<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0078</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Parlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0062/2025 -  Rapóirtéir:Monika Hohlmeier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn I – Parlaimint na hEorpa (2024/2020(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0068/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2023, Roinn I – Parlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3115, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Iniúchóra Inmheánaigh don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023, maille leis na freagraí ó na hinstitiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 268, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe Airteagal 34 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus Riail 106(3) dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0062/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur ghlac an tUachtarán cuntais Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2023 an 19 Meitheamh 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thug an tArd-Rúnaí, mar an príomhoifigeach údarúcháin trí tharmligean, dearbhú réasúnach, an 18 Meitheamh 2024, gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do bhuiséad Pharlaimint na hEorpa chun na críche a bhí beartaithe, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a bunaíodh na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur luaigh an Chúirt Iniúchóirí san iniúchadh uaithi nár aimsigh sí, sa mheasúnú sonrach a rinne sí ar an gcaiteachas riaracháin agus caiteachas eile in 2023, aon laige thromchúiseach i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí a scrúdaigh sí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh dá hUachtarán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a áirithiú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>