<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0090</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0076/2025 -  Rapóirtéirí: Siegfried Mureşan, Carla Tavares)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar bhuiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú (2024/2051(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 311, 312, 323 agus 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin agus do na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom<FOOTNOTE><FIELD> IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023)0331),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (IIA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 2024/2509, 26.9.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6751, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6751/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 maidir le hacmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais, tús nua don Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1067, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1067/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 13 Nollaig 2017<FOOTNOTE><FIELD> IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE> agus do Phlean Gníomhaíochta ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM(2021)0102),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15) in Montréal an 19 Nollaig 2022 (Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 30 Deireadh Fómhair 2024 ó Sauli Niinistö dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer together – strengthening Europe’s civilian and military preparedness and preparedness’</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú] (tuarascáil Niinistö),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 4 Meán Fómhair 2024 ón bPlé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A shared prospect for farming and food in Europe’</STRING> [Féidearthacht chomhroinnte don fheirmeoireacht agus don bhia san Eoraip],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market – speed, security, solidarity: empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’</STRING> [Margadh Thar an gCoitiantacht - luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: an Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 20 Feabhra 2024 ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Forging a sustainable future together – cohesion for a competitive and inclusive Europe’</STRING> [Todhchaí inbhuanaithe a chothú le chéile – comhtháthú le haghaidh Eoraip atá iomaíoch cuimsitheach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 26 Márta 2025 maidir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta (JOIN(2025)0130),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar bán comhpháirteach an 19 Márta 2025 maidir le Ullmhacht Cosanta na hEorpa 2030 (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár do Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia’ (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Bóthar i dTreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile’ (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Building an economy that works for people: an action plan for the social economy’</STRING> [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta] (COM(2021)0778),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025, an 6 Márta 2025 agus an 19 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte polaitiúla an 18 Iúil 2024 don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 20 Samhain 2024 dar teideal ‘Buiséad an Aontais agus beartais áitbhunaithe: tograí le haghaidh sásraí nua deartha agus seachadta in CAI tar éis 2027’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/279, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/279/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0076/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 311 CFAE, nach mór don Aontas na hacmhainní is gá a sholáthar dó féin chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur uirlis infheistíochta atá i mbuiséad an Aontais go príomha lenar féidir barainneachtaí scála nach féidir a bhaint amach ar leibhéal na mBallstát a bhaint amach agus tacú le hearraí poiblí Eorpacha, go háirithe trí thionscadail trasteorann; de bhrí nach mór breisluach Eorpach a bheith ag baint leis an gcaiteachas uile a dhéantar trí bhuiséad an Aontais agus nach mór glantairbhí inbhraite a theacht as i gcomparáid le caiteachas ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta, agus go mbeidh fíorthorthaí marthanacha mar thoradh air;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuidíonn caiteachas trí bhuiséad an Aontais, má dhéantar é a spriocdhíriú go héifeachtach, a ailíniú le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus a chomhordú ar bhealach níos fearr le caiteachas ar an leibhéal náisiúnta, le hilroinnt sa mhargadh aonair a sheachaint, le cóineasú aníos a chur chun cinn, le neamhionannais a laghdú agus le borradh a chur faoi thionchar foriomlán na hinfheistíochta poiblí; de bhrí go bhfuil an infheistíocht phoiblí fíor-riachtanach chun infheistíocht phríobháideach a chothú in earnálacha nach féidir an infheistíocht is gá a chothú iontu tríd an margadh amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur cumasaíodh le hionstraim théarnaimh NextGenerationEU (NGEU) a bunaíodh tar éis phaindéim COVID-19 acmhainneacht shuntasach infheistíochta bhreise EUR 750 billiún i bpraghsanna 2018 – lasmuigh de bhuiséad an Aontais, ar fiú 1,1 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27 í – rud a spreag téarnamh tapa agus filleadh ar an bhfás agus a thacaigh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; de bhrí nach mbeidh NGEU i bhfeidhm tar éis 2027;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chaith na Ballstáit 1,4 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) ar Státchabhair in 2022 ar an meán – méid atá i bhfad níos mó ná a ranníocaíocht le buiséad an Aontais – agus nár bhain breis agus leathchuid den Státchabhair le géarchéimeanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go raibh ról lárnach ag buiséad an Aontais, arna neartú le NGEU agus iasachtaí trí scéim SURE, chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 a mhaolú agus chun freagairt d’éifeachtaí chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine; de bhrí nach bhfuil na hacmhainní is gá fós ag buiséad an Aontais, ó thaobh méide, struchtúir agus rialacha de, chun a ról a chomhlíonadh go hiomlán maidir le hoiriúnú do riachtanais chaiteachais atá ag teacht chun cinn, aghaidh a thabhairt ar shuaití agus freagairt do ghéarchéimeanna agus éifeacht phraiticiúil a thabhairt do phrionsabal na dlúthpháirtíochta, agus chun é a chur ar a chumas don Aontas a chuspóirí a chomhlíonadh mar a leagtar síos faoi na Conarthaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go mbíonn súil ag daoine le tuilleadh ón Aontas agus óna bhuiséad, agus a ábhar acu, lena n-áirítear an acmhainneacht chun freagairt go pras agus go héifeachtach do riachtanais atá ag teacht chun cinn agus an tacaíocht is gá a sholáthar dóibh, go háirithe le linn géarchéimeanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ó ghlacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha (CAI), go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta, rud a chuir leis na dúshláin struchtúracha bhunúsacha don Aontas agus a d’fhág go ndearnadh athscrúdú suntasach ar CAI in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil an comhthéacs ina ndéanfaidh an Coimisiún a thograí le haghaidh CAI tar éis 2027 a ullmhú chomh dúshlánach céanna, agus an t-ord seanbhunaithe domhanda agus geopholaitiúil ag athrú go tapa agus go radacach, agus cogaíocht mhórscála ar ais i ngarchomharsanacht an Aontais, agus timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta atá an-dúshlánach ann, chomh maith leis an ngéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta atá ag dul in olcas; de bhrí, mar atá curtha in iúl go soiléir ag an gCoimisiún, nach féidir an <STRING ITALIC="on">status quo</STRING> a choinneáil agus gur gá buiséad an Aontais a athrú dá réir sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil cinneadh déanta ag rialtas SAM tarraingt siar ó ról domhanda iarchogaidh na tíre i dtaca le síocháin agus slándáil a ráthú, dul ar thús cadhnaíochta maidir le rialachas domhanda san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach, agus cabhair um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil a sholáthar do na daoine is mó atá i ngátar ar fud an domhain; de bhrí go mbeidh ar an Aontas, dá bhrí sin, an fód a sheasamh chun cuid den bhearna a fhágfaidh na Stáit Aontaithe, de réir dealraimh, a líonadh, rud a chuirfidh tuilleadh brú ar an mbuiséad;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas na bearta is gá a dhéanamh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus an dúlra a chosaint agus cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú; de bhrí go mbeidh gá le hinfheistíocht shubstaintiúil chun an creat beartais a cuireadh i bhfeidhm chun an cuspóir sin a bhaint amach a chomhlíonadh; de bhrí nach mór ról tábhachtach a bheith ag buiséad an Aontais chun an infheistíocht sin a sholáthar agus a dhreasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, chun easnaimh an bhuiséid a chúiteamh, go raibh roinnt réiteach oibre ann lena ndéantar an buiséad níos casta, rud a fhágann nach mbíonn eolas ag an bpobal maidir le fíormhéid chaiteachas an Aontais, a bhaineann an bonn d’intuarthacht fhadtéarmach na hinfheistíochta atá an buiséad ceaptha a thabhairt agus a bhaineann an bonn nach amháin de phrionsabal aontacht an bhuiséid, ach do ról na Parlaiminte mar reachtóir agus mar údarás buiséadach agus mar údarás um urscaoileadh agus dá ról maidir leis an bhfeidhmeannas a thabhairt chun cuntais;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad; de bhrí go mbaineann sáruithe ar na luachanna sin an bonn de chomhtháthú an Aontais, go gcreimeann siad cearta shaoránaigh an Aontais agus go lagaíonn siad iontaoibh fhrithpháirteach i measc na mBallstát;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á áitiú, i ndomhan atá ag athrú go tapa ina mbíonn súil ag daoine le tuilleadh ón Aontas agus óna bhuiséad, agus a ábhar acu, agus ina mbíonn líon méadaitheach géarchéimeanna le sárú ag an Aontas, nach mór acmhainní méadaithe a thabhairt don chéad CAI eile i gcomparáid leis an tréimhse 2021-2027 agus, ar an gcaoi sin, imeacht ón leibhéal féin-fhorchurtha a bhí sriantach go stairiúil, mar atá, 1 % de OIN;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór an chéad CAI eile a bheith dírithe ar earraí poiblí Eorpacha a mhaoiniú, ar earraí iad lena mbaineann breisluach inbhraite i gcomparáid le caiteachas náisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sineirgí feabhsaithe agus comhordú níos fearr idir caiteachas an Aontais agus caiteachas náisiúnta; á chur i dtábhacht nach mór aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin le caiteachas, cuir i gcás filleadh na cogaíochta mórscála i ngarchomharsanacht an Aontais, comhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá an-dúshlánach, bearna iomaíochais agus an ghéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta atá ag dul in olcas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas, i dtaca leis an gcur chuige ‘plean náisiúnta amháin in aghaidh an Bhallstáit’ mar atá beartaithe ag an gCoimisiún, agus samhail na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta mar threoirphlean aige, nach féidir é a bheith ina bhunús le caiteachas faoi bhainistíocht chomhroinnte tar éis 2027; á chur i bhfios go láidir nach mór róil na Parlaiminte mar reachtóir agus mar údarás buiséadach agus údarás um urscaoileadh a chosaint go hiomlán le ceapadh an chaiteachais faoi bhainistíocht chomhroinnte faoin gcéad CAI eile, agus nach mór an caiteachas sin a cheapadh agus a chur chun feidhme trí dhlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh, leis an gcéad CAI eile, go leanfar de thacaíocht a thabhairt don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cuidiú leis an Aontas a cheangal le chéile, an margadh aonair a dhoimhniú, cóineasú a chur chun cinn agus neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheas, i ndáil leis an smaoineamh maidir le scáth-Chiste Iomaíochais lena gcumasctar na cláir atá ann cheana féin, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún, nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm; á chur i bhfáth gur cheart an ciste a bheith ina ionstraim nua, ina ionad sin, lena mbaintear leas as bosca uirlisí cistiúcháin ar bhonn ceachtanna a foghlaimíodh ó InvestEU agus ón gCiste don Nuálaíocht agus lena gcomhlánaítear cláir an-rathúil atá ann cheana féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth, go háirithe i bhfianaise tharraingt siar na Stát Aontaithe óna ról mar ráthóir domhanda na síochána agus na slándála, gur gá go soiléir dul chun cinn a dhéanamh i dtreo fíor-Aontas Cosanta, agus go mbeidh an chéad CAI eile ina thacú le cur chuige cuimsitheach i leith na slándála trí mhéadú ar infheistíocht; á chur i bhfáth nár cheart drochthionchar a bheith ag caiteachas cosanta ar infheistíocht fhadtéarmach i gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais, agus nár cheart laghdú ar infheistíocht fhadtéarmach den sórt sin a theacht as;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí fíorshimpliú do thairbhithe deiridh trí chláir ina bhfuil cuspóirí forluiteacha, critéir incháilitheachta éagsúla agus rialacha difriúla lena rialaítear forálacha cothrománacha a sheachaint; á chur i bhfios go láidir nár cheart a bheith i gceist leis an simpliú go dtugtar tuilleadh saoirse don Choimisiún gan na seiceálacha agus ceartúcháin is gá a dhéanamh, agus dá bhrí sin, nach mór é a bhaint amach agus urraim iomlán á tabhairt don chothromaíocht institiúideach dá bhforáiltear sna Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á áitiú gur cheart acmhainneacht feabhsaithe um fhreagairt i gcás géarchéime a bheith sa chéad CAI eile mar aon le corrlaigh leordhóthanacha faoi gach ceannteideal; á chur in iúl go gcreideann sí, mar aon le hintuarthacht le haghaidh infheistíochta, gur cheart cúlchiste solúbthachta ionsuite suntasach a choinneáil i gcláir chaiteachais, le leithdháileadh ar chuspóirí sonracha beartais a bheidh le cinneadh ag an údarás buiséadach; á chur i bhfios go láidir gur cheart solúbthacht maidir le cabhair dhaonnúil a imfhálú; á mheas gur cheart dhá ionstraim speisialta a áireamh in CAI tar éis 2027 – ionstraim amháin atá dírithe ar dhlúthpháirtíocht a áirithiú i gcás tubaistí nádúrtha agus ionstraim eile le haghaidh freagairt ghinearálta i gcás géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas fíor-riachtanach é luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar chistí de chuid an Aontais; á áitiú go ndéanfaí buiséad an Aontais a chosaint ar mhí-úsáid, ar chalaois agus ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus á iarraidh go mbeadh nasc níos láidir idir an smacht reachta agus buiséad an Aontais tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart maoiniú beartas agus tosaíochtaí de chuid an Aontais a chur i mbaol mar gheall ar aisíoc chostais iasachtaíochta NGEU; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go ndéanfaí na costais uile a bhaineann le hiasachtaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais nó ón lamháltas buiséadach a láimhseáil ar leithligh ó leithreasuithe le haghaidh cláir de chuid an Aontais laistigh d’ollstruchtúr CAI a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle acmhainní dílse nua a ghlacadh mar ábhar práinne chun aisíoc inmharthana chostais iasachtaíochta NGEU a chumasú; á chur i bhfáth go bhfuil fíor-acmhainní dílse nua, lasmuigh de IIA, fíor-riachtanach chun na riachtanais chaiteachais níos airde atá ag an Aontas a chomhlíonadh; á mheas gur cheart féachaint ar na hionstraimí agus na huirlisí uile chun na hacmhainní is gá a sholáthar don Aontas, agus á mheas, i ndáil leis sin, gur rogha inmharthana í iasachtaíocht chomhpháirteach chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna tromchúiseacha uile-Aontais, amhail an ghéarchéim atá ann go fóill i réimse na slándála agus na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí réidh chun oibriú go cuiditheach leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún chun buiséad fadtéarmach a sholáthar lena dtugtar aghaidh ar riachtanais an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil CAI tar éis 2027 á chur i dtoll a chéile i gcomhthéacs atá an-neamhghnách agus ag tabhairt aird chúramach ar a ról institiúideach mar a chumhdaítear sna Conarthaí; á áitiú nach bhformheasfaidh sí ach buiséad fadtéarmach atá oiriúnach dá fheidhm don Aontas i ndomhan atá ag athrú agus á iarraidh go nglacfaí CAI go pras ionas gur féidir cláir chaiteachais a chur chun feidhme go tráthúil ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach le béim athnuaite ar chaiteachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheas, i bhfianaise na ndúshlán struchtúrach atá roimh an Aontas, gur cheart an bhéim ar chaiteachas in CAI tar éis 2027 a choigeartú chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a aidhmeanna beartais straitéisigh a chomhlíonadh mar a shonraítear thíos;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Iomaíochas, uathriail straitéiseach, comhtháthú agus athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus chríochach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur tosaíochtaí lárnacha do CAI tar éis 2027 iad borradh a chur faoin iomaíochas, an geilleagar a dhícharbónú agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a fheabhsú agus go bhfuil siad ríthábhachtach chun fás fadtéarmach, inbhuanaithe agus cuimsitheach agus geilleagar agus sochaí níos athléimní a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas nach mór don Aontas creat iomaíochais a fhorbairt i gcomhréir lena luachanna agus lena aidhmeanna polaitiúla féin agus, leis an iomaíochas, nach mór fás eacnamaíoch, mar aon le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a chothú, mar a chuirtear i bhfios go láidir i dtuarascálacha Draghi agus Letta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, mar a léiríodh go soiléir i dtuarascálacha Letta agus Draghi, go bhfuil brú mór ar gheilleagar agus samhail shóisialta na hEorpa, agus go bhfuil éifeachtaí iarmhartacha ag an mbearna táirgiúlachta, iomaíochais agus scileanna ar cháilíocht na bpost agus ar chaighdeáin mhaireachtála do mhuintir na hEorpa atá ag dul i ngleic cheana féin le praghsanna arda tithíochta, fuinnimh agus bia; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go méadaíonn easpa deiseanna fostaíochta agus costais arda mhaireachtála an baol go n-imeoidh daoine oilte ón Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios, de réir thuarascáil Draghi, gur EUR 750-800 billiún in aghaidh na bliana idir 2025 agus 2030 atá sa bhearna infheistíochta bhliantúil i ndáil leis an nuálaíocht agus bonneagar; á chur i bhfios go láidir nach mór ról ríthábhachtach a bheith ag buiséad an Aontais ach nach féidir an t-easnamh a chumhdach leis an mbuiséad amháin, agus nach mór an chuid is mó den iarracht a theacht as an earnáil phríobháideach - á chur i bhfios gur gá leas a bhaint as sineirgí idir infheistíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach, go háirithe trí ollstruchtúr infheistíochta an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór buiséad an Aontais a chomhordú go cúramach le caiteachas náisiúnta, ionas go n-áiritheofar comhlántacht, agus nach mór é a dhearadh ionas gur féidir an infheistíocht phríobháideach a dhí-rioscú, a shlógadh agus a ghiaráil go héifeachtach leis, rud a chuirfidh ar a gcumas do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna rochtain a fháil ar chistí ar bhealach níos éasca; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí cláir amhail InvestEU, lena n-áirithítear breisíocht agus lena leantar cur chuige margadhbhunaithe, atá dírithe ar an éileamh, a threisiú go suntasach sa chéad CAI eile; á mheas gur úsáid éifeachtach acmhainní iad ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun spriocanna criticiúla beartais de chuid an Aontais a bhaint amach agus á iarraidh go ndéanfaí iad a shimpliú a thuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á áitiú nach mór níos mó a dhéanamh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht ról Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) – in éineacht le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus náisiúnta eile – i ndáil le hiasachtaí a thabhairt agus dí-rioscú a dhéanamh i réimsí beartais straitéisigh, amhail an aeráid agus, ar deireadh, tionscadail slándála agus cosanta; á iarraidh go mbeadh fonn riosca méadaithe ar Ghrúpa BEI agus go mbeadh uaillmhian mhéadaithe aige infheistíocht a phlódú isteach, ar bhonn staid láidir caipitil, agus go mbeadh comhpháirtíocht infheistíochta threisithe ann chun a áirithiú go mbainfear úsáid as gach euro a chaitear ar leibhéal an Aontais ar an mbealach is éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i dtábhacht gur cheart an cistiú don taighde agus don nuálaíocht, lena n-áirítear tacaíocht do thaighde bunúsach, a mhéadú go suntasach, gur cheart é a dhíriú ar thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, gur cheart é a leanúint de bheith á chinneadh ag prionsabal an bharr feabhais agus gur cheart é a bheith bunaithe ar fhiúntas i gcónaí; á mheas gur cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ann ar fud CAI agus ar an leibhéal náisiúnta chun gach tionscadal ardcháilíochta a chistiú ó thús go deireadh an timthrialla nuálaíochta agus chun an sprioc maidir le 3 % de OTI le haghaidh caiteachas taighde agus forbartha a bhaint amach faoi 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth, sa chéad CAI eile, chun cur leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá ann faoi láthair, gur cheart cistiú i bhfad níos mó atá bainistithe go díreach a áireamh le haghaidh bonneagar fuinnimh, iompair agus digiteach, agus tosaíocht á tabhairt do naisc trasteorann agus do naisc náisiúnta a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo; á mheas gur dearbh-réamhchoinníoll é an bonneagar sin chun an margadh aonair a dhoimhniú agus chun athléimneacht an Aontais a mhéadú in ord polaitiúil atá ag athrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil earnáil spáis atá daingean agus láidir ríthábhachtach le haghaidh uathriail agus cheannasacht an Aontais agus, dá bhrí sin, go dteastaíonn infheistíocht leanúnach ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gcuidíonn geilleagar atá níos iomaíche, níos táirgiúla agus níos cuimsithí go sóisialta le poist ardcháilíochta, ar phá maith a ghiniúint, agus ar an gcaoi sin caighdeán maireachtála daoine a fheabhsú; á chur i dtábhacht, trí chláir amhail Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus Erasmus+, gur féidir ról tábhachtach a bheith ag buiséad an Aontais chun tacú le córais oideachais agus oiliúna, cuimsiú sóisialta a fheabhsú, borradh a chur faoi inoiriúnaitheacht an lucht saothair trí athsciliú agus uas-sciliú, agus ar an gcaoi sin daoine a ullmhú don fhostaíocht i ngeilleagar nua-aimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á áitiú gur cheart leanúint de bheith ag tacú le hearnálacha tábhachtacha eacnamaíocha agus cruthaithe post trí bhuiséad an Aontais, ar earnálacha iad ina bhfuil an tAontas ina cheannaire domhanda cheana féin, amhail an turasóireacht agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cistiú tiomnaithe don turasóireacht, lena n-áirítear cistiú chun Straitéis an Aontais um Thurasóireacht Inbhuanaithe a chur chun feidhme, i mbuiséad an Aontais tar éis 2027; á chur i bhfios a thábhachtaí atá Eoraip na Cruthaitheachta chun rannchuidiú le héagsúlacht agus iomaíochas na hEorpa agus chun tacú le sochaí bhríomhar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth, chun dul san iomaíocht le mórghníomhaithe domhanda eile, nach mór do gheilleagar na hEorpa a bheith níos iomaíche agus níos athléimní ar thaobh an tsoláthair trí níos mó infheistíochta a dhéanamh in uathriail straitéiseach oscailte an Aontais trí bheartas feabhsaithe tionsclaíoch agus trí dhíriú ar earnálacha straitéiseacha, ar éifeachtúlacht acmhainne agus ar theicneolaíochtaí criticiúla chun spleáchas ar thríú tíortha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas, i bhfianaise an mhéid thuasluaite, i ndáil leis an smaoineamh maidir le scáth-Chiste Iomaíochais lena gcumasctar na cláir atá ann cheana féin, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún, nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm; á chur i bhfáth gur cheart an ciste a bheith ina ionstraim nua, ina ionad sin, lena mbaintear leas as bosca uirlisí cistiúcháin ar bhonn ceachtanna a foghlaimíodh ó InvestEU agus ón gCiste don Nuálaíocht; á mheabhrú, faoi Airteagal 182 CFAE, go gceanglaítear ar an Aontas clár réime um thaighde a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire, sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcompás iomaíochais, go n-áitíonn an Coimisiún gur cheart uirlis nua um chomhordú iomaíochais a bhunú chun beartais thionsclaíocha agus taighde agus infheistíocht a ailíniú ar bhealach níos fearr idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta; á thabhairt dá haire, maidir leis an uirlis nua atá molta, go bhfuil sí beartaithe mar chuid de ‘shásra stiúrtha barainneach nua’ atá ceaptha chun ‘an nasc idir an comhordú foriomlán beartais agus buiséad an Aontais a threisiú’; á áitiú nach mór don Pharlaimint ról cinnteoireachta iomlán a ghlacadh sa dá shásra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i dtábhacht gur cuid ríthábhachtach den uathriail straitéiseach í an tslándáil bia agus nach mór, leis an gcéad CAI eile, leanúint de bheith ag tacú le hiomaíochas agus athléimneacht earnálacha feirmeoireachta agus iascaigh an Aontais, lena n-áirítear feirmeoirí beaga agus óga agus iascairí, agus cabhrú leis na hearnálacha an aeráid agus an bhithéagsúlacht, mar aon leis na farraigí agus na haigéin, a chosaint ar bhealach níos fearr; á thabhairt chun suntais go bhfuil comhbheartas talmhaíochta nua-aimseartha simplithe ríthábhachtach chun táirgiúlacht a mhéadú trí dhul chun cinn teicniúil, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí, slándáil bia agus táirgeadh bia shláintiúil, ardcháilíochta agus inacmhainne do mhuintir na hEorpa a ráthú, athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú agus inmharthanacht ceantar tuaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil leochaileacht faoi leith ag earnáil na feirmeoireachta do shuaití boilscitheacha a dhéanann difear do chumhacht cheannaigh feirmeoirí; á iarraidh go mbeadh buiséad méadaithe agus tiomnaithe ann do CBT sa chéad CAI eile, lena gcosnófaí é in aghaidh ciorruithe féideartha, chun a shláine agus a chomóntacht a choinneáil ar bun, mar aon leis an gcomhleanúnachas agus idirnasc idir an chéad cholún agus an dara colún, agus dá bhrí sin, á chur i gcoinne an smaointe faoi CBT a chomhtháthú ina chiste aonair do gach Ballstát; á iarraidh go ndéanfaí foinsí cistithe tiomnaithe breise a fhiosrú i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear lasmuigh de CBT, chun déileáil le tubaistí nádúrtha agus dreasachtaí a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí chun rannchuidiú le maolú ar athrú aeráide, le hathshlánú na bithéagsúlachta agus le cosaint an dúlra, gan bearta a mbeadh ina gcúis le cúlú ar tháirgeadh talmhaíochta an Aontais;;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le leithdháileadh fónta airgeadais sa chéad CBT eile mar gheall ar dhúshláin dhomhanda nua atá roimh fheirmeoirí an Aontais, lena n-áirítear an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, an t-athrú aeráide agus praghsanna ionchuir atá ag méadú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá práinneach ann go mbeadh buiséad méadaithe ann do CBT sa chéad CAI eile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus aird á tabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, agus chun laghdú ar thacaíocht d’fheirmeoirí a sheachaint, ar bhuiséad é a bheadh innéacsaithe le boilsciú trí athmheastóireacht bhliantúil; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go ngintear le híocaíochtaí díreacha sa riocht ina bhfuil siad faoi láthair breisluach soiléir AE agus gur cheart go leanfaí leo de chinnteacht ioncaim, táirgeadh agus cosaint i gcoinne luaineacht praghsanna a neartú, trína ndíreofar ar bhealach níos fearr ar na daoine atá rannpháirteach go gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta agus i soláthar earraí poiblí, agus caighdeáin réalaíocha chothroma chomhshaoil agus shóisialta AE á n-urramú an tráth céanna; á iarraidh go ndéanfaí tacaíocht CBT a dháileadh go cothrom agus go héifeachtúil laistigh de na Ballstáit agus ina measc; á iarraidh go leanfaí le bearta lena gcoinnítear táirgeadh ar bun i limistéir leochaileacha agus lena ráthaítear inmharthanacht na bpobal tuaithe agus leormhaitheas an bhonneagair phoiblí, agus go dtreiseofaí iad, i dtaca le digiteáil go sonrach, agus go háirithe tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus trí rannpháirtíocht athnuaite na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i mbainistiú beart den sórt sin; á chur i bhfáth gur gá an cúlchiste talmhaíochta a mhéadú agus a athchóiriú chun freagairt go héifeachtach agus go pras do ghéarchéimeanna amach anseo a mbeidh ar earnáil talmhaíochta na hEorpa déileáil leo, agus chun uirlisí nua a bhunú chun rioscaí nádúrtha, margaidh agus sláintíochta a bhainistiú, amhail scéim athárachais AE chun maolú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtaí géarchéimeanna amach anseo agus cobhsaíocht níos fearr a chur ar fáil d’fheirmeoirí; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór réitigh shonracha a aimsiú d’fheirmeoirí in oirthear na hEorpa arb iad is mó atá buailte ag éifeachtaí iarmhartacha chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, amhail praghsanna arda ionchuir, boilsciú agus suaití margaidh; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint leis an gcreat airgeadais agus dlíthiúil is gá a bhunú do shlabhra an tsoláthair bia chun seasamh na bhfeirmeoirí a neartú agus chun cleachtais éagóracha trádála a chomhrac ar bhealach níos fearr; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le feirmeoirí an Aontais trí tháirgí agraibhia a chur chun cinn laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de trí bheartas cur chun cinn AE atá dinimiciúil agus níos láidre; á chur in iúl gur oth léi na ciorruithe cistithe a rinneadh don chlár maidir le cur chun cinn táirgí talmhaíochta le linn an athbhreithnithe ar an CAI reatha; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cistí tiomnaithe don agrathurasóireacht, d’fhiontraíocht na mban, don ghairmoiliúint agus don nuálaíocht teicneolaíochta sa talmhaíocht a bheith sa chéad CAI eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú gur bunchloch de lánpháirtiú na hEorpa é comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun an tAontas a cheangal le chéile agus chun an margadh aonair a dhoimhniú; á athdhearbhú, ina leith sin, a thábhachtaí atá próiseas an chóineasaithe; á chur i bhfios go láidir, le beartas comhtháthaithe nuachóirithe, nach mór cloí le cur chuige rialachais il-leibhéil díláraithe, áitbhunaithe, agus nach mór é a bheith bunaithe ar phrionsabal na bainistíochta comhroinnte agus na comhpháirtíochta, ina mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, mar aon le páirtithe leasmhara ábhartha eile, rannpháirteach go hiomlán, rud a áiritheoidh go ndíreofar acmhainní ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leo chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth, le cistiú an bheartais comhtháthaithe, nach mór dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas, amhail athrú déimeagrafach agus dídhaonrú, agus díriú ar na réigiúin agus ar na daoine is mó atá i ngátar; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh rochtain fheabhsaithe ar chistiú ón Aontas ann i gcás cathracha, i gcás réigiún agus i gcás údaráis uirbeacha; á mheabhrú go gceanglaítear ar an Aontas, faoi Airteagal 349 CFAE, bearta sonracha a chur i bhfeidhm do na réigiúin is forimeallaí agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach spriocdhírithe do na réigiúin sin sa chéad CAI eile, lena n-áirítear trí chlár treisithe de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht (POSEI);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá gné shóisialta an Aontais Eorpaigh agus a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a Phlean Gníomhaíochta agus a phríomhspriocanna a chur chun cinn; á chur i dtábhacht gur cheart ról lárnacha a bheith ag buiséad an Aontais, dá bhrí sin, maidir le neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a laghdú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thacú le leanaí, teaghlaigh agus grúpaí leochaileacha; á mheabhrú go bhfuil thart ar 20 milliún leanbh san Aontas i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta cuimsitheacha agus comhtháite a chistítear go hiomchuí, agus cur chun feidhme éifeachtúil na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí ar an leibhéal náisiúnta, chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí ar fud an Aontais; á chur i dtábhacht go bhfuil iarrtha ag an bParlaimint go comhsheasmhach go dtabharfaí isteach buiséad tiomnaithe laistigh de CSE+ chun tacú leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí mar cholún lárnach de Straitéis an Aontais i gcoinne na Bochtaineachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, na géarchéime tithíochta ar fud an Aontais a dhéanann difear do na milliúin teaghlach agus daoine óga; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht fheabhsaithe do thithíocht ar fud bhuiséad an Aontais, go háirithe tríd an mbeartas comhtháthaithe, agus trí fhoinsí eile cistiúcháin, amhail Grúpa BEI agus bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh; á aithint, cé nach féidir an ghéarchéim thithíochta a leigheas trí mhaoiniú ón Aontas amháin, gur féidir ról tábhachtach a bheith aige maidir le bearta práinneacha a mhaoiniú agus iarrachtaí níos leithne de chuid an Aontais agus na mBallstát a chomhlánú chun feabhas a chur ar inacmhainneacht tithíochta agus éifeachtúlacht fuinnimh an stoic tithíochta a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios go raibh iarmhairtí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, go háirithe i mBallstáit atá ar theorainn na Rúise agus na Bealarúise; á áitiú go gcuirfear tacaíocht ar fáil do na réigiúin sin leis an gcéad CAI eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil dlúthbhaint idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ar thaobh amháin, agus an t-iomaíochas, nuachóiriú an gheilleagair agus athléimneacht na sochaí, ar an taobh eile, agus gurb iad a spreagann geilleagar atá tíosach ar acmhainní agus atá dírithe ar an todhchaí; á áitiú, dá bhrí sin, nach mór leanúint de bheith ag tacú leis an dá aistriú agus dlús breise a chur leo trí CAI tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheabhrú gur rannchuidiú fíor-riachtanach é buiséad an Aontais chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thacú le spriocanna 2030 agus 2040; á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá le dícharbónú an gheilleagair chun an t-aistriú a chur i gcrích, go háirithe trí chur chun úsáide teicneolaíochtaí glana, trí bhonneagar fuinnimh agus iompair feabhsaithe agus trí thithíocht atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de; á thabhairt dá haire go measann an Coimisiún go mbeidh gá le hinfheistíocht bhreise ar fiú 1,5 % de OTI in aghaidh na bliana í chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 i gcomparáid leis na deich mbliana idir 2011 agus 2020 agus, cé nach féidir an bhearna a chumhdach le buiséad an Aontais amháin, nach mór é a leanúint de bheith ina rannchuidiú ríthábhachtach; ag iarraidh, dá bhrí sin, tacaíocht mhéadaithe atá bainistithe go díreach do chosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, agus gníomhú ar son na haeráide chun cur leis an gclár LIFE atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh an tionsclaíocht lárnach san aistriú chuig glan-nialasacht agus i mbunú Aontais Fuinnimh, agus go mbeidh gá le tacaíocht chun cabhrú le roinnt earnálacha tionsclaíocha agus lena n-oibrithe oiriúnú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá aistriú cóir nach mór aon duine a fhágáil ar lár leis, lena n-éilítear, <STRING ITALIC="on">inter alia,</STRING> infheistíocht i réigiúin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus tacaíocht mhéadaithe do theaghlaigh, go háirithe tríd an Sásra um Aistriú Cóir agus tríd an gCiste Aeráide Sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil mórathrú teicneolaíoch ar bun, agus go gcruthaíonn teicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga agus candam deiseanna, i dtéarmaí acmhainneacht eacnamaíoch agus cheannaireacht dhomhanda an Aontais, agus feabhsuithe ar shaol na saoránach, agus go bhfuil dúshláin iontaofachta, eiticiúla agus cheannasachta ag baint leo; á chur i bhfáth nach mór, leis an gcéad CAI eile, tacú le taighde i dteicneolaíochtaí digiteacha, agus le forbairt agus cur i bhfeidhm sábháilte na dteicneolaíochtaí sin, agus nach mór cabhrú le daoine cur leis an eolas agus na scileanna a theastaíonn uathu chun oibriú leo agus chun iad a úsáid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Slándáil, cosaint agus ullmhacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheabhrú gurb í an tsíocháin agus an tslándáil an bhunchloch do chobhsaíocht, samhail shóisialta agus iomaíochas an Aontais, agus gur colún ríthábhachtach de sheasamh geopholaitiúil an Aontais atá iontu; á chur i bhfáth nach mór tacú le cur chuige cuimsitheach i leith na slándála leis an gcéad CAI eile trí i bhfad níos mó infheistíochta a dhéanamh chun an tAontas a chosaint ar an iliomad bagairtí atá os a chomhair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, mar a léirítear go soiléir i dtuarascáil Niinistö, go bhfuil an iliomad bagairtí ag teacht le chéile chun éagobhsaíocht agus leochaileacht an Aontais a mhéadú, ina measc go príomha an t-ord domhanda atá ag éirí ilroinnte, an bhagairt slándála ón Rúis agus ón mBealarúis, teannas atá ag dul i méid ar fud an domhain, gníomhaithe naimhdeacha idirnáisiúnta, domhandú líonraí coiriúla, feachtais hibrideacha – lena n-áirítear cibirionsaithe, ionramháil eachtrach ar fhaisnéis, bréagaisnéis agus trasnaíocht agus ionstraimiú na himirce – teagmhas adhaimsire atá ag éirí níos minice agus níos déine, agus bagairtí sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go raibh ról ríthábhachtach ag an Aontas chun síocháin bhuan a bhaint amach ar a chríoch agus nach mór dó leanúint de dhéanamh amhlaidh trí oiriúnú do réaltacht an chogaidh atá ar leac an dorais aige agus don ghá atá le borradh mór a chur faoi bhonneagar cosanta, faoi chumais chosanta agus faoin ullmhacht chosanta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhuiséad an Aontais, trí dhul i bhfad níos faide ná an leithdháileadh atá ann faoi láthair, mar atá, níos lú ná 2 % de CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil cumais chosanta na hEorpa thíos leis na blianta de thearcinfheistíocht agus gurb é atá sa bhearna sa chaiteachas cosanta faoi láthair, de réir an Choimisiúin, EUR 500 billiún le haghaidh na ndeich mbliana amach romhainn; á chur i bhfios go láidir nach féidir an bhearna a líonadh le buiséad an Aontais amháin, ach go bhfuil ról tábhachtach aige, i gcomhar le buiséid náisiúnta agus le béim ar bhreisluach Eorpach soiléir; á mheas gur féidir buiséad an Aontais agus iasachtú trí Ghrúpa BEI a bheith ina gcuidiú le hinfheistíocht sa chosaint a dhreasú; á chur i bhfáth nár cheart caiteachas cosanta a bheith chun dochair do chaiteachas sóisialta agus comhshaoil, agus nár cheart laghdú a theacht ar an gcistiú le haghaidh bheartais an Aontais atá seanbhunaithe agus a bhfuil a bhfiúntas léirithe le himeacht ama mar gheall air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag cur i bhfios go láidir an fhiúntais a bhaineann le cláir chosanta agus le hionstraimí cosanta a cuireadh i bhfeidhm le linn an CAI reatha, lenar feabhsaíodh taighde, táirgeadh agus soláthar comhpháirteach i réimse na cosanta, rud a sholáthraíonn bunchloch luachmhar ar féidir beartas an Aontais agus infheistíocht a thógáil a thuilleadh uirthi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i dtábhacht, i bhfianaise na staide geopholaitiúla, gur léir gur gá gníomhú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo fíor-Aontas Cosanta, i gcomhar le ECAT agus i gcomhréir iomlán le gealltanais neodrachta Ballstát aonair; ag aontú, i ndáil leis sin, le hanailís an Choimisiúin nach mór creat cuimsitheach láidir a sholáthar sa chéad CAI eile chun tacú le cosaint an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí atá iomaíoch agus athléimneach; á mheas gur féidir infheistíocht chomhpháirteach fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais sa chosaint le linn an chéad CAI eile le tacaíocht ó struchtúr rialachais atá soiléir agus trédhearcach a bheith ina cuidiú le dúbailt a sheachaint, barainneachtaí scála a ghiniúint agus, ar an gcaoi sin coigilteas suntasach a ghiniúint do na Ballstáit, ilroinnt a laghdú agus idir-inoibritheacht trealaimh agus córas a áirithiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá teicneolaíocht i gcórais chosanta nua-aimseartha agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i dtaighde, i gcibearchosaint agus i gcibearshlándáil agus dtáirgí dé-úsáide; á chur i bhfios gur gá tacaíocht a dhíriú ar thionscal na cosanta laistigh den Aontas agus, ar an gcaoi sin, uathriail straitéiseach a neartú, poist ardcháilíochta ardoilte a chruthú, nuálaíocht a spreagadh agus deiseanna trasteorann a chruthú do ghnólachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé tacaíocht don tsoghluaisteacht mhíleata a mhéadú sa bhuiséad, ar tacaíocht í lena ndéantar bonneagar a uasghrádú chun críoch dé-úsáide míleata agus sibhialta, rud a fhágann gur féidir trealamh míleata agus pearsanra a ghluaiseacht ar mórscála agus ar gearrfhógra agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumais chosanta agus comhshlándáil an Aontais; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá maoiniú le haghaidh na ngréasán tras-Eorpach iompair chun gur féidir iad a oiriúnú chun críoch dé-úsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i dtábhacht gur gá don Aontas dlús a chur leis an gcistiú don ullmhacht i gcoitinne; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an tionchar méadaitheach atá ag tubaistí nádúrtha, arb é an t-athrú aeráide is cúis leo i bhformhór cásanna agus, dá bhrí sin, ar dócha go dtarlóidh siad níos minice agus go mbeidh siad níos déine amach anseo; á chur i bhfios, de réir Thuarascáil 2024 ar an Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide, go bhféadfadh sé gur 1,4 % de OTI an Aontais a bheidh i gcaillteanais eacnamaíocha charntha ó thubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, sa bhreis ar na hiarrachtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú tríd an aistriú glas, go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach chun oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe chun tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire a chosc agus chun tionchar na dtubaistí agus na dteagmhas sin a laghdú; á mheas nach mór tacaíocht don chuspóir sin, amhail trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, a mhéadú go mór sa chéad CAI eile agus nach mór í a chur ar fáil go pras d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar minic a bhíonn siad ar an líne thosaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i dtábhacht nach mór bearta atógála agus téarnaimh tar éis tubaistí nádúrtha a bheith bunaithe ar an gcur chuige ‘atógáil chun feabhais’ agus nach mór tosaíocht a thabhairt do réitigh dhúlrabhunaithe leo; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bainistíocht agus slándáil uisce inbhuanaithe agus athléimneacht uisce mar chuid de straitéis fhoriomlán an Aontais um ullmhacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á mheabhrú go ndearnadh dochar eacnamaíoch agus sóisialta ar fud an domhain mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus gur príomhcheacht é ón taithí sin gur gá tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht a dhéanamh i gcosc bagairtí sláinte, in ullmhacht le haghaidh bagairtí sláinte agus i bhfreagairt do bhagairtí sláinte, i dtaighde leighis, i gcosc galar, i rochtain ar tháirgí íocshláinte criticiúla, i mbonneagar cúraim sláinte, i sláinte fhisiciúil agus i meabhairshláinte, agus in athléimneacht agus inrochtaineacht na gcóras sláinte poiblí san Aontas; á mheabhrú go bhfuil uathriail straitéiseach sa tsláinte ríthábhachtach chun ullmhacht an Aontais sa réimse sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mheas nach mór, leis an gcéad CAI eile, cur leis an obair a rinneadh sa chlárthréimhse reatha trína áirithiú go mbeidh an infheistíocht is gá i bhfeidhm chun fíor-Aontas Sláinte Eorpach a thógáil a fhóireann do gach saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, a bhuí le forbairtí teicneolaíocha, go bhfuil sé níos éasca anois do ghníomhaithe eachtracha mailíseacha agus faille bréagaisnéis a scaipeadh, fuathchaint ar líne a ghríosú, cur isteach ar thoghcháin agus cibirionsaithe a dhéanamh in aghaidh leasanna an Aontais; á áitiú nach mór, leis an gcéad CAI eile, infheistíocht a dhéanamh i gcumais chibearshlándála fheabhsaithe agus é a chur ar a chumas don Aontas an chogaíocht hibrideach ina foirmeacha éagsúla a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil meáin atá saor, neamhspleách agus iolraíoch ina gcomhpháirt bhunúsach d’athléimneacht na hEorpa, agus go gcosnaíonn siad nach amháin saorshreabhadh na faisnéise ach freisin meon daonlathach, smaointeoireacht chriticiúil agus cinnteoireacht eolasach; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh in iriseoireacht neamhspleách agus in iriseoireacht iniúchach, i dtionscnaimh seiceála fíricí, i litearthacht dhigiteach agus i litearthacht sna meáin, agus smaointeoireacht chriticiúil chun cosaint a thabhairt ar bhréagaisnéis, ar ionramháil eachtrach ar fhaisnéis agus ar chur isteach eachtrach ar thoghcháin mar chuid den tionscnamh ‘Sciath Eorpach don Daonlathas’ agus, dá bhrí sin, athléimneacht dhaonlathach a ráthú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht bhuiséadach leanúnach ón Aontas do thionscnaimh sna réimsí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cistiú leanúnach, sa chéad CAI eile, chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir gur gá líonraí coiriúla trasnáisiúnta a chomhrac agus íospartaigh líonraí gáinneála a chosaint ar bhealach níos fearr, agus athléimneacht agus cumais freagartha a neartú chun aghaidh a thabhairt ar ionsaithe hibrideacha agus ar ionstraimiú na himirce a dhéanann tríú tíortha nó gníomhaithe naimhdeacha neamhstáit; á thabhair chun suntais, go háirithe, go bhfuil gá le tacaíocht do Bhallstáit túslíne chun teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthbhaint idir athléimneacht agus ullmhacht an Aontais agus athléimneacht agus ullmhacht a chomhpháirtithe réigiúnacha agus domhanda; á chur i dtábhacht go laghdaítear an riosca a bhaineann le héifeachtaí seach-iarmharta don Eoraip trí chumas na gcomhpháirtithe a neartú chun teagmhais adhaimsire, géarchéimeanna sláinte, feachtais hibrideacha, cibirionsaithe nó coinbhleachtaí armtha a chosc, a sheasamh agus freagairt go héifeachtach dóibh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíocht sheachtrach agus méadú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á áitiú, i gcomhthéacs na héagobhsaíochta domhanda atá ag dul i méid, nach mór don Aontas leanúint de bheith ag dul i dteagmháil ar bhealach cuiditheach le tríú tíortha agus tacú leis an tsíocháin agus cosc coinbhleachtaí, leis an gcobhsaíocht, leis an rathúnas, leis an tslándáil, le cearta an duine, leis an smacht reachta, le comhionannas, leis an daonlathas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe ar fud an domhain, i gcomhréir lena luachanna maidir le freagracht dhomhanda agus lena ghealltanais idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an ghníomhaíocht sheachtrach sa CAI reatha tearc-chistithe, rud a fhágann go dtéitear ar iontaoibh ionstraimí speisialta agus treisithe suntasacha san athbhreithniú meántéarma; á thabhairt dá haire, go háirithe, nach leor an cistiú le haghaidh cabhair dhaonnúil, rud a spreag gnáthúsáid an Chúlchiste um Chabhair Éigeandála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i dtábhacht go mbeidh bearna ollmhór ann mar gheall ar tharraingt siar na Stát Aontaithe óna ról domhanda iarchogaidh i dtaca le síocháin, slándaíl agus daonlathas a ráthú, dul ar thús cadhnaíochta maidir le rialachas domhanda san ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach, agus cabhair fhíor-riachtanach um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil fhíor-riachtanach a sholáthar do na daoine is mó atá i ngátar ar fud an domhain, agus go bhfuil freagracht ar an Aontas cuidiú leis an mbearna sin a líonadh, agus go bhfuil leas straitéiseach ollmhór aige ann; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tharraingt siar na Stát Aontaithe ar a dhéanaí sa togra uaidh le haghaidh CAI tar éis 2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór, leis an gcéad CAI eile, leanúint de bheith ag dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, amhail an t-athrú aeráide a chomhrac, faoiseamh a sholáthar i gcás tubaistí nádúrtha, coinbhleacht fhoréigneach a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi agus slándáil dhomhanda a ráthú, slándáil bia an domhain a áirithiú, córais cúraim sláinte agus córais oideachais a fheabhsú, bochtaineacht agus neamhionannas a laghdú, daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta agus ceartas sóisialta a chur chun cinn agus borradh a chur faoi iomaíochas agus slándáil slabhraí soláthair domhanda, i gcomhréir iomlán le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt; á chur i dtábhacht, go háirithe, go bhfuil gá le tacaíocht do Chomharsanachtaí an Deiscirt agus an Oirthir de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go háirithe i bhfianaise na gciorruithe suntasacha ar bhuiséad USAID, nach mór seasamh le ról an Aontais leis an mbuiséad mar an soláthraí is mó ar domhan maidir le cabhair um fhorbairt agus maoiniú don aeráid i gcomhréir le hoibleagáidí agus gealltanais dhomhanda an Aontais; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur thug an tAontas agus a Bhallstáit gealltanas comhpháirteach 0,7 % dá OIN a leithdháileadh ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt agus nach mór laghdú na bochtaineachta a leanúint de bheith ina phríomhchuspóir aige; á áitiú nach mór an buiséad a leanúint de bheith ina thacú leis an Aontas agus é ag iarraidh an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, an daonlathas, an t-iltaobhachas, cearta an duine agus luachanna bunúsacha a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á áitiú, i bhfianaise scála na ngéarchéimeanna daonnúla, na ndúshlán domhanda atá ag dul i méid agus na héiginnteachta a bhaineann le cúnamh na Stát Aontaithe faoin rialtas atá i bhfeidhm faoi láthair, nach mór cistiú le haghaidh cabhair dhaonnúil a fheabhsú go mór agus nach mór a úsáid a bheith bunaithe ar riachtanais amháin agus urraim a thabhairt do phrionsabail na neodrachta, an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta le linn a úsáide; á chur i dtábhacht, i bhfianaise chineál na cabhrach daonnúla atá bunaithe ar riachtanais, go n-éilítear cistiú imfhálaithe a sholáthraítear trí chlár caiteachais neamhspleách, agus atá éagsúil le maoiniú gníomhaíochta seachtraí eile; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go mbíonn soláthar éifeachtach na cabhrach daonnúla ag brath ar intuarthacht trí leithdháileadh bunlíne bliantúil atá leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i dtábhacht, i bhfianaise chineál na cabhrach daonnúla, go n-éilítear solúbthacht agus acmhainneacht shubstaintiúil um fhreagairt; á mheas, dá bhrí sin, sa bhreis ar fhigiúr bunlíne leordhóthanach, go dteastóidh solúbthacht imfhálaithe nach beag le haghaidh cabhair dhaonnúil ina dearadh ionas gur féidir freagairt go héifeachtach do na géarchéimeanna atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i dtábhacht, i gcomhthéacs ina bhfuil gníomhaithe domhanda ag baint níos mó úsáide as idirspleáchas trádála mar mhodh comhéigin eacnamaíoch, nach mór don Aontas a chumas a neartú chun a leasanna straitéiseacha féin a chosaint agus a chur chun cinn, uirlisí níos láidre a fhorbairt chun comhéigean a chomhrac agus fíor-chómhalartacht a áirithiú ina chomhpháirtíochtaí; á chur i bhfáth go dteastaíonn leithdháileadh straitéiseach maoinithe sheachtraigh chun cur chuige den sórt sin a ghlacadh chun tacú le comhpháirtíochtaí eacnamaíocha, slándála agus fuinnimh, mar shampla, atá ailínithe le luachanna agus leasanna straitéiseacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á mheas gur deis atá sa mhéadú chun an tAontas a neartú mar chumhacht gheopholaitiúil agus go bhfuil an chéad CAI eile ríthábhachtach chun an tAontas a ullmhú don mhéadú agus chun na tíortha is iarrthóirí a ullmhú don aontachas; á mheabhrú go bhfuil dlúthbhaint idir cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach na dtíortha is iarrthóirí agus cobhsaíocht, slándáil agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais agus go bhfuil gá le hinfheistíocht straitéiseach mharthanach chun tacú lena gcóineasú le caighdeáin an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag saoránaigh agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil gá le tacaíocht atá spriocdhírithe go straitéiseach don réamhaontachas agus don fhás agus don infheistíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart cúnamh réamhaontachais tar éis 2027 a chur ar fáil i bhfoirm deontas agus iasachtaí araon; á chur in iúl go gcreideann sí, sa chomhthéacs sin, gur cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí um maoiniú nuálach leis an gcreat a bheidh ann amach anseo, mar aon le hiasachtaí a thabhairt do thíortha is iarrthóirí le tacaíocht ón lamháltas buiséadach (an difríocht idir na hacmhainní dílse agus uasteorainneacha CAI);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór tacaíocht airgeadais a bheith coinníollach ar athchóirithe atá ailínithe le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> agus beartais an Aontais a chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh luachanna an Aontais; á chur i dtábhacht, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le samhail láidir rialachais lena n-áiritheofar cuntasacht, maoirseacht agus rialú parlaiminteach, agus le hollstruchtúr frithchalaoise atá láidir agus éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á athdhearbhú go dtugann sí tacaíocht iomlán do mhuintir na hÚcráine agus iad ag troid ar son na saoirse agus an daonlathais agus á chur in iúl gur saoth léi an fhulaingt agus an tionchar uafásacha mar thoradh ar chogadh foghach gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive atá in aice láimhe léi agus á áitiú gur gá na cistí is gá a úsáid chun tacú lena bpróisis aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór tacaíocht réamhaontachais don Úcráin a bheith éagsúil le cúnamh airgeadais le haghaidh cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, atógála agus téarnamh iarchogaidh, agus nach mór í a bheith sa bhreis ar an gcúnamh airgeadais sin, i gcás ina bhfuil riachtanais i bhfad níos substaintiúla agus ina bhfuil gá le hiarracht chomhbheartaithe idirnáisiúnta, ar cheart tacaíocht trí bhuiséad an Aontais a bheith ina cuid thábhachtach di;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart an clásal athbhreithnithe éigeantach atá ann cheana i gcás méadú a choinneáil sa chéad chreat eile agus nár cheart difear a dhéanamh do chlúdaigh náisiúnta; á chur i bhfios go láidir nach mór, leis an gcéad CAI eile, bearta iomchuí idirthréimhseacha agus céimnithe isteach a chur i bhfeidhm freisin le haghaidh príomhréimsí caiteachais, amhail comhtháthú agus talmhaíocht, bunaithe ar mheasúnú cúramach ar na tionchair ar earnálacha éagsúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cearta bunúsacha, luachanna an Aontais agus an smacht reachta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur i dtábhacht a thábhachtaí atá buiséad an Aontais agus cláir amhail Erasmus+ agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna maidir leis an daonlathas agus luachanna an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint, oidhreacht chultúrtha choiteann an Aontais agus lánpháirtiú na hEorpa a chothú, rannpháirtíocht na saoránach, oideachas saorántachta agus rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú, agus cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn; á iarraidh, i ndáil leis sin, go soláthrófaí cistiú méadaithe do Erasmus+ sa chéad CAI eile; á chur i bhfios a thábhachtaí atá neamhspleáchas an chórais ceartais, dea-fheidhmiú institiúidí náisiúnta, an dí-olagarcú, tacaíocht láidir don tsochaí shibhialta agus, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) CAE, idirphlé gníomhach leis an tsochaí shibhialta, rud atá ríthábhachtach chun spás sibhialta gníomhach a chothú, cuntasacht agus trédhearcacht a áirithiú agus an lucht ceaptha beartas a chur ar an eolas faoi dhea-chleachtais ón mbun aníos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, go gceanglaítear le hathmhúnlú an Rialacháin Airgeadais don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais, comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a áirithiú agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, a urramú; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go n-áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na tograí le haghaidh an chéad CAI eile, lena n-áirítear na tograí le haghaidh na gclár caiteachais, ailínithe leis an Rialachán Airgeadais athmhúnlaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil éagobhsaíocht i réigiúin chomharsanachta agus níos faide i gcéin, bochtaineacht, treochtaí foluiteacha san fhorbairt eacnamaíoch, athruithe déimeagrafacha agus an t-athrú aeráide fós ag giniúint sreafaí imirce i dtreo an Aontais, rud a chuireann brú suntasach ar chórais tearmainn agus imirce; á chur i bhfios go láidir, le CAI tar éis 2027, nach mór tacú le Comhshocrú Tearmainn agus Imirce an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus go pras, agus le beartais éifeachtacha um fhilleadh agus um athligean isteach, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais, lena n-áirítear prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach mór don Aontas, i gcomhréir leis an gComhshocrú, comhar feabhsaithe agus comhpháirtíochtaí a rachadh chun tairbhe an dá thaobh a shaothrú le tríú tíortha maidir leis an imirce, agus grinnscrúdú parlaiminteach leormhaith ag baint leo, agus nach mór an comhar sin a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas fíor-riachtanach é luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar chistí de chuid an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá naisc láidre idir urraim don smacht reachta agus rochtain ar chistí an Aontais faoin CAI reatha; á chur in iúl go gcreideann sí go mbraitheann cosaint leasanna airgeadais an Aontais ar urraim don smacht reachta ar an leibhéal náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, tionchar dearfach an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcásanna sáruithe sistéamacha agus leanúnacha ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an rialachán a chur i bhfeidhm go docht, go comhsheasmhach agus gan moill mhíchuí nuair is gá; á chur i dtábhacht nach mór cinntí maidir le cistiú an Aontais a chur ar fionraí nó a laghdú mar gheall ar sháruithe ar an smacht reachta a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus nach mór nach mbeidh breithnithe eile mar threoir acu, ná nach mbeidh siad mar thoradh ar chaibidlíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil gá le nasc níos láidre idir an smacht reachta agus buiséad an Aontais tar éis 2027 agus á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin naisc a neartú idir na moltaí sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta agus rochtain ar chistí tríd an mbuiséad; á iarraidh ar an gCoimisiún a leagan amach, sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ó 2025 ar aghaidh, a mhéid a d’fhéadfadh laigí sainaitheanta i gcórais an smachta reachta buiséad an Aontais a chur i mbaol; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an nasc idir urraim do luachanna an Aontais agus cur chun feidhme an bhuiséid agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán gníomhach a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na Ballstáit an prionsabal sin ar bhealach aontaithe agus gníomhaíocht mhear a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bosca uirlisí láidir maidir leis an smacht reachta agus luachanna eile de chuid an Aontais a chomhdhlúthú, ag tógáil ar na forálacha coinníollachta atá ann faoi láthair faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais agus á áitiú gur cheart buiséad iomlán an Aontais a chumhdach leis an mbosca uirlisí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le trédhearcacht agus comhsheasmhacht i bhfad níos mó maidir le cur i bhfeidhm uirlisí chun an smacht reachta a chosaint agus gur gá ról na Parlaiminte a neartú i dtaca le cur i bhfeidhm agus grinnscrúdú na mbeart sin; á áitiú, thairis sin, go bhfuil gá le comhsheasmhacht ar fud na n-ionstraimí agus measúnú á dhéanamh ar sháruithe ar an smacht reachta sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á mheabhrú go bhforáiltear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta nár cheart na tairbhí a bhaineann le cistí an Aontais a bhaint d’fhaighteoirí deiridh i gcás ina gcuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm ar a rialtas; á chur in iúl go gcreideann sí, go dtí seo, nach raibh an fhoráil sin éifeachtach agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige coinníollachta cliste a chur i bhfeidhm ionas nach ngearrfar pionós ar thairbhithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí a rialtais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir lena bhfuil beartaithe aige sna treoirlínte polaitiúila, bearta sonracha a mholadh chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus tairbhithe eile leanúint de thairbhe a bhaint as cistiú ón Aontas i gcás ina ndéanann rialtais náisiúnta sárú ar an smacht reachta gan cur i bhfeidhm an rialacháin a lagú agus oibleagáid íocaíochta an Bhallstáit faoi dhlí an Aontais á coinneáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach lena ndéantar cuspóirí beartais an Aontais a phríomhshruthú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur i bhfáth go n-éilítear le buiséad fadtéarmach atá ailínithe go hiomlán le haidhmeanna straitéiseacha an Aontais go ndéanfaí príomhchuspóirí a phríomhshruthú ar fud an bhuiséid trí shraith de phrionsabail chothrománacha, ag tógáil ar na ceachtanna ón CAI reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á mheabhrú nár cheart ualach riaracháin iomarcach ar thairbhithe a theacht as cur chun feidhme prionsabal cothrománach agus gur cheart cur chun feidhme prionsabal cothrománach a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta; á iarraidh go gceapfaí réitigh nuálacha agus go mbainfí úsáid as uirlisí tuairiscithe uathoibrithe, lena n-áirítear intleacht shaorga, chun bailiú sonraí níos éifeachtúla a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach mór a áirithiú leis an gcéad CAI eile, ar bhonn uilechoiteann, go saothrófar cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta le cláir chaiteachais, go ndéanfar cearta agus comhdheiseanna do chách a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear comhionannas inscne, go dtacófar leis an iomaíochas agus go dtreiseofar ullmhacht an Aontais in aghaidh bagairtí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i bhfios gur fearr is féidir príomhshruthú éifeachtach a bhaint amach trí bhosca uirlisí beart, go príomha trí cheapadh beartas, ceapadh tionscadal agus dearadh rialála, measúnuithe tionchair críochnúla agus rianú láidir ar chaiteachas agus, i gcásanna sonracha, spriocanna caiteachais atá bunaithe ar shonraí ábhartha atá ar fáil; á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe móra ar thuairisciú feidhmíochta sa CAI reatha, a fhágann gur féidir grinnscrúdú níos fearr a dhéanamh ar thionchar chaiteachas an Aontais agus á iarraidh go ndéanfaí é sin a fhorbairt a thuilleadh sa chéad chlárthréimhse eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi forbairt modheolaíochta chun caiteachas inscnebhunaithe a rianú agus á mheas gur cheart na ceachtanna a foghlaimíodh, go háirithe a mhéid a bhaineann le bailiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne, an faireachán ar chur chun feidhme agus tionchar agus ualach riaracháin, a chur i bhfeidhm sa chéad CAI eile chun feabhas a chur ar an modheolaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar indéantacht an bhuiséadaithe inscne sa chéad CAI eile; á chur i bhfáth, ar an gcaoi chéanna, gur gá feabhas suntasach a chur ar mhodheolaíochtaí príomhshruthaithe aeráide agus bithéagsúlachta chun bogadh i dtreo tionchar a thomhas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún measúnuithe tionchair críochnúla go córasach, lena n-áirítear measúnuithe tionchair inscne, ar an reachtaíocht uile lena mbaineann caiteachas tríd an mbuiséad agus á éileamh go n-athrófaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go meastar go sárófar an sprioc 30 % maidir le príomhshruthú an athraithe aeráide sa CAI reatha; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil an tAontas ar an gconair cheart chun an sprioc 10 % le haghaidh 2026 maidir le caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a bhaint amach; á áitiú, mar sin féin, go raibh na spriocanna in IIA ina dtoisc mhór chun caiteachas aeráide agus bithéagsúlachta a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna caiteachais a rannchuidíonn go dearfach leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht a oiriúnú i gcomhréir le huaillmhianta beartais an Aontais ina leith sin, agus na riachtanais infheistíochta le haghaidh na n-uaillmhianta beartais sin á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 33(2) den Rialachán Airgeadais agus, dá bhrí sin, gan dochar suntasach<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a dhéanamh do na cuspóirí sonraithe, agus coinníollacha oibre agus fostaíochta is infheidhme á n-urramú agus prionsabal an chomhionannais inscne á chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais breosla iontaise uile agus na fóirdheontais uile lena ndéantar dochar don chomhshaol sa chéad CAI eile; á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go dtiocfaidh an Coimisiún chun cinn leis an treochlár atá beartaithe aige i ndáil leis sin mar chuid den togra uaidh le haghaidh an chéad CAI eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach le riarachán éifeachtach chun freastal ar mhuintir na hEorpa </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá riarachán dea-fheidhmúil a bheith ina bhonn taca le beartais an Aontais; á áitiú, tar éis 2027, go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus foirne a leithdháileadh ón tús ionas gur féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, mar aon le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ceapadh beartas atá éifeachtach agus éifeachtúil, cur i gcrích agus forfheidhmiú ardcháilíochta beartas a áirithiú, leanúint de na daoine is fearr ó na Ballstáit uile a mhealladh, agus ar an gcaoi sin cothromaíocht gheografach a áirithiú, agus go mbeidh saoirse acu dul in oiriúint do dhálaí atá ag athrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh dochar do chumas an Aontais beartas a chur chun feidhme go héifeachtach agus a leasanna airgeadais a chosaint laistigh den CAI reatha mar gheall ar ghanntanas acmhainní riaracháin agus mar gheall ar chur i bhfeidhm diongbháilte beartais maidir le soláthar foirne cobhsaí, d’ainneoin éilimh agus freagrachtaí atá ag dul i méid; á chur i bhfios, mar shampla, nach ndearnadh foireann leordhóthanach a sholáthar chun an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Gníomh um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gceart agus, ar an gcaoi sin, gur baineadh an bonn d’éifeachtacht na reachtaíochta, agus ag tarraingt aird ar na hath-leithdháiltí ó chláir ar ghníomhaireachtaí díláraithe a rinneadh arís agus arís eile chun riachtanais soláthair foirne a chumhdach; á áitiú go ndéanfaí leibhéil soláthair foirne a chinneadh le measúnú oibiachtúil ar riachtanais agus reachtaíocht á moladh agus go ndéanfaí iad a oiriúnú, agus a chur san áireamh, agus pleanáil á déanamh le haghaidh caiteachas riaracháin ón tús;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i dtábhacht gur fhéach an Coimisiún, go pointe, le dul timpeall ar a bheartas féin maidir le soláthar foirne cobhsaí trí chur leis an bhfoireann a bhaineann le cláir agus saoráidí agus, ar an gcaoi sin, nach gcumhdaítear leis an uasteorainn caiteachais riaracháin; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, nach ndéantar leis an gcur chuige sin ach an fhadhb a cheilt agus go bhféadfadh sé, sa deireadh, go mbainfí an bonn d’acmhainn oibríochtúil na gclár mar gheall air; á áitiú, dá bhrí sin, go dteastaíonn caiteachas riaracháin chun freagrachtaí breise a chomhlíonadh agus nár cheart clúdaigh clár a chreimeadh leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir le hinfheistíocht tosaigh i mbonneagar daingean idir-inoibritheach TF agus i gcumais mianadóireachta sonraí coigilteas costais níos fadtéarmaí a ghiniúint agus feabhas ollmhór a chur ar sheachadadh beartais agus ar rianú caiteachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á aithint, in éagmais aon sásra ceartúcháin sa CAI reatha, go bhfuil méadú nach beag tagtha ar chostais reachtúla mar gheall ar bhoilsciú ard, agus nach mór úsáid fhorleathan a bhaint as ionstraimí speisialta chun an t-easnamh a chumhdach; a chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chomhairle rogha gan glacadh leis an togra ón gCoimisiún an uasteorainn a ardú le haghaidh caiteachas riaracháin san athscrúdú ar CAI, rud a lagaíonn ionstraimí speisialta a thuilleadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach atá níos simplí agus níos trédhearcaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór an chéad CAI eile a cheapadh ar bhealach lena simplítear saol na dtairbhithe uile trí rómhaorlathas nach bhfuil gá leis a laghdú; á chur i bhfios go láidir gur gá rialacha agus ceanglais tuairiscithe a chomhchuibhiú i gcás inar féidir chun simpliú a bhaint amach, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, comhsheasmhacht a áirithiú idir na rialacha is infheidhme ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil gá le fíorphointe iontrála aonair atá so-úsáidte le haghaidh cistiú ón Aontas agus le nós imeachta simplithe um iarratais atá ceaptha i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha; á chur i bhfios, thairis sin, nach mór an chéad CAI eile a chur chun feidhme chomh gar do dhaoine agus is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí fíorshimpliú i gcás ina bhfuil cuspóirí forluiteacha, critéir incháilitheachta éagsúla agus rialacha difriúla lena rialaítear forálacha cothrománacha ar cheart iad a bheith aonfhoirmeach ar fud na gclár; á mheas nach mór measúnú ar na cláir chaiteachais ba cheart a áireamh sa chéad CAI eile a bheith bunaithe ar na gnéithe thuasluaite, ar an ngá atá le caiteachas a dhíriú ar chuspóirí beartais atá sainaitheanta go soiléir agus a bhfuil breisluach Eorpach soiléir ag baint leo, agus ar loighic idirghabhála beartais gach cláir; á chur i bhfáth nach críoch ann féin é an líon clár a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart a bheith i gceist leis an simpliú go dtugtar tuilleadh saoirse don Choimisiún gan na seiceálacha agus ceartúcháin is gá a dhéanamh, agus dá bhrí sin, nach mór é a bhaint amach agus urraim iomlán á tabhairt don chothromaíocht institiúideach dá bhforáiltear sna Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á áitiú nach féidir simpliú a bheith chun dochair do cháilíocht dhearadh agus chur chun feidhme na gclár agus, dá bhrí sin, nach mór buiséad níos simplí a bheith ina bhuiséad níos trédhearcaí freisin, lena gcumasófar cuntasacht, grinnscrúdú, rialú caiteachais, agus lena laghdófar na rioscaí a bhaineann le cistiú dúbailte, mí-úsáid agus calaois; á chur i bhfios go láidir nach mór aon laghdú ar chláir a fhritháireamh le miondealú atá i bhfad níos mionsonraithe ar an mbuiséad de réir líne bhuiséid, i gcodarsnacht le roinnt cumasc clár sa CAI reatha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI – an Eoraip Dhomhanda), ar sampla é nach bhfuil le leanúint; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí miondealú atá mionsonraithe go leormhaith de réir líne bhuiséid chun é a chur ar a chumas don údarás buiséadach cuntasacht chuí a fheidhmiú agus chun a áirithiú go mbeidh cinnteoireacht sa nós imeachta buiséadach bliantúil agus le linn chur chun feidhme an bhuiséid fóinteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an trédhearcacht ríthábhachtach chun muinín na saoránach a choinneáil, agus go bhfuil calaois agus mí-úsáid cistí thar a bheith díobhálach don mhuinín sin; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá don Pharlaimint a bheith in ann caiteachas a rialú agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir urscaoileadh a dheonú; á áitiú go dteastaíonn iniúchóireacht láidir ar an gcaiteachas buiséadach uile bunaithe ar chur i bhfeidhm riain iniúchta aonair chun cuntasacht chuí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí frithchalaoise comhchuibithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm ar fud ionstraimí cistiúcháin le haghaidh CAI tar éis 2027 lena n-áiritheofar cosaint bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe go ndéanfaí na hionstraimí caiteachais uile ar leibhéal an Aontais a thabhairt faoi réim an údaráis bhuiséadaigh, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht, rialú daonlathach agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí buiséadú iomlán ar ionstraimí seachbhuiséid (i bpáirt) amhail an Ciste Aeráide Sóisialta, an Ciste don Nuálaíocht agus an Ciste don Nuachóiriú, nó a gcomharbaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach atá níos solúbtha agus níos freagrúla do ghéarchéimeanna agus do shuaití</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfios, go traidisiúnta, nár ceapadh CAI le freagairt i gcás géarchéime ná le loighic solúbthachta, ach gur ceapadh é go príomha chun intuarthacht infheistíochta mheántéarmach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs polaitiúil, slándála, eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú go tapa, nach féidir cur chuige den sórt sin a ghlacadh a thuilleadh; á áitiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ionsuite um fhreagairt i gcás géarchéime sa chéad CAI eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an CAI reatha buailte ag easpa solúbthachta agus neamhábaltacht dul in oiriúint do thosaíochtaí caiteachais atá ag teacht chun cinn; á mheas gur gá cothromaíocht níos fearr a bhaint amach sa chéad CAI eile idir intuarthacht infheistíochta agus solúbthacht chun béim ar chaiteachas a choigeartú; á thabhairt chun suntais go dteastaíonn cobhsaíocht níos mó chun caiteachas a dhéanamh i réimsí áirithe ná mar a theastaíonn i réimsí eile ina bhfuil solúbthacht níos luachmhaire; á chur i bhfáth nach bealach inmharthana iad athdháiltí athfhillteacha chun tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú toisc go ndéanann siad dochar d’infheistíochtaí agus go gcuireann siad baint amach na gcuspóirí beartais arna gcomhaontú i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chur in iúl go gcreideann sí, cé go ndéantar cuid shuntasach den chistiú a leithdháileadh ar chuspóirí roimh ré, gur cheart cúlchiste solúbthachta atá substaintiúil agus ionsuite a choinneáil i gcláir chaiteachais, le leithdháileadh ar chuspóirí sonracha beartais a bheidh le cinneadh ag an údarás buiséadach; á thabhairt dá haire go gcuirtear samhail ar fáil le haghaidh cúlchiste solúbthachta den sórt sin le cúlchiste ICFCI – an Eoraip Dhomhanda um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ach nár cheart an próiseas cinnteoireachta lena shlógadh a mhacasamhlú sa CAI a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfios gur gá cumhachtaí grinnscrúdaithe atá níos láidre agus níos éifeachtaí a bheith ag na comhreachtóirí maidir le tosaíochtaí agus cuspóirí beartais a shocrú agus le miondealú mionsonraithe buiséadach chun a áirithiú go mbeidh an t-údarás buiséadach in ann cinntí fóinteacha agus eolasacha a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór corrlaigh leordhóthanacha a bheith ag CAI faoi gach ceannteideal chun a áirithiú gur féidir freastal ar ionstraimí nua nó ar chuspóirí caiteachais nua a comhaontófar le linn na clárthréimhse gan cistiú do chuspóirí eile beartais agus do chuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha a chreimeadh ná acmhainneacht um fhreagairt i gcás géarchéime a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhforáiltear leis an deis maidir le haistrithe buiséadacha faoin Rialachán Airgeadais maidir le solúbthacht chun oiriúnú do riachtanais chaiteachais a thagann chun cinn le linn chur chun feidhme an bhuiséid; á chur i bhfáth, faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, go bhfuil saoirse nach beag ag an gCoimisiún méideanna suntasacha a aistriú idir réimsí beartais gan formheas an údaráis bhuiséadaigh, rud a chuireann teorainn le grinnscrúdú agus le rialú; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-athrófaí na rialacha chun uasmhéid a thabhairt isteach, i dteannta céatadán uasta in aghaidh na líne buiséid, le haghaidh aistrithe gan fhormheas; á mheas, i gcás aistrithe ó institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún atá faoi réir agóid fhéideartha a bhfuil údar cuí léi ón bParlaimint nó ón gComhairle, go bhféadfadh tairseach ar faoina bun a bheidís díolmhaithe ón nós imeachta sin a bheith ina beart úsáideach simpliúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á mheabhrú gur cuireadh tuilleadh brú ar an CAI reatha mar gheall ar leibhéil arda boilscithe i gcomhthéacs ina gcuirtear díbhoilsceoir bliantúil 2 % i bhfeidhm maidir le praghsanna 2018, rud a laghdaíonn luach fíor-théarmaí an bhuiséid agus a chuireann brú ar a acmhainneacht oibríochtúil agus riaracháin; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart acmhainneacht leordhóthanach um fhreagairt a thabhairt don bhuiséad amach anseo ionas gur féidir an buiséad a oiriúnú do shuaití boilscitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ó bhonn ar na hionstraimí speisialta atá ann cheana chun an acmhainneacht um fhreagairt i gcás géarchéime a neartú agus frithghníomh éifeachtach pras a áirithiú trí shlógadh níos tapa; á chur i bhfios go láidir nach leor méid na n-ionstraimí atá ann faoi láthair agus go bhfuil siad srianta mar gheall ar dholúbthacht iomarcach, agus go bhfuil roinnt acu imfhálaithe go héifeachtach de réir an chineáil géarchéime; á chur i bhfios go n-áiritheofar le hacmhainneacht fheabhsaithe um fhreagairt i gcás géarchéime nach n-iarrfar cistí an bheartais comhtháthaithe chun na críche sin agus gur féidir, dá bhrí sin, iad a úsáid le haghaidh na gcuspóirí infheistíochta atá beartaithe dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á mheas nár cheart ach dhá ionstraim speisialta a áireamh in CAI tar éis 2027 – ionstraim amháin atá dírithe ar dhlúthpháirtíocht a áirithiú i gcás tubaistí nádúrtha (a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gCúlchiste Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ann cheana) agus ionstraim eile le haghaidh freagairt ghinearálta i gcás géarchéime agus chun freagairt d’aon riachtanas gan choinne agus do thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear i gcás nach leor na méideanna san ionstraim speisialta le haghaidh tubaistí nádúrtha (a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Ionstraim Sholúbthachta); á áitiú gur cheart an dá ionstraim speisialta a chistiú go leormhaith ón tús agus gur cheart a bheith in ann méideanna nár caitheadh a thabhairt anonn leo ar feadh tréimhse éiginnte thar thréimhse CAI; á chur in iúl go gcreideann sí gur féidir gach ionstraim speisialta eile a fhoirceannadh nó a chomhchuimsiú sa dá ionstraim speisialta nó i gcláir atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an Ionstraim Sholúbthachta a bheidh ann amach anseo a thús-ualú go mór agus go ndéanfaí í a chothú ina dhiaidh sin trí roinnt foinsí breise maoinithe: corrlaigh nár caitheadh ó bhlianta roimhe seo (amhail an Ionstraim Corrlaigh Aonair atá ann faoi láthair), an barrachas bliantúil ón mbliain roimhe sin, sásra atá bunaithe ar fhíneálacha agus atá múnlaithe ar Airteagal 5 de Rialachán CAI atá ann cheana, athshreabha ó ionstraimí airgeadais agus leithreasuithe saortha; á chur i bhfios go láidir gur cheart an chéad CAI eile a cheapadh sa chaoi nach dteastóidh na hionstraimí speisialta don todhchaí chun aisíoc fiachais a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur ghá leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais chun an barrachas, athshreabha ó ionstraimí airgeadais agus ó sholáthar barrachais agus saoradh a athúsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á chur i bhfios, le hacmhainní tosaigh leordhóthanacha agus le socruithe den sórt sin chun cistí nár úsáideadh a athúsáid, go mbeadh acmhainneacht freagartha i bhfad níos mó ag an mbuiséad gan cur isteach ar intuarthacht na ranníocaíochtaí náisiúnta atá bunaithe ar OIN; á áitiú gur lú seans go mbeidh gá le hathscrúdú suntasach meántéarma a dhéanamh ar CAI ag a mbeidh níos mó solúbthachta agus acmhainneachta freagartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach atá níos dírithe ar thorthaí </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á chur i dtábhacht, chun an tionchar a uasmhéadú, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí caiteachas faoin gcéad CAI eile a ailíniú ar bhealach i bhfad níos déine le haidhmeanna bheartas straitéiseach an Aontais agus go ndéanfaí é a chomhordú ar bhealach níos fearr leis an gcaiteachas ar an leibhéal náisiúnta; á chur i bhfios go láidir, dá réir sin, go bhfuil sé ríthábhachtach dul i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun rochtain ar chistiú a éascú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh tacaíocht ón Aontas fíor-riachtanais na dtairbhithe deiridh agus go soláthraítear léi tairbhí nithiúla do dhaoine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cúnamh teicniúil d’údaráis cur chun feidhme chun cuidiú le cur chun feidhme tráthúil, breisíocht infheistíochtaí agus, dá bhrí sin, tionchar uasta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, chun tacú le comhordú éifeachtach idir caiteachas an Aontais agus caiteachas náisiúnta, go bhfuil ‘sásra stiúrtha barainneach nua’ beartaithe ag an gCoimisiún, ar sásra é atá ceaptha chun ‘an nasc idir an comhordú foriomlán beartais agus buiséad an Aontais a threisiú’; á áitiú go nglacfaidh an Pharlaimint ról cinnteoireachta iomlán in aon sásra comhordaithe nó stiúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>á mheas go raibh STA, agus é dírithe ar fheidhmíocht agus ar naisc idir athchóirithe agus infheistíochtaí agus tacaíocht bhuiséadach, ina chuidiú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe náisiúnta a spreagadh nach ndéanfaí murach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir STA a bheith ina chuidiú chun bonn eolais a chur faoi chur i gcrích chaiteachas an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte; á mheabhrú, áfach, gur comhaontaíodh STA i gcomhthéacs an-sonrach phaindéim COVID-19 agus nach féidir, dá bhrí sin, é a mhacasamhlú ar bhonn mórdhíola le haghaidh cláir infheistíochta a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á chur i bhfios nach mór údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile a bheith rannpháirteach i gcaiteachas faoi bhainistíocht chomhroinnte sa chéad CAI eile ó cheapadh go cur i gcrích, trí chur chuige rialachais áitbhunaithe agus il-leibhéil agus i gcomhréir le prionsabal comhpháirtíochta feabhsaithe, nach mór gné thrasteorann Eorpach na dtionscadal infheistíochta a áirithiú leis, agus nach mór é a bheith dírithe ar thorthaí agus ar thionchar seachas ar aschuir trí tháscairí feidhmíochta intomhaiste a leagan síos, trí infhaighteacht sonraí ábhartha a áirithiú agus trí chur le dearadh clár agus le coigeartú clár;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, le ceapadh an chaiteachais faoi bhainistíocht chomhroinnte sa chéad CAI eile, nach mór ról na Parlaimint a chosaint mar reachtóir, údarás buiséadach agus údarás um urscaoileadh agus maidir leis an bhfeidhmeannas a thabhairt chun cuntais, trí shásraí cuntasachta diana a chur i bhfeidhm agus trí thrédhearcacht iomlán a ráthú maidir le tairbhithe deiridh nó grúpaí faighteoirí de chistí caiteachais de chuid an Aontais trí chóras idir-inoibritheach lena gcumasófar rianú éifeachtach ar shreafaí airgid agus ar dhul chun cinn tionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á mheas, i dtaca leis an gcur chuige ‘plean náisiúnta amháin in aghaidh an Bhallstáit’ mar atá beartaithe ag an gCoimisiún, nach bhfuil sé i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thuas agus nach féidir é a bheith ina bhunús le caiteachas faoi bhainistíocht chomhroinnte tar éis 2027; á mheabhrú, i ndáil leis sin, go gceanglaítear ar an Aontas, faoi Airteagal 175 CFAE, tacaíocht a sholáthar trí ionstraimí do chaiteachas talmhaíochta, réigiúnach agus sóisialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach lena mbainistítear dliteanais go hinbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an Pharlaimint go láidir i gcoinne aisíocaíocht chostais iasachtaíochta NGEU a chur faoi réir uasteorann laistigh de cheannteideal CAI ós rud é go bhfuil na costais sin faoi réir dhálaí an mhargaidh, faoi thionchar tosca seachtracha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad luaineach go bunúsach agus gur oibleagáid dhlíthiúil neamhroghnach é costais iasachtaíochta a aisíoc; á chur i bhfáth gur gá acmhainní dílse nua a thabhairt isteach freisin chun cosc a chur ar na glúine atá le teacht an t-ualach a bhaineann le fiacha roimhe seo a iompar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi, faoin struchtúr atá ann cheana agus d’ainneoin an dearbhaithe chomhpháirtigh ó na trí institiúid mar chuid de chomhaontú CAI 2020 ina mbeidh sé d’aidhm ag caiteachas chun costais mhaoiniúcháin NGEU a chumhdach ‘gan cláir agus cistí a laghdú’, go raibh maoiniú do phríomhchláir agus d’acmhainní de chuid an Aontais atá ar fáil d’ionstraimí speisialta, fiú tar éis an athscrúdaithe ar CAI, in iomaíocht <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> le costais iasachtaíochta NGEU a aisíoc i gcomhthéacs boilsciú géar agus rátaí úis atá ag ardú; á mheabhrú go raibh brú ar an mbuiséad, arb iad costais iasachtaíochta NGEU ba chúis leis, ina phríomhthoisc chun ciorruithe a dhéanamh ar chláir shuaitheanta san athscrúdú ar CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, go dtí seo, nár ceanglaíodh ach ús a bhaineann le NGEU a aisíoc as buiséad an Aontais agus, ó 2028 ar aghaidh, go gcaithfear an caipiteal a aisíoc freisin as buiséad an Aontais; á chur i bhfios go láidir, de réir an Choimisiúin, go meastar gur thart ar EUR 25-30 billiún in aghaidh na bliana ó 2028 ar aghaidh a bheidh sna costais iomlána le haghaidh aisíocaíochtaí caipitil agus úis NGEU, méid atá coibhéiseach le 15-20 % de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á aithint, cé go mbeidh costais iasachtaíochta NGEU níos cobhsaí sa chéad tréimhse CAI eile toisc go mbeidh bannaí eisithe cheana féin, go mbeidh tionchar ag an bpróifíl bheacht aisíocaíochta ar an leibhéal úis agus, dá bhrí sin, ar an méid luaineachta; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí na costais uile a bhaineann le hiasachtaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais nó ón lamháltas buiséadach a láimhseáil ar leithligh ó leithreasuithe le haghaidh cláir de chuid an Aontais laistigh d’ollstruchtúr CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar bhuiséad an Aontais a bheith ina ráthaíocht do thacaíocht ríthábhachtach an Aontais trí chúnamh macra-airgeadais agus na rioscaí gaolmhara; á chur i bhfios go láidir, i gcás mainneachtana nó aistarraingt ráthaíochtaí náisiúnta, go ndéantar, i ndeireadh na dála, na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais uile a fhrithghealladh i mbuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, go bhfuil dliteanais theagmhasacha shuntasacha agus dhothuartha ag gabháil leis, go háirithe i ndáil leis an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún ollstruchtúr fónta marthanach a dhearadh lena gcumasófar bainistiú inbhuanaithe na gcostas agus na ndliteanas neamh-roghnach uile, agus cláir an Aontais agus acmhainneacht solúbthachta agus freagartha an bhuiséid a chaomhnú go hiomlán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach a bhfuil na hacmhainní cuí aige agus a mhaoineofar go hinbhuanaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, mar a shonraítear thuas, go mbeidh na riachtanais bhuiséadacha tar éis 2027 i bhfad níos airde ná na méideanna a leithdháilfear ar CAI 2021-2027 agus, ina theannta sin, gur gá costais iasachtaíochta agus aisíocaíocht fiachais a chumhdach leo; á áitiú, dá bhrí sin, go dtabharfaí i bhfad níos mó acmhainní don chéad CAI eile i gcomparáid leis an tréimhse 2021-2027 agus, ar an gcaoi sin, go n-imeofaí ón leibhéal féin-fhorchurtha a bhí sriantach go stairiúil, mar atá, 1 % de OIN, rud a chuir chosc ar an Aontas a uaillmhianta a chomhlíonadh agus a bhain an cumas de freagairt do ghéarchéimeanna agus oiriúnú do riachtanais atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á mheas gur cheart na hionstraimí agus na huirlisí uile a fhiosrú chun na hacmhainní sin a sholáthar don Aontas, i gcomhréir lena thosaíochtaí agus lena riachtanais shainaitheanta; á mheas, i ndáil leis sin, gur rogha inmharthana í iasachtaíocht chomhpháirteach trí bhannaí AE a eisiúint chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna tromchúiseacha uile-Aontais amhail an ghéarchéim atá ann go fóill i réimse na slándála agus na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le hioncam inbhuanaithe agus athléimneach do bhuiséad an Aontais; ag tarraingt aird ar an treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach in IIA, inar gheall an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun aisíocaíocht fhiachas NGEU a chumhdach ar a laghad; á chur i bhfios go láidir, ar an iomlán, gur cheart an ciseán d’acmhainní dílse nua a bheith cóir, a bheith nasctha le haidhmeanna beartais níos leithne an Aontais agus a bheith comhaontaithe in am agus le méid leordhóthanach chun na riachtanais bhuiséadacha atá ag dul i méid a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn sí leis an togra leasaithe ón gCoimisiún maidir leis an gcóras acmhainní dílse; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an easpa iomlán dul chun cinn maidir leis an gcóras acmhainní dílse sa Chomhairle; á iarraidh ar an gComhairle an togra sin a ghlacadh mar ábhar práinne; agus ag tathant ar an gCoimisiún a sheacht ndícheall a dhéanamh chun tacú leis an bpróiseas glactha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, leanúint d’iarrachtaí acmhainní dílse nua breise atá nuálach agus dáiríre agus foinsí ioncaim eile a shainaithint lasmuigh díobh siúd a shonraítear in IIA; á chur i bhfáth go bhfuil acmhainní dílse nua fíor-riachtanach nach amháin chun aisíoc chostais iasachtaíochta NGEU a chumasú, ach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a riachtanais chaiteachais níos airde a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún buiséad nuachóirithe a dhearadh le béim athnuaite ar chaiteachas, arna spreagadh ag an ngá atá le cothroime, le simpliú níos fearr, le hualach riaracháin laghdaithe agus le tuilleadh trédhearcachta, lena n-áirítear ar thaobh an ioncaim; á chur i bhfios go láidir go rachaidh na lacáistí agus na ceartúcháin atá ann cheana in éag go huathoibríoch ag deireadh an CAI reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cinneadh, san athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais, aon ús nó muirear eile atá le híoc le tríú páirtí a bhaineann le méideanna fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí a chuireann an Chúirt Bhreithiúnais ar ceal nó a laghdaíonn sí a láimhseáil mar ioncam diúltach; á mheabhrú go dtiocfaidh deireadh leis an réiteach sin an 31 Nollaig 2027; á iarraidh ar an gCoimisiún réiteach cinntitheach a mholadh le haghaidh an chéad CAI eile lena mbaintear amach an cuspóir céanna, mar atá, aon tionchar ar thaobh caiteachais an bhuiséid a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buiséad fadtéarmach atá bunaithe ar dhlúthchomhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé beartaithe ag an bParlaimint a sainphribhléidí a fheidhmiú go hiomlán mar reachtóir, údarás buiséadach agus údarás um urscaoileadh faoi na Conarthaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an ceanglas maidir le dlúthchomhar idirinstitiúideach idir an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint ó chéimeanna luatha an deartha go dtí glacadh deiridh CAI cumhdaithe sna Conarthaí agus go bhfuil sé mionsonraithe a thuilleadh in IIA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>ag cur béim ar thiomantas na Parlaiminte a ról a chomhlíonadh go hiomlán le linn an phróisis; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart CAI a dhearadh ón mbun aníos agus gur cheart é a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil gá le hidirphlé straitéiseach i measc na dtrí institiúid roimh thograí CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún socruithe praiticiúla le haghaidh comhair agus fíorchaibidlíochta a chur ar aghaidh ón tús; á chur i bhfios, go háirithe, a thábhachtaí atá sé cruinnithe den triúr Uachtarán a thionól, de réir Airteagal 324 CFAE, i gcás inar féidir leo cabhrú le dul chun cinn, agus á áitiú go ndéanfadh an Coimisiún obair leantach nuair a iarrann an Pharlaimint cruinnithe den sórt sin; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé d’oibleagáid air faisnéis a chur ar fáil don Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle mar an dá bhrainse den údarás buiséadach agus mar chomhreachtóirí maidir le bunghníomhartha a bhaineann le CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P>á mheabhrú go bhforáiltear go sonrach in IIA go bhféachfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ‘le socruithe sonracha a chinneadh don chomhar agus don idirphlé’; á chur i bhfáth gurb é atá sna forálacha comhair a leagtar amach in IIA, lena n-áirítear cruinnithe rialta idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, an rud is lú is féidir a dhéanamh agus gur gá i bhfad níos mó a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal in Airteagal 312(5) CFAE maidir le ‘aon bheart is gá a dhéanamh chun glacadh CAI nua a éascú’; á iarraidh, dá bhrí sin, ar uachtaránachtaí comhleantacha na Comhairle urraim a thabhairt nach amháin d’fhuarlitir na gConarthaí, ach do spiorad na gConarthaí freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á mheabhrú gur tháinig moilleanna nach beag as glacadh déanach Rialachán CAI agus an reachtaíocht lena mbaineann le haghaidh na dtréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027, rud a chuir bac ar chur chun feidhme cuí clár de chuid an Aontais; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí gach iarracht chun a áirithiú go nglacfar pacáiste CAI atá ar na bacáin go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil coinne aici leis go ndéanfaidh an Coimisiún, mar chuid den phacáiste de thograí CAI, IIA nua a chur ar aghaidh i gcomhréir le réaltachtaí an bhuiséid nua, lena n-áirítear i ndáil le dliteanais theagmhasacha a bhainistiú; á chur i bhfáth gur cheart na hathruithe ar an Rialachán Airgeadais is gá a dhéanamh chun é a ailíniú leis an CAI nua a theacht i bhfeidhm an tráth céanna a thiocfaidh Rialachán CAI i bhfeidhm;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>