<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0074</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha – EGF/2024/003 BE/Van Hool - an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0080/2025 -  Rapóirtéir: Janusz Lewandowski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool (COM(2025)0001 – C10-0056/2025 – 2025/0061(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0001 – C10‑0056/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, <STRING ITALIC="on">ELI: </STRING>http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0080/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2024/003 BE/Van Hool ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis do 2 411 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí), i réigiún NUTS 2 Provincie Antwerpen (BE21), laistigh de thréimhse thagartha 4 mhí don iarratas ón 8 Aibreán 2024 go dtí an 8 Lúnasa 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 2 411 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Van Hool.
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfí de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó duine féinfhostaithe ar a laghad, thar thréimhse thagartha 4 mhí, i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar éileamh cóistí, agus go raibh tionchar ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar struchtúr costais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil brú gan fasach ar thionscal mótarfheithiclí agus soláthróirí na hEorpa ó dhúshláin sheachtracha agus inmheánacha araon, amhail saobhadh ar an iomaíocht, go háirithe in earnáil na bhfeithiclí leictreacha mar gheall ar fhóirdheonú éagórach na Síne, agus costais arda fuinnimh de dheasca mórathruithe struchtúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh speisialtóireacht ag Van Hool i monarú busanna, cóistí, busanna tralaí, agus leantóirí; de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar mheándíolacháin Van Hool san Eoraip agus titim ghéar ar bhrabúsacht mar thoradh ar an laghdú atá ag teacht ar an éileamh ar chóistí mar thoradh ar thionchar na paindéime; de bhrí gur chuir boilsciú méadaitheach agus briseadh sa slabhraí soláthair tuilleadh brú ar chorrlaigh an fhiontair;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur lean an chuideachta, i gcomhréir le dlí na Beilge, an nós imeachta éigeantach maidir le hionadaithe oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo; de bhrí nach bhfuil feidhm ag an gceanglas chun aonad fostaíochta a chur ar bun, arb é is cuspóir dó seirbhísí socrúcháin sheachtraigh a sholáthar d’oibrithe a leagadh as i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna, i gcás féimheachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil na seirbhísí fostaíochta Pléimeannacha (VDAB) ag soláthar réamh-mhaoiniú agus chómhaoiniú náisiúnta na mbeart;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765. de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, gur cheart ranníocaíochtaí neamhchaite a aisíoc leis an gCoimisiún;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 7 999 015 a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 9 410 607, a chuimsíonn caiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe arb ionann é agus EUR 9 034 607 agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe arb ionann é agus EUR 376 000;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 29 Deireadh Fómhair 2024, agus, tar éis don Bheilg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 26 Márta 2025 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 2 411 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Van Hool; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb é 2 397 oibrí spriocdhírithe a bheidh ann san iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil meath ag teacht ar an earnáil thionsclaíoch faoi láthair sa Bheilg de réir Chónaidhm Fhiontair na Beilge (VBO); ag tabhairt dá haire go raibh ról tábhachtach ag an earnáil tionsclaíochta in Lier riamh anall agus gur sin an fáth a bhfuil tionchar suntasach ag an meath tionsclaíoch ar mhargadh saothair Lier; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú 13 % ar líon na bpost tionsclaíoch a bhí ar fáil in Lier in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios próifílí na n-oibrithe iomarcacha, a bhfuil aon trian díobh 50 bliain d’aois nó níos sine agus a bhfuil oideachas meánscoile nó níos lú ag 80 % díobh agus scileanna atá as dáta acu; á chur i bhfáth, agus an treocht anuas i bhfolúntais agus dáileadh geografach na bhfolúntas á gcur san i gcuntas, go mbeidh cúnamh spriocdhírithe ag teastáil ó na hoibrithe lena ndíreofar ar uas-sciliú agus ar athoiliúint chun cur leis an seans atá acu filleadh ar an obair; á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais agus na mBallstát é deis a thabhairt do na hoibrithe lena mbaineann na cáilíochtaí is gá a fháil chun fostaíocht a aimsiú amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: comhairleoir idirghabhála sóisialta agus clárú oibrithe, socrúchán seachtrach, tacaíocht chun post a chuardach agus socrúchán fostaíochta, gairmthreoir, athoiliúint agus gairmoiliúint, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre; ag cur béim go háirithe ar sheirbhísí a bhaineann le tacaíocht spriocdhírithe agus measúnú pearsanta, chomh maith le hoiliúint TFC a rannchuidíonn leis an uas-sciliú is gá sa ré dhigiteach thionsclaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 22 Aibreán 2024 agus, dá bhrí sin, gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 14 Márta 2024 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú go n-áiritheoidh údaráis na Beilge go mbeidh comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú ghné na hinscne ina gcuid lárnach den tréimhse cur chun feidhme agus go gcuirfear chun cinn iad i rith na tréimhse cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe cómhargála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú go dtabharfaidh údaráis na Beilge aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus go n-áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe agus go leagfaidh siad béim ar bhreisluach an Aontais a bhaineann leis an idirghabháil, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear faisnéis spriocdhírithe do thairbhithe, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/003 BE/Van Hool</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2025/1018.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>