<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0085</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais - An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0053/2025 -  Rapóirtéir:Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2024/2028(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/io.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0076/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/io.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí le haghaidh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2023, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/io.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/io.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/io.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 266, 267 agus 268 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 55 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0053/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2024/2028(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn IX – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0053/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur ceart bunúsach í an chosaint sonraí, a chosnaítear leis an dlí Eorpach agus a chumhdaítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le cosaint daoine aonair, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo, faoi réir rialú ag údarás neamhspleách;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndéantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le bunú údaráis neamhspleách, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (‘MECS’), atá freagrach as an gceart chun cosanta sonraí agus príobháideachais a chosaint agus a ráthú, agus a bhfuil sé de chúram air a áirithiú go nglacann institiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le cultúr láidir cosanta sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcuireann MECS a chuid feidhmeanna i gcrích i ndlúthchomhar leis na comh-Údaráis um chosaint sonraí (DPAnna) mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), agus go bhfónann sé do leas an phobail agus prionsabail na neamhchlaontachta, na sláine, na trédhearcachta agus an phragmatachais á threorú ag an am céanna agus go n-urramaíonn sé reachtaíocht an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad MECS faoi cheannteideal CAI 7 ‘An riarachán poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún san iomlán, i.e. 6,4 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais, in 2023; ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad MECS agus 0,18 % de leithreasuithe cheannteideal 7 CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil bhliantúil (‘tuarascáil na Cúirte’) don bhliain airgeadais 2023, scrúdú ar shampla de 70 idirbheart faoi Cheannteideal 7, a raibh earráidí in 21 (30 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, i gcás cúig cinn de na hearráidí sin, a ndearna an Chúirt iad a chainníochtú, a mheas an Chúirt go raibh leibhéal earráide ann a bhí faoi bhun na tairsí ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ón méid atá i dtuarascáil na Cúirte, gurb é barúil na Cúirte go gcuimsíonn an caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna – lena n-áirítear pinsin – arbh ionann é in 2023 agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; á chur in iúl gur geal léi tuairim athnuaite na Cúirte go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas riaracháin ar an bhforiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go ndearna sí iniúchadh in 2023 ar íocaíocht tuarastail oifigeach a rinne dearbhú maidir le cearta chun liúntais teaghlaigh agus leanaí in 2020 go deireanach; á athdhearbhú imní na Cúirte go méadaíonn moilleanna i ndáil le dearbhuithe den sórt sin a fháil agus a fhíorú an riosca d’íocaíochtaí neamh-incháilithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur EUR 22 711 559 a bhí sa bhuiséad deiridh a glacadh do MECS in 2023, arbh ionann é agus méadú 12,06 % i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear freisin le buiséad MECS obair Rúnaíocht neamhspleách an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí; ag tabhairt dá haire ó Thuarascáil Bhliantúil MECS do 2023 (an ‘Tuarascáil Bhliantúil’) gurbh ionann an buiséad arna ghlacadh ag an mBord agus EUR 7,67 milliún in 2023, lena n-áirítear EUR 300 000 a deonaíodh trí bhíthin buiséad leasaitheach a raibh gá leis mar gheall ar mhéadú ar ghníomhaíochtaí dlíthíochta in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig ráta cur chun feidhme buiséid de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha de 96 % in 2023 as faireachán buiséid agus iarrachtaí pleanála MECS sa bhliain airgeadais 2023 (beagán níos ísle ná mar a bhí in 2022 nuair a bhí an ráta sin 98 %); ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ar chuntais bhliantúla MECS don bhliain 2023 gurbh ionann ráta forghníomhaithe na bliana reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 84 % (níos ísle ná 88 % in 2022); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ó fhreagraí MECS ar an gceistneoir a chuir an Coiste um Rialú Buiséadach isteach maidir le hurscaoileadh buiséadach 2023 (an ‘Ceistneoir’), go raibh ráta forghníomhaithe na leithreasuithe le haghaidh íocaíochtaí 91,33 % ar an bhforiomlán in 2023 (níos ísle ná 94,09 % in 2022);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann méid na dtabhairt anonn (C8) ó 2023 go 2024 agus EUR 2 517 942,67 nó 11,08 % den bhuiséad iomlán do 2023, i gcomparáid le EUR 1 827 354,23 nó 9,01 % den bhuiséad iomlán do 2022; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe bhuiséad C8 in 2023 agus 76,65 % (níos airde ná 73,77 % in 2022);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi feabhsú ar an meán-am le híocaíocht a dhéanamh ó 25 lá in 2022 go 19 lá in 2023, agus 97,50 % d’íocaíochtaí próiseáilte in am; ag tabhairt dá haire gurb é is cúis leis an bhfeabhsú sin freisin ná gur réitigh MECS seanfhabht leis an gcóras íocaíochta leictreonaí do shonraisc a bhaineann le costais mhisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, méadú suntasach ar líon na n-íocaíochtaí ó 799 in 2022 go 1335 in 2023; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil líon na n-idirbheart fós níos ísle ná na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim de bharr athruithe ar an modh oibre (amhail cruinnithe hibrideacha nó imeachtaí fíorúla do shaineolaithe);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean éifeachtaí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bhrú buiséadach a chur ar MECS in 2023, lena n-áirítear trí mhéadú ar an mboilsciú agus an méadú iarmhartach ar chostais fuinnimh, arb iad na línte buiséid is mó a ndearnadh difear dóibh ná tuarastail foirne, slándáil foirgneamh agus costais chíosa, costais mhisin agus seirbhísí arna soláthar ag foireann sheachtrach; ag moladh MECS sa chomhthéacs sin as a thosaíochtaí a athchoigeartú agus as ath-leithdháileadh inmheánach a chur chun feidhme laistigh de chaibidlí buiséid; á thuiscint go raibh an t-optamú buiséadach sin riachtanach chun innéacsú thuarastail foirne agus costais chíosa a bhainistiú go rathúil, chomh maith le méadú i gcostais na seirbhísí tacaíochta dlíodóirí seachtracha de bharr líon méadaithe cinntí ceangailteacha ó MECS a d’fhág go raibh líon níos mó cásanna le cosaint os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) le cabhair ó chúnamh dlíthiúil seachtrach; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, go raibh ar MECS cuid dá ghníomhaíochtaí a chur siar, amhail staidéar féidearthachta ar intleacht shaorga; á iarraidh ar MECS cloí le hinniúlachtaí a shainordaithe le cur chuige comhoibríoch le hinstitiúidí agus le gníomhaireachtaí an Aontais agus chun seachaint a dhéanamh ar aon chaingean dlí a thionscnamh, go háirithe iad sin is léir nach bhfuil inghlactha, chun iarmhairtí diúltacha ar bhainistiú acmhainní a sheachaint, rud nach gceadaíonn do MECS a ghníomhaíochtaí mar Institiúid a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú suaithinseach atá tagtha ar chostais mhisin foirne MECS, ó EUR 28 789 in 2021 agus EUR 176 903 in 2022, go EUR 284 580 in 2023; á iarraidh ar MECS a mheasúnú an bhfuil na hacmhainní a chaitear ar mhisin á n-úsáid go hiomchuí agus go héifeachtach; ag tabhairt dá haire gur scoir MECS de líon na misean arna gcistiú ag na heagraithe a phoibliú, mar aon le faisnéis maidir le cén t-aonad nó cén earnáil a ghlac páirt i ngach misean, rud a laghdaigh an trédhearcacht maidir le speansais mhisin; ag iarraidh ar MECS an cleachtas seo a athbhunú; ag spreagadh MECS úsáid uirlisí físchomhdhála a chur chun cinn i gcás inarb iomchuí, toisc go bhféadfadh sé sin rannchuidiú le líon na misean a ísliú agus costais a laghdú; ag iarraidh ar MECS a mheasúnú an bhfuil na hacmhainní a chaitear ar mhisin á n-úsáid go hiomchuí agus go héifeachtach.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain MECS úsáid as naoi bpríomhtháscaire feidhmíochta (KPInna) chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht in 2023, ar aon dul le príomhchuspóirí Straitéis MECS 2020-2024 a chuirtear chun feidhme tríd an bPlean Bainistíochta Bliantúil; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil gur sháraigh MECS na hionchais a leagadh amach i mbeagnach gach réimse, mar a léiríodh i dtorthaí phríomhtháscáirí do 2023, seachas i gcás príomhtháscaire amháin (líon na leantóirí MECS ar roinnt cuntas meán sóisialta); ag tabhairt dá haire gur ábhar imní é gur tháinig MECS ar dhúshláin shuntasacha mar gheall ar ualach oibre atá ag dul i méid agus saincheisteanna casta um chosaint sonraí a eascraíonn as an tírdhreach digiteach atá ag forbairt go tapa, agus mar gheall ar shíneadh shainordú MECS chuig gníomhaíochtaí maoirseachta (amhail iniúchtaí agus imscrúduithe) agus freagraí ar chomhairliúcháin agus réamhchomhairliúcháin, go léir i gcomhthéacs buiséad teoranta; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach ó MECS don rún ón bParlaimint ar chur chun feidhme bhuiséad MECS do 2022 (an ‘Tuarascáil Leantach’) go raibh tionchar ag roinnt forbairtí reachtacha le dhá bhliain anuas ar obair agus acmhainní MECS, mar gheall ar shíneadh shainordú Eurojust, faisnéis nua a bheidh le fáil ag Europol faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cur i bhfeidhm bhunachair shonraí mhórscála agus chreat idir-inoibritheachta nua an Aontais i réimse an cheartais agus gnóthaí baile agus teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Intleacht Shaorga (an ‘Gníomh um an Intleacht Shaorga’); ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an údarás buiséadach an méid sin a chur san áireamh le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur neartaigh MECS a chumas, in 2023, measúnú a dhéanamh agus ullmhú le haghaidh treochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí; ag tabhairt dá haire gur baineadh é seo amach trí chur chuige a bhí bunaithe ar fhadbhreathnaitheacht, agus béim á leagan ar fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimsí mar mhúnlaí móra teanga, sparáin aitheantais dhigitigh, idirlíon na n-iompraíochtaí, réaltacht leathnaithe, agus brath domhainbhrionnuithe; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, foilsiú ag MECS an tríú tionscnamh TechSonar dá chuid maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; ag tréaslú, ina theannta sin, le MECS as Dámhachtainí Domhanda Príobháideachta agus Cosanta Sonraí 2023 an Chomhthionóil Dhomhanda Príobháideachais a bheith bronnta orthu i gcatagóir na nuálaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh roinnt athruithe eagraíochtúla nó nuashonruithe eagraíochtúla ag teastáil in 2023 chun freagairt agus oiriúnú do na dúshláin chosanta sonraí atá ag teacht chun cinn; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, ceapachán Ardrúnaí ón 1 Iúil 2023; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, aistriú dhá earnála go haonaid amhail ‘Faisnéis agus Cumarsáid’ agus ‘Rialachas agus Rialú Inmheánach’ agus cruthú trí earnála speisialaithe nua faoin aonad ‘Teicneolaíocht agus Príobháideacht’ (T&P): ‘Maoirseacht agus Iniúchóireacht na gCóras’, ‘Faireachán agus Fadbhreathnaitheacht Teicneolaíochta’ agus ‘Claochlú Digiteach’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag cur béim ar ról MECS i maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, fad na n-imeachtaí roimh MECS, toisc nár dhún MECS oiread agus imscrúdú amháin in 2023, ach i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin in 2023, laghdaigh an líon fógraí thar 72 uair an chloig go suaithinseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair MECS 420 gearán, i.e. 53 níos mó ná mar a bhí in 2022, a raibh 73 díobh sin inghlactha agus 347 neamh-inghlactha in 2023; ag tabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh, tuairim nó freagra deiridh i 31 as 73 chás gearáin a fuarthas in 2023 laistigh de 44 lá ar an meán agus gur thug sé freagra ar gach ceann de na 347 ngearán neamh-inghlactha a fuarthas; ag tabhairt dá haire gur tugadh 55 chás as gach gearán inghlactha (leanúnach agus faighte in 2023) chun críche in 2023, arb ionann é agus méadú 17 % i gcomparáid le 2022; ag aithint na hiarrachtaí atá déanta ag MECS chun líon ard na ngearán a laghdú trí uirlis dhinimiciúil a fhorbairt ar shuíomh gréasáin MECS, cé go raibh líon na ngearán fós ina dhúshlán mar gheall ar acmhainní teoranta in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhorbair MECS uirlisí agus beartais nós imeachta éagsúla chun a phróisis imscrúdaithe a fheabhsú in 2023; á mholadh MECS sa chomhthéacs sin as a Rialacha Nós Imeachta a leasú, trína gcuirtear ‘réamhmheasúnú’ in ionad an ‘nós imeachta athbhreithnithe’ chun ceart éisteachta na gcomhpháirtithe go léir atá páirteach a chosaint, agus ar an gcaoi sin chun rannchuidiú le láimhseáil chothrom agus thráthúil gearán agus imscrúduithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag comhairliúchán agus comhairle ó MECS sa phróiseas reachtach; ag tabhairt dá haire, de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, gur fhreagair MECS 80 comhairliúchán reachtach foirmiúil agus gur i bhfoirm 54 thuairim a bhí an chomhairle a thug sé (27 in 2022), 26 thuairim fhoirmiúil (49 in 2022) agus 34 thrácht neamhfhoirmiúil (30 in 2022) chuig an gCoimisiún agus chuig na comhreachtóirí mar fhreagra ar iarratais ar chomhairliúchán reachtach in 2023; ag moladh MECS as a ionchur maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, go háirithe tuairim féintionscnaimh MECS ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus comhairle ar na rialacha maidir le dliteanas na hintleachta saorga, agus as ionchur MECS i rún an Chomhthionóil Dhomhanda Príobháideachais ar chórais ghiniúna IS; ag aithint méadú suntasach (+93 %) ar iarrataí comhairliúcháin le cúig bliana anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna MECS ocht n-imscrúdú agus cúig réamh-imscrúdú in 2023, rud a léiríonn méadú suntasach i gcomparáid le blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire go raibh baint ghníomhach ag MECS in 2023 le 13 imscrúdú agus seacht réamh-imscrúdú san iomlán, a seoladh in 2023 nó a tugadh anonn ó bhlianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur lean MECS le dhá imscrúdú foirmeálta casta agus dian ar acmhainní ó 2021 ar an úsáid a bhaineann institiúidí, comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh as néalseirbhísí ó eintitis neamh-AE/LEE, lena n-áirítear fócas ar úsáid Microsoft 365 ag an gCoimisiún; á thathant go gcuirfí na himscrúduithe sin i gcrích in am mar gheall ar a dtionchar suntasach ar oibriú institiúidí; ag tabhairt dá haire freisin gur sheol MECS cúig imscrúdú bunaithe ar ghearáin faoi shuímh ghréasáin institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, ag díriú ar bhealach leathan ar cheisteanna príobháideachais agus cosanta sonraí, agus táthar ag súil le réamh-mheasúnuithe in 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar MECS tús áite a thabhairt do nósanna imeachta chun sonraí pearsanta mionaoiseach faoi 15 bliana d’aois a láimhseáil agus feabhas a chur orthu, go háirithe i gcomhthéacs chórais Europol, i gcás ina bhféadfaí daoine aonair den sórt sin a mharcáil mar dhaoine a bhfuil amhras fúthu; ag aithint leochaileacht mhéadaithe an ghrúpa sin agus an gá atá le coimircí láidre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna MECS imscrúdú ar úsáid líomhnaithe an Choimisiúin as micri-spriocdhíriú ar ardán X agus gur lean sé le dhá réamh-imscrúdú: cás amháin a bhain le húsáid seirbhís néal Trello, a dúnadh in 2023, ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus cás eile maidir le húsáid próifílithe, a rinneadh in 2024, ag na hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí sin; ag tabhairt dá haire gur seoladh sé imscrúdú agus ceithre réamh-imscrúdú (réamh-imscrúdú amháin in 2022) sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, rud a léiríonn méadú suntasach ó 2022; ag tabhairt dá haire imní MECS maidir leis na dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás imscrúduithe ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach idir údaráis náisiúnta agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, mar chuid dá phlean iniúchóireachta do 2023, go ndearna MECS iniúchadh ar na comhlachtaí seo a leanas: an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Ceannais Eorpach, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú gur thionscain MECS caingean in 2022 chun dhá fhoráil de chuid Rialachán leasaithe Europol a neamhniú os comhair na Cúirte Ginearálta, ar diúltaíodh di níos déanaí; ag tabhairt dá haire gur chinn MECS idir an dá linn achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-578/22<FOOTNOTE><FIELD> Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 6 Meán Fómhair 2023, <STRING ITALIC="on">MECS v an Pharlaimint agus an Chomhairle</STRING>, T-578/22, ECLI:EU:T:2023:522.</FIELD></FOOTNOTE>, ós rud é gur chreid sé gur cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh ag an leibhéal is airde; á chur in iúl gur oth léi nár thuig MECS neamh-inghlacthacht fhollasach a achomhairc, fiú mura raibh sé ar intinn ag an institiúid agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh de chuid Europol, ach athrú cúlghabhálach ar an gcreat dlíthiúil lena ndírítear ar éifeachtaí ghníomhaíochtaí forfheidhmithe MECS a neodrú; ag iarraidh ar an institiúid comhoibriú le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, sula dtionscnaítear imeachtaí dlí a chuireann cosc ​​ar chomhlíonadh a sainordaithe agus ar úsáid a acmhainní chun na gcríoch ar ceapadh dóibh iad; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna MECS obair leantach freisin ar chur chun feidhme a Ordaithe an 3 Eanáir 2022, lena n-áirítear seiceálacha ar thuairisciú Europol; á chur in iúl gur oth léi nár chuir MECS an tuarascáil deiridh ar an ábhar sin in iúl ach an 22 Iúil 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis chur chun feidhme píolótach an chreata bainistithe riosca nua ag MECS go déanach in 2022, go ndearnadh suirbhé gan ainm ar shástacht i mBealtaine 2023 chun a éifeachtacht a mheasúnú agus chun moltaí breise a bhailiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh torthaí an tsuirbhé dearfach, as ar eascair glacadh foirmiúil an chreata an 26 Meitheamh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) iniúchadh ar an modheolaíocht chun iniúchtaí MECS a phleanáil in MECS in 2023; ag tabhairt dá haire gur tugadh an t-iniúchadh chun críche le dhá mholadh ar chuir MECS plean gníomhaíochta faoi bhráid IAS ina leith; ag iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an ábhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú, mar atá sonraithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfaidh an tAontas agus a institiúidí dlúthpháirtíocht agus comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 129 mball foirne ag MECS ag deireadh 2023, i gcomparáid le 127 mball foirne in 2022; ag tabhairt dá haire gur fhostaigh MECS 50 ball foirne ar conradh (CA) faoi Airteagal 3(b) de Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (52 CA in 2022), 7 ngníomhaire sealadacha (TA) faoi Airteagal 2(b) agus 2(c) (6 TA in 2022) agus gur bhain sé úsáid as 12 sholáthraí seirbhísí seachtracha (EXT) a bhí ag obair <STRING ITALIC="on">intra-muros</STRING> in 2023 (8 EXT in 2022); ag spreagadh MECS leanúint dá iarrachtaí chun ionadaíocht gheografach níos cothroime a bhaint amach i measc na mBallstát go léir, go sonrach ar an leibhéal bainistíochta; á chur in iúl gur geal léi éagsúlacht mhéadaithe na náisiúntachtaí a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, ach á chur in iúl gur oth léi tearc-ionadaíocht leanúnach na mban i bpoist bhainistíochta shinsearacha; á iarraidh go nglacfar treochlár um phaireacht inscne, lena n-áirítear bearta earcaíochta réamhghníomhacha agus cláir oiliúna ceannaireachta do chomhaltaí foirne baineanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 23 náisiúntacht ag MECS (ó na Ballstáit) i measc a fhoireann in 2023, ar feabhas é i gcomparáid le 22 náisiúntacht in 2022; ag tabhairt dá haire, agus é ina údar míshástachta di, ró-ionadaíocht cúig náisiúntacht agus tearc-ionadaíocht náisiúntachtaí eile; ag áitiú ar MECS leanúint dá iarrachtaí chun dáileadh cothrom geografach náisiúnach ó na Ballstáit uile laistigh dá fhoireann a bhaint amach, trí chumarsáid a fheabhsú, infheictheacht a chothú agus trí choinníollacha fostaíochta a fheabhsú chun náisiúntachtaí tearc-ionadaithe a mhealladh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, in 2023, go ndearna MECS lucht saothair comhdhéanta de 65 % de mhná agus 35 % d’fhir a chothabháil, i gcomhréir le treochtaí ó bhlianta roimhe sin; ag cur in iúl gur oth léi an easpa ban i róil bhainistíochta shinsearacha, in ainneoin go bhfuil paireacht inscne bainte amach i measc na sé phost meánbhainistíochta; ag tathant ar MECS a iarrachtaí a threisiú chun ionadaíocht inscne-chothromaithe a áirithiú ar fud gach leibhéal foirne, agus ag iarraidh ar MECS iarratais na mban a chur chun cinn freisin agus toghadh an chéad Mhaoirseora eile ag an bParlaimint á chur san áireamh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire ráta ard áitíochta an phlean bunaíochta de 95,65 % ach freisin ráta ard láimhdeachais de 13 % in 2023; ag tabhairt dá haire gur tharla formhór na bpost gan líonadh mar gheall ar iarrthóirí a bheith mí-oiriúnach, i bhfianaise riachtanas MECS do phróifílí an-speisialaithe agus an líon beag iarrthóirí incháilithe; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh aghaidh ar na dúshláin sin trí athfhoilsiú le scaipeadh níos leithne nó níos spriocdhírithe ar an bhfolúntas nó trí na ceanglais a athdhréachtú; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac MECS maidir leis an bpróiseas earcaíochta; á iarraidh ar MECS leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin maidir le hiarrthóirí oiriúnacha a aimsiú agus an t-údarás um scaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi fheabhsuithe ar earcú agus láimhdeachas foirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa dara leath de 2023, gur sheol foireann acmhainní daonna (AD) MECS treoirthionscadal le haghaidh próiseas ionduchtaithe nua do dhaoine nua, le seisiúin a chlúdaíonn, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, cuir i láthair ar obair na gcroí-aonad, an eitic, nósanna imeachta soláthair agus slándáil faisnéise, de bhrí gur tairgeadh trí sheisiún ionduchtaithe in 2023; ag iarraidh ar MECS leanúint ar aghaidh ag tairiscint ‘ionduchtú’ do dhaoine nua agus seisiúin éigeantacha a thairiscint do gach ball foirne lena meabhraítear an tábhacht a bhaineann le prionsabail amhail an eitic, coinbhleachtaí leasa, trédhearcacht, rialú inmheánach agus frithchalaois, ós rud é go bhfuil siad tagtha chun bheith ina gcaighdeán in institiúidí an Aontais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cuireadh 12 sheisiún aonair ar fáil d’fhoireann MECS agus EDPB, 6 sheisiún de chóitseáil ghrúpa inar fhoghlaim rannpháirtithe (leibhéal bainisteora) óna chéile, chomh maith le oiliúint foirne aon bhliana le dearthóir d’fhorbairt ceannaireachta ag an Scoil Riaracháin Eorpach in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ón gCeistneoir, go dtugann MECS socruithe oibre solúbtha agus hibrideacha, a bhfuil glacadh maith leo ag baill foirne ar féidir leo leas a bhaint, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, as saoire do thuismitheoirí, as creidmheasanna ama, as obair pháirtaimseartha nó as obair ó thar lear ar feadh líon teoranta laethanta in aghaidh na bliana; ag tabhairt dá haire gur bhain formhór na foirne úsáid as na coinníollacha oibre sin in 2023, agus gur bhain 86,30 % den fhoireann úsáid as socruithe teilea-oibre in 2023; á mheas gur cheart an bonneagar tógála a bharrfheabhsú chun an ráta ard teilea-oibre sin a léiriú, a d’fhéadfadh cur le costais oibriúcháin a laghdú agus úsáid níos éifeachtúla spáis oifige a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha MECS chun feabhas gníomhach a chur ar fholláine choirp agus mheabhrach a fhoirne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag moladh MECS as roinnt gníomhaíochtaí múscailte feasachta a dhéanamh i rith na bliana 2023 le comhroinnt faisnéise maidir le deireadh a chur le hidirdhealú ciníoch, Lá Idirnáisiúnta na mBan, mí éagsúlachta an Aontais agus foghlaim faoin néara-éagsúlacht; ag tabhairt dá haire nach bhfostaíonn MECS baill foirne faoi mhíchumas faoi láthair ach go bhfuil clásal comhdheiseanna san áireamh i ngach fógra folúntais ó MECS agus go spreagann sé go gníomhach iarratais ó iarrthóirí faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir go measann MECS aon fhaisnéis faoi chásanna tnáithe, lena n-áirítear a líon, a bheith faoi rún; á chur in iúl nach n-aontaíonn sí leis an tuairim sin agus ag iarraidh ar MECS líon na gcásanna tnáithe a sholáthar don údarás um urscaoileadh ar bhonn bliantúil; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach raibh aon chás ciaptha tuairiscithe ag MECS in 2023; á chur in iúl gur geal léi gur lean MECS, in 2023, de chur i láthair frith-chiaptha a sholáthar arna thabhairt ag duine de chomhairleoirí rúnda MECS, mar chuid den oiliúint ionduchtaithe ar a dtugtar ‘Lá Fáilte MECS’; ag moladh foilsiú an chinnidh ar fhrithchiapadh agus ról na gcomhairleoirí rúnda ar inlíon MECS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhírigh MECS a iarrachtaí in 2023 ar fheasacht na foirne a mhéadú ar chreat eiticiúil MECS/EDPB trí sheisiúin oiliúna tiomnaithe éigeantacha a eagrú don fhoireann ar fad agus oiliúint ionduchtaithe do nuatheachtaithe MECS/EDPB, oifigeach eitice nua a cheapadh agus páirt a ghlacadh sa ghrúpa oibre um eitic ‘Comité Paritaire des Questions Statuaries’; á chur in iúl gur geal léi bunú bosca poist ag MECS, inar féidir le baill foirne a n-iarrataí a chur isteach maidir le haon fhiosrúcháin a bhaineann le heitic, chomh maith le húsáid mhodúl Eitice an Choimisiúin in Sysper; ag spreagadh MECS leanúint d’fheasacht a mhúscailt agus suirbhéanna a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal feasachta foirne maidir le creat eiticiúil MECS/EDPB;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-ardleibhéal foriomlán trédhearcachta a bhain MECS amach maidir lena ghníomhaíochtaí, go háirithe maidir leis an gclár oibre a fhoilsiú agus leasanna an Mhaoirseora agus Cheann Riaracháin MECS a dhearbhú, i gcomhréir le cód iompair an Mhaoirseora ó 2019; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Leantach go bhfuil dhá chód iompair glactha ag MECS, agus go mbaineann ceann amháin acu leis an Maoirseoir agus go mbaineann an ceann eile le foireann MECS; á chur in iúl go dtuigeann sí, i gcásanna ina nglaofar ar an Ardrúnaí ionad an Mhaoirseora a ghabháil, go mbaineann cód iompair an Mhaoirseora leis an Ardrúnaí freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach raibh baint riamh ag MECS le haon imscrúduithe a rinne an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ó bunaíodh í;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as cúig fhiosrúchán a d’oscail an tOmbudsman in 2023 maidir le MECS, gur dúnadh ceithre cinn gan aon fhiosrúchán eile; ag tabhairt dá haire, maidir le fiosrúchán amháin, go raibh an cinneadh fós ar feitheamh agus go rabhthas ag súil leis in R4 2024; á iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le toradh an fhiosrúcháin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár chláraigh MECS go foirmiúil fós Clár Trédhearcachta an Aontais; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, ón Tuarascáil Leantach gur sheol MECS measúnú inmheánach ar bhearta trédhearcachta d’fhonn a bheith páirteach go foirmiúil sa Chlár Trédhearcachta, agus gur tharla cruinnithe taiscéalaíocha agus malartuithe idir MECS le rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta in 2023; á iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le toradh an chleachtaidh mheasúnaithe sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar MECS a bheith páirteach sa Chlár Trédhearcachta agus é a úsáid, lena n-áirítear chun cruinnithe le tríú páirtithe a nochtadh go réamhghníomhach, chun trédhearcacht i bhfeidhmeanna rialála agus comhairleacha MECS a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur bhunaigh MECS, in 2023, rialacha inmheánacha is infheidhme maidir le héisteacht daoine a bhféadfadh cinneadh críochnaitheach ó MECS arna ghlacadh in imscrúduithe agus fiosrúcháin féintionscnaimh difear a dhéanamh dóibh chun feidhmiú cuí a gceart bunúsach chun éisteacht a fháil in imeachtaí den sórt sin a áirithiú; ag moladh MECS as bileog fíricí nua ar Imscrúduithe MECS agus Beartas Imscrúdaithe nua MECS a fhoilsiú chomh maith lena áirithiú go gcuirfear rochtain phoiblí ar gach tuarascáil airgeadais, lena n-áirítear buiséid bhliantúla, tuarascálacha cuntasaíochta agus iniúchóireachta, ar fáil trí shuíomh gréasáin institiúide de chuid an Aontais agus trí bhealaí oifigiúla eile, de réir mar a ghlacann MECS ról ceannasach maidir le hullmhacht cibearshlándála institiúidí an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir, agus é ina dhíol sásaimh di, nár tuairiscíodh aon chásanna coinbhleachta leasa, sceithireachta nó calaoise in MECS in 2023; ag tabhairt dá haire go bhfuil creat curtha ar bun ag MECS chun coinbhleachtaí leasa a chosc ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus na foirne trí chóid iompair, trí mhúscailt feasachta agus trí dhearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann agus dearbhú maidir le rúndacht; ag tabhairt dá haire, chomh maith le tús eolais ar chreat eiticiúil MECS a bheith éigeantach le haghaidh gach ball foirne nua, go gcuirtear baill foirne nua ar an eolas maidir le straitéis frithchalaoise MECS freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha inmheánacha ag MECS maidir le sceithireacht, lena sainítear bealaí agus conairí sábháilte trínar féidir leis an bhfoireann ábhair imní a tharraingt anuas maidir le calaois, éilliú nó aon éagóir tromchúiseach eile gan dochar do rúndacht chéannacht an sceithire agus rúndacht na faisnéise a thuairiscítear; ag tabhairt dá haire, go dtí seo, nár tuairiscíodh cás sceithireachta riamh do MECS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tathant ar MECS aon agóid a nochtadh go poiblí mar gheall ar choinbhleachtaí leasa ina chinntí forfheidhmithe, lena n-áirithítear trédhearcacht iomlán sa mhaoirseacht rialála agus sa chinnteoireacht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir go raibh buiséad 2023 do threalamh agus tionscadail TF 9,5 % níos ísle i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire gur tharla an laghdú sin go príomha toisc nach raibh aon staidéir féidearthachta TF nua á gcoimisiúnú in 2023, i gcomparáid le 2022 i gcás inarbh ionann staidéir den sórt sin agus cuid mhór den bhuiséad TF; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean gnéithe costais eile de bheith réasúnta seasmhach idir an dá bhliain, lena n-áirítear seirbhísí ginearálta TF agus cothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Leantach agus ón gCeistneoir conclúidí an staidéir indéantachta TF a rinneadh in 2022, ina bhfuil bearnaí idir an méid ar féidir le huirlisí agus seirbhísí TF a sholáthraíonn an Coimisiún agus an Pharlaimint a thairiscint agus riachtanais shonracha MECS; ag tabhairt dá haire gur cheart aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin trí inniúlachtaí agus feidhmchláir inmheánacha a fhorbairt ar measadh go raibh gá le cúigear ball foirne TF ar a laghad agus le seachfhoinsiú páirteach ar MECS; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar shrianta buiséadacha, go raibh cur chun feidhme mholtaí an staidéir fós ar feitheamh; ag iarraidh ar MECS cur chuige céim ar chéim a bhreithniú trí thosú leis na moltaí agus na tionscadail sin a mbeadh níos lú acmhainní de dhíth orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag moladh an dul chun cinn atá déanta ag MECS in 2023 maidir lena sreafaí oibre agus a phróisis a dhigiteáil, le tabhairt isteach ARES, an síniú digiteach cáilithe (e-IDAS) agus ardán comhoibríoch (Nextcloud) chun doiciméid agus físchomhdháil a dhréachtú, chomh maith le nuashonruithe ar an uirlis (Website Evidence Collector) a dhéanann uathoibriú ar bhailiú próiseála sonraí pearsanta ar shuímh ghréasáin rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí, glacadh thimpeallacht inghlacthachta EU Send Web, seirbhís/cainéal chun faisnéis íogair neamhaicmithe a mhalartú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tuilleadh dul chun cinn déanta i dtreo seirbhísí nach féidir a sheachfhoinsiú a chur chun feidhme, amhail an fhoirm agus an sreabhadh oibre leictreonach chun fógraí sáraithe sonraí a bhainistiú; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, saincheisteanna a bhaineann le húsáid agus le cothabháil an chórais ríomhsholáthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an bhéim a leagann MECS ar a áirithiú go gcomhlíonann conraitheoirí seachtracha na caighdeáin mhorálta agus eiticiúla riachtanacha a bhfuiltear ag súil leo ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, go háirithe i bhfianaise an úsáid a bhain MECS roimhe seo as cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale, ar aghaidh de bheith ag oibriú sa Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á aithint go mbraitheann MECS go rathúil ar go leor de na córais riaracháin a úsáideann an Coimisiún, go háirithe i réimse na bpróiseas acmhainní daonna agus riarachán gnó, chomh maith le roinnt de sheirbhísí na Parlaiminte, lena n-áirítear soláthar ríomhairí glúine, bonneagar líonra agus físchomhdhála; á mholadh gur cuireadh i gcrích an tionscadal chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht na ríomhairí a sholáthraítear d’fhoireann MECS, i gcomhar leis an bParlaimint, d’fhonn an obair hibrideach a ghinearálú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag aithint an ról ceannais atá ag MECS maidir le hullmhacht cibearshlándála institiúidí an Aontais a fheabhsú, agus é ag obair go dlúth le comhlachtaí amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus moil chibearshlándála amhail CERT-EU; á áitiú go bhforbródh sé creat iniúchóireachta struchtúrtha le haghaidh rioscaí cibearshlándála laistigh de chomhlachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire gur lean MECS, in 2023, d’fheabhas a chur ar a ullmhacht chun sonraí pearsanta agus faisnéis íogair a chosaint ar chibirionsaithe i bhfianaise thimpeallacht bhagartha na cibearshlándála atá ag athrú go tapa; ag moladh MECS sa chomhthéacs sin as athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais agus a mhodheolaíochtaí slándála mar ullmhúchán do thionchar an Rialacháin Cibearshlándála (Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (OJ L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj).</FIELD></FOOTNOTE>); ag tabhairt dá haire ón gCeistneoir gur thug MECS isteach iarratas ar dhá choibhéis lánaimseartha bhreise chun bonneagar cibearshlándála a chumhdach i dtaca le hoibleagáidí MECS faoin Rialachán sin chomh maith le ról MECS mar chomhalta den Bhord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB); ag tabhairt dá haire, thairis sin, le buíochas go ndearna MECS a Bheartas Slándála Faisnéise agus Beartas Úsáide Inghlactha MECS a uasghrádú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha cibearshlándála i ndáil le teilea-oibriú, úsáid gléasanna soghluaiste pearsanta agus cosc ​​ar fheidhmchláir chontúirteacha (TikTok); ag tabhairt dá haire nár tháinig MECS ar aon chibirionsaí in 2023; á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú poiblí bliantúil ar bhagairtí braite, bearta freagartha, agus cibear-athléimneacht institiúideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag moladh MECS as oiliúint chibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta don fhoireann ar fad agus as an tsamhail oiliúna slándála a athchóiriú do bhaill foirne nua; á thuiscint go raibh MECS réamhghníomhach maidir le feasacht a ardú faoi rioscaí cibearshlándála, mar shampla trí bhileoga fíricí a ullmhú, suirbhéanna a dhéanamh le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus feachtais feasachta a reáchtáil; ag spreagadh MECS a áirithiú go bhfaigheann an fhoireann oiliúint éigeantach maidir le húsáid shábháilte agus eiticiúil uirlisí IS chun a dtuiscint a fheabhsú agus chun rioscaí féideartha a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, amhail in 2022, gurbh iad MECS agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí na tionóntaí aonair d’fhoirgneamh na Parlaiminte ina raibh siad lonnaithe, tar éis don Ombudsman bogadh ar aghaidh ag deireadh 2021 agus, trína n-áitreabh a thógáil ar cíos ón bParlaimint seachas ón margadh príobháideach, go bhfuil sé beartaithe ag MECS na costais chíosa agus chothabhála a choinneáil ar leibhéal réasúnta; ag tabhairt dá haire go raibh ar MECS EUR 81 856,84 breise a iarraidh chun costais chíosa a íoc leis an bParlaimint, i bhfianaise go raibh an ráta innéacsaithe 8,82 % agus mar sin níos airde ná an uasteorainn 2 % do chaiteachais riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire, maidir le hinrochtaineacht ar a fhoirgneamh, go mbraitheann MECS ar na cinntí arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag an bParlaimint, mar chuid dá mbeartas tógála; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Leantach go bhfostaíonn MECS baill foirne a bhfuil laigí fisiceacha orthu mar gheall ar bhreoiteacht thromchúiseach; á chur in iúl gur geal léi tiomantas MECS chun fiosrú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le hoiliúnaithe a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas a fhostú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár ghlac MECS páirt sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ach go bhfuil roinnt beart curtha chun feidhme aige chun a lorg comhshaoil a laghdú, mar shampla an teocht a rialáil go huathoibríoch agus go lárnach, soilse a mhúchadh go huathoibríoch nuair nach bhfuil aon ghluaiseacht sa seomra, táirgí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach agus na sreafaí oibre a uathoibriú le tabhairt isteach ARES; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Leantach, de réir na faisnéise a fuair Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht na Parlaiminte, atá freagrach as bainistiú an fhoirgnimh atá ar cíos ag MECS, go bhfuil painéil ghréine suiteáilte ar an bhfoirgneamh sin; ag iarraidh ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas chun tuairisc a thabhairt ar an sciar (%) den leictreachas a tháirgtear trí phainéil ghréine i riachtanais iomlána tomhaltais fuinnimh MECS in aghaidh na bliana; ag iarraidh, thairis sin, ar MECS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi aon fhorbairtí nua maidir le próiseas deimhniúcháin EMAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach ndearna MECS measúnú ar a lorg carbóin in 2023; á chur in iúl gur geal léi, áfach, go leanann MECS le bearta a chur i bhfeidhm a laghdóidh an lorg carbóin trí thaisteal an turais chuig an oifig a laghdú trí fhéidearthachtaí teilea-oibre, trí 50 % de shíntiúis mhíosúla/bhliantúla na foirne a aisíoc le haghaidh úsáid iompair phoiblí, ag spreagadh na foirne le bheith i bhfabhar físchomhdhála agus taisteal traenach ar feadh achair ghearra, ag bainistiú an timthrialla sonraisc go leictreonach agus ag baint amach nós imeachta roghnúcháin agus measúnaithe gan pháipéar maidir le hacmhainní daonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tathant ar MECS EMAS a ghlacadh chun faireachán córasach a dhéanamh ar a lorg comhshaoil ​​agus é a fheabhsú, go háirithe i dtéarmaí tomhaltais fuinnimh, laghdú dramhaíola, agus beartais oifige inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtugann MECS aghaidh ar rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht (amhail rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais) ar bhealach cuimsitheach trí chleachtadh measúnaithe riosca bliantúil; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin gur ghlac MECS a phróiseas bainistithe riosca nua in 2023, ar cheart dó cuidiú le MECS chun díriú ar na rioscaí sin agus anailís níos fearr a dhéanamh orthu agus dá bharr sin gníomhaíochtaí maolaithe a chalabrú níos fearr;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an coigilteas buiséadach agus riaracháin a bhain MECS amach trí chomhar idirinstitiúideach, go háirithe comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a thabhairt chun críche leis an bParlaimint maidir le cíos a háitreabh agus úsáid feidhmchlár córais TF, soláthairtí crua-earraí agus cothabháil agus leis an gCoimisiún maidir le próisis acmhainní daonna agus riaracháin gnó, agus trí rannpháirtíocht i gconarthaí creata idirinstitiúideacha móra i réimsí amhail sainchomhairleoireacht TF, seirbhísí eatramhacha agus soláthairtí oifige; ag moladh MECS, ina theannta sin, as comhar struchtúrtha a choinneáil leis an Ombudsman, leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha agus le CERT-EU trí mheamraim tuisceana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go nglacann MECS páirt i gcruinnithe de chuid comhlachtaí idirinstitiúideacha éagsúla; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin rannpháirtíocht MECS i gcruinnithe na gCeannairí Riaracháin agus an Choiste Idirinstitiúideach um Chumarsáid ar Líne, arna stiúradh ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Pharlaimint; á aithint sa chomhthéacs sin go bhfuil comhar idirinstitiúideach le MECS, ina ról maoirseachta, ríthábhachtach chun go bhfeabhsódh institiúidí eile an Aontais a leibhéal comhlíontachta leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann idir MECS, an Chúirt Iniúchóirí, OLAF, agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun prótacail choiteanna a fhorbairt chun calaois a bhrath i sonraí digiteacha agus in idirbhearta airgeadais laistigh d’institiúidí an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá atá le hiniúchtaí comhpháirteacha maidir le rioscaí calaoise atá bunaithe ar an intleacht shaorga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ról lárnach a bhí ag MECS in 2023 i gcomhordú Údaráis Cosanta Sonraí (DPAnna) na mBallstát chun cosaint chomhsheasmhach sonraí a chur chun cinn ar fud an Aontais; ag tabhairt dá haire gur ghlac MECS páirt, mar aon le 26 DPA, i ngníomhaíocht fhorfheidhmithe chomhordaithe maidir le ról agus cúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí (OCS), agus measúnú á dhéanamh ar a gcomhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1725; ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach MECS sa Choiste Maoirseachta Comhordaithe (CSC) laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna amhail láimhseáil gearán in aghaidh Europol agus feabhas a chur ar phróisis chomhair; á chur in iúl gur mór aici, thairis sin, na bearta eile ar fad a rinneadh chun comhar a fheabhsú idir MECS agus na DPAanna, amhail cigireacht Europol i gcomhpháirt leis na húdaráis náisiúnta (an Pholainn agus an Liotuáin) a dhéanamh agus rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht chomhordaithe mhaoirseachta maidir le próiseáil sonraí mionaoisigh i gcórais Europol, rannpháirtíocht i gcuairt oibríochtúil ar oifig an Ionchúisitheora Tharmligthe Eorpaigh i Liospóin faoi Shocrú Oibre le DPA na Portaingéile agus cigireacht ar an láthair in Lesvos le DPA na Gréige a chomhordú chun cleachtais bailithe sonraí a fhíorú le linn Oibríochtaí Comhpháirteacha ag Frontex; á aithint go gcuidíonn na caidrimh idirinstitiúideacha sin le MECS a ailíniú le dea-chleachtais institiúidí an Aontais agus leas a bhaint as an malartú faisnéise le ranna piaraí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad do ghníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus cur chun cinn in 2023 agus EUR 468 000, arbh ionann é agus méadú 54 % i gcomparáid le 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur eagraigh MECS roinnt imeachtaí cumarsáide ar líne agus go pearsanta in 2023, lena ndírítear ar fheasacht a mhúscailt ar ról agus ar mhisean MECS i measc an phobail i gcoitinne agus ar a thábhachtaí atá sé rialacha cosanta sonraí an Aontais a urramú, amhail an Lá Cosanta Sonraí, comhdháil na nOiliúnaithe MECS (dhá uair sa bhliain), Seimineár MECS ar bhunbhrí na gceart bunúsach ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí, agus ar imeachtaí idirnáisiúnta eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann MECS cumarsáid ar líne trína shuíomh gréasáin agus trína chuntais meán sóisialta ar X (Twitter roimhe seo) (29 400 leantóir), LinkedIn (71 000 leantóir), YouTube (2 900 leantóir), EU-Voice (5 900 leantóir) agus EU-Video (750 leantóir);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leanadh le treoirthionscadal na n-ardán EU Voice agus EU Video (líonraí meán sóisialta saor in aisce agus foinse oscailte, atá dírithe ar phríobháideacht agus bunaithe ar bhogearraí Mastodon agus PeerTube) in 2023; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, rannchuidiú MECS le straitéis an Aontais maidir le sonraí agus ceannasacht dhigiteach chun neamhspleáchas an Aontais sa domhan digiteach agus comhlíonadh an chreata dhlíthiúil um chosaint sonraí a chur chun cinn.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>