<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0082</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0054/2025 -  Rapóirtéir: Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar an urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2024/2025(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0073/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2023 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2023, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0054/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ardrúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i leith chur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2024/2025(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0054/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur comhlacht comhairleach de chuid an Aontais é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) a chuireann fóram ar fáil don chomhairliúchán, don idirphlé agus don chomhthoil i measc ionadaithe ó chomhpháirteanna éagsúla eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta na sochaí sibhialta eagraithe ó na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn an Coiste le próiseas cinnteoireachta an Aontais agus, trí naisc idir beartais an Aontais agus imthosca eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta a áirithiú, go saothraíonn sé a mhisin maidir le reachtóireacht níos fearr, daonlathas rannpháirteach ó bhun aníos agus cur chun cinn luachanna an na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus go bhféadfadh an Coiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin, agus leas á bhaint aige as réimse leathan tarchuir mar atá sainithe san Ionstraim Eorpach Aonair, i gConradh Maastricht agus i gConradh Amstardam, lena gceadaítear do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é Coimisiún na gCoistí um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséadacha (CAF) comhlacht maoirseachta an Choiste le haghaidh na nósanna imeachta buiséadacha uile agus, go háirithe, bunú na meastachán buiséid, cur chun feidhme an bhuiséid, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, an t-urscaoileadh agus an obair leantach ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’);
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil tionscnaimh glactha ag an gCoiste chun foireann oilte a mhealladh agus a choinneáil, chun a struchtúr eagraíochtúil agus a mhodhanna oibre a bharrfheabhsú agus chun timpeallacht oibre urramach a chur chun cinn, i gcomhthéacs buiséad teoranta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún san iomlán, i.e. 6,4 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2023; á thabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Choiste in 2023 agus 1,29 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt, ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2023 (‘tuarascáil na Cúirte’), scrúdú ar shampla de 70 idirbheart faoi Cheannteideal 7, a raibh earráidí in 21 (30 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, i gcás cúig cinn de na hearráidí sin, a ndearna an Chúirt iad a chainníochtú, a mheas an Chúirt go raibh leibhéal earráide ann a bhí faoi bhun na tairsí ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt go n-áirítear leis an gcaiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear pinsin, arbh ionann é in 2023 agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt ar an tátal, mar a rinne sí sna blianta roimhe seo, go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas riaracháin ar an iomlán; ag tabhairt dá haire nár shainaithin an Chúirt aon saincheist shonrach a bhaineann leis an gCoiste in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistíocht bhuiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é EUR 158 767 559 a bhí sa bhuiséad deiridh a glacadh do MECS in 2023, arbh ionann é agus méadú 4,1 % i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire ó fhreagraí an Choiste ar an gceistneoir a thíolaic an Coiste um Rialú Buiséadach d’urscaoileadh buiséadach 2023 (an ‘Ceistneoir’) agus ó thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Choiste do 2023 (an ‘tuarascáil bhliantúil’) gur tháinig méadú 8,4 % ar an líne bhuiséid maidir le luach saothair agus liúntais (speansais le foireann agus le Comhaltaí an Choiste) idir 2022 agus 2023 mar gheall ar an mboilsciú; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig méadú 33,70 % ar an mbuiséad le haghaidh cúnamh seachtrach chun córais bogearraí a oibriú, a fhorbairt agus a chothabháil ó 2022 go 2023 toisc gur tosaíocht é cur chun feidhme a straitéise digití do 2024-2026 in 2023; ag tabhairt dá haire, seachas sin, go raibh dáileadh na leithreasuithe thar línte buiséid eile i mbuiséad 2023 an Choiste fós inchomparáide le dáileadh na mblianta roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú breise ar ráta chur chun feidhme bhuiséad an Choiste maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha ó 96,12 % in 2022 go 98,70 % in 2023, rud a d’fhág go raibh an cur chun feidhme buiséadach níos ísle sna blianta roimhe sin mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na srianta taistil gaolmhara; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú ar an ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhliain reatha ó 88,12 % in 2022 go 90,67 % in 2023; ag tabhairt dá haire gurbh é 20,14 lá an meán-am íocaíochta in 2023, níos airde ná mar a bhí in 2022 (i.e. 18,34 lá);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe a tugadh anonn ó 2023 go 2024 agus EUR 13 827 713 (i.e. thart ar 8,70 % de bhuiséad an Choiste do 2023), arb ionann é agus laghdú EUR 20 162 518 ar leibhéal na bliana roimhe sin (i.e. thart ar 13 % de bhuiséad an Choiste do 2022); ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é 86,76 % ráta cur chun feidhme na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2022 go 2023 in 2023, i gcomparáid le 76,91 % in 2022; ag spreagadh an Choiste leanúint d’úsáid éifeachtúil a bhaint as na cistí a chuirtear ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol seirbhísí an Choiste féin 12 nós imeachta idirbheartaithe faoi bhun EUR 60 000 in 2022, go príomha le haghaidh cás-staidéir, staidéar agus tacaíocht lóistíochta; ag tabhairt dá haire gur sheol an Coiste sé nós imeachta soláthair leis na seirbhísí comhpháirteacha a roinntear le Coiste Eorpach na Réigiún (‘CnaR’) go príomha i réimse na lóistíochta agus na cothabhála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste, in 2023, d’fheabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear trí obair hibrideach, teilea-obair mhéadaithe, dí-ábharú iomlán scagchuarda airgeadais agus tomhaltas fuinnimh laghdaithe; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur bhain an Coiste coigilteas airgeadais EUR 65 000 amach in 2023 mar gheall ar laghdú ar thomhaltas fuinnimh; ag moladh an Choiste as creatchonradh nua a shíniú le haghaidh seiceálacha leighis lena bhforáiltear do phraghsanna níos ísle, do sholúbthacht mhéadaithe agus do sheirbhís níos fearr ar an iomlán ná mar a bhí sa chonradh roimhe seo; ag aithint na gcoigilteas suntasach buiséadach agus riaracháin a bhain an Coiste amach trí chomhar idirinstitiúideach, go háirithe na seirbhísí comhpháirteacha le CnaR agus seachfhoinsiú (comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse) seirbhísí sonracha chuig an gCoimisiún maidir le láimhseáil acmhainní daonna agus úsáid uirlisí TF bainistíochta airgeadais agus acmhainní daonna, chomh maith le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha faoi stiúir institiúidí eile; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur tháinig méadú ar an gcostas iomlán arna thabhú ag an gCoiste as seirbhísí sonracha a sheachfhoinsiú chuig an gCoimisiún ó EUR 743 600 in 2022 go EUR 793 000 in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gur socraíodh leis an gcinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 an liúntas maidir le cianfhreastal chomhaltaí an Choiste ar chruinnithe neamhreachtúla ag EUR 145 in aghaidh an chianchruinnithe in aghaidh an lae, arb ionann é agus 50 % den liúntas laethúil le haghaidh rannpháirtíocht fhisiciúil in 2023; á mheas, in ainneoin gur ionstraim thábhachtach é cianfhreastal d’institiúidí nua-aimseartha ós rud é, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, go laghdaítear leis costais na gcruinnithe agus go gceadaítear leis rannpháirtíocht níos leithne, gur deacair don phobal leithdháileadh liúntais le haghaidh cianfhreastal ar chruinnithe a thuiscint, fiú má laghdaítear é agus mura bhfuil sé beartaithe ach do chineálacha áirithe imeachtaí, go háirithe agus an difríocht a íoctar le comhaltaí an Choiste agus le comhaltaí CnaR as cianfhreastal á cur san áireamh; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil leantach an Choiste ar rún na Parlaiminte maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Choiste do 2022 (an ‘Tuarascáil Leantach’) gur tháinig coigilteas buiséadach EUR 1 677 000 as cur i bhfeidhm an chinnidh sin cheana féin mar gheall ar chostais taistil agus liúntais taistil níos ísle a íocadh, chomh maith le coigilteas comhshaoil de thart ar 553,66 tona CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING>, mar gheall ar níos lú taistil in 2023; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil gur freastalaíodh go cianda ar líon na laethanta cruinnithe a aisíocadh in 2006 (6 259 in 2022), le meánfhad 3 uair an chloig in aghaidh an chruinnithe ar chostas iomlán EUR 294 930 in 2023 (EUR 922 925 in 2022); á chur in iúl gur geal léi seiceálacha iolracha a rinne an Coiste chun cianfhreastal na gcomhaltaí a chruthú sula n-íoctar an liúntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú a chur ar bhuiséad an Choiste in 2023, trí bhoilsciú agus coigeartuithe tuarastail atá ag dul i méid, dúshláin maidir le tionscadail tógála mar gheall ar mhoilleanna agus praghsanna amhábhar níos airde, innéacsú conarthaí cíosa (+ 10,3 % in 2023 i gcomparáid le 2022), chomh maith le hinnéacsú conarthaí seirbhísí cothabhála agus slándála (+ 13,50 % in 2023 i gcomparáid le 2021); ag tabhairt dá haire go háirithe gur mhéadaigh na costais fuinnimh ó EUR 726 000 go EUR 3 125 000 idir 2021 agus 2022, sular laghdaigh siad go EUR 1 923 391 in 2023; ag aithint uasteorainn 2 % le haghaidh speansais nach mbaineann le tuarastal; ag moladh an Choiste, sa chomhthéacs sin, as a thionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar an leibhéal buiséadach trí, mar shampla, straitéisí coigilte fuinnimh a chur chun feidhme trí bhearta gearrthéarmacha, chomh maith le bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus, dá bhrí sin, gan buiséad leasaitheach a bheith ag teastáil in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar leithreasuithe na bliana reatha do líne bhuiséid 1004 (caiteachas ar thaisteal an Fheisire, lena n-áirítear liúntais chothaithe agus chruinnithe) ó EUR 19,790 milliún in 2022 (ar íocadh AE 15,895 mhilliún de) go EUR 19,761 milliún in 2023 (ar íocadh AE 18,344 milliún de); ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil feabhas tagtha ar ráta cur chun feidhme na leithreasuithe sin ó 80,31 % in 2022 go 92,83 % in 2023; ag tabhairt dá haire gur ghlac Uachtarán an Choiste páirt i 35 mhisean arbh fhiú EUR 71 926 san iomlán iad in 2023 i gcomparáid le 26 mhisean arbh fhiú EUR 38 042 san iomlán iad in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir go leithdháileann an Chomh-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise de chuid an Choiste agus CnaR thart ar 3 % dá bhuiséad TF ar an gcibearshlándáil, rud atá i bhfad ón sprioc 10 % dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha; á iarraidh ar na comhreachtóirí agus ar an gCoimisiún é sin a chur san áireamh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil, mar chuid dá chlár oibre bliantúil do 2023, go raibh 31 chuspóir san iomlán ag an gCoiste a bhí deartha do gach eintiteas dá riarachán agus, mar chuid de straitéis na hArdrúnaíochta do 2021-2025, go bhfuil cúig chroíluach agus cúig phríomhchuspóir straitéiseacha ag an gCoiste; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur príomhtháscairí iad líon na dtuairimí a tháirgtear agus líon na rannpháirtíochtaí i gcruinnithe ardleibhéil chun feidhmíocht an Choiste a thomhas; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir go bhfuil táscairí feidhmíochta ag an gCoiste i réimsí éagsúla, amhail TF, Acmhainní Daonna, aistriúchán agus cumarsáid; á iarraidh ar an gCoiste liosta de na príomhtháscairí agus cuspóirí feidhmíochta uile, de réir gníomhaíochta, a áireamh ina thuairisciú amach anseo, chomh maith leis an sprioc (%) a leagtar síos chun iad a bhaint amach agus leibhéal (%) a ngnóthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go saothraíonn an Coiste a mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus tústuairimí, a chuireann le hobair an Choimisiúin maidir lena thionscnaimh atá beartaithe, agus gur féidir seasaimh an Choiste a aibhsiú i rúin nó a áireamh i dtuarascálacha meastóireachta agus faisnéise; ag moladh an Choiste as a fheidhmíocht maidir le cúnamh a thabhairt don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún sa timthriall reachtach in 2023; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur ghlac an Coiste 213 thuairim agus thuarascáil in 2023, méadú ó 202 in 2022 agus gur eagraigh sé 146 éisteacht agus 23 chomhdháil, i gcomparáid le 116 agus 29 in 2022, faoi seach; ag tabhairt dá haire gur ghlac comhaltaí an Choiste páirt i 429 gcruinniú ardleibhéil, cruinniú mullaigh agus comhdháil in 2023 i gcomparáid le 345 in 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici go bhfuil gníomhaíocht déanta ag an gCoiste in 2023 chun feabhas a chur ar infheictheacht agus ar thionchar a chuid oibre i ndáil le formáid a thuairimí, leis an modheolaíocht le haghaidh tuairimí leantacha, leis an gcomhar leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún agus le tionscadail eile de chineál idirdhisciplíneach, chomh maith le tionscnaimh nuálacha amhail promhadh na hóige ar bheartais an Aontais, tionscnamh na gcomhaltaí is iarrthóirí ar mhéadú agus Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>	ag moladh na dtionscnamh a rinne an Coiste arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht ghníomhach na hóige sa phróiseas ceaptha beartas a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an treoirthionscadal a cuireadh chun feidhme idir Meán Fómhair 2022 agus Aibreán 2023 agus é mar aidhm leis an obair leantach ar thuairimí roghnaithe i leith na n-institiúidí uile a neartú, de bhrí gur roghnaíodh 19 dtuairim le haghaidh obair leantach threisithe faoin tionscadal sin; ag cur sonrú i dtorthaí dearfacha foriomlána an treoirthionscadail sin ón gCeistneoir, amhail feabhas a chur ar chumas an Choiste gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh, tosaíocht níos fearr a thabhairt d’obair an Choiste agus for-rochtain agus tionchar méadaithe na dtuairimí a roghnaíodh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais go raibh bainistiú éifeachtúil acmhainní teoranta fós ina phríomhdhúshlán i rith 2023 mar gheall ar shrianta foirne, rud is measa fós mar gheall ar ghníomhaíochtaí méadaithe faoi bheartas leanúnach cobhsaí foirne; ag cur sonrú i bplean an Choiste cur chuige nua a thabhairt isteach maidir le pleanáil straitéiseach don lucht saothair agus leithdháileadh foirne, bailiú sonraí maidir le scileanna foirne a ghiaráil, éisteacht ghníomhach a thabhairt ar fud na heagraíochta, agus machnamh a dhéanamh ar thosaíochtaí straitéiseacha ag comhlachtaí polaitiúla an Choiste; á iarraidh ar an gCoiste an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi thoradh an phlean nua sin, ós rud é go bhféadfadh sé sin institiúidí eile a bhfuil dúshláin chomhchosúla athfhillteacha rompu a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir le caighdeáin rialaithe inmheánaigh (ICS), gur léiríodh feabhsuithe i gcleachtadh comhlíontachta 2023 i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur tháinig méadú ar chomhlíonadh, eadhon a mhéid a chuirtear ceanglais 16 ICS chun feidhme, ó 80,30 % in 2022 go 87,40 % in 2023, agus gur tháinig méadú ar éifeachtacht, eadhon a mhéid a oibríonn cur chun feidhme na gceanglas sin mar a bhí beartaithe, ó 74 % in 2022 go 78,10 % in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur léirigh cleachtadh measúnaithe riosca bliantúil 2023 gur laghdaigh cur i bhfeidhm rialuithe inmheánacha rioscaí bunúsacha (i gcatagóir ‘criticiúil’ agus ‘an-tábhachtach’) faoi 53 %, ó 40 go 19, in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>	ag tabhairt dá haire go ndearnadh athstruchtúrú ar an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) in 2023, lenar neartaíodh a comhlíontacht le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus lena ndearnadh a próiseas uile a chuíchóiriú agus a dhoiciméadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i réimse na n-idirbheart airgeadais, gur ghlac seirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) an Choiste cinneadh nua maidir le measúnú rioscaí chun nós imeachta simplithe a chur chun feidhme ag tús 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac Biúró an Choiste cairt iniúchóireachta inmheánaí nua agus cairt coiste iniúchóireachta lena n-áirítear rialacha nós imeachta in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil agus ón gCeistneoir gur sheol IAS ceithre iniúchadh in 2023, eadhon iniúchtaí ar údaruithe cruinnithe, ar roghnú an choimisiúin chomhairligh um Athrú tionsclaíoch, ar an timthriall straitéiseach agus ar liúntais faid agus achair do chomhaltaí an Choiste; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh na n-iniúchtaí sin agus na moltaí oscailte uile a d’eascair as iniúchtaí roimhe seo a chur chun feidhme (maidir le spriocdhátaí institiúideacha, ateangaireacht, fíorú, eitic agus ionracas, cearta reachtúla agus amanna íocaíochta);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 707 mball foirne á bhfostú ag an gCoiste ag deireadh 2023, i gcomparáid le 706 bhall foirne in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 49 ngníomhaire ar conradh agus 130 gníomhaire sealadach (ar earcaíodh 52 díobh in 2023) fostaithe in 2023 (i gcomparáid le 50 gníomhaire ar conradh agus 128 ngníomhaire sealadacha in 2022); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 12 ghníomhaire eatramhacha agus 10 mball foirne sheachtracha á bhfostú ag an gCoiste a bhí ag obair <STRING ITALIC="on">intra muros</STRING>, gan soláthraithe seirbhísí seachtracha i réimsí na lóistíochta agus TF a áireamh; ag tabhairt dá haire gurbh é 95,50 % an ráta fostaíochta in 2023 i gcomparáid le 95,10 % in 2022 agus gurbh é 7 % an ráta athraithe foirne in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Choiste a chreat acmhainní daonna a fheabhsú d’fhonn a bheith ina fhostóir tarraingteach agus ina ionad oibre ina bhfuil meas ar gach duine aonair agus inar féidir leo a n-acmhainneacht a fhorbairt go hiomlán; ag tabhairt dá haire, mar chuid de chur chun feidhme a straitéise acmhainní daonna do 2023-2025, gur bhain an Coiste roinnt príomh-gharspriocanna amach in 2023, agus gur glacadh cinntí nua maidir le dálaí oibre (obair hibrideach, ragobair, saoire speisialta), straitéis agus plean gníomhaíochta éagsúlachta agus cuimsithe do 2023-2027, soghluaisteacht foirne agus an mhodheolaíocht maidir le poist íogaire, chomh maith le córas breithmheasa agus ardaithe céime foirne, i measc nithe eile; ag cur sonrú le teann sásaimh i dtorthaí dearfacha an tsuirbhé ar shástacht na foirne a foilsíodh i mí na Bealtaine 2023, inar léirigh an fhoireann agus na bainisteoirí araon leibhéil arda sástachta le hábhair éagsúla a bhaineann le hacmhainní daonna, go háirithe maidir le socruithe oibre, ábhar ar cosúil gur aimsigh an Coiste an chothromaíocht fhoirfe ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur éirigh an Coiste ina ghlan-allmhaireoir tallainne (ó institiúidí eile) don dara bliain as a chéile mar thoradh ar phlean spriocdhírithe tarraingteachta agus coinneála a chur chun feidhme; ag aithint, mar sin féin, go bhfuil dúshláin leanúnacha ann mar gheall ar bheith ag brath ar ghníomhairí sealadacha agus easnamh a bheith ann i liostaí ionadaithe EPSO, rud a chuireann coinneáil saineolais i mbaol; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá foireann bhuan chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil a chothabháil; ag moladh don Choiste tionscnaimh a chur i bhfeidhm chun freagairt do na dúshláin sin, mar shampla, trí chomórtais inmheánacha a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, d’fhonn a acmhainní ganna a dháileadh ar bhealach níos fearr, gur tugadh iniúchadh mapála acmhainní daonna seachtrach, arna choimisiúnú ag an gCoiste, chun críche in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur deimhníodh le torthaí an iniúchta sin an t-ualach mór oibre i roinnt mhaith seirbhísí éagsúla ar fud an Choiste, rud a chuir comhlíonadh mhisean agus oibleagáidí an Choiste i mbaol; á iarraidh ar an gCoiste moltaí an iniúchta sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras breithmheasa agus feidhmíochta faoi 2025, an cinneadh nua maidir le dálaí oibre a ghlacadh, agus faireachán rialta a dhéanamh ar rannpháirtíocht foirne; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá pleanáil straitéiseach an lucht saothair chun leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, ailíniú leis na tosaíochtaí ardleibhéil arna leagan síos ag údaráis pholaitiúla a áirithiú agus leanúint dá hiarrachtaí costéifeachtúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leanadh de na treochtaí dearfacha a tionscnaíodh in 2022 maidir le hearcú foirne in 2023; ag moladh an Choiste as na gníomhaíochtaí a rinneadh sa réimse sin amhail foilsiú post folúntais a ailíniú le liostaí ionadaithe nua EPSO a fhoilsiú nó deiseanna fostaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choiste agus Linkedin, i measc nithe eile; á iarraidh ar an gCoiste an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi thoradh a treoirthionscadail maidir le gníomhaíochtaí brandála fostóirí; á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach d’ailíniú straitéiseach é ionduchtú na nuatheachtaithe trína áirithiú go gcuirfear an fhoireann ar an eolas faoi na rialacha agus na straitéisí atá i bhfeidhm in institiúid; ag moladh an Choiste as ionduchtú ball foirne nua a neartú in 2023 trí leabhrán fáiltithe nuashonraithe agus litir ionduchtaithe, pacáiste fáiltithe le hearraí éiceabhácha, lúb aiseolais maidir leis an eispéireas ionduchtaithe, uainiú seisiúin fáiltithe feabhsaithe, Cúinne na Nuatheachtaithe athchóirithe, agus leideanna ionduchtaithe do bhainisteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú gur ghlac an Coiste Cinneadh 282/23A, le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, lena mbunaítear beartas oibre hibrideach solúbtha bunaithe ar iontaoibh agus, ag an am céanna, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur ar fáil don fhoireann agus inoiriúnaitheacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go tráthúil faoi na forbairtí i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Ardrúnaí mná i mí Eanáir 2024 mar fhorbairt dhearfach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh céatadán na mban sa bhainistíocht shinsearach fós íseal in 2023, agus nach bhfuil ach dhá cheann as seacht bpost ardbhainistíochta ag mná faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi, mar sin féin, go measann an Coiste gur gné thábhachtach í cothromaíocht inscne a fhoirne agus go háirithe sa bhainistíocht shinsearach agus á iarraidh ar an gCoiste feabhas a chur go pras ar an staid ar na leibhéil is airde den Choiste, trí ionadaíocht chothrom a áirithiú i gcomhréir le gealltanais an Choiste maidir le héagsúlacht agus cuimsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach raibh an Coiste in ann sonraí a chur ar fáil maidir le cásanna traochta in 2023 agus ag diúltú do sheasamh an Choiste a cuireadh in iúl ina thuarascáil leantach i gcás nach diagnóis leighis aitheanta é an traochadh ann féin agus go bhféadfadh an iliomad cúiseanna leis an traochadh a bheith ann; á mheabhrú a thábhachtaí atá sonraí staidrimh maidir le traochadh agus é mar aidhm leo cabhrú chun cinntí a dhéanamh maidir le dea-bhail na foirne, ar cheart iad a bheith bunaithe freisin ar cheachtanna a foghlaimíodh ó thaithí an-mhí-ámharach roimhe seo, agus ar mheastóireachtaí seachtracha ar an gcreat atá ann faoi láthair; ag aithint srianta cosanta sonraí ach á chur i bhfáth a luachmhaire atá sonraí staidrimh anaithnidithe chun tacú le cinntí bainistíochta eolasacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na torthaí lena leagtar béim ar ualaí oibre troma i roinnt seirbhísí mar gheall ar acmhainní daonna teoranta; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh socruithe oibre nua mar chéim dhearfach, ach ag spreagadh an Choiste céimeanna breise a ghlacadh chun a áirithiú go bhfoilseofar sonraí anaithnidithe maidir le cásanna traochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh baill foirne ó na Ballstáit uile á bhfostú ag an gCoiste in 2023, agus go raibh ró-ionadaíocht á déanamh ar chuid acu (e.g. an Bheilg, an Iodáil); ag tabhairt dá haire in 2023 go raibh 24 % de na bainisteoirí a bhí fostaithe ag an gCoiste as na 13 Bhallstát a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004, ar méadú beag é i gcomparáid le 21 % in 2022 agus 19 % in 2021; á athdhearbhú go molann sí don Choiste leanúint de ghníomhaíocht a dhéanamh chun dáileadh geografach cuí a bhaint amach laistigh dá fhoireann, agus béim ar leith á leagan ar an leibhéal bainistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste timpeallacht oibre shláintiúil a chruthú dá bhaill foirne; ag tabhairt moladh go háirithe don bhéim a leag an Coiste ar mheabhairshláinte agus ar shláinte coirp na foirne, agus do na hiarrachtaí a rinneadh maidir le feasacht a mhúscailt faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte; ag cur sonrú i mbearta an Choiste maidir le saoire bhreoiteachta a bhainistiú, amhail obair pháirtaimseartha leighis agus cianobair leathnaithe, chun a áirithiú go bhfillfidh baill foirne atá neamhláithreach go fadtéarmach de dheasca breoiteachta ar an obair go tráthúil, chomh maith le méadú ar chéatadán na mball foirne nach bhfuil aon neamhláithreacht acu ó 27 % in 2022 go 30 % in 2023; á thabhairt faoi deara, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh an Coiste feachtas scagthástála ailse craicinn saor in aisce ar áitreabh an Choiste ina ndeachaigh deirmeolaithe seachtracha i gcomhairle le 104 bhall foirne thar cheithre lá in 2023;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis nua um éagsúlacht agus cuimsiú, a bheidh éifeachtach go dtí 2027; ag moladh na ngníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta maidir le míchumas a rinneadh go luath in 2024; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil oiliúint éagsúlachta agus cuimsithe fós éigeantach do bhainisteoirí agus go moltar í don fhoireann; ag aithint thiomantas láidir an Choiste ionad oibre atá go hiomlán cuimsitheach a chothú; ag spreagadh an Choiste céimeanna breise a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar ionadaíocht fostaithe faoi mhíchumas agus chun a áirithiú go bhfoilseofar sonraí anaithnidithe i ndáil leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste dá phróiseas athchóirithe inmheánach le cinneadh a ghlacadh maidir leis na forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le himscrúduithe riaracháin agus rialacha cur chun feidhme le haghaidh imeachtaí araíonachta in 2023; ag moladh an Choiste as an gcéim dheireanach sin is gá a dhéanamh chun na bearta le haghaidh creat eitice treisithe de chuid an Choiste a chur chun feidhme go hiomlán; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach gur tháinig an Coiste agus an t-iniúchóir inmheánach ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta a bhaineann leis an iniúchadh ar eitic agus ionracas an Choiste, agus ocht moladh curtha chun feidhme agus dúnta agus dhá mholadh fós le cur chun feidhme faoi mhí an Mhárta 2025; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste d’oiliúint a chur ar an bhfoireann agus d’fheasacht a mhúscailt maidir le hábhair a bhaineann le sceithireacht, coinbhleachtaí leasa agus saincheisteanna eiticiúla eile in 2023: ag tabhairt sonrú, sa chomhthéacs sin, agus é ina dhíol sásaimh di, i dtorthaí an tsuirbhé ar rannpháirtíocht na foirne a rinneadh in 2023 ina léirítear ráta ard feasachta i measc na foirne, maidir le creat eiticiúil an Choiste, go háirithe maidir le líonraí comhairleoirí rúnda (93 %) agus comhairleoirí eitice (83 %); ag tabhairt faoi deara gur eagraigh an Coiste 12 sheisiún oiliúna maidir leis na hábhair sin le rannpháirtíocht iomlán 79 mball foirne in 2023; ag moladh an Choiste as oiliúint éigeantach a eagrú maidir le meas agus dínit ag an obair don fhoireann uile, lena n-áirítear bainisteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh gearán ciaptha amháin in 2023 agus gur dúnadh é an bhliain chéanna, mar thoradh ar imscrúdú agus idirghabháil ag an gCoiste, gan smachtbhannaí a fhorchur; á mheabhrú gur páirtí sibhialta é an Coiste sna himeachtaí dlíthiúla leanúnacha arna dtionscnamh ag údaráis náisiúnta na Beilge i gcoinne iarchomhalta a gcuirtear mí-iompar ina leith atá os comhair chúirteanna na Beilge faoi láthair; á iarraidh ar an gCoiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi fhorbairtí sa chás sin; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach cultúr an mheasa agus na dínite a chothú, le tacaíocht ó bheartas neamhfhulaingthe maidir le ciapadh, chun líomhaintí amach anseo a chosc agus chun timpeallacht oibre shábháilte agus chuimsitheach a áirithiú laistigh den Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le beartas neamhfhulaingthe i gcoinne ciaptha chun dea-bhail na foirne a chosaint agus gur dualgas ar aon fhostóir é; á mheabhrú, agus aghaidh á tabhairt ar éilimh chiaptha, gur cheart cur chuige bunaithe ar na ceachtanna atá foghlamtha a chur i bhfeidhm chun aon éagóiritheoireacht a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint; á mheas fós go mbeadh sé tairbheach imscrúdú seachtrach agus neamhspleách a dhéanamh ar an gcás atá faoi imeachtaí dlíthiúla faoi láthair chun feabhas a chur ar fhreagairt an Choiste ar chásanna comhchosúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici ullmhacht an Choiste comhoibriú le comhlachtaí imscrúdaitheacha an Aontais, eadhon an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus an tOmbudsman; ag tabhairt dá haire gur osclaíodh dhá chás OLAF in 2023, ar díbheadh an dá cheann acu sa bhliain chéanna: ceann amháin mar gheall ar easpa fianaise leordhóthanaí agus an ceann eile a tarchuireadh chuig an gCoiste le haghaidh obair leantach; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa dara cás; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur oscail an tOmbudsman fiosrúchán in 2023 i ndáil le bainistiú cáis a bhain le líomhaintí maidir le ciapadh; á iarraidh ar an gCoiste toradh an fhiosrúcháin sin a chur in iúl don údarás um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, in obair an Choiste i dtreo níos mó trédhearcachta ina chuid gníomhaíochtaí in 2023; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur glacadh cinneadh lena leathnaítear raon na ndoiciméad atá ar fáil ar líne tríd an gClár Trédhearcachta, amhail miontuairiscí cruinnithe agus liostaí tinrimh an Choiste, chomh maith le cinneadh lena n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste bualadh le geallsealbhóirí cláraithe amháin, a liosta cruinnithe a fhoilsiú agus a ‘lorg reachtach’ a chur i gceangal lena dtuairimí; á chur in iúl gur mór aici go bhfoilsíonn an Coiste faisnéis ar líne maidir lena bhuiséad bliantúil, lena tháscairí feidhmíochta, lena chaiteachas nó lena sholáthar poiblí; á iarraidh go bhfoilseofaí gach cruinniú arna reáchtáil ag comhaltaí CESE le tríú páirtithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil rialacha agus nósanna imeachta daingne curtha i bhfeidhm ag an gCoiste chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun doirse imrothlacha a sheachaint maidir le baill foirne a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí seachtracha nó comhaltaí a ghlacann le poist tar éis dóibh gan a bheith ina gcomhalta den Choiste a thuilleadh; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur thug an Coiste foirm nua ‘Dearbhú maidir le leasanna airgeadais’ isteach in 2023; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh comhaltaí, toscairí, comhaltaí malartacha agus comhairleoirí an fhoirm a dhearbhú as a bpoist nó as a ngníomhaíochtaí lasmuigh den Choiste, ar poist nó gníomhaíochtaí iad a bhfuil luach saothair ag gabháil leo agus nach bhfuil luach saothair ag gabháil leo; ag moladh an Choiste thairis sin as a rannpháirtíocht in 2023 sa chaibidlíocht pholaitiúil chun an Comhlacht Eitice Idirinstitiúideach a chruthú a mbeidh sé de chúram air caighdeáin eiticiúla a leagan síos chun trédhearcacht agus sláine a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á thabhairt dá haire gur ghlac an Biúró Coiste, an 21 Márta 2023, roinnt beart trédhearcachta i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos maidir le Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh, amhail moladh do chomhaltaí a shealbhaíonn oifig gan bualadh ach le geallsealbhóirí cláraithe, an oibleagáid atá ar chomhaltaí a shealbhaíonn oifig a liostaí cruinnithe a fhoilsiú agus ‘lorg reachtach’ deonach do rapóirtéirí; ag tabhairt dá haire go ndearnadh roinnt gníomhaíochtaí chun an cinneadh ón mBiúró a chur chun feidhme, lena n-áirítear nóta seirbhíse a eisiúint lena leagtar síos módúlachtaí praiticiúla chun an cinneadh a chur chun feidhme, feachtas oiliúna feasachta, agus forálacha na dteachtaireachtaí teimpléid atá le cur san áireamh i gcomhfhreagras idir comhaltaí an Choiste agus geallsealbhóirí seachtracha lena spreagtar páirt a ghlacadh i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh (más infheidhme);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tathant ar CESE rianú fíor-ama ar choinbhleachtaí leasa dearbhaithe a chur chun feidhme, lena gceanglaítear ar gach comhalta agus ar gach ball foirne sinsearach leasanna airgeadais, sócmhainní agus cleamhnachtaí seachtracha a nochtadh go poiblí gach bliain, chun tionchar míchuí ar chinnteoireacht a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach ann do chásanna i réimsí calaoise, coinbhleachtaí leasa ná sceithireachta in 2023; ag tabhairt dá haire go ndearnadh athbhreithniú ar éifeachtacht bhearta frithchalaoise an Choiste chun straitéis frithchalaoise a fhorbairt atá fós in easnamh d’ainneoin roinnt iarratas ón bParlaimint ina rúin maidir le hurscaoileadh chun beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcóras frithchalaoise foriomlán; á mheabhrú a thábhachtaí atá straitéis chuimsitheach frithchalaoise agus á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh an chleachtaidh sin ar cheart straitéis frithchalaoise a bheith glactha mar thoradh air in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 12 700 000 buiséad comhcheangailte TF an Choiste agus Choiste na Réigiún araon in 2023, i gcomparáid le EUR 11 712 000 in 2022, i.e. méadú 8.4 %, de bhrí gur íocadh EUR 350 000 den bhuiséad sin (nó 3 % de) le haghaidh na cibearshlándála in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann 6,24 % de bhuiséad iomlán an Choiste do 2023 agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme ‘Straitéis Dhigiteach nua 2024-2026’ (DS2026) a d’ullmhaigh an Stiúrthóireacht Chomhpháirteach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Faisnéise (DIIT) in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le DS2026 todhchaí ina gcomhtháthófar an teicneolaíocht le croí-mhisean an Choiste, lena ndíreofar ar éifeachtúlacht, luas agus éabhlóid dhigiteach leanúnach, lena gcuirfear an riarachán agus na comhaltaí araon i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh agus lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar sholáthar seirbhíse, ar chumhachtú agus ar inoiriúnaitheacht; ag tabhairt dá haire go bhfuil DS2026 bunaithe ar ocht gcuspóir, ocht bpríomhphrionsabal agus ceithre mhórthionscadal amhail glacadh Ares agus EdiT a mheastar a chuirfear i bhfeidhm in 2026 agus 2025, faoi seach; ag cur sonrú, le teann sásaimh ón gCeistneoir, sa dul chun cinn atá déanta ag DIIT maidir le DS2026 a chur chun feidhme in 2023, agus gníomhaíochtaí déanta amhail treoirlínte foirne a ghlacadh maidir leis an intleacht shaorga, sreafaí leasaithe a chomhtháthú le huirlisí aistriúcháin agus oifig bainistithe tionscadal a bhunú, i measc go leor eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag cur sonrú, ón Tuarascáil Bhliantúil, i ngníomhaíochtaí an Choiste i réimse na cosanta sonraí pearsanta agus na próiseála a dhéantar orthu; ag tabhairt dá haire gur chruthaigh an Coiste in 2023 leagan nua ar líne dá chlár taifead agus clár comhpháirteach nua taifead le CnaR, cé go raibh 121 taifead ag CnaR agus go raibh 25 thaifead ag CnaR ag deireadh 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Coiste nós imeachta nua chun sáruithe ar shonraí a láimhseáil, gur fhoilsigh sé treoir maidir le cosaint sonraí agus gur chuir sé roinnt tionscniamh múscailte feasachta chun feidhme dá fhoireann agus dá chomhaltaí in 2023; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur sheol MECS fiosrúchán amháin in 2023 maidir le hiniúchadh seachtrach a bhainistiú, agus gur lean sé d’fhiosrúchán níos sine maidir le húsáid néalseirbhísí faoi chonarthaí Cloud II ag institiúidí an Aontais, ach i gcás an dá fhiosrúchán tá na conclúidí fós ar feitheamh; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an obair leantach ar na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste bailchríoch in 2023 ar a thionscadal maidir le trealamh a sheomraí cruinnithe uile, de bhrí go raibh 14 sheomra eile den sórt sin feistithe le teicneolaíochtaí a fhágann go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán i modh hibrideach; á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Coiste na nósanna imeachta soláthair uile le haghaidh conarthaí ardluacha ar bhealach lándigitithe, gur bhain sé úsáid as an Ríomhshíniú Cáilithe le haghaidh aon chineál comhaontuithe conarthacha agus gur chuir sé oiliúint ar fáil don fhoireann maidir leis an aistriú chuig córas na hUirlise um Bainistiú an tSoláthair Phoiblí agus chuig an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag moladh an Choiste as a ghníomhaíochtaí nithiúla chun a áirithiú go sealbhóidh a fhoireann na scileanna digiteacha is gá in ionad oibre atá ag éirí níos digitithe in 2023; ag cur sonrú, sa chomhthéacs sin, sna gníomhaíochtaí, amhail ‘mion-haiceatóin’, a eagraítear faoi chuimsiú líonra idir piaraí arna bhunú le CnaR chun úsáid agus tuiscint níos fearr ar uirlisí digiteacha comhoibríocha a chothú, chomh maith le cóitseáil idir piaraí agus malartuithe taithí; ag tabhairt dá haire gur comhtháthaíodh toradh na ngníomhaíochtaí sin i dtairiscint oiliúna an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur glacadh treoirlínte do bhaill foirne i mí Dheireadh Fómhair 2023 maidir le húsáid na hIntleachta Saorga (IS), gur cuireadh seisiún faisnéise ar fáil do gach ball foirne, inar leagadh béim ar dheiseanna agus ar dhúshláin, agus gur cuireadh cumarsáid bhreise ar fáil do bhaill foirne trí ailt eolasbhunaithe ar inlíon an Choiste chun feasacht a mhúscailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leanadh den obair chun Creat Cibearshlándála NIST a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm laistigh den Choiste agus de CnaR araon in 2023, de bhrí gur díríodh sna gníomhaíochtaí a rinneadh an bhliain sin ar chuid de phrionsabail an chreata sin, i.e. prionsabail a chosaint agus a bhrath; ag tabhairt dá haire go gcuirtear straitéisí maolaithe chun feidhme trí úsáid a bhaint as an gCreat Cibearshlándála ‘Essential Eight’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tháinig an Coiste ar aon chibirionsaithe in 2023, ach gur tháinig sé ar ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse (DoS) gairide i gcoinne shuíomhanna gréasáin corparáideacha an Choiste a bhí á n-óstáil go seachtrach ag deireadh 2022 agus ag tús 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tathant ar CESE a bhuiséad cibearshlándála a mhéadú go 10 % ar a laghad dá chaiteachas iomlán TF i gcomhréir le treoracha cibearshlándála an Aontais Eorpaigh, lena n-áiritheofar cosaint fheabhsaithe ar chibearbhagairtí, go háirithe i gcás sonraí íogaire a bhaineann le hábhair bheartais agus bhuiséadacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á aithint go bhfuarthas an tuarascáil ón gCoiste an 3 Meitheamh 2024 lena gcuirtear an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoi bheartas tógála an Choiste, i gcomhréir le hAirteagal 266(1) de Rialachán Airgeadais an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón tuarascáil sin gur bhain an Coiste, i gcomhar le CnaR, ceann de phríomhthosaíochtaí a Straitéise Tógála 2017, i.e. ‘comhchruinniú geografach na bhfoirgneamh’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh coigilteas ann cheana féin mar gheall ar an gcostas níos ísle a bhaineann le VMA ina iomláine a fháil ar cíos i gcomparáid leis na trí fhoirgneamh a bhí ar cíos roimhe sin; á chur in iúl go dtuigeann sí gur thart ar EUR 1,8 milliún atá sa choigilteas sin, atá, de réir na tuarascála sin, coibhéiseach leis an gcíos a íoctar ar fhoirgneamh B100; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste ag obair faoi láthair ar a straitéis tógála fhadtéarmach do 2017 a thabhairt cothrom le dáta, agus gur cheart an obair sin a bheith críochnaithe faoi dheireadh 2025; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh an chleachtaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tabhairt chun críche athchóirithe (i.e. oibreacha feistithe) ar fhoirgneamh VMA a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cliste coigilte fuinnimh a shuiteáil; ag tacú le plean an Choiste iniúchtaí teicniúla agus comhshaoil a dhéanamh ar a fhoirgnimh uile, de bhrí gur cheart, le toradh na n-iniúchtaí sin, go mbeifí in ann na suiteálacha teicniúla agus na comhpháirteanna tógála uile is gá a athchóiriú nó a choinneáil go hiomlán nó go páirteach a shainaithint, agus ar an gcaoi sin iad a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a thabhairt cothrom le dáta maidir le toradh na n-iniúchtaí sin agus maidir leis an obair leantach orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an tascfhórsa maidir le ‘bealaí nua oibre’, a bunaíodh in 2022, an chéad tuarascáil ionchasach in 2023, inar díríodh ar na spásanna oifige atá ar fáil agus ar na roghanna optamaithe a d’fhéadfadh a bheith ann; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoiste leanúint den chleachtadh sin le próiseas rannpháirtíochta le baill foirne chun na spásanna oibre a bheidh ann amach anseo a chomhdhearadh; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste agus CnaR an prionsabal ‘dearadh uilíoch’ a chur i bhfeidhm go córasach ar a mbonneagar, lena n-áiritheofar inrochtaineacht a bhfoirgneamh trí dhearadh; ag tabhairt dá haire go ndearna an dá choiste raon beart éagsúil chun inrochtaineacht a bhfoirgneamh a áirithiú do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais in 2023, lena n-áirítear nuair a rinneadh a ardaitheoirí i bhfoirgneamh JDE a nuachóiriú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cleachtais ghlasa an Choiste agus ag moladh an laghdaithe breise ar thomhaltas gáis, leictreachais agus uisce agus ar astaíochtaí carbóin agus an mhéadaithe ar an ráta athchúrsála i ndáil le gníomhaíochtaí an Choiste in 2023 i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil meath beag, i gcomparáid le leibhéil 2019, ar an ráta toirte dramhaíola, ó -66 % in 2022 go -56 % in 2023 mar gheall ar láithreacht oifige níos airde;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur baineadh amach na héifeachtúlachtaí fuinnimh agus na laghduithe ar astaíochtaí trí infheistíochtaí i suiteálacha nuálacha foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí cliste coigilte fuinnimh atá suiteáilte i bhfoirgneamh VMA, leictreachas glas 100 % a cheannach, critéir chomhshaoil (saincheaptha) a thabhairt isteach i ngach nós imeachta tairisceana a bhfuil luach EUR 60 000 nó níos mó acu, sreafaí oibre gan pháipéar a úsáid agus bearta eile amhail na huaireanta oibriúcháin le haghaidh soilsiú a laghdú, teocht tagartha an gheimhridh i ngach foirgneamh a laghdú go 19 gcéim nó foirgnimh a dhúnadh i dtréimhsí ina bhfuil líon íseal foirne, i measc go leor beart eile; ag tabhairt dá haire go gcomhfhreagraíonn an laghdú ar thomhaltas fuinnimh an Choiste do ráta 3,4 % agus do ghnóthachan airgeadais EUR 65 395;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach gur rannchuidigh na teicneolaíochtaí cliste coigilte fuinnimh a suiteáladh i bhfoirgneamh VMA a athchóiríodh le déanaí le tomhaltas fuinnimh (gás agus leictreachas) an Choiste a laghdú 20 % go 30 % in 2023; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste, áfach, nuashonrú a chur ar fáil don Pharlaimint maidir leis an toradh ar infheistíochtaí sna suiteálacha teicneolaíochta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coiste straitéis coigilte fuinnimh, le bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chuir an Coiste tús le hiniúchadh comhshaoil ar a fhoirgnimh uile chun leibhéal feidhmíochta fuinnimh na struchtúr agus na bpíosaí trealaimh reatha a shainaithint, i measc nithe eile, chomh maith le meastachán a dhéanamh ar thoradh comhshaoil na n-infheistíochtaí riachtanacha i gcomparáid leis na costais fhoriomlána (cothabháil, tomhaltas etc.) thar thréimhse 30 bliain; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil staidéir ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh beartaithe do 2024 agus 2025; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mheabhrú gurbh ionann an leictreachas a tháirg painéil ghréine an Choiste in 2022 agus 15,5 MWH nó 0,25 % de thomhaltas bliantúil an Choiste, ach gur tháinig laghdú ar an bhfigiúr céanna go 5,75 MWh in 2023; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil dea-shampla á thabhairt ag an gCoiste maidir le bearta agus gníomhaíochtaí a rinneadh i bhfabhar na soghluaisteachta inbhuanaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag moladh an dlúthchomhair a bhunaigh an Coiste le CnaR ar an leibhéal riaracháin, tríd an gcomhaontú nua comhair a síníodh in 2022, ina gcomhroinneann an dá choiste áitribh agus seirbhísí comhpháirteacha i réimsí an aistriúcháin, an bhonneagair, na lóistíochta, na slándála, an tsoláthair, na bainistíochta airgeadais agus TF, agus neamhspleáchas institiúideach iomlán á choinneáil; á chur in iúl gur geal léi an fhorbairt dhearfach in 2023 nuair a tháinig an dá choiste ar chomhaontú breise maidir le limistéar cumarsáide comhroinnte a fhorbairt agus a chistiú ina bhfuil saoráidí closamhairc comhpháirteacha i bhfoirgneamh JDE; á iarraidh ar an gCoiste an Pharlaimint a shainaithint agus a chur ar an eolas maidir leis an gcoigilteas buiséadach a rinneadh le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme an chomhaontaithe sin sa réimse closamhairc; á iarraidh an athuair ar an gCoiste an comhar sin a shaothrú agus a leathnú i réimsí eile d’fhonn dúbláil a sheachaint agus costais oibriúcháin na seirbhísí atá ar fáil sna háitribh arna gcomhroinnt ag an gCoiste agus ag CnaR a chuíchóiriú tuilleadh; á iarraidh go bhféachfadh an Coiste agus CnaR an bhféadfaí riarachán aonair a bhunú dá gcomhsheirbhísí, agus stiúrthóireachtaí nó aonaid ar leithligh a choinneáil do na seirbhísí a bhíonn ag déileáil le hábhair a bhaineann lena sainorduithe sonracha neamhspleácha; ag moladh don Choiste agus CnaR leanúint dá n-iarrachtaí comhar agus sineirgí breise a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt faoi deara gur leanadh de choigilteas buiséadach agus gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach trí chomhar gníomhach idir an Coiste agus institiúidí eile de chuid an Aontais in 2023, lena n-áirítear trí sheisiúin iomlánacha an Choiste a eagrú ar áitribh an Choimisiúin agus na Parlaiminte, i gcás ina soláthraítear na hionaid agus na seirbhísí gaolmhara saor in aisce nó ar rátaí atá faoi bhun phraghsanna an mhargaidh sheachtraigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndearna an Coiste agus an Pharlaimint a gcomhaontú idirinstitiúideach a athchaibidliú in 2023 agus a shíniú in 2024, de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an gcomhaontú rannchuidithe níos ábhartha agus níos tráthúla a sholáthar le linn an timthrialla reachtaigh agus comhar déthaobhach a threisiú; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh feabhas cheana féin ar thionchar an Choiste le Prótacal nua Comhair an Choiste leis an gCoimisiún, a síníodh in 2022, mar shampla ag an gcéim réamhreachtaíochta trí thústuairimí; á mholadh go ndéanfaí sineirgí polaitiúla, reachtacha agus cumarsáide idir an Coiste agus an Pharlaimint a threisiú tuilleadh, go háirithe i gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus an tSeimeastair Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á athdhearbhú gur mór aici seachfhoinsiú (comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse) seirbhísí sonracha chuig an gCoimisiún maidir le láimhseáil acmhainní daonna agus úsáid uirlisí TF bainistithe airgeadais agus acmhainní daonna, chomh maith le rannpháirtíocht an Choiste i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha faoi stiúir institiúidí eile, inar lean an Coiste de thairbhe a bhaint as sineirgí i réimse na teicneolaíochta faisnéise, an taistil chorparáidigh, an árachais, an iompair, an aistriúcháin agus an trealaimh chlosamhairc in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á thabhairt dá haire ról an Choiste maidir leis na naisc le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta (NESCanna) na mBallstát agus idir na comhairlí sin a threisiú; ag cur sonrú ón gCeistneoir sna bearta atá déanta ag an gCoiste chun líonra NESCanna agus an pobal ar líne a threisiú, amhail meithleacha comhpháirteacha agus cláir mhalartaithe a bhunú, obair a dhéanamh ar ardán comhoibríoch TF, agus rannpháirtíocht in imeachtaí coiteanna, i measc imeachtaí eile; á iarraidh go leanfaí den chomhar maidir le hábhair leasa choitinn agus malartú dea-chleachtas, agus béim á leagan ar ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha an Aontais Eorpaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 2,15 milliún buiséad foriomlán an Choiste don chumarsáid in 2023, méadú i gcomparáid le EUR 1,5 milliún in 2022; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh an buiséad sin go príomha ar na ceithre imeacht shuaitheanta a eagraíodh in 2023 (Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, Leatsa an Eoraip, Abair Leat! Na gradaim maidir le bia orgánach agus an 14ú Duais don tSochaí Shibhialta), ar fheabhsú agus/nó a athchóiriú a dhéanamh ar mheáin shóisialta, suíomh gréasáin seachtrach agus léiriú closamhairc an Choiste, agus ar fhoilseacháin do na meáin agus don phreas; ag moladh an Choiste as a ghníomhaíochtaí cumarsáide lena mbaintear amach na tosaíochtaí cumarsáide sin do 2023, amhail tionscnamh an Chomhaontaithe Ghoirm, COP28, an rún maidir leis an daonlathas, agus comóradh 65 bliana an Choiste, i measc nithe eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag moladh an Choiste as a iarrachtaí i ndáil lena chumarsáid straitéiseach in 2023; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste straitéis chumarsáide nua arb é is aidhm di a íomhá agus a fhor-rochtain a neartú; ag tabhairt dá haire, mar chuid den straitéis sin, go ndearna an Coiste sruthú gréasáin ar a phríomhimeachtaí, i dteangacha uile an Aontais den chuid is mó, gur thug sé isteach uirlisí cumarsáide nua amhail an tsraith físeán ‘Tuairisciú ón suí iomlánach’, gur dhírigh sé a chuid acmhainní cumarsáide ar imeachtaí suaitheanta an Choiste do 2023 agus go ndearna sé iarrachtaí speisialta chun a fhor-rochtain ar na meáin shóisialta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar CESE a fhaireachán agus a thuairisciú ar chearta saothair, cuimsiú sóisialta agus sáruithe ar chearta an duine a neartú laistigh de chláir arna gcistiú ag an Aontas Eorpach, lena n-áiritheofar cuntasacht níos fearr ina fheidhmeanna comhairleacha agus ina mholtaí beartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach 25,000 ar líon leantóirí na meán sóisialta ar ardáin chorparáideacha an Choiste in 2023; ag tabhairt dá haire gur shroich an Coiste 61 416 leantóir ar X faoi dheireadh 2023, ar méadú 5 % é i gcomparáid le 2022, 61 761 leantóir ar LinkedIn, ar méadú 30 % é i gcomparáid le 2022, 46 868 leantóir ar Facebook, ar méadú 5,3 % é i gcomparáid le 2022 agus 17 428 leantóir ar Instagram, ar méadú 45 % é i gcomparáid le 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cur chuige dearfach an Choiste maidir le réitigh foinse oscailte a úsáid dá chumarsáid ar líne; ag tabhairt dá haire gur oscail an Coiste a chéad chuntas i mí Iúil 2023 ar ardán EU Voice Mastodon, líonra meán sóisialta díláraithe, saor in aisce agus foinse oscailte lena nasctar úsáideoirí i dtimpeallacht atá dírithe ar phríobháideachas agus saor ó fhógraíocht; á thabhairt faoi deara, le linn an dara leath de 2023, go ndearna an Coiste cumarsáid ghníomhach maidir le cuntas Mastodon, á chur in iúl gach lá oibre le poist maidir lena ghníomhaíochtaí agus lena thosaíochtaí agus ag ardú feasachta faoin Aontas; ag tabhairt dá haire gur chinn an Coiste scor dá láithreacht ar an ardán sin ó 2024 ar aghaidh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>