<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0080</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0050/2025 -  Rapóirtéir:Cristian Terheş)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2024/2022(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0070/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do 2023 agus dá tuarascáil bhliantúil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais do 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2023, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0050/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh do Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith chur chun feidhme bhuiséad Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (2024/2022(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IV – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0050/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) institiúid bhreithiúnach an Aontais, a bhfuil sé de chúram uirthi comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú trí léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gConarthaí a mhaoirsiú agus dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcabhraíonn CBAE le luachanna an Aontais a chaomhnú agus go n-oibríonn sí, trína cásdlí, i dtreo thógáil na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>De bhrí go bhfuil dhá chúirt in CBAE: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur leasaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle Prótacal Uimh. 3 ar Reacht CBAE (an ‘Reacht’)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh IO L, 2024/2019, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj.</FIELD></FOOTNOTE> in 2024 i ndáil le réamhrialuithe in ábhair shonracha a aistriú chuig dlínse na Cúirte Ginearálta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad CBAE faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12.3 billiún in 2023 (arbh ionann é agus 6,4 % de bhuiséad iomlán bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad CBAE, agus thart ar EUR 0,5 billiún, agus 3,9 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2023 (‘tuarascáil na Cúirte’), sampla de 70 idirbheart faoin gceannteidil ‘Riarachán’, breis agus 10 idirbheart a scrúdaíodh in 2022; sonraíonn an Chúirt thairis sin go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2023, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise (TF), agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 21 (30 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár sainaithníodh aon saincheisteanna sonracha a bhaineann le CBAE sa tuarascáil ón gCúirt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad a leithdháileadh ar CBAE in 2023 agus EUR 486 025 796, arbh ionann é agus méadú 3,9 % i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire gur bhain an méadú sin go príomha le coigeartuithe tuarastail a tuaradh do 2023; á chur i bhfáth, go bunúsach, gur buiséad riaracháin atá i mbuiséad CBAE, agus thart ar 75 % de na leithreasuithe ag baint le caiteachas dá comhaltaí agus dá foireann, agus beagnach an chuid eile ar fad díobh ag baint le caiteachas ar fhoirgnimh agus ar TF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 97,72 % ráta foriomlán chur chun feidhme an bhuiséid ag deireadh 2023; ag tabhairt dá haire gur cuireadh cúig aistriú faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán Airgeadais chun na línte buiséid le haghaidh ‘tomhaltas fuinnimh’, ‘Ceannach, obair, seirbhísiú agus cothabháil trealaimh agus bogearraí’ agus ‘foirgnimh’ ó línte buiséid eile a threisiú, go príomha an líne bhuiséid le haghaidh na foirne ‘Luach saothair agus liúntais’; ag tabhairt dá haire gur lean cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú buiséadach a chruthú do CBAE, lena n-áirítear trí mhéadú ar an mboilsciú agus trí choigeartuithe tuarastail, a mhéadaigh costais fuinnimh agus costais ar roinnt earraí agus seirbhisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh oifigeach údarúcháin trí tharmligean gur baineadh úsáid as na hacmhainní a leithdháileadh chun na críche a beartaíodh agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus gur thug na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an meán-am íocaíochta agus 23.1 lá in 2023 i gcomparáid le 24.32 lá in 2022; á iarraidh ar CBAE leanúint dá iarrachtaí an t-am le haghaidh íocaíochta a laghdú, go háirithe ós rud é go bhfuarthas 81 % de na sonraisc go leictreonach in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean buiséad misin CBAE, arbh ionann é agus EUR 638 000 don fhoireann agus do na Feisirí araon in 2023, de bheith ag laghdú 3,3 % in 2023 i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire gur úsáideadh 85,1 % de na leithreasuithe le haghaidh misean in 2023 i gcomparáid le 46,6 % in 2022 mar gheall ar na srianta leanúnacha taistil a bhí i bhfeidhm an tráth sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac CBAE céimeanna suntasacha in 2023 i dtreo a athchóirithe bhreithiúnaigh as ar eascair aistriú páirteach dlínse chun réamhrialuithe a thabhairt ón gCúirt Bhreithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil leis an bParlaimint agus leis an gComhairle ag deireadh 2023 i bhfianaise an leasaithe ar Reacht CBAE agus d’fhonn feidhmiú CBAE a fheabhsú i bhfianaise méadú seasta ar an líon cásanna agus ar chastacht agus cineál íogair na gceisteanna a ardaíodh; ag tabhairt dá haire, tar éis ghlacadh an athchóirithe in 2024, gur glacadh rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe chun an t-athchóiriú a thabhairt chun críche agus chun cur chun feidhme an chreata rialála nua a cheadú amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, in 2023, ar chúig chás a bhain le prionsabal na tosaíochta i gcomhthéacs ceithre réamhrialú a thug na cúirteanna sa Ghearmáin, in Éirinn, sa Pholainn agus sa Rómáin, chomh maith le cás amháin um shárú a bhain leis an bPolainn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, lena n-áirithítear léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais ar fud na mBallstát uile agus lena ndéantar an smacht reachta a choimirciú mar bhunluach de chuid an Aontais; ag athdhearbhú go láidir gurb í tosaíocht dhlí an Aontais bunchloch dhlíchóras an Aontais agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag CBAE maidir leis an smacht reachta a chaomhnú ar fud an Aontais. ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar shé chás a bhaineann le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta ag rialtas na hUngáire, a bhaineann an bonn go córasach ó chroíluachanna an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin cinntitheacha a dhéanamh i gcoinne aon Bhallstát a dhéanann agóid i gcoinne chineál ceangailteach rialuithe CBAE nó a thugann neamhaird orthu; á thabhairt chun suntais, i gcásanna a bhaineann le himscrúdú bhuiséad an Aontais, nach mór do na húdaráis inniúla uile prionsabail na próise cuí agus na gceart bunúsach a urramú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, go sonraítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ‘go n-urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit [...]’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cáineadh aon bhearta náisiúnta nó gníomhaíochtaí reachtacha a fhéachann leis an mbonn a bhaint de chódú agus d’fhorfheidhmiú bhreithiúnais CBAE; á iarraidh go mbunófaí sásra faireacháin foirmiúil chun comhlíontacht na mBallstát le rialuithe CBAE a rianú agus á mholadh go ndéanfaí comhlíontacht le heisíocaíocht chistiúcháin an Aontais faoi chreat coinníollachta an smachta reachta a nascadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh 821 chás nua faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais in 2023, i gcomparáid le 806 chás in 2022, ar tarchuir chun réamhrialú 63 % díobh agus gur achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta 28,6 % díobh; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú mór ar chásanna na Cúirte Ginearálta le 1 271 chás nua in 2023 i gcomparáid le 904 chás in 2022, lena n-áirítear sraith eisceachtúil de 404 chás chomhpháirteacha a tíolacadh i mí Dheireadh Fómhair 2023; ag tabhairt dá haire gur bhain 37 % de na cásanna nua in 2023, i gcás na Cúirte Ginearálta, le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an dlí institiúideach, lena n-áirítear an tsraith 404 chás chomhpháirteacha, gur bhain 24,3 % díobh le gníomhaíochtaí a bhaineann le maoin intleachtúil agus gur bhain 6 % díobh le díospóidí idir institiúidí an Aontais agus a bhfoireann; ag tabhairt dá haire go bhfuil líon iomlán na gcásanna atá ar feitheamh fós cobhsaí i gcomparáid leis na blianta roimhe sin: i bhfianaise na 404 chás a luadh roimhe seo mar chás aonair, bhí 2 587 gcás ar feitheamh ag deireadh 2023, i gcomparáid le 2 585 chás ag deireadh 2022 agus 2 541 chás ag deireadh 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhún an Chúirt Bhreithiúnais 783 chás in 2023, i gcomparáid le 808 gcás in 2022, agus gur dhún an Chúirt Ghinearálta 904 chás in 2023, i gcomparáid le 858 gcás in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an laghdú ar mheánfhad na n-imeachtaí do na cásanna a dhún an Chúirt Bhreithiúnais, de bhrí gur 16,1 mí a bhí sa mheán sin in 2023, i gcomparáid le 16,4 mí in 2022; ag tabhairt dá haire gurbh é 18.2 mí meánfhad na gcásanna ar chuir an Chúirt Ghinearálta clabhsúr leo, i gcomparáid le 16.2 mí in 2022, ar mhínigh an Chúirt Ghinearálta gur mar gheall ar chineál agus castacht na n-imeachtaí a bainistíodh in 2023 a bhí sé sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an meán-am a glacadh chun déileáil le caingne díreacha os comhair na Cúirte Breithiúnais (ó 23.5 mí in 2022 go 20.8 mí in 2023) agus le tarchuir le haghaidh réamhrialuithe (ó 17.3 mí go 16.8 mí); ag tabhairt dá haire, maidir leis an dlíthíocht os comhair na Cúirte Breithiúnais, go raibh méadú suntasach ar líon na gcaingne díreacha, go háirithe i réimse an chomhshaoil, agus gur bhain na ceisteanna a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais i gcomhair réamhrialú in 2023 go príomha le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, agus cánachas, cosaint tomhaltóirí agus iompar dá éis sin; ag tabhairt dá haire, maidir leis an dlíthíocht atá os comhair na Cúirte Ginearálta, gur tháinig méadú ar chásanna i réimsí na maoine intleachtúla agus an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, lena n-áirítear an bhaincéireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh ráta ard úsáide e-Curia ann in 2023, le 10 502 chuntas e-Curia cláraithe: rinneadh 94 % de lóisteálacha os comhair na Cúirte Ginearálta trí e-Curia, arb ionann é agus in 2022, agus d’ardaigh ráta úsáide e-Curia ag an gCúirt Bhreithiúnais go dtí thart ar 89 %, i gcomparáid le 87 % in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cartlanna breithiúnacha a dhigitiú d’fhonn doiciméid a chaomhnú le haghaidh comhairliúcháin amach anseo agus rochtain do thaighdeoirí agus don phobal a éascú trí thairseach dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cur chuige feidhmíochtbhunaithe a d’fhorbair CBAE, lena gceadaítear do CBAE cinntí a dhéanamh bunaithe ar thorthaí feidhmíochta agus leibhéal gnóthachtála a chuspóirí, arna thomhas trí shraith táscairí ualaigh oibre agus táscairí oibríochtúla; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear leis na heochairtháscairí feidhmíochta a úsáideann CBAE raon leathan réimsí sonracha chun tacú leis na cúig chuspóir bainistíochta a bhaineann le feidhmiú cuí CBAE, digitiú agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, oscailteacht agus trédhearcacht, ilteangachas agus bainistiú acmhainní daonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh creat rialaithe inmheánaigh CBAE faoi réir mheastóireacht dhomhain in 2022-2023, lenar deimhníodh a fhónta atá sé; ag tabhairt dá haire, mar chuid den mheastóireacht sin, go ndearnadh na ciorcaid rialaithe airgeadais a oiriúnú chun na rialuithe a dhéanamh níos éifeachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain na príomhiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2023 le caiteachas CBAE ar ghlanadh foirgneamh agus le héifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh chun sócmhainní TF CBAE agus na nósanna imeachta roghnúcháin foirne a choimirciú; ag tabhairt dá haire go ndearna iniúchadh inmheánach staidéar freisin ar úsáid na hintleachta saorga i réimse an cheartais i ndáil le cur chun feidhme ‘straitéise chun uirlisí atá bunaithe ar an intleacht shaorga a chomhtháthú in oibriú CBAE’; ag tabhairt dá haire, in go leor cásanna, go ndearna seirbhísí CBAE gníomhaíochtaí chun na moltaí iniúchóireachta inmheánaí a chur chun feidhme sular tugadh na hiniúchtaí inmheánacha chun críche go foirmiúil agus gur mheas an t-iniúchóir inmheánach go raibh na gníomhaíochtaí sin sásúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh 1340 oifigeach (58 %), 765 ghníomhaire shealadacha (33 %) faoi Airteagail 2(a), 2(b) agus 2(c) de Choinníollacha Fostaíochta Fhoireann Eile AE, agus 198 ngníomhaire ar conradh (9 %) fostaithe ag CBAE; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, gurbh ionann ráta áitíochta an phlean bunaíochta agus 97,11 %; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann iomlaoid bhliantúil na foirne agus 7,8 % in 2023, rud a tharla go háirithe mar gheall ar an 20 % de na baill foirne sin a d’fhág CBAE trí dhul ar scor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ginearálta agus nach ndeachaigh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta nua i mbun oifige in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil 54 Bhreitheamh sa Chúirt Ghinearálta agus go ndeachaigh beirt Bhreithiúna nua, bean amháin agus fear amháin, i mbun oifige le linn 2023; ag tabhairt dá haire thairis sin gur toghadh Cláraitheoir nua don Chúirt Ghinearálta in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi freagraí mionsonraithe CBAE ar an gceistneoir ó Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte, a cuireadh ar fáil mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le dáileadh foirne ag deireadh 2023; ag tabhairt dá haire go bhfuil comhdhéanamh inscne na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta fós an-neamhchothrom; á chur in iúl gur mór aici an litir ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta chuig Uachtarán Chomhdháil Ionadaithe na mBallstát in 2024, agus á iarraidh ar na Ballstáit an gá atá le cothromaíocht inscne a chur i gcuntas agus iarrthóirí á n-ainmniú chun Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a ionadú; á iarraidh ar na Ballstáit an gá atá le cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus iarrthóirí á n-ainmniú acu d’ionadú breithiúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mná iad 61 % den 2 303 oifigeach agus gníomhaire a bhí ag fónamh ag deireadh 2023; á chur in iúl gur geal léi go seasann an sciar de mhná i bpoist riaracháin ag 55 %, agus go háirithe, gur mhéadaigh sciar na mban i bpoist bhainistíochta go 43 %, i gcomparáid le 40 % in 2022 agus 2021, rud a dhearbhaíonn an treocht dhomhanda aníos a taifeadadh ó 2018 i leith (41 % in 2020, 39 % in 2019 agus 37,5 % in 2018). ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh ionadaíocht na mban ar an líon is airde i ngráid chúntóra, ach go raibh sé ar an líon is ísle i bpoist ardbhainistíochta,; á iarraidh ar CBAE ionadaíocht níos mó ar mhná i bpoist ardbhainistíochta a áirithiú agus bearta breise a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn ar gach leibhéal; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag CBAE i bhfabhar an chomhionannais, an chuimsithe agus na héagsúlachta, go háirithe ag céim na hearcaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar CBAE Tuarascáil bhliantúil maidir le hInscne agus Éagsúlacht a fhoilsiú chun trédhearcacht a chur ar fáil maidir le hionadaíocht inscne ar gach leibhéal den institiúid, lena n-áirítear Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, agus foireann riaracháin, chomh maith le foráil a dhéanamh do bhearta nithiúla chun feabhas a chur ar phaireacht inscne i bpoist shinsearacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ionadaíocht ag náisiúntachtaí uile an Aontais ar fhoireann CBAE, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht níos mó ag náisiúntachtaí áirithe ná ag náisiúntachtaí eile; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha CBAE cothromaíocht gheografach níos fearr a chur chun cinn i measc a foirne, go háirithe trí infheictheacht agus tarraingteacht a fholúntas poist a chothú, trí choinníollacha poist níos fabhraí a chruthú agus a thairiscint chun gníomhairí sealadacha a mhealladh ó Bhallstáit áirithe nach bhfuil ionadaíocht mhaith acu agus trí chumarsáid fhorleathan a dhéanamh le lucht féachana éagsúil maidir leis na deiseanna fostaíochta in CBAE in 2023; ag tabhairt dá haire go ndearnadh iarracht shuntasach go leor daoine óga éirimiúla ó Bhallstáit éagsúla a mhealladh trí chlár intéirneachta CBAE; ag iarraidh ar CBAE scrúdú a dhéanamh ar ionadaíocht chomhréireach ar oiliúnaithe ó na Ballstáit uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tathant ar CBAE timpeallacht oibre ilteangach a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt don acmhainneacht atá aici feabhas a chur ar dháileadh cothrom náisiúntachtaí i measc a foirne; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais seasamh le prionsabal an ilteangachais agus é a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne an Grúpa Ardleibhéil Idirinstitiúideach ar tharraingteacht Lucsamburg a fheabhsú mar áit oibre don fhoireann; á iarraidh ar CBAE comhar le hinstitiúidí eile atá lonnaithe i Lucsamburg a choinneáil agus a fheabhsú i dtionscnaimh éagsúla; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhormheas an t-údarás buiséadach na leithreasuithe is gá don bhliain airgeadais 2025 chun go bhféadfar liúntas tithíochta a dheonú do bhaill foirne ar ghráid níos ísle, mar a mhol an Grúpa Ardleibhéil Idirinstitiúideach; á iarraidh go ndéanfaí an Pharlaimint a thabhairt cothrom le dáta maidir le dul chun cinn na dtionscnamh sin atá beartaithe chun tarraingteacht Lucsamburg mar áit oibre a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir CBAE roinnt tionscnamh chun feidhme in 2023 chun folláine choirp agus mheabhrach na foirne a chur chun cinn trí cheardlanna speisialaithe agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta; ag tabhairt dá haire go ndearna na bainisteoirí measúnú dearfach ar an scéim teilea-oibre, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2022, agus gur fhreagair 92 % díobh go raibh táirgiúlacht na foirne a bhí ag teilea-obair coibhéiseach nó níos fearr ná mar a bhí roimh an scéim teilea-oibre a bheith ann; ag tabhairt dá haire, d’fhonn cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr a bhaint amach, go ndearna CBAE athnuachan in 2023 ar an bhféidearthacht dá fhoireann teilea-obair a dhéanamh ó lasmuigh den áit fostaíochta suas le 10 lá in aghaidh na bliana, go háirithe le linn na saoire breithiúnaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na feachtais leanúnacha múscailte feasachta, faisnéise agus oiliúna arb é is aidhm dóibh cuimsiú, urraim fhrithpháirteach, comhar agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas agus dá gcuiditheoirí a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 20 198 lá oibre de shaoire breoiteachta a tógadh in 2023, arb ionann é agus laghdú 14,78 % i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh an tseirbhís leighis 11 chás traochta in 2023; á chur in iúl gur geal léi anailís chríochnúil ar thuarascálacha diagnóiseacha a rinne CBAE chun cásanna traochta gairmiúla a shainaithint agus fócas CBAE ar bhearta coisctheacha, go háirithe a foireann oibrithe leighis agus sóisialta a threisiú, rioscaí síceasóisialta san ionad oibre a chosc agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta a thabhairt isteach don bhainistiú ar an gceart chun dícheangail agus ar na rioscaí a bhaineann le rófheidhmíocht; ag moladh do CBAE leanúint d’aird a dhíriú ar an bhfadhb sin chun aon chásanna a bhaineann leis an traochadh a chosc agus an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh maidir leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur seoladh fiosrúchán riaracháin in 2023 maidir le cás líomhnaithe gnéaschiaptha a bhaineann le ball foirne agus gur dúnadh an cás sin in 2024 le smachtbhanna; ag tabhairt dá haire gur comhdaíodh nós imeachta cúnaimh maidir le ciapadh líomhnaithe a bhaineann le breitheamh in 2023 ach nár bunaíodh aon chiapadh sa chás sin; ag tabhairt dá haire go ndearna meitheal idir-rannach, a bunaíodh i mí an Mhárta 2023, scrúdú, dá bhrí sin, roimh dhaingniú Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ar na rialacha agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm in CBAE chun ciapadh a chosc agus go ndearna sí roinnt moltaí d’fhonn feabhas a chur ar na rialacha agus ar na nósanna imeachta sin; ag moladh do CBAE obair leantach a dhéanamh agus leanúint de chaoinfhulaingt a léiriú maidir le ciapadh san ionad oibre trí oiliúint éigeantach a thabhairt isteach maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach agus caighdeáin eiticiúla do gach breitheamh agus oifigeach sinsearach chun mí-úsáid cumhachta a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, mar a iarradh i moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo, gur dréachtaíodh an cód iompair nua maidir le cearta agus oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile CBAE lena léirítear luachanna agus tiomantas CBAE don eitic in 2023 agus gur glacadh é i mí an Mhárta 2024; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa chód iompair forálacha maidir le coinbhleacht leasa, dualgas dílseachta, dualgas rúndachta agus discréide, gníomhaíochtaí seachtracha, gníomhaíochtaí gairme tar éis dóibh an tseirbhís agus na foilseacháin a fhágáil agus go bhfuil feidhm aige freisin maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus breithiúna faoi oiliúint arna n-óstáil faoin nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach; ag tabhairt dá haire gur eagraíodh, in 2023, gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus oiliúint athchóirithe maidir leis an gcód iompair don fhoireann agus do bhainisteoirí, agus béim ar leith á leagan ar nuatheachtaithe; á iarraidh go gcuirfí oiliúint éigeantach ar gach ball foirne ar bhonn rialta agus á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi chur chun feidhme an chóid iompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sular tháinig an cód iompair i bhfeidhm, gur dearbhaíodh agus gur láimhseáladh dhá chás fhéideartha coinbhleachta leasa i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm, d’fhonn a áirithiú nach raibh baint ag na baill foirne nua lena mbaineann le bainistiú comhad a raibh aithne acu orthu ó phost roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis ghlacadh an chóid iompair d’Fheisirí agus d’iar-Fheisirí CBAE, gur foilsíodh dearbhú leasanna na bhFeisirí ar líne chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus cásanna á láimhseáil a sheachaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil athmheasúnú leanúnach á dhéanamh ag CBAE ar a rialacha inmheánacha maidir leis an ábhar sin d’fhonn na rialacha sin a thabhairt cothrom le dáta agus na caighdeáin iompair eiticiúil is airde is féidir a áirithiú; á iarraidh ar CBAE coiste eitice neamhspleách a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid iompair agus chun sáruithe féideartha a imscrúdú; á iarraidh go mbeadh oiliúint eitice bhliantúil éigeantach ann do phearsanra uile CBAE, lena n-áirítear Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta chun sláine na Cúirte a chaomhnú; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi thorthaí aon mheasúnaithe bhreise ar éifeachtacht an bhirt sin atá dírithe ar choinbhleachtaí leasa a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi foilsiú dhearbhuithe leasanna Chomhaltaí CBAE ach á iarraidh go dtabharfaí isteach próiseas scagtha réamhcheaptha caighdeánach chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a mhaolú ag céim luath; ag tathant ar an gComhairle treoirlínte trédhearcacha a bhunú do na Ballstáit agus iarrthóirí á n-ainmniú acu do phoist bhreithiúnacha ag CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tathant ar CBAE beartas éigeantach scaoilte a thabhairt isteach do bhreithiúna i gcásanna ina bhfuil cleamhnachtaí gairmiúla acu roimhe seo le dlíthithe os comhair na Cúirte; á iarraidh go ndéanfaí scagadh coinbhleachta leasa níos déine do bhreithiúna agus d’fhoireann ardchéime, lena n-áirítear nuashonruithe rialta ar cheanglais maidir le nochtadh airgeadais; á iarraidh go bhfoilseofaí cinntí scaoilte fíor-ama i gcásanna ina ndearbhóidh breithiúna coinbhleacht leasa, lena n-áiritheofar trédhearcacht níos fearr sa phróiseas breithiúnach agus lena dtreiseofar muinín an phobail as neamhchlaontacht agus sláine CBAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh cónaí ar Chomhaltaí uile CBAE i Lucsamburg in 2023 i gcomhréir le hAirteagal 14 den Reacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil liosta na ngníomhaíochtaí seachtracha arna ndéanamh ag Comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus Comhaltaí na Cúirte Ginearálta araon foilsithe ar shuíomh gréasáin CBAE ó 2018 i leith; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé deacair don phobal i gcoitinne an liosta a léamh agus á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú air chun soiléireacht agus faisnéiseacht níos fearr a áirithiú; ag tabhairt dá haire nach ndeonaítear an réamhúdarú ó chruinniú ginearálta na Cúirte Breithiúnais nó ó chomhdháil iomlánach na Cúirte Ginearálta ach amháin nuair atá an ghníomhaíocht sheachtrach comhoiriúnach le ceanglais an chóid iompair agus le hoibleagáidí na gComhaltaí a bheith ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí breithiúnacha; á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi aon tionscnaimh chun inléiteacht na faisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha a fheabhsú, i gcomhréir le moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhforáiltear leis na rialacha lena rialaítear taisteal, misin agus úsáid tiománaithe agus gluaisteán na bhFeisirí, mar a tugadh cothrom le dáta in 2021, nach n-íocfaidh CBAE ach na costais reatha a eascraíonn as úsáid an ghluaisteáin chun críocha a bhaineann le hordú misin a fhorghníomhú nó lena shainordú nó lena sainordú a fheidhmiú laistigh de theorainn 10 000 km; ag athdhearbhú a tuairime nár cheart an flít gluaisteán a úsáid lasmuigh de dhianfheidhmiú dhualgais Chomhaltaí CBAE in imthosca ar bith, ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh CBAE go raibh sé i mbun plé le hinstitiúidí eile chun sraith chomhchuibhithe rialacha a fháil maidir le húsáid feithiclí oifigiúla, agus neamhspleáchas gach institiúide á urramú ag an am céanna; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas amháin a chur i bhfeidhm go cothrománach, rud a dhéanfadh an mearbhall a laghdú agus a dhéanfadh trédhearcacht agus éifeachtúlacht a mhéadú in úsáid airgid phoiblí; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi aon dul chun cinn san ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur dúnadh cás OLAF, dá dtagraítear i rúin roimhe seo maidir le hurscaoileadh, inar pléadh le hiompar baill foirne a d’fhéadfadh a bheith ina mhainneachtain thromchúiseach a n-oibleagáidí a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire nach bhfuil CBAE ar an eolas faoi aon imscrúdú nó moladh nua de chuid OLAF in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár thuairiscigh CBAE aon chás calaoise, éillithe nó mí-úsáid chistí an Aontais in 2023; ag tabhairt dá haire gur cuid lárnach dá creat comhtháite rialaithe inmheánaigh agus bainistithe riosca í straitéis frithchalaoise CBAE, agus béim ar leith á leagan ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh míchuí faisnéise;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht agus rochtain ar cheartas do shaoránaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE chun trédhearcacht, rochtain ar cheartas agus oscailteacht phoiblí a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le muinín an phobail in institiúidí an Aontais a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur chomhdhlúthaigh CBAE an tseirbhís sruthaithe d’éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta ar shuíomh gréasáin Curia, rud a d’éascaigh rochtain na saoránach ar ghníomhaíochtaí breithiúnacha CBAE; á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá tagtha ar shuíomh gréasáin CVRIA, ó thaobh a struchtúir, a fheidhmiúlachtaí agus a inneachair de; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh tabhairt bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais, léamh thuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, éisteachtaí an Mhór-Dhlísheomra agus éisteachtaí áirithe de dhlísheomraí ina bhfuil cúigear Breithiúna a chraoladh beo ar shuíomh gréasáin Curia ó 2023 i leith; á iarraidh ar CBAE trédhearcacht a fheabhsú tuilleadh trí éisteachtaí uile na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta araon a chraoladh ar a suíomh gréasáin agus iad a stóráil go buan ar líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, de thoradh an athchóirithe ar a Reacht, go bhfoilseoidh CBAE ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn arna dtaisceadh in imeachtaí réamhrialaithe tar éis dhúnadh na n-imeachtaí sin, ach amháin i gcásanna agóide in aghaidh ráiteas cáis nó breathnóireachta duine a fhoilsiú; á chur i bhfios go láidir go gcuirfidh foilsiú den sórt sin feabhas ar thrédhearcacht agus ar rochtain ar cheartas do shaoránaigh agus á iarraidh ar CBAE gach doiciméad a bhaineann le comhad a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin; á iarraidh ar CBAE nós imeachta a chur chun feidhme a d’fhéadfadh aon duine a úsáid chun rochtain inmheánach a fháil ar na doiciméid uile a bhaineann le cás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac an Chúirt Ghinearálta rialacha maidir le húsáid físchomhdhála i mí Aibreáin 2023 agus gur ghlac an Chúirt Bhreithiúnais iad i mí Mheán Fómhair 2024, ar dá réir a fhéadfaidh páirtí úsáid físchomhdhála a iarraidh i gcás ina gcuireann slándáil nó cúiseanna tromchúiseacha eile cosc ar ionadaí an pháirtí sin páirt a ghlacadh in éisteacht go pearsanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil feidhm ag na rialacha a leagtar síos le cinneadh CBAE an 26 Samhain 2019 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh CBAE i bhfeidhmiú a feidhme riaracháin maidir le doiciméid bhreithiúnacha a bhfuil rochtain orthu faoi rialú Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna; ag tabhairt dá haire gur chláraigh CBAE 21 iarraidh ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid riaracháin in 2023 agus gur dheonaigh sí rochtain ar dhoiciméid riaracháin in 12 chás; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an tOmbudsman Eorpach aon chás drochriaracháin ó thaobh CBAE de in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar CBAE simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun teacht ar rialuithe sonracha maidir le ríomhchúrsaí; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun an comhéadan a dhéanamh níos soláimhsithe agus níos iomasaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcomparáid le 2022, gur tháinig méadú 10,9 % ar an gcaiteachas buiséid do thionscadail TF, méadú 13 % do threalamh TF, méadú 59 % do thionscadail chibearshlándála agus méadú 72 % do sheirbhísí, ceadúnais agus trealamh cibearshlándála in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh cur chun feidhme mórthionscadal digitithe faoin straitéis um chlaochlú digiteach fós ina thosaíocht do CBAE in 2023, amhail an córas comhtháite bainistithe cásanna (SIGA) a fhorbairt, úsáid an fheidhmchláir e-Curia a chur chun cinn chun doiciméid nós imeachta a thaisceadh agus fógra a thabhairt ina leith trí mheán leictreonach, ríomhshíniú a ghlacadh agus córas leictreonach taifeadta agus bainistithe doiciméad HAN/Ares a ghlacadh; ag tabhairt dá haire go ndéanann CBAE an toradh ar infheistíocht i dtionscadail digitithe a rianú ó thaobh costas agus éifeachtúlacht acmhainní de agus á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoina thorthaí sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid dá thionscnamh cuimsitheach chun inrochtaineacht agus cuimsiú a mhéadú do dhaoine leochaileacha, gur lean CBAE den chur chuige ‘inrochtaineacht trí dhearadh’ a chur chun feidhme maidir le haon athrú agus éabhlóid ar a chórais TF; ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Curia, gur thosaigh CBAE ag cur feabhas ar inrochtaineacht an tsuímh do raon leathan úsáideoirí, amhail daoine a bhfuil lagú amhairc orthu, a bhfuil lagú éisteachta orthu nó atá faoi mhíchumas foghlama;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir CBAE roinnt tionscadal chun feidhme atá bunaithe ar an intleacht shaorga (IS), amhail uathoibriú anailíse doiciméad le haghaidh tagairtí don reachtaíocht is infheidhme agus cúnamh le fíorú sonrasc trí phróisis róbataice, i gcomhréir lena straitéis nua maidir le comhtháthú IS a glacadh i mí an Mheithimh 2023; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go n-úsáidtear IS ar bhealach a chaomhnaíonn neamhspleáchas, caighdeán agus suaimhneas na bpróiseas dhlíthiúil go hiomlán agus a chuireann ábhair eiticiúla san áireamh go hiomlán agus go n-úsáidtear í faoi fhormhaoirseacht dhaonna lena gceadaítear idirghabháil dhaonna chun iarmhairtí nó rioscaí diúltacha a sheachaint, nó an córas a stopadh mura bhfeidhmíonn sé mar a beartaíodh; ag tabhairt dá haire, mar chuid den straitéis sin, gur bhunaigh CBAE bord bainistíochta IS atá comhdhéanta de chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe eiticiúla úsáid IS laistigh de CBAE agus chun teorainneacha soiléire a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur díol sásaimh di na treoirlínte foirne maidir le húsáid IS arna n-eisiúint ag an mbord; á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh atá i bhfeidhm chun fostaithe a uas-sciliú in inniúlachtaí digiteacha tríd an gconair oiliúna a forbraíodh i gcomhar leis an gCoiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach (ETA); ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh buntáistí suntasacha ag baint le digitiú an cheartais agus le glacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail IS d’fheidhmiú éifeachtúil CBAE; á mholadh, áfach, go ndéanfadh an CBAE na rioscaí cibearshlándála gaolmhara a réamh-mheas agus a comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus CERT-EU a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár cuireadh aon fhiosrúcháin ó MECS in iúl do CBAE in 2023; ag tabhairt dá haire, in 2023, nár thug MECS aghaidh ar aon mholadh sonrach do CBAE tar éis a imscrúdaithe maidir le húsáid néalseirbhísí ag seirbhísí gréasáin Amazon; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh MECS cinneadh in 2023 lena ndeimhníodh go gcomhlíonann an úsáid a bhaineann CBAE as néalseirbhísí físchomhdhála an dlí maidir le cosaint sonraí; á athdhearbhú, áfach, gur cúis imní di úsáid néalseirbhísí seachtracha, i bhfianaise na mbagairtí atá ag dul i méid maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gceannasacht dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac CBAE treochlár cibearshlándála in 2023 agus gur neartaigh sé a chumais oibríochtúla chibearshlándála chun cosaint níos fearr a thabhairt dá chórais i gcoinne líon méadaitheach na gcibirionsaithe; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur uirlis bhunriachtanach í straitéis láidir chibearshlándála chun trasnaíochtaí eachtracha a chomhrac arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de shláine na nInstitiúidí Eorpacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta éagsúla déanta ag CBAE chun a hullmhacht chibearshlándála agus a cumas téarnamh ó theagmhais slándála a threisiú, lena n-áirítear trína rannpháirtíocht i rialachas an Bhoird Idirinstitiúidigh um Chibearshlándáil agus trí mheascán de rialuithe agus uirlisí cibearshlándála i gcomhréir le moltaí CERT-EU; ag tabhairt dá haire gur fhormheas an t-údarás buiséadach don bhliain airgeadais 2025 na leithreasuithe is gá le haghaidh dhá phost bhreise chun acmhainneachtaí foirne CBAE i réimse na cibearshlándála a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinneadh, amhail iniúchtaí cibearshlándála, oiliúint foirne agus prótacail mhearfhreagartha teagmhas, chun bonneagar teicneolaíoch CBAE a chosaint ar chibearbhagairtí; á chur i bhfáth go mbeidh go leor buntáistí ag baint le digitiú an cheartais agus le húsáid teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga ó thaobh fheidhmiú rianúil CBAE de, ach go mbeidh rioscaí ag baint leis freisin nach mór don Chúirt teacht rompu agus í féin a chosaint orthu; á mholadh, ina leith sin, go bhforbródh CBAE straitéis chibearshlándála agus go gcuirfeadh sí dlús leis an gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, go háirithe ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), maidir le cibirionsaithe a chosc, a bhfuil a líon agus a sofaisticiúlacht ag fás go heaspónantúil san Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ainmneacha samhailteacha a shannadh do chásanna anaithnidithe, trí úsáid a bhaint as gineadóir ainmneacha uathoibríocha ríomhairithe, chun cosaint sonraí pearsanta a neartú agus sainaithint cásanna aonair a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>agus tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh go ndearnadh leasú ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena ndéanfar nósanna imeachta breithiúnacha a shoiléiriú agus a shimpliú, lena n-áirítear an fhéidearthacht físchomhdháil a úsáid le haghaidh éisteachtaí, síniú leictreonach cinntí agus ainmniú cásanna píolótacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar obair leantach ar an machnamh tras-seirbhísí maidir leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as áitribh CBAE, a tugadh i gcrích in 2023, gur seoladh treoirthionscadail; ag tabhairt dá haire go ndéanfar torthaí na dtionscadal sin, mar aon le tosca eile, amhail gnéithe comhshaoil agus buiséadacha, cáilíocht an cheartais, dea-bhail ag an obair, cuimsiú, inrochtaineacht agus tarraingteacht CBAE, a chur san áireamh sa chinneadh deiridh maidir le húsáid fhoirgnimh CBAE; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi chur chun feidhme na gconclúidí sin agus faoi na hiarmhairtí d’eagrú an spáis oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur shaothraigh CBAE a thionscnamh cuimsitheach chun inrochtaineacht agus cuimsiú a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas, agus é mar aidhm leis rochtain ar CBAE a ráthú, go fisiciúil nó go fíorúil, do gach duine aonair, do rannpháirtithe in imeachtaí agus do chuairteoirí; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thosaigh CBAE, in 2023, ar fhardal a dhéanamh ar a bhonneagar d’fhonn an reachtaíocht nua náisiúnta inrochtaineachta a chomhlíonadh amhail ón 1 Eanáir 2032; á iarraidh go gcoinneofar an Pharlaimint ar an eolas faoi thionscnaimh bhreise sa réimse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur lean CBAE, in 2023, dá ídiú fuinnimh agus dá lorg carbóin a laghdú go suntasach i gcomparáid le 2015, arb é an bhonnlíne é chun straitéis bainistithe agus iniúchóireachta comhshaoil CBAE a chur chun feidhme, a bhuí le bearta coigilte fuinnimh agus le barrfheabhsú a bonneagair téimh, fuaraithe agus soilsithe; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú 33,5 % ar thomhaltas téimh, laghdú 28,7 % ar leictreachas, laghdú 20,1 % ar uisce, laghdú 63 % ar pháipéar oifige, laghdú 43 % ar dhramhaíl oifige agus ceaintín agus laghdú 30,2 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2023 i gcomparáid le 2015; á chur in iúl gur geal léi gur chuir CBAE critéir um sholáthar glas i bhfeidhm i 10 nglao ar thairiscint os cionn EUR 60 000; á chur in iúl gur geal léi tiomantas CBAE don Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); ag moladh do CBAE leanúint dá hiarrachtaí chun a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, le straitéis chun neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2035;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt tionscnamh déanta ag CBAE chun tacú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe dá fhoireann agus dá chomhaltaí agus chun í a mhéadú, lena n-áirítear fóirdheontais d’iompar poiblí, fóirdheontais do rothair féinseirbhíse, saoráidí páirceála rothar feabhsaithe agus saoráidí feabhsaithe do ghluaisteáin hibrideacha agus leictreacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach a baineadh amach trí chomhar le hinstitiúidí eile agus go háirithe na feidhmchláir chomhroinnte agus na seirbhísí óstála bunaithe ar chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse leis an gCoimisiún chomh maith leis an rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha, a chuir ar chumas CBAE costais agus acmhainní a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (EJTN) chun oiliúint a chur ar bhreithiúna náisiúnta maidir le dlí an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, i gcomhréir le dearbhú CBAE dar teideal “Supporting the EJTN to shape a sustainable European judicial culture” [Tacú le EJTN chun cultúr breithiúnach Eorpach inbhuanaithe a mhúnlú], go ndearna CBAE agus EJTN iarracht éagsúlacht na n-oiliúnaithe fadtéarmacha a mhéadú in 2023, agus é mar aidhm acu a líon a mhéadú go duine amháin in aghaidh an Bhallstáit ar deireadh; ag tabhairt dá haire gur éirigh leis na bearta a rinneadh cheana ós rud é go bhfuil oiliúnaithe ó roinnt Ballstát ag CBAE nár ghlac páirt ghníomhach sa chlár roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur tairgeadh 15 thréimhse oiliúna, le luach saothar ag gabháil leo, don bhliain 2023-24; á iarraidh ar CBAE a thionscnaimh um chomhroinnt eolais a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear bunachair sonraí chomhpháirteacha cásdlí agus ardáin chomhair fhíorúla chun tacú le cúirteanna náisiúnta i léirmhínithe casta dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart luach saothair a thabhairt do dhaoine ar thréimhsí oiliúna i gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir le Tréimhsí Oiliúna Ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL)), ina n-iarrtar go n-íocfaí daoine ar gach intéirneacht san Eoraip; á chur in iúl gur geal léi go bhfaigheann gach oiliúnaí ag CBAE deontas le linn a bhfanachta, go príomha ó CBAE agus, i gcásanna sonracha áirithe, ó fhoinsí eile; á thabhairt dá haire nach nglacann CBAE ach le líon beag oiliúnaithe (níos lú ná 10 in aghaidh na bliana) arna n-íoc ag foinsí eile, agus ar feadh tréimhsí gearra (2 mhí ar an meán); á chur in iúl gur geal léi, sna cásanna sin, go seiceálann riarachán CBAE go cúramach go bhfaigheann na hoiliúnaithe sin deontas, liúntas nó luach saothair don tréimhse oiliúna sin, a íocann a bhfostóir nó a n-institiúid acadúil go díreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go gcomhoibríonn CBAE go hiomlán le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí, le MECS agus leis an Ombudsman Eorpach; ag tabhairt dá haire, in 2023, gur lean CBAE de bheith ag obair chun an t-idirphlé seanbhunaithe a choinneáil ar bun leis na cúirteanna náisiúnta, agus go háirithe leis na cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha, agus gur óstáil CBAE roinnt cruinnithe, lena n-áirítear cruinniú bliantúil na mbreithiúna náisiúnta; ag spreagadh comhar níos doimhne idir CBAE agus cúirteanna náisiúnta chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a neartú; á mholadh go mbunófaí clár buan malartaithe bhreithiúnaigh do bhreithiúna ó na Ballstáit chun oibriú i gcomhar lena gcontrapháirtithe CBAE, lena gcothófar dea-chleachtais maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Cumarsáid</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur neartaigh CBAE a iarrachtaí in 2023 chun dul i dteagmháil le saoránaigh an Aontais trína fhor-rochtain ar na meáin shóisialta a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, gur tháinig méadú 32 % ar líon na síntiúsóirí le cuntas LinkedIn CBAE agus gur tháinig méadú 9 % ar líon na leantóirí ar dhá chuntas CBAE ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), agus gur tháinig méadú 84,96 % ar na tuairimí ar a cainéal YouTube i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí CBAE feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach agus trédhearcacht i leith shaoránaigh an Aontais maidir le gníomhaíochtaí breithiúnacha CBAE, go háirithe trí lá oscailte a eagrú, an tairiscint do chuairteoirí, go háirithe na cuairteanna fíorúla speisialta, inar ghlac 800 mac léinn páirt iontu in 2023, agus an t-athbhreithniú ar dhréachtú a phreaseisiúintí agus a fhoilseachán ar líne i stíl inrochtana, faoi ábhair a bhaineann le leas na meán nó a bhfuil tionchar acu ar shaol na saoránach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>