<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0084</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Ombudsman Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0055/2025 -  Rapóirtéir:Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2024/2027(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0075/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón Ombudsman Eorpach don bhliain 2023 agus dá thuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2023, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0055/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh don Ombudsman Eorpach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ombudsman Eorpach don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach (2024/2027(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn VIII – an tOmbudsman Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0055/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtoghfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach (an ‘tOmbudsman’) a chumhachtófar chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina ról breithiúnach, agus gearáin den sórt sin a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 253, 16.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1163/oj.</FIELD></FOOTNOTE> na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, tar éis ghlacadh Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163, gur ghlac an tOmbudsman a fhorálacha cur chun feidhme athbhreithnithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/161, 10.10.2023, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/C/2023/161/oj</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE> an 21 Meitheamh 2023;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad an Ombudsman faoi cheannteideal 7 CAI, ‘riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún san iomlán, i.e. 6,4 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2023; ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Ombudsman agus 0,11 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina Tuarascáil Bhliantúil don bhliain airgeadais 2023 (‘tuarascáil na Cúirte’), scrúdú ar shampla de 70 idirbheart faoin gceannteideal ‘riarachán poiblí Eorpach’, a raibh earráidí in 21 (30 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, i gcás cúig cinn de na hearráidí sin, a ndearna an Chúirt iad a chainníochtú, a mheas an Chúirt go raibh leibhéal earráide ann a bhí faoi bhun na tairsí ábharthachta; ag tabhairt dá haire ón méid atá i dtuarascáil na Cúirte, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb amhlaidh, i gcás 2023, nár aimsigh an Chúirt aon fhadhbanna suntasacha i ndáil leis an Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire, ón méid atá i dtuarascáil na Cúirte, gurb é barúil na Cúirte go gcuimsíonn an caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear pinsin, arbh ionann é in 2023 agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt ar an tátal, mar a rinne sí sna blianta roimhe seo, go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas riaracháin ar an iomlán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an Ombudsman agus EUR 13 212 447 in 2023, arb ionann é agus méadú EUR 990 339 (i.e. + 8,1 %) i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire ón méid atá i bhfreagraí an Ombudsman ar an gceistneoir a chuir an Coiste um Rialú Buiséadach isteach i leith urscaoileadh buiséadach 2023 (an ‘Ceistneoir’), gurbh é ba chúis leis an méadú sin go príomha ná coigeartuithe tuarastail agus dhá phost bhreise a raibh gá leo chun príomhghníomhaíochtaí an Ombudsman a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2023 ráta cur chun feidhme buiséid 95,39 %, a léiríonn laghdú de 1,58 % i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire go ndearnadh 97,58 % de leithreasuithe na bliana reatha faoi chomhair íocaíochtaí a forghníomhú, rud ab ionann agus méadú 1,31 % i gcomparáid le 2022, as ar eascair laghdú ar an tabhairt anonn uathoibríoch ó 3,73 % (nó 442 209) in 2002 go 2,42 % (nó EUR 304 550) in 2023; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, go ndearnadh tabhairt anonn uathoibríoch na leithreasuithe ón mbliain roimhe sin a fhorghníomhú ar ráta níos ísle, arbh é 73,27 % in 2023 é i gcomparáid le 92,59 % in 2022; á iarraidh go gcuirfí feabhas air sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcaitheamh 2023, a rinne an tOmbudsman naoi n-aistriú bhuiséadacha de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, rud ab ionann agus EUR 241 150 san iomlán nó 1,8 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais sin, i gcomparáid le 2,8 % in 2022; ag tabhairt dá haire gur ghá na haistrithe sin a dhéanamh chun línte buiséid éagsúla maidir le troscán, foirgnimh slándála agus faireachais, digitiú na gcartlann nó na faisnéisíochta, mar shampla, a threisiú; ag tabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, go bhfuil méadú 41 % tagtha ar chaiteachas TF, ó EUR 159 714 in 2022 go EUR 224 698 in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú breise, don tríú bliain as a chéile, ar an meán-am chun íocaíochtaí a dhéanamh; ag aithint gurb amhlaidh, siúd is gur tháinig méadú ar an am chun íocaíochtaí a dhéanamh ó 11,35 lá in 2021 go 13,50 lá in 2023, atá an meán-am le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh sách gearr i gcónaí agus faoi bhun an ama uasta rialála le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh (30 lá); á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go ndearna an tOmbudsman córas ríomhshonrasctha a chur chun feidhme go hiomlán idir an dá linn, rud ba cheart breis feabhais a chur ar éifeachtúlacht an phróisis íocaíochta amhail ó 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcás 2023, nach ndearna Parlaimint na hEorpa aon mhéadú suntasach a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman maidir leis an gcíos ná na muirir chnapshuime tógála, rud a d’fhág gurbh fhéidir leis an Ombudsman a líne bhuiséid i leith cíosa a laghdú de 8,06 % chun línte buiséid eile a threisiú in 2023; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb amhlaidh, i gcás 2024, a mheasann an tOmbudsman go dtiocfaidh méadú 170 % (nó EUR 122 260) ar na speansais i dtaca le foirgnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú ó EUR 120 000 in 2022 go EUR 100 000 in 2023 ar an mbuiséad le haghaidh misin foirne mar gheall ar shaoráidí físchomhdhála a bheith á n-úsáid go forleathan sa dá áit oibre; ag moladh an Ombudsman, sa chomhthéacs sin, as a buiséad le haghaidh misin foirne a laghdú don cheathrú bliain as a chéile; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2023, a bhí an buiséad misean agus taistil don Ombudsman mar a chéile le buiséad na mblianta roimhe sin (2021 agus 2022), i.e. EUR 35 000;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil naoi nEochairtháscaire Feidhmíochta, a bhfuil 19 gcuid iontu, nasctha ag an Ombudsman le cuspóirí ardleibhéil a straitéise ‘I dTreo 2024’, mar a leagtar amach i bPlean Bainistíochta Bliantúil an Ombudsman do 2023; ag tabhairt faoi deara go ndearnadh 14 chinn de chodanna sin na nEochairtháscairí Feidhmíochta a bhaint amach nó a shárú in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go raibh breis mortabhála ar an Ombudsman, tríd is tríd, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, óir in 2023 láimhseáil an tOmbudsman 2,392 ghearán nua (2,223 in 2022), chuir sé tús le 398 bhfiosrúchán (348 in 2022), lena n-áirítear 56 fhiosrúchán lenar bhain tábhacht phoiblí (60 in 2022), chuir sé clabhsúr ar 372 fhiosrúchán (330 in 2022) agus dhéileáil sé le líon gearán ba mhó ná riamh maidir le rochtain phoiblí, líon a mhéadaigh ó 117 ngearán in 2022 go 167 bhfiosrúchán in 2023, líon níos mó ná riamh, a ndearnadh fiosrúcháin i leith 118 acu ina dhiaidh sin; ag moladh an Ombudsman, sa chomhthéacs sin, as feabhas a chur ar an éifeachtúlacht in 2023 trí láimhseáil na bhfiosrúchán maidir le ‘mainneachtain freagra a thabhairt’ a shimpliú, agus trí phróiseáil na ‘ngearán nár bhain leis an sainordú’ agus na n-iarrataí ar fhaisnéis a chuíchóiriú; á iarraidh ar an Ombudsman oibriú ar chumarsáid níos spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar an saincheist seo amach anseo; á chur in iúl gur geal léi a iarrachtaí chun leanúint de chuíchóiriú agus simpliú próiseas do na blianta amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as an am is gá chun comhaid a phróiseáil ar leibhéil éagsúla den nós imeachta a laghdú, amhail an t-am a ghlactar i leith inghlacthachta (ó 16 lá in 2022 go 11 lá in 2023) nó an meán-am a ghlactar chun clabhsúr a chur ar chásanna i réimse na rochtana poiblí ar dhoiciméid (ó 46 lá in 2022 go 42 lá in 2023); á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh an meán-am (165 lá) chun déileáil le fiosrúchán fós ard in 2023; á chur in iúl go dtuigeann sí, mar sin féin, míniú an Ombudsman go raibh tionchar ag an moill a rinneadh le clabhsúr a chur ar fhiosrúcháin mar gheall ar mhalartuithe arís agus arís eile leis na hinstitiúidí lena mbaineann, go raibh tionchar aige ar an meán-am sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh feabhas maidir le freagraí dearfacha ó institiúidí an Aontais ar mholtaí an Ombudsman chun feabhas a chur ar a riarachán, agus ráta glactha foriomlán 81 % ann in 2023 (i gcomparáid le 79 % in 2022); á iarraidh ar an Ombudsman leanúint d’obair a dhéanamh i dtreo is gur fearr a chomhlíonfar a cinntí, a moltaí agus a tuairimí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag aithint go ndearna an tOmbudsman iarrachtaí in 2023 ar fheasacht agus tuiscint ar shainordú an Ombudsman a fheabhsú; ag tabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú 20 % ar an líon gearán laistigh den sainordú ó 740 in 2022 go 885 in 2023, agus freisin gur tháinig méadú ar an sciar den chineál sin gearán, ó 33 % in 2022 go 37 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag aithint na n-iarrachtaí a rinne an tOmbudsman i réimsí na heitice, na trédhearcachta agus na cuntasachta in 2023, mar aon leis an lorg dearfach a d’fhág sé orthu, go háirithe mar thoradh ar fhiosrúcháin ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus coinbhleachtaí leasa i dtaca le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais nó i dtaca leis an mBanc Eorpach Infheistíochta; á chur in iúl gur mór aici an tuarascáil speisialta a d’eisigh an tOmbudsman i Meán Fómhair 2023 ar na moilleanna a cuireadh ar an gCoimisiún agus é ag déileáil le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar is léir ón méid atá i dtuarascáil an Ombudsman chuig an údarás um urscaoileadh dar teideal <STRING ITALIC="on">Report on the follow-up to the discharge for the financial year 2022 </STRING>[Tuarascáil ar an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2022], a tugadh faoi deara go raibh fadhbanna ann i réimse na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), eadhon moilleanna suntasacha a cuireadh ar an gCoimisiún Eorpach agus freagra á thabhairt aige ar iarrataí ar rochtain, go háirithe foilsiú moillithe na bhfaighteoirí STA is mó de réir Ballstát, lenar baineadh an bonn de thrédhearcacht, agus freisin maidir leis an réasúnaíocht ar ar a bonn a bhunaigh an Coimisiún an leibhéal chun rochtain phoiblí ar dhoiciméid a dheonú i gcásanna áirithe; á chur in iúl gur díol imní di cinneadh an Choimisiúin gan glacadh leis an gcomhairle uile agus na moltaí uile ar réiteach a thug an tOmbudsman ina leith sin, á mheabhrú a thábhachtaí atá na prionsabail dea-chleachtais le haghaidh trédhearcacht rialtasach i ndáil le húsáid cistí téarnaimh arna dtáirgeadh i gcomhar le ECFE; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha ann fós ar an leibhéal náisiúnta i dtaca le tráthúlacht agus iomláine faisnéise maidir le faighteoirí deiridh; á iarraidh ar an gCoimisiún a iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh seo mar chuid dá fheidhmeanna leanúnacha faireacháin agus rialaithe a ghéarú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tuairisciú comhsheasmhach agus iomlán ar fud gach Ballstáit chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú; á iarraidh ar an Ombudsman an faireachán a dhéanann sé ar iarrachtaí an Choimisiúin a choinneáil ar bun chun trédhearcacht agus maoirseacht éifeachtach ar STA a áirithiú; á iarraidh ar an Ombudsman, thairis sin, leanúint den údarás buiséadach a chur ar an eolas go tréimhsiúil faoi na deacrachtaí arna dteacht chun cinn ina cuid oibre maidir le trédhearcacht agus cuntasacht STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur thathantaigh an tOmbudsman ar an gCoimisiún Eorpach, in 2023, aghaidh a thabhairt go pras ar mhoilleanna sistéamacha ar phróiseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid, tar éis fiosrú féinthionscanta lenar tháinig sé chun solais, agus daoine aonair ag lorg athbhreithniú ar chinneadh rochtana, ar a dtugtar iarraidh dheimhniúcháin, go gcailleann an Coimisiún na sprioc-amanna a leagtar amach sa dlí in 85 % de chásanna; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go pras an moladh práinneach ón Ombudsman go ndéanfaí athbhreithniú críochnúil chun comhlíonadh na sprioc-amanna a leagtar amach i ndlí an Aontais, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, a áirithiú; ag moladh an Ombudsman as a thuarascáil speisialta chuig Parlaimint na hEorpa, ina iarrtar ar an institiúid tacaíocht fhoirmiúil a thabhairt chun tabhairt ar an gCoimisiún gníomhú ar a mholadh; á mheabhrú gur phléigh an tOmbudsman an tuarascáil le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i mí na Samhna 2023<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ombudsman.europa.eu/ga/doc/annual-report/en/183636</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfaigheann an tOmbudsman go leor gearán ó na saoránaigh faoi mhórmhoill i rochtain a fháil ar dhoiciméid a iarradh; ag tacú le tuairimí an Ombudsman gur diúltú rochtain atá ann i ndáiríre má chuirtear moill ar rochtain a fháil agus gur cheart próisis riaracháin a chuíchóiriú chun a áirithiú go bhfaighidh saoránaigh rochtain ar dhoiciméid ar bhealach tráthúil<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ombudsman.europa.eu/ga/multimedia/infographics/en/142</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an t-iniúchóir inmheánach athbhreithniú ar chreat bainistithe riosca an Ombudsman; ag tabhairt dá haire gur tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta naoi bpointe a bheidh le cur chun feidhme faoi dheireadh 2024; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn arna dhéanamh i leith an plean sin a chur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 11 % ar líon iomlán fhoireann an Ombudsman ó 74 in 2022 go 82 in 2023, go príomha mar gheall ar mhéadú ar líon na mball foirne ar conradh agus ar líon na mball foirne sealadach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, in 2023, a bhí 40 oifigeach ar fostú ag an Ombudsman, i gcomparáid le 39 agus 38 in 2022 agus 2021 faoi seach, a bhí 33 bhall foirne shealadacha ar fostú aici, i gcomparáid le 28 agus 30 in 2022 agus 2021 faoi seach, agus a bhí 9 ngníomhaire ar conradh ar fostú aici, i gcomparáid le 7 agus 6 in 2022 agus 2021 faoi seach; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú ar an sciar den fhoireann a bhíonn ag obair ar phríomhghnó an Ombudsman (gearáin agus fiosrúcháin), ó 40,54 % in 2022 go 42,68 % in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur tháinig méadú ar an ráta fostaíochta foirne ó 91,8 % in 2022 go 95 % in 2023 agus gur tháinig laghdú ar an ráta athraithe foirne ó 9,9 % in 2022 go 5,2 % in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil post Ard-Rúnaí an Ombudsman folamh le breis agus dhá bhliain, is é sin ó bhí an 1 Meán Fómhair 2022 ann; ag tabhairt dá haire go luaitear an méid seo a leanas sa Cheistneoir: ‘in urraim don Ombudsman nua, a thoghfar faoi dheireadh 2024, chinn an tOmbudsman reatha gan an post a líonadh i dtreo is go bhféadfadh a comharba cinneadh a dhéanamh faoin gceapachán’; á iarraidh ar an gcéad Ombudsman eile a chinntiú go leanfaidh tréimhsí folúntais na bpost bainistíochta de bheith chomh gearr agus is féidir agus nach mbeidh siad níos sia ná an t-am is gá chun foireann nua a earcú sna poist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as a ghlao ar léirithe spéise i bpoist (oifigigh fiosrúcháin) a tugadh chun críche in 2023 trí liosta ionadaithe de 19 n-iarrthóir, ar earcaíodh 6 díobh an bhliain chéanna sin, a chur i dtoll a chéile; ag tabhairt dá haire gur fhág sé sin gurbh fhéidir leis an Ombudsman laghdú a dhéanamh ar an am is gá chun earcaíocht a dhéanamh, rud a bhí ina fhadhb san am a chuaigh thart; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eagraigh an tOmbudsman, le cabhair ó EPSO, trí chomórtas inmheánacha in 2023, chun daoine tréitheacha a bhí ag obair san institiúid cheana a choinneáil chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hinstitiúide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á thabhairt dá haire, in ainneoin gur institiúid bheag í, gur éirigh leis an Ombudsman ionadaíocht a dhéanamh ar 19 náisiúntacht ina fhoireann in 2023, a bhuí le gníomhaíocht chumarsáide agus for-rochtana réamhghníomhach, go háirithe trí na meáin shóisialta agus ardáin ar líne chun folúntais a fhógairt; ag tabhairt dá haire, agus é ina údar míshástachta di, áfach, go bhfuil náisiúntachtaí áirithe (mar shampla an Fhrainc, Éire) rómhór chun tosaigh i measc na foirne agus go bhfuil náisiúntachtaí eile (mar shampla an Rómáin, an Spáinn) rómhór chun deiridh ina measc; ag tathant ar an Ombudsman leanúint dá iarrachtaí ar a áirithiú go mbeidh dáileadh geografach cothrom náisiúnach ó na Ballstáit uile ann ina fhoireann, go háirithe ar an leibhéal bainistíochta, trí chumarsáid a fheabhsú, infheictheacht a chothú, agus coinníollacha poist a fheabhsú chun náisiúntachtaí a ndéantar tearcionadaíocht orthu a mhealladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt dá haire, ó thaobh cothromaíocht inscne de, go bhfostaíonn an tOmbudsman níos mó ban ná fir i ngach catagóir foirne, go háirithe ar an leibhéal bainistíochta, leis an gcóimheas foriomlán idir mná agus fir in 2023 ag fanacht mar a bhí in 2022 i.e. 67 % mná agus 33 % fir; ag spreagadh an Ombudsman leanúint dá iarrachtaí chun ionadaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach i measc a fhoirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Ombudsman ar dhea-bhail fhisiceach agus mheabhrach a fhoirne ag an obair a áirithiú agus go bhfuil sé ag díriú ar an gcomhar i measc na foirne a threisiú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, toradh an tsuirbhé ghinearálta foirne a rinneadh in 2023 inar léiríodh ráta sástachta foirne foriomlán de 87 %, agus gur geal léi go háirithe gur thug 95 % de rannpháirtithe an tsuirbhé freagra dearfach ar an gceist maidir le haird a bheith ag an Ombudsman ar dhea-bhail a fhoirne, go raibh 97 % acu sásta le socruithe oibre hibrideacha agus solúbtha an Ombudsman agus go raibh 90 % acu sásta leis an trealamh agus leis an ábhar a sholáthair a bhfostóir dóibh chun oibriú go cianda; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chinn an tOmbudsman in 2023 go ndéanfadh sé cathaoireacha eirgeanamaíocha a sholáthar do na baill foirne uile a d’iarrfadh iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint go bhfágann beagmhéid Oifig an Ombudsman gur féidir le bainisteoirí dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ualach oibre na foirne agus na coigeartuithe is gá a dhéanamh, lena gcumasaítear luathbhrath cásanna féideartha traochta; ag tabhairt dá haire nár cuireadh aon fhadhbanna maidir le dáileadh ualaigh oibre nó fadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair in iúl i suirbhé foirne 2023, agus nár thuairiscigh seirbhís liachta Pharlaimint na hEorpa aon tinnis fadtéarmacha a bhaineann le traochadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2022; ag aithint na n-iarrachtaí a rinne an tOmbudsman ar thimpeallacht oibre a chothú a bheadh saor ó chiapadh gnéasach agus síceolaíoch, go háirithe trí mhúscailt feasachta agus trí oiliúint; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur léirigh suirbhé a rinneadh in 2023 i gcomhthéacs iniúchadh inmheánach ar an gcreat eiticiúil go raibh 90 % den fhoireann ar an eolas faoin mbeartas agus na treoirlínte maidir le ciapadh d’aon chineál;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an tOmbudsman fáilte roimh 18 n-oiliúnaí íoctha in 2023 (an líon céanna a bhí ann in 2022), ar roghnaíodh duine acu tar éis chéad ghlao an Ombudsman a bhí dírithe ar iarrthóirí faoi mhíchumas; ag aithint go spreagtar cuimsitheacht agus deiseanna comhionanna leis an tionscnamh seo trí thaithí luachmhar a chur ar fáil d’oiliúnaithe in institiúidí an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ombudsman ar chreat eitice na hinstitiúide a neartú agus ar fheasacht a mhúscailt air; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur athbhreithnigh an tOmbudsman an beartas sceithirí in 2023 chun cosaintí do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina sceithirí a neartú, ailíniú níos fearr le caighdeáin um chosaint sonraí a áirithiú, rúndacht agus tacaíocht a fheabhsú, agus forálacha maidir le comhfhreagraithe eitice a chur san áireamh; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, úsáid iomlán uirlis eitice SYSPER a chuireann ar a gcumas do bhaill foirne dearbhuithe a thabhairt cothrom le dáta (maidir lena gcoinbhleachtaí leasa agus maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla a nuachar / a bpáirtithe) agus gur eagraíodh cúrsa oiliúna idirghníomhach dar teideal ‘Urraim agus dínit ag an obair agus ár róil mar ghníomhaithe, mar fhaighteoirí agus mar sheallaigh’; á chur in iúl gur geal léi toradh an tsuirbhé ghinearálta foirne a rinneadh in 2023 trínar deimhníodh go raibh líon mór den fhoireann feasach ar cheisteanna eitice; á iarraidh go bhfoilseofaí gach cruinniú ardleibhéil d’Oifig an Ombudsman le gníomhaithe seachtracha, lena n-áirítear eintitis chorparáideacha, grúpaí leasmhara agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, chun trédhearcacht i gcinnteoireacht agus in iarrachtaí abhcóideachta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearnadh an t-iniúchadh inmheánach (tuarascáil 22/03) ar chreat eitice an Ombudsman a thabhairt chun críche in 2023 agus gur eisíodh, uime sin, sé mholadh a bhí le cur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2024; ag tabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir go bhfuil ceithre cinn de na moltaí sin curtha chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar an Ombudsman tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar stádas cur chun feidhme an dá mholadh eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis frithchalaoise an Ombudsman bunaithe den chuid is mó ar an gcreat eitice atá i bhfeidhm agus ar phrionsabal dheighilt na ndualgas le haghaidh feidhmeanna airgeadais; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2023, a d’athbhreithnigh an tOmbudsman cód na gcaighdeán gairmiúil is infheidhme maidir le baill foirne a bhfuil baint acu le rialú oibríochtaí airgeadais ina leagtar amach na dualgais agus na freagrachtaí maidir le hidirbhearta calaoiseacha a bhrath, lena n-áirítear an nós imeachta is gá a leanúint i gcásanna calaoise amhrasta, agus a ghlac sí an cód úd;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachtaí leasa ná aon chásanna sceithireachta in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir nach ndeachaigh an tOmbudsman isteach i gclár trédhearcachta AE (a cuireadh ar bun le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach) go foirmiúil chun a áirithiú gur féidir léi gearáin a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rúnaíocht an chláir trédhearcachta sin a fhiosrú freisin; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearna an tOmbudsman a chleachtais ar phrionsabail an chláir trédhearcachta a ailíniú, trína dhearbháil go mbíonn cainteoirí nó comhchainteoirí in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; á chur in iúl gur geal léi an leibhéal ard trédhearcachta a bhain an tOmbudsman amach trí fhaisnéis faoi fhiosrúcháin, faoi mhisin, faoi chruinnithe agus faoi imeachtaí ina nglacann an tOmbudsman páirt a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an Ombudsman dearbhú sainordaitheach maidir le leasanna airgeadais a thabhairt isteach do bhaill foirne shinsearacha, le rochtain phoiblí fíor-ama ar fhaisnéis a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, gealltanais sheachtracha, agus sócmhainní airgeadais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú tuairim is 15 %, ó EUR 1 622 200 in 2022 go EUR 1 373 000 in 2023, ar bhuiséad deiridh (tar éis aistrithe) an Ombudsman le haghaidh foirgneamh agus costais ghaolmhara; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú 26 % ar na leithreasuithe faoi chomhair cíosa, ó EUR 1 177 700 in 2022 go EUR 866 100 in 2023, agus go raibh ráta forghníomhaithe íocaíochta gar do 100 % ann sa dá bhliain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tar éis aistriú Oifig an Ombudsman sa Bhruiséil chuig saoráidí nua arna soláthar ag an bParlaimint in 2021, a leagadh an foirgneamh amach sa chaoi is gur spás oibre comhoibríoch atá ann ina bhfuil líon an-bheag oifigí aonair agus saoráidí cruinnithe comhoibríocha solúbtha; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach ndéanann an tOmbudsman sealaíocht deisce agus go bhfuil a ndeasc féin ag na baill foirne uile a bhfuil dóthain slí air; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon athruithe ar na hoifigí in 2023 agus gur léiríodh i suirbhé ginearálta foirne a rinneadh in 2023 gur thug formhór na foirne (56 %) freagra dearfach maidir leis na socruithe fisiceacha ina n-oifigí sa Bhruiséil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheabhrú nach leis an Ombudsman a fhoirgnimh féin ach go bhfuil foirgneamh sa Bhruiséil agus spás oifige in Strasbourg ar cíos aige; á thabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfuil foirgneamh Havel in Strasbourg inrochtana go hiomlán do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile agus á chur in iúl gur oth léi go mór gur gá feabhas a chur ar inrochtaineacht an fhoirgnimh atá ar cíos sa Bhruiséil; á iarraidh go ndéanfadh an Parlaimint feabhas a chur ar inrochtaineacht ar an bhfoirgneamh atá ar cíos ag an Ombudsman sa Bhruiséil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag aithint go raibh rath ar chur chuige seanbhunaithe an Ombudsman i leith córais agus acmhainní comhtháite ó institiúidí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Pharlaimint agus an Coimisiún, a ghiaráil chun úsáid an bhuiséid a bharrfheabhsú agus chun comhordú a fheabhsú, mar shampla i réimse na digiteála; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndearnadh uirlisí meaisínaistriúcháin an Choimisiúin, atá comhtháite i gcórais an Ombudsman (e.g. an suíomh gréasáin), a chur chun feidhme in 2023; ag tabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb amhlaidh, mar gheall ar an tionscadal sin, atá laghdú, a mheastar a bheith os cionn 30 % in aghaidh na bliana, tagtha ar na costais aistriúcháin, agus gur lú ualach riaracháin atá ann freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an ríomhshíniú cáilithe, a chuireann ar a gcumas don fhoireann doiciméid a shíniú ar bhealach slán, a chur chun feidhme go hiomlán, agus go bhfuiltear ag baint úsáid as QSign an Choimisiúin, a chuireann ar a gcumas don fhoireann doiciméid, lena n-áirítear doiciméid soláthair agus chonarthacha, a shíniú agus a bhainistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó 2023 i leith, atá na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar úsáid na hintleachta saorga (IS) á bhfiosrú go gníomhach ag an Ombudsman; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an tOmbudsman ag obair i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde sa Choimisiún Eorpach chun triail a bhaint as samhlacha móra teanga agus chun cásanna úsáide IS a thástáil agus a mheas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cheannaigh an tOmbudsman roinnt uirlisí IS ar baineadh feidhm astu chun ábhar físe a chruthú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil treoirlínte inmheánacha glactha ag an Ombudsman chun a áirithiú go n-úsáidfear uirlisí seachtracha IS ar bhealach freagrach agus trédhearcach; ag spreagadh an Ombudsman chun a áirithiú go bhfaighidh an fhoireann oiliúint éigeantach maidir le úsáid shábháilte eiticiúil uirlisí IS chun feabhas a chur ar an tuiscint atá acu agus chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn arna dhéanamh i leith réitigh IS a thástáil agus a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó thaobh TF de, a bhíonn an tOmbudsman ag brath ar bhonneagar agus ar chreat cibearshlándála na Parlaiminte agus a bhíonn sé ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le comhtháthú agus cothabháil uirlisí corparáideacha an Aontais (SYSPER, ABAC, MiPS agus ARES) agus maidir le húsáid creatchonarthaí TF; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ós rud é gur beag smacht atá aige ar na sonraí, a rinne an tOmbudsman comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a thabhairt i gcrích leis na hinstitiúidí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfadh láimhseáil sonraí pearsanta an creat dlíthiúil is infheidhme; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach ndearnadh aon chibirionsaí ar an Ombudsman in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag spreagadh an Ombudsman oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus a thugtar cothrom le dáta go rialta a thairiscint do gach ball foirne laistigh den Ombudsman;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, maidir le Tuarascáil Iniúchta Inmheánaigh 21/03 ar an athbhreithniú ar Chreat Cosanta Sonraí an Ombudsman, a bhí gníomhaíocht amháin fós le cur i crích sa cheathrú ráithe de 2023 agus, maidir le Tuarascáil Iniúchta Inmheánaigh 20/04 ar shlándáil TFC an Ombudsman, a bhí seacht ngníomhaíocht ar bun in 2023; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn arna dhéanamh i leith na nithe sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil, thar na blianta, a lorg carbóin laghdaithe ag an Ombudsman, go háirithe trína próisis a dhigitiú, trí chlóirí aonair a aistriú, trí gan láraonaid phróiseála a ionadú ar iad a scor de bheith ag feidhmiú, trí bhearta a dhéanamh chun imeachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus trí úsáid fhairsing a bhaint as córais físchomhdhála chun misin a sheachaint; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, maidir le lorg comhshaoil a fhoirgneamh, a bhíonn an tOmbudsman ag brath ar na bearta arna nglacadh ag an Parlaimint ina cáil mar úinéir ar na foirgnimh; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an fuinneamh sa dá fhoirgneamh ina bhfuil oifigí ag an Ombudsman ina fhuinneamh glan amach is amach; á chur in iúl gur geal léi gur shuiteáil an Pharlaimint painéil ghréine, lena n-áirítear ar fhoirgneamh Havel in Strasbourg in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an tOmbudsman de shoghluaisteacht inbhuanaithe a spreagadh in 2023; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, gur ghlac an tOmbudsman beartas nua soghluaisteachta ina ndéantar foráil maidir le ranníocaíocht ar ráta comhréidh a íoc le baill foirne anuas go dtí grád AST8/AD8 a úsáideann modhanna inbhuanaithe iompair chun teacht chun na hoibre; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón méid atá sa Cheistneoir, nach raibh rath ar an tionscnamh trína ndearna an tOmbudsman rothair a sholáthar don fhoireann le linn uaireanta oibre, ós rud é gur ar éigean a úsáideadh rothair le linn na tréimhse trialaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas airgeadais agus riaracháin a rinneadh tríd an gcomhar idirinstitiúideach, go háirithe an réimse leathan comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse (CLSanna) a tugadh i gcrích leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún agus an rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an comhar idir an Pharlaimint agus an tOmbudsman i réimse na cibearshlándála a chur ar bhonn foirmiúil trí chomhaontú idirinstitiúideach athbhreithnithe a bhfuil creat ann ar dá réir a fhéadfaidh an Pharlaimint leanúint de thacaíocht chibearshlándála láidir a thabhairt don Ombudsman; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an tOmbudsman CLS le EPSO in 2023 chun comórtais inmheánacha a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag moladh an Ombudsman as dea-chomhar a dhéanamh le OLAF, an Chúirt agus OIPE, comhar arbh é a bhí ann in 2023 ná cruinnithe agus malartuithe tuairimí ar bhealaí chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus sláine institiúidí an Aontais nó ar chreat maoirseachta an Aontais, mar shampla; á mheabhrú go bhfuil córas curtha i bhfeidhm ag an Ombudsman agus ag OLAF chun dúbláil imscrúduithe a sheachaint; ag tabhairt dá haire ón méid atá sa Cheistneoir go mbíonn an tOmbudsman agus MECS ag obair i gcomhar le chéile ar bhonn ad hoc agus neamhfhoirmiúil go príomha d’fhonn comhar tapa agus éifeachtúil a dhéanamh le chéile nuair is gá; ag spreagadh an Ombudsman chun oibriú i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí agus Gníomhaireachtaí Eorpacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an Ombudsman idirphlé bliantúil foirmiúil a bhunú le Coistí CONT agus LIBE Pharlaimint na hEorpa, lena n-áiritheofaí obair leantach maidir le trédhearcacht institiúideach, athchóirithe rialtais agus cosaint ceart bunúsach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag aithint go bhfuil sé den tábhacht leibhéal ard malartuithe agus comhordaithe le Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) a choinneáil ar bun; á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh comhdháil bhliantúil ENO agus gur reáchtáladh seisiúin lena linn ar ábhair amhail an imirce, an intleacht shaorga agus an eitic sa riarachán poiblí in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb amhlaidh, tríd an nós imeachta fiosrúcháin, a chuidíonn an tOmbudsman le comhaltaí ENO imscrúduithe a réiteach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus a chuir an tOmbudsman, in 2023, bailchríoch ar chúig fhiosrúchán a thionscain cúig Bhallstát de chuid an Aontais; ag moladh eagrú chomhdháil bhliantúil ENO mar ardán luachmhar don idirphlé maidir le príomh-shaincheisteanna a imríonn tionchar ar ghníomhaíochtaí Ombudsmain ar fud na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean an tOmbudsman, in 2023, de bheith ag obair i ndlúthchomhar le Coistí ábhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le fiosrúcháin thábhachtacha tríd an obair a chur i láthair go díreach i gcruinnithe na gCoistí nó trí fhaisnéis a chur chuig Cathaoirligh na gCoistí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na tionscnaimh straitéiseacha agus na fiosrúcháin straitéiseacha arna ndéanamh ag an Ombudsman ríthábhachtach chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus cuntasacht riarachán an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 17,20 %, ó EUR 132 400 in 2022 go EUR 155 200 in 2023, ar an mbuiséad foriomlán le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide agus cur chun cinn (foilseacháin, eagrú imeachtaí, cumarsáid dhigiteach etc.);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an tOmbudsman in 2023 ar fheasacht a mhúscailt i measc na saoránach ar a ról agus ar an bhféidearthacht dul ar a iontaoibh i gcás drochriarachán a bheith á dhéanamh ag institiúid de chuid an Aontais, agus gur geal léi freisin na gníomhaíochtaí a rinne sé chun an fheasacht úd a mhúscailt; ag tabhairt dá haire, sa chiall sin, go ndeachthas i mbun feachtais chumarsáide in 2023 maidir le sraith físeán ina dtugtar léargas ar obair an Ombudsman agus ina mínítear trí cinn de phríomhréimsí a hidirghabhálacha, agus ina bhfuil scéal inscrollaithe ar thionchar obair an Ombudsman le himeacht aimsire maille le treoir maidir le rochtain ar dhoiciméid; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur eagraíodh an searmanas ‘Gradam don Dea-Riarachán’ agus gur ghlac an tOmbudsman páirt i Lá Oscailte AE sa Bhruiséil agus in Strasbourg, mar ar stiúraigh sí, i gcomhar le hacadóirí agus meithleacha machnaimh, imeachtaí spriocdhírithe i gcomhair geallsealbhóirí, agus gur ghlac sí páirt sa Chruinniú Eorpach um an Óige in Strasbourg in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag aithint go ndearna an tOmbudsman iarrachtaí ar fhaisnéis thrédhearcach a sholáthar agus sonraí a fhoilsiú (lena n-áirítear staidreamh ar a líon cásanna) i bhformáid fhaisnéiseach agus sholáimhsithe ar shuíomh gréasáin an Ombudsman (cé nach bhfuil na sonraí sin ar fáil i bhformáid oscailte); á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh amlíne ar an suíomh gréasáin i leith na bhfiosrúchán uile ar ghearáin, trína soláthrófar faisnéis ar gharspriocanna san am a chuaigh thart agus san am atá le teacht i ngach fiosrúchán;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cuntais ag an Ombudsman ar na meáin shóisialta ar Instagram, LinkedIn, X (Twitter roimhe seo), mar ar lean an líon leantóirí agus na rátaí rannpháirtíochta de bheith ag dul i méid in 2023; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tOmbudsman páirt i dtreoirthionscadal faoi stiúir MECS a bhfuil sé d’aidhm aige institiúidí an Aontais a thabhairt ar EU-Voice agus ar EU-Video, ar dhá líonra meán sóisialta saor in aisce agus foinse oscailte iad, bunaithe ar bhogearraí Mastodon, trína gcuirtear ar a gcumas d’institiúidí an Aontais idirghníomhú leis an bpobal trí théacsanna, íomhánna, físeáin agus podchraoltaí a chomhroinnt.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>