<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0081</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais - An Chúirt Iniúchóirí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0047/2025 -  Rapóirtéir:Dick Erixon)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2024/2023(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0071/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024XC05462.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Cúirte Iniúchóirí do 2023 agus dá tuarascáil bhliantúil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais do 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2023, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024TA05882.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52024XA06041.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1046.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0047/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí (2024/2023(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0047/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gurb í an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) iniúchóir seachtrach an Aontais, a gcuirtear mar chúram uirthi, trí obair iniúchóireachta neamhspleách, ghairmiúil agus iarmhartach, measúnú a dhéanamh ar gheilleagar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, dhlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíocht an Aontais chun an chuntasacht, an trédhearcacht agus an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, lena bhfeabhsaítear, dá bhrí sin, muinín na saoránach agus lena bhfreagraítear go héifeachtach do na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair agus amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, gan dochar d’Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ó bhí deireadh na bliana airgeadais 1987 ann, go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách cuntais ioncaim agus caiteachais na Cúirte a iniúchadh gach bliain agus, ón uair a foilsíodh an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992, go bhfuil tuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh á bhfoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go soláthraítear cuntasacht bhainistíochta do na húdaráis bhuiséadacha trí thuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Ardrúnaí na Cúirte arb é is cuspóir di, i gcomhréir le hAirteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais, faisnéis a sholáthar faoin úsáid a bhaintear as acmhainní, lena n-áirítear córais, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Cúirte;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Chúirt, trína cúraimí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus neamhspleách, leis an bhformhaoirseacht dhaonlathach, leis an díospóireacht phoiblí agus le bainistíocht fhónta airgeadais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur ghlac an Chúirt an seasamh, chun measúnú a dhéanamh ar rialachas, ar chuntasacht agus ar thrédhearcacht an Aontais agus ar cháilíocht agus iontaofacht na faisnéise agus na sonraí a thuairiscítear maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais, gurbh é an réiteach ab fhearr é go sainordófaí don Chúirt iniúchóireacht a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a cuireadh ar bun leis nó faoi na Conarthaí, agus ar na struchtúir idir-rialtasacha uile atá fíorábhartha d’fheidhmiú an Aontais; de bhrí go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir leis an gCúirt agus go gcuirfeadh sí fáilte roimh thionscnaimh a neartódh cumas na Cúirte a sainordú a chomhlíonadh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Cúirte faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, a bhí cothrom le EUR 12,3 billiún in 2023 (arbh ionann é agus 6,4 % de bhuiséad iomlán an Aontais); ag tabhairt dá haire gurb ionann buiséad na Cúirte de thart ar EUR 0,2 billiún agus thart ar 1,5 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais agus gur lú é ná 0,1 % de chaiteachas iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt, ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2023, sampla de 70 idirbheart faoi Riarachán, 10 gcinn sa bhreis ar an méid a scrúdaíodh in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thuairiscigh an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arbh ionann é in 2023 agus 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise, agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an méadú leanúnach ar líon na n-idirbheart arna n-iniúchadh ag an gCúirt faoin gceannteideal Riarachán; ag cur sonrú san iniúchadh atá beartaithe ar státseirbhís an Aontais, ach á mheabhrú a thábhachtaí atá sé imscrúdú níos doimhne a dhéanamh ar an gcaiteachas riaracháin agus á iarraidh an athuair go gcuirfí sonraí cuimsitheacha maidir leis na hinstitiúidí uile san áireamh ina cuid oibre chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil do nós imeachta um urscaoileadh comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 21 (30 %) as an 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na cúig earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar chuntais bhliantúla na Cúirte chun na prionsabail chéanna maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus neamhspleáchas agus a chuireann an Chúirt i bhfeidhm i leith a hiniúchaithe a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad foriomlán na Cúirte do 2023 cothrom le EUR 175 059 922, arb ionann é agus méadú 7,97 % ó EUR 162 141 175 in 2022; ag tabhairt dá haire gur choigeartuithe tuarastail agus naoi bpost shealadacha nua a bhaineann le NextGenerationEU ba chúis go príomha leis an méadú; ag tabhairt dá haire gur dá comhaltaí agus dá foireann a bhí 88,5 % de na leithreasuithe in 2023 agus gur le haghaidh foirgneamh, trealaimh agus caiteachas ilghnéitheach a bhí 11,5 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an ráta cur chun feidhme do ghealltanais agus íocaíochtaí ard, cé go raibh sé beagán níos ísle ná mar a bhí in 2022; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann ráta úsáide na leithreasuithe agus 97,92 %, agus gurbh ionann íocaíochtaí agus 94,45 % de na gealltanais iomlána, i gcomparáid le 98,12 % agus 95,26 %, faoi seach, in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chruthaigh cogadh foghach neamhdhleathach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine brú ar an mbuiséad don Chúirt, lena n-áirítear trí mhéadú ar an mboilsciú agus trí choigeartuithe tuarastail, lena méadaítear go mór ar chostais leictreachais agus téimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á thabhairt chun suntais go raibh tionchar ag dhá thoisc ar fhorghníomhú an bhuiséid do 2023, rud a mhíníonn an ráta beagán níos ísle ná mar a bhí ann in 2022:
</ACTION><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>an leibhéal boilscithe a bhí níos airde ná mar a bhí buiséadaithe ina chomhair agus na hinnéacsuithe praghsanna a d’eascair as sin lena ndearnadh difear do chonarthaí nua agus do chonarthaí a bhí ann cheana, rud a spreag riachtanais bhuiséadacha bhreise chun caiteachas neamhthuarastail agus, go háirithe, na línte buiséid fuinnimh agus TF a chumhdach; go rabhthas ábalta na méaduithe sin ar leithreasuithe a dhéanamh ar deireadh, go príomha mar thoradh ar thearcúsáid roinnt leithreasuithe i gCaibidil 10 (Comhaltaí na nInstitiúidí), i gCaibidil 12 (Oifigigh agus foireann shealadach) agus i dTeideal 2 maidir le línte buiséid amhail Foilseacháin, Comhairliúcháin theoranta, staidéir agus suirbhéanna agus costais Ateangaireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ráta athraithe níos airde na foirne ar conradh agus SNInna (níor cuireadh síneadh le roinnt conarthaí SNI agus d’éirigh le beagán SNInna i gcomórtas inmheánach le haghaidh foireann shealadach), moilleanna agus deacrachtaí maidir le nósanna imeachta earcaíochta mar a bhí d’aon cheann de na comhlachtaí Eorpacha atá lonnaithe i Lucsamburg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt, le linn 2023, 36 aistriú buiséadacha arbh ionann a luach agus EUR 5 676 379 san iomlán, a raibh sé mar aidhm leo a áirithiú go n-oibreodh ranna éagsúla na Cúirte go rianúil agus go bhfreastalófaí ar aon riachtanais ghaolmhara;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cheannaigh an Chúirt earraí agus seirbhísí in 2023 arbh ionann a luach agus EUR 23 426 750,05 ar an iomlán (EUR 5 512 853 in 2022 agus EUR 15 215 515 in 2021) a raibh ceannacháin ó sholáthraithe áitiúla cothrom le EUR 21 453 665,05 (EUR 4 848 701 in 2022 agus EUR 10 144 812 in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh an t-iniúchóir seachtrach gur úsáideadh na hacmhainní a leithdháileadh chun na críche a bhí beartaithe dóibh agus gur chuir na nósanna imeachta rialaithe arna gcur ar bun ag na hoifigigh údarúcháin na ráthaíochtaí is gá ar fáil chun a áirithiú go raibh na hoibríochtaí airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur in iúl gur geal léi go bhfuil laghdú 4,4 % go EUR 2 602 500 tagtha ar bhuiséad misin foriomlán na Cúirte (Comhaltaí agus foireann) a socraíodh ar dtús ag EUR 2 722 500 i bhfianaise athruithe ar mhodhanna oibre na Cúirte i ndiaidh na paindéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar liúntais taistil agus cruinnithe, lena n-áiritheofar go mbeidh caiteachais costéifeachtach, go mbeidh údar leo agus go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear spleáchas méadaithe ar chruinnithe hibrideacha chun caiteachas neamhriachtanach agus astaíochtaí carbóin a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fíoras go ndearna an Chúirt a cuairteanna fíorúcháin a mhéadú go mór in 2023 i gcomparáid leis na 3 bliana roimhe sin, nuair a bhí srianta COVID maidir le taisteal agus leis an tsláinte phoiblí fós i bhfeidhm go páirteach; ag tabhairt dá haire gur chaith an Chúirt 4 897 lá ar an iomlán sna Ballstáit agus lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 2 984 lá in 2022, 1 156 lá in 2021, 1 190 lá in 2020 agus 3 605 lá in 2019;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Chúirt, le linn 2023, dhá thuarascáil bhliantúla, ceithre thuarascáil bhliantúla shonracha, 29 dtuarascáil speisialta, ceithre thuairim agus sé athbhreithniú, a raibh 45 mhír san iomlán i gceist leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as na 29 mbeart straitéiseacha i straitéis 2021-2025 na Cúirte, gur cuireadh ceann amháin díobh ar ceal agus gur cuireadh na 28 mbeart eile chun feidhme go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go ndéanann an Chúirt cur chun fheidhme a moltaí a thomhas bunaithe ar an obair leantach a dhéanann a cuid iniúchóirí; ag tabhairt dá haire, in 2023, go ndearna an Chúirt anailís ar na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún agus chuig institiúidí eile ina tuarascálacha in 2019; á chur in iúl gur mór aici gur léirigh an anailís, as na moltaí a ndearnadh obair leantach orthu, go ndearnadh 100 % de na 15 mholadh a rinneadh i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte in 2019 agus 85 % den 208 moladh a rinneadh i dtuarascálacha speisialta na Cúirte in 2019 a chur chun feidhme, bíodh sé sin ina n-iomláine nó go pointe áirithe nó ar an mórchóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ullmhacht na Cúirte freagairt d’iarraidh na Parlaiminte a cuid oibre iniúchóireachta a dhíriú ar na dúshláin is práinní, chomh maith le feabhas a chur ar an gcomhar le CCC na Parlaiminte; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rochtain iomlán ag an gCúirt ar uirlisí measúnaithe riosca calaoise, lena n-áirítear bunachair sonraí an Choimisiúin agus na mBallstát maidir le cásanna calaoise a bhaineann le cistiú ón Aontas, chun feabhas a chur ar chórais luathrabhaidh i gcoinne gníomhaíochtaí calaoiseacha; ag cur in iúl gur oth léi go bhfuil rochtain na Cúirte ar FENIX, an uirlis thuairiscithe nua maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), fós ina saincheist oscailte toisc nach dtugann an Coimisiún rochtain don Chúirt ach ar chuid de mhodúil FENIX agus nach ndéantar an fhaisnéis atá ar fáil san uirlis a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil; ag tathant ar an gCoimisiún rochtain iomlán agus láithreach a thabhairt don Chúirt ar gach modúl FENIX gan mhoill; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sa Choimisiún iarracht rochtain a thabhairt don Chúirt ar chomhaid FENIX laistigh de 2 sheachtain tar éis iarraidh ar íocaíocht a fhormheas; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, áfach, nach bhfuil an spriocdháta sin á chomhlíonadh go hiarbhír in go leor cásanna agus go raibh moilleanna suas le 2,5 mí i gceist i gcásanna áirithe, rud a chuireann moill shuntasach ar sheachadadh fhionnachtana na Cúirte; á mheabhrú gur luaigh an Coimisinéir um an mBuiséad i gcruinniú CONT an 10 Deireadh Fómhair 2024 go hoscailte go bhfuil sainordú iomlán ag an gCúirt maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena léirítear an gá atá le feabhas tapa a chur ar rochtain na Cúirte ar na huirlisí uile chun a sainordú a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt a raon feidhme iniúchóireachta a leathnú chun oibríochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a mhaoinítear le cistí dílse BEI a áireamh, i bhfianaise ról méadaitheach BEI i mbeartas eacnamaíoch, airgeadais agus tionsclaíoch AE; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an sainordú dlíthiúil is gá don leathnú sin a dheonú don Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag moladh na dtuarascálacha speisialta tráthúla agus ábhartha maidir le cur chun feidhme STA, lena gcuirtear ar chumas an údaráis um urscaoileadh a shainchumais a fheidhmiú go héifeachtach agus moltaí a thabhairt don Choimisiún chun feidhmiú na hionstraime sin a fheabhsú; ag tathant ar an gCúirt a ról a neartú maidir le calaois a chomhrac i mbuiséad an Aontais trí laigí a shainaithint, trí dhul i mbun pléití frithchalaoise, trí iniúchtaí a threisiú, trí chomhoibriú le comhlachtaí braite calaoise, agus trí aiseolas ábhartha a thabhairt don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 969 mball foirne ag an gCúirt ag deireadh 2023; ag tabhairt dá haire go ndearna mná suas 53 % den fhoireann agus fir 47 % den fhoireann in 2023, gan athrú ón mbliain roimhe sin, 2022; á chur in iúl gur oth léi nach mná iad ach 30 % den bhainistíocht shinsearach, laghdú suntasach ó 36,4 % in 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuil laghdú tagtha ar chion foriomlán na mban i bpoist bhainistíochta in 2023; á iarraidh ar an gCúirt leanúint dá hiarrachtaí cothromaíocht inscne a chur chun cinn don mheánbhainistíocht agus don ardbhainistíocht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di go raibh iarracht bhreise ag teastáil ón bpróiseas earcaíochta, ós rud é gur dhiúltaigh thart ar 50 % d’iarrthóirí do na tairiscintí poist ón gCúirt, i bpáirt mar gheall ar tharraingteacht theoranta Lucsamburg mar áit fostaíochta agus mar gheall ar an gcostas maireachtála; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil dúshláin roimh na mórghnólachtaí iniúchóireachta atá i Lucsamburg freisin agus go bhfuil siad ag breathnú anois ar mhargaí na hÁise chun iniúchóirí a earcú; á chur i bhfáth nach féidir leis an gCúirt cur chuige den sórt sin a chur i bhfeidhm mar gheall ar ábhair imní slándála agus incháilitheachta; ag aithint iarrachtaí na Cúirte agus á mholadh di comhoibriú le hinstitiúidí eile atá lonnaithe i Lucsamburg laistigh den Ghrúpa Idirinstitiúideach Ardleibhéil chun tarraingteacht Lucsamburg don fhoireann ionchasach a fheabhsú trí bhearta sainaitheanta, amhail liúntais athlonnaithe níos airde, liúntais tithíochta chun costais arda cíosa a mhaolú d’fhoireann ar ghrád níos ísle agus tithíocht shealadach ar phraghas réasúnta le haghaidh gearrfhanachtaí chun fostaíocht i Lucsamburg a dhéanamh níos tarraingtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag meabhrú, mar atá sonraithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfaidh an tAontas agus a institiúidí dlúthpháirtíocht agus comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag teacht leis an imní atá ar an gCúirt, go ginearálta, go bhfuil saincheisteanna earcaíochta os comhair ghairm na hiniúchóireachta mar gheall ar easpa spéise i bpoist iniúchóireachta agus rialaithe i measc oibrithe óga; á iarraidh go mbeadh réitigh réamhghníomhacha ann agus go mbeadh comhar idirinstitiúideach córasach láithreach ann chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag teacht le barúlacha na Cúirte nach mbaineann comórtais EPSO an cuspóir amach i gcónaí i dtaobh próifílí ábhartha iarrthóirí ón earnáil phríobháideach a mhealladh agus a roghnú; á thabhairt chun suntais go raibh roinnt saincheisteanna a bhaineann le comórtais EPSO, mar shampla fadhbanna teicniúla a bhaineann le ciantástáil a raibh cealú comórtais amháin mar thoradh orthu agus inar cuireadh gach comórtas eile ar feitheamh; ag aithint na n-ábhar imní a bhaineann le hearcú agus le nósanna imeachta roghnúcháin foirne nua; ag moladh don Chúirt leanúint dá hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an staid sin chun leanúnachas ghníomhaíocht na Cúirte a choimirciú; ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndeachaigh an Chúirt i mbun comhair le EPSO chun comórtais iniúchóireachta a eagrú go tráthrialta; á mholadh go bhféadfaí comhar a dhéanamh le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun próisis earcaíochta a bharrfheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur eagraigh an Chúirt nósanna imeachta roghnúcháin solúbtha agus éagsúla dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil nósanna imeachta curtha i bhfeidhm aici chun foireann chumasach a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici an córas flaithiúil teilea-oibre (suas le 10 lá in aghaidh na míosa) a chuireann an Chúirt ar fáil chun na dúshláin earcaíochta a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Chúirt in 2023 chun dea-bhail fhisiciúil agus mheabhrach na foirne a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é 2,27 % an ráta folúntais i mí na Nollag 2023 agus gurbh é 6,6 % an ráta athraithe foirne (líon na foirne a d’fhág mar chion den fhoireann ar fad);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici iarracht na Cúirte an ráta folúntais a choinneáil íseal in 2023; á chur in iúl, áfach, go n-aontaíonn sí go hiomlán leis an imní atá ann faoin easpa cothromaíocht gheografach i measc earcaigh nua, rud a fhágann nach bhfuil foireann na Cúirte ina hiomláine chomh hionadaíoch céanna ó thaobh na geografaíochta de; ag tabhairt dá haire, de réir na Cúirte, go bhfuil baol ann nach gcumhdófar roinnt Ballstáit Nordacha laistigh de thréimhse 5 bliana leis an iniúchadh ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh iniúchóirí ó na Ballstáit sin i láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chúirt bearta éagsúla chun dul i ngleic le saincheist na cothromaíochta geografaí, amhail poiblíocht a mhéadú do chomórtas agus fógraí folúntais na Cúirte i mBallstáit atá go mór faoi thearcionadaíocht, ag comhoibriú le Comhaltaí na Cúirte chun a fógraí a scaipeadh agus teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí ionchasacha trí fhreastal ar aontaí gairme i mBallstáit áirithe; á mholadh go gcuirfí céimeanna breise san áireamh, amhail straitéisí luath-rannpháirtíochta, daoine óga cumasacha a mhealladh ó na tíortha ina bhfuil ionadaíocht íseal; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala áirithe di, go bhfuil a lán fós le déanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa mheánbhainistíocht agus sa bhainistíocht shinsearach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur líonadh gach ceann de na 29 bpost sa bhreis a bhí ag teastáil le haghaidh iniúchadh STA de EUR 723,8 billiún ag deireadh 2023; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil dúshláin fós ag baint le hábharthacht, castacht, méideanna móra agus eisíocaíochtaí tapa ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus nach féidir gach gné den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chumhdach leis na hacmhainní atá ar fáil, rud a chuireann ar chumas na Cúirte measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna agus, dá bhrí sin, ar dhlíthiúlacht agus rialtacht íocaíochtaí STA, ach nach leor iad chun comhlíonadh chaiteachas STA le dlíthe an Aontais agus le dlíthe náisiúnta a chumhdach go córasach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear leibhéil foirne leordhóthanacha ar fáil go comhsheasmhach don Chúirt chun a sainordú agus freagrachtaí breise a eascraíonn as ionstraimí maoinithe nua amhail STA a chomhlíonadh; ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag an gCúirt chun a dualgais maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh go dtí seo in ainneoin easpa infhaighteachta acmhainní atá go hiomlán leormhaith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di nach bhfuil aon ról ag an gCúirt sa phróiseas roghnúcháin do Chomhaltaí faoi Airteagal 286(2) CFAE; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil éagothroime inscne thábhachtach fós ann i measc Chomhaltaí na Cúirte, agus nach bhfuil ach deichniúr ban as 27 gcomhalta ann; á chur in iúl gur oth léi nár ainmnigh 12 Bhallstát bean chun na Cúirte riamh; á iarraidh ar an gCúirt meastóireacht a dhéanamh ar a comhdhéanamh foriomlán agus an anailís sin a chur ar fáil don Chomhairle agus do na Ballstáit, chun a áirithiú go ndéanfar cothromaíocht inscne a mheas go hiomchuí i bpróisis ainmniúcháin amach anseo; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit iarrthóirí d’inscní éagsúla a mholadh, agus é mar aidhm leo comhdhéanamh níos cothroime agus níos ionadaíche na Cúirte a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil comhaltaí den Chúirt ainmnithe arís agus arís eile ag an gComhairle in ainneoin gur dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh ról ceangailteach ag an bParlaimint maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnacht iarrthóirí don Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gurbh é 10 lá in aghaidh an bhaill foirne an neamhláithreacht ar an meán de dheasca breoiteachta, i gcomparáid le 12,2 lá in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, in 2023, go raibh ceathrar ball foirne (i gcomparáid le hochtar in 2022) as láthair mar gheall ar bhreoiteacht fhada, a shainmhínítear mar bhreoiteacht a mhaireann níos mó ná 200 lá in aon bhliain amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh 7 gcás cloíteachta in 2023, rud a léiríonn an líon céanna, ar ábhar buartha é, a bhí ann in 2022; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chúirt roinnt céimeanna chun an baol traochta a laghdú trí chlár iomlán dea-bhaile a thabhairt isteach, lena dtairiscítear oiliúint athléimneachta, lena bhfoilsítear treoirlínte cur chun feidhme maidir le filleadh ar an obair tar éis saoire bhreoiteachta fhadtéarmach, lena leantar de gharchabhair mheabhairshláinte a thairiscint, agus lena soláthraítear tacaíocht airgeadais don fhoireann trí chostas 10 seisiún le síceolaí dá rogha féin a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di gur sháraigh an Chúirt arís in 2023 an sprioc maidir le hoiliúint ghairmiúil 5 lá d’oiliúint nach mbaineann le teanga in aghaidh na bliana d’iniúchóirí (6,7 lá), i gcomhréir le moltaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí; ag cur sonrú go háirithe in oiliúint fhoireann na Cúirte maidir le NGEU agus STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh beartas nua i mí na Nollag 2022 chun ionad oibre measúil agus saor ó chiapadh a áirithiú, lena ndírítear ar chosc, ar mhúscailt feasachta agus ar luathbhrath; á thabhairt chun suntais go raibh bearta ann amhail cur i láthair don fhoireann uile i mí Eanáir 2023 chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an mbeartas, cur i bhfeidhm foirme tuairiscithe comhchuibhithe, agus foilsiú na chéad tuarascála bliantúla comhiomlánaithe maidir le cur chun feidhme beartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta na Cúirte um Éagsúlacht agus Cuimsiú 2021-2025; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraíodh an tríú Seachtain Feasachta faoi Mhíchumas agus tionscnaimh idirinstitiúideacha chun cuimsitheacht a chothú; ag cur béim ar iarrachtaí na Cúirte, lena n-áirítear a suirbhé maidir le hinrochtaineacht san ionad oibre, rannpháirtíocht i nGradam an Ombudsman don Dea-Riarachán, agus an t-iniúchadh seachtrach ar inrochtaineacht tógála i gcomhréir le reachtaíocht inrochtaineachta 2023 Lucsamburg;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar ról ríthábhachtach na Cúirte mar iniúchóir seachtrach neamhspleách agus caomhnóir airgeadais an Aontais, lena gceanglaítear ar an gCúirt cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, gairmiúlachta agus cuntasachta, ag feidhmiú mar institiúid eiseamláireach chun muinín agus creidiúnacht a spreagadh; á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 285 CFAE, nach mór do chomhaltaí na Cúirte neamhspleáchas iomlán a fheidhmiú agus cloí leis na prionsabail eiticiúla is airde, lena léirítear ionracas, oibiachtúlacht, iompar gairmiúil, dínit, tiomantas agus dílseacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh nuashonrú ar na rialacha inmheánacha maidir le neamhrialtachtaí tromchúiseacha a thuairisciú (sceithireacht), chun iad a dhéanamh níos soiléire, níos mionsonraithe agus chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil don fhoireann; ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta ag an gCúirt in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Chúirt freisin, in 2023, an próiseas chun nuashonrú a dhéanamh ar rialacha na Cúirte maidir le himscrúduithe riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta a dhéanamh, a tugadh chun críche go luath in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Chúirt trí cinn d’imeachtaí oiliúna in 2023 a bhí tiomnaithe go sonrach don eitic, lenar mealladh 60 rannpháirtí; á chur i gcuntas go raibh cúrsaí na Cúirte a bhaineann le heitic oscailte don fhoireann ar fad, lena n-áirítear bainisteoirí, agus go bhfuil na cúrsaí caighdeánacha éigeantach do dhaoine nua agus go gcumhdaítear leo eitic phoiblí agus beartas frithchiaptha na Cúirte; á chur in iúl gur oth léi nach raibh na cúrsaí a bhaineann le heitic éigeantach do gach ball foirne ar bhonn rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur eagraigh an Chúirt sé chúrsa oiliúna maidir le calaois, lena n-áirítear calaois sa soláthar, calaois CBL, agus calaois i ndáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) oiliúint ar fáil i mí an Mheithimh 2023 maidir le hagallamh a dhéanamh i gcásanna calaoise agus éillithe amhrasta; ag tabhairt dá haire, i mí na Samhna 2023, go ndeachaigh an Chúirt i gcomhpháirt le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus le OLAF chun cúrsa 2 lá a eagrú maidir le calaois soláthair phoiblí san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuarascáil na meán go bhfuil bac faoi láthair ar imscrúdú OIPE ar mhí-úsáid cistí ag iar-Uachtarán na Cúirte mar gheall ar chinneadh na Cúirte gan a dhíolúine a bhaint; á iarraidh ar an gCúirt comhoibriú go hiomlán le OIPE maidir le haon imscrúduithe a d’fhéadfadh siad a ghníomhachtú agus tuairisc a thabhairt ar na cúiseanna leis an gcinneadh gan an díolúine a bhaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú go bhfoilseoidh na Comhaltaí agus an fhoireann shinsearach uile a leasanna airgeadais, a mbronntanais agus a ndearbhuithe fáilteachais i mbunachar sonraí poiblí ar líne, i gcomhréir le dea-chleachtais i rialacha trédhearcachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur mhainnigh an Chúirt comhoibriú go hiomlán le OIPE trí dhiúltú díolúine a hiar-Uachtarán a bhaint agus trí rochtain OIPE a dhiúltú chun cuardach a dhéanamh laistigh dá háitreabh i ndáil le fhiosrúchán ar éagóir féideartha, a d’fhéadfaí a mheas mar chur isteach ar sheoladh cuí imscrúdaithe, de réir OIPE; á mheabhrú, mar iniúchóir seachtrach an Aontais, go bhfuil an Chúirt faoi cheangal ag prionsabail na cuntasachta, na sláine agus na trédhearcachta, chomh maith le prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh idir institiúidí an Aontais; á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú nach n-agrófar díolúine chun bac a chur ar imeachtaí breithiúnacha dlisteanacha agus chun gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an comhar idirinstitiúideach maidir le calaois a chosc agus a imscrúdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir tuarascálacha ó na meáin, gur iarr OIPE go gcuirfí deireadh le díolúine roinnt comhaltaí foirne de chuid na Cúirte in 2023 agus, go dtí seo, gur dhiúltaigh an Chúirt an iarraidh sin a dheonú; á chur i bhfáth, cé go gcosnaíonn díolúine neamhspleáchas institiúidí an Aontais, nár cheart mí-úsáid a bhaint aisti chun daoine aonair a chosaint ar ghrinnscrúdú breithiúnach dlisteanach; á mheas nár cheart iarrataí ar dhíolúine a bhaint a dhiúltú ach amháin in imthosca eisceachtúla; á iarraidh ar an gCúirt údar mionsonraithe a thabhairt don údarás um urscaoileadh lena chinneadh sa chás seo, ina leagtar amach na hábhair shonracha imní dhlíthiúla agus nós imeachta ba chúis leis an diúltú, más ann dó; ag tathant ar an gCúirt, thairis sin, ardleibhéal trédhearcachta agus cuntasachta a choinneáil ina comhar le OIPE agus le comhlachtaí eile an Aontais atá freagrach as calaois agus mí-iompar a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, nár thionscain OLAF ná an tOmbudsman Eorpach aon imscrúduithe a raibh baint ag an gCúirt leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur iarr an Chúirt, in 2024, i gcomhpháirt leis an gCúirt Bhreithiúnais, ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach in idirphlé idirinstitiúideach d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le rialacha comhchoiteanna maidir le gluaisteáin oifigiúla a úsáid, rud atá i gcomhréir leis an ráiteas a áirítear i rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2022 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí agus na Cúirte Breithiúnais; ag leagan béim ar an iarraidh ar institiúidí uile an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le córas amháin a chuirfear i bhfeidhm go cothrománach, lena ndéanfaí an mearbhall a laghdú trédhearcacht agus éifeachtúlacht a mhéadú san úsáid a bhaintear as airgead poiblí; ag tabhairt dá haire go gcruthófar meitheal faoi chuimsiú an Choiste Ullmhúcháin idirinstitiúidigh um Ábhair a bhaineann leis na Rialacháin Foirne; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil an Chúirt ullamh na rialacha a ailíniú le rialacha infheidhme an Choimisiúin, ach ag athdhearbhú an cháinte a cuireadh in iúl cheana maidir le rúin urscaoilte roimhe seo i ndáil leis an gcinneadh nua ó 2022 maidir le taisteal, misin agus úsáid tiománaithe agus gluaisteán na gcomhaltaí, rud atá i gcoinne an phrionsabail ghinearálta nár cheart úsáid a bhaint as flít na ngluaisteán lasmuigh de chomhlíonadh docht dhualgais chomhaltaí na Cúirte in imthosca ar bith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) na Cúirte 16 mholadh iniúchóireachta in 2023 maidir le heitic, an tairseach trédhearcachta, coinbhleachtaí leasa don fhoireann, an Coiste Eitice agus Comhaltaí na Cúirte; ag tabhairt dá haire, as na 16 mholadh, go raibh cúig mholadh tugtha chun críche faoin 30 Iúil 2024, go mbeidh ocht moladh tugtha chun críche faoi dheireadh 2024, agus go bhfuil moill curtha ar thabhairt chun críche trí mholadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi leathnú raon feidhme na faisnéise a foilsíodh maidir le misean na bhFeisirí, ach ag meabhrú iarraidh na Parlaiminte faisnéis a chur ar fáil maidir le misin do shainordú iomlán na bhFeisirí; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar Chód Iompair na bhFeisirí lena gcuirtear cosc ar Fheisirí aon phost oinigh a bheith acu in eagraíocht pholaitiúil, lena gcuirtear chun feidhme iarraidh na Parlaiminte nach mbeadh naisc pholaitiúla curtha ar bhonn foirmiúil acu; ag tabhairt dá haire go raibh conclúidí na tuarascála iniúchóireachta inmheánaí maidir le heitic le cur in iúl d’Uachtarán PE agus do Chathaoirleach an Choiste um Rialú Buiséadach sa tríú ráithe de 2024, agus á iarraidh ar an gCúirt é sin a roinnt leis an gCoiste um Rialú Buiséadach ina iomláine; á iarraidh ar an gCúirt cinntí diúltaithe a fhoilsiú i gcásanna ina ndearbhaíonn Feisirí nó baill foirne coinbhleachtaí leasa, lena n-áiritheofar trédhearcacht níos fearr sa phróiseas iniúchóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur i Lucsamburg atá a bpríomháit chónaithe ag Comhaltaí uile na Cúirte, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10 den Chód Iompair do Chomhaltaí agus d’Iar-Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Chúirt athbhreithniú ar an mbeartas maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, lena léirítear éabhlóid an chásdlí Eorpaigh, agus gur shimpligh sí an nós imeachta chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid agus le hiarrataí daingniúcháin; á mheabhrú go raibh cur i bhfeidhm phrionsabal Chríoch Lochlann maidir le rochtain phoiblí ar thaifid oifigiúla san Aontas ina réamhriachtanas do roinnt Ballstát chun teacht isteach san Aontas agus á chur i bhfios go láidir go ndéanfaí dochar do chlú an Aontais mar phobal atá bunaithe ar an smacht reachta mura leanfaí de chur i bhfeidhm an phrionsabail sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil liosta bliantúil conarthaí os cionn thairseach na Treorach (>EUR 140 000 le haghaidh seirbhísí/soláthairtí; >EUR 5 382 000 le haghaidh oibreacha) a tugadh i gcrích in 2023 ar fáil ar <STRING ITALIC="on">shuíomh gréasáin na Cúirte; á iarraidh ar an gCúirt an liosta sin a fhoilsiú mar dhoiciméad ar leithligh gan moill mhíchuí</STRING> agus rochtain sholáimhsithe air a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici agus go bhfuil sí ag fanacht go fonnmhar le comhdhlúthú na Cúirte ar na rialacha inmheánacha uile maidir le straitéis frithchalaoise in aon doiciméad comhpháirteach amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl go ndiúltaíonn sí fós do réasúnaíocht na Cúirte maidir lena cinneadh gan dul isteach sa Chlár Trédhearcachta, ós rud é nach bhfuil leas dílsithe aici tionchar a imirt ar chinnteoireacht, seachas fíorais agus aiseolas oibiachtúil faoi chláir an Aontais a sholáthar; ag tabhairt dá haire go bhfuil tuarascálacha uile na Cúirte ar fáil go poiblí agus faoi réir nós imeachta dian imréitigh leis na hiniúchaithe; ag athdhearbhú a hiarrata láidre ar an gCúirt dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais chun cloí le bunphrionsabail na trédhearcachta agus, ag an am céanna, gan aon bhacainní a chruthú ar neamhspleáchas iomlán na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag moladh go láidir don Chúirt athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh maidir le Clár Trédhearcachta an Aontais, a bunaíodh le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach a rinneadh in 2023 maidir leis an Éiceachóras Bainistithe Doiciméad (DOME) a bhunú, eadhon an síniú leictreonach nua agus an croímhodúl formheasa do PASS (Próiseas chun Doiciméid a Fhormheas, a Shíniú agus a Sheoladh) a sheachadadh agus a chur chun feidhme trí bhíthin próisis nithiúla chun doiciméid a fhormheas; á mholadh don Chúirt a cuspóirí a shaothrú tuilleadh maidir leis na sreafaí oibre athbhreithnithe agus formheasa a dhigitiú agus a n-éifeachtúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Chúirt de bheith rannpháirteach go gníomhach sa ghrúpa teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn den Choiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach; ag tabhairt dá haire gur lean foireann DATA (Sonraí agus Teicneolaíocht don Iniúchóireacht), a cuireadh ar bun in 2021, dá cuid oibre maidir le plean forbartha le haghaidh úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht a chur chun feidhme chun tacú le cuspóirí iniúchóireachta na Cúirte. ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur ullmhaíodh anailís ar dheiseanna agus dúshláin IS don Chúirt agus dá cuid oibre iniúchóireachta; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar dhigitiú na hoibre iniúchóireachta; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile sa treo sin atá á ndéanamh ag an gCúirt i gcónaí, de bhrí gur féidir leis an digitiú mar aon leis an líon méadaithe cuairteanna ar an láthair, córas oibre iniúchóireachta atá éifeachtúil agus cruinn a shainiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag moladh na Cúirte as an dea-dhul chun cinn atá déanta aici maidir lena plean cibearshlándála 2022-2024 a chur chun feidhme le 2 bhliain anuas; ag tabhairt dá haire go bhfuil seacht gcinn de na cúraimí ardtosaíochta curtha i gcrích, go bhfuil sé cinn ar siúl agus go bhfuil ceann amháin ar feitheamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil dhá cheann de na cúraimí meántosaíochta curtha i gcrích, go bhfuil ceithre cinn ar siúl agus nach bhfuil tús curtha le trí cinn go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil na cúraimí seo a leanas i measc na gcúraimí atá curtha i gcrích:
</ACTION><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>réiteach BFC maidir leis na críochphointí atá curtha in úsáid agus glacadh réiteach XDR néalbhunaithe lena ndéantar comhchoibhneas idir an teiliméadracht a sheolann oibreáin BFC a bhfuil sonraí faisnéise faoi bhagairtí ó fhoinsí éagsúla ar áireamh inti chun táscairí maidir le cur i mbaol a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>athchóiriú ar ollstruchtúr agus ar chumraíocht ardán BFSTS, lena bhfuil feabhas curtha ar fheidhmíocht agus ar iontaofacht an chórais, mar aon le foinsí breise logaí atá curtha leis chun feabhas a chur ar fhaireachán slándála na timpeallachta TF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>seirbhís SASE néalbhunaithe neamh-iontaoibhe atá curtha in ionad na bhfearas VPN le haghaidh cianrochtana, lena laghdaítear an raon ionsaithe agus a lamhálann do chianrochtain ghráinneach ar fheidhmchláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>an treisiú ar an gcosaint i gcoinne bagairtí ríomhphoist trí ghnéithe nua ar scagairí slándála ríomhphoist a chumasú lenar féidir iatáin turscair agus mhailíseacha araon a bhrath ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>na bréagionsaithe tástála a dhéantar ar ranna na Cúirte atá nochta don idirlíon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>uirlis bogearraí atá curtha in úsáid chun rúndacht faisnéise íogaire a tharchuirtear i gcomhad comhroinnte a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tathant ar an gCúirt creat iniúchóireachta cibearshlándála a fhorbairt d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áiritheofar caighdeáin slándála chomhchuibhithe agus bearta athaléimneachta i gcoinne cibearbhagairtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndéanann an Chúirt trí cinn de chleachtaí fioscaireachta ionsamhlaithe ar a laghad in aghaidh na bliana chun feasacht úsáideoirí ar an gcibearbhagairt sin a ardú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Chúirt measúnú riosca cibearshlándála cuimsitheach gach 3 bliana; á mholadh don Chúirt oiliúint éigeantach a eagrú ar bhonn rialta don fhoireann maidir le cibearbhagairtí lena n-áirítear dea-chleachtais chun IS a úsáid go sábháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina údar faoisimh di, nach raibh aon rian de ghadaíocht sonraí ná de ghluaiseacht chliathánach an ionróra chuig córais eile TF na Cúirte ann le linn an chibeartheagmhais i mí Iúil 2023, ar lena linn a cuireadh ceann de na geataí slándála imlíne i mbaol trí dhúshaothrú a dhéanamh ar leochaileacht bogearraí; ag tabhairt dá haire nár nocht an díoltóir leochaileacht na mbogearraí ach dhá lá roimh an teagmhas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag moladh obair na Seirbhíse Cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU), a thug fógra don Chúirt faoin teagmhas, a chabhraigh lena raon feidhme a imscrúdú agus a rinne an anailís fhóiréinseach; ag tabhairt dá haire, i ndiaidh an teagmhais, go ndearna an Chúirt glan-chúltacú ar an gcóras a aischur agus nuashonrú ar bhogearraí a chur i bhfeidhm rud a rinne na leochaileachtaí a ndearna an t-ionsaitheoir dúshaothrú orthu a leigheas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, sna seachtainí ina dhiaidh sin, go ndearna an Chúirt roinnt bearta coisctheacha breise a mhol CERT-EU a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar na fearais chun a áirithiú go bhfaighfí réidh le haon rian neamhbhraite ionchasach de na bogearraí mailíseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndearna an Chúirt athbhreithniú agus nuashonrú ar a Plean Freagartha do Theagmhais Chibearshlándála in 2023 agus gur chruthaigh sí foirm chun na teagmhais sin a thaifeadadh san uirlis bainistithe seirbhíse TF; á thabhairt chun suntais go ndearna an fhoirm an chiall a ceannaíodh ó theagmhas mhí Iúil 2023 a chur i gcuntas sa mhéid is go raibh sí dírithe ar an bhfaisnéis uile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach a bhailiú chun teagmhas cibearshlándála a láimhseáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur cuireadh i gcrích an obair chun na suiteálacha teicniúla ar gach urlár d’fhoirgneamh K2 a uasghrádú agus an úsáid a bhaintear as a spásanna coiteanna a bharrfheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil EUR 6 445 635,82 geallta ag an gCúirt ó bhuiséad iomlán EUR 6 902 185,54; ag moladh na Cúirte as gan sárú a dhéanamh ar an mbuiséad measta; á iarraidh ar institiúidí eile an Aontais bainistiú buiséadach eiseamláireach na Cúirte a leanúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici, i mí Feabhra 2023, gur cuireadh ar fáil torthaí iniúchta inrochtaineachta ar fhoirgnimh uile na Cúirte chun freastal ar riachtanais daoine ag a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile arna ndéanamh ag comhairleoir seachtrach; ag tabhairt dá haire gur cumhdaíodh san iniúchadh na trí fhoirgneamh uile, na spásanna coiteanna, carrchlóis agus spásanna eile; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus go mbeadh siad faoi réir tionscadal sonrach de ghnáth, ach go mbeidh a gcur chun feidhme ag brath den chuid is mó ar infhaighteacht buiséid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go ndearna an Chúirt móriarracht chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú i mbearta coigilte fuinnimh amhail LEDanna a chur in ionad bolgáin solais thraidisiúnta, líon na n-uaireanta aerála a laghdú agus córais theicniúla áirithe ina foirgnimh a athchóiriú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Chúirt bearta speisialta coigilte fuinnimh a thabhairt isteach i samhradh 2023, lenar laghdaíodh tomhaltas leictreachais 12 % i gcomparáid le samhradh 2022, lenar gineadh coigilteas EUR 26 976;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur shínigh an Chúirt comhaontú le húdaráis Lucsamburg chun plean soghluaisteachta a bhunú; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le huasdátuithe faoin tionscnamh sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur chaith iniúchóirí na Cúirte 1 370 lá in 2023 in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla agus i ngnólachtaí príobháideacha iniúchóireachta, i gcomparáid le 945 lá in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí idirphlé idirinstitiúideach bliantúil idir an Chúirt, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le rialú buiséadach a chur ar bhonn foirmiúil, lena n-áiritheofar obair leantach chórasach ar thorthaí iniúchóireachta agus maoirseacht fheabhsaithe ar chaiteachas an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á mheabhrú arís eile go leanfaidh comhar éifeachtach idir an Chúirt agus an Coimisiún de bheith teoranta mura nglacfaidh an Coimisiún modheolaíocht na Cúirte chun measúnú a dhéanamh ar rátaí earráide, atá bunaithe ar mheastóireacht neamhspleách agus chuimsitheach ar na sáruithe uile ar rialacha, i gcontrárthacht le fócas an Choimisiúin ar earráidí incheartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn an Chúirt go dlúth le OLAF agus OIPE araon, lena n-áirítear trí cheardlanna agus imeachtaí múscailte feasachta a eagrú agus trí eolas agus taithí a mhalartú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Chúirt, in 2023, 20 cás de chalaois amhrasta a chur ar aghaidh chuig OLAF agus 17 gcás den sórt sin a chur ar aghaidh chuig OIPE; ag cur béim ar a seasamh gur cheart gach amhras calaoise a tharchur go pras chuig OLAF agus OIPE lena imscrúdú críochnúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar an gCúirt sásra comhair struchtúrtha maidir le brath calaoise a bhunú le OLAF agus OIPE, lena n-áirítear comhaontuithe comhroinnte sonraí fíor-ama agus cur chuige iniúchóireachta comhpháirtí do réimsí cistiúcháin ardriosca an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfadh córas comhtháite TF aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a bheith ina fhoinse luachmhar sonraí, lena gcuirfí ar chumas na Cúirte, OLAF agus OIPE a n-iarrachtaí iniúchóireachta agus rialaithe a neartú; á chur i bhfáth gur cheart rochtain neamhtheoranta ar chóras den sórt sin agus ar na sonraí atá ann a chur ar fáil, nár cheart aon srianta gan údar a chur ar an rochtain sin agus gur cheart iniúchadh agus an úsáid a bhaintear as tuilleadh uirlisí digiteacha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a cheadú láithreach mar chuid d’iniúchtaí na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin rochtain fheabhsaithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis BEI, nach bhfuil sainordú ag an gCúirt chun iniúchadh a dhéanamh ar oibríochtaí a mhaoinítear le cistí dílse BEI; á iarraidh go dtabharfaí an sainordú sin don Chúirt, i bhfianaise mhisean BEI cuspóirí an Aontais a shaothrú agus a ról méadaitheach i dtimpeallacht eacnamaíoch agus pholaitiúil an Aontais, a théann níos faide ná buiséad an Aontais a úsáid chun a oibríochtaí a ráthú; á thabhairt chun suntais Tuarascáil Speisialta 05/2023 ón gCúirt dar teideal <STRING ITALIC="on">The EU’s financial landscape - a patchwork construction requiring further simplification and accountability</STRING> [Tírdhreach airgeadais an Aontais - struchtúr manglaim lena n-éilítear tuilleadh simplithe agus cuntasachta] inar luaigh an Chúirt gur cheart sainordú iniúchóireachta poiblí a bhunú do gach cineál maoinithe i gcás bheartais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go ndearna an Chúirt 29 dtuarascáil speisialta, aon athbhreithniú amháin agus aon tuairim amháin a thíolacadh chuig 22 choiste agus chuig meithleacha éagsúla den Chomhairle; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh ionadaithe ón gCúirt rannpháirteach in 23 chruinniú an bhliain chéanna a bhí dírithe ar urscaoileadh bhuiséad an Aontais do na blianta airgeadais 2021 agus 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici, gur léirigh Comhaltaí agus bainistíocht na Cúirte rannpháirtíocht ghníomhach in 2023, agus a gcuid oibre á cur i láthair ag 120 cruinniú le rialtais náisiúnta agus comhlachtaí rialtais ar fud 25 Bhallstát, a raibh airí nó aireachtaí airgeadais bainteach lena bhformhór; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir Comhaltaí agus foireann na Cúirte a gcuid oibre i láthair ag 91 chruinniú le parlaimintí náisiúnta nó réigiúnacha i 19 mBallstát, go príomha trí choistí a bhí dírithe ar ghnóthaí buiséadacha, airgeadais, iniúchóireachta nó gnóthaí an Aontais; ag tathant ar an gCúirt dlús a chur lena rannpháirtíocht le rialtais na dtíortha ina bhfuil na rátaí earráide is airde, lena gcothófar idirphlé agus comhoibriú méadaithe chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na saincheisteanna sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go raibh an buiséad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí cumarsáide agus cur chun cinn na Cúirte cothrom le EUR 225 000 agus gurbh ionann an ráta úsáide agus 81,13 % (EUR 182 549,84); ag tabhairt dá haire gur caitheadh an chuid is mó den bhuiséad ar sheirbhísí faireacháin na meán (EUR 81 650) agus ar ghníomhaíochtaí preasa (EUR 12 348), agus caiteachas ar chaidreamh le geallsealbhóirí ina dhiaidh sin, lenar cuimsíodh go príomha costas ardáin faisnéise beartais (EUR 57 891), gníomhaíochtaí cumarsáide (EUR 28 002,88), na meáin shóisialta (EUR 1 486,52) agus foilseacháin (EUR 1 171,44);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag tacú go láidir le straitéis na Cúirte maidir leis na meáin atá ag dul i méid, as ar eascair an líon ba mhó riamh d’ailt phreasa ar líne, breis agus 22 000, a bhaineann lena tuarascálacha iniúchóireachta, le foilseacháin eile nó leis an gCúirt i gcoitinne, lena ndeimhnítear, dá bhrí sin, an treocht aníos sa chumhdach atá tugtha faoi deara le blianta beaga anuas (2022: 20 000; 2021: 18 000); á thabhairt chun suntais go léiríonn beagnach 54 000 postáil ar na meáin shóisialta go leantar den fhás nádúrtha atá ag tarlú agus gur eisceacht iad figiúirí 2022 (2022: 110 000; 2021: 49 000);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur eisigh an Chúirt 45 phreasráiteas i 24 theanga de chuid an Aontais in 2023, chomh maith le roinnt nótaí faisnéise éagsúla, treoracha do na meáin agus clos-ráitis atá réidh le húsáid i roinnt teangacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thionól an Chúirt 21 sheisiún faisnéise do na meáin agus sé sheisiúin faisnéise thírshonracha sa bhreis do na meáin don tuarascáil bhliantúil; á thabhairt chun suntais, ar an iomlán, go bhfuil 590 iriseoir meallta ag seisiúin faisnéise na Cúirte, a ndéanann a bhformhór ionadaíocht ar mhóreagraíochtaí na meán sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mór aici gur sheol an Chúirt suíomh gréasáin nua in 2023, a fuair breis agus milliún go leith cuairt, le thart ar 700 000 cuairteoir uathúil, arb ionann é agus méadú ar mó é ná 14 % i gcomparáid le 2022; á chur in iúl gur geal léi, faoi dheireadh 2023, go raibh os cionn 48 000 leantóir meallta ag trí chuntas meáin shóisialta na Cúirte (X (Twitter, mar a bhíodh air), LinkedIn agus Facebook), méadú ar an 45 000 leantóir in 2022 agus ar an 39 000 leantóir in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go ndéanann an Chúirt measúnú ar an tionchar dóchúil atá ag a cuid oibre agus ar úsáideacht a cuid oibre, de réir mar a fheictear sin do léitheoirí a cuid tuarascálacha i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún, i ngníomhaireachtaí an Aontais, i mbuanionadaíochtaí na mBallstát, i ngníomhaireachtaí agus UFInna na mBallstát, in ENRanna, sa saol acadúil, sna meáin agus i measc páirtithe eile; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, ó 2018, go bhfuil suirbhéanna leictreonacha anaithnidithe déanta ag an gCúirt chun a iarraidh ar a léitheoirí aiseolas cáilíochtúil a thabhairt ar rogha tuarascálacha agus moltaí ginearálta a dhéanamh i dtaobh a cuid oibre; á chur i bhfáth, in 2023, gur mheas 85 % den tuairim is 1 060 freagróir go raibh tuarascálacha na Cúirte úsáideach dá gcuid oibre agus gur mheas 78 % go raibh tionchar ag na tuarascálacha sin.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>