<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0086</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2023: Buiséad ginearálta an Aontais – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0069/2025 -  Rapóirtéir:Joachim Stanisław Brudziński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2024/2024(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/budget/2023/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (COM(2024)0272 – C10‑0072/2024)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5462, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5462/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí do 2023 agus dá tuarascáil bhliantúil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais do 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023, mar aon le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5882, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5882/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6041, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6041/oj.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2023, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59 agus 118 agus Airteagail 260 go 263 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI/ http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59 agus 118 agus Airteagail 266 go 269 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0069/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí don bhliain airgeadais 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tíolacadh a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2024/2024(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn X – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0069/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) freagrach as caiteachas riaracháin a Ceanncheathrú sa Bhruiséil a bhainistiú agus as líonra 144 thoscaireacht agus oifigí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndearnadh freagracht SEGS a leathnú chun bainistiú riaracháin fhoireann an Choimisiúin sna toscaireachtaí a chumhdach trí shraith Shocruithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLAnna);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb é ról na dtoscaireachtaí ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain trí líonraí agus comhpháirtíochtaí a thógáil, agus luachanna an Aontais a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil saintréithe SEGS fós, ina cineál agus ina tionscnamh, mar a bhí nuair a bunaíodh é, trí bhaill foirne de chuid iar-ranna caidrimh sheachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin a chumasc, inar comhtháthaíodh taidhleoirí ó na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, faoi Rialacha Inmheánacha SEGS, go ngníomhaíonn Ard-Rúnaí SEGS mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean don institiúid agus go bhfuil ról an phríomhoifigigh údarúcháin trí fhotharmligean ag an Ard-Stiúrthóir um bainistiú acmhainní;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘Leas-Uachtarán/Ardionadaí’) a fheidhmíonn na cumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne ar an Údarás Ceapacháin i leith fhoireann SEGS;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an bhuiséid faoi rialú ag an Rialachán Airgeadais agus ag na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme Bhuiséad SEGS;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad SEGS faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 12,3 billiún in 2023 (arbh ionann é agus 6,4 % de bhuiséad iomlán bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad SEGS, agus thart ar EUR 1,1 billiún, agus 9,2 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2023, sampla de 70 idirbheart faoi riarachán, breis agus 10 idirbheart a scrúdaíodh in 2022; ag tabhairt dá haire thairis sin go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna, lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é agus 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán in 2023, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise, agus go léiríonn a cuid oibre thar roinnt mhaith blianta, ar an iomlán, gur caiteachas ísealriosca atá ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh earráidí in 21 (30 %) de na 70 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, gur aimsigh an Chúirt, ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2023, earráid inchainníochtaithe i gceann de na 13 íocaíocht a scrúdaíodh agus gur ardaigh sí 6 fhionnachtain neamh-inchainníochtaithe maidir le SEGS; ag tabhairt dá haire gur bhain an earráid inchainníochtaithe le heaspa nós imeachta soláthair bailí sula ndearnadh conradh cíosa a shíniú do Thoscaireacht de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS bearta in 2023 chun aghaidh a thabhairt ar an dá earráid inchainníochtaithe a d’aimsigh an Chúirt ina tuarascáil bhliantúil 2022 agus go ndearna sé bearta chun na saincheisteanna sin a sheachaint amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh é buiséad deiridh SEGS do 2023 EUR 821 900 280, a léiríonn méadú 4,45% i gcomparáid le 2022; ag tabhairt dá haire gur dhiúscair SEGS méid EUR 259,7 milliún freisin (lena n-áirítear ioncaim shannta agus méideanna a tugadh anonn) ón gCoimisiún chun costais riaracháin a ball foirne atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais a chumhdach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuair SEGS ranníocaíochtaí breise de mhéid seasta chun costais choiteanna fhoireann an Chiste Eorpaigh Forbraíochta sna toscaireachtaí agus i gcomhshuíonna a chumhdach, chomh maith le méideanna eile a fuarthas faoi chomhshuí agus faoi chomhaontuithe eile; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, gurbh ionann an méid buiséadach iomlán a bhainistigh SEGS in 2023 agus EUR 1 198,2 milliún (leithreasuithe faoi chomhair gealltanas), arbh ionann é agus méadú 4,8 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gurbh ionann ráta cur chun feidhme buiséadach na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 100 %, ach gurbh ionann ráta cur chun feidhme na n-íocaíochtaí agus 91,9 % i gcomparáid le 90,6 % in 2022; ag tabhairt dá haire gurbh é 13,57 lá an meán-am le haghaidh íocaíochta ach ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur íocadh 8.63 % den mhéid iomlán go déanach, rud a d’fhág gur íocadh EUR 50 253,91 in íocaíochtaí úis déanacha in 2023; ag tathant ar SEGS a ghealltanais a íoc in am; ag tathant ar SEGS leanúint dá iarrachtaí feabhas a chur ar líon na n-íocaíochtaí leictreonacha agus ar dhigitiú na sreafaí oibre, go háirithe sna toscaireachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir SEGS an t-údarás buiséadach ar an eolas faoi dhá aistriú bhuiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 29(1) den Rialachán Airgeadais agus go ndearna sé 11 aistriú uathrialacha i gcomhréir le hAirteagal 29(4), ar luach foriomlán EUR 55,7 milliún; ag tabhairt dá haire gurbh é príomhchuspóir na n-aistrithe méadú EUR 18,97 milliún a dhéanamh ar líne bhuiséid 3003 maidir le foirgnimh agus costais chomhlachaithe sna toscaireachtaí agus méadú EUR 5,6 milliún a dhéanamh ar línte buiséid 3001 maidir le Foireann Sheachtrach agus seirbhísí seachtracha sna toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire, de bhreis ar na haistrithe, gurbh ionann an buiséad deiridh do cheanncheathrú SEGS agus EUR 327,8 milliún agus gurbh ionann an buiséad deiridh do thoscaireachtaí agus EUR 494,1 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, go raibh dúshláin pholaitiúla agus airgeadais atá ag dul i méid roimh SEGS, chomh maith le dúshláin i ndáil le Cearta an Duine agus an Smacht Reachta; ag tabhairt dá haire go raibh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a iarmhairtí geopholaitiúla fós ina bpríomh-shaincheist in 2023, agus mar thoradh air sin, gur áirithigh SEGS tacaíocht leathan a thabhairt don Úcráin, gur chuir sé brú ar an Rúis agus gur lean sé dá fhor-rochtain dhomhanda chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí níos leithne an chogaidh, lena n-áirítear cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le hiarmhairtí geopholaitiúla fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag aithint ról SEGS maidir le fianaise a bhailiú i gcoinne eagraíochtaí agus daoine aonair a fhaigheann tacaíocht ó stát na Rúise, atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais agus a bhfuil baint acu le bréagaisnéis a scaipeadh agus faisnéis a ionramháil chun údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise; á chur i bhfios go láidir gur gá acmhainní leormhaithe a sholáthar do rannán na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta de SEGS chun feachtais bhréagaisnéise a úsáideann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha mar uirlisí straitéiseacha a chomhrac go héifeachtach; á iarraidh ar SEGS toscaireachtaí an Aontais i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú chun tacú leis na tíortha sin atá thíos go mór le fogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur méadaíodh uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána arna bainistiú faoi údarás an an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí ó EUR 5,6 milliún go dtí níos mó ná EUR 12 mhilliún in 2023; á iarraidh ar SEGS comhoibriú le AS ENEST chun formhaoirseacht agus faireachán éifeachtach ar na tionscadail arna gcistiú ag an tSaoráid a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur chuir an choinbhleacht atá tagtha chun cinn arís idir Iosrael agus an Phalaistín tar éis ionsaí Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 de cheangal ar SEGS dul i mbun dianiarrachtaí taidhleoireachta, institiúidí an Aontais a spreagadh chun díghéarú réigiúnach a ghríosú, freagairt ar riachtanais dhaonnúla agus tacú le hiarrachtaí síochána réigiúnacha; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cúnamh an Aontais agus cúnamh SEGS a bheith ailínithe le cuspóirí níos leithne maidir le cearta an duine agus síocháin sa réigiún, agus coimircí láidre a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú nach dtacófar, go díreach nó go hindíreach, le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta nó foréigneacha leis na cistí; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart cistiú an Aontais chun Gaza a atógáil a chur ar fáil go dtí go scaoilfear saor na gialla uile a thóg Hamas; ag cur béim ar a thábhachtaí atá trédhearcacht i dtaobh acmhainní airgeadais a leithdháileadh i dtríú tíortha chun cuntasacht a áirithiú in úsáid bhuiséad an Aontais agus na n-ionstraimí airgeadais nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>	ag tathant ar SEGS oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh aiseag iomlán Thaiscí Náisiúnta na Rómáine, mar aon le hoidhreacht náisiúnta na mBallstáit eile, ar an gclár oibre d’aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le Cónaidhm na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú go ndearnadh líomhaintí maidir le rannpháirtíocht fhostaithe UNRWA in Gaza sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas i gcoinne Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023; ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar na líomhaintí sin, go ndearna UNRWA fostaíocht naonúr ball foirne a fhoirceannadh go foirmiúil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an Coimisiún ag obair le UNRWA chun córais rialaithe a fheabhsú, i gcomhréir le moltaí ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Sheirbhísí Formhaoirseachta Inmheánaí (OIOS), lena n-áirítear scagadh foirne agus creataí inmheánacha imscrúdaitheacha agus eiticiúla a neartú; á chur i bhfáth, tar éis na n-imní a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl arís agus arís eile maidir le mí-úsáid chistiú an Aontais, nár cheart, in imthosca ar bith, go mbeadh aon chabhair ón Aontas ag maoiniú na sceimhlitheoireachta; ag tathant go leanfaí den fhorairdeall maidir lena áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as airgead an cháiníocóra; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rialuithe chun comhlíonadh rialacha an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta ag tairbhithe chistí an Aontais a áirithiú, chomh maith leis an ngá atá le bearta feabhsaithe chun mí-úsáid thacaíocht airgeadais an Aontais a chosc; ag moladh do SEGS iarrachtaí a neartú chun cistiú an Aontais a chosaint, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngarspriocanna a leagtar amach sa chomhaontú idir an Coimisinéir Várhelyi agus Ard-Choimisinéir UNRWA Lazzarini i mí Aibreáin 2024, lena n-áirítear forálacha maidir le hiniúchtaí an Aontais a dhéanamh agus formhaoirseacht inmheánach a neartú in UNRWA; á chur i bhfios go láidir gur gá d’Údarás na Palaistíne na hábhair oideachais uile a ailíniú le caighdeáin UNESCO, go háirithe trí aon ábhar frith-Sheimíteach nó ábhar lena ngríosaítear foréigean a bhaint; á chur i bhfáth gur cheart tacaíocht airgeadais an Aontais d’Údarás na Palaistíne i réimse an oideachais a chur ar fáil ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sin; ag moladh do SEGS tacú le hiarrachtaí taidhleoireachta chun teacht ar réiteach cuimsitheach agus inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi aon fhorbairtí i gcomhar an Aontais le hÚdarás na Palaistíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le haghaidh 2023, gur thuairiscigh SEGS srianta buiséadacha suntasacha, as ar eascair ciorruithe móra agus barrfheabhsú buiséid chun déileáil leis an mboilsciú i dtríú tíortha, luaineachtaí in airgeadraí áitiúla, méadú ar phraghsanna, go háirithe an costas a bhaineann le spás oifige a fháil ar cíos, TF, praghsanna slándála agus fuinnimh, rud a d'fhág go raibh SEGS neamhchosanta ar chostais oibriúcháin i bhfad níos airde i dtíortha eachtracha, rud a rinne difear dá chumas feidhmiú go héifeachtach agus a dhualgas cúraim a chomhlíonadh i leith na foirne arna postú sna toscaireachtaí; á chur in iúl gur oth léi, mar thoradh ar an mbrú buiséadach, gur chuir SEGS cothabháil bonneagair siar, gur chuir sé caiteachas slándála sna toscaireachtaí ar neamhní nó ar ceal agus go ndearna sé laghdú ar phoist bhuiséid, amhail ciorruithe ar an mbuiséad misean agus ionadaíochta, ar sholáthairtí oifige agus ar chúrsaí oiliúna; á chur in iúl gur saoth léi, ar chúiseanna buiséadacha, go raibh ar SEGS tosaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht na foirne i misin bhreathnóireachta toghcháin thar chineálacha eile misean, amhail misin leantacha; ag cur béim ar an ngá atá le seirbhís taidhleoireachta an Aontais a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur sheol SEGS, ag ceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí araon, 28 nós imeachta oscailte soláthair phoiblí, 27 nós imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíochtaí, 14 nós imeachta idirbheartaíochta gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, 6 nós imeachta shrianta agus 2 nós imeachta idirbheartaíochta le haghaidh conarthaí oibreacha meánluacha, ar éirigh leo agus a raibh dámhachtain conartha mar thoradh orthu i 52 % de na cásanna ar an meán; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ardchaighdeáin agus castacht rialacha soláthair an Aontais a bheith ar cheann de na cúiseanna leis an líon réasúnta ard nósanna imeachta soláthair ar theip orthu, ós rud é go bhféadfadh cur i bhfeidhm na rialacha sin a bheith dúshlánach do thairgeoirí, go háirithe i dtríú tíortha; á iarraidh ar SEGS imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an líon réasúnta ard nósanna imeachta soláthair ar theip orthu agus réitigh a mholadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad agus na caighdeáin arna leagan síos ag an Aontas á gcoinneáil ag an am céanna; á chur in iúl gur oth léi, i gcás gníomhaíochtaí seachtracha, go ndearnadh rialacha soláthair a shimpliú san athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm ag rialacha soláthair a áirithiú go gcomhlíonann tionscadail chistithe ardchaighdeáin agus nach bhfuil baol calaoise ag baint leo; á iarraidh ar SEGS a dhícheall a dhéanamh i gcónaí an leibhéal grinnscrúdaithe is airde is féidir a bhaint amach in aon phróiseas tairisceana; á chreidiúint nár cheart go mbeadh easpa eolais i dtríú tíortha ar ardchaighdeáin rialacha soláthair an Aontais ina chúinse ná ina leithscéal riamh chun caighdeáin a ísliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann líon na gcomhshuíonna leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile de chuid an Aontais i dtoscaireachtaí an Aontais agus 138 ag deireadh 2023, 12 níos mó ná in 2022; ag tabhairt dá haire, as líon iomlán na gcomhshuíonna in 2023, gur tugadh 42 chomhshuí i gcrích leis na Ballstáit agus leis na Tíortha Comhpháirtíochta, gur tugadh 91 chomhshuí i gcrích le comhpháirtithe eile de chuid an Aontais agus gur comhshuíonna droim ar ais a bhí i gcúig cinn díobh; ag tabhairt dá haire, in 2023, gurbh ionann comhshuíonna agus 8 % d’achar iomlán na n-oifigí i dtoscaireachtaí an Aontais agus go raibh níos mó ná leath de thoscaireachtaí an Aontais rannpháirteach iontu (75), rud a d’fhéadfaí a mheas mar shampla de bharrfheabhsú rathúil bhainistiú foirgneamh SEGS, ach mar tháscaire freisin ar spéis mhéadaithe na gcomhpháirtithe maidir le háitreabh a chomhroinnt i dtríú tíortha agus ar ábharthacht comhshuíonna i ngnóthaí taidhleoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad do mhisin agus EUR 18 948 650 in 2023, arb ionann é agus méadú teoranta 1,46 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, arbh é ab aidhm dó an méadú ar chostais mar gheall ar bhoilsciú a chúiteamh, ach nár leor é i gcomparáid leis an ardú iarbhír ar chostais taistil in 2023; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil líne bhuiséid ar leith ag SEGS do mhisin agus taisteal don Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus go ndéantar na costais misean agus taistil don Leas-Uachtarán/Ardionadaía chomhroinnt idir SEGS agus an Coimisiún ag brath ar chuspóir an mhisin; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, le haghaidh 2023, go raibh costais EUR 2 995.14 ag SEGS maidir le 6 mhisean don Leas-Uachtarán/Ardionadaíagus costais aerthacsaithe EUR 288 145 aige, arb ionann iad agus laghdú 51 % i gcomparáid le 2022 nuair a bhí costais aerthacsaithe cothrom le EUR 588 103; á chur i bhfios go láidir gur cheart do cheannairí institiúidí an Aontais a bheith ina n-eiseamláirí don phobal agus do shaoránaigh, go háirithe agus acmhainní an Aontais á n-úsáid acu i gcomhlíonadh a ndualgas; á chur i bhfáth gur cheart na roghanna eitilte a roghnú bunaithe ar chritéir maidir le bainistiú fónta airgeadais, ar choinníoll go bhfuil na roghanna malartacha sin ar fáil agus i gcomhréir le clár oibre agus suíomh na gcruinnithe; á chur i bhfáth, maidir le cistí poiblí an Aontais a úsáid, nach mór trédhearcacht agus bainistiú fónta airgeadais a bheith ina gcroíphrionsabal i gcónaí d’institiúidí uile an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag ciorruithe ar chur chun feidhme na n-ionstraimí gnóthaí seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda (NDICI - an Eoraip Dhomhanda) agus Global Gateway; á chur i bhfios go láidir gur gá acmhainní leormhaithe a sholáthar do rannán na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta de SEGS chun leanúint d’fheachtais bhréagaisnéise a úsáideann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha mar uirlisí straitéiseacha a chomhrac go héifeachtach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra maidir le cruthú an Tascfhórsa um an gCumarsáid Straitéiseach agus um an Ionramháil Faisnéise a Chomhrac in AS COMM an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á áitiú go méadófaí an buiséad do ghníomhaíochtaí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) agus d’ionstraimí iomchuí eile síochána, coinbhleachta agus freagartha ar ghéarchéimeanna, chomh maith le prótacail TF agus slándála, chun gníomhaíochtaí agus cumais an Aontais a mheaitseáil go hiomlán leis na dúshláin agus na coinbhleachtaí reatha ar fud an domhain;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, tar éis atheagrú inmheánach, gur chruthaigh SEGS Seirbhís nua um Rialachas Corparáideach i mí Dheireadh Fómhair 2023, ina raibh trí rannán atá i gceannas ar chigireachtaí, iniúchadh inmheánach agus pleanáil, tuairisciú agus comhlíonadh, chun cur ar chumas SEGS cuntasacht, bainistiú agus faireachán níos fearr ar ghníomhaíochtaí a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Bord um Rialachas Corparáideach freisin chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le saincheisteanna bainistíochta corparáidí in SEGS; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chruthaigh SEGS an Stiúrthóireacht um Bainistiú Síochána, Slándála agus Cosanta (MD PSD), an Stiúrthóireacht um Shíocháin, um Chomhpháirtíocht agus Bainistiú Géarchéime agus dhá Rannán nua atá tiomnaithe do ‘Bagairtí Hibrideacha agus Cibearshlándáil’ agus ‘Slándáil Mhuirí’ chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’obair an Aontais i gcúrsaí slándála agus cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Rialachas Corparáideach seiceáil oiriúnachta ar phróisis agus beartais rialachais in 2023; á chur in iúl gur geal léi, mar chuid den phróiseas sin, go ndearna SEGS cairt an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta a nuashonrú, go ndearna sé athbhreithniú ar a chreat rialaithe inmheánaigh, ar a phlean bainistithe bhliantúil agus ar a chreat bainistithe riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le Plean Iniúchóireachta SEGS do 2023, gur tugadh trí iniúchadh chun críche in 2023, eadhon iniúchadh ar bhainistiú na clárlainne maidir le heisceachtaí agus neamhchomhlíonadh agus dhá iniúchadh ar bhainistiú thuarastail na ngníomhairí áitiúla agus ar earcú agus bainistiú gníomhairí áitiúla agus foirne áitiúla coibhéiseacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina chúis mhór bhuartha di, mar gheall ar athstruchtúrú eagraíochtúil agus láimhdeachas comhfhreagrach foirne san fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, nárbh fhéidir iniúchadh beartaithe ar shlándáil a sheoladh in 2023 agus go ndéanfar athmheasúnú ar an iniúchadh sin faoi chuimsiú ullmhú an phlean iniúchóireachta inmheánaí straitéiseach ilbhliantúil do 2025-2027; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh go dícheallach agus go rialta; á chur in iúl gur oth léi go mór go raibh 4 mholadh iniúchóireachta chriticiúla agus 49 moladh iniúchóireachta an-tábhachtach a bhain le hiniúchtaí críochnaitheacha fós oscailte in 2023; á iarraidh go gcuirfí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme na moltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i mí na Nollag 2023, gur ghlac an Chúirt a tuarascáil chríochnaitheach tar éis a hiniúchta ar ról comhordúcháin SEGS, arbh é a raon feidhme a mheas an raibh an comhordú, go háirithe maidir le bainistiú faisnéise, soláthar foirne agus tuairisciú, go hinmheánach agus leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle araon, éifeachtach; ag tabhairt dá haire, in 2023, go raibh cuid de na moltaí iniúchóireachta cumhdaithe cheana féin ag tionscnaimh leanúnacha, amhail litreacha misin a sheoladh chuig na hAmbasadóirí nuacheaptha sula ndeachaigh siad i mbun dualgais agus na hiarrachtaí atá déanta ag SEGS ó 2019 i leith chun a Straitéis um Bainistiú Faisnéise a chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS na moltaí ón tuarascáil ón gCúirt a chur chun feidhme ina n-iomláine chun aghaidh a thabhairt ar laigí a sainaithníodh i mbainistiú faisnéise, laistigh de cheanncheathrú SEGS agus toscaireachtaí an Aontais i dtíortha nach de chuid an Aontais iad, agus laistigh d’oifig phríobháideach an Leas-Uachtaráin/an Ardionadaí araon; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoin obair leantach ar mholtaí na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na 26 chigireacht a rinneadh sna toscaireachtaí in 2023, gur sainaithníodh gurb iad slándáil, foirgnimh agus an t-ualach riaracháin na príomhdhúshláin atá roimh na toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta bainistithe riosca slándála curtha i bhfeidhm ag SEGS sna toscaireachtaí bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtais; ag tabhairt dá haire gur leag seirbhís cigireachta SEGS cúig mholadh chriticiúla amach in 2023, agus gur bhain siad uile le bainistiú trí thoscaireacht; ag tabhairt dá haire, i ngach cás, gur tugadh aghaidh ar na moltaí trí mhaoirseacht agus tacaíocht mhéadaithe ó cheanncheathrú SEGS; á chur in iúl gur geal léi an bosca uirlisí a d’fhorbair SEGS chun freagairt ar chásanna bainistithe inmheánaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic trí Thoscaireacht de chuid an Aontais (Poblacht na hAfraice Láir, Siarra Leon, agus an tSiria) forchoimeádais ina Ráiteas Dearbhaithe in 2023, maidir le línte buiséid oibríochtúla arna mbainistiú ag an gCoimisiún go príomha; á thabhairt chun suntais nach raibh tionchar suntasach airgeadais ag na forchoimeádais sin ar an mbuiséad riaracháin faoi fhreagracht SEGS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún comhoibriú go dlúth le hoifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Washington DC agus le toscaireacht an Aontais sna Stáit Aontaithe chun tionscnaimh a shainaithint, a chistiú agus a chur chun feidhme, ar tionscnaimh iad arb é is aidhm dóibh an caidreamh trasatlantach a neartú, lena n-áirítear cláir mhalartaithe do ghairmithe atá ag obair in institiúidí poiblí san Aontas agus sna Stáit Aontaithe araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais dlús a chur leis an bhfaireachán ar staid an daonlathais i dtíortha éagsúla agus feabhas a chur ar thacaíocht lóistíochta agus theicneolaíoch do chosantóirí chearta an duine agus do dhaoine dúchasacha, go háirithe do mhná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun ár dtacaíocht do chearta an duine, don daonlathas agus don fhorbairt i dtríú tíortha a neartú tuilleadh trí NDICI - an Eoraip Dhomhanda, ós rud é gur domhan níos sábháilte é domhan na ndaonlathas; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní do Thaidhleoireacht Dhigiteach an Aontais a mhéadú tuilleadh i bhfianaise chomhthéacs reatha an dul chun cinn mhear sa teicneolaíocht agus na hiomaíochta geopholaitiúla; á áitiú gur cheart ‘taidhleoireacht ghlas’ agus an t-aistriú glas, mar cheann de thosaíochtaí an Aontais, a fheabhsú i dtreo tríú tíortha trí Ghníomhaíocht Sheachtrach an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá go mbeadh ról lárnach ag SEGS maidir leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa Mheánoirthear, go ndéanfadh sé cistiú a mhéadú chun cabhair dhaonnúil a áirithiú sa Liobáin, in Gaza agus sa tSiria, agus go ndéanfadh sé faireachán ar chearta an duine a neartú; ag cur béim ar thacaíocht airgeadais do thoscaireachtaí SEGS atá imscartha sa Mheánoirthear, i dtíortha na Murascaille agus san Afraic chun a áirithiú gur féidir leo leanúint de Ghníomhaíocht Sheachtrach an Aontais a chur chun feidhme sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur aimsíodh i dTuarascáil Speisialta 14/2023 ón gCúirt easnaimh sna modheolaíochtaí a d’úsáid an Coimisiún agus SEGS chun cistiú a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta agus i mbunú an chreata faireacháin agus gur moladh don Choimisiún agus do SEGS feabhas a chur go háirithe ar an modheolaíocht chun cistiú a leithdháileadh agus ar an measúnú ar thionchar thacaíocht an Aontais, raon feidhme an phróisis clársceidealaithe a shoiléiriú agus na táscairí sna cláir ilbhliantúla tháscacha a shimpliú agus a úsáid go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh chéad Ionadaí Speisialta AE do réigiún na Murascaille;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais, leis na heachtraí a tharla le déanaí, go háirithe mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin agus a hiarrachtaí naimhdeacha tionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha san Eoraip, chomh maith le héagobhsaíocht mhéadaitheach sa Mheánoirthear, go bhfuil beartas eachtrach an Aontais agus a chur chun feidhme tugtha chun tosaigh mar ábhair imní i measc na mBallstát agus na n-institiúidí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag SEGS agus ag a thoscaireachtaí maidir le beartas seachtrach an Aontais a sheoladh agus le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá SEGS do chaidreamh an Aontais leis na 25 go 30 milliún saoránach den Aontas atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas; á aithint go ndearnadh difear díréireach do bhuiséad SEGS, a bhí tearcmhaoinithe ó thaobh struchtúir de cheana féin, i gcomparáid le hinstitiúidí eile an Aontais mar gheall ar na rátaí boilscithe níos airde agus an ghéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin a d’eascair as cogadh foghach na Rúise san Úcráin, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarmhairtí diúltacha sin do SEGS agus d’fheidhmíocht institiúidí an Aontais agus an easpa gníomhaíochta chun an staid bhuiséadach reatha a cheartú a d’fhéadfadh tionchar mór a imirt ar chaidreamh an Aontais le tríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht dhaingean a thugtar don Úcráin, lena n-áirítear trí Mhisean Comhairleach sibhialtach an Aontais (EUAM Ukraine) agus trí oiliúint a chur ar shaighdiúirí na hÚcráine faoi Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais (EUMAM);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas cistiú a mhéadú chun an líne bhuiséid thiomnaithe a threisiú laistigh de ghníomhaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais go sonrach don chomhionannas inscne agus don chlár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS), chun maoiniú comhsheasmhach a áirithiú do thionscnaimh lena gcuirtear ceannaireacht inscne-fhreagrúil chun cinn, lena gcosnaítear cearta na mban, agus lena ndéantar foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe (SGBV) a chomhrac i suíomhanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; á chur i bhfáth go bhfuil cistiú den sórt sin ríthábhachtach chun tacú le heagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta, chun tacaíocht atá dírithe ar mharthanóirí a chur ar fáil, agus chun gnéithe na hinscne a chomhtháthú in iarrachtaí taidhleoireachta agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth go leagtar síos i bPlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne (GAP III) nach mór do 85 % de ghníomhaíochtaí nua an Aontais rannchuidiú le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus na gcailíní; á iarraidh ar SEGS dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo spriocanna GAP III trí dhíriú go fóinteach ina chuid oibre laethúil ar phríomhréimsí rannpháirtíochta GAP III, lena n-áirítear deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe, sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, cearta eacnamaíocha agus sóisialta agus cumhachtú, rannpháirtíocht chomhionann agus ceannaireacht a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go rachaidh GAP III in éag in 2027 agus ag tathant ar SEGS, chun na críche sin, GAP IV níos uaillmhianaí a fhorbairt lena n-áiritheofar nasc níos láidre idir cearta agus cumhachtú na mban agus beartas eachtrach agus slándála an Aontais, a bheidh réidh lena chur chun feidhme ó 2028 ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil staid na leanaí ar domhan an-leochaileach, go háirithe le linn coinbhleachtaí armtha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na mílte leanaí a ndearna coinbhleachtaí armtha ar fud an domhain difear dóibh agus a d’fhulaing mí-úsáid fhuathasach agus sáruithe ar a gcearta is bunúsaí in 2023; á iarraidh ar SEGS cearta an linbh a chur i gcroílár a n-iarrachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil staid uafásach chearta na mban agus chearta LADTIA+ in anchaoi in go leor áiteanna ar domhan; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá leis na cearta sin a chosaint ar bhealach níos fearr; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag SEGS maidir le cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh ar SEGS feabhas a chur ar a n-iarrachtaí ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheas gur ionstraim phraiticiúil agus éifeachtach beartais eachtraigh iad na misin breathnóireachta toghcháin, atá fós lárnach do bheartais agus do straitéisí an Aontais maidir le tacaíocht don daonlathas; á iarraidh ar an Aontas acmhainní leormhaithe a áirithiú do mhisin breathnóireachta toghcháin an Aontais, d’fhonn iad a leathnú chuig toghcháin i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha comharsanacha freisin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, go raibh ráta fostaíochta an phlean bunaíochta ag 96,7 %; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh a bhí 2 812 bhall foirne ar an iomlán, lenar cuimsíodh 1 245 oifigeach, 450 gníomhaire shealadacha, 603 ghníomhaire ar conradh agus 514 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNInna) á bhfostú ag SEGS; ag tabhairt dá haire, as líon iomlán na n-oifigeach agus na ngníomhairí sealadacha a bhí fostaithe ag SEGS, ina cheanncheathrú nó sna toscaireachtaí, go raibh 62,5 % díobh comhdhéanta de riarthóirí, 32,8 % díobh comhdhéanta de chúntóirí agus 4,8 % díobh comhdhéanta de rúnaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 5 252 dhuine san iomlán ag obair in SEGS ag deireadh 2023, fostaithe go díreach ag SEGS nó trí chonraitheoirí seachtracha, as a raibh 46,2 % ag obair i gceanncheathrú SEGS agus 53,8 % sna toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire, as líon iomlán na ndaoine a bhí ag obair in SEGS, gur baill foirne neamhreachtúla nó conraitheoirí seachtracha a bhí i 46,5 % díobh; ag tabhairt dá haire go soláthraíonn an líon is mó foirne seachtraí, atá fostaithe ag conraitheoir seachtrach ach atá ag obair in áitreabh SEGS, seirbhísí i réimsí na teicneolaíochta faisnéise, na slándála, na sábháilteachta agus an chúraim leighis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS 36 choibhéis lánaimseartha ón údarás buiséadach in 2023, lena n-áirítear 31 ghníomhaire ar conradh agus cúig SNI ar chostais chomhroinnte; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh na hacmhainní breise ar fheidhmeanna bainistithe géarchéime, ar chur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh agus ar thosaíochtaí eile SEGS; ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS, ag deireadh 2023, 20 SNI bhreise saor ó chostas do na struchtúir Chumas Míleata Pleanála agus Seolta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2023, gurbh ionann foireann reachtúil SEGS agus 52,7 % fir agus 47,3 % mná, rud a léiríonn méadú beag ar ionadaíocht na mban i gcomparáid le 2022, nuair ba mhná iad 46.8 % den fhoireann; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn measartha beag maidir le cothromaíocht inscne sa bhainistíocht shinsearach, inar mhéadaigh ionadaíocht na mban ó 6,3 % in 2022 go 7,6 % in 2023, agus sa mheánbhainistíocht, inar mhéadaigh sí ó 30,1 % in 2022 go 30,4 % in 2023; á iarraidh ar SEGS dlús a chur leis na hiarrachtaí chun cothromaíocht inscne níos suntasaí agus níos infheicthe a bhaint amach ar gach leibhéal den eagraíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh Leas-Uachtarán/an Ardionadaíagus an Coimisiún an tuarascáil mheántéarma maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hInscne (GAP III) ag deireadh 2023, chomh maith leis an gcinneadh síneadh a chur leis an spriocdháta go dtí 2027 chun é a ailíniú leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI); á aithint a thábhachtaí atá GAP III maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn mar thosaíocht straitéiseach i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus maidir lena ról sa réimse sin a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh foireann an Ambasadóra um Inscne agus Éagsúlacht an chéad oiliúint feidhmiúcháin ar Cheannaireacht Inscne-Fhreagrúil (GRL) do bhainisteoirí sinsearacha ag deireadh 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad tuarascáil ó SEGS maidir le gníomhaíochtaí FIMI atá dírithe ar dhaoine LADTIA+, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an tuiscint ar na teaicticí a úsáidtear in FIMI agus comhar a chothú, lena n-áirítear le ENISA, chun an pobal LADTIA+ a chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di stádas domhanda chearta LADTIA+ agus an méadú atá ag teacht ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh comhionannas inscne, chearta na mban, agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe i dtíortha i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS aghaidh a thabhairt ar na céimeanna ar gcúl sin agus tús áite a thabhairt do thacaíocht spriocdhírithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thacaíonn leis na cearta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa chinneadh uaithi a glacadh i mí Iúil 2023, gur shoiléirigh an Leas-Uachtarán/ an tArdionadaígurbh é 8 mbliana uasfhad fhostú na foirne sealadaí agus na foirne ar conradh ag SEGS i dtréimhse thagartha 13 bliana nó, in imthosca eisceachtúla agus ar mhaithe leis an tseirbhís, 10 mbliana i dtréimhse thagartha 15 bliana agus gurbh é 2 bhliain ó fhoirceannadh a gconartha deiridh an t-achar íosta ama idir fostaíochtaí comhleanúnacha do ghníomhairí sealadacha ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2023, as 1695 bhall foirne, idir oifigigh agus gníomhairí sealadacha, gurbh fhir iad 863 (51 %) díobh agus gur mhná iad 832 (49 %) díobh, arb ionann é agus méadú beag ó 2022; ag tabhairt dá haire gur mhná iad 57,4 % de na gníomhairí ar conradh, ar méadú beag é ó 2022; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha, sa cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí araon, agus go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh orthu i bpoist AST den chuid is mó; á iarraidh ar SEGS miondealú inscne agus náisiúntachta ar phoist mheánbhainistíochta agus ar phoist bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú; á iarraidh ar SEGS aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi, mar gheall ar an gcleachtas rothlaithe post de 2023, gur cuireadh 42 phost bainistíochta ar fáil sna toscaireachtaí agus gur tháinig méadú 12 % ar líon na nAmbasadóirí ban, de bhrí gur mhná iad 35,50 % díobh in 2023 (suas ó 31,70 %), ach tá siad fós faoi ghannionadaíocht mar sin féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt faoi deara, cé go bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit uile ar fhoireann SEGS, go bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha fós ann agus gurb í an Bheilg an Ballstát is mó a bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh air, arb ionann é agus 12,1 % den fhoireann iomlán atá fostaithe ag SEGS; á chur i bhfios go bhfuil míchothromaíocht shuntasach gheografach ann freisin idir Ballstáit an Iarthair agus Ballstáit an Oirthir; ag tabhairt dá haire freisin, i measc bainisteoirí, gurb í an Iodáil an Ballstát is mó a bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh air, agus go bhfuil 15 % de na poist bhainistíochta uile ag Iodálaigh; ag tabhairt dá haire, as 141 Ambasadóir de chuid an Aontais, nach bhfuil aon phoist Ambasadóra fós ag trí Bhallstát (an Ungáir, Lucsamburg agus Málta), agus is iad na Ballstáit is mó a bhfuil Ambasadóirí acu ná an Fhrainc le 22, an Spáinn agus an Iodáil le 16, an Ghearmáin le 12 agus an Bheilg le 10, rud a fhágann go bhfuil 54 % de na poist Ambasadóra uile ag na cúig thír sin; ag athdhearbhú go láidir a hiarrata ar SEGS leanúint de chothromaíocht fhónta gheografach a áirithiú ar fud na heagraíochta agus ar gach leibhéal; á athdhearbhú freisin gur cúis bhuartha di cothromaíocht inscne; ag tabhairt dá haire go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha go sonrach, agus go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh orthu i bpoist AST go háirithe; á iarraidh ar SEGS miondealú inscne agus náisiúntachta ar phoist mheánbhainistíochta agus ar phoist bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú; á iarraidh ar SEGS aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraíodh mórchleachtadh uainíochta de 52 phost bainistíochta sna toscaireachtaí in 2023; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí arna ndéanamh ag SEGS chun feasacht na mBallstát a mhéadú maidir leis an ngá atá le raon leathan iarrthóirí a mhealladh chuig na poist fhoilsithe agus chun iarrthóirí cáilithe a mholadh do phoist Ambasadóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac SEGS, in 2023, a Chlár Oibre don Éagsúlacht agus don Cuimsiú 2023-2025, ar plean gníomhaíochta mionsonraithe é chun timpeallacht oibre shábháilte urramach agus cur chuige neamhfhulaingthe i leith an chiaptha a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go ndeachthas i gcomhairle le hionadaithe foirne, comhlachais foirne agus an Comhchoiste um Chomhionannas Deiseanna, a athainmníodh mar an Comhchoiste um Éagsúlacht agus um Chuimsiú, maidir leis an dá dhoiciméad; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta coisctheacha frithchiaptha sa phlean gníomhaíochta, amhail cúrsa oiliúna éigeantach ríomhfhoghlama don fhoireann uile maidir le ‘ciapadh ag an obair a aithint agus aghaidh a thabhairt air’ agus oiliúint éigeantach bhainistíochta maidir le ‘Conas timpeallacht oibre saor ó chiapadh a chruthú’; á iarraidh ar SEGS leanúint d’oiliúint rialta a chur ar bhaill foirne bhainistíochta agus neamhbhainistíochta ar shaincheisteanna a bhaineann le héagsúlacht, cothromas, cuimsiú agus muintearas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuair SEGS, in 2023, trí iarraidh ar chúnamh le haghaidh líomhaintí maidir le ciapadh síceolaíoch a raibh beirt oifigeach páirteach iontu agus as ar eascair dhá fhiosrúchán riaracháin, a bhfuil ceann amháin acu fós ar siúl agus ar dúnadh an ceann eile le smachtbhanna araíonachta; ag tabhairt dá haire, faoin nós imeachta neamhfhoirmiúil, gur dhéileáil seirbhís idirghabhála SEGS le 28 gcás a bhain le líomhaintí maidir le ciapadh síceolaíoch agus 10 gcás gnéaschiaptha agus gur dhéileáil na Comhairleoirí Iontaoibhe le 21 chás de líomhaintí maidir le ciapadh síceolaíoch agus 6 chás gnéaschiaptha in 2023; ag tabhairt dá haire gur ullmhaigh SEGS cinneadh in 2023 maidir le frithchiapadh don fhoireann áitiúil sna toscaireachtaí, a glacadh i mí an Mheithimh 2024; ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag SEGS a bheartais frithchiaptha a neartú, lena n-áirítear modúil éigeantacha ríomhfhoghlama a thabhairt isteach chun feasacht a mhúscailt agus ‘Tascfhórsa Choinbhinsiún Iostanbúl’ a bhunú atá dírithe ar bhearta a shainaithint chun ionad oibre níos sábháilte a áirithiú do chách; á chur in iúl, áfach, gur cúis mhór bhuartha di an líon ard cásanna ciaptha a bhíonn ann i gcónaí; á iarraidh ar SEGS bearta coisctheacha níos láidre, tacaíocht d’íospartaigh agus dianbhearta araíonachta a chur chun feidhme chun neamhfhulaingt ar chiapadh agus timpeallacht oibre shábháilte a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS roinnt beart in 2023 chun dea-bhail choirp agus mheabhrach a fhoirne a áirithiú, lena n-áirítear seiceáil chórasach sláinte don fhoireann uile sular postáladh chuig toscaireacht í, tacaíocht shíceolaíoch agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta; ag tabhairt dá haire, i mí Dheireadh Fómhair 2023, gur glacadh dhá chinneadh maidir le ham oibre agus socruithe solúbtha oibre, agus ina dhiaidh sin gurb é fleisc-am an córas ama oibre réamhshocraithe i gceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí don fhoireann uile, cé is moite de bhainisteoirí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-údaraítear leis na cinntí teilea-obair a dhéanamh ar feadh suas le dhá lá in aghaidh na seachtaine i gceanncheathrú SEGS, lá amháin in aghaidh na seachtaine sna toscaireachtaí agus 10 lá in aghaidh na bliana lasmuigh den áit fostaíochta do chách; ag tabhairt dá haire gur féidir teilea-obair eisceachtúil a dhéanamh ar feadh tréimhse níos faide i gcás géarchéimeanna, ar chúiseanna leighis nó ar chúiseanna dianriachtanacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur tháinig méadú ar líon bhaill foirne SEGS ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach ar feadh níos mó ná 50 lá ó 111 bhall foirne in 2022 go 171 bhall foirne in 2023, arb ionann é agus méadú 54 %; ag tabhairt dá haire gur chuir an tseirbhís leighis roinnt beart chun feidhme chun an baol traochta a chosc, amhail síciatraí a earcú i mí na Nollag 2023 agus obair leantach níos córasaí a dhéanamh ar shaoire bhreoiteachta ag an tseirbhís leighis, tacaíocht shíceolaíoch agus treoir a thabhairt do bhaill foirne agus do bhainisteoirí araon, gníomhaíochtaí múscailte feasachta a reáchtáil agus líonra garchabhrach meabhairshláinte a chruthú; á chur i bhfáth gur gá do bhainisteoirí leithdháileadh cothrom cúraimí a áirithiú agus treoir agus socruithe solúbtha oibre a chur chun feidhme; á iarraidh ar SEGS cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh chun breoiteacht fhadtéarmach agus traochadh a chosc, agus tús áite á thabhairt do mheabhairshláinte a fhoirne trí bhearta tacaíochta éifeachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>	ag tabhairt dá haire go raibh laghdú ar líon na n-oiliúnaithe arna bhfostú mar gheall ar shrianta buiséadacha; á iarraidh ar SEGS faisnéis a chur ar fáil faoi dhálaí oibre agus luach saothair oiliúnaithe sa Cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir SEGS feabhas ar a chreat eiticiúil in 2023 trí threoracha nua a eisiúint chun na misin a thoirmeasc nó a theorannú le costais a íocann foinsí seachtracha go páirteach nó go hiomlán chun rioscaí coinbhleachtaí leasa a sheachaint trí mheabhrúchán maidir le heitic a sheoladh chuig gach ball foirne; ag tabhairt dá haire gur dhírigh SEGS ar chúrsaí oiliúna sonracha a eagrú freisin maidir le heitic, coinbhleachtaí leasa, rialú inmheánach agus frithchalaois atá dírithe ar phobail éagsúla agus curtha in oiriúint dóibh i gceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur leanadh de na 16 ‘phrionsabal iompraíochta gairmiúla’ a glacadh in 2022 a dháileadh ar dhaoine nua agus a chur chun cinn go forleathan, go háirithe le linn na gcúrsaí ‘Eitic agus ionracas’ agus ‘Beartas frithchiaptha’; á iarraidh go gcoinneodh SEGS an Pharlaimint ar an eolas faoi aon fhorbairt bhreise ar a creat eiticiúil; á iarraidh ar SEGS oiliúint éigeantach ar eitic a chur ar fáil go rialta, lena n-áirítear úsáid eiticiúil IS agus cuntasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac SEGS Straitéis Frithchalaoise nua i mí Dheireadh Fómhair 2023, a bhí infheidhme maidir leis an bhfoireann uile i gceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí, a d’eascair as próiseas athbhreithnithe críochnúil ar rioscaí a bhaineann le calaois agus a d’fhormhuinigh OLAF go foirmiúil; á chur in iúl gur geal léi go ndearna SEGS iarrachtaí ar leith ar oiliúint agus treoir don fhoireann, go háirithe tríd an gcill frithchalaoise a bunaíodh i mí na Nollag 2022; ag tabhairt dá haire gur ghlac foireann SEGS a postáladh i dtoscaireachtaí an Aontais páirt ghníomhach i sraith ceardlann agus seimineár maidir le feasacht agus cosc calaoise, go bhfuair baill foirne a sannadh as an nua do thoscaireacht de chuid an Aontais oiliúint ar na saincheisteanna sin go córasach sular ghlac siad le poist agus go ndearnadh athchóiriú breise ar an leathanach inlín a bhaineann le frithchalaois agus é mar aidhm leis tuairisciú cásanna calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a éascú agus raon níos leithne roghanna a sholáthar maidir le hoiliúint frithchalaoise; á iarraidh ar SEGS oiliúint éigeantach ar fheasacht agus cosc calaoise a chur ar fáil go rialta don fhoireann uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuair SEGS aon chásanna sceithireachta in 2023; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thosaigh SEGS, in 2023, ar bheartas tiomnaithe cosanta do sceithirí a fhorbairt i gcomhréir leis an Straitéis Frithchalaoise nua; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoina glacadh, atá sceidealaithe do 2025, agus faoina cur chun feidhme ar fud na seirbhíse;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuair SEGS cúig dhearbhú coinbhleachtaí leasa in 2023, a láimhseáladh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; ag tabhairt dá haire, i gcás a bhaineann le comhalta de choiste meastóireachta i nós imeachta soláthair, gur chinn an t-oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann agus gur bhain sé an ball foirne de dhualgas chomhalta an choiste meastóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur oscail OLAF ocht n-imscrúdú in 2023, atá fós ar siúl, maidir le mí-iompar a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair agus cur chun feidhme conarthaí, comhaontuithe deontais nó neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hábhair acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire gur bhain na cásanna oscailte in 2023 le hoifigigh, gníomhairí sealadacha agus gníomhairí áitiúla i gceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí araon; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoin obair leantach ar na himscrúduithe sin; ag tabhairt dá haire gur dúnadh ocht gcás níos sine a bhain le hiarfhoireann agus le foireann reatha, le moltaí chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh i gcúig chás; ag tabhairt dá haire go mbíonn SEGS i dteagmháil rialta le OLAF trína chill frithchalaoise agus go n-áirithíonn sí go ndéantar obair leantach thráthúil ar mholtaí OLAF; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi chur chun feidhme na moltaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur láimhseáil SEGS deich n-iarraidh ón Ombudsman in 2023, ar bhain naoi gcinn díobh le comhaid riaracháin agus ceann amháin le hiarraidh ar rochtain ar dhoiciméid; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an tOmbudsman aon chásanna drochriaracháin ná drochriaracháin pháirtigh agus nár eisigh sé aon mholadh do SEGS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur sonrú sna gníomhaíochtaí uile a dhéantar chun feasacht a mhúscailt ar ghníomhaíochtaí seachtracha; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint forálacha cur chun feidhme neamhspleácha a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí agus misin seachtracha, chun íomhá agus clú an Aontais a chosaint go háirithe i gcás na gCeann Toscaireachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ina cháil nó ina cáil mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún, go bhfuil an tArdionadaí/Leas-Uachtarán faoi cheangal ag rialacha an Chláir Trédhearcachta; á chur i bhfáth, cé nach Institiúid de réir bhrí Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach í SEGS agus nach bhfuil ról díreach aici i ndlí an Aontais, go bhfuil ról tábhachtach aici, áfach, i ndlí an Aontais maidir le cinntí a bhaineann le smachtbhannaí agus le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chaibidliú, a bhfuil tionchar suntasach rialála acu; ag tabhairt dá haire go mbeadh sé an-ábhartha do SEGS bearta trédhearcachta a ghlacadh, iad a chur in iúl do bhord bainistíochta an Chláir Trédhearcachta agus a bheith páirteach sa Chlár; á iarraidh go ndéanfadh SEGS gach cruinniú le gach cineál eagraíochtaí brústocaireachta a fhoilsiú, lena n-áirítear cruinnithe Chinn Thoscaireachtaí an Aontais, chun trédhearcacht a fheabhsú; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi aon tionscnamh nua arna ghlacadh ag SEGS chun trédhearcacht a fheabhsú; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé grinnscrúdú daonlathach an Aontais a neartú tuilleadh agus ardchaighdeáin chuntasachta agus trédhearcachta a chaomhnú agus teagmháil á déanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais a dhámhtar ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar chomhpháirtithe sóisialta i dtríú tíortha i gcomhréir le luachanna, beartais agus rialacha airgeadais an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tathant ar SEGS a bheith páirteach i gClár Trédhearcachta an Aontais chun a chleachtais a ailíniú le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, lena n-áiritheofar nochtadh iomlán gníomhaíochtaí brústocaireachta agus leasanna airgeadais a bhaineann le cúrsaí cosanta agus taidhleoireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digiteáil, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh an caiteachas ar thionscadail TF, trealamh agus cibearshlándáil ó EUR 19,7 milliún in 2022 go EUR 29,9 milliún in 2023, arb ionann é agus méadú 52 %; ag tabhairt dá haire gur sheol SEGS tionscadail thábhachtacha digiteála in 2023, amhail a ardán comhoibríoch ‘HIVE’ do gach úsáideoir ag an gceanncheathrú agus ag na toscaireachtaí agus go ndearna sé a Chóras Cumarsáide agus Faisnéise Rúnaicmithe Corparáideach (EC3IS) a imscaradh i gceanncheathrú SEGS, sular cuireadh i bhfeidhm de réir a chéile é i dtoscaireachtaí íogaire agus sular idirnascadh é leis na córais chomhfhreagracha sa Choimisiún agus sa Chomhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh SEGS, in 2023, ar thimpeallacht IS a óstáil agus a rialú ionas go bhféadfaí samhail iomlán rialachais IS a chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire gur bunaíodh leis an gcéim theicniúil sin na forais le treoirlínte a ghlacadh maidir le húsáid IS giniúnaí agus Straitéis IS in 2024, chomh maith le cruthúnais choincheapa a reáchtáil; á iarraidh go gcoinneofaí an Pharlaimint ar an eolas faoi fhorbairt Straitéis IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid de chur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint a glacadh in 2022, go raibh SEGS rannpháirteach i nglacadh príomhdhoiciméad beartais agus boscaí uirlisí a bhaineann, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, leis an gcibearchosaint, leis an gcibearthaidhleoireacht, le bagairtí hibrideacha, le cur isteach eachtrach agus ionramháil faisnéise; ag tabhairt dá haire gur lean SEGS, go hinmheánach, d’fheabhas a chur ar a chumais chibearshlándála trí fhoireann speisialaithe a earcú agus gníomhaíochtaí cibirfheasachta a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear an Fhoireann Bainistithe Slándála, comhaltaí na dtoscaireachtaí, nuatheachtaithe agus bainisteoirí; á iarraidh go ndéanfadh SEGS oiliúint éigeantach ar an gcibearshlándáil a chur ar fáil go rialta don fhoireann uile; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfadh an tAontas tacaíocht fheabhsaithe don Mholdóiv chun bréagaisnéis, bagairtí hibrideacha agus cibirionsaithe a chomhrac; á iarraidh ar thoscaireacht an Aontais chuig an Moldóiv feabhas a chur ar a hiarrachtaí straitéis chumarsáide níos réamhghníomhaí agus níos éifeachtaí a chur chun cinn maidir leis an bpeirspictíocht Eorpach, lena n-áirítear for-rochtain sa Rúisis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi bunú Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais sa Mholdóiv (EUPM Moldova); á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag EUPM Moldova agus á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit síneadh a chur le sainordú an mhisin tar éis mhí na Bealtaine 2025 agus acmhainní a mhéadú ag an am céanna chun a éifeachtacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chláraigh SEGS breis agus 29 623 chibearfholáireamh in 2023 tríd an gcóras maidir le Faireachán ar Theagmhais Slándála – SIEM, ar deimhníodh 92 theagmhas díobh mar chibirionsaithe; ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag ceithre chibirionsaí ar oibríochtaí SEGS agus nach raibh iarmhairtí suntasacha ach ag ceann amháin acu; ag tabhairt rabhaidh gur rídhócha gur ar SEGS a dhíríonn gníomhaithe a bhfuil acmhainní maithe acu, lena n-áirítear iad siúd atá urraithe ag stáit choigríche, ar gníomhaithe iad atá ag iarraidh cur isteach ar institiúidí an Aontais; ag tabhairt dá haire gur príomhghníomhaí é Lárionad Oibríochtaí Slándála (SOC) SEGS chun déileáil le faireachán fíor-ama ar bhagairtí agus chun leochaileachtaí córais a shainaithint; á iarraidh ar SEGS leanúint den ghá atá le cibearsmacht agus cibirfheasacht úsáideoirí a mheas mar phríomhghnéithe dá chreat cibearshlándála; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfadh SEGS de thús áite a thabhairt don chibearshlándáil agus do bhagairtí hibrideacha a mhaolú agus é a bheith ag comhoibriú go dlúth ag an am céanna le hInstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit chun na bagairtí sin a shainaithint agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS obair leantach ar fhiosrúchán amháin ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí in 2023, tar éis iarraidh a fháil ó bhall foirne maidir le foilsiú a shonraí pearsanta ar eolaire ar líne AE; ag tabhairt dá haire gur tugadh aghaidh ar chás a bhí ar feitheamh ó 2018 in 2023 agus gur dúnadh é in 2024, agus toradh dearfach ann do SEGS; ag tabhairt dá haire gur eisigh SEGS gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus treoir chun machaire comhréidh a áirithiú i réimse na cosanta sonraí ar fud a líonra, go háirithe an Treoir Chomhpháirteach maidir le huirlisí IS tríú páirtí a úsáid ó thaobh na cosanta sonraí agus na cibearshlándála de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh an comhrac i gcoinne FIMI fós ina thosaíocht do SEGS in 2023; á chur in iúl gur geal léi gur fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach bosca uirlisí FIMI i mí na Nollag 2023 bunaithe ar cholúin na feasachta staide, na forbartha athléimneachta, an chur isteach agus na bhfreagairtí taidhleoireachta; ag tabhairt dá haire, in 2023, gur chuir SEGS lena acmhainneacht anailíseach chun fianaise FIMI a bhailiú agus freagairtí a fhorbairt ar líon méadaitheach na dteagmhas agus na mbagairtí, go háirithe sa tréimhse roimh thoghcháin Eorpacha 2024; ag tabhairt dá haire gur sheol SEGS tionscadail shuaitheanta nua freisin chun feasacht a mhúscailt agus chun cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise, amhail an tionscnamh EUvsDisinfo a shroich thart ar 20,3 milliún duine in 2023, agus chun comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a chruthú chun FIMI a chomhrac ar fud an domhain; á iarraidh ar SEGS, in éineacht leis an gCoimisiún, acmhainní leormhaithe a chur i leataobh chun FIMI a chomhrac go héifeachtach; ag tacú leis an ngealltanas ‘Sciath Eorpach don Daonlathas’ a bhunú chun ábhar mealltach ar líne a bhrath, a rianú agus a scriosadh, agus leis seo cumas an Aontais a neartú i leith cur i gcoinne FIMI a neartú agus feabhas a chur ar a thacaíocht do chosaint an daonlathais i dtríú tíortha, go háirithe laistigh de chomharsanacht an Aontais; á iarraidh ar SEGS agus ar Thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a n-acmhainneachtaí faoi seach a neartú tuilleadh maidir le bréagaisnéis agus bolscaireacht atá nasctha le CBES an Aontais a chomhrac; á iarraidh ar SEGS dlús a chur lena iarrachtaí saoránaigh ar fud an Aontais a chumhachtú chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus slándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag tabhairt dá haire, le linn 2023, gur treisíodh líne bhuiséid 3003 maidir le foirgnimh agus costais ghaolmhara le EUR 19 milliún ach go ndearnadh oibreacha cothabhála tábhachtacha a chur siar mar sin féin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint le carnadh na riachtanas cothabhála agus slándála do SEGS maidir le conas líonra na dtoscaireachtaí a oibriú go sábháilte agus go héifeachtach agus an dualgas cúraim i leith fhoireann na dtoscaireachtaí a áirithiú; á iarraidh ar SEGS pleananna teagmhais ilbhliantúla a fhorbairt le haghaidh cothabháil agus slándáil foirgneamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil eastát réadach á úsáid agus á bhainistiú ag SEGS lena gcumhdaítear thart ar 87 618 méadar cearnach i gceanncheathrú SEGS agus 379 300 méadar cearnach ar fud an domhain le 174 fhoirgneamh oifige agus 152 áras d’Ambasadóirí; ag tabhairt dá haire gur chuir SEGS doiciméad oibre i láthair in 2023 ina leagtar amach a bheartas ceannaigh don údarás buiséadach, arb ionann é faoi láthair agus 22 % d’fhoirgnimh oifige agus 20 % d’árais d’Ambasadóirí, agus ar an gcaoi sin an luach is fearr ar airgead a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag an mbeartas ceannaigh i mí Aibreáin 2023 maidir le heastáit réadaigh do thoscaireachtaí an Aontais agus ag an doiciméad oibre maidir le beartas eastáit réadaigh SEGS do 2024 an réiteach fadtéarmach is buntáistí do bhuiséad an Aontais a bhaint amach; á thabhairt chun suntais nach n-áirítear le haon cheann de na doiciméid sin aon smaointe maidir le líon na dtoscaireachtaí a laghdú nó moil réigiúnacha a chruthú; ag tathant ar SEGS an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi aon fhorbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar SEGS leanúint d’fhoireann leordhóthanach a sholáthar dá líonra tábhachtach toscaireachtaí ar fud an domhain chun feabhas a chur ar a chumas teagmháil a dhéanamh le tríú tíortha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go bhféadfadh dúnadh iomarcach ambasáidí an Aontais, chomh maith le suiteálacha slándála a chur siar i roinnt Toscaireachtaí de chuid an Aontais, a bheith mar thoradh ar na srianta buiséadacha sin, rud a chuirfeadh bac ar chumas SEGS a shainordú a chomhlíonadh, luachanna an Aontais a chosaint agus dualgas cúraim a áirithiú go cuí do gach ball foirne sna toscaireachtaí; ag tathant ar na Ballstáit dóthain maoinithe a chur ar fáil do SEGS agus don Choimisiún chun a áirithiú go gcoinneoidh an tAontas a líonra toscaireachtaí gan athrú mar chomhartha ar a rannpháirtíocht dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó 2020 i leith, go bhfuil a bheartas bainistithe oifige á fhorbairt ag SEGS i dtreo coincheapa comhoibríocha agus solúbtha oifige ag ceanncheathrú SEGS agus sna toscaireachtaí araon; ag tabhairt dá haire gur thosaigh SEGS ar choimpléasc foirgnimh Schuman a athchóiriú, ag tosú leis an 6ú agus an 7ú hurlár, d’fhonn úsáid níos éifeachtúla a bhaint as spás oifige; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh lárionad freagartha ar ghéarchéimeanna SEGS i bhfoirgneamh Schuman chun críche in 2023; ag tabhairt dá haire, sna toscaireachtaí, gur cuireadh coincheap an spáis chomhoibríoch chun feidhme in áitreabh nua 6 thoscaireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil SEGS dírithe ar a áirithiú go mbeidh a fhoirgnimh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; ag tabhairt dá haire go gcomhlíonann foirgneamh Belmont sa Bhruiséil na ceanglais dhlíthiúla maidir le foirgnimh atá saor ó bhacainní cheana féin agus go bhfreastalaíonn athchóiriú ionad foirgneamh NEO freisin ar riachtanais úsáideoirí faoi mhíchumas agus úsáideoirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; á chur in iúl gur geal léi, i gcás na dtoscaireachtaí, go mbeartaítear le nósanna imeachta roghnúcháin SEGS tógáil saor ó bhacainní mar phríomhchritéir roghnúcháin d’fhoirgnimh oifige nua;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhshaol agus an inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur lean SEGS, in 2023, den Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS/EMS) a chur chun feidhme, go háirithe trí Choiste Stiúrtha Comhshaoil a bhunú agus trí Bheartas Comhshaoil agus straitéis chumarsáide ábhartha a ghlacadh lena gcuirtear béim ar thiomantas SEGS d’inbhuanaitheacht comhshaoil i mbainistiú réadmhaoine; ag tabhairt dá haire gur oibrigh Coiste Stiúrtha EMAS ar chuspóirí nua in 2023, arb é is aidhm dóibh a lorg carbóin a laghdú tuilleadh faoi 2030; ag tabhairt dá haire go n-áirítear an méid seo a leanas leis na bearta a formheasadh: úsáid gáis nádúrtha a laghdú 35 %, úsáid páipéir agus uisce agus táirgeadh dramhaíola a laghdú faoina leath, méadú ar sciar na n-eitiltí gearr-achair go meán-achair do mhisin sa ghrád barainne agus úsáid níos fearr a bhaint as soláthar poiblí glas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh SEGS ar chlásail inbhuanaitheachta a thabhairt isteach sna comhaontuithe nua comhlonnaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí éigeantacha agus cleachtais dheonacha araon; ag tabhairt dá haire, maidir leis na comhaontuithe comhlonnaithe atá i bhfeidhm cheana, in ionad clásail shainráite inbhuanaitheachta comhshaoil a áireamh, go luaitear sna comhaontuithe sin mar phrionsabal uileghabhálach go gcloíonn aon chomhpháirtithe comhlonnaithe óstáilte le nósanna imeachta agus cleachtais is infheidhme laistigh de chomhthéacs áitiúil áitribh oifige an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean SEGS, in 2023, de bheith ag obair ar chur chun feidhme beartais i dtreo comaitéireacht níos glaise agus taisteal níos inbhuanaithe don fhoireann, as ar eascair glacadh beart tábhachtach in 2024, amhail an méadú ar an ráta aisíocaíochta le haghaidh síntiúis iompair phoiblí go 90 % do gach ball foirne a scarann le rochtain ar pháirceáil agus an cuspóir gur cheart go mbeadh 60 % ar a laghad de na ciliméadar a thaistealaítear ar eitleán le linn misean i ngrád barainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht láidir pholaitiúil, giaráil dhéthaobhach agus taidhleoireacht phoiblí agus chultúrtha chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus bréagaisnéis a chomhrac; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le seirbhís sheachtrach láidir athléimneach lena mbaineann ceannaireacht shoiléir pholaitiúil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus comhleanúnachas i mbeartas eachtrach an Aontais a áirithiú; ag tathant ar thoscaireachtaí an Aontais an tacaíocht d’fhíorghníomhaithe daonlathacha agus don tsochaí shibhialta sna Balcáin Thiar a neartú agus gníomhaíochtaí gníomhaithe neamhliobrálacha agus neamhdhaonlathacha a bhaineann an bonn ó leasannna an Aontais a cháineadh go láidir agus go poiblí ag an am céanna, agus a áirithiú go gcuirfear cistiú IPA III chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Aontais; á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais sa réigiún cur chuige níos inchreidte agus níos bunaithe ar fhiúntas a chur i bhfeidhm bunaithe ar chritéir Chóbanhávan, go háirithe maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cosaint chearta an duine, go háirithe i bhfianaise an dul chun cinn teoranta atá déanta ag roinnt tíortha sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhar sármhaith SEGS le comhlachtaí amhail OLAF, OIPE, an Chúirt agus MECS, atá le feiceáil le cruinnithe rialta agus malartuithe faisnéise; ag tabhairt dá haire gur tugadh socruithe oibre tiomnaithe i gcrích i mí an Mheithimh 2024; á iarraidh, mar sin féin, ar SEGS gnás a dhéanamh de chomhar struchtúrtha leis na comhlachtaí sin, lena n-áiritheofar sásraí córasacha braite calaoise le haghaidh chistiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe i limistéir choinbhleachta ardriosca agus i stáit leochaileacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur lean an Pharlaimint, an Chomhairle agus SEGS dá bpléití teicniúla in 2023 maidir le Comhaontú Institiúideach 2002 idir an Pharlaimint agus an Chomhairle i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a ionadú; á chur in iúl gur oth léi gur tionóladh cruinniú teicniúil aonair in 2023 agus ina dhiaidh sin nach raibh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú maidir leis na comhréitigh a cuireadh ar aghaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2023, gur chuir SEGS tús leis an bpróiseas caibidlíochta le haghaidh socrú oibre le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a síníodh in 2024; ag tabhairt dá haire go gcuirtear san áireamh sa socrú oibre an comhthéacs speisialta ina bhfeidhmíonn SEGS, agus béim á leagan ar fhaisnéis a chosaint, ar rúndacht faisnéise agus ar dhíolúine foirne a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS, ina bhuiséad do 2023, EUR 990,5 milliún a chur i leataobh do threoirthionscadal chun an Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a sheoladh, ina gcuirtear oiliúint ar 50 taidhleoir sóisearach ó na Ballstáit agus ó institiúidí an Aontais ar bheartais eachtracha agus slándála an Aontais agus é mar aidhm leis sin fíorchór Taidhleoireachta Eorpach a fhorbairt chun beartas eachtrach agus leasanna seachtracha an Aontais a chur chun cinn; ag moladh an tionscnaimh sin mar chéim i dtreo cór taidhleoireachta Eorpach comhtháite agus dea-oilte a chothú ar féidir leis luachanna agus leasanna an Aontais a chur in iúl agus a chosaint go héifeachtach ar an leibhéal domhanda; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar infheictheacht an Acadaimh Eorpaigh Taidhleoireachta ar fud na mBallstát uile agus a ról agus a acmhainneachtaí a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh SEGS a chomhar leis an Ombudsman Eorpach in 2023 chun feasacht a fheabhsú i measc a fhoirne ar phrionsabail an dea-riaracháin; ag tabhairt dá haire gurb é atá i gceist leis an tsraith nua comhair ná cuireadh a thabhairt d’Oifig an Ombudsman Eorpaigh a gcuid oibre a chur i láthair ag seimineáir réamhphoist SEGS agus i seimineáir foirne bhliantúla SEGS;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil leithdháileadh buiséid EUR 22,2 milliún ag SEGS, atá scaipthe thar línte buiséid éagsúla lena gcumhdaítear foilseacháin, imeachtaí, cumarsáid straitéiseach, gníomhaíochtaí for-rochtana agus an preas; á chur in iúl gur geal léi gur tosaíocht de chuid SEGS i gcónaí é seasamh ar son an daonlathais agus an smachta reachta, trí dhíriú freisin ar Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis trí bheartais agus ionstraimí neartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil méadú tagtha ar líon na sáruithe ar shaoirse reiligiúin ar fud an domhain; á iarraidh ar SEGS, i bhfianaise an mhéid sin, a fhoireann a ullmhú go leormhaith i dtíortha nach bhfuil aon saoirse reiligiúin iontu nó ina bhfuil saoirse reiligiúin faoi bhrú (lena n-áirítear trí chúrsaí oiliúna a chur ar fáil), d’fhonn dul i mbun pléití ar an ábhar seo leis na húdaráis ábhartha ar gach leibhéal i dtíortha ina bhfuil saoirse reiligiúin á sárú agus aird ar leith a thabhairt ar an tsaincheist sin mar chuid dá ghníomhaíocht sheachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>ag tabhairt dá haire, mar chuid dá gníomhaíochtaí cumarsáide, go ndéanann SEGS teagmháil leis an bpobal i gcoitinne trí imeachtaí poiblí, laethanta oscailte agus fáiltiú roimh ghrúpaí cuairteoirí; ag tabhairt dá haire gur sheol SEGS roinnt feachtais chumarsáide théamacha in 2023 ar fud bealaí éagsúla maidir leis an tacaíocht don Úcráin, iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an urraim do luachanna an Aontais; á chur in iúl gur geal léi go raibh an Úcráin i gcónaí ina príomhthosaíocht do SEGS; ag tabhairt dá haire gur chomhdhlúthaigh SEGS a láithreacht ar na meáin shóisialta in 2023 agus gur mhéadaigh sé líon a leantóirí 41,5 % ar LinkedIn, 13,8 % ar Instagram, 5,4 % ar Twitter agus 4,7 % ar Facebook; ag tathant ar SEGS feabhas a chur ar an gcaoi a gcuireann sé beartais an Aontais in iúl do shaoránaigh i dtríú tíortha agus iarrachtaí comhordúcháin a neartú, ar iarrachtaí iad atá dírithe ar infheictheacht tionscadal arna gcistiú ag an Aontas a mhéadú, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí, chun cur i gcoinne iarrachtaí gníomhaithe mailíseacha an bonn a bhaint ó iarrachtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht SEGS i bhfeachtas cumarsáide institiúideach na Parlaiminte do thoghcháin Eorpacha 2024, go háirithe an feachtas faisnéise atá dírithe ar na 25 go 30 milliún saoránach Eorpach atá ina gcónaí i dtríú tíortha maidir leis na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun vótáil sna toghcháin Eorpacha, go háirithe trí líonra na toscaireachta; ag tabhairt dá haire gur shroich an feachtas sin 11 mhilliún faighteoir, trí 26 fheachtas físe agus os cionn 2 000 post ar na meáin shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag cur béim ar rannchuidiú SEGS le hiarrachtaí uileghabhálacha an Aontais chun tacaíocht dhaingean don Úcráin a léiriú le tionscnaimh amhail an feachtas #StandWithUkraine agus tionscadail chumarsáide spriocdhírithe amhail Faces of Ukraine, Art vs War, agus Share Your Light;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag leanúint de thoscaireachtaí an Aontais a spreagadh chun gníomhaithe áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn agus teagmháil a dhéanamh leo i dtríú tíortha chun idirphlé sóisialta agus idirphlé maidir leis an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an comhrac i gcoinne an éillithe a spreagadh; ag tabhairt dá haire, in 2023, faoin gclár téamach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar ar a bhonn a thugtar comhpháirtíochtaí an Aontais i gcrích le heagraíochtaí cuntasacha trédhearcacha, gur leithdháileadh EUR 50 milliún ar Chóras an Aontais um Thimpeallacht Chumasúcháin don tSochaí Shibhialta, a dhéanann faireachán ar an spás sibhialta in 86 thír chomhpháirtíochta agus a chuireann chun cinn é.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>