<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0083</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais – Coiste na Réigiún</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0046/2025 -  Rapóirtéir:Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2024/2026(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)272 – C10‑0074/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Choiste na Réigiún in 2023 agus dá thuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2023, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0046/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VII – Coiste na Réigiún (2024/2026(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VII – Coiste na Réigiún,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0046/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún (an ‘Coiste’) ina bhfuil 329 gcomhalta arna dtoghadh i réigiúin, i gcathracha, i sráidbhailte agus i mbardais 27 mBallstát an Aontais, agus é ag feidhmiú mar chomhlacht comhairleach d’institiúidí an Aontais, agus é de mhisean aige rannchuidiú le próiseas múnlaithe beartais agus cinnteoireachta an Aontais ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, agus ag an am céanna rannchuidiú leis an Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos gaire do na saoránaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin ag baint tairbhe as réimse leathan tarchuir, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sainítear gníomhaíochtaí an Choiste ar bhonn a straitéise polaitiúla foriomlán mar a leagtar amach ina rún an 2 Iúil 2020 maidir lena thosaíochtaí do 2020-2025<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — Tosaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún do 2020-2025 — Eoraip atá níos gaire do na daoine trína sráidbhailte, a cathracha agus a réigiúin (IO C 324, 1.10.2020, lch. 8).</FIELD></FOOTNOTE>, agus de bhrí gur ghlac an Coiste trí thosaíocht pholaitiúla do shainordú 2020-2025, mar aon le 3 fheachtas cumarsáide: An Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine, pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a thógáil agus comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb ionann na riaracháin áitiúla agus réigiúnacha agus aon trian den chaiteachas poiblí, leath na hinfheistíochta poiblí agus an ceathrú cuid d’ioncam cánach agus, i roinnt mhaith Ballstát, go bhfuil inniúlachtaí acu i bpríomhréimsí amhail oideachas, forbairt eacnamaíoch agus comhtháthú, an comhshaol, cosaint shóisialta, sláinte agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus dá bhrí sin méadaítear dlisteanacht na reachtaíochta trí chomhordú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, feabhsaítear úinéireacht agus saothraítear leas na saoránach ar bhealach níos éifeachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go saothraíonn an Coiste a sprioc pholaitiúil chun a rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais a neartú agus, ag an am céanna, an nasc le saoránaigh an Aontais a dhéanamh níos inláimhsithe trí úsáid a bhaint as comhaltaí an Choiste mar iolraitheoirí cumhachtacha ina bpobail agus ina gcomhlachais náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur shainaithin an Coiste aon phríomhréimse tosaíochta dhéag chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus chun go mbeidh tionchar níos mó aici in 2023: (1) An obair a lean as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus as an gCoimhdeacht Ghníomhach agus Rialáil Níos Fearr; (2) An Úcráin agus an Méadú; (3) An ghéarchéim fuinnimh agus aeráide; (4) An Comhshaol; (5) Beartas Comhtháthaithe – Borradh a chur faoi chur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe agus a thodhchaí a mhúnlú don tréimhse tar éis 2027; (6) An creat airgeadais ilbhliantúil; (7) An rialachas eacnamaíoch ar mhaithe le hEoraip chothrom inbhuanaithe; (8) Bliain Eorpach na Scileanna 2023 (9) An Chomhpháirtíocht um Nuálaíocht Réigiúnach agus cur chun cinn na misean críochach; (10) Cosaint shibhialta; (11) Slándáil bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go gcuimsíonn Rialachán (AE) 2021/1060<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/2024-06-30).</FIELD></FOOTNOTE>, lena rialaítear beartas comhtháthaithe agus cistiú an Aontais idir 2021 agus 2027, agus a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2021, go gcuimsíonn sé tagairtí do phrionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil, agus tacaíocht á fáil ón gCoiste agus ón bParlaimint agus lena mbaineann rannpháirtíocht na réigiún agus a n-údarás áitiúil agus réigiúnach; ag tacú go láidir le neartú infheistíochtaí an Aontais atá nasctha le hathléimneacht réigiúnach agus áitiúil sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuirfidh os cionn 400 clár náisiúnta agus réigiúnach, atá i bhfeidhm chun beartas comhtháthaithe an Aontais a sheachadadh i gclárthréimhse 2021-2027, thart ar EUR 380 billiún ar fáil, faoi chistí éagsúla, chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá os comhair réigiúin, cathracha, sráidbhailte agus bardais an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, an 19 Feabhra 2021, gur tháinig Rialachán (AE) 2021/241<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/2024-03-01</STRING>).</FIELD></FOOTNOTE>, lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, i bhfeidhm, lena soláthraítear an bunús dlí chun cistí agus iasachtaí suas le EUR 672,5 bhilliún (i bpraghsanna 2018) a dháileadh ar na Ballstáit idir 2021 agus 2026 agus arb é is aidhm léi freisin tacú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí idir réigiúin an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, mar institiúid de chuid an Aontais de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, go gceanglaítear ar an gCoiste a chuntais bhliantúla féin a ghlacadh, arna n-ullmhú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin (Rialacha Cuntasaíochta an Aontais Eorpaigh) bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí a chomhdhlúthaítear ar deireadh le cinn an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Choiste faoi Cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’ (‘Ceannteideal 7’), arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún san iomlán, i.e., 6,4 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais in 2023; ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Choiste in 2023 agus 0.95 % de leithreasuithe Cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil bhliantúil (‘tuarascáil na Cúirte’) don bhliain airgeadais 2023, scrúdú ar shampla de 70 idirbheart faoi Cheannteideal 7, a raibh earráidí in 21 (30 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás cúig cinn de na hearráidí sin, a ndearna an Chúirt iad a chainníochtú, gur mheas an Chúirt go raibh leibhéal earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur suntas, ó thuarascáil na Cúirte, sa bharúil atá inti go bhfuil san áireamh sa chaiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna – lena n-áirítear pinsin – arbh ionann é sin in 2023 agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; á chur in iúl gur geal léi tuairim athnuaite na Cúirte go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas riaracháin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur suntas, ó thuarascáil na Cúirte, sa tuairim atá inti maidir le hidirbheart a rinne an Coiste in 2023, nach raibh údar leordhóthanach le fad 10 mbliana a bheith ag conradh cothabhála foirgneamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur suntas, ó thuarascáil bhliantúil, i ngníomhaíochtaí an Choiste do 2023 gurbh é EUR 116 675 392 buiséad críochnaitheach an Choiste a glacadh in 2023, lena n-áirítear Buiséad Leasaitheach 4/2023 (a bhaineann le tuarastal agus fuinneamh), arb ionann é agus méadú EUR 6 698 534 (i.e. + 6.10 %) i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú ar ráta chur chun feidhme bhuiséad an Choiste maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha ó 99.20 % in 2022 go 99.9 % in 2023, agus gur tháinig méadú ar an ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí na bliana reatha ó 88 % in 2022 go 91.20 % in 2023; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur tháinig méadú ar ráta forghníomhaithe leithreasuithe C8 ó 81.60 % in 2022 go 85 % in 2023; á mheas, ar thaobh amháin, gur comhartha iad na rátaí arda forghníomhaithe sin ar dhea-bhainistiú buiséadach agus airgeadais ag an gCoiste, mar gheall ar fhaireachán neartaithe ar fhorghníomhú an bhuiséid, réamhaisnéis thráthúil ar an mbuiséad agus ath-leithdháileadh acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais gan choinne, ach ar an taobh eile, go bhféadfadh sé gur comhartha iad go bhfuil acmhainní breise de dhíth ar an gCoiste; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an údarás buiséadach an méid sin a chur san áireamh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste 31 aistriú chun feidhme le linn 2023 ar mhéid iomlán EUR 2,84 milliún, as ar aistríodh 25 aistriú inmheánacha ar mhéid iomlán EUR 0,98 milliún agus sé aistriú sheachtracha ar mhéid iomlán EUR 1,86 milliún, ar aistríodh thart ar EUR 0,8 milliún de chuig línte buiséid lena gcumhdaítear conarthaí a bhfuil tionchar ag boilsciú ard/innéacsú ard orthu; ag tabhairt dá haire gur lean tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú buiséadach a chruthú don Choiste in 2023; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gurb é an t-ardráta boiscithe ba mhó a rinne difear, go díreach nó go hindíreach, don Choiste i réimsí amhail costais taistil (misin), fuinneamh, cíosanna agus léasú foirgneamh, conarthaí cothabhála, tionscadail tógála agus plátaí páipéir agus frithphlátaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú thart ar 20 % ar na híocaíochtaí a rinneadh le comhaltaí an Choiste, ó EUR 6 573 307 in 2022 go EUR 7 955 968 in 2023, agus go ndearnadh íocaíochtaí le haghaidh speansais taistil (8 119 íocaíocht), liúntais taistil (4 449 íocaíocht), liúntais chruinnithe le haghaidh rannpháirtíocht ar an láthair (7 845 íocaíocht) agus rannpháirtíocht chianda (152 íocaíocht);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh buiséad an mhisin (leithreasuithe na bliana reatha) fós cobhsaí—EUR 420 833 in 2023 (i gcomparáid le EUR 419 657 in 2022)—agus ráta forghníomhaithe de thart ar 80 % in 2023 (cosúil le 2022); ag tabhairt dá haire, in ainneoin méadú ar mheánchostas na gcostas cóiríochta agus taistil, gur fhan buiséad mhisin an Choiste cobhsaí mar gheall ar laghdú 13 % ar líon na misean a rinneadh in 2023 i gcomparáid le 2022; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú ar an liúntas d’Uachtaránacht an Choiste (Uachtarán agus Céad Leas-Uachtarán) le haghaidh speansais taistil agus chruinnithe, arna mhaoiniú ón mbuiséad ginearálta do speansais na gcomhaltaí, ó EUR 71 810 go EUR 62 268, arb ionann é agus laghdú 13 % idir 2022 agus 2023; ag moladh don Choiste caiteachas sa réimse sin a chuíchóiriú agus a laghdú tuilleadh, lena n-áiritheofar leithdháileadh barrmhaith acmhainní i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú thart ar 19 % ar leithreasuithe na bliana reatha le haghaidh seirbhísí ateangaireachta, ó EUR 3,494 mhilliún in 2022 go EUR 4,167 milliún in 2022; á iarraidh ar an gCoiste míniú a thabhairt ar na cúiseanna leis an méadú sin, ós rud é go bhfuil coigilteas tuairiscithe ag an gCoiste ag an am céanna maidir le hateangaireacht chianda a úsáid in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, go dtí an 23 Iúil 2023, gurbh é EUR 200 an liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh a d’íoc an Coiste lena chomhaltaí, lena gcomhaltaí malartacha, chomh maith le saineolaithe na rapóirtéirí agus cainteoirí ar tugadh cuireadh dóibh freastal ar chianchruinnithe nó ar chruinnithe hibrideacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig rialacha nua maidir leis an ábhar i bhfeidhm ar an dáta sin lena socraítear an liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh ag 50 % den liúntas cruinnithe rialta, agus gurb ionann an liúntas cruinnithe rialta agus EUR 359 agus gur EUR 179,50 a bhí ann roimhe sin; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid iomlán a íocadh as liúntais chianchruinnithe ó EUR 1 742 000 in 2021 agus EUR 489 600 in 2022 go EUR 32 632 in 2023, agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le líne bhuiséid 1004 (‘Liúntais taistil agus chothaithe, freastal ar chruinnithe agus caiteachas gaolmhar’) ó thart ar EUR 6,6 milliún in 2022 go dtí thart ar EUR 8 milliún in 2023, go príomha mar gheall ar fhilleadh forleathan ar chruinnithe ar an láthair in 2023 agus ar an méadú ar na praghsanna a bhaineann le taisteal i ndiaidh phaindéim COVID-19;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú suntasach ar liúntais taistil agus chruinnithe a íoctar le comhaltaí an Choiste, ag ardú ó EUR 6,6 milliún in 2022 go EUR 8 milliún in 2023; á iarraidh ar an gCoiste straitéis shoiléir chostéifeachtúlachta a ghlacadh le haghaidh caiteachais taistil, lena n-áirítear úsáid níos mó a bhaint as rannpháirtíocht chianda agus cruinnithe hibrideacha chun costais agus astaíochtaí neamhriachtanacha a laghdú agus rannpháirtíocht pholaitiúil á coinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur tháinig méadú ar an meán-am le haghaidh íocaíochta ó 17,87 lá in 2022 go 21,88 lá in 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí, mar sin féin, gurb é is cúis leis an méadú sin gur phróiseáil agus gur íoc an Coiste an líon is airde sonrasc in 2023, i.e., 5 723 i gcomparáid le 4 260 in 2022; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur tháinig méadú ar sciar na sonrasc tráchtála a fhaigheann an Coiste go leictreonach ó 68 % in 2022 go 76 % in 2023 agus gur lean an méadú sin ar aghaidh in 2024;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á aithint go bhfuil ról bunúsach ag an gCoiste maidir le rannchuidiú le forbairt beartais agus próisis chinnteoireachta an Aontais trí ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach laistigh den Aontas; ag tabhairt dá haire, le haghaidh 2023, mar chuid dá phlean oibríochtúil bliantúil, gur bunaíodh an tuairisciú ar fheidhmíocht an Choiste ar 25 chuspóir, a ndearnadh measúnú ar a mbaint amach trí 80 táscaire cainníochtúil, cé gur baineadh amach spriocanna fhormhór na dtáscairí sin (thart ar 75 %) ar leibhéal 90 % nó níos mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag meabhrú go rannchuidíonn an Coiste le próiseas cinnteoireachta agus beartais an Aontais ó thaobh na n-údarás réigiúnach agus áitiúil laistigh den Aontas de agus go gcuireann sé creat ar fáil chun feabhas a chur ar an gcomhar idir an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach agus chun an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh; á chur in iúl gur oth léi gur chuir teorainneacha buiséid isteach ar chumas an Choiste a chuspóir a bhaint amach go hiomlán, is é sin saoránaigh a thabhairt níos gaire don Aontas, rud a chuireann teorainn le breisluach an Choiste;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>I bhfianaise ról tábhachtach an Choiste maidir le dlisteanacht dhaonlathach reachtaíocht an Aontais a mhéadú trí chomhordú gníomhach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil a sholáthar, tacaíonn sí leis an gCoiste agus é ag iarraidh tuilleadh measúnuithe tionchair chríochaigh (TIA) a chur ar fáil, i gcomhréir freisin le tuarascáil chríochnaitheach agus moltaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag moladh an Choiste as an méid a bhain sé amach ina phríomhréimsí tosaíochta in 2023; ag tabhairt dá haire go leanann an Coiste dá mhisean trí thuairimí, ina dtagraítear do thograí reachtacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún (tarchuir), tuairimí féintionscnaimh, ina n-iarrtar ar institiúidí an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh, agus trí rúin, ina gcuirtear béim ar sheasaimh an Choiste maidir le hábhair shonracha; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coiste 53 thuairim agus 6 rún in 2023, laghdú ó 55 thuairim agus 8 rún a glacadh in 2022 in ainneoin an mhéadaithe ar leithreasuithe agus ar an bhfoireann; ag moladh don Choiste leanúint de bheith ag obair ar an bhfeabhsú feidhmíochta chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtacht; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste réitigh athchóiritheacha agus nuálacha a thabhairt isteach, an riarachán a chuíchóiriú agus róil fhorluiteacha le comhlachtaí eile a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur mór aici gur lean an Coiste de bhearta a chur chun feidhme in 2023 chun a riarachán a nuachóiriú agus chun cost-éifeachtúlacht a fheabhsú i gcomhthéacs an chláir ‘Going for IMPact’; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, an dul chun cinn atá déanta maidir leis an digitiú agus barrfheabhsú an tsreafa oibre, nuachóiriú ionstraimí pleanála agus tuairiscithe an Choiste, seirbhís cruinnithe lárnach a chruthú, agus feabhas a chur ar an gcomhar le hinstitiúidí nó comhlachtaí eile (e.g. Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘CESE’), an Coimisiún, an Pharlaimint, an Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht), i measc nithe eile; ag moladh an Choiste as beagnach 90 % de na tionscadail simpliúcháin a seoladh in 2021 a chur chun feidhme, i réimsí na bpróiseas riaracháin, na nósanna imeachta i scríbhinn agus na ndoiciméad dlí (inmheánach);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó fhreagraí an Choiste ar an gceistneoir a thíolaic an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa d’urscaoileadh buiséadach 2023 (an ‘Ceistneoir’), agus é ina dhíol sásaimh di, gur éirigh leis an gCoiste in 2023, a bhuí leis an gclár ‘Going for IMPact’, a chuspóirí a ailíniú leis na hacmhainní a bhí ar fáil agus a bhí faoi bhrú mar thoradh ar éifeachtaí boilscitheacha an chogaidh san Úcráin; ag moladh go háirithe an dul chun cinn atá déanta ag an gCoiste maidir le ‘Cóineasú Tionscadail’ (uirlis atá bunaithe ar SharePoint maidir le pleanáil, tuairisciú, measúnú riosca agus leanúnachas gnó) agus an beartas nua leanúnachais gnó a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aithint thionchar obair an Choiste, go háirithe a thuairimí, a léiríodh i rúin, seasaimh, tograí, tuarascálacha, athbhreithnithe, conclúidí nó cruinnithe tríthaobhacha de chuid an Choimisiúin, na Parlaiminte nó na Comhairle in 2023; á iarraidh ar an gCoiste leanúint d’ionchur úsáideach agus ábhartha a chur ar fáil, amhail sonraí ón láthair agus anailís, d’institiúidí an Aontais agus do thairbhithe eile bheartais an Aontais; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht neartaithe an Choiste feadh thimthriall polaitiúil agus reachtach iomlán an Aontais trí chomhaontuithe comhair agus pleananna gníomhaíochta leis an gCoimisiún, leis an bParlaimint agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta; á mheas gur cheart cuireadh a thabhairt do chomhaltaí an Choiste agus CESE freastal ar chruinnithe parlaiminteacha ábhartha maidir le hábhair a thagann faoina sainchúram; ag tabhairt dá haire gur bhuail comhaltaí an Choiste leis an gComhairle agus leis na Buanionadaíochtaí in 2023 agus gur ghlac siad páirt sna himeachtaí a d’eagraigh Uachtaránacht na Comhairle, chun a áirithiú go léireofar seasaimh an Choiste i reachtaíocht an Aontais; ag tréaslú leis an gCoiste as a rannpháirtíocht i gcruinnithe tríthaobhacha reachtacha a neartú, go háirithe trí rochtain a thabhairt dó, den chéad uair, ar dhoiciméid thríthaobhacha in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoiste rannpháirtíocht níos láidre na rialtas réigiúnach agus áitiúil i gcinnteoireacht an Aontais a áirithiú trí shásraí comhairliúcháin struchtúrtha a chruthú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear parlaimintí, bardais, agus eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta sula n-eiseoidh sé tuairimí; ag tathant ar an gCoiste próiseas comhairliúcháin éigeantach a mholadh maidir le hábhair reachtacha a mbíonn tionchar suntasach acu ar an bhforbairt réigiúnach agus ar an mbeartas comhtháthaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir lena chreat rialaithe inmheánaigh nua, gur chuir an Coiste modheolaíocht nua maidir le rialuithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> chun feidhme amhail ó 2023, arb é is aidhm di an cur chuige maidir le cleachtas institiúidí eile an Aontais a shimpliú agus a ailíniú, agus na rialuithe<STRING ITALIC="on"> ex post</STRING> á lárú anois in ionad an chleachtais dhíláraithe a bhí ann roimhe seo; ag tabhairt dá haire, in 2023, gur dhírigh rialuithe<STRING ITALIC="on"> ex post</STRING> ar an mbuntuarastal agus ar an am a oibríodh, agus 55 chomhad fíoraithe, agus gur 0 % a bhí sa mheastachán staidrimh ar an earráid a rinne difear don phobal tagartha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Coiste a ghníomh comhlíontachta agus éifeachtachta a athnuachan in 2023 chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an Coiste caighdeáin rialaithe inmheánaigh áirithe agus ar éifeachtacht a gcur chun feidhme; ag moladh an Choiste as feabhas ar an ábhar sin a thuairisciú i gcomparáid le torthaí ghníomh 2022; ag moladh don Choiste leanúint dá iarrachtaí dlús breise a chur le leibhéal na comhlíontachta agus le leibhéal éifeachtachta na mbeart rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, maidir leis an mbeartas nua um poist íogaire, go ndearna an Coiste gníomh scagtha in 2023 chun leibhéal riosca gach poist a shainaithint agus, dá bhrí sin, leibhéal íogaireachta gach poist a shainaithint, chomh maith leis na bearta is gá chun na rioscaí sin a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol an Coiste dhá iniúchadh nua in 2023: ceann amháin maidir le comhlíontacht feidhmeanna éagsúla (e.g. bainistiú riosca, pleanáil, córas rialaithe) le reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí agus ceann eile maidir le feidhmíocht na heagraíochta TF i gComhsheirbhísí (an Coiste agus Comh-Stiúrthóireacht nua CESE um Nuálaíocht agus TF); ag tabhairt dá haire, i gcás gach ceann de na hiniúchtaí sin: gur eisíodh 11 mholadh agus gur measadh seacht moladh a bheith an-tábhachtach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tar éis an iniúchta ar bhainistiú na bhfolúntas a seoladh in 2022, gur eisíodh 10 moladh, a raibh trí cinn acu an-tábhachtach; á iarraidh ar an gCoiste na moltaí uile atá ar feitheamh a chur chun feidhme a luaithe is féidir agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn ó thaobh an ábhair sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh 559 mball foirne san iomlán ag an gCoiste (gan saineolaithe náisiúnta ar iasacht, saineolaithe eatramhacha, intra muros ná oiliúnaithe san áireamh), i gcomparáid le 533 in 2022; ag tabhairt dá haire go raibh 74 ghníomhaire ar conradh, i gcomparáid le 56 ghníomhaire ar conradh in 2022 agus 96 ghníomhaire shealadacha, i gcomparáid le 89 ngníomhaire shealadacha in 2022, fostaithe ag an gCoiste ag deireadh 2023, agus, ina measc siúd, conradh neamhiata ag 21 ghníomhaire ar conradh, go raibh conradh teoranta ó thaobh ama ag 53 ghníomhaire ar conradh, go raibh 53 ghníomhaire shealadacha ar phoist bhuana a raibh conradh teoranta ama acu, go raibh conradh neamhiata ag 50 gníomhaire sealadach agus go raibh post sealadach ag 3 ghníomhaire shealadacha (in dhá chás a raibh conradh éiginnte acu agus, i gcás an Ard-Rúnaí, conradh ar feadh tréimhse sheasta cúig bliana); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 5 ngníomhaire eatramhacha agus 12 bhall foirne sheachtracha ag an gCoiste a bhí ag obair ar an láthair fostaithe, gan soláthraithe seirbhíse seachtracha i réimsí na lóistíochta agus TF a áireamh; á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbeidh údar réasúnach leis an méadú ar an bhfoireann; ag tabhairt dá haire gurbh é 98 % ráta líonta na bpost sa phlean bunaíochta in 2023 (méadú ó 96 % in 2022) agus gurbh é 6.6 % an ráta láimhdeachais (laghdú ó 10.80 % in 2022), faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuil méadú tagtha ar spleáchas an Choiste ar ghníomhairí ar conradh agus ar ghníomhairí sealadacha (arb ionann iad agus suas le 26 % d’fhoireann an Choiste); ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gurb é is cúis leis an spleáchas sin go háirithe, ó 2018 i leith, nach ann do liostaí ionadaithe EPSO do phróifílí riarthóirí ginearálta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil cobhsaíocht fhadtéarmach agus leanúnachas gnó an Choiste faoi bhagairt mar gheall ar easpa tarraingteachta na gconarthaí atá teoranta ó thaobh ama de a thairgtear; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá foireann bhuan chun scileanna, leanúnachas agus timpeallacht oibre tháirgiúil a chothabháil; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Coiste comórtas inmheánach do ghinearáltaithe thar chúig ghrád (AST/SC1, AST1, AST3, AD5, agus AD7) in 2024; ag tacú leis an gCoiste agus é ag iarraidh freagairt do na dúshláin sin; á iarraidh ar an gCoiste tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na comórtais sin arna n-eagrú in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh 56.9 % de na daoine a bhí fostaithe ag an gCoiste in mná agus 43.1 % ina bhfir; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil paireacht inscne bainte amach ag an gCoiste go fóill i bpoist cheannaireachta, ach ag aithint go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta faoi straitéis agus plean gníomhaíochta cúig bliana an Choiste maidir le héagsúlacht agus cuimsiú do 2022-2026, lena n-áirítear méadú suntasach ar chion na mban i bpoist ardbhainistíochta ó 37.5 % in 2022 go 44.4 % in 2023; ag moladh beart chun cuimsitheacht i bhfógraí folúntais a fheabhsú agus chun rannpháirtíocht níos mó na mban i róil ardbhainistíochta agus mheánbhainistíochta a spreagadh, lena n-áirítear trí spriocanna cothromaíochta inscne, ionadaíocht chothrom ar bhoird roghnúcháin, deiseanna oiliúna spriocdhírithe d’fhoireann na mban ar mian leo poist bhainistíochta a bhaint amach, agus socruithe oibre níos solúbtha a chur chun cinn; ag moladh don Choiste leanúint dá iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach agus á cheangal, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit iarrthóir fireann agus iarrthóir baineann araon a ainmniú le haghaidh na gceapachán do bhallraíocht an Choiste chun feabhas a chur ar an ionadaíocht ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar threoirthionscadal maidir le córas oibre hibrideach agus suirbhé ar shástacht na foirne a seoladh in 2022, gur ghlac an Coiste cinneadh an 1 Eanáir 2024 lena bhforáiltear do chóras oibre hibrideach agus sceideal oibre seachtainiúil pearsantaithe do gach ball foirne, chomh maith leis an bhféidearthacht oibriú ón mbaile ar suas le 60 % d’am oibre an bhaill foirne (seachas catagóirí foirne nach bhfuil comhoiriúnach leis an teilea-obair) agus oibriú ó lasmuigh de chathair na fostaíochta suas le 15 lá in aghaidh na bliana; á aithint go bhfuil sé d’aidhm ag na bearta sin feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil agus éifeachtúlacht oibríochtúil agus sásamh foirne á gcoinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh tionchar dearfach ag córas oibre hibrideach an Choiste maidir le saoire bhreoiteachta ghearrthéarmach, cé gurb amhlaidh an méid seo a leanas: - tháinig méadú ar líon na mball foirne gan saoire bhreoiteachta ó 71 (nó 12 % den fhoireann ar fad) in 2018 go 211 (nó 36 % den fhoireann ar fad) in 2023; - tháinig laghdú ar líon na mball foirne ar saoire bhreoiteachta níos gaire ná seacht lá ó 257 (nó 46 % den fhoireann ar fad) in 2018 go 201 (nó 35 % den fhoireann ar fad) in 2023 agus; - tháinig laghdú ar an líon foirne ar saoire bhreoiteachta ar feadh tréimhse idir 7,5 agus 21 lá ó 140 (nó 25 % den fhoireann ar fad) in 2018 go 92 (nó 16 % den fhoireann ar fad) in 2023; á iarraidh ar an gCoiste faireachán a dhéanamh ar thionchar an chórais oibre nua agus an t-ábhar sin a choinneáil i suirbhéanna ar shástacht na foirne atá ar na bacáin; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur léirigh 90.25 % (82 % i gcás bainisteoirí) díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé foirne i mí na Nollag 2022 go raibh siad sásta leis na socruithe solúbtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh 18 gcás traochta sa Choiste in 2023, arb ionann é agus méadú ó 16 chás in 2022; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar suntasach sóisialta agus gairmiúil ag an traochadh ar fholláine agus ar fheidhmíocht na foirne; ag tabhairt dá haire thairis sin gur éirigh leis an gCoiste 16 bhall foirne a athimeascadh in 2023 tar éis neamhláithreacht fhadtéarmach mar thoradh air sin, a bhuí le hobair leantach phearsantaithe ar shaoire breoiteachta fadtéarmaí; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí coisctheacha a rinne an Coiste chun rioscaí síceasóisialta agus traochadh a laghdú; á chur in iúl gur mór aici, ina leith sin, cur chuige réamhghníomhach na seirbhíse leighis agus na comhdhálacha, na seisiúin oiliúna agus na cúrsaí múscailte feasachta arna n-eagrú ag an gCoiste; á chur i bhfáth, áfach, gur gá iarrachtaí a neartú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an traochta agus chun timpeallacht oibre níos sláintiúla a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste in 2023 d’fheasacht a mhúscailt faoi na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun ciapadh san ionad oibre a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir lena Chinneadh an 26 Aibreán 2021 maidir leis an dínit a chosaint ag an obair, coinbhleacht a bhainistiú agus ciapadh a chomhrac, go háirithe trí threoir thiomnaithe, cumarsáid inmheánach agus roinnt seisiún faisnéise a eagrú do bhaill foirne agus do bhainisteoirí; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur eagraíodh cúig sheisiún oiliúna maidir le ‘Ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc’ agus ‘Urraim agus Dínit d’fhoireann ardfheidhmíochta’ in 2023 agus á mholadh go leanfaí leis an tionscnamh sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chás nua, leanúnach ná dúnta maidir le gnéaschiapadh i rith na bliana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag moladh an Choiste as na gníomhaíochtaí a rinne sé in 2023 i ndáil le lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, amhail foirgnimh an Choiste a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag iarrthóirí faoi mhíchumas ar gach folúntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go raibh foireann á fostú ag an gCoiste a dhéanann ionadaíocht ar náisiúntachtaí uile an Aontais (agus ar bhall foirne amháin de náisiúntacht na hÚcráine), agus go raibh ró-ionadaíocht á déanamh ar chuid acu (e.g. an Bheilg); á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí breise an Choiste arb é is aidhm dóibh cothromaíocht a bhaint amach idir an dáileadh geografach i measc na foirne trí dhíriú ar phobal níos leithne trí ghlaonna ar léiriú spéise do bhaill foirne ar conradh agus do bhaill foirne shealadacha a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ar a mheáin shóisialta; á chur in iúl gur oth léi an easpa leanúnach cothromaíochta geografaí laistigh d’fhoireann an Choiste, agus go bhfuil ró-ionadaíocht fós ag náisiúntachtaí áirithe i gcomparáid le náisiúntachtaí eile; ag spreagadh an Choiste dlús a chur lena iarrachtaí chun dáileadh geografach níos cothroime a bhaint amach, go háirithe ar an leibhéal bainistíochta; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Oifig na dTréimhsí Oiliúna sa Choiste, den dara huair as a chéile, sa seisiún dar teideal ‘Deiseanna do Romaigh óga’ i mí Aibreáin 2023; ag moladh an tionscnaimh chun scéim oiliúna an Choiste a chur i láthair do rannpháirtithe óga spreagtha Romacha agus rannpháirtithe eile nach Romaigh iad, lena léirítear tiomantas láidir don chuimsitheacht, don éagsúlacht agus do chomhdheiseanna a chur chun cinn; á mholadh go leanfaí leis na tionscnaimh sin agus go leathnófaí iad chun rannpháirtíocht bhreise a thabhairt do phobail atá faoi ghannionadaíocht agus chun lucht saothair Eorpach níos cuimsithí a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le cothromaíocht inscne sa bhainistíocht, le méadú ar chéatadán na mban i bpoist mheánbhainistíochta (ó 29.7 % in 2022 go 32.5 % in 2023) agus i bpoist ardbhainistíochta (ó 37.5 % in 2022 go 44.4 % in 2023);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne na Coistí in 2023 chun rialacha agus cleachtais eiticiúla a chomhdhlúthú i gcreat dlíthiúil eiticiúil aonair (Cinneadh Uimh. 157/2023) lena gcumhdaítear nós imeachta araíonachta, dínit ag an obair, bainistiú coinbhleachta, ciapadh a chomhrac, gníomhaíochtaí seachtracha agus sceithireacht i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire gurb é a tháinig ar deireadh as an obair sin cinneadh (Uimh. 157/2023) a bhí mar thoradh ar chomhairliúcháin chuimsitheacha le geallsealbhóirí éagsúla, chomh maith le hobair leantach ar shuirbhé inmheánach maidir le feasacht eitice na foirne agus cur chun feidhme molta iniúchóireachta inmheánaí ar an ábhar sin; ag moladh an Choiste as leanúint de chúrsaí oiliúna maidir le heitic, ionracas agus meas agus dínit ag an obair a thairiscint do ghrúpaí éagsúla foirne idir dhaoine nua, bhainisteoirí agus bhaill foirne ar an iomlán in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur phróiseáil an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) dhá chás in 2023: cás amháin maidir le gníomhaíochtaí sochracha seachtracha a líomhnaíodh a rinne comhalta den Choiste agus cás eile maidir le líomhaintí atitimeachais maidir le gníomhaíochtaí seachtracha neamhúdaraithe a bheith déanta ag ball foirne; ag tabhairt dá haire, sa chéad chás, nár oscail OLAF aon imscrúdú ar fhorais easpa comhréireachta idir na hacmhainní is gá chun imscrúdú a dhéanamh agus na torthaí a rabhthas ag súil leo, agus gur mheas an Coiste nach raibh aon choinbhleachtaí leasa ann ar an bhforas nach bhfaigheann comhaltaí an Choiste aon luach saothair ón Aontas, ná nach gceanglaítear orthu a ngníomhaíochtaí gairmiúla a dhearbhú, as a bhféadfaidís íocaíocht a fháil as sainorduithe áitiúla nó réigiúnacha a d’fhéadfadh a bheith ag na comhaltaí sin; ag tabhairt dá haire maidir leis an gcás deireanach sin gur oscail OLAF imscrúdú a tugadh i gcrích agus dhá mholadh mar thoradh air, moltaí a chuir an Coiste chun feidhme trí nós imeachta araíonachta a oscailt i gcoinne an bhaill foirne lena mbaineann agus trí ghnóthachain a aisghabháil i ndáil le gníomhaíochtaí seachtracha neamhúdaraithe an duine sin; á mheabhrú gur eascair gníomh bainistithe coinbhleachta a raibh na daoine lena mbaineann páirteach ann agus plean gníomhaíochta cúig phointe as an gcás a dúnadh in 2022 maidir le líomhaintí faoi éagóir airgeadais, ciapadh agus míbhainistiú i gcomhsheirbhís de chuid Choiste-CESE; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil leantach an Choiste ar chinneadh na Parlaiminte maidir le hurscaoileadh lena gcumhdaítear bliain cur chun feidhme bhuiséad 2022 an Choiste, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh an plean gníomhaíochta sin curtha chun feidhme go hiomlán faoi dheireadh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheabhrú gur ghlac an Coiste Rialachán Uimh. 6/2023 an 4 Iúil 2023 lena leagtar síos bearta trédhearcachta a dhíríonn ar chomhaltaí i seilbh oifige agus ar rapóirtéirí; ag moladh, sa chomhthéacs sin, an Choiste as dul isteach go foirmiúil i gClár Trédhearcachta AE an 1 Eanáir 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tathant ar an gCoiste feabhas a chur ar bhrath agus ar chosc coinbhleachtaí leasa trí thréimhse mharana éigeantach a thabhairt isteach do chomhaltaí atá ag imeacht sular féidir leo páirt a ghlacadh i róil bhrústocaireachta nó chomhairleacha a bhaineann le hinstitiúidí an Aontais; á iarraidh go bhfoilseofaí go réamhghníomhach gach cinneadh scaoilte arna dhéanamh ag comhaltaí an Choiste mar gheall ar choinbhleachtaí leasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí athnuaite an Choiste maidir le coinbhleachtaí leasa a bhrath agus a chosc in 2023; ag tabhairt dá haire, a bhuí le Cinneadh Uimh. 0157/2023 uiadh, gur shainigh an Coiste coincheap na gcoinbhleachtaí leasa agus go bhfuil sásra curtha i bhfeidhm aige chun é a bhrath agus a chosc trína gceanglaítear ar bhaill foirne a dhearbhú an bhféadfadh coinbhleacht leasa (a d’fhéadfadh nó is féidir) a bheith acu, trí fhoirm a líonadh isteach ag príomhphointí éagsúla dá ngairmréim nó dá ngníomhaíochtaí gairmiúla; ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir, agus is díol sásaimh di é, go ndéantar an fhaisnéis bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí gairme iar-oifigeach sinsearach a fhoilsiú ar bhealach trédhearcach ar shuíomh gréasáin an Choiste; ag tabhairt dá haire nár bhraith an Coiste aon chásanna coinbhleachtaí leasa, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar an riarachán obair iardain a dhéanamh in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna sceithireachta don Choiste in 2023, seachas faisnéis a fuarthas ó OLAF faoi chás sceithireachta in aghaidh ball foirne den Choiste, cás a chaith OLAF amach ar deireadh; ag tabhairt dá haire nár ghlac an Coiste aon bhearta nua maidir le sceithireacht in 2023 agus gur lean sé de bheith ag brath ar na bearta atá i bhfeidhm ó 2015 agus iad a chur chun cinn trí oiliúint eitice agus múscailt feasachta; ag tacú le hoiliúint eitice éigeantach rialta don fhoireann agus don leibhéal bainistíochta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh sraith beart agus gníomhaíochtaí frithchalaoise i bhfeidhm ag an gCoiste, gníomhaíochtaí is infheidhme maidir lena chomhaltaí agus lena fhoireann, ar bearta agus gníomhaíochtaí a bhíonn á gcur chun feidhme ag seirbhísí éagsúla; ag tabhairt faoi deara nach raibh aon straitéis frithchalaoise i bhfeidhm in 2023 in ainneoin iarrataí na Parlaiminte i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, tar éis mholadh na Parlaiminte, agus mar a léirítear sa Cheistneoir, go bhfuil an Coiste tiomanta do bhearta frithchalaoise atá ann cheana a neartú tuilleadh trí straitéis frithchalaoise a ghlacadh in 2025; ag moladh don Choiste oiliúint frithchalaoise rialta agus éigeantach a éascú mar chuid den straitéis; á iarraidh ar an gCoiste an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an ábhar sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 12,7 milliún buiséad comhcheangailte TF an Choiste agus CESE in 2023, i gcomparáid le EUR 11,712 milliún in 2022, i.e. méadú 8.40 %, de bhrí gur íocadh EUR 350 000 den bhuiséad sin le haghaidh na cibearshlándála in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ‘Straitéis Dhigiteach 2024-2026’ nua an Choiste a glacadh ag deireadh 2023; ag moladh, sa chomhthéacs sin, an Choiste as an dul chun cinn atá déanta aige maidir le digitiú in 2023 i réimsí éagsúla amhail na próisis riaracháin (lena n-áirítear roghnú foirne), soláthar agus léirmhíniú, i measc nithe eile; á iarraidh ar an gCoiste dlús a chur le hiarrachtaí an chlaochlaithe dhigitigh trí chur chun feidhme iomlán sreafaí oibre leictreonacha, ríomhshínithe, agus uirlisí digiteacha bainistithe cásanna a áirithiú faoi 2026, próisis pháipéarbhunaithe a laghdú i gcomhréir le gealltanais inbhuanaitheachta, ag aistriú i dtreo riarachán gan pháipéar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh 90 % de na tionscadail le haghaidh simpliú tríd an digitiú faoin tionscnamh ‘Going for impact’ curtha chun feidhme go hiomlán faoi dheireadh 2023; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur baineadh leas as tuilleadh éifeachtúlachtaí mar gheall ar thionscadal TF chun an uirlis is fearr a shainiú chun sreafaí oibre foirmbhunaithe a bhainistiú go leictreonach agus, mar thoradh air sin, go bhfuil tús curtha le go leor de phróisis an Choiste a shimpliú agus a dhigitiú trí uirlisí Microsoft 365; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go n-úsáideann an Coiste modúil soláthair amhail e-Tendering, e-Notices, e-Submission, MyWorkplace, chomh maith leis an síniú leictreonach cáilithe, chun conarthaí a shíniú, modúil a tugadh isteach in 2023; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coiste treoirlínte inmheánacha maidir le húsáid na hintleachta saorga lena leagtar síos an bealach le haghaidh réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus ag moladh go dtabharfaí isteach oiliúint éigeantach rialta maidir le húsáid shábháilte na hintleachta saorga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire thairis sin nach ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) aon imscrúdú ná aon fhiosrúchán ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an gCoiste in 2023; ag tabhairt dá haire gur sheol MECS ceistneoir ginearálta in 2023 maidir le hainmniú agus seasamh an oifigigh cosanta sonraí (OCS), ceistneoir ar fhreagair OCS an Choiste é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon chibirionsaithe ar an gCoiste in 2023, seachas ionsaithe diúltaithe seirbhíse áirithe i gcoinne shuíomh gréasáin an Choiste a óstáiltear go seachtrach; ag tabhairt suntas ón gCeistneoir maidir in uirlisí agus straitéisí an Choiste chun faireachán fíor-ama a dhéanamh ar bhagairtí agus chun leochaileachtaí i gcórais an Choiste a shainaithint; ag moladh an Choiste as cloí le caighdeáin in ábhair a bhaineann le measúnuithe riosca a bhaineann leis an gcibearshlándáil, agus as córas a chur i bhfeidhm atá bunaithe ar phleananna freagartha ar theagmhais, ar bhearta téarnaimh agus ar cheachtanna a foghlaimíodh; ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di gur ghlac an Coiste agus CESE Creat Cibearshlándála NIST agus béim á leagan, in 2023, ar na prionsabail seo a leanas: ‘cosain’ agus ‘braith’; ag moladh don Choiste feasacht i measc a gcomhaltaí agus a bhfoirne a mhúscailt maidir leis an gcibearshlándáil, measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bhonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a chibearchosaintí a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 18,594 milliún buiséad an Choiste (leithreasuithe na bliana reatha) in 2023 (i gcomparáid le EUR 18,930 milliún in 2022) agus ráta forghníomhaithe íocaíochta 93.70 % ann (i gcomparáid le 82.60 % in 2022); ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndearnadh coigilteas, mar thoradh ar fhoirgnimh B68 agus TRE74 a mhalartú ar fhoirgneamh VMA in 2022, mar gheall ar chostais níos ísle a bhain le VMA ina iomláine a fháil ar cíos in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leanadh d’oibreacha athchóirithe ar VMA (an tríú go dtí an naoú hurlár) in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil ráta íseal forghníomhaithe íocaíochta ann maidir le leithreasuithe C8 (a tugadh anonn ó 2022 go 2023), i.e. 18.90 %, a úsáidtear chun áitreabh VMA a fheistiú; á chur in iúl go dtuigeann sí míniú an Choiste ar an ráta íseal sin, is é sin nach raibh an conraitheoir in ann codanna de na hoibreacha athchóirithe i bhfoirgnimh VMA a thabhairt chun críche; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste nuashonrú a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an toradh ar infheistíocht i ndáil leis na teicneolaíochtaí cliste atá suiteáilte in VMA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste agus CESE do phrionsabal ‘dearadh uilíoch’ a chur i bhfeidhm go córasach ar a mbonneagar, lena n-áirithítear inrochtaineacht ar a bhfoirgneamh trí dhearadh; ag tabhairt dá haire gur ghlac na Coistí sraith beart éagsúil chun inrochtaineacht a gcuid foirgneamh a áirithiú do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais (úsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine dalla agus lagamhairc, daoine bodhra, daoine scothaosta a bhfuil fadhbanna matáin nó soithíocha acu);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Coiste de chleachtais ghlasa éagsúla a chur chun feidhme in 2023, amhail suiteálacha tógála nuálacha atá tíosach ar fhuinneamh a úsáid, leictreachas atá100 % glas a cheannach, sínithe digiteacha a chur in ionad sreafaí oibre gan pháipéar, critéir chomhshaoil a chur i bhfeidhm i ngach nós imeachta tairisceana (le critéir ghlasa shaincheaptha le haghaidh glaonna ar thairiscintí os cionn EUR 60 000), díriú ar laghdú dramhaíola agus méadú ar an ráta athchúrsála, bearta a chur chun feidhme le haghaidh taisteal níos inbhuanaithe ag an bhfoireann, lena n-áirítear ranníocaíochtaí airgeadais ón gCoiste le costais iompair phoiblí a fhoirne, ateangaireacht chianda iomlán a úsáid le haghaidh cruinnithe reachtúla, agus bearta eile coigilte fuinnimh; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig laghdú 18 % ar astaíochtaí carbóin a bhaineann le gníomhaíochtaí riarachán an Choiste i gcomparáid le 2019;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ón gceistneoir, a bhuí lena bhearta coigilte fuinnimh, gur laghdaíodh tomhaltas fuinnimh an Choiste 3.4 % in 2023 i gcomparáid le 2022, arb ionann é agus gnóthachan airgeadais EUR 64 240; ag tréaslú leis na Coistí as cuspóirí EMAS do 2021-2025 a shárú i ngach réimse (leictreachas, gás, uisce, dramhaíl, sórtáil dramhaíola, páipéar le haghaidh úsáid oifige, astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING>);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach agus riaracháin a baineadh amach trí chomhar idirinstitiúideach, agus go háirithe an dlúthchomhar a bunaíodh ar an leibhéal riaracháin le CESE, lena gcomhroinneann an Coiste áitribh agus seirbhísí comhpháirteacha i réimsí an aistriúcháin, an bhonneagair, na lóistíochta agus na teicneolaíochta faisnéise, le 470 ball foirne agus thart ar EUR 60 milliún (gan caiteachais a bhaineann le tuarastal a áireamh) arna gcomhthiomsú ag an dá institiúid in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Coiste síneadh breise lena chomhar le CESE trí leas a bhaint as sineirgí breise trí sheirbhísí leighis comhpháirteacha agus trí chlár lárnach comhpháirteach cosanta sonraí agus oibríochtaí próiseála bunaithe ar an Socrú maidir le Rialaitheoireacht Chomhpháirteach a shínigh an Coiste agus CESE in 2023; á iarraidh an athuair ar an gCoiste an comhar sin a shaothrú agus a leathnú i réimsí eile d’fhonn dúbláil a sheachaint agus costais oibriúcháin na seirbhísí atá ar fáil sna háitribh arna gcomhroinnt ag an gCoiste agus ag CESE a chuíchóiriú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoiste agus ar CESE féachaint ar an bhféidearthacht riarachán aonair a bhunú dá seirbhísí comhpháirteacha, agus stiúrthóireachtaí nó aonaid ar leithligh a choinneáil do na seirbhísí a bhíonn ag déileáil le hábhair a bhaineann lena sainorduithe sonracha neamhspleácha; ag moladh don Choiste agus CESE leanúint dá n-iarrachtaí comhar agus sineirgí breise a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuardach an Choiste ar shineirgí trí sheirbhísí a cheannach ó institiúidí eile trí chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus trí pháirt a ghlacadh i gcomhlachtaí comhordaithe idirinstitiúideacha agus i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha; á chur in iúl gur geal léi na gnóthachain éifeachtúlachta, maidir leis an teachtaireacht do thoghcháin Eorpacha 2024, a thuairiscigh an Coiste sa Cheistneoir; ag tabhairt dá haire go rabhthas in ann na gnóthachain sin a dhéanamh toisc gur shínigh an Coiste Meabhrán Tuisceana leis an bParlaimint i mí Feabhra 2024 agus Comhaontú Comhair (CP) nua i mí na Bealtaine 2024; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chumhdaigh an Comhaontú Comhair comhar ar an leibhéal polaitiúil agus riaracháin idir an dá institiúid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an gCoiste a chomhar leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún a dhoimhniú trí idirphlé struchtúrtha bliantúil a bhunú idir ionadaithe an Choiste agus reachtóirí an Aontais maidir le príomhchomhaid reachtacha a dhéanann difear don fhorbairt réigiúnach, don bheartas aeráide agus don chomhtháthú sóisialta; ag tathant ar an gCoiste tionscnaimh chomhpháirteacha le Coistí na Parlaiminte um Fhorbairt Réigiúnach (REGI) agus um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (ENVI) a fhiosrú chun infheistíochtaí réigiúnacha inbhuanaithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Coiste leis an gCoimisiún (ar tháille bhliantúil) chun cúrsaí acmhainní daonna a láimhseáil agus chun ardáin TF éagsúla a úsáid le haghaidh bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire tuilleadh go ndéanann an Coiste a sheisiúin iomlánacha in áitreabh na Parlaiminte agus an Choimisiúin mar chúiteamh ar an easpa spáis ina sheomraí comhdhála féin agus go gceannaíonn an Coiste seirbhísí ateangaireachta ón dá institiúid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh athbhreithniú in 2023 ar Chomhaontú Comhair an Choiste le Parlaimint na hEorpa i bhfianaise a shínithe deiridh in 2024; ag tacú le comhar an Choiste le roinnt coistí parlaiminteacha, idirghrúpaí agus ardstiúrthóireachtaí sa Pharlaimint agus á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí cuireadh go rialta agus go córasach do chomhaltaí an Choiste agus CESE chuig malartuithe parlaiminteacha ábhartha, lena n-áirítear cruinnithe coiste, maidir le saincheisteanna a bhfuil siad ag déileáil leo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndíríonn gníomhaíochtaí cumarsáide an Choiste ar an gcaidreamh leis an bpreas, ar eagrú imeachtaí agus ábhair dhigitigh agus ábhair ar na meáin shóisialta, agus buiséad iomlán (leithreasuithe na bliana reatha) de thart ar EUR 2,8 milliún in 2023 ann ina leith; á chur in iúl gur oth léi ráta forghníomhaithe íocaíochta an-íseal sna réimsí sin (idir 24.70 % agus 48.20 %); ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil ráta ard forghníomhaithe idir 98 % agus 100 % ann maidir le leithreasuithe C8 (a tugadh anonn ó 2022 go 2023); á iarraidh ar an gCoiste bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar a phleanáil bhuiséadach maidir le míreanna buiséadacha a bhaineann le cumarsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag cur suntas, agus é ina dhíol sásaimh di, sa méid atá bainte amach ag an gCoiste maidir le beartais agus cláir an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, feabhas a chur ar fhor-rochtain a chuid saothar comhairleach agus feabhas a chur ar a infheictheacht agus ar a thionchar; ag tabhairt dá haire go bhféachann straitéis chumarsáide an Choiste lena phróifíl institiúideach agus pholaitiúil a neartú mar ghuth réigiúin, chathracha, shráidbhailte agus bhardais an Aontais, agus rannchuidiú bunriachtanach a chomhaltaí á léiriú ag an am céanna maidir le beartais an Aontais a nascadh leis na saoránaigh agus rannpháirtíocht a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; ag cur suntas, sa chomhthéacs sin, i ngníomhaíochtaí cumarsáide an Choiste in 2023 i réimsí amhail: - comhtháthú (e.g., an feachtas ‘Comhtháthú a chur chun cinn mar bhunluach de chuid an Aontais’ faoi chuimsiú EURegionsWeek ag a bhfuil níos mó ná 8 000 rannpháirtí); - an t-athrú aeráide (e.g. an feachtas ‘Pobail áitiúla athléimneacha agus nuálacha a thógáil’); - an daonlathas (e.g., an feachtas ‘Caibidil nua do dhaonlathas an Aontais Eorpaigh’ ag a raibh 1 400 clárúchán le haghaidh rannpháirtíochta ag an 14ú comhdháil EuropCom); - forbairt tuaithe (‘Comhdháil Eorpach LEADER 2023’) in 2023; ag moladh an Choiste as an méadú ar líon na ndaoine atá cláraithe i Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla um Ghnóthaí AE (ó 2 307 in 2022 go 3 000 in 2023) agus ar líon na rannpháirtithe i gclár na bPolaiteoirí Óga Tofa (ó 775 in 2022 go 836 in 2023);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choiste an fhor-rochtain ar rialtais réigiúnacha agus ar phobail áitiúla a leathnú, lena n-áirítear leathnú Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla agus Chlár na bPolaiteoirí Tofa Óga; á iarraidh ar an gCoiste acmhainní breise a leithdháileadh chun tacú le cláir réigiúnacha fothaithe acmhainneachta lena gcumhachtaítear rialtais áitiúla chun beartais an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rath ar an gCoiste maidir le for-rochtain ar na meáin mar a léirítear leis na méadrachtaí foriomlána do 2023, amhail: 13 210 lua sna meáin, méadú 129 % ar chuairteoirí gréasáin agus méadú 11 % ar leantóirí; ag tabhairt dá haire, ó thaobh na rannpháirtíochta digití de, nár éirigh leis an gCoiste a sprioc do 2023 a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh 200 000 leantóir ag an gCoiste ar a chainéil meán sóisialta, i.e. 15 % níos mó ná mar a bhí in 2022 agus 57 603 leantóir (+ 5 %) díobh sin ar X (iar-Twitter), 61 170 (+ 5 %) ar Facebook, 68 613 (+ 31 %) ar LinkedIn agus 15 392 (+ 47 %) ar Instagram;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt suntas, agus iad ina dhíol sásaimh di, i dtionscnaimh an Choiste chun feasacht a mhúscailt maidir le bearta sonracha na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha agus na nIonstraimí um Margaí Digiteacha, chomh maith leis an gcibearshlándáil agus an tsábháilteacht ar líne; ag aithint ról an Choiste maidir le conair an Aontais i dtreo todhchaí dhigiteach a chur chun cinn; ag moladh an Choiste, sa chomhthéacs sin, as an tsraith Máistir-Ranganna Digiteacha a eagrú in 2023, don fhoireann agus do phobail sheachtracha araon.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>