<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0075</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint - an chalaois a chomhrac - tuarascáil bhliantúil 2023</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0049/2025 -  Rapóirtéir:Gilles Boyer)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh – an comhrac in aghaidh na calaoise – tuarascáil bhliantúil 2023 (2024/2083(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 310(6) agus 325(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2024 dar teideal ‘An 35ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise - 2023’ (COM(2024)0318) (Tuarascáil CLA 2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2023 ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)<FOOTNOTE><FIELD> OLAF, ‘An ceathrú tuarascáil is fiche ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023’, 2023.</FIELD></FOOTNOTE> agus don tuarascáil ar ghníomhaíochtaí ó Choiste Maoirseachta OLAF – 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5658, 23.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024XX05658.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2023 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna foilsiú an 1 Márta 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020R2092.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019L1937.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais) agus do thuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir lena cur chun feidhme agus lena cur i bhfeidhm (COM(2024)0269),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le ‘Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2023)0800), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 dar teideal ‘Tuarascáil ar thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6743, 26.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0108.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2024 gan deireadh a chur leis an mbeart a fhorchuirtear i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022; <STRING ITALIC="on">An Ungáir </STRING>v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING>, Cás-C 156/21, ECLI:EU:C:2022:97.</FIELD></FOOTNOTE> agus C-157/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022, <STRING ITALIC="on">an Pholainn</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh</STRING>, C-157/21, ECLI:EU:C:2022:98.</FIELD></FOOTNOTE> agus do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir, a dtagraitear don Rialachán maidir le Coinníollacht i ngach ceann acu,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2024%3A2509%3Aoj&locale=ga#.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1624<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Rialachán (AE) 2024/1620<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Treoir (AE) 2024/1640<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ar gníomhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad uile, arna nglacadh an 31 Bealtaine 2024 agus a bhaineann le húsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, lena n-áirítear trí bhunú an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32017L1371.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir CLA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘An dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil’ (COM(2022)0466),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2024)0269),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">2024 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach] (COM(2024)0800),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Strengthening the fight against organised crime: Assessing the legislative framework</STRING> [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú: Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], a foilsíodh i mí na Nollag 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, Blondes, E., Disley, E., Hulme, S. <STRING ITALIC="on">et al.</STRING>, Staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Strengthening the fight against organised crime – Assessing the legislative framework</STRING> [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú — Measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, mí na Nollag 2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Strengthening the fight against corruption: assessing the legislative and policy framework</STRING> [An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe a neartú: measúnú a dhéanamh ar an gcreat reachtach], a foilsíodh i mí Eanáir 2023<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, ag EY and RAND Europe don Choimisiún Eorpach, mí Eanáir 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Compliance assessment of measures adopted by the Member States to adapt their systems to Council Regulation (EU) 2017/1939 of 12 October 2017 implementing enhanced cooperation on the establishment of the European Public Prosecutor’s Office</STRING> [Measúnú comhlíontachta ar bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun a gcórais a oiriúnú do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an OIPE’)] agus an síneadh a cuireadh leis, ar foilsíodh iad araon i mí na Nollag 2023<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, le Tipik agus Spark Legal and Policy Consulting don Choimisiún Eorpach, mí Mheán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe (JOIN(2023)0012) agus do thogra ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0234),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach Europol-OLAF an 6 Meitheamh 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Assessing the Threats to the NextGenerationEU (NGEU) Fund</STRING> [Measúnú a dhéanamh ar na Bagairtí ar Chiste NextGenerationEU (NGEU)],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nóta dúnta ón Ombudsman Eorpach an 12 Meán Fómhair 2023 maidir leis an Tionscnamh Straitéiseach a bhaineann le trédhearcacht agus cuntasacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i ndáil le Cás SI/6/2021/PVV, a osclaíodh an 24 Feabhra 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal ‘Ár ngníomhaíochtaí in 2023’, a foilsíodh an 9 Deireadh Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Athbhreithniú 04/2023 an 6 Iúil 2023 ó CIE dar teideal ‘Bainistíocht chistí an Aontais a dhigiteáil’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Eorabharaiméadar Speisialta 534 dar teideal <STRING ITALIC="on">Citizens’ attitudes towards corruption in the EU in 2023</STRING> [Dearcthaí na Saoránach i leith an éillithe san Aontas in 2023]<FOOTNOTE><FIELD> Suirbhé a rinneadh arna iarraidh sin d’Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Imirce agus Gnóthaí Baile (AS HOME) agus arna chomhordú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 06/2023 ó CIE an 13 Márta 2023 dar teideal ‘Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE — Tá creat i bhfeidhm, ach tá bearnaí sna bearta trédhearcachta agus braite’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 172, 17.5.2021, lch. 110, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021R0785.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh - an comhrac in aghaidh na calaoise - tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5730, 17.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024IP0041.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0049/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 325(5) CFAE, go gcuireann an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain tuarascáil arna dréachtú i gcomhar leis na Ballstáit maidir leis na bearta arna ndéanamh chun an t-airteagal seo a chur chun feidhme (ar a dtugtar tuarascálacha CLA);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil tuarascálacha CLA bunaithe go príomha ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, lena n-áirítear sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a bhraitear, tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta (CBNR), agus ar shonraí a bhaintear as córas cuntasaíochta an Choimisiúin (ABAC);
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach mór bearta éifeachtacha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme ar bhonn eolas atá bunaithe ar shonraí maidir leis an staid shonrach i ngach Ballstát, go háirithe i gcásanna a bhaineann le gníomhaíocht choiriúil chasta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léiríonn an líon neamhrialtachtaí a bhraitear agus a thuairiscítear torthaí iarrachtaí na mBallstát chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sa réimse sin a chomhrac agus nach bhfuil sé le léirmhíniú mar léiriú ar leibhéal na míbhainistíochta nó na calaoise sna Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur gá measúnú foriomlán níos leithne a dhéanamh ar na naisc idir neamhrialtachtaí, a mbrath agus an leibhéal tuairiscithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cheart bainistiú fónta acmhainní poiblí agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais ar fud bheartais uile an Aontais a bheith ríthábhachtach chun muinín na saoránach a mhéadú trína áirithiú go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtach as airgead na gcáiníocóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go neartódh laghdú córasach ar an mbearna CBL cosaint leasanna airgeadais an Aontais, go bhfeabhsódh sé cothroime chánach agus muinín as córais fhioscacha, go rannchuideodh sé le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, agus go dtacódh sé le comhtháthú eacnamaíoch i measc na mBallstát, go háirithe le linn brú buiséadach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go mbaineann cosaint bhuiséad an Aontais le gníomhaithe iomadúla ar leibhéil éagsúla nach féidir leo a sainordú a bhaint amach ach amháin trí líonra struchtúrtha caidrimh agus comhordaithe laistigh d’ollstruchtúr na frithchalaoise (OSFC)<FOOTNOTE><FIELD> OLAF, OIPE, Europol, Eurojust, an Coimisiún, CIE, an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus údaráis na mBallstát agus an tseirbhís comhordúcháin frith-chalaoise (AFCOS).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt go leormhaith ar éagsúlacht na gcóras dlí agus riaracháin sna Ballstáit agus ar a leibhéil éagsúla digitithe trí chórais riaracháin agus tuairiscithe níos aontaithe, níos idir-inoibrithí agus níos inchomparáide a chruthú san Aontas chun calaois, éilliú, neamhrialtachtaí agus sáruithe eile a chosc agus a chomhrac go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur cheart comhar daingean a spreagadh idir údaráis a dhéanann imscrúduithe riaracháin agus iadsan a dhéanann imscrúduithe coiriúla ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur uirlisí éifeachtacha iad an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus ARACHNE chun buiséad an Aontais a chosaint ar rioscaí dócmhainneachta, faillí, calaoise nó neamhrialtachta arna ndéanamh ag gníomhaithe príobháideacha, i gcás EDES, agus trí chur chuige mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, i gcás ARACHNE;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil líonraí coiriúla atá ag feidhmiú san Aontas ag glacadh go hiomlán le raon iomlán na teicneolaíochta faisnéise ceannródaíche, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS), chun a ngníomhaíochtaí coiriúla a éascú, rud atá ina bhagairt níos casta fós ar bhuiséad an Aontais agus atá ina dhúshlán nua d’fhorfheidhmiú an dlí agus lena gceanglaítear ar OSFC dlús a chur lena iarrachtaí féachaint ar úsáid IS sa chomhrac in aghaidh na calaoise;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur réamhriachtanais iad urraim a thabhairt do na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe agus do chearta bunúsacha, chomh maith le comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chun rochtain a fháil ar chistiú an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil feidhm ag sásra coinníollachta an smachta reachta ar fud bhuiséad iomlán an Aontais mar réamhriachtanas chun rochtain a fháil ar chistí uile an Aontais agus go gceadaítear leis bearta a dhéanamh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaidís difear dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil forálacha in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021R0241.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán STA) maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta maidir le tuairisciú CLA agus maidir le mórbhagairtí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil CLA 2023 agus a hanailísí ar na torthaí ábhartha, agus ag formhuiniú a moltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag teacht leis an tuairim gur gá dlús a chur leis an digitiú lena n-éascaítear comhroinnt eolais, inrochtaineacht sonraí agus próiseáil sonraí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach agus lena bhfeabhsófaí rialachas OSFC foriomlán; á áitiú gur cheart don Aontas agus do na húdaráis náisiúnta araon úsáid uirlisí digiteacha a threisiú d’fhonn comhar a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil rialachas níos intomhaiste agus níos dírithe ar thorthaí ar ghníomhaíochtaí an iliomad comhpháirteanna de OSFC ríthábhachtach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil comhar láidir idir na húdaráis riaracháin agus bhreithiúnacha a dhéanann imscrúduithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon fíor-riachtanach; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil an staid fós fo-optamach, go háirithe maidir le calaois agus neamhrialtachtaí amhrasta a bhrath agus a thuairisciú agus maidir leis an obair leantach orthu, ina bhfuil difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit; á mholadh, dá bhrí sin, do na Ballstáit cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir a n-údaráis náisiúnta agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus chun rioscaí agus treochtaí calaoise atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach tráthúil freisin; á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach i leith an chomhraic in aghaidh na calaoise, lena gcumhdaítear gach céim den timthriall frithchalaoise agus a léiríonn na gníomhaithe agus na próisis iolracha, idirnasctha agus idirspleácha atá i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach 9 % ar an líon foriomlán cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a thuairiscigh údaráis inniúla an Aontais agus náisiúnta in 2023 (13 563) i gcomparáid le 2022 (12 455); á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an leibhéal sin níos airde ná riamh agus gur cuid de threocht atá ag dul i méid le 5 bliana anuas; ag tabhairt faoi deara, thairis sin, go raibh an maoiniú foriomlán lena mbaineann i ndáil leis na cásanna sin in 2023 (EUR 1,90 billiún) i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2022 (EUR 1,77 billiún), tar éis méadú 7,3 %; á aithint go ndéantar comparáidí i dtimthriall ilbhliantúil cur chun feidhme clár iomadúil, ar comparáidí iad atá bunaithe ar mheán 5 bliana agus atá níos iomchuí ná comparáidí ó bhliain go bliain chun cásanna fíor-ama a shainaithint agus anailís iontaofa a fháil ar threochtaí agus ar phatrúin; á chur in iúl gur mór aici, dá réir sin, go ndéantar tagairt i dTuarascáil CLA 2023 do thorthaí na tréimhse 2019-2023; á thabhairt dá haire go léiríonn an t-ardú ar an líon neamhrialtachtaí agus ar an gcistiú nach bhfuil aon torthaí dearfacha ann go bhfuil gá le buiséid a chomhghaolú le táscairí feidhmíochta na n-institiúidí inniúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cás foriomlán a léirítear san anailís ilbhliantúil i dTuarascáil CLA 2023; á chur i dtábhacht go dtugann an staid reatha údar leis na hiarrachtaí a rinneadh chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní leordhóthanacha ar bhealach níos éifeachtaí agus go n-úsáidfear ar bhealach níos éifeachtúla iad, rud a éilíonn rialachas agus comhar níos fearr; á chur i bhfáth go bhfuil calaois, éilliú agus sáruithe ar an daonlathas, ar an gceartas agus ar an smacht reachta idirnasctha go domhain agus nach féidir dul i ngleic leo ina n-aonar; ag iarraidh ar na Coimisinéirí maidir le buiséad, calaois agus riarachán poiblí agus maidir leis an daonlathas, an ceartas agus an smacht reachta oibriú go dlúth agus láithreach chun tionscnaimh a sheoladh chun gníomhaíochtaí agus torthaí OSFC a dhéanamh intomhaiste agus níos inláimhsithe agus iad a chur faoi bhráid na Parlaiminte, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh ag na héisteachtaí deimhniúcháin; á mholadh go gcruthófaí sineirgí níos láidre idir Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an mBuiséad agus ard-stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin a oibríonn ar an smacht reachta agus cosaint luachanna eile an Aontais, go háirithe Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, chun a áirithiú go n-oibríonn na ranna sin uile le chéile, seachas ar bhealach neamh-chomhtháite, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shistéamacha sin ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith tuarascálacha CLA, a mheastar freisin mar uirlis rialachais OSFC, chun forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na sineirgí idir na gníomhaithe ábhartha uile, chun dea-chleachtais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh; á chur in iúl gurb eol di, mar a cuireadh i bhfios go láidir i dTuarascáil CLA 2023, go gcuirtear cosaint oibríochtúil leasanna airgeadais an Aontais ar chalaois, ar neamhrialtachtaí agus ar ghníomhaíochtaí aindleathacha eile de chúram ar údaráis náisiúnta, ar OLAF agus ar OIPE, agus á chur in iúl gur geal léi comhtháthú thorthaí OLAF agus OIPE i dTuarascáil CLA 2023; ag iarraidh go ndéanfaí anailís níos doimhne ar an idirghníomhú idir na comhpháirteanna OSFC, agus go dtabharfaí isteach bearta chun éifeachtúlacht na n-institiúidí inniúla a mhéadú d’fhonn calaois agus neamhrialtachtaí a laghdú; á iarraidh go gcuirfear tuilleadh feabhais ar an gcur chuige iomlánaíoch sin, lena ndírítear ar léargas níos soiléire, níos iomláine agus níos nithiúla a thabhairt ar staid fhoriomlán na himeartha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena gcuimsítear gníomhaíocht frithchalaoise ina hiomláine, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi feidhmíocht imscrúdaitheach OLAF, go háirithe an méadú ar an líon moltaí a eisíodh (309 i gcomparáid le 275 in 2022) agus an méid foriomlán a moladh don téarnamh airgeadais (EUR 1 043,8 milliún i gcomparáid le EUR 426,8 milliún in 2022) in aghaidh líon cobhsaí cásanna a osclaíodh (190 in 2023 agus 192 in 2022) agus a tugadh i gcrích (265 in 2023 agus 256 in 2022); á chur i bhfios, go háirithe, le linn na tréimhse 2019-2023, gur braitheadh níos mó ná 88 % de na neamhrialtachtaí a sainaithníodh mar neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith calaoiseach agus a bhaineann le caiteachas arna eisíoc faoi bhainistíocht dhíreach tar éis imscrúduithe OLAF; á chur in iúl gur oth léi go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag ré fhada na n-imscrúduithe maidir le seoladh déanach na mbeart feabhais dá bharr sin; ag athdhearbhú a hiarrata figiúirí cuimsitheacha atá mionsonraithe go leordhóthanach a fháil maidir leis na méideanna a d’aisghabh an Coimisiún go héifeachtach ar fhorais na moltaí airgeadais arna n-eisiúint ag OLAF; ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin ranna <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> maidir le OLAF a chomhtháthú sna chéad tuarascálacha CLA eile chun anailís agus tuairisciú níos mionsonraithe a fhorbairt ar a ghníomhaíochtaí agus ar na haisghabhálacha airgeadais a dhéantar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chaoi ar fhorbair agus ar mhéadaigh OIPE, atá gníomhach go hoibríochtúil ó mhí an Mheithimh 2021 i leith, a ghníomhaíochtaí, rud a léirítear go maith sa líon imscrúduithe oscailte (1 371 i gcomparáid le 865 in 2022), ar na himscrúduithe atá gníomhach faoi láthair ar an iomlán (1 927 i gcomparáid le 1 117 in 2022) agus ar dhíotálacha (139 i gcomparáid le 87 in 2022); á chur in iúl gur mór aici leibhéal na mionsonraí i dtuairisciú OIPE, lena gcuirtear faisnéis ábhartha ar fáil maidir le go leor treochtaí agus maidir leis an staid sna Ballstáit rannpháirteacha; ag iarraidh ar OIPE a bheith níos éifeachtúla, agus é sin a léiriú sna méideanna a aisghabhfar agus ní sa líon imscrúduithe amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur i dtábhacht an bhreisluacha a thugann comhlachtaí an Aontais do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus don chomhrac in aghaidh na calaoise, go háirithe a mhéid a bhaineann le coireacht thrasteorann, mar a léirítear leis na torthaí oibríochtúla ó OIPE agus ó OLAF in 2022 freisin; ag athdhearbhú a hiarrata go n-áiritheofar go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gníomhaithe ábhartha uile an Aontais a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise agus, i ndáil leis sin, á mheabhrú don Choimisiún agus don Chomhairle go bhfillfidh gach euro a chaitear ar imscrúduithe agus ar ghníomhaíochtaí frithchalaoise ar bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an gcaillteanas suntasach airgeadais de chalaois cánach breisluacha (CBL) arna tuairisciú ag OIPE ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát agus ag an am céanna, ag bagairt ar chánachas cothrom agus ar iomaíocht chóir idir gnólachtaí sa mhargadh aonair; á chur i bhfios go láidir gur acmhainn thábhachtach é CBL do bhuiséad an Aontais freisin; á mheas gurb iomchuí castacht na bhforálacha foluiteacha maidir le córas acmhainní dílse an Aontais a chur san áireamh agus tionchar airgeadais ghníomhaíochtaí OIPE á chainníochtú<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020D2053).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios gur cúis imní é an líon imscrúduithe ar na cláir téarnaimh agus athléimneachta (233) agus an caillteanas airgeadais measta (EUR 1,86 billiún); á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar bearta leormhaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena bhféadfar obair leantach a dhéanamh ar mholtaí OLAF agus ionchúisimh OIPE, ar a n-anailís agus ar intomhaisteacht thionchar iarbhír a ngníomhaíochtaí ar chosaint bhuiséad an Aontais ó thaobh cistí míbhainistithe agus acmhainní neamhbhailithe araon a aisghabháil, d’fhonn bonn cirt breise a thabhairt do cheapadh beartas atá dírithe ar thorthaí; ag iarraidh ar an gCoimisiún fógra a thabhairt don Pharlaimint faoi thorthaí ionchúisimh OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil cumarsáid agus trédhearcacht fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chalaois agus ar éilliú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, do na meáin agus don iriseoireacht iniúchach chun feasacht a fheabhsú; ag cur i bhfáth an róil lárnaigh a imríonn na meáin agus an iriseoireacht iniúchach sa chomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe, coinbhleachtaí leasa agus mí-úsáid eile cistí poiblí; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach na meáin chumarsáide a chosaint ar bhrú agus ar thionchar polaitiúil chun a neamhspleáchas agus a ról mar fhoras faire i ndáil leis an daonlathas agus bainistíocht fhónta cistí poiblí a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an trédhearcacht i mbainistiú cistí poiblí; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit trédhearcacht a uasmhéadú in úsáid cistí, lena n-áirítear maidir le faisnéis faoi thairbhithe deiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ról na n-údarás poiblí maidir le cultúr neamhfhulaingthe a chothú maidir le calaois agus á chur in iúl go bhfuil cumarsáid agus trédhearcacht fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar chalaois agus ar éilliú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, don earnáil phríobháideach, do na meáin agus don iriseoireacht iniúchach chun feasacht a fheabhsú; ag moladh don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na gníomhaithe ábhartha sin i bhfoirm clár oiliúna, cistiúcháin agus aon bheart eile is gá chun a neamhspleáchas ar thionchar seachtrach agus ar fhaireachas neamhdhleathach stáit, ar imeaglú agus ar iarrachtaí an bonn a bhaint dá ndlisteanacht a áirithiú, i gcomhréir le cearta bunúsacha an Aontais agus leis an smacht reachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún feachtas feasachta poiblí uile-Aontais a sheoladh maidir leis na rioscaí a bhaineann le bréagnuacht, mífhaisnéis agus ábhar domhainbhrionnaithe i gcásanna calaoise a dhéanann difear do thionscadail atá maoinithe ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di rabhadh soiléir OIPE agus Europol maidir leis an méadú atá ag teacht ar an líon grúpaí coirpeach eagraithe atá taobh thiar de na cásanna is ábhartha de chalaois trasteorann; á thabhairt dá haire go léirítear i dtuarascáil bhliantúil OIPE 209 gcion imscrúdaithe a bhaineann le heagraíochtaí coiriúla atá dírithe ar CLA ina imscrúduithe gníomhacha suas go dtí deireadh 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcuireann an choireacht eagraithe isteach go mór ar acmhainní an Aontais agus nach féidir scála na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe ar thaobh an ioncaim den bhuiséad, a mhíniú ach amháin trí rannpháirtíocht leathan grúpaí coiriúla eagraithe tromchúiseacha; á chur in iúl gurb eol di nach féidir é a chainníochtú leis na huirlisí anailíse agus tuairiscithe atá ann faoi láthair ar bhealach atá sásúil chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht nó ar easnaimh na mbeart agus na mbeartas atá i bhfeidhm; ag iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí uile is gá a sheoladh go pras chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na hanailíse agus an tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á áitiú nach bhfuil an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais trasuite go héifeachtúil i reachtaíocht náisiúnta go leor Ballstát agus, toisc nach bhfuil dlíthe náisiúnta na mBallstát comhchuibhithe, go dtugann sé deiseanna do ghrúpaí coiriúla eagraithe roinnt gníomhaíochtaí trasteorann neamhdhleathacha a dhéanamh i réimsí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarrataí roimhe seo go ndéanfaí athbhreithniú ar Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 300, 11.11.2008, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/841/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus go dtabharfaí isteach sainmhíniú comhchoiteann nua ar an gcoireacht eagraithe, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar úsáid éillithe, foréigin, bagairtí nó imeaglaithe chun rialú a fháil ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó ar sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go léirítear i dtorthaí shuirbhé Eorabharaiméadair 2023 maidir le ‘dearcthaí na Saoránach i leith an éillithe san Aontas in 2023’, gur cúis mhór imní é an t-éilliú do shaoránaigh an Aontais agus do ghnólachtaí an Aontais; á áitiú go ndéanann éilliú ardleibhéil, lena n-áirítear in institiúidí an Aontais, difear nach amháin do leasanna airgeadais agus do gheilleagar an Aontais ina iomláine, ach go mbaineann sé an bonn freisin ó mhuinín na saoránach as institiúidí daonlathacha, san Aontas agus sna Ballstáit araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil grúpaí coiriúla eagraithe ag baint úsáid as an éilliú ar bhonn níos minice chun insíothlú a dhéanamh ar riaracháin phoiblí agus chun buntáistí eacnamaíocha a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios, i ndáil le cásanna éillithe, gur thuairiscigh OIPE 131 chion imscrúdaithe suas go dtí deireadh 2023 (bhí 87 gcás ann in 2022) agus, sna blianta 2019-2023, gur thuairiscigh 11 thír 65 chás don Choimisiún trí CBNR<FOOTNOTE><FIELD> Córas leictreonach a forbraíodh chun neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a braitheadh sna Ballstáit agus atá in úsáid ag 35 thír a thuairisciú.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go raibh na méideanna neamhrialta tuairiscithe a bhaineann leis na cásanna sin cothrom le thart ar EUR 50,5 milliún; ag iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar OIPE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi cé mhéad den EUR 50,5 milliún sin a aisghabhadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á aithint go bhfuil straitéisí frithéillithe i bhfeidhm sna Ballstáit; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil ar na straitéisí sin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé moltaí tírshonracha maidir leis an éilliú a chomhrac a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin cásanna coinbhleachta leasa i mbainistiú acmhainní an Aontais a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu; ag thabhairt faoi deara, sa tréimhse 2019-2023, gur tuairiscíodh 419 gcás trí CBNR a bhain le coinbhleacht leasa (bhí 375 chás ann in 2018-2022) lenar bhain thart ar EUR 112 mhilliún san iomlán; á chur i bhfáth go bhfuil sé curtha in iúl ag CIE ina cuid oibre iniúchóireachta<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta CIE 01/2019 an 10 Eanáir 2019 dar teideal ‘Fighting fraud in EU spending’, [<STRING ITALIC="on">Comhrac in aghaidh na calaoise i gcaiteachas AE</STRING>], míreanna 23-28, Tuarascáil speisialta CIE 06/2019 an 16 Bealtaine 2019 dar teideal ‘Tackling fraud in EU cohesion spending’ [<STRING ITALIC="on">Dul i ngleic le calaois i gcaiteachas comhtháthaithe AE</STRING>], míreanna 47-57, agus Tuarascáil speisialta CIE 06/2023 an 13 Márta 2023 dar teideal ‘Conflict of interest in EU cohesion and agricultural spending — Framework in place but gaps in transparency and detection measures’ [<STRING ITALIC="on">Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE — Creat i bhfeidhm ach bearnaí i mbearta trédhearcachta agus braite</STRING>] — mír 80.</FIELD></FOOTNOTE> gurb é CBNR an phríomhfhoinse faisnéise maidir le coinbhleacht leasa agus go bhfuil éagsúlacht ann idir na Ballstáit maidir le cainníocht agus cáilíocht na sonraí a thaifeadtar in CBNR; á chur i bhfios go láidir, i gcás ina measann na Ballstáit gur mionghné í coinbhleacht leasa i gcás calaoise níos leithne, nach ndéanann siad cásanna den sórt a thuairisciú mar chásanna a bhaineann le coinbhleachtaí leasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú comhsheasmhach atá mionsonraithe go leormhaith in CBNR ar na cásanna thuas; á iarraidh go gcuirfear na forálacha maidir le coinbhleachtaí leasa i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, ar bhealach a bheidh bunaithe ar mheasúnú soiléir comhréireach ar na rioscaí agus lena gceadófar do na húdaráis inniúla iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ioncam</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, in 2023, go raibh an líon foriomlán neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (ADT) (5 118 i gcomparáid le 4 661 in 2022) 10 % níos airde ná an meán 5 bliana (2019-2023), ach gur tháinig laghdú 12 % ar an méid go EUR 478 milliún (i gcomparáid le EUR 783 mhilliún faoi dheireadh 2022); á chur in iúl gurb oth léi, cé go léiríonn na sonraí téarnamh feabhsaithe do chásanna neamhchalaoiseacha (82 %), go bhfuil an ráta aisghabhála do chásanna calaoiseacha fós gan athrú ag 25 %, atá fós íseal agus a dháiltear go míchothrom ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios gur mheas an Coimisiún, in 2023, nár léiríodh go sásúil ach i gcúig cinn de na tuarascálacha díscríofa nua a chuir na Ballstáit faoina bhráid gur cailleadh ADTanna ar chúiseanna nach raibh inchurtha i leith na mBallstát i dtrácht agus nach raibh na Ballstáit sin freagrach ó thaobh airgeadais de as an gcaillteanas; á tabhairt dá haire, os a choinne sin, gur mheas an Coimisiún in 81 chás, arbh ionann iad agus beagnach EUR 69 milliún, nár léirigh na Ballstáit go sásúil gur cailleadh ADT ar chúiseanna nach raibh inchurtha ina leith agus go raibh siad freagrach ó thaobh airgeadais de as an gcaillteanas dá bhrí sin; ag teacht ar an gconclúid, dá bhrí sin, gur féidir feabhas a chur ar bhailiú ADTanna ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fíor-riachtanach go gcomhlíonfadh na Ballstáit a bhfreagracht maidir le ADTanna a bhailiú chun a áirithiú go ndéanfar an t-ualach a bhaineann le maoiniú chaiteachas an Aontais a roinnt go cothrom i measc na mBallstát agus go gcoimeádfar cothrom na Féinne do ghníomhaithe eacnamaíocha sa mhargadh aonair; ag iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht ghníomhaíocht a gcuid riarachán náisiúnta i réimse an téarnaimh, tar éis neamhrialtachtaí agus calaois a bhaineann le CBL a bhrath, chun an méid ADTanna a chuirtear ar fáil do bhuiséad an Aontais a mhéadú; á aithint go mbaineann an bhearna chomhlíontachta CBL le níos mó ná calaois agus imghabháil amháin, ach cumhdaítear leis freisin CBL a chailltear mar thoradh ar dhócmhainneacht, féimheacht, earráidí riaracháin agus íoslaghdú cánach dleathach; á chreidiúint, áfach, gur cuid nach beag de neamhchomhlíonadh CBL í calaois CBL, amhail calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarradih agus ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfar aghaidh ar an tsaincheist trí mhodhanna digiteacha, trí rialacha CBL a dhéanamh díonach ar chalaois agus trí chomhar níos láidre idir údaráis chánach náisiúnta agus comhlachtaí inniúla imscrúdaitheacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair a bhaineann le comhar le OLAF, OIPE agus Eurofisc; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair chun bunús dlí soiléir a chur ar fáil don chomhar díreach idir Eurofisc agus OIPE; ag moladh do OLAF an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le cleachtais cúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh chun calaois chustaim agus calaois CBL ghaolmhar a bhrath agus a shainaithint, chomh maith leis na cásanna sin a thuairisciú do OIPE gan mhoill; á chur i bhfáth gur shainaithin OIPE calaois CBL in 2023 in thart ar 20 % dá chásanna gníomhacha (873 chás), arb ionann é agus an dara cineál coireachta is minice tar éis calaois chaiteachais neamhsholáthair (1 586 chás); á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar rannpháirtíocht grúpaí coirpeach eagraithe in oibríochtaí calaoise CBL agus na naisc shainaitheanta idir an cineál sin calaoise agus cineálacha eile coireanna an-tromchúiseach, amhail sciúradh airgid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an tairseach EUR 10 milliún a leagadh síos i dTreoir CLA, tairseach a bhfuil tionchar mór aici ar ghníomhaíochtaí OIPE i gcásanna calaoise CBL; á áitiú go bhfágann léirmhínithe éagsúla ar na modheolaíochtaí chun an tairseach sin a ríomh go bhfuil an cás doiléir; á chur i dtábhacht, leis an tairseach atá ann faoi láthair, go gcuirtear teorainn le díspreagadh agus go gcuirtear ar a gcumas do dhéantóirí ciona an dlínse is laige a lorg chun éalú ó idirghabháil OIPE; á chreidiúint gur cheart, leis an athbhreithniú ar Threoir CLA, deireadh a chur leis an tairseach nó í a ísliú go mór; ag iarraidh ar an gCoimisiún, idir an dá linn, treoir leormhaith a chur ar fáil maidir leis an modh ríofa do chásanna sula ndéanfar leasú ar Threoir CLA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in éagmais sonraí imdhealaithe réigiúnacha agus earnála maidir leis an mbearna CBL, go gcuirtear cosc ar shainaithint na réimsí is mó atá i mbaol calaoise agus imghabhála; á iarraidh ar an gCoimisiún córas comhchuibhithe a thabhairt isteach chun an bhearna CBL a thomhas lena n-áirítear gnéithe críochacha agus earnála, agus ar an gcaoi sin forbairt straitéisí frithchalaoise atá bunaithe níos mó ar fhianaise agus atá níos spriocdhírithe a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar éifeachtach agus éifeachtúil idir OLAF agus OIPE san earnáil ioncaim shonrach sin agus á áitiú go bhféadfadh brath agus tarchur leordhóthanach sonraí ag OLAF chuig OIPE bailiú CBL agus ioncaim custaim do bhuiséad an Aontais a mhéadú, agus go gcuideodh sé sin aon fhorluí idir gníomhaíochtaí an dá oifig a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann ilroinnt na gcóras TF i measc riaracháin chánach náisiúnta bac ar éifeachtacht an chomhraic i gcoinne na calaoise CBL agus go gcuireann sí teorainn leis an acmhainneacht do shineirgí idir údaráis náisiúnta agus údaráis AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Caiteachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na leibhéil arda calaoise agus neamhrialtachtaí a braitheadh, in 2023 agus in 2022 araon, faoin gcomhbheartas talmhaíochta, i bhforbairt tuaithe agus mar thacaíocht don talmhaíocht araon; á thabhairt le fios go ndeimhnítear leis na sonraí na patrúin agus na rioscaí a sainaithníodh sna blianta roimhe sin; á thabhairt faoi deara, le linn na tréimhse 2019-2023, gur tháinig méadú ar neamhrialtachtaí calaoiseacha a tuairiscíodh le haghaidh forbairt tuaithe, go príomha mar gheall ar líon méadaitheach neamhrialtachtaí a braitheadh do chlárthréimhse 2014-2020; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú leanúnach ar an líon neamhrialtachtaí forbartha tuaithe neamhchalaoiseacha le linn na tréimhse 2019-2023 i gcomhréir le cur chun feidhme na gclár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil líon agus méideanna airgeadais na neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha a tuairiscíodh do chlárthréimhse 2014-2020 i bhfad níos ísle sa bheartas comhtháthaithe ná na neamhrialtachtaí a tuairiscíodh le linn na chéad 10 mbliana de chur chun feidhme chlárthréimhse 2007-2013; á chur i bhfios go bhfuil an ráta braite calaoise<FOOTNOTE><FIELD> Ríomhtar ráta an bhraite calaoise (FDR) mar chéatadán méideanna neamhrialta airgeadais atá nasctha le neamhrialtachtaí calaoiseacha maidir le híocaíochtaí iomlána. Ríomhtar ráta an bhraite neamhrialtachta mar chéatadán de mhéideanna neamhrialta airgeadais atá nasctha le neamhrialtachtaí neamhchalaoiseacha maidir le íocaíochtaí iomlána.</FIELD></FOOTNOTE> do chlárthréimhse 2014-2020 (0,53 %) cosúil le clárthréimhse 2007-2013, cé go bhfuil an ráta braite neamhrialta i bhfad níos ísle (0,67 %) ná an ráta a taifeadadh do chlárthréimhse 2007-2013 (25 %); á thabhairt dá haire go bhfuil tionchar suntasach ag neamhrialtachtaí aonair lena mbaineann méideanna móra airgeadais ar an ráta braite calaoise; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú breise ar an gcomhghaol idir an ráta braite calaoise agus an méid calaoise a tharla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tuarascáil anailíseach OLAF dar teideal ‘Calaois agus neamhrialtachtaí de réir réimsí den bheartas comhtháthaithe — comparáid a dhéanamh idir rioscaí’, ina dtagraítear d’fhaisnéis ó na Ballstáit don chlárthréimhse 2014-2020 suas go dtí mí na Nollag 2023 agus ina sainaithnítear réimsí atá neamhchosanta go háirithe ar riosca calaoise (amhail infheistíochtaí don chomhshaol, don athrú aeráide agus don aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht); á thabhairt le fios go raibh na méideanna airgeadais is mó i gcásanna calaoise ann i gcosaint an chomhshaoil agus i dtaighde comhshaoil, i bhforbairt teicneolaíochta agus sa nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na nósanna imeachta fada riaracháin chun déileáil leis na cásanna calaoiseacha a tuairiscíodh; á chur i bhfios, ar an meán, le linn na tréimhse 2019-2023, faoin gcomhbheartas talmhaíochta, go raibh gá le beagnach 4 bliana ó thús na neamhrialtachta chun teacht ar amhras faoi ghníomhaíocht chalaoiseach, agus beagnach 3 bliana eile chun an cás a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; á thabhairt chun suntais, maidir le comhtháthú, ar an meán agus le linn na tréimhse 2014-2020, gur thóg sé thart ar bhliain go leith teacht ar amhras go ndearnadh neamhrialtacht chalaoiseach agus níos mó ná 2 bhliain chun an cás a dhúnadh tar éis é a thuairisciú don Choimisiún; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an idirphlé le húdaráis na mBallstát, agus comhairle a chur orthu, chun fad na nósanna imeachta riaracháin a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt faoi deara, le haghaidh bainistíocht dhíreach idir 2019 agus 2023, gur luadh OLAF mar fhoinse braite neamhrialtachtaí calaoiseacha do 88,4 % de na míreanna aisghabhála, arb ionann é agus 92,1 % de na méideanna iomlána aisghabhála; ag iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis shoiléir a chur ar fáil maidir leis na sonraí agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun téarnamh tapa a fheabhsú, lena n-áirítear sonraí maidir leis na leibhéil fhoriomlána téarnaimh le haghaidh neamhrialtachtaí calaoiseacha agus neamhchalaoiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, nuair a bhraitear neamhrialtachtaí calaoiseacha nó neamhchalaoiseacha, d’ainneoin bearta coisctheacha, gurb é an aisghabháil an beart a chosnaíonn leasanna airgeadais an Aontais, lena gceadaítear beartais an Aontais a chur chun feidhme i gceart agus chun caiteachas eisíoctha nach gcomhlíonann na ceanglais chistiúcháin a aisíoc; ag cur i dtábhacht thorthaí thuarascáil speisialta 7/2024 ó CIE<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta CIE 7/2024 an 7 Bealtaine 2024 dar teideal ‘Na córais atá ag an gCoimisiún chun caiteachas neamhrialta AE a aisghabháil – Is féidir níos mó a aisghabháil agus é a dhéanamh níos tapa’.</FIELD></FOOTNOTE> agus tagairt á déanamh don tréimhse 2014-2020, arbh é EUR 14 bhilliún an caiteachas neamhrialta a tuairiscíodh ina leith, atá le haisíoc trí aisghabháil; á chur i bhfáth gur gá an próiseas téarnaimh a bhrostú trí spriocdhátaí soiléire a leagan síos agus pionóis a ghearradh as moilleanna, ionas go dtabharfar cistí ar ais do bhuiséad an Aontais a luaithe is féidir; ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta leormhaithe a mholadh chun faisnéis iomlán a chur ar fáil maidir le caiteachas neamhrialta agus maidir leis na bearta ceartaitheacha nasctha a rinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta leantacha tar éis na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, d’fhonn foghlaim ó chásanna calaoise agus nósanna imeachta a fheabhsú chun cásanna comhchosúla a chosc sa todhchaí; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, i ndáil leis sin, go ndéanfadh na Ballstáit obair leantach ar chásanna trí anailís a dhéanamh ar na gnéithe cumasúcháin atá taobh thiar den chalaois agus measúnú a dhéanamh ar an ngá lena gcórais bhainistíochta agus rialaithe a athbhreithniú dá réir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí, tar éis easpa tacaíochta sa Chomhairle dá tionscnaimh in 2004 agus in 2014, nach bhfuil an Coimisiún toilteanach togra reachtach eile a chur ar aghaidh le haghaidh cúnamh riaracháin frithpháirteach i réimsí chaiteachas an Aontais nach ndéantar foráil iontu faoi láthair don chleachtas sin; ag moladh don Choimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar Rialachán OLAF<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32013R0883).</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuirtear sainordú feabhsaithe ar fáil don Oifig cheana féin chun gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú chun na forálacha reatha a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn an bhearna sin a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á thabhairt dá haire gur comhpháirt fhíor-riachtanach de shochaí dhaonlathach bhríomhar iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirt lena n-áirithítear go gcumhdaítear tuairimí éagsúla i ndíospóireachtaí poiblí; á aithint go bhféadfaidh na heagraíochtaí sin cistí a fháil ón Aontas chun tacú lena gcuid oibre chun rannchuidiú le hidirphlé daonlathach agus le rannpháirtíocht phoiblí; á thabhairt dá haire go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na hurraitheoirí airgeadais is mó atá ag eagraíochtaí sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil trédhearcacht i gcruinnithe páirtithe leasmhara ríthábhachtach don sláine dhaonlathach agus gur cheart feidhm a bheith aici go cothrom maidir le gach eintiteas a bhíonn ag plé le hinstitiúidí an Aontais; á chur i bhfáth go neartaítear le doiciméadú soiléir agus le nochtadh na n-idirghníomhaíochtaí sin muinín an phobail agus cuntasacht dhaonlathach; á chur i bhfáth gur cheart an stocaireacht a bheith trédhearcach, agus gur cheart na páirtithe uile lena mbaineann a nochtadh go hiomlán; ag tabhairt dá haire go raibh líomhaintí ann ó chomhaltaí áirithe den Choiste um Rialú Buiséadach gur áiríodh i gcomhaontuithe deontais, arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún le tairbhithe de gach cineál, gníomhaíochtaí mionsonraithe brústocaireachta a d’fhéadfaí a léirmhíniú mar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur isteach ar chinnteoireacht inmheánach san Aontas; ag cur sonrú sa tuarascáil speisialta ó CIE le déanaí maidir le trédhearcacht chistiú AE a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta CIE 11/2025 an 7 Aibreán 2025 dar teideal ‘Trédhearcacht chistiú an Aontais a dheonaítear d’eagraíochtaí neamhrialtasacha – In ainneoin an dul chun cinn atá déanta, níl an forléargas iontaofa fós’.</FIELD></FOOTNOTE>, ina luaitear, cé go bhfuil úsáid chistiú AE d’abhcóideacht eagraíochtaí neamhrialtasacha dlíthiúil agus go ndeimhnítear go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta dlíthiúla AE mar a leagtar síos i Rialachán Airgeadais AE, ag an am céanna, á thabhairt le fios gur cheart níos mó a dhéanamh chun trédhearcacht chistiú AE a fhaigheann na tairbhithe uile a fheabhsú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún moltaí CIE a chur chun feidhme maidir le féindearbhuithe i gCóras Trédhearcachta Airgeadais an Aontais a scagadh, chomh maith le faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar an urraim na dtairbhithe do bhunluachanna agus do bhunphrionsabail an Aontais; ag meabhrú, chomh maith leis sin, thuarascáil speisialta CIE 05/2024<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta 05/2024 ó CIE an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh – Cuireann sé faisnéis úsáideach ach theoranta ar fáil maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta’.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur gá do Rúnaíocht Chlár Trédhearcachta an Aontais feabhas a chur ar a seiceálacha córasacha ar fhéindearbhuithe na n-eintiteas a dhearbhaíonn gur ‘ENRanna, ardáin, líonraí agus a macasamhail’ atá iontu; á thabhairt dá haire go bhféadfadh seiceálacha córasacha den sórt sin a bheith bunaithe ar shraith critéar, lena n-áirítear stádas neamhbhrabúis, cuspóirí a bhaineann le leas poiblí, agus neamhspleáchas, chun muinín sna heintitis uile atá cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais a neartú, agus gur cheart ceanglais láidre maidir le cuntasacht agus trédhearcacht a bheith mar thaca leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheas, agus measúnú á dhéanamh ar shamhlacha seachadta do chaiteachas an Aontais, gur cheart soghabhálacht na roghanna éagsúla i leith calaoise agus mí-úsáide eile a chur san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó dhearadh agus ó chur chun feidhme STA, lena n-áirítear na moltaí arna ndíriú ag CIE agus ag an bParlaimint chuige, in ionstraimí cistiúcháin an Aontais amach anseo, go háirithe an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) tar éis 2027; á chur i bhfios go láidir nach mór na heasnaimh a sainaithníodh i gcur chun feidhme STA, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le calaois, cistiú dúbailte, agus easpa trédhearcachta, a bheith mar cheacht do chreataí airgeadais an Aontais amach anseo; ag cur in aghaidh aon mhacasamhlú ar shamhail STA mar atá sí faoi láthair agus á chur i bhfáth nach mór cosaintí i bhfad níos láidre, ceanglais trédhearcachta agus sásraí coiscthe calaoise a bheith ag gabháil le haon chistiú bunaithe ar fheidhmíocht sa todhchaí chun bainistíocht fhónta chistí an Aontais a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">NextGenerationEU (NGEU) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún san athbhreithniú ar na 27 bplean téarnaimh agus athléimneachta chun dul in oiriúint do shuaitheadh sa mhargadh fuinnimh tar éis mhór-ionradh na Rúise ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire gur cheart comhtháthú REPowerEU sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith ina rannchuidiú leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise de chuid na Rúise a laghdú agus neamhthuilleamaíocht na hEorpa a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú, mar sin féin, gur féidir moilleanna a thabhairt faoi deara agus STA á chur chun feidhme agus ag iarraidh ar an gCoimisiún fanacht ar an airdeall, go háirithe i dtreo dheireadh shaolré STA, chun a áirithiú go gcosnóidh na Ballstáit leasanna airgeadais an Aontais agus go gcaithfear airgead cháiníocóirí an Aontais go leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá córais láidre bhainistíochta agus rialaithe chun calaois a chosc ós rud é go bhfuil éifeacht acu coirpigh a dhíspreagadh ó iarracht a dhéanamh calaois a dhéanamh ar údaráis phoiblí; á chur in iúl gur cúis imní di na barúlacha atá tugtha ag CIE arís agus arís eile a léiríonn laigí leanúnacha i gcur chun feidhme chórais rialaithe na mBallstát, toisc go bhfuil rioscaí ag baint leis sin d’infhaighteacht sonraí iomlána agus cruinne is bonn le hiarrataí ar íocaíocht, rochtain ar na hiarrataí sin chun críoch rialaithe, agus feidhmiú éifeachtach chórais rialaithe na mBallstát chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur in iúl gur oth léi nach raibh na córais rialaithe ag feidhmiú go hiomlán i roinnt Ballstát nuair a cuireadh tús le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí ag baint le saincheisteanna den sórt sin do rialtacht íocaíochtaí STA agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na heasnaimh arna sainaithint ina gcreat rialaithe a leigheas gan mhoill, lena n-áirítear trí na moltaí a dhírigh CIE chuige a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt faoi deara go mbraitheann creat rialaithe an Choimisiúin le haghaidh STA go príomha ar fhreagracht na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún ardleibhéal airde a choinneáil ar chomhlíonadh na ngarspriocanna sonracha iniúchóireachta agus rialaithe ag na Ballstáit a cuireadh leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta sin a raibh easpa stóinseachta acu agus leanúint de na hiarrachtaí chun bearnaí cuntasachta a dhúnadh; ag tabhairt dá haire na ngníomhaíochtaí a sheol an Coimisiún tar éis mholtaí CIE maidir le laigí inaitheanta córas rialaithe agus tuairiscithe roinnt Ballstát; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht chinntitheach agus thapa a dhéanamh nuair is gá agus úsáid iomlán a bhaint as forálacha Rialachán STA má leanann easnaimh i gcórais rialaithe na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire gur cúis mhór imní di gur léiríodh i dtuarascáil speisialta 14/2024 ó CIE go bhféadfadh sé go ndearnadh rómheastachán ar thionchar aeráide an chaiteachais ghlais faoi STA suas le EUR 34,5 billiún, agus gur lú an tionchar a bheadh ag roinnt tionscadal ar an aistriú fuinnimh nó fiú go ndéanfaidís dochar don chomhshaol agus go méadófaí an riosca calaoise freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí critéir shoiléire, intomhaiste d’infheistíochtaí glasa faoi bhuiséad an Aontais agus faoi STA lena áirithiú nach bhfaighidh ach tionscadail a bhfuil na tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha atá suntasach agus cruthaithe cistiú, agus ar an gcaoi sin cuntasacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a fheabhsú agus an riosca calaoise á laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt dá haire, i gcás STA in 2023, go léirítear i dTuarascáil CLA 2023 an líon cásanna calaoise amhrasta a thuairiscigh an Coimisiún (15) agus an líon iniúchtaí (13, i gcomparáid le 16 a rinneadh in 2022), ach nach n-áirítear inti líon ard imscrúduithe OIPE (rinneadh tagairt i 233 imscrúdú do chláir téarnaimh agus athléimneachta, le caillteanas airgeadais measta EUR 1,86 billiún); á chur in iúl gur cúis imní di méadú féideartha ar an líon cásanna calaoise, éillithe, cistithe dúbailte agus coinbhleachtaí leasa sna blianta atá le teacht agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhú go tapa chun bainistíocht fhónta agus dáileadh cothrom chistí STA a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú calaoise éigeantach a thabhairt isteach trí CBNR do gach cás a bhaineann le STA, chun a áirithiú go ndéantar neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do chistí STA a thaifeadadh agus go ndéantar monatóireacht orthu go córasach; á thabhairt dá haire gur cúis imní di an easpa trédhearcachta maidir le calaois a thuairisciú a bhaineann le cistí STA agus á éileamh go gcomhlíonann na Ballstáit uile oibleagáidí tuairiscithe caighdeánaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag iarraidh ar OLAF leanúint dá anailís riosca, a cuireadh ar fáil do na Ballstáit in 2023, mar aon le leagan nuashonraithe den ‘chreat riosca STA’, agus leis an oiliúint agus na seimineáir d’údaráis na mBallstát; ag formhuiniú úsáid CBNR chun neamhrialtachtaí STA a thuairisciú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, ar ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe an Aontais, agus ar na Ballstáit, comhoibriú go gníomhach agus idirghníomhú chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus NGEU á chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt faoi deara, mar chuid den Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta, gur ghlac an Coimisiún<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">Fógra ón gCoimisiún – Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta (C(2024)4618).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> Iarscríbhinn IV maidir leis an gcreat le haghaidh laghdú agus aisghabhálacha faoi STA; á chur in iúl go dtuigeann sí gur féidir íocaíocht a laghdú nuair atá íocaíochtaí fós le déanamh; á mheabhrú go dtiocfaidh deireadh le STA in 2026; á chur i bhfios nach bhfuil an aisghabháil le tionscnamh ach amháin nuair nach bhfuil aon tráthchuid eile fós ann; á chur in iúl gur cúis imní di gur léir go bhfuil an nós imeachta aisghabhála sin, a fuarthas ar iasacht ón tsamhail chun cistí comhtháthaithe a chur chun feidhme, thar a bheith neamhéifeachtach agus gur tréigeadh é sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha; á chur in iúl gur oth léi go mór nach raibh aon ordú aisghabhála in ABAC faoi dheireadh 2023 maidir le STA, agus nach bhfuil aon oibleagáid fós ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a bhaineann le STA a thuairisciú trí CBNR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an trédhearcacht maidir le scéimeanna calaoiseacha a nochtadh agus maidir le calaoiseoirí a dhíspreagadh; á athdhearbhú go bhfuil sí míshásta leis an léirmhíniú a d’fhormhuinigh an Coimisiún ar an gcoincheap ‘faighteoir deiridh’ faoi STA; ag diúltú do léirmhíniú neamhiomlán agus míthreorach an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> Freagraí an Choimisiúin ar thuarascáil speisialta CIE an 2 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí STA a bhaint amach’, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt le fios, fiú de réir threoirlínte an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> Fógra ón gCoimisiún – Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta (C(2024)4618).</FIELD></FOOTNOTE>, gurb é an ‘faighteoir deiridh’ an ‘t-eintiteas deireanach’ a fhaigheann cistí do bheart STA, agus nár cheart aon fhaighteoir tosaigh nó idirghabhálaí cistiúcháin, amhail aireachtaí nó gníomhaireachtaí nach bhfeidhmíonn ach mar dháileoirí na gcistí, a mheas mar an ‘t‑eintiteas deireanach’; ag iarraidh ar an gCoimisiún arís a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis an ‘bhfaighteoir deiridh’ nó leis an ‘eintiteas deiridh’ agus gan glacadh le haon fhaisnéis ó na Ballstáit maidir le ‘faighteoirí dara leibhéal’ nach bhfuil i gcomhréir leis an gcomhaontú idir na comhreachtóirí; ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a threoraíocht trí chásanna agus samplaí a sholáthar a lena bhféadfar an fhoráil a shoiléiriú agus a bheidh ina dtéarma tagartha láidir do na húdaráis náisiúnta, ar bhealach lena bhformhuineofaí leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus léirmhíniú aonchineálach ar fud na mBallstát uile; á chur i bhfáth, má leanann an Coimisiún de bheith ag diúltú trédhearcacht iomlán a áirithiú, nach mór don Pharlaimint na bearta uile atá ar fáil a bhreithniú chun comhlíonadh a fhorghníomhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di an tuairim ó CIE<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil speisialta 22/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais – Níl eilimintí bunriachtanacha sna córais rialaithe trína ndéanfaí an riosca méadaithe a eascraíonn as samhail maoiniúcháin RRF nach bhfuil nasctha le costais a mhaolú’ agus a tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2022.</FIELD></FOOTNOTE> maidir leis an riosca méadaitheach go gcaithfear cistí an Aontais faoi dhó ar an mbeart céanna agus go dtabharfar amach iad faoi dhó don ghníomh céanna; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndéantar bearta comhfhreagracha i réimsí comhchosúla, amhail bonneagar iompair agus fuinnimh, a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais agus ó STA araon, toisc go maoinítear le ciste téarnaimh paindéime an Aontais gníomhaíochtaí atá cosúil leis na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear le cláir chaighdeánacha an Aontais; á aithint go gceadaítear comhlántacht idir STA agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, ach á thabhairt faoi deara go bhféadfadh garspriocanna a bheith mar thoradh air sin a mhaoinítear go hiomlán le cistí seachas STA, toisc nach bhfuil STA nasctha le haisíoc na gcostas a thabhaítear go héifeachtach, ach go dtugann sé luach saothair do chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna; á chur i dtábhacht, leis na sraitheanna éagsúla rialachais, an timpeallacht ilroinnte TF agus na malartuithe teoranta sonraí nó úsáid uirlisí mianadóireachta sonraí amhail ARACHNE, go gcuirtear cosc ar chistiú dúbailte a bhrath, agus dá bhrí sin go bhféadfadh sé nach leor na sásraí rialaithe atá i bhfeidhm chun an riosca méadaithe sin a mhaolú go cuí; á áitiú, leis an easpa rochtana dírí ar liosta iomlán fhaighteoirí deiridh STA, go gcuirtear teorainn le cumas an Choimisiúin cásanna de chistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath; á chreidiúint go rannchuidíonn an réamhchúram a ghlac roinnt Ballstát gan STA a chomhcheangal le hionstraimí eile de chuid an Aontais leis an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a mhaolú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a rialuithe i ndáil leis sin a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhféadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta gan aon chostas measta nó costais mheasta nialais<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Guidance to Member States Recovery and Resilience Plans</STRING> [Treoir maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát] (SWD(2021)0012).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios freisin gurb iad na garspriocanna ‘saor ó chostas’ sin an príomhthéarma tagartha chun measúnú a dhéanamh ar úsáid cheart acmhainní STA chun na gcríoch atá beartaithe dóibh; á chur in iúl go dtuigeann sí go scaoiltear na híocaíochtaí do na garspriocanna ‘saor ó chostas’ nó ‘gan chostas’ sin tar éis na garspriocanna a bhaint amach, gan beann ar an gcostas a tabhaíodh, i gcomhréir leis an gcur chuige ‘maoiniú nach bhfuil nasctha le costas’ faoi STA; á thabhairt faoi deara, áfach, go bhfágann garspriocanna den sórt sin nach féidir bainistiú fónta acmhainní STA íoctha a fhíorú, toisc go n-eisíoctar na hacmhainní sin i ndáil le garsprioc nár úsáideadh iad ina leith; ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a thoimhde nach féidir le beart ‘saor ó chostas’ cistiú dúbailte a spreagadh, gan beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear cistí eile de chuid an Aontais chun é a chur chun feidhme; ag iarraidh go láidir ar an gCoimisiún rialuithe ar bhearta ‘saor ó chostas’ a neartú agus treoraíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhearadh airgeadais na mbeart lena mbaineann chun an riosca sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún arís nósanna imeachta iniúchóireachta <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> leormhaithe a choinneáil ar bun agus aird ar leith a thabhairt ar an riosca cúlaithe tar éis íocaíochta chun spriocanna a ndearnadh iniúchadh agus measúnú orthu roimhe seo mar spriocanna a comhlíonadh go sásúil a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag déanamh obair leantach ar thionscnamh straitéiseach an Ombudsman, a seoladh i mí Feabhra 2022 agus a dúnadh i mí Mheán Fómhair 2023, a rinneadh maidir le trédhearcacht agus cuntasacht STA, ar tionscnamh é a dtacaíonn sí go hiomlán lena thorthaí; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé leanúnach idir an Coimisiún agus an tOmbudsman chun aghaidh a thabhairt ar na staideanna fo-optamacha a braitheadh, go háirithe maidir leis an scórchlár agus foilsiú réamhghníomhach doiciméad a bhaineann le STA;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú agus trédhearcacht chun feabhas a chur ar an gcomhrac in aghaidh na calaoise</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil ar thángthas air maidir le téacs an athmhúnlaithe atá beartaithe ar an Rialachán Airgeadais; á chur in iúl go gcreideann sí go neartófar cosaint leasanna airgeadais an Aontais trí raon feidhme EDES a leathnú chun bainistíocht chomhroinnte a áireamh, agus trí bhunús dlí a ghlacadh chun ARACHNE a úsáid mar shamhail d’uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca uile-Aontais; ag meabhrú na n-iarrataí a rinneadh i dtuarascálacha roimhe seo chun a áirithiú go mbainfidh na Ballstáit uile úsáid as uirlisí mianadóireachta sonraí, go háirithe ARACHNE, chun caighdeáin tuairiscithe thráthúla agus dhícheallacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag teacht leis an tuairim go bhféadfadh CBNR, an córas trína dtuairiscíonn na Ballstáit don Choimisiún maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, idir-inoibritheacht níos fearr a bheith aige le huirlisí corparáideacha eile de chuid an Choimisiúin, amhail ARACHNE agus EDES, agus le huirlisí digiteacha sna Ballstáit; á iarraidh go gcuirfí ar an eolas í, tar éis athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais, maidir le dul chun cinn chomhéadan EDES-ICBNR agus maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sonraí CBNR laistigh den uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca (ARACHNE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go méadófaí idir-inoibritheacht idir córais sonraí agus go ndéanfaí tuairisciú, faireachán agus iniúchóireacht san Aontas a chomhchuibhiú; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi chineál trasearnálach na hidir-inoibritheachta agus gur mór aici gur glacadh an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R0903).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur béim ar thorthaí Athbhreithniú 4/2023 ó CIE an 6 Iúil 2023 maidir le bainistiú chistí an Aontais a dhigitiú; á mheabhrú go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an digitiú ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, agus ar bhainistiú, rialú agus iniúchadh chistí an Aontais, trí rochtain níos éasca agus níos tapúla ar shonraí agus ar chros-seiceálacha cianda a cheadú, agus ar an gcaoi sin costais a theorannú tríd an ngá atá le rialuithe agus seiceálacha ar an láthair a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á aithint go mbaineann buntáistí suntasacha le leas a bhaint as geilleagar fíor-ama sonraíbhunaithe do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus an t-ualach riaracháin ar údaráis phoiblí agus ar ghnóthais atá ag oibriú agus ag trádáil thar theorainneacha laistigh den Aontas á laghdú an tráth céanna; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit éifeachtúlacht na comhroinnte sonraí a fheabhsú trí éiceachóras digiteach a chruthú lena gceadófar gluaiseacht rianúil, fíor-ama agus sábháilte sonraí atá caighdeánaithe, struchtúrtha agus meaisín-inléite idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí, go háirithe riaracháin náisiúnta chánach, d’fhonn teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le calaois agus imghabháil cánach a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag teacht leis an tuairim gur cheart an digitiú a bheith i gcroílár gach straitéise frithchalaoise, agus go háirithe gur cheart é a chomhtháthú i straitéisí frithchalaoise náisiúnta chun go mbeadh comhordú ann idir a chomhchodanna agus chun na bagairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chreidiúint go gcuireann an digitiú deiseanna ar fáil d’fheabhsuithe nithiúla ar rialachas an líonra frithchalaoise, agus go gcuidíonn sé le feabhas a chur ar thuairisciú trí chumarsáid agus inrochtaineacht a éascú, agus ar an gcaoi sin tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní atá fós ann agus freagairt níos tráthúla agus níos cuimsithí ó chinnteoirí agus ó chomhreachtóirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil bearta déanta ag breis is leath de na Ballstáit chun bearnaí scileanna sa digitiú a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe easpa faisnéise agus rochtain ar shonraí maidir le digitiú; ag moladh do na Ballstáit agus do ghníomhaithe in OSFC leanúint d’aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna trí bhearta lena n-áirítear, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, comhroinnt eolais, oiliúint agus leathnú saineolais theicniúil agus scileanna i réimse an digitithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag go leor comhpháirteanna OSFC maidir le measúnú agus forbairt bhreise a dhéanamh ar na roghanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga agus leis an meaisínfhoghlaim chun neamhrialtachtaí a shainaithint agus a bhrath agus chun gnóthachain éifeachtúlachta a shaothrú san anailís agus i gcúraimí clasaiceacha riaracháin araon; á athdhearbhú nach mór an measúnú daonna a leanúint de bheith ina shaintréith ríthábhachtach de gach próiseas; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfadh an intleacht shaorga a bheith ina deis chinniúnach sa chomhrac in aghaidh na calaoise, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí anailís thapa a dhéanamh ar thacair mhóra sonraí, chomh maith le feabhas a chur ar bhrath calaoise agus ar shainaithint patrún calaoise; á mheabhrú go bhfuil úsáid rathúil IS ag brath ar chomhar éifeachtach idir na páirtithe leasmhara uile agus ar infhaighteacht sonraí ardcháilíochta, agus úsáid éifeachtach ARACHNE mar bhonn taca leis; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i dtreo an intleacht shaorga a fhorbairt san Eoraip chun seasamh le ceannasacht sonraí agus chun cosaint láidir sonraí a áirithiú, agus é ag teacht leis na prionsabail a leagtar amach sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R1689).</FIELD></FOOTNOTE> agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32016R0679).</FIELD></FOOTNOTE> (RGCS); ag iarraidh ar na gníomhaithe frithchalaoise uile a gcomhar a neartú chun úsáid na hintleachta saorga a ghiaráil go héifeachtach agus go freagrach sa chomhrac in aghaidh na calaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag aithint an bhaoil mhéadaithigh go n-úsáidfear ábhar a ghintear le IS chun próisis soláthair, idirbhearta airgeadais agus fianaise in imscrúduithe calaoise a ionramháil; ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do bhearta taighde agus beartais chun gníomhaíochtaí calaoiseacha arna gcumasú ag an intleacht shaorga a chomhrac, lena n‑áirítear teicneolaíocht dhomhainbhrionnaithe agus feachtais bhréagaisnéise atá bunaithe ar an intleacht shaorga a d’fhéadfadh sásraí airgeadais agus frithchalaoise a chur i mbaol; ag iarraidh ar an gCoimisiún forálacha agus pionóis dlí níos déine a mholadh d’eintitis a bhfaightear amach go bhfuil siad ag baint úsáid as IS chun calaois airgeadais a dhéanamh nó a éascú, lena n-áirítear scéimeanna sciúrtha airgid atá bunaithe ar IS, brionnú conarthaí, agus goid chéannachta dhigiteach i bpróisis soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag aithint na tábhachta a bhaineann le húsáid IS chun cáilíocht agus iomláine na sonraí a mhalartaítear leis na Ballstáit a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gníomhaíochtaí OLAF, lena n-áirítear moltaí i dtuarascálacha bliantúla CLA, idirphlé déthaobhach struchtúrtha leis na Ballstáit, athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin, agus malartuithe idirinstitiúideacha lena ndírítear ar na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh freisin go dtabharfaí isteach tionscnamh tiomnaithe ar fud an Aontais chun sásraí braite calaoise atá bunaithe ar IS a fhorbairt laistigh de OLAF, OIPE, agus Europol, chun éifeachtúlacht a mhéadú maidir le coireanna airgeadais in aghaidh bhuiséad an Aontais a rianú agus a chosc; á mholadh go mbunófaí tascfhórsa uile-Aontais ar a mbeidh ionadaithe ó OLAF, OIPE, Europol agus aonaid náisiúnta frith-chalaoise, le fócas tiomnaithe ar bhagairtí calaoise digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíocht dhomhainbhrionnaithe, doiciméid bhréige arna nginiúint ag IS agus calaois chéannachta shintéiseach; á chur i bhfios go láidir gur cheart don tascfhórsa sin dea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar trasteorann méadaithe agus sásraí comhroinnte sonraí idir na Ballstáit chun calaois atá cumasaithe ag IS a chomhrac, go háirithe i réimsí ardriosca amhail CBL, custam agus dáileadh cabhrach airgeadais; ag spreagadh mol faisnéise comhpháirteach de chuid an Aontais a chruthú chun gníomhaíocht calaoiseach IS a rianú i bhfíor-am; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit IS agus anailísíocht sonraí a chomhtháthú i gcórais braite calaoise, lena n-áirithítear idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí náisiúnta agus bunachair sonraí ar leibhéal an Aontais agus coimircí láidre cosanta sonraí á gcoinneáil ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta diana trédhearcachta agus iniúchta a chur chun feidhme in uirlisí braite calaoise bunaithe ar IS chun claonadh, cúbláil algartamach agus mí-úsáid i gcórais maoirseachta airgeadais a chosc; ag moladh forbairt treoirlínte eitice IS d’institiúidí frithchalaoise chun cuntasacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach próiseas fíoraithe fóiréinseach éigeantach don fhianaise dhigiteach uile a chuirtear isteach i gcásanna calaoise airgeadais, lena n-áiritheofar barántúlacht doiciméad agus ábhar fuaime agus físe a úsáidtear in imscrúduithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sraith inmheánach OSFC an Aontais – príomhbhearta 2023 ar leibhéal an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur struchtúr institiúideach ilchodach é OSFC an Aontais a ceapadh chun calaois agus cineálacha eile mí-iompair a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath, a chosc agus a chomhrac, bunaithe ar líonra ilsrathach comhair ina bhfuil an chéad sraith (OLAF, OIPE, Europol, Eurojust, ÚCSA, an Coimisiún, CIE agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)) bunaithe ar chomhar cothrománach idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus go bhfuil na sraitheanna eile bunaithe ar chaidrimh ingearacha idir an tAontas agus údaráis náisiúnta, agus idir údaráis an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go bhfuil forbairt tagtha ar OSFC thar na blianta trí shraith cinntí ar leithligh as ar eascair líonra nuálach eintiteas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil taithí luachmhar faighte mar gheall ar a ngníomhaíochtaí comhordaithe le blianta beaga anuas ar cheart í a mheas san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na rialacháin ábhartha; á chur i bhfáth gur bunaíodh an chéad údarás ionchúisimh Eorpach le cruthú OIPE, rud a d’éascaigh imscrúduithe agus ionchúisimh dlí choiriúil atá pras agus díreach, agus gur gá na ceachtanna a foghlaimíodh sna chéad bhlianta dá ghníomhaíocht oibríochtúil a chomhtháthú go leormhaith sa chreat reachtach chun go mbeidh sé in ann leas iomlán a bhaint as na huirlisí agus na hacmhainní atá ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sainorduithe soiléire idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais chun an riosca forluí agus dúblála a íoslaghdú agus, ar an gcaoi sin, éifeachtúlacht fheidhmiú OSFC a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici comhtháthú na bpríomhthorthaí riaracháin agus breithiúnacha a bhain OLAF agus OIPE amach i dTuarascáil CLA 2023 faoi seach, a leanann an iliomad iarrataí ón bParlaimint go ndéanfaí tuairisciú níos cuimsithí ar na gníomhaíochtaí a dhéanann comhpháirteanna OSFC; á mheas, áfach, gur cheart aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí idir cineál, raon feidhme agus gráinneacht an dá thuarascáil agus gur cheart na réimsí comhair a léiriú go soiléir; á mheas go bhfuil údar cuí leis na difríochtaí sna figiúirí arna soláthar ag OLAF, OIPE agus i dTuarascáil CLA 2023 sna himthosca reatha; á thabhairt chun suntais nach bhféadfaidh comhlachtaí tuairiscithe sna Ballstáit tuairisciú ar imscrúduithe coiriúla ach amháin nuair a thugann na húdaráis bhreithiúnacha ábhartha údarú dóibh déanamh amhlaidh, agus go dtugann sé sin le tuiscint, cé go dtuairiscíonn OIPE agus OLAF sonraí maidir le himscrúduithe gníomhacha, gur minic nach mbíonn na comhlachtaí tuairiscithe in ann na sonraí sin a iontráil i mbunachar sonraí CBNR mar gheall ar an ngá atá le rúndacht a chosaint agus seoladh cuí imscrúduithe a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go mbíonn éagsúlacht sna sonraí (‘deilte’) mar thoradh ar na cásanna sin nach féidir a dhíchur go dtí go gcuirtear na himscrúduithe i gcrích agus go n-áirítear na sonraí ábhartha sa tuairisciú don Choimisiún ionas gur féidir iad a áireamh i dTuarascáil CLA amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún, i mí na Bealtaine 2023, pacáiste de bhearta frith-éillithe lena gcuimsítear togra le haghaidh treoir maidir leis an éilliú a chomhrac; á chreidiúint gur gá dlús a chur le héilliú a chosc agus a ionchúiseamh agus ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán ar fhorfheidhmiú na mbeart sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh líonra in aghaidh an éillithe, a tháinig le chéile den chéad uair an 20 Meán Fómhair 2023, agus go gcreideann sí go bhféadfadh mapáil na limistéar a bhfuil ardriosca éillithe ag baint leo rannchuidiú go héifeachtach le straitéis frithéillithe an Aontais a fhorbairt a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an smacht reachta mar cheann de bhunluachanna an Aontais agus á chur i bhfáth go bhfuil sásra coinníollachta an smachta reachta ríthábhachtach chun a áirithiú go leanann na Ballstáit de phrionsabail an smachta reachta a urramú; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an chaoi a bhfuil staid an smachta reachta i roinnt Ballstát, ar cúis mhór imní ann féin é sin agus a fhágann go bhféadfadh caillteanais thromchúiseacha a bheith ann ar bhuiséad an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear gach gné den sásra i bhfeidhm go docht agus go tapa i gcás ina sáraíonn na Ballstáit prionsabail an smachta reachta agus ina gcuireann sé sin isteach ar leasanna airgeadais an Aontais, nó ina bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh; á áitiú freisin go bhfuil gá le comhleanúnachas ar fud ionstraimí éagsúla agus measúnú á dhéanamh ar staid an smachta reachta sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á thabhairt dá haire go gcuirtear beart leantach ar fáil sa cheathrú Tuarascáil ón gCoimisiún 2023 maidir leis an smacht reachta, ar tuarascáil í a glacadh i mí Feabhra 2024, i dtaca leis na moltaí a eisíodh i dTuarascáil na bliana roimhe sin maidir leis an Smacht Reachta; á aithint, sa chomhrac in aghaidh an éillithe, go bhfuil athbhreithniú tugtha cothrom le dáta nó seolta ag Ballstáit éagsúla ar a straitéisí náisiúnta agus/nó ar a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, agus go bhfuil athchóiriú déanta ag Ballstáit eile ar an dlí coiriúil chun an comhrac in aghaidh an éillithe a neartú; á thabhairt faoi deara gurb iad acmhainní teoranta na seirbhísí ionchúisimh an bac is mó ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe i gcás go leor Ballstát; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí na mBallstát a spreagadh agus de thacú leo chun éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla a athchóiriú agus a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eile a shainaithnítear sa tuarascáil; á mheabhrú don Choimisiún na huirlisí éifeachtacha atá ar fáil aige chun an smacht reachta a chosaint, amhail nósanna imeachta um shárú, coinníollacht ó thaobh cistiú de agus nósanna imeachta Airteagal 7 CAE, agus á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go mbainfidh sé lánúsáid astu uile; á chur i dtábhacht, i ndáil leis sin, go dtugtar isteach leis an Rialachán Airgeadais nua coinníollacht atá nasctha leis na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE agus ag iarraidh ar an gCoimisiún tosú lena chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna inar seoladh nósanna imeachta um shárú cheana féin in aghaidh Ballstáit maidir le sáruithe ar na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE, toisc gur aitheantas soiléir é sin do shárú leanúnach a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar bhainistiú fónta airgeadais an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tabhairt dá haire an chinnidh ón gCoimisiún gan deireadh a chur leis an mbeart faoi Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2506 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir<FOOTNOTE><FIELD><STRING ITALIC="on"> IO L 325, 20.12.2022, lch. 94, </STRING>ELI: <STRING UNDERLINE="on">https://eur-lex.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2506/oj?eliuri=eli%3Adec_impl%3A2022%3A2506%3Aoj&locale=ga</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis nach gcuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle deireadh leis na bearta a glacadh ach amháin i gcás ina mbailítear fianaise go bhfuil na bearta feabhais arna nglacadh ag Rialtas na hUngáire éifeachtach sa chleachtas agus, go háirithe, nár braitheadh aon chúlchéimniú ar bhearta a glacadh cheana; ag cáineadh na mbagairtí, amhail spiaireacht, a bhfuil foireann institiúidí an Aontais nochta dóibh, amhail foireann OLAF le linn a misean imscrúdaithe san Ungáir; á chur i bhfáth go mbaineann gníomhaíochtaí den sórt sin an bonn go mór den smacht reachta agus de shláine institiúidí an Aontais; á iarraidh go mbunófaí bearta láidre cosanta go tapa chun baill foirne institiúidí an Aontais a chosaint agus iad ar mhisin; ag iarraidh ar údaráis na hUngáire bearta nithiúla láithreacha a dhéanamh chun neamhspleáchas breithiúnach a chosaint, chun seasamh le saoirse na meán agus chun moltaí na Tuarascála ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta a chur chun feidhme go hiomlán chun seiceálacha agus cothromaíochtaí daonlathacha a athbhunú; ag tathant ar an gComhairle leanúint de nós imeachta Airteagal 7 CAE in aghaidh Rialtas na hUngáire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i dtábhacht go bhfuil urraim don smacht reachta, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe, ina príomhchinntitheach de thimpeallacht an mhargaidh aonair lena gcothaítear infheistíocht, fás, poist agus nuálaíocht, agus lena gcosnaítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus oibreoirí eacnamaíocha a oibríonn thar theorainneacha; á chur i bhfáth go bhfuil an Coimisiún freagrach as fíorú dian a dhéanamh, mar choinníoll chun cistiú a eisíoc, ar chomhlíonadh na ngarspriocanna a bhaineann leis an smacht reachta atá comhtháite i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta éagsúla na mBallstát; á mheabhrú go bhfuil an phríomhfhreagracht ar an gCoimisinéir um an daonlathas, an ceartas agus an smacht reachta, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir um an mbuiséad agus comhrac calaoise agus um an riarachán poiblí a ceapadh le déanaí, as an gcóras ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm go hiomlán; ag iarraidh ar an gCoimisiún gan ‘idirphlé’ leis na Ballstáit ná an nós imeachta ‘píolótach’ a úsáid mar mhodh neamhiata chun seoladh nósanna imeachta iarbhír um shárú a sheachaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin tosaíocht a thabhairt go cothrománach do sháruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe maidir le Treoir CLA agus le Rialachán OIPE<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj) .</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas i dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin maidir le tábhacht an smachta reachta do chistí an Aontais agus an gealltanas ón gCoimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí coimircí láidre a thabhairt isteach maidir leis an smacht reachta sa chéad CAI eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á mheas gur gá cosaint chomhluachanna an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE atá san áireamh faoi láthair i Rialachán na bhForálacha Coiteanna a neartú a thuilleadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint conas a d’fhéadfaí sásra atá coibhéiseach leis na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha a fhorbairt mar ghné ghinearálta i ngach réimse de bhuiséad an Aontais, d’fhonn raon níos leithne beartas a nascadh leis na luachanna uile atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun cistiú a nascadh le coinníollacha an smachta reachta agus le hathchóirithe is gá a chur i gcrích chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú, a chuirtear i bhfeidhm go cothrománach ar chistí uile an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a shaothrú agus tograí a chur ar aghaidh chun bosca uirlisí an Aontais um an smacht reachta a neartú a thuilleadh mar thosaíocht, lena n-áirítear coinníollacht neartaithe an smachta reachta maidir le cistí arna n-imscaradh sa chlárthréimhse reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á áitiú go bhfuil dlúthnasc idir an t-éilliú agus sciúradh airgid, agus go bhfuil sciúradh airgid ar cheann de na cumasóirí is tábhachtaí do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ag coirpigh eagraithe, ós rud é go gcuireann sé ar a gcumas dóibh fáltais a gcoireanna a aistriú isteach sa gheilleagar dleathach; á aithint go bhfuil sé deacair sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a chomhrac mar gheall ar chórais dlí náisiúnta ilchineálacha agus cur i bhfeidhm ilroinnte chreat an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gur glacadh an pacáiste uaillmhianach reachtach maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, pacáiste lena ndéanfar rialacha náisiúnta a chomhchuibhiú agus lena bhfeabhsófar an comhrac comhchoiteann in aghaidh sciúradh airgid ar fud an Aontais; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA); á mheas go mbeidh ról lárnach ag an ngníomhaireacht nua sa chreat nua um an sciúradh airgid a chomhrac trína freagrachtaí comhordaithe agus maoirseachta; á mheabhrú go bhfuil sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí nasctha go bunúsach agus á iarraidh go mbeidh ról níos láidre ag OIPE, OLAF agus CIE maidir leis na feiniméin sin a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag teacht leis an tuairim gur neartaíodh cosaint leasanna airgeadais an Aontais leis an Rialachán Airgeadais athmhúnlaithe; á chur i bhfios gur leathnaíodh raon feidhme EDES chun bainistíocht chomhroinnte agus dhíreach a chuimsiú agus chun forais nua eisiaimh a chur ar fáil; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach bunús dlí d’uirlis scórála riosca agus mianadóireachta sonraí a bheidh le húsáid ag na Ballstáit uile agus i ngach modh bainistíochta; á chur in iúl gur oth léi nach dtiocfaidh an dá bheart sin i bhfeidhm ach in 2028 agus ón gcéad CAI eile, rud a fhágann go mbeidh roinnt blianta eile gan trédhearcacht chuimsitheach maidir le faighteoirí deiridh chistí an Aontais agus go gcaillfear deis ríthábhachtach na sonraí sin a úsáid chun coimircí in aghaidh an éillithe agus na calaoise a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur glacadh plean gníomhaíochta nuashonraithe<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin – athbhreithniú 2023’ (COM(2023)0405), ag gabháil leis an doiciméad oibre ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta – athbhreithniú 2023’ (SWD(2023)0245).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le Straitéis Frithchalaoise 2019 ón gCoimisiún; á thabhairt dá haire go n-áirítear ann 44 ghníomhaíocht a dháiltear ar sheacht dtéama lena gcumhdaítear, go háirithe, digitiú, comhar, STA, calaois chustaim, agus múscailt feasachta maidir le cúrsaí cultúir eiticiúla agus frithchalaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i bhfios gurb é clár frithchalaoise an Aontais (CFCA) an t-aon chlár caiteachais atá tiomnaithe go sonrach don chomhrac in aghaidh na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus go gcuireann sé tacaíocht ábhartha ar fáil d’údaráis uile na mBallstát mar chomhpháirteanna de shraith sheachtrach OSFC, chun an comhrac in aghaidh na calaoise a neartú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag CFCA chun oiriúnú don tírdhreach frithchalaoise atá ag síorathrú agus go bhfuil sé ailínithe le tréimhse 7 mbliana (2021-2027) an CAI reatha; á thabhairt dá haire, go dtí seo, gur rannchuidigh 55 % de chur chun feidhme iomlán CFCA leis an aistriú digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún cur le rath CFCA agus ag moladh don Choimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise chun CFCA a mheas mar shamhail atá le leathnú sa chéad CAI eile, i gcomhréir leis an gcúram, a léirítear sa litir mhisin, tacaíocht a fháil d’iarrachtaí na mBallstát leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an chéad iarraidh comhlachais CFCA a fuarthas in 2023 ó thír nach bhfuil san Aontas, eadhon an Úcráin, lena ndearnadh comhaontú comhlachais lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht sa chlár a chaibidliú agus a glacadh i mí an Mhárta 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuarthas sa mheastóireacht eatramhach is déanaí ón gCoimisiún ar Hercule III gnéithe a d’fhéadfadh cur isteach ar éifeachtúlacht an chláir, go háirithe nach raibh na hacmhainní ag lucht riaracháin Ballstát áirithe chun a chur ar a gcumas dóibh déileáil le ceanglais riaracháin an chláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tabhairt faoi deara na n-iarrataí athdhearbhaithe ó OIPE chun cumas braite chomhpháirteanna ábhartha OSFC a neartú, agus á mheabhrú, i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin, go bhfuil béim le leagan ar anailís sonraí mar uirlis chun calaois a bhrath; á thabhairt chun suntais, chuige sin, a thábhachtaí atá sé sainmhínithe a chomhchuibhiú chun sonraí inchomparáide a fháil ar fud an Aontais; ag spreagadh an Choimisiúin chun úsáid CBNR a neartú mar uirlis chun tacú le hanailís riosca iniúchóirí agus gníomhaíochtaí iniúchóireachta á n-ullmhú; ag iarraidh ar OLAF a thairiscint oiliúna d’fhoireann an Choimisiúin a mhéadú, lena n-áirítear iniúchóirí agus gníomhaithe ábhartha sa chiorcad sreafa airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di go bhfuil idirghníomhú idir an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais agus idir údaráis náisiúnta agus OIPE i gceist le struchtúr díláraithe OIPE; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-oibríonn OIPE bunaithe ar rialacháin an Aontais atá infheidhme go díreach ach go n-éilíonn sé freisin bearta cur chun feidhme leormhaithe atá le glacadh trí reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir CLA agus gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht náisiúnta go hiomlán i gcomhréir le Rialachán OIPE agus le Treoir CLA, imeachtaí um shárú a thionscnamh agus athbhreithniú ar na gníomhartha dlí sin a mholadh chun OIPE a dhéanamh níos éifeachtaí i bhfeidhmiú a shainordaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tabhairt dá haire thorthaí an mheasúnaithe comhlíontachta ar na bearta a ghlac na Ballstáit chun a gcórais a oiriúnú do Rialachán OIPE<FOOTNOTE><FIELD> JUST/2022/PR/JCOO/CRIM/0004 — Creatchonradh JUST/2020/PR/03/0001 maidir le Seirbhísí anailíse dlíthiúla, lena n-áirítear measúnú comhlíontachta ar bhearta trasuite náisiúnta, i réimsí beartais an Cheartais agus na dTomhaltóirí.</FIELD></FOOTNOTE>, a cuireadh i láthair i mí Mheán Fómhair 2023; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil go leor cásanna fós fo-optamach agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu toisc go lagaíonn siad éifeachtacht chosaint leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin imscrúduithe coiriúla; ag tagairt, go háirithe, do shannadh na hinniúlachta idir seirbhísí ionchúisimh náisiúnta agus OIPE; á chur i bhfáth freisin go sonraítear i Rialachán OIPE cásanna féideartha OIPE a thuairisciú go díreach agus gan moill mhíchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún fíorú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh iomlán Rialachán OIPE ag na Ballstáit agus ar an tuairisciú pras a dhéanann siad maidir le hamhras faoi chalaois i réimsí atá faoi inniúlacht OIPE go díreach chuige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur údar imní di, i roinnt mhaith Ballstát, nach ‘cúirt’ ná ‘binse’ é an t‑údarás náisiúnta ainmnithe a dhéanann cinneadh maidir le heasaontais idir OIPE agus údaráis náisiúnta i ndáil leis an inniúlacht cás a ionchúiseamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún a fhíorú agus faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuil Airteagal 25(6) agus Airteagal 42(2)(c) de Rialachán OIPE á gcomhlíonadh go hiomlán ag na Ballstáit, ar airteagail iad lena gceanglaítear go bhféadfaí achomharc a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in aghaidh cinneadh ó údarás náisiúnta maidir le sannadh na hinniúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh an rialú atá á dhéanamh faoi láthair ag na húdaráis náisiúnta ar acmhainní agus trealamh ‘riachtanach’ na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha agus an gá atá le tagairt a dhéanamh d’fhorálacha na n-údarás náisiúnta maidir le ‘socruithe leordhóthanacha’ maidir le slándáil shóisialta, pinsin agus cumhdach árachais srian a chur le huathriail agus neamhspleáchas ghníomhaíochtaí OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh leormhaithe a mholadh san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar Rialachán OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil trasuí Threoir CLA éagsúil idir na Ballstáit, rud a dhéanann difear, i gcásanna áirithe, d’fheidhmiú trasteorann inniúlachtaí OIPE; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme cuí Threoir CLA a áirithiú agus athbhreithniú uirthi a mholadh, bunaithe ar an taithí a fuarthas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le hAirteagal 25(3) de Rialachán OIPE, lena dtugtar mionléiriú ar fheidhmiú inniúlacht OIPE i gcás cionta neamh-CLA a bhfuil dlúthbhaint acu le cionta CLA, go n-ardaítear ceisteanna dlíthiúla agus praiticiúla agus gur gá tuilleadh cuíchóirithe a dhéanamh chun úsáid éifeachtach a bhaint as creat dlíthiúil OIPE; ag iarraidh ar an gCoimisiún réitigh oiriúnacha a mholadh san athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán OIPE chun cumas OIPE a neartú chun coireacht eagraithe trasteorann a imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á athdhearbhú<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 dar teideal ‘Tuarascáil ar thuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta’.</FIELD></FOOTNOTE> go bhfuil ról tábhachtach ag OIPE maidir leis an smacht reachta a chosaint agus maidir leis an éilliú a chomhrac san Aontas, agus ag spreagadh an Choimisiúin dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE sna tuarascálacha ar an smacht reachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di aontachas na Polainne agus na Sualainne leis an OIPE; á thabhairt dá haire gur geal léi an fógra a thug Éire le déanaí go bhfuil sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach; ag iarraidh ar Rialtas na hUngáire, an t-aon Bhallstát amháin atá fágtha nár tháinig isteach in OIPE go fóill, d’ainneoin nach raibh aon bhac dlíthiúil ná bunreachtúil air, dul isteach in OIPE gan a thuilleadh moille; á mheabhrú gur léiríodh tacaíocht fhorleathan an phobail d’aontachas na hUngáire trí 680 000 síniú a bhailiú i bhfabhar dul isteach in OIPE, rud a léiríonn éileamh láidir sochaíoch ar chosaintí dlí feabhsaithe in aghaidh na calaoise agus an éillithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go seolfaí malartú tuairimí maidir leis an soiléiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar inniúlacht OIPE laistigh dá shainordú, mar a shainítear sa Chonradh, maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an gcomhar idir na gníomhaithe ábhartha in 2023, agus go raibh OIPE agus Eurojust ag comhoibriú ar 26 chás leanúnacha ag deireadh 2023; á thabhairt faoi deara freisin gur chomhoibrigh OIPE agus Europol go héifeachtúil in 2023 maidir le hábhair oibríochtúla éagsúla, agus á chur in iúl go dtuigeann sí gur tháinig méadú faoi dhó beagnach ar an gcomhar sin in 2023, agus tacaíocht á tabhairt ag Europol maidir le 47 gcás arna iarraidh sin do OIPE; ag iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh go sonróidh OIPE agus Eurojust na critéir éifeachtúlachta ar ar a mbonn a dhéanann siad a ngníomhaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí OLAF agus OIPE a gcomhar a neartú; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil faisnéis á malartú idir an dá oifig chun imscrúduithe comhthreomhara ar na hábhair chéanna a sheachaint, agus, in 2023, gur oscail OLAF 22 imscrúdú chomhlántacha agus gur iarr OIPE ceithre imscrúdú tacaíochta; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil na sineirgí a eascraíonn as úsáid imscrúduithe comhlántacha (sean-Airteagal 12(f) de Rialachán OIPE) agus imscrúduithe tacaíochta (sean-Airteagal 12(e) de Rialachán OIPE) fo-optamach; ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna dlíthiúla agus oibríochtúla atá leis sin agus a rialacháin á n-athbhreithniú aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di an easpa anailíse agus faisnéise cruinne maidir leis na haisghabhálacha chun tairbhe bhuiséad an Aontais ar cheart iad a theacht i ndiaidh imscrúduithe OLAF agus OIPE araon; á chur in iúl gurb eol di go dtéann tionchar AOSFC ar shlándáil na saoránach agus ar fhorfheidhmiú an smachta reachta san Aontas thar chainníochtú na n-aisghabhálacha airgeadais amháin; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart torthaí na n-iarrachtaí a dhéantar chun OSFC a chruthú a bheith dírithe ar intomhaisteacht agus a bheith inláimhsithe ar a laghad maidir leis na gnéithe buiséadacha; á chur i dtábhacht gur cheart tionchar na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a mheasúnú agus a chur san áireamh agus acmhainní á leithdháileadh agus sainorduithe á sainiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí nár chuir an Coimisiún sonraí ar fáil go fóill maidir leis na haisghabhálacha chun tairbhe bhuiséad an Aontais tar éis ghníomhaíochtaí OIPE arna dtuairisciú don Choimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 103(2) de Rialachán OIPE, agus go bhfuil an t-ábhar sin san áireamh i litir mhisin an Choimisinéara um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán poiblí; á thabhairt faoi deara go bhfuil reo sócmhainní fíor-riachtanach chun coireacht a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a chomhrac, agus go bhfuil méid áirithe ama ag teastáil chun an reo a thiontú ina choigistiú agus ina aisghabhálacha iarbhír; á chur i dtábhacht nach bhfuil coinne leis go dtiocfaidh an méid arna choigistiú ar ais do bhuiséad an Aontais mar réamhshocrú; á thabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán OIPE, gur cheart an t‑ioncam a d’fhéadfadh teacht as bearta urghabhála agus coigistíochta arna ndéanamh ag Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sna Ballstáit a theacht ar ais isteach i mbuiséad an Aontais agus go bhféadfaí é a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais mar ioncam neamhshannta; ag iarraidh ar an gCoimisiún na socruithe is gá a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha chun go mbeidh na suimeanna sin in ann dul isteach i mbuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfios nach ndéantar sonraí maidir le haisghabhálacha éifeachtacha tar éis mholtaí airgeadais OLAF a fhoilsiú i dTuarascáil Bhliantúil OLAF ná in aon tuarascáil oifigiúil eile ón gCoimisiún; á chur in iúl gur oth léi nach gcuirtear ach sonraí comhiomlánaithe ar fáil agus go dtagraíonn siad do 2 299 moladh airgeadais arna n‑eisiúint ag OLAF idir 2012 agus 2023 le haghaidh méid foriomlán de thart ar EUR 9 mbilliún; á thabhairt le fios go maítear san anailís ar na figiúirí atá ar fáil go bhféadfaí feabhsú go mór; á thabhairt faoi deara go bhfuil bearna mhór ann idir na méideanna atá molta ag OLAF lena n-aisghabháil, an méid a suíodh a bheith in-aisghabhála ag seirbhísí an Choimisiúin agus an méid a aisghabhadh go héifeachtach ar deireadh; á chur in iúl gur cúis imní di na rátaí ísle aisghabhála i gcás caiteachas míchuí (i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi mhodhanna bainistíochta comhroinnte agus indírí, is é 34 % agus 11 % an ráta, faoi seach, agus i gcás aisghabháil faoi bhainistíocht dhíreach amháin, is é 22 % an ráta); ag iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil ina mbeidh gráinneacht leormhaith maidir le haisghabháil agus measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mbearna aisghabhála; á chur i bhfáth gur gá do OLAF agus don Choimisiún comhchritéir mheastóireachta a chomhaontú, agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, lena n-áirithítear cóineasú agus soiléireacht níos fearr, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an mheasúnaithe téarnaimh airgeadais; á chur i bhfios go láidir gur tomhas tábhachtach ar éifeachtúlacht OSFC é an téarnamh tar éis moladh OLAF agus imscrúduithe OIPE agus á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir leis sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sraith sheachtrach OSFC an Aontais – príomhbhearta ar an leibhéal náisiúnta in 2023</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go meastar go bhfuil leibhéal foriomlán chur chun feidhme mholtaí an Choimisiúin a eisíodh i dTuarascáil CLA 2022 ag na Ballstáit sásúil; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil difríochtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit; <STRING BOLD="on">á </STRING>chur in iúl gur cúis imní di go háirithe na cásanna ina ndearna roinnt Ballstát tuairisciú neamhleor ar neamhrialtachtaí trí CBNR; á mheabhrú go bhfuil tuairisciú éigeantach faoi na rialacháin atá ann faoi láthair agus ag spreagadh OLAF chun a ghníomhaíochtaí maoirseachta agus faireacháin a neartú d’fhonn tuairisciú aonfhoirmeach a bhaint amach ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chuimsitheacht an tuairiscithe in CBNR ag tíortha a thairbhíonn de chúnamh réamhaontachais agus á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na hArd-Stiúrthóireachta um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú chun oibleagáidí na dtíortha is iarrthóirí neamhrialtachtaí in CBNR a thuairisciú go tráthrialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát na neamhrialtachtaí a bhaineann le STA a thuairisciú in CBNR, i gcomhréir le moltaí CIE; ag iarraidh ar an gCoimisiún an úsáid sin a bhaineann na Ballstáit as CBNR a éascú trí thacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm oiliúna, seimineár agus malartú dea-chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht na Sualainne agus na Polainne in OIPE, rud a cinneadh in 2024, chomh maith leis an gcuspóir atá ag Rialtas nua na hÉireann dul isteach in OIPE; á áitiú nach mór do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach go fóill é sin a dhéanamh gan mhoill agus ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht in OIPE a dhreasú trí bhearta dearfacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á athdhearbhú gur forais iad comhar neamhéifeachtach nó míthráthúil, nó easpa comhair na mBallstát le OIPE agus OLAF le gníomhaíocht faoin Rialachán Coinníollachta; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar an bhfaisnéis uile ó OIPE agus ó OLAF maidir le cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit a n-oibleagáidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á áitiú gurb iad na Straitéisí Náisiúnta Frithchalaoise an uirlis is éifeachtaí le haghaidh comhordú idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus earnála éagsúla agus an iliomad eintiteas áitiúil ar a gcuirtear na cúraimí ina n-eagraítear an timthriall frithchalaoise; á thabhairt dá haire gur thuairiscigh 21 as 27 mBallstát in 2023 go raibh straitéis frithchalaoise acu; á thabhairt faoi deara nach raibh straitéis náisiúnta frithchalaoise iomlán ach ag 10 as 21 Bhallstát<FOOTNOTE><FIELD> As na 10 straitéis náisiúnta frithchalaoise sin, ní chumhdaítear le ceann amháin gach céim den timthriall frithchalaoise, níl peirspictíocht ilbhliantúil ag ceann amháin agus is gá dhá cheann a thabhairt cothrom le dáta.</FIELD></FOOTNOTE> agus nach raibh ach straitéisí earnála, seachas náisiúnta, i bhfeidhm ag 11 Bhallstát; á aithint go bhfuil éagsúlacht mhór sa chur chuige a ghlacann na Ballstáit ina gcuid straitéisí frithchalaoise sa lá atá inniu ann; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon straitéis frithchalaoise ag sé Bhallstát; á chur in iúl gur oth léi an cás an-mhíshásúil sin, a chuireann isteach ar shláine chaiteachas an Aontais agus a bhaineann an bonn de mhuinín na saoránach in institiúidí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á áitiú go mbainfeadh na Ballstáit tairbhe as meastóireacht thréimhsiúil ar a gcreataí frithchalaoise; ag iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun athbhreithnithe neamhspleácha nó piaraí a dhéanamh ar a gcreataí frithchalaoise chun comhsheasmhacht a fheabhsú agus ardchaighdeáin a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin tionscnaimh infhorfheidhmithe a mholadh chun an caidreamh a shoiléiriú agus machnamh a dhéanamh ar nasc a bhunú idir glacadh straitéisí náisiúnta frithchalaoise ag na Ballstáit agus leibhéal na tacaíochta airgeadais a fhaigheann siad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún cleachtadh faireacháin a sheoladh, mar ullmhúchán don athbhreithniú ar Rialachán OLAF, maidir le staid na himeartha i ndáil leis na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise atá bunaithe sna Ballstáit; á mholadh don Choimisiún pleanáil a dhéanamh chun a struchtúr, a ról, a bhfreagrachtaí agus a sainordú a nuashonrú agus a athdhearadh; á chur in iúl gur oth léi an leibhéal fo-optamach foirne ar fud fhormhór na Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir gur gá leibhéil leordhóthanacha saineolais a áirithiú i measc na foirne i struchtúir náisiúnta comhordaithe frith-chalaoise; ag iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar ábhar tosaíochta, lena n-áirítear i gcomhthéacs thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>ag cur i dtábhacht go láidir an róil a imríonn údaráis phoiblí i gcothú cultúir neamhfhulaingthe in aghaidh na calaoise agus á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá sé calaois a chosc chun a áirithiú nach dtarlódh calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus mí-úsáid eile cistí sa chéad áit; á mheabhrú go bhfuil trasuí ceart Threoir CLA, a glacadh an 5 Iúil 2017, ríthábhachtach chun buiséad an Aontais a chosaint, chun beartais uile an Aontais a n-úsáidtear airgead an Aontais ina leith a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcomhthéacs cur chun úsáide STA, agus chun raon feidhme na n‑imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh arna ndéanamh ag OIPE a shuí, a bhfuil a inniúlacht bunaithe faoi threoir Threoir CLA, mar a chuirtear chun feidhme í leis an dlí náisiúnta; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go ndéanfaidh údaráis náisiúnta, lena n‑áirítear rialtais, sna Ballstáit uile calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus aon mhí-úsáid eile cistí poiblí a cháineadh, agus cur chuige réamhghníomhach á ghlacadh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha i réimsí lena n‑áirítear measúnú riosca, cumarsáid agus comhroinnt faisnéise, agus oiliúint foirne; ag iarraidh ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh go tráthúil trí nósanna imeachta um shárú chun trasuí comhsheasmhach Threoir CLA agus dliteanas éifeachtach daoine dlítheanacha agus nádúrtha – agus smachtbhannaí ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag sceithirí maidir brath, imscrúdú agus ionchúiseamh calaoise a threisiú; á chur in iúl go dtuigeann sí, faoi dheireadh 2023, go raibh reachtaíocht náisiúnta glactha ag 24 Bhallstát chun an Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais a thrasuí agus gur dhearbhaigh siad go raibh an trasuí críochnaithe acu; á chur in iúl gur oth léi, áfach, i mí an Mhárta 2023, tar éis anailís a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a glacadh, go raibh ar an gCoimisiún sé Bhallstát a tharchur chuig CBAE toisc nár thrasuigh siad an Treoir agus toisc nár thug siad fógra faoi bhearta trasuite, agus gur iarr sé ar an gCúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur; á chur in iúl gur cúis imní di na himeachtaí breise um shárú<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2024)0269).</FIELD></FOOTNOTE> atá ar siúl in aghaidh sé Bhallstát eile; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán ar bhearta náisiúnta trasuite agus tuairisciú don Pharlaimint dá réir sin; á chur i bhfáth nach mór don Pharlaimint í féin a áirithiú go práinneach freisin go ndéanfar an Treoir a thrasuí i gceart, mar a daingníodh le rialú CBAE an 11 Meán Fómhair 2024, a léirigh nach dtugtar le creat reatha na Parlaiminte cosaint chothrom éifeachtach in aghaidh frithbheartaíochta; ag iarraidh ar an bParlaimint rialacha láidre a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an Treoir chun a sceithirí féin a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á thabhairt dá haire go ndearna Rannán Imscrúdaitheach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI IG/IN) 10 dtarchur chuig OIPE agus 17 dtarchur chuig OLAF faoi dheireadh 2023; á chur in iúl gurb eol di go bhféadfar eintitis a bhfuair BEI IG/IN amach go raibh siad ag gabháil do chleachtais thoirmiscthe a eisiamh, is é sin le rá go ndearbhófaí go bhfuil siad neamh-incháilithe, ar feadh tréimhse shonraithe, ó aon chonradh a dhámhachtain dóibh nó ó aon chaidreamh a dhéanamh le BEI; á thabhairt faoi deara, in 2023, gur eisiadh cúig oibreoir eacnamaíocha ar feadh íostréimhse 3 bliana mar thoradh ar na himeachtaí eisiaimh sin, agus gur tháinig cúig chuideachta eile ar chomhaontuithe socraíochta lena gcuirtear coinníollacht i bhfeidhm maidir lena n‑incháilitheacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An ghné sheachtrach de chosaint leasanna airgeadais an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi freagairt an Choimisiúin ar a hiarraidh go méadófaí an faireachán agus an rialú ar na cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, an Eoraip Dhomhanda, chun cúnamh a thabhairt do thíortha nach bhfuil san Aontas, agus tríd an teachtaireacht chomhpháirteach le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 maidir leis an troid in aghaidh an éillithe (JOIN(2023)0012).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar bearta frithéillithe a phríomhshruthú in ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais; ag athdhearbhú a molta tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí agus cistí chuig tíortha nach bhfuil san Aontas a shaoradh, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí, i gcás inar léir nach ndéanann na húdaráis fíorghníomhaíocht in aghaidh éilliú forleathan, gan cur isteach ar thacaíocht don phobal sibhialta; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll riachtanach é urraim a thabhairt do luachanna an Aontais agus tiomantas do chur chun cinn na luachanna sin do na comhpháirtithe uile ar mian leo teacht isteach san Aontas; á athdhearbhú gur próiseas bunaithe ar thuillteanas é aontachas leis an Aontas trína ndéantar measúnú ar gach iarratasóir ar a thuillteanas féin agus ar an gcaoi a bhfuil sé ag comhlíonadh chritéir Chóbanhávan; á mheas gur cheart, agus modheolaíocht an mhéadaithe athbhreithnithe á cur i bhfeidhm, go ndíreofaí go háirithe ar athchóirithe bunúsacha, agus gur cheart coinníollacht chothrom agus dhian a chur i bhfeidhm mar aon le hinchúlaitheacht i gcás ina dtarlaíonn bacainní; á mheas nach mór uirlisí iomchuí a úsáid chun a áirithiú go léiríonn tíortha is iarrthóirí comhlíonadh nithiúil agus inbhuanaithe leis an smacht reachta, leis na prionsabail dhaonlathacha agus leis na cearta bunúsacha, sula dtagann siad isteach san Aontas agus ina dhiaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á thabhairt faoi deara go mbeidh tacaíocht shuntasach fós de dhíth ar an Úcráin sa chéad CAI eile i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus, ó thaobh comhaontú síochána inbhuanaithe de, go mbeidh tacaíocht de dhíth ar an Úcráin le haghaidh atógáil iarchogaidh, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh seirbhísí agus athchóirithe rialtais láir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á mheas go bhféadfaí na trí cholún den tSaoráid don Úcráin a athmhúnlú dá réir agus gur cheart an atógáil a ailíniú le ceanglais réamhaontachais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá dlúthchomhordú agus comhar le sásra comhordaithe na hÚcráine a bhunaigh an G7; ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit uile a dtacaíocht don Úcráin a mhéadú, agus bearta iomchuí á gcur i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chalaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí in úsáid chistí an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear trí sheiceálacha níos críochnúla a dhéanamh, chun a áirithiú go ndéantar faireachán agus rialú leordhóthanach ar chistí an Aontais a sheoltar chuig an Úcráin agus chuig a tíortha comharsanachta agus go rachaidh siad chun sochair dóibhsean is mó a bhfuil gá acu leis sa deireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfágann an méid tacaíochta airgeadais nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a fuair an Úcráin ón Aontas le blianta beaga anuas, agus a imscaradh sna dálaí fíordhíobhálacha a atá ann mar gheall ar an gcogadh leanúnach, go nglacfar bearta iomchuí chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní den sórt sin mar a bheartaítear iad a úsáid, go háirithe i gcás ina bhfuil siad dírithe ar bhonneagar a fheabhsú agus i gcás ina bhfuil sé i gceist iad a dhul chun sochair do dhaoine i ngátar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur i bhfios gur mór aici an obair atá déanta ag OLAF agus ag OIPE maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí oiliúint a chur ar fáil chun acmhainn riaracháin agus uathriail a mhéadú, imscrúduithe a dhéanamh san Úcráin agus comhaontú ar an socrú oibre le Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine chun comhar a éascú maidir le himscrúdú ar éilliú; ag iarraidh ar oifigí inniúla an Aontais leanúint dá gcomhoibriú le húdaráis na hÚcráine agus dá dtacaíocht dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>ag aithint, ina leith sin, an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin maidir le hathchóirithe a chur chun cinn a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna, le cuntasacht, le comhrac an éillithe agus le comhrac an sciúrtha airgid, d’ainneoin na ndálaí deacra a bhí ann mar thoradh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise; ag moladh don Úcráin leanúint ar aghaidh ar chonair an athchóirithe, lena n-áirítear maidir le tionchar na n‑olagarcaí sa pholaitíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí feabhsaithe atá glactha ag an Aontas in aghaidh na Rúise go dtí seo, lena gcuimsítear toirmeasc ar náisiúnaigh agus eintitis Rúiseacha páirt a ghlacadh i gconarthaí soláthair phoiblí san Aontas agus srianta ar chistiú de chuid an Aontais d’eintitis atá faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú na Rúise; á aithint, áfach, d’ainneoin na mbeart atá ann faoi láthair, gur féidir le daoine aonair agus eintitis atá faoi réir na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise fós teacht ar bhealaí chun dul timpeall ar na smachtbhannaí agus ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar na Ballstáit raon feidhme agus éifeachtacht an bheartais smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil ar bun, a neartú agus a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á aithint go bhfuil na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla ábhartha freagrach as smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú go héifeachtach, agus as sáruithe a shainaithint agus pionóis iomchuí a fhorchur; ag cur i dtábhacht go láidir an róil atá ag údaráis chustaim agus na tábhachta a bhaineann lena ndlúthchomhar maidir le forghníomhú aonfhoirmeach smachtbhannaí a neartú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an Tionscnamh Custaim Baltach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb é an tAontas an soláthraí is mó de chúnamh seachtrach do dhídeanaithe Palaistíneacha; á chur i bhfáth nach mór leanúint de thacaíocht a sholáthar ó bhuiséad an Aontais chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú i réigiún an Mheánoirthir, chun an sceimhlitheoireacht, an fuath, an bunachas agus an bhréagaisnéis a chomhrac, chomh maith le cearta an duine a chur chun cinn, an tsaoirse ó phionós a chomhrac agus an cloí leis an smacht reachta a neartú; á chur i bhfios go láidir, dá réir sin, nach féidir le buiséid an Aontais, in imthosca ar bith, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a théann in aghaidh na gcuspóirí sin; á thabhairt dá haire, tar éis ionsaithe uafásacha sceimhlitheoireachta Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus líomhaintí faoi mhí-úsáid chistí an Aontais le haghaidh na sceimhlitheoireachta, go bhfuil athbhreithniú maoinithe déanta ag an gCoimisiún, inar iarradh fós, cé gur thángthas ar an gconclúid ann nár aimsíodh aon fhianaise, go dtí seo, gur atreoraíodh airgead chun críoch neamhbheartaithe (lena n-áirítear chun tacaíocht a thabhairt do sceimhlitheoirí atá i bpríosún) agus gur tuairiscíodh ann gur oibrigh na coimircí a bhí i bhfeidhm go maith, bearta breise áirithe a measadh a bheith riachtanach a dhéanamh; á mheabhrú go gcaithfear gach giall a ghabh Hamas a scaoileadh saor; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar cistí an Aontais a leithdháileadh agus a bhainistiú go héifeachtach chun na spriocanna atá beartaithe dóibh a bhaint amach, fiú trí ghrinnscrúdú a dhéanann OIPE, OLAF agus CIE i gcás inarb iomchuí; ag meabhrú na saincheiste leanúnaí maidir le scrios na dtionscadal atá maoinithe ag an Aontas in Gaza agus ar an mBruach Thiar agus á iarraidh go mbeadh níos mó cuntasachta agus coimircí sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chur i bhfáth gur beart iomchuí é tacaíocht bhuiséadach a chur ar fionraí i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí, i gcás nach ndéantar fíorghníomhaíocht in aghaidh éilliú forleathan; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go dtabharfar tosaíocht don chomhrac in aghaidh an éillithe le linn caibidlíocht réamhaontachais, le fothú acmhainneachta trí chomhlachtaí speisialaithe frith-éillithe a bhunú; ag iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a áirithiú don phobal sibhialta, i gcás inar féidir, trí bhealaí malartacha, i gcásanna ina gcuirtear cistiú ar fionraí chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun calaois a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi an easpa comhair ó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le rochtain iomlán thráthúil gan teorainn a sholáthar do CIE ar na doiciméid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún tar éis cur leis an gcumarsáid a dhéanann sé le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag iarraidh air iarrachtaí a threisiú a thuilleadh chun rochtain ar gach doiciméad a iarrtar a áirithiú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>