<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0079</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais - An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0052/2025 -  Rapóirtéir: Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II - an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2024/2021(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh Saothair a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0069/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha bliantúla 2023 ón gComhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2023, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir  an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0052/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur an chinnidh uaithi maidir le hurscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2023 siar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2024/2021(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0052/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (an ‘Ardrúnaíocht’) cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil Ardrúnaí na Comhairle iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le breis agus fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ó urscaoileadh bhuiséad 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ardrúnaí na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 15(3) CFAE ar institiúidí an Aontais a áirithiú ina Rialacha Nós Imeachta go bhfuil a gcuid imeachtaí trédhearcach, agus i roinnt dá fiosrúcháin agus dá cinntí gur cháin an tOmbudsman an Chomhairle as an easpa trédhearcachta a thugann le fios gur theip ar an gComhairle an nasc criticiúil idir an daonlathas agus trédhearcacht na cinnteoireachta a thuiscint go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Ghinearálta i mbreithiúnas uaithi an 25 Eanáir 2023 i gCás T-163/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, T-163/21, CLI:EU:T:2023:15.</FIELD></FOOTNOTE>, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, maidir le trédhearcacht laistigh de phróiseas reachtach an Aontais, nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Comhairle faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún in 2023 (arbh ionann é agus 6,4 % de bhuiséad iomlán bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad na Comhairle, agus thart ar EUR 0,6 billiún, agus 5,2 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2023, sampla de 70 idirbheart faoi Riarachán, breis agus 10 idirbheart a scrúdaíodh in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n‑áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2023, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise, agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 21 (30 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2023, barúil i dtaobh fad creatchonartha cothabhála foirgneamh arna dhámhachtain ag an gComhairle; ag tabhairt dá haire nár shainaithin an Chúirt aon earráid inchainníochtaithe sna ceithre íocaíocht a scrúdaíodh maidir leis an gComhairle;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid na himeartha maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh ar an bParlaimint ó 2009 i leith, agus arís don bhliain airgeadais 2022, urscaoileadh a dhiúltú don Chomhairle toisc go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, rud a chuireann cosc ar an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar ghrinnscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 20 Meán Fómhair 2024, go ndearna seirbhísí ábhartha na Parlaiminte, thar ceann an rapóirtéara don nós imeachta um urscaoileadh, ceistneoir a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht na Comhairle ina raibh 90 cheist thábhachtacha don Pharlaimint chun gur féidir grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle agus ar bhainistiú na Comhairle; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh ceistneoirí comhchosúla chuig gach institiúid eile, a bhfuil freagraí mionsonraithe tugtha ar na ceisteanna uile don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, an 23 Meán Fómhair 2024, gur chuir an Rúnaíocht in iúl don Pharlaimint arís eile nach dtabharfadh sí aghaidh ar cheistneoir na Parlaiminte agus nach mbeadh an Chomhairle rannpháirteach san éisteacht a eagraíodh don 12 Samhain 2024 mar chuid den phróiseas urscaoilte agus ina raibh na hinstitiúidí eile go léir ar tugadh cuireadh dóibh rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag athdhearbhú shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le breis agus 20 bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, lena n-áirítear an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin chun comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go dtugann an staid reatha le tuiscint nach féidir leis an bParlaimint ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle mar gheall ar easpa leanúnach comhair ón gComhairle leis an bParlaimint; á chur i bhfios go láidir go mbaineann an easpa comhair sin an bonn ó chumas na Parlaiminte a ról maoirseachta a chomhlíonadh go héifeachtach agus cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh; á chur i bhfios go láidir go raibh drochthionchar buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid, go bhfuil míchlú tarraingthe ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais dá bharr agus go ndearnadh dochar do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur i bhfios go láidir nach mór don Chomhairle cloí leis na caighdeáin chéanna chuntasachta a bhfuil sí ag dréim leo ó institiúidí eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú gur sárú do-ghlactha ar chuntasacht dhaonlathach é diúltú leanúnach na Comhairle páirt a ghlacadh sa nós imeachta um urscaoileadh. á iarraidh go ndéanfaí leasuithe dlíthiúla agus nós imeachta chun leithreasuithe buiséadacha chuig aon institiúid de chuid an Aontais nach gcomhlíonann oibleagáidí trédhearcachta a choinneáil siar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh agus á áitiú go cuirfear Airteagal 14(1) CAE i bhfeidhm go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint gan moill mhíchuí agus teagmháil a dhéanamh go gníomhach leis an bParlaimint ar an leibhéal is airde a luaithe is féidir, agus a mbeidh páirt ag na hArd-Rúnaithe agus ag na hUachtaráin an dá institiúid inti, chun deireadh a chur leis an tsáinn agus chun réiteach a fháil ar sháinn sheanbhunaithe urscaoilte agus urraim á tabhairt ag an am céanna do róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh agus chun trédhearcacht, inchreidteacht agus rialú daonlathach cuí ar chur chun feidhme an bhuiséid a áirithiú; á iarraidh ar sheirbhísí dlí an Choimisiúin agus na Comhairle tuairim a thabhairt maidir le réitigh Chonradh-bhunaithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun cuntasacht na Comhairle a fhorfheidhmiú sa nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid reatha trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí trí inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair; á chur i bhfáth, áfach, go dtí go ndéanfar athbhreithniú den sórt sin, nach mór an staid reatha a fheabhsú trí chomhar idirinstitiúideach feabhsaithe; ag tathant ar an gComhairle, sa chiall sin, dul i dteagmháil go gníomhach leis an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in ainneoin nach bhfuil an Chomhairle toilteanach comhoibriú ar an nós imeachta um urscaoileadh, go leagann an Pharlaimint béim, mar sin féin, ar roinnt tosaíochtaí polaitiúla agus go leagann sí amach roinnt barúlacha maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais na Comhairle agus barúlacha eile atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh sa tuarascáil seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i bhfianaise easpa comhair ón gComhairle leis an bParlaimint, go mbraitheann barúlacha sna ranna seo a leanas go príomha ar fhaisnéis chomhiomlánaithe atá ar fáil go poiblí, ar faisnéis í a thugann mionsonraí teoranta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí polaitiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an Chomhairle a sainchumas i bhfeidhm sna nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara nó moltaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur sonrú i dtraidisiún na Comhairle gan ceapacháin Ballstát aonair a cheistiú don chuid is mó de na poist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go ndeanann an Chomhairle comhaltaí Chúirt na nIniúchóirí a cheapadh, i gcomhréir leis na moltaí arna ndéanamh ag gach Ballstát, tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á mheabhrú, ar bhonn an réamhriachtanais sin, go dtugann an Pharlaimint tuairim maidir leis na hiarrthóirí; á chur in iúl gur oth léi gur thug an Chomhairle neamhaird arís agus arís eile ar mholtaí na Parlaiminte ina ról comhairleach maidir le comhaltaí den Chúirt a cheapadh; á mheabhrú, cé go bhfuil tuairim na Parlaiminte neamhcheangailteach ar an gComhairle, gur tharraing iarrthóirí a fuair tuairim neamhfhabhrach siar a n-iarrthóireachtaí trí chinneadh na Parlaiminte a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin aitheantas a thabhairt do ról na Parlaiminte mar an t-údarás maoirseachta daonlathach atá nasctha le buiséad an Aontais a choimirciú; á iarraidh ar an gComhairle aitheantas a thabhairt do ról na Parlaiminte trí chomhoibriú sa nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú gurb iad rialtais na mBallstát a cheapann na breithiúna agus na habhcóidí ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de thoil a chéile tar éis dul i gcomhairle le painéal a bhfuil an fhreagracht air tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí ionchasacha na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar Uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle deireadh a chur le hurraíocht chorparáideach a úsáid chun rannchuidiú lena speansais a chumhdach toisc gur baolach go gcruthófar coinbhleachtaí leasa leis sin, i gcomhréir le conclúidí na ceardlainne a reáchtáil an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa an 27 Meitheamh 2023; ag tabhairt dá haire gur mhol an tOmbudsman Eorpach don Chomhairle, ina cinneadh an 9 Meán Fómhair 2024 maidir leis an tionscnamh straitéiseach i ndáil le hurraíocht ó Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh chun feidhme na rialacha neamhcheangailteacha a ghlac an Chomhairle maidir le húsáid urraíochta ag a huachtaránacht (an Treoir) agus féachaint ar bhearta eile a d’fhéadfadh cabhrú leis na rioscaí a bhaineann le húsáid urraíochta a mhaolú; á iarraidh an athuair ar an gComhairle buiséad a chur ar fáil d’Uachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta na hoibre sa Chomhairle a áirithiú go ginearálta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an mhí-úsáid a bhain rialtas na hUngáire as a ról in Uachtaránacht an Aontais chun go saothrófar gealltanais dhéthaobhacha a thagann salach ar bhunluachanna an Aontais, amhail cruinnithe an Phríomh-Aire Viktor Orbán le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin, in ainneoin smachtbhannaí an Aontais agus barántas gabhála ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith coireanna cogaidh i gcoinne na cúirte sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil rannpháirtíochtaí comhchosúla ann le ceannairí forlámhacha eile, rud a bhaineann an bonn ó inchreidteacht an Aontais; á iarraidh ar an gComhairle gníomhaíochtaí den sórt sin a cháineadh go géar agus gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ngníomhóidh na Ballstáit a bhfuil an Uachtaránacht acu i gcomhréir le prionsabail an Aontais, lena ndéanfar sláine agus luachanna an Aontais a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár roinneadh buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle ina dhá bhuiséad atá deighilte go soiléir mar a mhol an Pharlaimint i rúin urscaoilte roimhe seo chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gComhairle Eorpach, ós rud é nach féidir faisnéis iontaofa a fháil i ndáil lena cuid costas sin faoi láthair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sonraí iontaofa le haghaidh rialú oibiachtúil; á iarraidh go gcomhlíonfaí moladh an údaráis um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é EUR 647 908 757 buiséad na Comhairle do 2023, arb ionann é agus méadú 6 % i gcomparáid le 2022, atá níos airde ná an méadú 2,3 % idir 2021 agus 2022; ag tabhairt dá haire go mbaineann an méadú sin go príomha leis an athbhreithniú ar pharaiméadair nuashonraithe tuarastail mar gheall ar bhoilsciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é 97,0 % ráta foriomlán cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle in 2023; ag tabhairt dá haire gur cuireadh beagnach EUR 20 milliún i leithreasuithe ar ceal ag deireadh 2023, agus tháinig leath díobh ó líne buiséid maidir le caiteachais foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais, go ndearna an Chomhairle 41 aistriú buiséadach in 2023 do mhéid carntha EUR 6,5 milliún; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ceanglaíodh le trí cinn de na haistrithe sin go gcuirfí an t-údarás buiséadach ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 29(2), chun críche línte buiséid éagsúla a threisiú lena n-áirítear ‘Obair feistithe agus shuiteála’, ‘Uisce, gás, leictreachas agus téamh’, ‘Trealamh agus bogearraí a fháil’ agus ‘Costas carranna seirbhíse a fháil ar cíos, a chothabháil agus a dheisiú’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>	á iarraidh ar an gComhairle miondealú bliantúil ar speansais taistil agus ionadaíochta na n-oifigeach sinsearach a fhoilsiú, lena n-áirítear Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus an Ardrúnaíocht, i bhformáid sholáimhsithe a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2023 go 2024 agus EUR 85,5 milliún lena gcumhdaítear go príomha; córais ríomhaireachta, costas na hateangaireachta a cuireadh ar fáil in 2023, nár comhaontaíodh sonraisc ina leith go fóill le seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh nuair a dúnadh na cuntais, foirgnimh, faisnéis agus cumarsáid, trealamh closamhairc agus comhdhála, caiteachas eile ar fhoireann: agus iompar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>	á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor na sásraí rialaithe maidir leis an úsáid a bhaineann an Chomhairle as seirbhísí comhairliúcháin agus conraitheoirí seachtracha; á iarraidh go nochtfaí go hiomlán na conarthaí uile ar mó iad ná EUR 50 000, ina sonraítear an raon feidhme, na táirgí insoláthartha, agus na heintitis arna ndámhachtain, chun mí-úsáid fhéideartha cistí poiblí a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an meán-am le haghaidh íocaíochtaí sonrasc ó 18 lá go 13 lá ó 2022 go 2023, atá go mór faoi bhun na huasteorann ama de 30 lá, agus ar an gcaoi sin, ús ar íocaíochtaí déanacha a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 25 % idir 2022 agus 2023 ar speansais mhisin, lena gcuimsítear speansais mhisin ón Rúnaíocht agus speansais mhisin na foirne a bhaineann leis an gComhairle Eorpach araon, agus gur tháinig méadú 36,6 % ar speansais taistil na dtoscaireachtaí arna dtabhú ag Uachtaránachtaí agus ag toscaireachtaí náisiúnta le linn na tréimhse céanna; á iarraidh ar an gComhairle measúnú a dhéanamh ar an méadú suntasach sin ar chaiteachas misin; in éagmais na rochtana ar fhaisnéis mhionsonraithe, á mholadh don Chomhairle na hacmhainní sin a úsáid de mheon na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leag an Chomhairle síos cuspóirí maidir le feidhmíocht a buiséid in 2023, eadhon cinnteoireacht leanúnach a áirithiú sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle; tacaíocht leanúnach a áirithiú don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle trí úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as acmhainní airgeadais, go háirithe i bhfianaise bhrú leanúnach an bhoilscithe agus na méaduithe ar phraghsanna mar thoradh air sin mar gheall ar innéacsú conarthaí agus leanúint ar aghaidh tuilleadh le próiseas an nuachóirithe dhigitigh riaracháin agus é mar chuspóir leis sin feabhas a chur ar cháilíocht eagrú na Rúnaíochta agus ar úsáid iomchuí acmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as a buiséad in 2023, gur lean an Rúnaíocht d’fheabhas a chur ar a próisis bainistithe airgeadais, go háirithe bunaithe ar mholtaí ó roinnt tascfhórsaí inmheánacha; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, na huirlisí feidhmíochta nua, amhail gnéithe acmhainní daonna agus scileanna a áireamh i gcleachtadh pleanála bainistíochta comhtháite, i ndigitiú iomlán na sreafaí oibre airgeadais agus i dtabhairt isteach an tsínithe leictreonaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid níos mó atá á baint as sonraí sa chinnteoireacht, go háirithe bunaithe ar an deais airgeadais mhíosúil, ina léirítear príomhtháscairí feidhmíochta ar fud sheirbhísí na Rúnaíochta agus dheais na mBainisteoirí le príomhléargais ó shonraí acmhainní daonna chun bainistiú laethúil agus cinntí i réimse na n-acmhainní daonna a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Rúnaíocht 4 429 gcruinniú in 2023, a bhí réasúnta cobhsaí i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú 11 % ar líon na gcruinnithe fisiciúla i gcomparáid le 2022, agus gur tháinig laghdú suntasach níos mó ná 60 % ar líon na gcruinnithe a tionóladh trí fhíschomhdháil nó ar mhodh hibrideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol an Rúnaíocht 17 nós imeachta soláthair oscailte, 12 nós imeachta idirbheartaithe nua, chomh maith le 21 nós imeachta idirinstitiúideacha (aon luach) agus nach bhfuil an Chomhairle ar thús cadhnaíochta; ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2023, gur síníodh 41 chonradh, i gcomparáid le 42 chonradh in 2022, agus go raibh obair á déanamh ar 47 luchtóg (aon chatagóir); ag tabhairt dá haire gur dámhadh conarthaí do mhéid iomlán EUR 124,1 milliún in 2023, arb ionann é agus 19,15 % de bhuiséad bliantúil na Comhairle; ag tabhairt dá haire, as an méid iomlán a conraíodh, gur gealladh 0,5 % i gconarthaí ar luach íseal agus ar luach láir, 58 % i gconarthaí sonracha faoi chreatchonarthaí inarb í an Chomhairle an t-údarás conarthach aonair agus 69,5 % i gconarthaí sonracha arna ndámhachtain faoi chreatchonarthaí idirinstitiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tharchuir an Chomhairle a tuarascáil bhliantúil maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2023 chuig an údarás um urscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 118 den rialachán airgeadais; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh 81 % de na moltaí a eisíodh le linn na mblianta 2020-2022 curtha chun feidhme, go raibh 18 % fós oscailte agus i gcás 1 %, gur ghlac an bhainistíocht leis an riosca nó nach raibh na moltaí infheidhme a thuilleadh; ag tabhairt dá haire gur tugadh ceithre iniúchadh inmheánacha a bhí beartaithe i gclár oibre 2023 i gcrích le linn na bliana agus go raibh dhá iniúchadh fós ar siúl ag deireadh 2023; ag tabhairt dá haire gur eisigh an t-iniúchóir inmheánach moltaí ardtosaíochta i dtrí iniúchadh ar chlár oibre 2023 a bhaineann le seirbhísí iompair, freastalaithe IOLAN agus croísheirbhísí agus córais críochphointí IOLAN;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirn</STRING></STRING><STRING BOLD="on">e</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as 3 116 bhall foirne ag deireadh 2023, gur baill foirne bhuana a bhí i 79 % díobh, gur baill foirne shealadacha a bhí i 12,8 % díobh, gur gníomhairí conarthacha a bhí i 8,2 % díobh agus gur shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a bhí in 1 % díobh; ag tabhairt dá haire go raibh athdháileadh na foirne buaine agus sealadaí idir catagóirí poist fós cobhsaí le 1 474,25 riarthóir (AD), 1 159 gcúntóir (AST) agus 230 rúnaí (AST-SC) in 2023, i gcomparáid le 1 519, 1 284 agus 190 in 2022; á thabhairt dá haire go raibh ráta fostaíochta an phlean bunaíochta cothrom le 97,4 % ag deireadh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>	ag tabhairt dá haire, i bhfianaise easpa comhair ón gComhairle leis an bParlaimint, go mbraitheann barúlacha sa roinn seo go príomha ar fhaisnéis chomhiomlánaithe a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar faisnéis í a thugann mionsonraí teoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag cur sonrú sna tionscnaimh eile a rinne an Rúnaíocht chun bheith ina n-ionad oibre níos éagsúla agus níos cuimsithí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuair an Chomhairle gradam 2023 an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán sa chatagóir ‘Barr feabhais san éagsúlacht agus sa chuimsiú’ dá Clár Gníomhaíochta Dearfaí d’Oiliúnaithe faoi Mhíchumas, rud a d’fhág go raibh seisear oiliúnaithe faoi mhíchumas á n-óstáil sa Rúnaíocht in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise atá ar fáil go poiblí a bhaineann le dáileadh inscne agus geografach na foirne sa Rúnaíocht; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann; ag spreagadh na Comhairle cothromaíocht gheografach a foirne a chur chun cinn trí líon níos leithne iarrthóirí ó Bhallstáit atá faoi ghannionadaíocht a thairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Rúnaíochta in 2023 lucht saothair cáilithe óg a mhealladh agus a choinneáil trí thionscnaimh éagsúla amhail ochtar riarthóirí beartais shóisearaigh a earcú faoin gclár nua d’Fhoireann an Bheartais Shóisearaigh, an t‑athbhreithniú ar na rialacha soghluaisteachta inmheánaí agus rannpháirtíocht 41 bhall foirne na Rúnaíochta i gCleachtadh Scáthfhoghlama Idirinstitiúideach; á dhearbhú gur cheart luach saothair a thabhairt don seal oiliúna chun é a ailíniú le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir le Tréimhsí Oiliúna Ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005 INL) lena moltar gur cheart gach intéirneach san Eoraip a íoc; á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta na Comhairle maidir le Brandáil Fostóirí a ullmhaíodh in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh plean 2020-2023 chun Rioscaí Síceasóisialta a Chosc ina ábhar athbhreithnithe in 2023, ar cuireadh a thorthaí san áireamh agus plean nua chun Rioscaí a Chosc á ullmhú agus an Plean Idirghabhála Síceasóisialta á thabhairt cothrom le dáta mar chuid de thionscnaimh na Comhairle chun folláine na foirne a chur chun cinn, ina n-aonar agus mar fhoirne nó mar aonaid araon; ag tabhairt dá haire gur tairgeadh roinnt cineálacha tacaíochta agus cúrsaí do bhaill foirne agus do bhainisteoirí na Rúnaíochta, amhail seisiún oiliúna bainistíochta tiomnaithe maidir le sábháilteacht shíceolaíoch, Treoir do Bhainisteoirí maidir le meabhairshláinte, ceardlanna sonracha maidir le riosca síceasóisialta a chosc arna n-eagrú ar éileamh agus ceardlanna bainistithe struis d’Uachtaránachtaí na Spáinne agus na Beilge ar an gComhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Rúnaíocht an treoirthionscadal Bealaí Nua Oibre (NWOW) i gcrích, a seoladh in 2018, agus go ndearna sí meastóireacht lenar tugadh léargais luachmhara go háirithe ó thaobh cumarsáid maidir le hathrú, rannpháirtíocht úsáideoirí agus rannpháirtíocht foirne i bpróisis athraithe; ag tabhairt dá haire gur chomhroinn an Chomhairle torthaí an treoirthionscadail le heagraíochtaí eile a bhfuil cláir chomhchosúla á seoladh acu; á iarraidh ar an gComhairle na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt leis an údarás um urscaoileadh freisin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil dhá phríomhchuid de chreat eiticiúil na Comhairle, an ‘Treoirleabhar maidir le hEitic agus Iompar’ d’fhoireann na Rúnaíochta agus an ‘Cód Iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí’, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle gan treoraíocht bhreise ná dáta foilsithe; ag cáineadh, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndiaidh an téarma oifige; á iarraidh go gceartófaí na heasnaimh roimhe seo láithreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>	á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go méadaíonn sé muinín an phobail agus, mar a chuir an Chúirt i bhfios go láidir ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019, go bhféadfaí feabhas a chur ar chreataí eiticiúla institiúidí an Aontais; á mheabhrú go háirithe an moladh a d’eisigh an Chúirt maidir le feabhas a chur ar chreat eiticiúil na Comhairle; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil comhchreat eitice an Aontais ann lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle mar a shainaithin an Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid de chur chun feidhme Chinneadh 23/2021 ón Ardrúnaí maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach ag an obair, go ndearnadh roinnt gníomhaíochtaí in 2023 amhail foilsiú an Treoirleabhair maidir le ciapadh san ionad oibre a chosc ar inlíon na Rúnaíochta, gníomhaíochtaí múscailte feasachta do dhaoine nua i ndáil le cur chuige neamhfhulaingthe na Comhairle agus oiliúint éigeantach maidir le frithchiapadh agus iompar míchuí a eagrú do bhainisteoirí nua agus do bhaill foirne a bhfuil freagrachtaí bainistíochta orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Rúnaíocht tuarascáil bhliantúil ina bhfuil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme iaroifigigh shinsearacha na Rúnaíochta tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 16, an tríú mír agus an ceathrú mír, de na Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála maidir le 2023, gur dhearbhaigh iaroifigeach sinsearach amháin go raibh sé ar intinn aige dul i mbun gníomhaíochtaí gairme níos lú ná 12 mhí tar éis dó imeacht agus gur tugadh cead dó ón Údarás Ceapacháin dul i mbun gníomhaíocht amháin faoi réir coinníoll áirithe a bhí dírithe ar thréimhse mhaolaithe an dara mír d’Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>	ag tathant ar an gComhairle rialacha fostaíochta iarthéarma níos déine a bhunú d’oifigigh shinsearacha, lena n-áirítear tréimhse mharana fhadaithe agus nochtadh poiblí éigeantach cleamhnachtaí san earnáil phríobháideach; á iarraidh ar an gComhairle rannpháirtíocht Bhuanionadaíochtaí na mBallstát i gClár Trédhearcachta an Aontais a dhéanamh éigeantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa chlár trédhearcachta éigeantach, arna bhunú le comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, go hiomlán deonach toisc go bhfágtar cur i bhfeidhm phrionsabal na coinníollachta faoi rogha Bhuanionadaíocht gach Ballstáit; ag tabhairt dá haire nach gcloíonn ach ocht mBallstát agus institiúidí an Aontais leis an dea-chleachtas maidir le sainmhíniú éigeantach raon feidhme leathan ar bhrústocaire a chur i bhfeidhm ina gcreat rialála agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa chlár trédhearcachta éigeantach roimh Uachtaránacht a mBallstáit ar an gComhairle, lena linn agus ina diaidh; á iarraidh go mbeadh rialacha eitice níos láidre agus comhchuibhithe ann maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha, agus trédhearcacht brústocaireachta; ag meabhrú seasamh na Parlaiminte nár cheart ligean d’ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad páirt a ghlacadh i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha a bhaineann leis na fóirdheontais sin; á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann an Chomhairle úsáid iomlán as an gclár trédhearcachta éigeantach nó go nglacann sí le tograí chun é a fheabhsú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle staonadh ó dhul i dteagmháil le brústocairí neamhchláraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>	á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann an Chomhairle úsáid iomlán as an gclár trédhearcachta éigeantach thar na teorainneacha atá aici faoi láthair, agus gur diúltaíodh d’aon mholadh maidir le feabhsuithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle diúltú bualadh le brústocairí neamhchláraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>	ag tathant ar an gComhairle sainordú a thabhairt do gach oifigeach ardchéime, lena n‑áirítear Buanionadaithe agus Cinn Toscaireachta, a gcruinnithe le grúpaí leasmhara agus le brústocairí a nochtadh go poiblí i gclár trédhearcachta caighdeánaithe, cosúil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil an Chomhairle fós ag coinneáil siar go córasach nó moill a chur ar rochtain ar dhoiciméid reachtaíochta agus go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a chuireann bac ar ghrinnscrúdú poiblí ar a chinnteoireacht, a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag meabhrú mholtaí an Ombudsman Eorpaigh maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE agus ag tacú leo; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; á mheabhrú gur chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina breithiúnas i gCás T-163/21, De Capitani v an Chomhairle, i bhfios go láidir go bhfuil gá le trédhearcacht reachtach níos soiléire ón gComhairle chun rochtain ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú, agus a chomhfhreagraíonn d’oibleagáid na Comhairle maidir le grinnscrúdú poiblí agus cuntasacht na gcomhreachtóirí mar bhonn d’aon dlisteanacht dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur iarr an tOmbudsman Eorpach arís eile ar an gComhairle in 2023 doiciméid reachtacha a chur ar fáil ag am a chuirfeadh ar chumas an phobail páirt éifeachtach a ghlacadh sa phlé; ag tabhairt dá haire gur iarr an tOmbudsman Eorpach freisin ar an gComhairle leanúint dá hiarrachtaí i dtaca leis an bpobal a chur ar an eolas go leormhaith faoi na bearta sriantacha a glacadh i gcoinne na Rúise, a mhéid is féidir; á chur in iúl gur geal léi an fiosrúchán straitéiseach a sheol an tOmbudsman Eorpach in 2023 ar an gcaoi a láimhseálann na hinstitiúidí iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha, bunaithe go háirithe ar shé ghearán a rinneadh le déanaí leis an Ombudsman maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha an Aontais a láimhseáil an Chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an fhoireann um Rochtain ar Dhoiciméid go bhfuair siad agus gur thug siad freagra ar líon neamhghnách ard iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid in 2023, 3 732 iarraidh tosaigh ar rochtain ar dhoiciméid agus 40 iarratas dearbhúcháin, rud a d’éiligh anailís ar 13 912 dhoiciméad; ag tabhairt dá haire, i measc na n-iarrataí tosaigh ar rochtain, gur tugadh rochtain iomlán ar 10 908 ndoiciméad (78,4 %) agus rochtain pháirteach ar 1 600 doiciméad (11,5 %) agus gur diúltaíodh rochtain ar 1 404 dhoiciméad (10,1 %); ag tabhairt dá haire, i gcás na n-iarratas dearbhúcháin, gur tugadh rochtain iomlán ar 53 dhoiciméad agus rochtain pháirteach ar 45 dhoiciméad, agus gur diúltaíodh rochtain ar 48 ndoiciméad; ag tabhairt dá haire gur próiseáladh iarrataí tosaigh, ar an meán, laistigh de 16 lá oibre agus gur próiseáladh iarratais dearbhúcháin laistigh de 32 lá oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, de réir na dtuarascálacha bliantúla atá ar fáil go poiblí, nár tugadh aon chásanna calaoise nó neamhrialtachta ar aird na n-oifigeach údarúcháin freagrach trí tharmligean le linn 2023, ná nach raibh cásanna den sórt sin faoi réir inniúlacht an phainéil (Airteagal 143 den Rialachán Airgeadais) ná OLAF;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Rúnaíocht, in 2023, dá sprioc maidir le claochlú digiteach a shaothrú, i gcomhréir lena tosaíochtaí Straitéise Digití do 2022-2025; ag tabhairt dá haire, as 113 thionscadal digitithe sa phlean oibre bliantúil, a bhaineann, go háirithe, le réimsí na seirbhísí comhroinnte, an bheartais, an dlí agus TF, gur tugadh 37 % díobh chun críche ag deireadh na bliana agus gur cuireadh 8 % díobh ar ceal nó gur cumascadh iad agus go raibh 38 % díobh fós ar siúl; ag tabhairt dá haire gur eagraíodh cúrsaí oiliúna níos éagsúlaithe, lena n-áirítear cúrsaí sonracha chun conarthaí a shíniú go leictreonach agus chun FIORI, eispéireas nua úsáideoirí SAP, a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>	ag tathant ar an gComhairle dlús a chur le córas na vótála dhigití slán a chur chun feidhme agus córas comhroinnte doiciméad chun éifeachtúlacht, cuntasacht, agus próisis pháipéarbhunaithe nach bhfuil gá leo a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tíolacadh 97 % de shonraisc go leictreonach in 2023, mar a rinneadh in 2022; á aithint, agus idir 30 agus 40 % d’orduithe ceannaigh agus de chonarthaí á síniú go leictreonach gach mí in 2023, go ndearnadh dul chun cinn suntasach i dtreo dhigitiú iomlán an tsreafa oibre airgeadais, ó nósanna imeachta soláthair a sheoladh go sonraisc a íoc go leictreonach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle bearta in 2023 i bhfabhar inrochtaineacht dhigiteach níos fearr, go háirithe trí Threoir maidir le hInrochtaineacht Dhigiteach a fhoilsiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) Tuairim Mhaoirseachta in 2023 i gcomhréir le hAirteagal 57(1)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann leis an ngá atá le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh maidir le tionscadal na Rúnaíochta i ndáil le húsáid seirbhísí láraithe anailísíochta agus tuairiscithe acmhainní daonna agus i ndáil le stóras sonraí a bhunú; ag tabhairt dá haire nár thuairiscigh MECS aon imscrúdú ná gearán a bhain leis an gComhairle in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>	á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa coimircí láidre i gcoinne faireachais agus bailiú sonraí ag tríú páirtithe; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar bhearta slándála, lena n‑áirítear criptiú éigeantach sonraí agus iniúchtaí rialta slándála ar na córais chumarsáide digití uile a úsáideann an Chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire, chun feabhas a chur ar fheasacht agus ullmhacht chibearshlándála a foirne, gur dhear agus gur sheol an Rúnaíocht roinnt cúrsaí oiliúna nua a bhaineann le slándáil faisnéise, frithspiaireacht agus cibearshlándáil in 2023; ag tabhairt dá haire thairis sin gur eagraíodh imeachtaí múscailte feasachta maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an tslándáil faisnéise le linn Mhí na Cibearshlándála i mí Dheireadh Fómhair 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur treisíodh líne bhuiséid 2011 le haghaidh ‘Uisce, gás, leictreachas agus téamh’ le 33 % trí aistriú buiséadach in 2023; ag tabhairt dá haire gur lean an Rúnaíocht dá tomhaltas fuinnimh a laghdú, trí mhodhanna amhail téamh an fhoirgnimh a laghdú agus coirí nua a chur in ionad na gcoirí a bhí i bhfoirgneamh Justus Lipsius;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh príomhthionscadail tógála i gcrích in 2023, amhail athchóiriú a dhéanamh ar roinnt seomraí cruinnithe i bhfoirgnimh LEX agus Justus Lipsius, athchóiriú a dhéanamh leanúnach ar chonairí oifige i bhfoirgneamh Justus Lipsius, feabhsuithe ar shaoráidí agus ar bhonneagar do rothair in áitreabh na Comhairle agus nuachóiriú dheasca fáiltithe Justus Lipsius;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Chomhairle nós imeachta simplithe creidiúnaithe chun feidhme go fóill chun rochtain fhoireann institiúidí eile an Aontais ar áitreabh na Comhairle a éascú; á iarraidh ar an gComhairle an beart sin a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh seachtrach a rinneadh in 2023, gur coinníodh an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil agus go ndearnadh deimhnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a athnuachan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid de na hiarrachtaí tosaíochta leanúnacha le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe, go ndearnadh saoráidí agus bonneagair do rothair in áitreabh na Rúnaíochta a fheabhsú agus a shaincheapadh agus go ndearnadh saoráidí físchomhdhála i bhfoirm ‘seomraí cruinnithe in aon áit’ a athchóiriú nó a chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh iarrachtaí ar bhaill foirne agus ar bhainisteoirí ar bord sa chlaochlú glas trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 319 CFAE chun a fhoráil go sainráite go ndéanfaidh an Pharlaimint, chomh maith le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún, urscaoileadh a dheonú freisin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i ndáil le cur chun feidhme a ranna den bhuiséad nó dá mbuiséad; á iarraidh ar an gComhairle an choinbhleacht idirinstitiúideach a shárú agus cainteanna a atosú le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú comhchoiteann chun an nós imeachta um urscaoileadh a atosú go rianúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go raibh an buiséad foriomlán don chumarsáid a cuireadh chun feidhme le linn na bliana, agus aistrithe á gcur san áireamh, EUR 11 871 300, i.e. 3,54 % níos airde ná buiséad 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann an Rúnaíocht seirbhísí cumarsáide ar fáil d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a ndearnadh athchóiriú ó bhonn ar a láithreacht gréasáin in 2022, d’Uachtarán an Ghrúpa Euro, don uachtaránacht rothlach, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha, do na Ballstáit agus don Rúnaíocht; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach ar an gcomhar idir foireann dhigiteach na Rúnaíochta agus na hUachtaránachtaí in 2023, go háirithe, mar thoradh ar dhlúthchomhordú eagarthóireachta, go bhfuil méadú tagtha ar shineirgí ó thaobh athúsáid ábhair agus comhlántacht níos fearr de, rud a d’uasmhéadaigh an tionchar foriomlán cumarsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir suirbhé ar líne a rinneadh sa ráithe dheireanach de 2023, go raibh 67 % d’úsáideoirí sásta lena n-eispéaras foriomlán ar shuíomh gréasáin na Comhairle, a raibh os cionn 23 mhilliún cuairt air in 2023, méadú 1 % i gcomparáid le 2022, agus 57 900 síntiúsóir, i gcomparáid le 51 600 in 2022.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>