márta 2022, i bhfoirgneamh na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta – Institiúid Taighde Stáit, go líomhnaítear gur sháraigh Grzegorz Braun sláine coirp oifigigh phoiblí a bhí ag gníomhú ina cháil mar Stiúrthóir ar an Institiúid Náisiúnta Cairdeolaíochta, le linn don oifigeach poiblí sin dualgais oifigiúla a chomhlíonadh agus i dtaca leis sin; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí líomhnaithe agus cion faoi Airteagal 222(1) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 191(1) de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, an 1 Márta 2022, go líomhnaítear gur mhaslaigh Grzegorz Braun Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta, le linn don oifigeach poiblí sin dualgais oifigiúla a chomhlíonadh agus i dtaca leis sin, trí líomhaintí a dhéanamh ina choinne agus trí na himeachtaí a shruthú ar an idirlíon, a líomhnaítear a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlú poiblí an oifigigh agus a d’fhágfadh go gcaillfeadh sé an mhuinín ba ghá a cuireadh ann chun a ról mar Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta Cairdeolaíochta a chomhlíonadh agus gairm an dochtúra a fheidhmiú; de bhrí gurb ionann na gníomhaíochtaí líomhnaithe agus cion faoi Airteagal 226(1) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 212(1) agus (2) de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, an 27 Eanáir 2023, go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun damáiste do chrann Nollag agus gur scrios sé maisiúcháin ba mhaoin de chuid dhá chomhlachas Pholannacha a raibh a n-oifigí i bhfoirgneamh na Cúirte Réigiúnaí in Kraków, agus de bhrí gur cion faoi Airteagal 288(1) de Chód Coiriúil na Polainne é an damáiste sin a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, an 30 Bealtaine 2023, ag ceanncheathrú Institiúid Stairiúil na Gearmáine i Vársá, go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun damáiste do mhaoin ba le hInstitiúid Stairiúil na Gearmáine, ar cion é faoi Airteagal 288(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, an 30 Bealtaine 2023, go líomhnaítear gur mhainnigh Grzegorz Braun ceanncheathrú Institiúid Stairiúil na Gearmáine a fhágáil cé gur iarr duine údaraithe air déanamh amhlaidh, ar cion é faoi Airteagal 193(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, an 12 Nollaig 2023, laistigh d’áitreabh Sejm Phoblacht na Polainne, go líomhnaítear gur mhaslaigh Grzegorz Braun grúpa daoine go poiblí ar fhorais a gcleamhnachta reiligiúnaí agus go líomhnaítear gur mhaslaigh sé réad adhartha reiligiúnaigh (meanóra) trína choinnle lasta a mhúchadh le múchtóir dóiteáin, agus ar an gcaoi sin go líomhnaítear gur chuir sé olc ar mheanma reiligiúnach na nGiúdach, agus ar cion é faoi Airteagal 257 de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagail 195(1) agus 196 de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, an 12 Nollaig 2023, laistigh d’áitreabh Sejm Phoblacht na Polainne, go líomhnaítear gur sháraigh Grzegorz Braun sláine coirp páirtí éagóraithe a rinne idirghabháil d’fhonn an t-ord poiblí a chosaint, trí spraeáil ó mhúchtóir dóiteáin ina raibh substaint phúdrach a dhíriú ar an bpáirtí éagóraithe; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Grzegorz Braun miondamáiste do shláinte an pháirtí éagóraithe, a mhair suas le 7 lá, ar cion é faoi Airteagal 157(2) de Chód Coiriúil na Polainne, i gcomhthráth le hAirteagal 217a de Chód Coiriúil na Polainne i gcomhar le hAirteagal 11(2) den Chód sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur osclaíodh ar dtús an t-imscrúdú a rinneadh i dtaca leis na cionta líomhnaithe a leagtar amach san iarraidh ar tharscaoileadh an 25 Bealtaine 2023, tráth a raibh díolúine ag Grzegorz Braun mar Chomhalta de Sejm Phoblacht na Polainne; de bhrí, an 17 Eanáir 2024, gur dheonaigh Sejm Phoblacht na Polainne toiliú chun cúisimh choiriúla a thabhairt i gcoinne Grzegorz Braun i dtaca leis na cionta a leagtar amach san iarraidh; de bhrí gur toghadh Grzegorz Braun chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024; de bhrí, mar sin, nach raibh Grzegorz Braun ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach mbaineann na cionta líomhnaithe agus an iarraidh ina dhiaidh sin ar a dhíolúine a tharscaoileadh le tuairim a thug Grzegorz Braun ná le vóta chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú Sejm Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun cúrsa ceart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léirigh gurbh é an rún a bhí leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Grzegorz Braun.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>