<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0091</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0073/2025 -  Rapóirtéir: Thomas Bajada)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce (2024/2104(INI))</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> Fonóta teicniúil: Is leagan ceartaithe é seo den téacs arna ghlacadh, arb é is aidhm dó ainm an fhócasghrúpa i mír 29 den rún a thabhairt ar ais, ainm a bhí ar lár sa tuarascáil a cuireadh síos toisc gur scriosadh é de bharr earráid chléireachais.</FIELD></FOOTNOTE></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 191 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), agus béim ar leith á leagan ar SFI 6 maidir le huisce glan agus sláintíocht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, a glacadh i Nollaig 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Stócólm an 22 Bealtaine 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phrionsabal an réamhchúraim agus na prionsabail gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, gur cheart, mar thosaíocht, damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, mar a chumhdaítear in Airteagal 191(2) CFAE.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir Réime maidir le hUisce),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath<FOOTNOTE><FIELD> IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Screamhuisce),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE agus 86/280/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/105/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (an Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú ar bhaol tuilte<FOOTNOTE><FIELD> IO L 288, 6.11.2007, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 23.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hUisce Óil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce<FOOTNOTE><FIELD> IO L 177, 5.6.2020, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/741/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hAthúsáid Uisce),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3019, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir athbhreithnithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 375, 31.12.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/676/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil);
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 309, 24.11.2009, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le húsáid bisfeanóil A (BPA) agus bisfeanól agus díorthach bisfeanóil eile ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe i leith airíonna guaiseacha sonracha in ábhair agus earraí áirithe atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/213<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3190, 31.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3190/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food’</STRING> [Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia] (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU’</STRING> [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan’</STRING> [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais]: ‘<STRING ITALIC="on">Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’</STRING> [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] (COM(2021)0400),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change’</STRING> [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021)0082),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2007 maidir le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá ann maidir le ganntanas uisce agus maidir le triomach san Aontas Eorpach (COM(2007)0414),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A new Circular Economy Action Plan’</STRING> [Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach]: ‘<STRING ITALIC="on">For a cleaner and more competitive Europe’</STRING> [Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach] (COM(2020)0098),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Blueprint to Safeguard Europe’s Water Resources’</STRING> [Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Choimirciú] (COM(2012)0673),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú COP29 maidir le hUisce le haghaidh Gníomhú ar son na hAeráide, arna fhormhuiniú ag an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhshocrú Eorpach um na hAigéin a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ina treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile (2024-2029) an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide agus don straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ina treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile (2024-2029) an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 8ú clár gníomhaíochta comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Access to water as a human right — the external dimension’</STRING> [Rochtain ar uisce mar cheart daonna – an ghné sheachtrach]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Meán Fómhair 2024 maidir leis na tuilte tubaisteacha san Eoraip Láir agus in Oirthear na hEorpa, maidir le bás daoine agus maidir le hullmhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú i leith tubaistí den sórt sin ar measa iad mar gheall ar an athrú aeráide<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7216, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7216/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 ar mhóiminteam do na haigéin: rialachas agus bithéagsúlacht na n-aigéan a neartú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 106.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 ar an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil<FOOTNOTE><FIELD> IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2024 maidir le comhdháil na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide in Baki, an Asarbaiseáin (COP29)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/808, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/808/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2025 ar chur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Third river basin management plans – Second flood risk management plans’</STRING> [An tríú plean bainistithe abhantraí – An dara plean bainistithe riosca tuilte] (COM(2025)0002),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 15/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 16 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Climate adaptation in the EU – action not keeping up with ambition’</STRING> [Oiriúnú don athrú aeráide san Aontas Eorpach - Gníomhaíocht nach bhfuil ag coinneáil suas leis an uaillmhian].
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó iar-Uachtarán na Fionlainne, Sauli Niinistö, an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together – Strengthening Europe’s civil and military preparedness and readiness’</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile – ullmhacht shibhialtach agus mhíleata na hEorpa a neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh Thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le cur chun feidhme reachtaíocht uisce AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 126.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 33/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 18 Nollaig 2018 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Combating desertification in the EU: a growing threat in need of more action’</STRING> [An gaineamhlú a chomhrac san Aontas: bagairt atá ag dul i méid ar gá breis gníomhaíochta a dhéanamh ina leith],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) maidir leis an gceart chun uisce,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh Right2Water<FOOTNOTE><FIELD> IO C 316, 22.9.2017, lch. 99.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 64/292 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 28 Iúil 2010, ina n-aithnítear an ceart daonna chun uisce agus chun sláintíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Idirphlé Straitéiseach maidir lena bhfuil i ndán do thalmhaíocht an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 20/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 30 Meán Fómhair 2024, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Common Agricultural Policy Plans – Greener, but not matching the EU’s ambitions for the climate and the environment’</STRING> [Pleananna an Chomhbheartais Talmhaíochta – Níos Glaise ach níl siad ag teacht le huaillmhianta an Aontais don aeráid agus don chomhshaol],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 07/2024 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 15 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s state of water 2024: the need for improved water resilience’</STRING> [Staid an uisce san Eoraip in 2024: an gá atá le hathléimneacht fheabhsaithe uisce] (Tuarascáil 07/2024 ó EEA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Comhshaoil an 17 Meitheamh 2024 maidir leis an 8ú clár gníomhaíochta comhshaoil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 20/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Sustainable water use in agriculture: CAP funds more likely to promote greater rather than more efficient water use’</STRING> [Úsáid inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht: is mó dóchúlacht atá ann go mbainfear úsáid bhreise as uisce seachas úsáid níos éifeachtúla as uisce de bharr cistí CBT],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Comhaontú Gorm don Eoraip,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach) (COM(2023)0416),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0358</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0073/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-uisce bunriachtanach don bheatha agus don chine daonna; de bhrí go gcaithfidh an tAontas Eorpach na hacmhainní uisce atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a bhainistiú go héifeachtúil agus freagairt go héifeachtach ar na dúshláin uisce atá ann faoi láthair, ós rud é go ndéanann siad difear díreach do shláinte an duine, don chomhshaol agus a éiceachórais, do ghníomhaíochtaí socheacnamaíocha straitéiseacha amhail táirgeadh fuinnimh, talmhaíocht agus slándáil an bhia, agus d’iomaíochas an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur acmhainn ghann agus theoranta é an t-uisce agus gurb amhlaidh, cé go bhfuil 70 % de dhromchla an domhain cumhdaithe le huisce, nach bhfuil ach 0,5 % den uisce ar domhan ina fhionnuisce atá ar fáil agus inúsáidte<FOOTNOTE><FIELD> An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta, <STRING ITALIC="on">2021 State of Climate Services – Water</STRING>, WMO-Uimh. 1278, WMO, an Ghinéiv, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil sléibhte ina dtúir fhíoruisce agus ina dtaiscumair fionnuisce thábhachtacha san Eoraip, agus go bhfuil teacht ar 40 % d’fhionnuisce na hEorpa sna hAlpa<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">Water resources across Europe – confronting water scarcity and drought</STRING>, Tuarascáil 2/2009 ó EEA.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go n-aimsítear dhá thrian d’uisce óil an Aontais Eorpaigh i screamhuisce agus go dtacaíonn sé le go leor éiceachóras<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur fiú os cionn EUR 11 thrilliún san Eoraip na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin éiceachórais fionnuisce, agus go bhfuil tairbhí sláinte agus áineasa suntasacha ag roinnt leo, amhail ón slatiascaireacht<FOOTNOTE><FIELD> WWF, <STRING ITALIC="on">High Cost of Cheap Water</STRING>, WWF, Gland, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil strus maidir le huisce ag tarlú cheana féin san Eoraip, rud a dhéanann difear do thart ar 20 % de chríoch na hEorpa agus 30 % den daonra ar an meán gach bliain, figiúirí ar dócha go dtiocfaidh méadú orthu amach anseo mar gheall ar an athrú aeráide<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>, tar éis go dtaibhsíonn sé gur laghdaigh an astarraingt iomlán uisce ar leibhéal AE-27 de 15 % idir 2000 agus 2019; de bhrí gurb amhlaidh, ó tharla go bhfuil líon agus atarlú na dteagmhas adhaimsire, amhail triomach agus tuilte, ag dul i méid, agus go meastar go mbeidh siad ag tarlú níos minice fós go luath amach anseo, atá baol ann do bheatha an duine agus do bhiafhlaitheas an Aontais Eorpaigh agus a d’fhéadfadh nárbh fhéidir maireachtáil i réigiúin san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go measann 78 % de mhuintir na hEorpa gur cheart don Aontas bearta breise a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le huisce san Eoraip agus go measann 21 % de mhuintir na hEorpa gurb é an truailliú an phríomhbhagairt a bhaineann le huisce ina dtír féin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">Attitudes of Europeans towards the environment</STRING>, Eorabharaiméadar Speisialta 550, Bealtaine 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur aithníodh ceart an duine chun uisce agus sláintíochta a bheith ina ceart daonna i rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 28 Iúil 2010;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurbh é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Right2Water’ an chéad cheann riamh trínar cruinníodh an líon sínitheoirí ba ghá, trína n-iarrtar ar an Aontas an ceart chun uisce a áirithiú do chách;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil forálacha Airteagal 14 CFAE agus Prótacal Uimh. 26 a ghabhann leis maidir le Seirbhísí Leasa Ghinearálta ina bpríomhghnéithe a bheidh le cur i gcuntas go suntasach sna gnéithe uile de cheapadh agus cur chun feidhme straitéis athléimneachta uisce na hEorpa (EWRS), rud a fhágfaidh go ndéanfar stádas sheirbhísí uisce na hEorpa mar sheirbhísí poiblí bunriachtanacha a choimirciú, agus go n-áiritheofar inrochtaineacht, cothromas, inacmhainneacht, agus caomhnú caighdeán ardcháilíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart do na Ballstáit gníomh iardain a dhéanamh i leith na moltaí atá sa tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí na Samhna 2023<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol, et al., <STRING ITALIC="on">Implementation of water balances in the EU – Final report</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE> chun feabhas a chur ar chothromaíochtaí uisce mar bhonn eolais chun cinntí a dhéanamh faoi leithdháileadh uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh luach corparáideach substainteach a bheith i mbaol mar gheall ar neamhdheimhneacht an tsoláthair uisce a bheith ag dul in olcas, rud a fhágann go bhféadfadh laghdú teacht ar an acmhainneacht táirgeachta nó go bhféadfaí scor di scun scan; de bhrí go bhféadfadh sócmhainní i réigiúin ina bhfuil strus maidir le huisce a bheith calctha, go sealadach nó go buan, dá mbeadh toimhdí arna ndéanamh maidir le hinfhaighteacht uisce agus rochtain ar uisce ina dtoimhdí míchruinne, dá mbeadh freagairtí rialála ina bhfreagairtí gan choinne nó mura gcuirfí pleananna maolaithe riosca agus maoirseachta i bhfeidhm<FOOTNOTE><FIELD> Disclosure Insight Action (CDP) agus Planet Tracker, <STRING ITALIC="on">High and Dry. How Water Issues Are Stranding Assets, </STRING>2022.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurbh é 2015 an spriocdháta a leagadh síos leis an Treoir Réime maidir le hUisce faoina gcaithfeadh aibhneacha, lochanna, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuiscí na hEorpa stádas ‘maith’ a bhaint amach, agus go bhféadfaí é a chur siar go dtí 2027 faoi dhálaí áirithe; de bhrí go bhfuil an cuspóir maidir le dea-stádas ceimiceach a bhaint amach i leith dhobharlaigh uile AE faoi 2027 fós i bhfad ó bheith bainte amach, go príomha mar gheall ar shubstaintí amhail mearcair, lasairmhoillithigh bhróimínithe agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go léirítear i dtuarascáil 2025 ar chur chun feidhme WFD nach é is cúis le moilleanna a bheith á ndéanamh le spriocanna CTU a bhaint amach easnamh a bheith ann sa reachtaíocht ach easpa cistithe, cur chun feidhme mall agus cuspóirí comhshaoil gan a bheith á gcomhtháthú go leordhóthanach i mbeartais earnálacha; de bhrí gur léiríodh san anailís nach bhfuil na Ballstáit ag comhlíonadh na riachtanas infheistíochta bliantúil, a mheastar a bheith cothrom le EUR 77 billiún, agus go meastar faoi láthair gurb ionann bearna mhaoiniúcháin agus tuairim is EUR 25 billiún in aghaidh na bliana; de bhrí go léirítear sa tuarascáil freisin gur léir go gcaithfidh na Ballstáit a leibhéal uaillmhéine a mhéadú agus breis gníomhaíochta a dhéanamh chun an bhearna chomhlíontachta a laghdú a mhéid is féidir roimh 2027, infheistíocht a mhéadú agus maoiniú leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear trí bhíthin chistí AE, cuspóirí a gclár beart a bhaint amach, agus bearta breise a chur i bhfeidhm chun na dúshláin leanúnacha atá ann faoi láthair i leith an chomhshaoil a laghdú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go meastar an reachtaíocht ar uisce a bheith oiriúnach dá feidhm; de bhrí go mbunaítear creat léi chun uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuisce a chosain; de bhrí, ag an am céanna, go ndéantar foráil inti maidir le cuspóirí comhshaoil nach bhfuil chomh dian céanna a bhaint amach mura féidir riachtanais shocheacnamaíocha a bhaineann le gníomhaíocht dhaonna den sórt sin a bhaint amach ar bhealach eile agus go bhfágann sí gur féidir gan na cuspóirí i leith dobharlach a bhaint amach más leas poiblí sáraitheach is cúis le gan iad a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an reachtaíocht ina reachtaíocht chomhréireach agus go sainordaítear léi go ndéanfadh údaráis na mBallstát, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, cinneadh faoin leas poiblí sáraitheach; de bhrí, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh cosaint an chomhshaoil agus, i gcásanna eile, gníomhaíocht shocheacnamaíoch, a bheith i gceist leis sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go ndéanann an tionscal tuairim is 40 % den astarraingt iomlán uisce san Eoraip; de bhrí gurb iad catagóirí is mó na hastarraingthe uisce bliantúla in AE-27, de réir aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE), ná astarraingt le haghaidh fuarú i nginiúint leictreachais (34 %), agus, ina dhiaidh sin, astarraingt don talmhaíocht (29 %), soláthar uisce poiblí (21 %) agus monaraíocht (15 %)<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">Water abstraction by economic sector in the 27 Member States, 2000-2022</STRING> [Astarraingt uisce in aghaidh na hearnála eacnamaíche sna 27 mBallstát, 2000-2022], suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, an 5 Nollaig 2024, https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/water-abstraction-by-source-and/water-abstraction-by-economic?activeTab=8a280073-bf94-4717-b3e2-1374b57ca99d.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil sonraí maidir le hastarraingt agus úsáid uisce in AE as dáta agus ar dhroch-chaighdeán<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Archive</STRING>: <STRING ITALIC="on">Water use in industry</STRING> [Cartlann: úsáid uisce sa tionscal], https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Archive:Water_use_in_industry&oldid=196132#Further_Eurostat_information.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil táirgeadh leictreachais ar an earnáil astarraingthe uisce is mó, ach go gcuirtear formhór an uisce ar ais sa chomhshaol tar éis fuaraithe nó tar éis tiomáint tuirbín; de bhrí, tríd is tríd, gurb í an talmhaíocht an earnáil is mó a ídíonn uisce ar bhonn glan ar leibhéal an Aontais, ós rud é go n-ídíonn an barr formhór an uisce nó galaíonn sé; de bhrí go bhféadfadh úsáidí eile, amhail an tionscal agus fóntais uisce, níos lú uisce a astarraingt agus a ídiú i gcomórtas le hearnálacha eile, ach gur féidir leo brú suntasach a chur ar an gceantar áitiúil, go háirithe ar screamhuisce<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go dteastaíonn uisce i leith ghníomhaíocht uile an tionscail chun táirgí deiridh an tionscail a tháirgeadh nó chun tacú le gníomhaíochtaí táirgthe; de bhrí go mbíonn gnólachtaí ag brath ar uisce i leith a n-oibríochtaí laethúla, agus gurb amhlaidh, de réir mar a rachaidh an ganntanas uisce i méid, a d’fhéadfaí, uime sin, cur isteach ar oibríochtaí, costais a ardú agus rioscaí rialála agus clú a chruthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go mbíonn earnáil an fhuinnimh ag brath go mór ar acmhainní uisce; de bhrí go bhfuil baol tromchúiseach ag roinnt leis an spleáchas sin ós rud é gur féidir ganntanas uisce tionchar a imirt ar phróisis táirgthe fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair, go háirithe i gcás ina n-úsáidtear uisce mar bhunábhar nó le haghaidh fuaraithe; de bhrí go bhfágann an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, go háirithe fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine, conairí dícharbónaithe atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh uisce de a bheith ann agus deis a bheith ann freisin ar stop a chur le treocht an mhéadaithe ar ídiú uisce nó an treocht sin a aisiompú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-uisce ina acmhainn bhunriachtanach don talmhaíocht i dtáirgeadh bia ardcháilíochta, beatha agus amhábhar in-athnuaite; de bhrí go mbraitheann an talmhaíocht ar infhaighteacht uisce agus go gcuidíonn uisciú le feirmeoirí a chosaint ar bháisteach neamhrialta agus le hinmharthanacht, táirgeacht agus cáilíocht na mbarr a mhéadú, ach gur dísciú shuntasach é ar acmhainní uisce; de bhrí gurb amhlaidh, i bhfianaise an athraithe aeráide, patrúin aimsire iomlaoideacha agus tuilte agus triomach a bheith níos minice ann, a bheidh tábhacht an uisce mar acmhainn chun táirgí talmhaíochta ardcháilíochta a tháirgeadh agus tábhacht an ghá le huisce a úsáid go héifeachtúil bunriachtanach, dá bhrí sin, do shlándáil an tsoláthair bia agus do na réitigh chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas uisce; de bhrí nach mór laghdú ar an mbrú ar uisce dromchla agus screamhuisce ón talmhaíocht a bheith fite fuaite le hinfheistíocht atá dírithe ar úsáid uisce athshlánaithe agus teicneolaíochtaí díshalannaithe nuálacha, rud a fhágfaidh go mbeidh cothromaíocht uisce níos fearr ann agus go ndéanfar fuinneamh malartach glan amhail hidrigin ghlas a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfágann an daonra dhomhanda a bheith ag dul i méid go gcaithfear breis bia a tháirgeadh, agus nach mór don Aontas biacheannasacht a ráthú, mar a leagtar síos in Airteagal 39 CFAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil sonraí iontaofa ar chláir uisce, is é sin, staidéar córasach ar stádas an tsoláthair uisce, an éilimh ar uisce, inrochtaineacht uisce agus úsáid uisce, agus ar na treochtaí reatha ina leith, i réimsí arna sonrú<FOOTNOTE><FIELD> Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, <STRING ITALIC="on">Water accounting and auditing, A sourcebook</STRING>, Tuarascálacha 43 ó FAO ar uisce, FAO, an Róimh, 2016.</FIELD></FOOTNOTE>, ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an staid reatha san Aontas Eorpach agus i leith iomaíochas na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí nach dtuigtear go bhfuil an-mhianach san fhuíolluisce mar sholáthar uisce malartach, ós rud é nach mbaintear leas as 60-70 % de luach ionchasach an fhuíolluisce ar fud an Aontais faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Eorpach Infheistíochta, <STRING ITALIC="on">Wastewater as a resource</STRING>, BEI, 2022.</FIELD></FOOTNOTE> agus go ndéantar níos lú ná 3 % den fhuíolluisce arna chóireáil a athúsáid san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol, <STRING ITALIC="on">Water reuse: New EU rules to improve access to safe irrigation</STRING> [Athúsáid uisce: Rialacha úra de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar rochtain ar uisciú sábháilte], suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, 26 Meitheamh 2023, https://environment.ec.europa.eu/news/water-reuse-new-eu-rules-improve-access-safe-irrigation-2023-06-26_en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann chun cuir chuige chiorclacha i leith uisce i dteaghlaigh, ós rud é nach n-úsáidtear ach méid beag den uisce i dteaghlaigh le haghaidh óil agus ithe agus, dá bhrí sin, go dteastaíonn na caighdeáin cháilíochta is airde ina leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go gcailltear méid an-mhór uisce mar gheall ar líonraí uisce atá imithe i léig nó atá ag dul in aois agus mar gheall ar an easpa cothabhála is gá; de bhrí go bhfuil infheistíocht i gcothabháil, feabhsú agus forbairt bonneagar uiscithe nuálach athléimneach bunriachtanach chun éifeachtúlacht an ídithe uisce sa talmhaíocht a laghdú agus a fheabhsú; de bhrí go bhfágann feabhsuithe den sórt sin ar éifeachtúlacht gur féidir an t-uisce arna shábháil a úsáid chun críoch eile nó gur féidir rátaí sreafa nádúrtha na sruthchúrsaí a choinneáil ar bun;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur gné bhunriachtanach é uisce glan agus leordhóthanach chun fíorgheilleagar ciorclach inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a bhaint amach san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur fadhb dhomhanda é sceitheadh uisce atá i bhfad níos casta ná mar a cheaptar, a fhágann gur measa go mór fada an ganntanas uisce agus go gcailltear 23 % ar an meán den uisce arna chóireáil le linn a dháilte san Aontas mar gheall ar phíopaí pollta, ar shaoráidí cóireála atá as dáta agus ar thaiscumair neamhleora<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol, <STRING ITALIC="on">Zero pollution</STRING>: <STRING ITALIC="on">Improved quality and access to drinking water</STRING> [Truailliú nialasach: cáilíocht fheabhsaithe an uisce óil agus rochtain fheabhsaithe ar uisce óil], suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, 12 Eanáir 2023, https://environment.ec.europa.eu/news/improved-quality-and-access-drinking-water-all-europeans-2023-01-12_en.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go raibh bearta chun sceitheadh uisce a laghdú, mar aon le measúnú riosca agus bainistiú ar na dobharcheantair le haghaidh astarraingt uisce óil, ar áireamh sa Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil bearta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, in 2021, a tuairiscíodh gur bhain 91 % de dhobharlaigh screamhuisce na hEorpa ‘dea-stádas cainníochtúil’ amach, agus gur tuairiscíodh go raibh ‘dea-stádas ceimiceach’ ag 77 % acu<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, in 2021, a tuairiscíodh nár bhain ach 37 % de dhobharlaigh dhromchla na hEorpa stádas éiceolaíoch ‘maith’ nó ‘ard’ amach, agus gur bhain 29 % acu ‘dea-stádas ceimiceach’ amach<FOOTNOTE><FIELD> Ibid</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go gcuireann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil i bhfios go láidir go bhfuil an cion d’uiscí dromchla nach bhfuil dea-stádas éiceolaíoch bainte amach acu míchothrom ar fud na hEorpa, agus gur forleithne iad i gcodanna den Eoraip Láir agus d’Iarthar na hEorpa, agus go gcuireann sí i bhfáth go bhféadfadh difríochtaí i stádas an uisce idir na Ballstáit a bheith ann mar gheall ar bhrúnna éagsúla, ach go bhféadfadh na difríochtaí sin a bheith ann freisin mar gheall ar chuir chuige éagsúla i leith faireacháin agus measúnaithe<FOOTNOTE><FIELD> Ibid</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil cáilíocht na n-uiscí dromchla ar fud na mór-roinne ina léiriú ar bhrúnna leanúnacha agus comhcheangailte, go háirithe truailliú idirleata agus díghrádú a sreafa nádúrtha agus a ngnéithe fisiceacha; de bhrí go bhfuil truailliú ó chothaithigh agus ó shubstaintí tosaíochta leanúnacha, chomh maith le truailliú ó shubstaintí atá ag teacht chun cinn le déanaí mar thruailleáin, ag leanúint ar aghaidh; de bhrí go ndéanann truailliú idirleata difear do screamhuiscí agus go ndéantar dian-astarraingt orthu freisin<FOOTNOTE><FIELD> Ibid</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go soláthraíonn screamhuisce 65 % d’uisce óil agus 25 % d’uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Ibid</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur acmhainn fhinideach é nach mór a chosaint ar thruailliú agus ar róshaothrú<FOOTNOTE><FIELD> Ibid</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go léiríonn sonraí faireacháin ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil go bhfuil truailliú forleathan ann ó shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), dá ngairtear ‘buancheimiceáin’ go coitianta, in uiscí na hEorpa, a bhfuil baol suntasach ag roinnt leo d’éiceachórais uisceacha agus do shláinte an duine; de bhrí gur braitheadh aigéad trífhluaraicéiteach (TFA) PFAS gearrshlabhrach san uisce óil ar fud na hEorpa; de bhrí go bhfuil PFAS fós ann sa chomhshaol, go mbithcharnann siad in orgánaigh bheo agus gur cúis iad le héifeachtaí (éicea)tocsaineolaíocha díobhálacha; de bhrí gurb amhlaidh, ó ghrúpa de 6 000 go 10 000 substaint aonair, nach ndearnadh staidéar cuimsitheach ach ar roinnt acu agus nach fios cén tionchar atá acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol; de bhrí nach mbraitear 99 % de PFAS sa chomhshaol mar gheall ar shrian ar an bhfaireachán;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfágann caighdeáin cháilíochta gan a bheith ann ar fud an Aontais Eorpaigh i leith PFAS i screamhuisce agus faireachán neamhleor a bheith á dhéanamh ar chomhdhúile sin PFAS a bhfuil níos lú staidéir déanta orthu gur deacra go mór fada an dúshlán atá ann dea-stádas ceimiceach a bhaint amach i leith uiscí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Treoir Réime maidir le hUisce agus go gcuirtear ualach teicniúil agus airgeadais suntasach ar chórais sláinte agus ar sholáthraithe seirbhísí uisce agus go gcuirtear úsáid uisce agus athúsáid sloda séarachais i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag ceimiceáin ghuaiseacha, lena n-áirítear miotail throma agus truailleáin eile, a scaoiltear isteach i ndobharlaigh de dheasca gníomhaíochtaí tionsclaíocha, ar cháilíocht an uisce agus ar éiceachórais uisceacha<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">Industrial pollutant releases to water in Europe</STRING>, [Truailleáin thionsclaíocha a scaoileadh isteach san uisce san Eoraip], suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, 30 Bealtaine 2024, https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/industrial-pollutant-releases-to-water.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil substaintí cógaisíochta á sainaithint in uisce dromchla agus i screamhuisce níos mó ná riamh; de bhrí go bhfágann truailliú de bharr iarmhair chógaisíochta gá a bheith ann le hardteicneolaíochtaí cóireála uisce, lena n-áirítear scagachán scannánach, cóireáil carbóin ghníomhachtaithe, ardphróisis ocsaídiúcháin agus teicnící íonúcháin nuálacha eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go sainordaítear le Treoir 2010/75/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).</FIELD></FOOTNOTE> gur cheart an géarú a d’fhéadfadh teacht ar an tionchar atá ag sceitheadh tionsclaíoch ar staid na ndobharlach de bharr éagsúlachtaí i ndinimic an tsreafa uisce a chur i gcuntas go sainráite agus ceadanna á ndeonú agus á n-athbhreithniú; de bhrí go ndéanfar, trí bhíthin na dteicnící is fearr atá ar fáil, coincheapa i dtaobh leibhéil feidhmíochta an chomhshaoil i dtaca le huisce agus ceadanna, a fhágann go ndéantar teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil d’úsáid na dteicnící sin, a ionchorprú go húr; de bhrí gur athrú chun feabhais é sin a d’fhéadfadh feabhas a chur ar athléimneacht an tionscail, ós rud é go bhféadfadh acmhainneacht táirgeachta níos ísle, ar bhonn séasúrach, a bheith ag roinnt le suiteálacha AE cheana mar gheall ar ghanntanas uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil an fuíolluisce uirbeach ar cheann de na príomhfhoinsí truaillithe uisce, mura mbailítear agus mura gcóireáiltear go cuí é; de bhrí nár cheart cuspóirí na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh a ísliú, agus gur cheart a raon feidhme a leathnú chuig earnálacha agus substaintí eile is siocair le truailliú uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go n-eascraíonn eotrófú, cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras uisceach as truailliú cothaitheach i ndobharlaigh an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> ‘Níotráití’ an Choimisiúin Eorpaigh, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, https://environment.ec.europa.eu/topics/water/nitrates_en#implementation.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go ndéanann lotnaidicídí a ritheann chun srutha uisce dromchla agus screamhuisce a éilliú, rud atá ina bhagairt ar cháilíocht an uisce agus ar shláinte an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go léirítear i dtaighde go bhfuil an neamhchosaint san Eoraip ar bhisfeanól A ceimiceach sintéiseach (BPA), a úsáidtear i dtáirgí, ó choimeádáin bhia phlaisteacha agus mhiotail go buidéil uisce in-athúsáidte, i bhfad os cionn na leibhéal sábháilteachta sláinte inghlactha<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">Public exposure to widely used Bisphenol A exceeds acceptable health safety levels</STRING> [Tá neamhchosaint an phobail ar bhisfeanól A, a úsáidtear go forleathan, os cionn na leibhéal sábháilteachta sláinte inghlactha]. suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, 14 Meán Fómhair 2023, https://www.eea.europa.eu/en/newsroom/news/public-exposure-to-bisphenol-a.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil bainistiú ithreach agus cothaitheach ina bhonn le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus ar infhaighteacht uisce; de bhrí gur cheart EWRS díriú ar fheabhas a chur ar bhainistiú cothaitheach, d’fhonn lúba cothaitheach a dhúnadh chun astaíochtaí cothaitheach i leith uiscebhealaí a laghdú; de bhrí go bhfágfaidh sloda séarachais a bheith á úsáid go sábháilte sa talmhaíocht go ndéanfar spleáchas an-ard an Aontais Eorpaigh ar allmhairiú leasacháin mhianraigh fosfair, mar shampla, ón Rúis, a laghdú freisin; de bhrí gur cheart a mheas, dá bhrí sin, go rannchuidíonn úsáid shábháilte sloda le hathléimneacht agus uathriail straitéiseach na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt nach beag ar acmhainní uisce agus ar éiceachórais uisceacha; de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar uisce ar mhórán slite, amhail triomach a bhíonn níos déine agus a bhíonn níos féiltiúla ann, tuilte níos foircní agus báisteach shéasúrach níos guagaí; de bhrí go gcuireann tuilte agus ganntanas uisce slándáil an tsoláthair bia agus uisce, agus sláinte an ghnáthphobail, i gcontúirt, rud a dhéanann difear ar deireadh don chomhtháthú sóisialta, don rathúnas eacnamaíoch agus don chobhsaíocht, agus a chuireann infhaighteacht fhadtéarmach na hacmhainne luachmhaire sin i mbaol freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí gur aithníodh sa mheasúnú Eorpach ar rioscaí aeráide nach bhfuil beartais agus gníomhaíochtaí oiriúnaithe na hEorpa bord ar bhord leis na rioscaí atá ag dul i méid go mear agus atá ina mbagairt ar éiceachórais, bonneagar, soláthar bia agus uisce agus sláinte daoine, agus ar an ngeilleagar agus ar mhaoiniú<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">European Climate Risk Assessment</STRING>, Tuarascáil 01/2024 ó EEA.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go léirítear i measúnuithe leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide gurb amhlaidh, mar gheall ar an ardú ar leibhéal na mara de dheasca an athraithe aeráide, atá salandacht ithreacha agus fionnuiscí ag dul i méid, rud a chuireann sláinte na n-éiceachóras agus cáilíocht an uisce i gcontúirt, agus a dhéanann difear do 80 milliún Eorpach a mhaireann i limistéir chósta agus tuilemhánna iseal-ingearchló; de bhrí go bhfuil éiceachórais fionnuisce agus mhuirí idirnasctha toisc tionchar an-láidir a bheith ag truailliú abhann, cur isteach ar shreafaí dríodair agus ganntanas uisce ar shláinte na n-éiceachóras muirí, go háirithe na héiceachórais chósta, agus ar inmharthanacht gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhíonn ag brath orthu, amhail iompar, iascach, dobharshaothrú agus turasóireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go rachaidh triomach fada, teas foircneach agus teagmhais tuilte ar mhórscála, de dheasca patrúin aimsire iomlaoideacha, i ndéine agus gur minice a bheidh siad ann ar fud na mór-roinne, rud a fhágfaidh go ndéanfar dochar d’éiceachórais agus do shláinte an duine agus go gcuirfear isteach go mór ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus go laghdófar cainníocht fhoriomlán agus cáilíocht fhoriomlán an uisce a bheidh ar fáil; de bhrí go bhfuil acmhainní uisce agus feidhmeanna nádúrtha aibhneacha a chaomhnú, agus fós uisce leordhóthanach ardcháilíochta a sholáthar, ina dhúshlán nach beag ar ina leith a chaithfear breis iarrachtaí a dhéanamh ar an athrú aeráide a mhaolú agus ar dhul in oiriúint don athrú aeráide, bainistiú éifeachtach a dhéanamh agus bearta nuálacha a dhéanamh chun infhaighteacht uisce a mhéadú; de bhrí go mbeidh sé níos tábhachtaí, i rith an ama, ganntanas uisce agus baol tuilte a bhainistiú go hinacmhainne agus go hinbhuanaithe ar fud an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go raibh samhradh na bliana 2022 ar an samhradh ba theo dá raibh riamh ann san Eoraip agus go raibh an bhliain úd ar an dara bliain ba theo dá raibh riamh ann, rud a d’fhág triomach a bheith ann a raibh tionchar aige ar níos mó ná 15 % de chríoch an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur measadh gurbh ionann agus tuairim is EUR 9 billiún in aghaidh na bliana an meánchaillteanas eacnamaíoch bliantúil de dheasca triomaigh san Aontas Eorpach idir 1981 agus 2010; de bhrí gurb amhlaidh, in éagmais bearta oiriúnaithe, a mheastar go bhféadfadh na caillteanais bhliantúla san Eoraip agus sa Ríocht Aontaithe de dheasca triomaigh méadú go EUR 45 billiún in aghaidh na bliana anuas go dtí 2100 agus téamh 3 °C ann<FOOTNOTE><FIELD> Cammalleri, C. et al., <STRING ITALIC="on">Global warming and drought impacts in the EU</STRING>, Tuarascáil Theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, le linn na tréimhse ó 1998 go 2020, gurbh ionann tuilte agus 43 % de na teagmhais thubaiste uile san Eoraip; de bhrí gurb amhlaidh, mar gheall ar thionchair an athraithe aeráide agus ar fhorbairtí socheacnamaíocha, a bhíonn tuilte níos minice ann, rud a dhéanann difear do líon méadaitheach daoine agus a dhéanann breis damáiste; de bhrí go maireann 12 % de dhaonra na hEorpa i dtuilemhánna<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann mura dtabharfar aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le huisce, ós rud é go mbaineann 90 % de thubaistí le huisce<FOOTNOTE><FIELD> Feyen, L. et al., <STRING ITALIC="on">Climate change impacts and adaptation in Europe</STRING>, Tuarascáil chríochnaitheach PESETA IV ó JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gurb amhlaidh, in éagmais gníomhaíocht bheartais, a d’fhéadfadh costas na gcaillteanas eacnamaíoch ó thuilte cósta, agus uathu sin amháin, a bheith os cionn EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana faoi dheireadh an chéid san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, <STRING ITALIC="on">European Climate Risk Assessment</STRING>, Tuarascáil 01/2024 ó EEA.</FIELD></FOOTNOTE> agus a d’fhéadfadh costas eacnamaíoch triomaigh san Eoraip a bheith os cionn EUR 65 billiún in aghaidh na bliana faoi 2100<FOOTNOTE><FIELD> Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste, <STRING ITALIC="on">GAR Special Report on Drought 2021</STRING>, an Ghinéiv, UNDRR, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir le hinfhaighteacht uisce, straitéisí bainistíochta agus patrúin úsáide, agus go bhféadfadh éagsúlacht nach beag a bheith ann maidir le leochaileacht i leith thionchair an athraithe aeráide; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige saincheaptha chun athléimneacht uisce a fheabhsú agus chun bainistiú inbhuanaithe ar uisce a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go bhfuil triomach ar cheann de phríomhiarmhairtí tubaisteacha an athraithe aeráide; de bhrí go bhfuil tuairim is 23 % de chríoch an Aontais Eorpaigh measartha leochaileach i leith gaineamhlaithe agus go bhfuil tuairim is 8 % di an-leochaileach ina leith; de bhrí go bhfuil an Ungáir, an Bhulgáir, an Spáinn agus an Iodáil i measc na dtíortha is mó atá buailte, agus go bhfuil 74 % d’achar dromchla na Spáinne i mbaol gaineamhlaithe; de bhrí gur cheart EWRS breathnú níos faide ná triomach fada, agus, ina ionad sin, aghaidh a thabhairt ar an líne leath-thur a bheith ag bogadh ó thuaidh, rud a fhágfaidh go mbeidh ar níos mó limistéar san Aontas Eorpach dul i ngleic le hacmhainní fionnuisce leordhóthanacha gan a bheith ar fáil go fadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthcheangal idir beartais a bhaineann le gaineamhlú, le hídiú uisce agus leis an athrú aeráide; de bhrí gurb amhlaidh, mar chuid de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, a d’athdhearbhaigh an tAontas Eorpach in 2015 agus a d’athdheimhnigh sé iar sin in 2024<FOOTNOTE><FIELD> Conclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an nGaineamhlú, maidir le Díghrádú Talún agus maidir le Triomach.</FIELD></FOOTNOTE> go bhfuil sé meáite ar neodracht ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030, rud nach dócha, de réir na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an ngaineamhlú, a bhainfear amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí gur féidir le bonneagar uisce cabhrú le sreabhadh agus soláthar uisce atá leanúnach agus intuartha a chaomhnú; de bhrí go raibh an meánsceitheadh abhann bliantúil ar fud na hEorpa in 2022 ar an dara sceitheadh bliantúil ab ísle ó tosaíodh ar thaifid a choimeád in 1991<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil 07/2024 ó EEA</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí go mbíonn limistéir iartheachtacha ag brath go mór ar bhainistiú uisce in aghaidh an tsrutha agus ar astarraingt uisce in aghaidh an tsrutha; de bhrí gur cheart do na Ballstáit staonadh ó bhearta a chur chun feidhme a d’fhágfadh baol níos mó a bheith ann i leith tuilte in aghaidh an tsrutha nó le sruth ó thíortha eile san aon abhantrach, i gcomhréir le WFD;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go bhfuil réitigh dhúlrabhunaithe ina n-idirghabhálacha ábhartha ar féidir leo, nuair a chuirtear in oiriúint d’éiceachórais agus do riachtanais shonracha iad, athléimneacht a mhéadú sa timthriall uisce agus ar féidir tairbhí iomadúla a bheith ag roinnt leo i dtaca leis an mbithéagsúlacht a chosaint, i dtaca le ceapadh carbóin, i dtaca le feabhas a chur ar cháilíocht an uisce, i dtaca le coinneáil cothaitheach, i dtaca le soláthar uisce óil, i dtaca le falscaithe a chosc agus i dtaca le baol tuilte a mhaolú; de bhrí gur féidir, trí bhíthin réitigh dhúlrabhunaithe, éifeachtacht agus saolré inoibrithe bonneagar uisce a fheabhsú, agus fós a áirithiú, uime sin, i mórán cásanna, go mbíonn an dá réiteach ag luí le chéile;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí go bhfuil bearta coinneála uisce nádúrtha ina réitigh dhúlrabhunaithe a bhfuil sé d’aidhm acu uisce a stóráil i dtírdhreacha nádúrtha, talmhaíochta, foraoise agus uirbeacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí nach táirge tráchtála é an t-uisce ar chuma táirgí eile ach gur oidhreacht é is gá a chaomhnú, a chosaint agus a láimhseáil dá réir; de bhrí, faoi Threoir (AE) 2024/1203 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE (IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, gur cion coiriúil é uisce dromchla nó screamhuisce a astarraingt de réir bhrí WFD i gcás ina bhfuil an t-iompraíocht sin neamhdhleathach agus d’aon ghnó, agus go ndéanann sé, nó gur dócha go ndéanfaidh sé, damáiste suntasach do stádas éiceolaíoch nó d’acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach dromchla nó do stádas cainníochtúil dobharlach screamhuisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>BA.</NO.P>de bhrí go ndéanann bithéagsúlacht ithreach agus carbón orgánach ithreach difear d’acmhainneacht coinneála uisce; de bhrí go n-eascraíonn laghdú seasta ar acmhainneacht coinneála uisce ithreach as creimeadh ithreach, balcadh ithreach agus cleachtais áirithe bainistithe ithreach atá ina gcúis le díghrádú ithreach, rud a ghéaraíonn teagmhais triomach agus tuilte mar thoradh air sin agus a bhfuil tionchar diúltach díreach aige ar an bhfeirmeoireacht; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil ithir shláintiúil ar cheann de na cúiseanna atá le hathléimneacht uisce, rud ar cheart díriú air agus a bhainistiú ar leibhéal na n-abhantrach; de bhrí go bhfuil bainistiú níos fearr ar thalamh ríthábhachtach chun tubaistí a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>BB.</NO.P>de bhrí go bhfuil sprioc uaillmhianach ach neamhcheangailteach 7,5 % ar a laghad de chaiteachas bliantúil an Aontais a thiomnú do na cuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % ar a laghad in 2026 agus 2027 araon ar áireamh sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha; de bhrí gur cheart dearcadh ar uisce a ionchorprú sa chreat airgeadais nua d’fhonn acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar EWRS a bheidh ann amach anseo chun éiceachórais uisce athléimneacha agus bonneagar uisce athléimneach, mar aon le slándáil an tsoláthair uisce, a áirithiú, agus chun infheistíochtaí i réitigh nuálacha a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BC.</NO.P>de bhrí go raibh ról ríthábhachtach ag an gcistiú comhtháthaithe maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí uisce agus sláintíochta sna Ballstáit uile; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach chun a áirithiú go mbeidh siad athléimneach go ceann fada agus go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin cháilíochta atá ag dul i ndéine i rith an ama;
</CONS><CONS>
<NO.P>BD.</NO.P>de bhrí gur féidir, trí bhíthin beartais phraghsála, feabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide uisce; de bhrí gur inniúlacht náisiúnta iad na beartais sin agus go ndéantar na difríochtaí réigiúnacha in infhaighteacht uisce agus foinse an tsoláthair uisce a chur i gcuntas iontu; de bhrí gur féidir ról suntasach a bheith ag praghsáil maidir le teaghlaigh agus earnálacha eacnamaíocha eile a spreagadh le tomhaltas a bharrfheabhsú, agus maidir lena áirithiú go nglacann úsáideoirí uisce páirt go héifeachtach i gcostais seirbhísí uisce a aisghabháil; de bhrí gur cheart an inacmhainneacht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí beaga a chur i gcuntas i mbeartais phraghsála freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>BE.</NO.P>de bhrí gur féidir an digitiú agus an nuálaíocht cabhrú go héifeachtach leis na Ballstáit, le comhlachtaí réigiúnacha agus leis an gCoimisiún sonraí maidir le bainistiú uisce a bhailiú agus faireachán a dhéanamh air; de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí teicneolaíochta nua in earnáil an uisce, arb ionann iad agus 40 % de na grúpaí paitinne idirnáisiúnta uile san earnáil sin idir 1992 agus 2021<FOOTNOTE><FIELD> Oifig Eorpach na bPaitinní, <STRING ITALIC="on">Innovation in water-related technologies</STRING>, OEP, München 2024</FIELD></FOOTNOTE>, agus caithfear an staid sin a chothú agus a threisiú agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh; de bhrí gur gá na bacainní ar theicneolaíochtaí uisce úra a thabhairt isteach, agus ar dhlús a chur leo, a scrúdú agus cothroime iomaíochta chóir a ráthú san Eoraip; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach do thaighde ar nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí uisce chun poist a dhaingniú agus a chruthú agus chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>BF.</NO.P>de bhrí gur uirlis ríthábhachtach í an nuálaíocht chun cabhrú leis an earnáil uisce aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i leith SDGanna na Náisiún Aontaithe, oiriúnú don athrú aeráide agus a bheith níos éifeachtúla ó thaobh uisce de;
</CONS><CONS>
<NO.P>BG.</NO.P>de bhrí go bhfuil imscaradh teicneolaíochtaí faireacháin agus samhaltaithe fós chun deiridh i roinnt mhaith Ballstát, agus go bhfuil digitiú na hearnála rómhall; de bhrí nach n-áirítear go sainráite sna forálacha maidir le pleananna bainistithe abhantraí sa Treoir Réime maidir le hUisce bearta nithiúla chun an earnáil uisce a dhigitiú; de bhrí go mbaineann easnaimh choiteanna sna beartais reatha, lena mbaintear leas as na réitigh dhigiteacha fhéideartha, leis an easpa treoraíochta teicneolaíochta, caighdeáin faireacháin, comhtháthú beartais, caighdeánú agus rannpháirtíocht an phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>BH.</NO.P>de bhrí go bhfuil earnáil an uisce leochaileach do bhagairtí éagsúla, lena n-áirítear ionsaithe fisiciúla, cibirionsaithe agus éilliú le hoibreáin dhíobhálacha; de bhrí go bhféadfadh tinneas forleathan, taismigh agus suaitheadh seirbhíse a bheith mar thoradh ar theagmhais den sórt sin, rud a d’imreodh tionchar suntasach ar an tsláinte phoiblí, ar an gcomhshaol agus ar chobhsaíocht eacnamaíoch; de bhrí go bhféadfadh digitiú an bhainistithe uisce tuilleadh rioscaí slándála a thabhairt isteach i gcomhthéacs ionsaithe méadaitheacha naimhdeacha ar bhonneagar criticiúil; de bhrí gur féidir le cur chun feidhme Threoir NIS2 agus na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil rannchuidiú le rioscaí slándála a mhaolú do chórais uisce (óil) ríthábhachtacha agus do bhonneagar uisce (óil), a eascraíonn as teannas geopholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>BI.</NO.P>de bhrí gur féidir le dul chun cinn i dteicneolaíocht braiteora, sa ríomhaireacht, san intleacht shaorga (IS) agus i mbainistiú mórshonraí cabhrú le faireachán a dhéanamh ar chainníocht agus ar cháilíocht an uisce agus bonn eolais a chur faoi chinntí oibríochtúla lucht déanta beartas agus cuideachtaí bainistithe uisce; de bhrí go bhfuil nuálaíochtaí i gcórais dhúlrabhunaithe chun uisce a bhainistiú ar fáil agus gur féidir leo rannchuidiú le bainistiú athléimneach uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>BJ.</NO.P>de bhrí gur comhpháirt ríthábhachtach é an t-uisce i saolré IS, in oibriú lárionad sonraí agus i monarú crua-earraí araon; de bhrí go bhféadfadh méadú easpónantúil ar an éileamh ar uisce a bheith mar thoradh ar leathnú tapa IS; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha ag baint leis an spleáchas ar acmhainní atá ag éirí níos teirce ó thaobh na hinbhuanaitheachta de; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag teicneolaíochtaí straitéiseacha, amhail leathsheoltóirí, hidrigin, ceallraí feithiclí leictreacha agus lárionaid sonraí, maidir le AE iomaíoch agus uathrialach a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>BK.</NO.P>de bhrí go bhfuil córais fuaraitheoirí agus túr fuaraithe, bunaithe ar theicneolaíochtaí fuaraithe nuálacha amhail fuarú galaitheach agus lúbiata, ar fáil cheana féin agus gur féidir leo rannchuidiú le tomhaltas uisce a laghdú i bhfeidhmeanna tionsclaíocha, téimh, aerála agus aerchóirithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>BL.</NO.P>de bhrí nach mór taighde a chur chun cinn d’fhonn comhábhair ghníomhacha mhalartacha a tháirgeadh chun lotnaidí a chomhrac, chun sláinte plandaí níos fearr a áirithiú agus chun úsáid ionchur agus táirgí fíteashláintíochta a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BM.</NO.P>de bhrí go bhfuil athléimneacht uisce ríthábhachtach san oideachas agus sa teagasc, agus chun feasacht a mhúscailt agus faisnéis a thabhairt faoi fheidhmiú thimthriall an uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>BN.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag rochtain theoranta ar uisce agus ar bhonneagar gaolmhar, go háirithe ar mhná, ós rud é go mbaineann sé an bonn de chearta eile an duine a bhaint amach, amhail féinchinntiúchán, neamhspleáchas eacnamaíoch agus oideachas;
</CONS><CONS>
<NO.P>BO.</NO.P>de bhrí gur ceantair thrasnáisiúnta iad 60 % de cheantair abhantraí na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil comhar trasteorann éifeachtach ríthábhachtach; de bhrí go mbraitheann 20 tír Eorpach ar thíortha eile le haghaidh níos mó ná 10 % dá n-acmhainní uisce, agus cúig thír ag brath ar uisce a thagann ó thar lear trí aibhneacha le haghaidh níos mó ná 75 % dá n-acmhainní uisce<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil EEA 07/2024</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur cheart an comhar sin a neartú chun na dúshláin aeráide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo amhail triomaigh agus tuilte a chur san áireamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>BP.</NO.P>de bhrí gur cheap Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres Toscaire Speisialta maidir le hUisce, arb é is aidhm dó comhar agus sineirgí idirnáisiúnta a fheabhsú i measc próisis idirnáisiúnta uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>BQ.</NO.P>de bhrí gur príomh-chomhpháirteanna de chur chuige na hAon Sláinte Amháin iad rochtain ar uisce glan agus bonneagar sláintíochta inbhuanaithe agus athléimneach, lena n-aithnítear an t-idirnasc idir sláinte daoine agus truailliú uisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>BR.</NO.P>de bhrí go ngineann comhar uisce thar theorainneacha agus earnálacha go leor tairbhí, lena n-áirítear slándáil bia a fheabhsú, slite beatha agus éiceachórais shláintiúla a chothú, cuidiú le haghaidh a thabhairt ar athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, rannchuidiú le rioscaí tubaiste a laghdú, fuinneamh in-athnuaite a sholáthar, tacú le cathracha agus leis an tionscal, agus lánpháirtiú agus síocháin réigiúnach a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>BS.</NO.P>de bhrí go léiríonn forbairtí geopholaitiúla gur cheart don Aontas bheith réidh chun na dúshláin a théann níos faide ná réimse an chomhshaoil a sheasamh; de bhrí go gcuireann bagairtí neamh-chomhshaoil, amhail tionóiscí a tharla le déanaí a bhaineann leis an gcábla a ndearnadh damáiste dó i Muir Bhailt, teachtaireacht láidir chuig an Aontas go bhfuil sé ríthábhachtach comhar trasteorann a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí comhshaoil agus slándála araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>BT.</NO.P>de bhrí go sreabhann thart ar 41000 ciliméadar d’uiscebhealaí intíre trí 25 de na Ballstáit; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag uiscebhealaí intíre, atá ag brath ar infhaighteacht acmhainní uisce, maidir le soláthar uisce a bharrfheabhsú agus tionchar triomach agus tuilte a mhaolú, chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus forbairt réigiún;
</CONS><CONS>
<NO.P>BU.</NO.P>de bhrí gur méadaíodh idirspleáchais mar gheall ar ghanntanas uisce, na héagothromaíochtaí rochtana ar uisce agus turraingí seachtracha don earnáil uisce atá ag dul i méid, rud a mhéadaíonn iomaíocht le haghaidh uisce agus as ar eascair iarmhairtí casta eacnamaíocha;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an fógra ón Uachtarán von der Leyen sna treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile (2024-2029) faoin straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce (EWRS) a chur chun cinn lena dtugtar aghaidh ar éifeachtúlacht uisce, ganntanas uisce, truailliú uisce agus rioscaí a bhaineann le huisce, agus go n-aithnítear gur acmhainn fhíor-riachtanach é an t-uisce atá faoi strus níos mó de dheasca an athraithe aeráide agus éilimh mhéadaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint gur cheart iomaíochas eacnamaíoch a chur san áireamh i gcomhréir leis an gCompás Iomaíochais agus reachtaíocht á cur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme chun Eoraip athléimneach agus iomaíoch a thógáil, an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh, truailliú a chosc, slándáil bia a áirithiú, úsáid acmhainní agus cur amú acmhainní a theorannú, agus féachaint le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní, lena n-áirítear uisce, agus prionsabal an réamhchúraim, prionsabal an rialaithe ag an bhfoinse agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar ag infhaighteacht uisce ar chainníocht, ar cháilíocht, ar éagsúlacht agus ar infhaighteacht shéasúrach na mbianna is féidir a tháirgeadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas a ghealltanais d’Idirphlé Baku COP29 maidir le hUisce don Ghníomhú ar son na hAeráide agus do Chomhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe a chomhtháthú i ngné idirnáisiúnta na straitéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hathléimneacht agus bainistiú uisce a fheabhsú chun soláthairtí fionnuisce inbhuanaithe a áirithiú do dhaoine, don gheilleagar agus don chomhshaol; á chur i dtreis gur cheart EWRS a fhorbairt i gcomhar leis an gComhshocrú Eorpach um na hAigéin, lena n-áiritheofar cur chuige aontaithe agus comhtháite maidir le hacmhainní fionnuisce agus aigéin a bhainistiú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin idirnasctha, iomaíochas a fheabhsú agus bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn ar fud timpeallachtaí intíre agus muirí, agus cur chuige iomlánaíoch ‘ó fhoinse go muir’ á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á áitiú go bhfuil gá le EWRS cuimsitheach agus iomlánaíoch lena gcomhtháthaítear gnéithe cáilíochta, cainníochta, slándála, bonneagair, teicneolaíochta agus bainistíochta uisce agus lena n-áirítear athchóiriú thimthriall an uisce mar phríomhghné, ós rud é go bhfuil sé mar bhonn agus mar thaca ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha, go n-áirithítear leis infhaighteacht acmhainní agus go rannchuidíonn sé le rialáil aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an soláthar uisce, go háirithe uisce óil, agus slándáil an tsoláthair uisce; á chur i bhfios gur cheart gnéithe slándála uisce a chur san áireamh i ngach tionscadal athchóirithe comhshaoil, agus tús áite á thabhairt do réitigh a chuireann ní hamháin tairbhí comhshaoil ar fáil, ach a ráthaíonn soláthar agus bainistiú éifeachtúil uisce freisin; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart bearta athchóirithe éiceolaíocha a dhéanamh i sineirgíocht le forbairt acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite an Aontais agus nach mbeadh tionchar acu ar athléimneacht fhoriomlán fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mholadh go n-áireofaí lochanna agus gnáthóga eile atá spleách ar fhionnuisce sa straitéis, in éineacht le haibhneacha, uiscí trasdultacha agus screamhuisce, mar chomhpháirteanna bunriachtanacha d’iarrachtaí athléimneachta uisce an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar chórais rabhaidh géarchéime maidir le teagmhais thromuisce, chomh maith le feabhas a chur ar bhearta coisctheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún plean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a thíolacadh, lena n-áirítear tograí agus gníomhaíochtaí reachtacha nithiúla, go háirithe maidir le hathléimneacht bonneagair, bainistiú uisce agus réitigh dhúlrabhunaithe, agus tús áite á thabhairt ag an am céanna do phobail leochaileacha a chosaint, chun an tAontas a dhéanamh níos athléimní agus chun dea-shampla a thabhairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á athdhearbhú gur ceart daonna é rochtain ar uisce óil glan agus sábháilte agus ar shláintíocht; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an ceart sin a áirithiú go haonchiallach, agus rochtain a bheith ag gach duine ar sheirbhísí uisce inacmhainne agus ar ardchaighdeán, lena n-áirítear áitritheoirí na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart rochtain a dhiúltú d’aon duine, bíodh sé in áiteanna poiblí nó i mbunaíochtaí príobháideacha, ar uisce a sholáthraítear ó líonra dáileacháin atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, i gcás ina bhfuil sé ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-éilíonn gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus táirgeadh talmhaíochta uisce chun a dtáirgí deiridh a tháirgeadh nó chun tacú le gníomhaíochtaí táirgthe, agus go n-athraíonn an méid uisce a úsáidtear ag brath ar an gcineál gníomhaíochta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le sochaí atá cliste ó thaobh uisce de chun iomaíochas agus uathriail straitéiseach na hEorpa a áirithiú, sochaí ina gcuireann an teicneolaíocht agus na sonraí feabhas ar gheilleagar ciorclach, rud a chothaíonn cleachtais inbhuanaithe atá tíosach ar uisce; á iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha uile dlús a chur leis an aistriú i dtreo tionscal ciorclach agus talmhaíocht atá éifeachtúil ó thaobh uisce de trí réitigh nuálacha a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh iontu, lena n-áirítear uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha, aisghabháil acmhainní, athúsáid uisce, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, bonneagar, réitigh dhúlrabhunaithe agus sásraí rialachais cuimsitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún gné an uisce a chomhtháthú agus a phríomhshruthú i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais trí chur chuige trasearnála chun a áirithiú go mbeidh athléimneacht, inbhuanaitheacht agus slándáil uisce fite fuaite i gcreat na mbeartas Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, measúnú a bhaineann le huisce a dhéanamh ar aon bheart rialála, lena n-áirítear beart a bhaineann le fuinneamh, mar chuid den mheasúnú tionchair shocheacnamaíoch agus comhshaoil; ag cur béim ar an bhfíoras, trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le gach beartas de chuid an Aontais, agus le tionscadail agus bonneagar arna gcistiú ag an Aontas, tionchar a imirt ar acmhainní uisce ó thaobh cainníochta, cáilíochta agus inrochtaineachta de, go n-áiritheofaí gur bunchloch d’fhoirmliú agus de chur chun feidhme beartais í an athléimneacht uisce, agus ar an gcaoi sin go n-aistreofaí an pharaidím ó chóireáil uisce mar acmhainn gan teorainn go dtí aitheantas a thabhairt dá luach intreach don chine daonna agus do thírdhreach éiceolaíoch agus socheacnamaíoch an Aontais agus dá iomaíochas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Éifeachtúlacht uisce</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil úsáid éifeachtúil uisce ríthábhachtach chun acmhainní uisce an Aontais a chaomhnú agus gur cheart éifeachtúlacht uisce a bheith ina príomhchuspóir de chuid an Aontais; i ndáil leis an méid sin, á iarraidh go ndéanfaí laghdú iarmhartach ar an éileamh ar uisce, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar leibhéil sceite iomarcacha, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i réitigh nuálacha, próisis thionsclaíocha agus táirgthe a nuachóiriú, bonneagar uisce a uasghrádú, acmhainní uisce agus buaicéilimh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, tús áite a thabhairt d’úsáidí agus a áirithiú go mbeidh laghdú ar thomhaltas foriomlán fionnuisce mar thoradh ar éifeachtúlacht níos airde uisce chomh maith le méadú ar infhaighteacht uisce i limistéir ina bhfuil strus maidir le huisce ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á chreidiúint gur cheart tosaíocht a thabhairt do limistéir a bhfuil tionchar ag triomach faidréiseach agus gaineamhlú orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh go mbeadh creat reachtach ann lena leagfar síos spriocanna earnála éifeachtúlachta uisce agus astarraingthe uisce ar leibhéal imchuach, bunaithe ar mheasúnuithe cothrom le dáta ar infhaighteacht uisce agus ar rioscaí aeráide, lena n-áirítear cur chuige luachála uisce arb ionann é agus seirbhísí éiceachórais agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach, agus lena gcumhdaítear gach úsáid uisce, lena n-áirítear tionscal, fuinneamh, talmhaíocht, institiúidí poiblí agus teaghlaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart na spriocanna sin a bheith uaillmhianach ach inoiriúnaithe, agus na himthosca sonracha agus an dul chun cinn atá bainte amach cheana féin ag gach Ballstát á gcur san áireamh chun iarrachtaí leanúnacha a áirithiú i dtreo gnóthachain éifeachtúlachta ar fud na réigiún uile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cleachtais bailithe sonraí éifeachtúla agus aonfhoirmeacha ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha uile, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid, chomh maith le pointí bailithe sonraí fíor-ama ar mhaithe le níos mó trédhearcachta maidir le tomhaltas uisce; ag leagan béim ar an ngá atá le measúnú iomchuí a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid uisce; á chur i bhfáth nach bhféadfar tábhacht straitéiseach an táirgthe bia a chur i mbaol; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an eolaíocht, an taighde agus an teicneolaíocht tábhachtach d’éifeachtúlacht uisce agus d’úsáid uisce agus don gheilleagar ciorclach ina leith sin; á iarraidh go gcruthófaí agus go gcuirfí chun cinn córais uiscithe chliste agus ardfheidhmíochta nua, coinneáil uisce báistí agus uisce ó athúsáid, chomh maith le córais uiscithe atá tíosach ar uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á athdhearbhú gur gá modheolaíocht chomhchoiteann an Aontais a fhorbairt chun spriocanna éifeachtúlachta uisce agus astarraingthe uisce a leagan síos chun úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní uisce in-athnuaite atá ar fáil a áirithiú laistigh de chreat comhtháite bainistithe acmhainní uisce lena dtugtar aird chuí ar naisc lasmuigh d’earnáil an uisce tríd an nasc idir éiceachórais uisce, fuinneamh, bia agus, ar an gcaoi sin, a chur ar chumas cinnteoirí agus gníomhaithe eacnamaíocha an infheistíocht is gá a phleanáil chun slándáil an tsoláthair uisce a áirithiú ar bhealach atá ag éirí níos inbhuanaithe, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe na ndobharlach lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar ann maidir le pleanáil chomhtháite acmhainní fuinnimh agus uisce agus teicneolaíochtaí gaolmhara ar fud na n-earnálacha uile ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear idir na geallsealbhóirí uile, chun sásraí a bhunú chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud na mbeartas uisce agus fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún beartas cuimsitheach a chur ar aghaidh maidir le bainistiú inbhuanaithe uisce don tionscal bunaithe ar laghdú, aisghabháil, athúsáid agus athchúrsáil, lena n-áirítear béim ar úsáid teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de agus ciorclach, athchúrsáil uisce, straitéisí laghdaithe truailleán agus córais lúbiata a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil bagairt mhéadaitheach an ghanntanais uisce ag cur tionscail agus tionscadail i mbaol, ar tionscail agus tionscadail iad atá ríthábhachtach d’iarracht iomaíochais na hEorpa, lena n-áirítear leathsheoltóirí, lárionaid sonraí, hidrigin in-athnuaite agus táirgeadh ceallraí feithiclí leictreacha; ag tabhairt dá haire go mbeidh tuilleadh brú ar thionscail an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a laghdú agus éifeachtúlacht acmhainní uisce a fheabhsú, lena n‑áirítear úsáid uisce, idir úsáid dhíreach agus indíreach. á iarraidh ar na Ballstáit tacú le tionscail atá dian ar uisce pleananna éifeachtúlachta uisce a chur ar bun arb é is aidhm dóibh uisce a shábháil, a athúsáid agus a athchúrsáil, truailliú uisce a chosc agus teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a chur chun feidhme. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí cuimsitheacha bainistithe uisce a ionchorprú i mbeartais thionsclaíocha ábhartha an Aontais agus i gconairí aistrithe earnáilsonracha, agus béim ar leith á leagan ar earnálacha straitéiseacha atá dian ar uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil eolas, sonraí, taighde agus teicneolaíocht ríthábhachtach d’úsáid éifeachtúil uisce; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais agus theicniúil leormhaith do na Ballstáit chun bearta bainistithe uisce éifeachtúla a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin teicneolaíochtaí nuálacha agus nua-aimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na moltaí sa tuarascáil deiridh ón Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais ina gcuirtear i bhfios go láidir gur gá cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus samhlacha nua gnó a mhéadú chun úsáid níos éifeachtúla acmhainní nádúrtha, go háirithe uisce, a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an t-aistriú chuig samhail feirmeoireachta níos inbhuanaithe agus níos iomaíche, le cúnamh ó chur chun feidhme cleachtas inbhuanaithe agus réiteach nuálach lena gcuirtear an bhithéagsúlacht chun cinn, lena laghdaítear ionchuir cheimiceacha agus lena gcumasaítear acmhainní uisce a bhainistiú go héifeachtúil, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe, bainistiú athghiniúnach, teicneolaíochtaí uiscithe beachtais chliste, córais faireacháin dhigiteacha, ardmhodhanna cóireála agus líonraí cliste dáilte uisce, tomhaltas a bharrfheabhsú agus ídiú acmhainní uisce a chosc, agus a chuidíonn le táirgiúlacht leanúnach a áirithiú agus, ag an am céanna, a chur ar chumas na talmhaíochta truailliú a laghdú, lotnaidicídí agus leasacháin a úsáid go héifeachtúil, feabhas a chur ar an timthriall hidreolaíoch, feabhas a chur ar athlíonadh screamhuisce agus oiriúnú d’úsáid níos ísle uisce; á mheas gur féidir bearta a áireamh freisin i réitigh teicneolaíochta lena bhféadfar ionsú, insíothlú agus coinneáil uisce i gcórais talmhaíochta a mhéadú, rud atá tábhachtach i gcomhthéacs tarluithe méadaitheacha triomach agus báisteach throm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios gur féidir le réitigh agus cleachtais nuálacha uiscithe feabhas a chur ar éifeachtúlacht uisce sa talmhaíocht, buntáiste eacnamaíoch a bhaint amach agus ualaí comhshaoil a laghdú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire nach bhfuil acmhainní ná dreasachtaí leordhóthanacha ag feirmeoirí go ginearálta chun a bheith ar an eolas faoi úsáid uisce ag barra, faoi fheidhmeanna uiscithe iarbhír, faoi fhreagairtí táirgeachta barr ar chleachtais éagsúla bainistithe uisce, agus, dá bhrí sin, faoi na leibhéil éifeachtúlachta uisce atá ann faoi láthair ar an bhfeirm; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit glacadh réiteach nuálach uiscithe amhail uisciú silte a dhreasú agus tacú leo chun go bhféadfar bainistiú gníomhach a dhéanamh ar leibhéil uisce agus úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní uisce, chomh maith le malartú leanúnach eolais a chur chun cinn, ionas gur féidir leis na geallsealbhóirí ábhartha uile freagracht níos mó a roinnt ar fud an tslabhra soláthair uisce ina iomláine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil úsáid cothaitheach amhail níotráit agus fosfáit bunriachtanach don táirgeadh bia, toisc nach bhféadfaí an ghníomhaíocht sin a dhéanamh gan iad a úsáid; á mholadh go mbreithneofaí níos fearr an timthriall cothaitheach i dtáirgeadh talmhaíochta agus i saothrú an luacha i bhfuíolluisce uirbeach; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde ar úsáid éifeachtach cothaitheach agus ar fhorbairt teicneolaíochtaí aisghabhála cothaitheach, chun spleáchas an Aontais ar amhábhair allmhairithe a laghdú; ag aithint na hardacmhainneachta maidir le haisghabháil cothaitheach ó uisce agus á iarraidh ar na Ballstáit tacú le hearnáil na talmhaíochta a dtomhaltas cothaitheach a bharrfheabhsú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as acmhainní (níotráit agus fosfar) arna n-aisghabháil ó ghléasraí cóireála fuíolluisce; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta comhtháite maidir le bainistiú cothaitheach a mholadh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chaillteanas ionchur luachmhar talmhaíochta, athchúrsáil cothaitheach, truailliú cothaitheach agus neamhéifeachtúlachtaí sa timthriall cothaitheach; á iarraidh go ndéanfaí fosfar a aisghabháil i gceart agus go sábháilte ó fhoinsí orgánacha agus go spreagfaí infheistíochtaí ina théarnamh agus ina bhainistiú ciorclach cothaitheach i gcomhréir le foilseachán JRC an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil maidir le hEolaíocht do Bheartas de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, ‘Technical proposals for the safe use of processed manure above the threshold established for Nitrate Vulnerable Zones by the Nitrates Directive (91/676/EEC)’, [Tograí teicniúla maidir le húsáid shábháilte aoileach próiseáilte os cionn na tairsí a bunaíodh le haghaidh Criosanna i mbaol Níotráite leis an Treoir um Níotráití (91/676/CEE)] 2020.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an Treoir reatha um Níotráití, toisc go ndéantar, trí fhorálacha atá as dáta, úsáid leasachán saorga seachas úsáid aoiligh orgánaigh a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú, mar ábhar práinne, ar an Treoir um Níotráití roimh dheireadh na bliana seo, agus go ndéanfaí, mar chuid den athbhreithniú uirthi, bainistiú ciorclach cothaitheach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras, i gcomhréir leis an tuarascáil deiridh ón Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais, gur gá tacú leis an aistriú chuig cineálacha barr agus síolta atá oiriúnaithe go réigiúnach agus an t-aistriú chuig barra éagsúla, le ceanglais uisce laghdaithe agus frithsheasmhacht in aghaidh triomaigh níos mó, chomh maith leis an ngá atá le tacú le cleachtais iomchuí bainistithe ithreach a ghlacadh; á mheas go bhfuil gá le tacaíocht níos láidre don taighde eolaíoch agus don fhorbairt theicneolaíoch a bhaineann le pórú speiceas nua, chun go bhféadfar táirgeadh agus soláthar earraí bia a éagsúlú agus a gcáilíocht a fheabhsú, agus an leibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á ardú ag an am céanna; ag cur sonrú in acmhainneacht na gcineálacha plandaí atá níos frithsheasmhaí in aghaidh strus uisce agus lotnaidí agus a d’fhéadfadh ról a bheith acu maidir le húsáid uisce a laghdú agus a d’fhéadfadh lorg comhshaoil barr a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais agus theicniúil d’fheirmeoirí agus do phobail tuaithe, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus maidir le huisce, chun cabhrú leo cleachtais inbhuanaithe bainistithe talún a ghlacadh lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht na hithreach agus an uisce, lena rannchuideofar leis an mbithéagsúlacht agus lena maolófar an t-athrú aeráide; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá aird ar leith a thabhairt ar réigiúin atá an-leochaileach ó thaobh díghrádú ithreach agus ganntanas uisce de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag aithint go ndearna na feirmeoirí iarrachtaí suntasacha ar cháilíocht an uisce a fheabhsú agus ag cur béim ar an ngá atá le creat ama iomchuí chun go bhféadfar measúnú cruinn a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios gur éirigh go maith leis an bhFócasghrúpa Agrafhoraoiseachta de Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil talmhaíochta EIP‑AGRI agus á iarraidh go leanfar den mhalartú eolais, den saineolas agus den fhoghlaim idir piaraí trí Líonra an Aontais um an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil naisc idir linnte carbóin agus infhaighteacht uisce, agus á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas ann idir an straitéis athléimneachta uisce agus scéimeanna feirmeoireachta carbóin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce an brú atá ar dhobharlaigh a laghdú trí fhorálacha a leagan amach maidir le huisce a athúsáid tar éis na cóireála iomchuí, agus, ar an gcaoi sin, acmhainní uisce a chaomhnú. ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, go gcuireann bacainní rialála, airgeadais agus teicneolaíochta, lena n-áirítear iomaíochas eacnamaíoch an fhuíolluisce athshlánaithe, pleanáil bainistithe riosca agus comhroinnt freagrachtaí, le glacadh mall athúsáide uisce athshlánaithe don talmhaíocht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais tacaíochta a ghlacadh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal áitiúil araon, lena ndreasófar cleachtais athúsáide uisce, agus aird á tabhairt ar a thábhachtaí atá sé cóireáil fuíolluisce agus ceanglais cháilíochta a oiriúnú don úsáid uisce atá beartaithe; ag tabhairt dá haire go mbíonn feidhmeanna luachmhara ag fuíolluisce cóireáilte freisin i bpróisis thionsclaíocha éagsúla agus i gcomhthéacsanna uirbeacha éagsúla, rud a rannchuidíonn leis an mbrú a laghdú ar acmhainní fionnuisce agus le caomhnú uisce óil; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin maidir le hAthúsáid Uisce chun íoschaighdeáin cháilíochta uisce a bhunú, ar leibhéal an Aontais, le haghaidh athúsáid shábháilte uisce chun críoch tionsclaíoch agus uirbeach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córais dreasachtaí rialála agus airgeadais a shonrú chun fuíolluisce cóireáilte a athúsáid in earnálacha atá dian ar uisce agus cistiú sonrach a chur ar fáil chun bonneagar a thógáil lena nasctar gléasraí cóireála fuíolluisce agus líonraí dáileacháin uisce scagtha; á áitiú go mbeadh cur chuige cuíchóirithe i reachtaíocht an Aontais chun bacainní riaracháin a bhaint agus athchúrsáil shábháilte agus éifeachtúil uisce a chur chun cinn ar fud na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit pleananna náisiúnta athúsáide agus coigilte uisce a chur ar bun chun comhar trasearnála i mbainistiú uisce a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á athdhearbhú go bhféadfadh uisce athúsáidte laghdú a dhéanamh ar astarraingt ó aibhneacha, lochanna agus screamhuisce le haghaidh talmhaíocht uiscithe; á chur i bhfios go láidir gur féidir le huisce athúsáidte rannchuidiú le bunsreafaí agus íosleibhéil uisce a choinneáil le linn tréimhsí tirime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag leagan béim ar acmhainneacht earnáil na tógála uisce a shábháil, mar shampla, le cabhair ó chórais chliste fomhéadraithe, córais uisce léith éifeachtúla, athúsáid fuíolluisce tí nó sábháil uisce báistí; á chur i bhfáth gur féidir feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú trí éifeachtúlacht uisce, trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla gnéithe coigilte uisce i bhfoirgnimh nua a dhreasú; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart cleachtais atá tíosach ar uisce a chur san áireamh sa phleanáil uirbeach; á thabhairt chun suntais gur féidir feabhas a chur ar an oiriúnú don athrú aeráide i gcathracha trí uisce báistí a bhuaint chomh maith le huisce a úsáid agus a athúsáid go héifeachtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an t-aistriú, in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach, chun éifeachtúlacht fuaraithe barrfheabhsaithe agus modhanna fuaraithe malartacha nach bhfuil chomh spleách céanna ar uisce a áirithiú, chun coigilteas suntasach uisce a áirithiú sna hearnálacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios, cé go ndéanann teaghlaigh suas 10 % den tomhaltas foriomlán uisce san Aontas, go bhfuil gá freisin le gníomhaíocht maidir le héifeachtúlacht uisce tí a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil réitigh theicneolaíocha atá tíosach ar uisce ar fáil go héasca agus gur féidir leo tomhaltas uisce i dteaghlaigh a laghdú gan compord a chur i mbaol nó gan infheistíocht mhór a bheith ag teastáil ina leith; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le tomhaltóirí aistriú chuig teicneolaíochtaí den sórt sin agus feasacht tomhaltóirí a neartú maidir le tomhaltas uisce agus gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann trí éifeachtúlacht uisce tí a dhaingniú i mbeartais uisce, tógála agus tomhaltóirí ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil na rátaí sceite ó phíopaí ard i roinnt Ballstát, rud a mhéadaíonn sciar iomlán an tomhaltais uisce intíre; á chur in iúl gur geal léi forálacha na Treorach nua maidir le hUisce Óil maidir le rátaí sceite agus an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar na rátaí sin agus luachanna tairsí a shocrú a spreagfaidh gníomhaíocht sna Ballstáit lena mbaineann; á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic go práinneach le sceitheadh i líonraí soláthair uisce agus ceanglais faireacháin agus tuairiscithe na Treorach maidir le hUisce Óil a chur chun feidhme go hiomlán, ionas gur féidir leis an gCoimisiún luach tairsí le haghaidh sceite a shocrú faoi mhí Eanáir 2028; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá líonraí uiscithe uirbeacha inbhuanaithe a nuachóiriú, chun sceitheadh a shrianadh agus a lorg uisce a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit an pobal a chur ar an eolas go rialta maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht a soláthairtí uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfios go gcuireann eagraíochtaí san earnáil phoiblí acmhainneacht shuntasach neamhshaothraithe ar fáil chun uisce a shábháil de bhua a méide nó a gcineáil mar eagraíochtaí poiblí; á chreidiúint gur cheart don earnáil phoiblí gníomhú mar eiseamláir d’earnálacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faisnéis, oiliúint, cláir chomhairleacha agus feachtais faisnéise atá inrochtana go héasca agus saor in aisce a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail a mhúscailt maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí gnéithe éifeachtúlachta uisce, amhail laghdú ar chaillteanas uisce agus athúsáid uisce, a chomhtháthú san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an gcreat soláthair phoiblí.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Truailliú uisce</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil creat beartais uisce an Aontais atá ann cheana ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú éifeachtach acmhainní uisce agus ar chosaint agus athchóiriú éiceachóras fionnuisce agus muirí ach go dteipeann air go praiticiúil i ngeall ar dhroch-chur chun feidhme, cistiú neamhleor, easpa aird ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus anailís costais is tairbhe neamhleor ar na bearta atá le cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an reachtaíocht atá ann faoi láthair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, go háirithe an Treoir Réime maidir le hUisce agus na treoracha a ghabhann léi (an Treoir Screamhuisce agus an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil), agus béim ar leith á leagan ar na sásraí faireacháin agus tuairiscithe a neartú chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile na bearta cosanta uisce is gá a chur chun feidhme go comhsheasmhach; á mheabhrú go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach chun na gníomhartha sin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth gur bagairt don chomhshaol uisceach é truailliú ceimiceach uisce dromchla agus screamhuisce, le héifeachtaí amhail géarthocsaineacht agus tocsaineacht ainsealach in orgánaigh uisceacha, carnadh truailleán san éiceachóras agus cailliúint gnáthóg agus bithéagsúlachta, chomh maith le sláinte an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí caighdeáin cháilíochta chuimsitheach uile-Aontais d’iomláin PFAS i screamhuisce agus in uisce dromchla; á chur i bhfáth go bhfuil nuashonruithe faoi seach ar na treoracha ábhartha bunriachtanach chun cáilíocht an uisce a chosaint agus chun dea-stádas ceimiceach a bhaint amach do dhobharlaigh mar a shainordaítear faoin Treoir Réime maidir le hUisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á áitiú nach gcuirfear i mbaol i gcomhthéacs tograí reachtacha agus neamhreachtacha atá ar na bacáin, úsáidí bunriachtanacha PFAS in earnálacha criticiúla, amhail feistí leighis, cógaisíochta agus táirgí atá riachtanach don dá aistriú chuig aeráidneodracht agus geilleagar digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go gcuirfí deireadh de réir a chéile le síorcheimiceáin (PFAS), ag tosú le hearraí tomhaltais, atá nasctha le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, ach a n-úsáid a cheadú i gcás nach bhfuil roghanna malartacha sábháilte ann agus sa chás sin amháin; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí a mhéadú agus dlús a chur le taighde agus forbairt roghanna malartacha coibhéiseacha agus sábháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún teorainneacha nuashonraithe le PFAS in uisce óil a mholadh, agus an t-eolas eolaíoch is déanaí á chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag cur béim ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt, ag an bhfoinse go príomha, ar thruailliú ó chógaisíocht, bisfeanóil, géinte frithsheasmhachta frithmhiocróbaí, truailleáin orgánacha mharthanacha agus truailleáin eile atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an truailliú sin, chun ailíniú le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach agus leis an sprioc dea-stádas ceimiceach a bhaint amach do gach dobharlach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na bearnaí a dhúnadh le cistiú feabhsaithe agus le forfheidhmiú na ndlíthe atá ann faoi láthair, agus le comhtháthú phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh chun truailliú a mhaolú ag an bhfoinse agus éiceachórais uisce a chosaint do na glúnta atá le teacht; á chur i bhfios go láidir nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar bhaictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach ná ar thruailleáin áirithe atá ag teacht chun cinn, rud a éilíonn tuilleadh nuálaíochta agus infheistíochta; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do gach earnáil próisis táirgthe inbhuanaithe agus cleachtais chiorclacha a chur i bhfeidhm, rud a chuirfidh cosc réamhghníomhach ar thruailleáin dul isteach i gcórais uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfadh micreaphlaistigh dul isteach i bhfoinsí uisce óil ar roinnt bealaí: ó rith chun srutha dromchla (mar shampla, tar éis titim báistí) go heisilteach fuíolluisce (cóireála agus neamhchóireáilte araon), forsceitheadh séarachais comhcheangailte, eisilteach tionsclaíoch, dramhaíl phlaisteach dhíghrádaithe agus deascadh atmaisféarach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú riosca iomlán ar mhicreaphlaistigh in uisce óil a chur ar aghaidh, i gcomhréir le ceanglais na Treorach maidir le hUisce Óil, agus oibriú go leanúnach ar mhodhanna samplála agus anailíseacha iontaofa agus láidre chun aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ag an truailleán sin atá ag teacht chun cinn ar fhoinsí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an rialáil a dhéantar ar thruailliú plaisteach i dtimpeallachtaí fionnuisce agus muirí, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicreaphlaistigh agus ar phlaistigh aon úsáide; á mholadh don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na sásraí forfheidhmithe atá ann faoi láthair agus breithniú a dhéanamh ar bhearta breise chun cáilíocht an uisce a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar na geallsealbhóirí ábhair shábháilte a fhorbairt, ar ábhair iad a bhíonn i dtadhall le huisce, BPA agus bisfeanóil eile a ionadú agus a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus na forálacha a glacadh le déanaí maidir le BPA agus bisfeanóil agus díorthaigh bisfeanóil eile a úsáid (Rialachán (AE) 2024/3190 ón gCoimisiún);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á mheabhrú go bhforchuirtear leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025, oibleagáidí nua maidir le híonú uisce, lena gceanglaítear ar tháirgeoirí cógaisíochta agus cosmaideacha 80 % ar a laghad de na costais a bhaineann le micreathruailleáin a bhaint as fuíolluisce a chumhdach, agus é mar aidhm substaintí díobhálacha sa chomhshaol a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil figiúirí agus measúnuithe éagsúla ann maidir leis an tionchar a bheadh aige sin ar an earnáil cógaisíochta agus, uime sin, ar infhaighteacht agus inacmhainneacht cógas, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún measúnú nua agus cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar ar an earnáil sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go dtabharfadh an tAontas níos mó tacaíochta d’údaráis áitiúla chun gléasraí cóireála fuíolluisce a nuachóiriú agus athúsáid uisce a chur chun cinn, chun ailíniú le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh bainistiú fuíolluisce cathrach go héifeachtach le dea-stádas ceimiceach agus éiceolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí faireachán méadaithe ar iarmhair lotnaidicídí i ndobharlaigh agus go ndéanfaí rialacháin maidir le cur i bhfeidhm lotnaidicídí a fhorfheidhmiú chun a dtionchar ar cháilíocht an uisce a mhaolú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú méadaithe chun tacú le feirmeoirí cleachtais íseal-ionchuir agus feirmeoireachta orgánaí a ghlacadh lena laghdaítear an spleáchas ar lotnaidicídí ceimiceacha agus leasacháin, chomh maith le hoiliúint iomchuí agus seirbhísí comhairleacha neamhspleácha a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí eile maidir le húsáid, éifeachtacht agus tocsaineacht lotnaidicídí, chomh maith le dea-chleachtas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á áitiú go ndéanfaí prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú chun úsáid cheimiceach ghuaiseach i bpróisis thionsclaíocha a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú breise chun tacú le tionscail aistriú chuig teicneolaíochtaí glana lena n-íoslaghdaítear truailliú uisce<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil,‘‘Industrial pollutant releases to water in Europe’ ]Scaoiltí truailleán tionsclaíoch san uisce san Eoraip], suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, 30 Bealtaine 2024, https://www.eea.europa.eu/en/analysis/indicators/industrial-pollutant-releases-to-water.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á aithint go bhfuil ról ag sloda cóireáilte mar fhoinse áitiúil agus chiorclach leasacháin, rud a chuireann le sláinte ithreach, le hathchúrsáil cothaitheach agus le spleáchas laghdaithe ar leasacháin shintéiseacha; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar PFAS, miotail throma, micreaphlaistigh agus substaintí díobhálacha eile dul isteach i líonraí séarachais chun úsáid shábháilte agus inbhuanaithe sloda séarachais ar ardchaighdeán sa talmhaíocht a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas ar na bearta a áireamh in iarscríbhinn a ghabhann le EWRS, le hamlíne chun na cuspóirí atá i gceist a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oiriúnú don athrú aeráide: tuilte, triomaigh, limistéir struis, ullmhacht do thubaistí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí díonadh ar oiriúnú don athrú aeráide i ngníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha nua uile an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú i bpleananna earnála agus i mbearta beartais a dhéanann difear d’úsáid uisce agus talún; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le huaillmhian aeráide mhéadaithe mar chuid den chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú ag an am céanna go gcuirfidh na bearta uile maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a dhéanann difear d’úsáid uisce le hathléimneacht fhadtéarmach fheabhsaithe uisce; á iarraidh ar an gCoimisiún na dálaí geografacha agus comhshaoil sna Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán, chomh maith le staid shonrach na n-oileán, na réigiún is forimeallaí agus na limistéar eile ardleochaileachta, amhail limistéir a ndéanann gaineamhlú difear dóibh, agus tograí reachtacha agus neamhreachtacha nua á nglacadh aige; á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár a thíolacadh le haghaidh bearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha atá ann faoi láthair agus atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear spriocanna agus ceanglais faireacháin a dhéanann difear d’úsáid uisce agus talún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le bearta oiriúnaithe aeráide saincheaptha do réigiún na Meánmhara, a bhfuil dúshláin uathúla os a chomhair amhail triomaigh fhada agus ionradh salanda ar acmhainní fionnuisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin shonracha ann do limistéir oileánacha mar gheall ar ghanntanas uisce óil agus á iarraidh go ndéanfaí bearta spriocdhírithe chun acmhainní uisce oileáin a chosaint, lena n-áirítear feabhas a chur ar bhonneagar bailithe agus stórála uisce báistí, agus foinsí malartacha uisce a chur chun feidhme, agus córais faireacháin agus bainistithe acmhainní uisce á bhfeabhsú ag an am céanna; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit réigiúin shléibhtiúla a chur san áireamh ar bhealach níos fearr i bpleananna oiriúnaithe náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann le bainistiú uisce i limistéir shléibhtiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag athdhearbhú nár cheart an maolú ar an athrú aeráide agus réitigh oiriúnaithe don athrú aeráide a bheith thíos le díghrádú an éiceachórais, agus nár cheart dóibh méadú ar an éileamh ar ghníomhaíochtaí atá dian ar uisce agus ar fhuinneamh a sheachaint, agus gur cheart, ina ionad sin, tús áite a thabhairt don nuálaíocht agus do theicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh agus ar uisce mar chuid den aistriú i dtreo geilleagar atá níos tíosaí ar acmhainní, gan an bonn a bhaint dá tháirgiúlacht, agus rochtain chothrom ar uisce á háirithiú do chách ag an am céanna; á chur i bhfios, chun a bheith éifeachtach, gur cheart réitigh maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a chur in oiriúint do chúinsí náisiúnta, agus iomaíochas agus táirgiúlacht á bhfeabhsú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma ag an am céanna; á chur i bhfios go bhféadfadh sineirgí a bheith ann, i ndáil leis sin, le táirgeadh nuálach fuinnimh amhail fótavoltachas agus bithghás, ós rud é gur féidir leis rannchuidiú freisin le méadú ar ioncam talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé uisce a chur ar leataobh don dúlra agus gur gá éiceachórais shláintiúla fionnuisce a chothabháil, ar mhaithe le dea-fheidhmiú thimthriall an uisce, ar mhaithe le gníomhaíochtaí an duine agus chun tionchair triomaigh agus ganntanas uisce a mhaolú; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs éiceachórais fionnuisce agus feidhmeanna nádúrtha aibhneacha a athchóiriú, a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le ‘bacainní atá imithe i léig’, eadhon bacainní saorga nach gcomhlíonann a gcuspóir bunaidh a thuilleadh nó nach bhfuil gá leo a thuilleadh, i gcás ina bhfuil deiseanna den sórt sin ann, ar bhonn an eolais agus na taithí atá ann faoi láthair; á iarraidh go mbunófaí cláir shonracha chun cainéil abhann a ghlanadh agus a chaomhnú, lena n-áiritheofar sreabhadh íosta agus lena laghdófar carnadh smionagair agus dríodair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’acmhainneacht stórála agus dáileacháin uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á áitiú, agus tionchar an athraithe aeráide ag éirí níos seasmhaí, nach mór do bhainistiú tuilte agus triomaigh na rioscaí atá ag teacht chun cinn a chomhtháthú go hiomlán, lena n-áirítear patrúin aimsire atá ag athrú, amhail patrúin bháistí mhéadaithe as a n-eascraíonn farasbarr uisce; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil meascán d’fhaireachán agus de bhailiú sonraí, d’ullmhacht, d’éigeandáil agus de fhreagairtí téarnaimh, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal ‘atógáil ar bhealach níos fearr’<FOOTNOTE><FIELD> Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí <STRING ITALIC="on">Build Back Better in recovery, rehabilitation and reconstruction</STRING> [Atógáil ar Bhealach Níos Fearr i dtéarnamh, athshlánú agus atógáil], UNISDR, an Ghinéiv, 2019.</FIELD></FOOTNOTE>ar thaobh amháin, agus gníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha a oiriúnú ar an taobh eile, bunriachtanach chun leochaileacht a laghdú agus athléimneacht a mhéadú, go háirithe i bhfianaise ghné chainníochtúil an uisce a bheith níos feiceálaí; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le réitigh agus bonneagar dúlrabhunaithe atá athléimneach ó thaobh na haeráide de lena gcuirtear san áireamh tionchar teagmhas aeráide foircneach ina bhforbairt chun a n-inmharthanacht a áirithiú i bhfianaise teagmhais adhaimsire aeráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á mheabhrú gur forlíonadh WFD in 2007 le Treoir 2007/60/CE maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte, arb é is aidhm di creat a bhunú chun iarmhairtí díobhálacha tuilte ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol, ar an oidhreacht chultúrtha agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a laghdú; ag tabhairt dá haire go mbaintear amach an dá threoir go frithpháirteach trí phleananna bainistithe riosca agus pleananna bainistithe tuilte abhantraí mar chomhpháirteanna de chóras comhtháite bainistithe uisce ina bhfuil comhordú ríthábhachtach; á mheabhrú go bhfuil dlúthnasc idir cosc tuilte agus spásanna glasa uirbeacha, straitéisí cosanta ithreach agus infheistíocht i líonraí draenála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir feabhas suntasach a chur ar ullmhacht do ghanntanas uisce agus do thriomach san Aontas, ós rud é nach bhfuil aon phleananna bainistithe triomaigh i bhfeidhm i roinnt Ballstát<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol et al. <STRING ITALIC="on">Stock-taking analysis and outlook of drought policies, planning and management in EU Member States – Final Report</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, ar na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla, pleananna bainistithe triomaigh a fhorbairt, go háirithe d’fhonn soláthar uisce óil a áirithiú, táirgeadh bia a áirithiú agus córais faireacháin, rialaithe agus luathrabhaidh dhigitithe a chomhtháthú chun tacú le cinntí éifeachtacha agus sonraíbhunaithe maidir le bearta cosanta, freagartha agus cumarsáide le réimsí freagrachta atá sainithe go soiléir; á chur i bhfios gur gá forálacha ar leibhéal an Aontais a thabhairt isteach maidir le pleananna bainistithe triomaigh, cosúil leis na forálacha maidir le pleananna bainistithe tuilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á áitiú, i bhfianaise an iliomad teagmhas aeráide, amhail tuilte, triomaigh agus cioclóin, a rinne difear don Eoraip, a thábhachtaí atá sé go mbeadh sásra láidir ag an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna den sórt sin, lena n-áirítear córais rabhaidh agus cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta; á chur i bhfios go bhfuil faireachán digiteach, taispeáint phoiblí leormhaith sonraí ábhartha agus córais luathrabhaidh ríthábhachtach chun pleananna éifeachtacha bainistithe triomaigh agus tuilte a fhorbairt ar leibhéal na mBallstát; ag cur béim, thairis sin, ar a thábhachtaí atá sé úsáid iomlán a bhaint as uirlisí an Aontais atá ar fáil, amhail réamhaisnéisí tuilte an Chórais Eorpaigh um Fheasacht Tuilte agus an Chórais Dhomhanda um Fheasacht Tuile, agus an uirlis Dhomhanda um Fhaireachán Tuile, mar chuid de Sheirbhís Bainistithe Éigeandála Copernicus;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) chun cabhrú le tíortha atá buailte ag tubaistí a bhaineann le huisce amhail tuilte agus triomaigh; á iarraidh go mbeadh cistiú méadaithe ann chun acmhainní leordhóthanacha agus uasghrádaithe a chur ar fáil do UCPM chun ullmhacht a mhéadú agus fothú acmhainneachta a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar ullmhacht na saoránach le haghaidh tubaistí nó géarchéimeanna a bhaineann le huisce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá feachtais faisnéise agus cleachtaí taispeántais i saoráidí oideachais, sa riarachán poiblí agus i ngnólachtaí chun ‘cultúr ullmhachta’ a chruthú do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a mbonneagar uisce a athnuachan agus a uasghrádú go córasach, lena n-áirítear bonneagar uisce óil agus sláintíochta, chomh maith le bonneagar lena rialaítear sreafaí abhann, agus infheistíocht a dhéanamh i réitigh nuálacha bunaithe ar dhea-chleachtas, córais uisce a dhéanamh níos athléimní i gcoinne an athraithe aeráide, soláthar cobhsaí uisce óil a áirithiú, caillteanais a bhrath go luath agus sceitheadh uisce agus dramhaíl a laghdú, agus córais iompair agus stórála uisce á mbarrfheabhsú ag an am céanna; á thabhairt chun suntais nach leor an cistiú do bhonneagar nuálach uisce i gcomparáid leis na riachtanais infheistíochta ar fud an Aontais; á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go mbeadh cistiú tiomnaithe ann, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú chun bonneagar atá athléimneach ó thaobh uisce de a fhorbairt, a chothabháil agus a nuachóiriú, chun réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha a chothú agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an bhonneagair uisce sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin na bagartha a bhaineann le gaineamhlú do cháilíocht agus d’infhaighteacht uisce, do thorthúlacht na hithreach agus do tháirgeadh bia, agus in ainneoin gur dhearbhaigh 13 Bhallstát go bhfuil tionchar ag gaineamhlú orthu i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, nach bhfuil aghaidh á tabhairt go héifeachtach agus go héifeachtúil ag an gCoimisiún ar an ngaineamhlú; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024 maidir le gaineamhlú, díghrádú talún agus triomach, plean gníomhaíochta comhtháite uile-Aontais a thíolacadh chun gaineamhlú, díghrádú talún agus triomach a chomhrac, arb é is aidhm dó athléimneacht a chothú in aghaidh triomaigh agus neodracht díghrádaithe talún a bhaint amach san Aontas faoi 2030, bunaithe ar mheasúnú tionchair iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á áitiú go dtabharfaí tacaíocht bhreise don earnáil talmhaíochta agus teicneolaíochtaí nua á gcur i bhfeidhm acu chun an t-éileamh ar uisce a laghdú, agus fós rochtain ar uisce a mhéadú, lena n-áirítear trí thacú le coinneáil uisce agus le hathlíonadh screamhuisce; á iarraidh go soláthrófaí rochtain ar thorthaí taighde, mar shampla ar dhíshalannú sáile, agus go n-éascófaí úsáid réiteach díshalannaithe nuálach; á iarraidh ar na Ballstáit cúltaiscí uisce nádúrtha a chruthú bunaithe ar mheasúnuithe atá cothrom le dáta ar rioscaí aeráide chun soláthairtí criticiúla uisce agus a ndobharcheantair a chosaint, agus an tionchar comhshaoil agus socheacnamaíoch a bhaineann le cúltaiscí den sórt sin a fhorbairt á chur san áireamh; á chur i bhfios go gcomhlánódh na cúltaiscí uisce nádúrtha sin ceanglas na Treorach Réime maidir le hUisce go sainaithneodh na Ballstáit dobharlaigh a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce óil, lena n-áiritheofaí go gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 WFD agus sa Treoir maidir le hUisce Óil, agus go n-áiritheofaí an chosaint is gá leo; ag tabhairt dá haire gurb ann do chúltaiscí uisce nádúrtha den sórt sin cheana féin i bhfoirmeacha éagsúla i mBallstáit éagsúla; á chur i bhfáth gur cheart cúnamh a thabhairt do na Ballstáit nó do rialtais áitiúla agus réigiúnacha chun cabhrú leo cúltaiscí nádúrtha uisce a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag tabhairt dá haire an acmhainneacht a bhaineann le bonneagar coinneála mar shampla de chórais giniúna uisce a chruthaítear trí úsáid a bhaint as na teicnící is fearr atá ar fáil agus atá costéifeachtach agus a bhfuil an tionchar is lú acu ar an gcomhshaol, lena n-áirítear trí fhuíolluisce a athúsáid nó uisce báistí a bhailiú, chun na rioscaí a bhaineann le triomaigh agus tuilte a laghdú, chun slándáil uisce a mhéadú agus chun ciorclaíocht, athshlánú uisce agus athúsáid uisce a chothú; á chreidiúint go bhféadfadh saoráidí coinneála uisce a bheith ina n-uirlisí úsáideacha ar choinníoll go n-údaraíonn na húdaráis áitiúla nó náisiúnta iad faoi choinníollacha soiléire, lena n-áirítear acmhainneacht an screamhuisce áitiúil chun na gníomhaíochtaí sin a chothú agus gur gá d’fheirmeoirí a bhfuil rochtain acu ar an acmhainn uisce a gcleachtais a oiriúnú do chleachtais níos inbhuanaithe, go háirithe ó thaobh riachtanais uisce agus cháilíocht an uisce de; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dó, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun an cur chuige sin a chuíchóiriú i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi astarraingt neamhdhleathach nó d’aon ghnó uisce, ar dócha go ndéanfaidh sé damáiste suntasach do dhobharlaigh; á iarraidh go gcuirfí bearta láidre athchomhairleacha i bhfeidhm, lena n-áirítear tríd an dlí coiriúil, chun cosaint a thabhairt do stádas éiceolaíoch nó acmhainneacht éiceolaíoch na ndobharlach dromchla nó do stádas cainníochtúil na ndobharlach screamhuisce; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tacaíocht bhreise d’oiliúint agus d’aistriú eolais d’acmhainneachtaí forfheidhmithe náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach trasnach ag réitigh dhúlrabhunaithe i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngéarchéim thriarach dhomhanda agus timthriall an uisce nádúrtha a athchóiriú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus na tionchair chomhshaoil agus shocheacnamaíocha á gcur san áireamh acu, tosaíocht a thabhairt d’úsáid réiteach dúlrabhunaithe le haghaidh athléimneacht uisce ina gcuid gníomhaíochtaí beartais agus ina moltaí, amhail bogaigh agus tailte portaigh a athfhliuchadh chun infhaighteacht screamhuisce agus taise na hithreach máguaird a mhéadú, athchóiriú agus cosaint tuilemhánna, bearta coinneála uisce nádúrtha, athfhásrú mar bhac ar thuilte, agus caomhnú uisce báistí, chun infhaighteacht uisce a neartú, chun rioscaí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus chun tacú le hathléimneacht fhadtéarmach do phobail, do ghnólachtaí agus do tháirgeadh bia; á chur i bhfios go láidir, chomh maith le réitigh dhúlrabhunaithe, go bhfuil gá fós le hinfheistíocht chomhlántach i réitigh innealtóireachta chun oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht uisce rathúil a áirithiú san fhadtéarma;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cistiú agus praghsáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á thabhairt dá aire go bhféadfadh réitigh dhúlrabhunaithe agus bearta nádúrtha coinneála uisce na leibhéil screamhuisce a athbhunú agus tacú le sreafaí éiceolaíocha agus rioscaí a bhaineann le huisce ó ghanntanas uisce, ó thuilte agus ó thriomaigh a laghdú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, i mbainistiú tuilte, nach féidir réitigh dhúlrabhunaithe a chur in ionad na réiteach atá ann cheana de ghnáth agus go bhféadfadh sé nach mbeadh siad éifeachtach do na teagmhais is foircní; á chur i bhfios, áfach, gur féidir le réitigh dhúlrabhunaithe feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar shaol inoibrithe bonneagar liath trí acmhainneacht ionsúcháin uisce a mhéadú, treoluas uisce a laghdú agus buaicshreabha a rialáil; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil éifeachtacht na réiteach dúlrabhunaithe sonrach don chomhthéacs agus nach mór iad a chur in oiriúint don staid áitiúil; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, nach ann do ‘réiteach amháin a oireann do chách’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do mhodhanna agus do réitigh nuálacha inbhuanaithe, agus aird chuí á tabhairt ar chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide, a thábhachtaí atá ithreacha sláintiúla chun slándáil agus ciorclaíocht uisce a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór feabhas a chur ar choinneáil nádúrtha uisce ithreacha trí bhearta chun sláinte ithreach a fheabhsú, caillteanais charbóin a íoslaghdú, chomh maith le gníomhaíochtaí ar leibhéal an dobharlaigh, amhail cobhsú bruach abhann, lena n-áirítear trí athnádúrú, agus trí acmhainneachtaí coinneála uiscíoch a athbhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir le bearta bainistithe foraoise atá deartha go críochnúil feabhas a chur ar shláinte dobhardhromanna, sreabhadh uisce a rialáil agus triomach agus strus tuilte a laghdú, i bhfianaise ról ríthábhachtach na gcrann agus na bhforaoisí i rialáil thimthriall an uisce, trína gcumas uisce a íonú, infhaighteacht acmhainní uisce a mhéadú agus coinneáil taise na hithreach a fheabhsú; á mholadh go ndéanfaí é sin a bhreithniú go cuí nuair a fhorbraíonn an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí agus go ndéanfaí é a mheas agus bainistiú riosca tubaistí agus pleanáil theagmhasach á bhforbairt agus á mionchoigeartú; ag cur i dtábhacht, i ndáil leis sin, an ghá atá le tuilleadh taighde, bailiú sonraí, nuálaíochta agus cistiúcháin chun tacú le bainisteoirí talún chun cosc a chur ar an tionchar a bhíonn ag bagairtí comhshaoil amhail triomach, tuilte agus feidhm laghdaithe an dobhardhroma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á aithint go bhfuil limistéir uirbeacha ag éirí níos leochailí i leith rioscaí aeráide a bhaineann le huisce amhail tuilte, ganntanas uisce agus strus teasa; á iarraidh go ndéanfaí pleanáil athléimneachta maidir le huisce uirbeach a chomhtháthú i straitéisí oiriúnaithe don athrú aeráide, lena n-áirítear infheistíocht i ndíonta glasa, bonneagar tréscaoilteach, sábháil uisce báistí agus córais coinneála uisce stoirme, chomh maith le bearta atá dírithe ar spásanna glasa agus gorma a mhéadú i limistéir uirbeacha, chun tionchair adhaimsire a mhaolú agus chun na rioscaí do bheatha agus do mhaoin an duine a laghdú; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí uiscebhealaí uirbeacha i gcathracha a chothabháil agus rochtain a fháil orthu arís;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do EWRS cistiú leordhóthanach ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha a áirithiú chun tacú le nuachóiriú, uasghrádú, oiriúnú agus cothabháil bonneagair uisce athléimnigh, bainistiú inbhuanaithe uisce, bailiú sonraí, taighde, faireachán éifeachtach, digitiú, uas-sciliú, réitigh dhúlrabhunaithe, forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí nuálacha atá tíosach ar uisce, chomh maith le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus shocheacnamaíoch a áirithiú i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar síos leis an gCompás Eorpach Iomaíochais nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún ciste ar leith agus tiomnaithe a chruthú d’athléimneacht uisce laistigh den CAI atá ar na bacáin; á chreidiúint gur cheart sásraí airgeadais sonracha a bhunú laistigh de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus den Chiste Comhtháthaithe chun tacú le teicneolaíochtaí atá cliste ó thaobh uisce de agus le hinfheistíocht uisce; á chreidiúint go láidir, san idirthréimhse, gur cheart tosaíocht a thabhairt don uisce sna creataí cistiúcháin atá ann cheana, lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe; á chur i bhfáth nach mór do shásraí cistiúcháin an Aontais breithnithe maidir le cothromas sóisialta agus le hinacmhainneacht shóisialta a ionchorprú, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí uisce a chur ar fáil don phobal, tacaíocht a áirithiú do na Ballstáit agus do na saoránaigh a bhfuil srianta airgeadais agus réaltachtaí sonracha níos mó acu, agus oibleagáidí bainistithe uisce á gcomhlíonadh ag an am céanna; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an cistiú, na fóirdheontais agus na sruthanna maoiniúcháin atá ann cheana a bhaineann le bainistiú uisce agus úsáidí talún gaolmhara eile a choigeartú, ag imeacht ó réitigh innealtóireachta atá as dáta go réitigh nuálacha, chomh maith le réitigh dhúlrabhunaithe nó meascán díobh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag iarraidh cistiú spriocdhírithe trí na cláir Fís Eorpach agus AGRI-EIP le haghaidh trialacha allamuigh ar chaidreamh uisce na gcóras éagsúla curaíochta; á iarraidh go n-aithneofaí ról na mban i mbeartais uisce agus go n-aithneofaí cistiú sonrach chun a rochtain ar thalmhaíocht a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann easpa cistiúchán tiomnaithe don uisce agus spriocanna ceangailteacha cistiúcháin laistigh den CAI reatha teorainn le cumas an Aontais infheistíocht spriocdhírithe a dhíriú i dtreo bearta riachtanacha athléimneachta uisce, lena n-áirítear nuachóiriú bonneagair, núalaíocht, bearta oiriúnaithe aeráide agus cur chun feidhme réiteach dúlrabhunaithe agus, dá bhrí sin, a chumas iomaíoch, toisc go gcruthaítear ualach breise do gheilleagar na réigiún mura bhfuil cothromaíocht uisce ann; á thabhairt dá aire go bhfuil na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí agus sléibhtiúla san Aontas ag streachailt go háirithe le rochtain a fháil ar chistiú nó ar chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun tacú le hinfheistíocht áitiúil agus réigiúnach i mbainistiú agus bonneagar uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) i maoiniú uisce; á thabhairt chun suntais go bhfuil BEI ag infheistiú go gníomhach in earnáil an uisce agus ag tacú léi; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas comhoibriú le BEI chun dea-chleachtas a chomhroinnt agus á iarraidh, thairis sin, ar BEI agus ar institiúidí airgeadais eile a ról a neartú i gcistiú bonneagair uisce atá nuálach agus athléimneach, bonneagar feabhsaithe sláintíochta agus uisce óil, digitiú, chomh maith le tacú le tionscadail atá dírithe ar rioscaí tuilte a laghdú, creimeadh a chosc agus sruthchúrsaí a athbheochan, trí dhálaí fabhracha a éascú le haghaidh infheistíocht uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún sásraí nuálacha maoiniúcháin a fhiosrú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear íocaíochtaí le haghaidh seirbhísí éiceachórais agus bannaí glasa, agus soiléireacht rialála agus coimircí á n-áirithiú ag an am céanna chun saobhadh margaidh a chosc; á iarraidh ar BEI agus ar institiúidí airgeadais eile tosaíocht a thabhairt d’iasachtaí agus creidmheasanna ar ús íseal do na Ballstáit agus d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla a thugann faoi thionscadail athchóirithe ar mhórscála, le forálacha sonracha chun tacú le réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha mar fhoinse chistiúcháin don infheistíocht san uisce; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht phríobháideach in earnáil an uisce a dhreasú trí chreat rialála tacúil a chruthú lena bhféadfaí deiseanna cómhaoinithe agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a áireamh chun nuálaíocht a spreagadh, bonneagar a fheabhsú agus réitigh inbhuanaithe bainistithe uisce a áirithiú ar fud na mBallstát; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, nár cheart go mbainfeadh rannpháirtíocht na hinfheistíochta príobháidí in earnáil uisce an Aontais an bonn de stádas an uisce mar leas poiblí agus mar sheirbhís phoiblí, agus nach mór athléimneacht fhadtéarmach na hearnála, chomh maith le prionsabail na hinrochtaineachta, na hinacmhainneachta agus na hinbhuanaitheachta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit creataí rialachais a ghlacadh lena sainítear go soiléir róil agus freagrachtaí na ngeallsealbhóirí maidir le réitigh dhúlrabhunaithe a phleanáil, a mhaoiniú agus a chur chun feidhme; á chreidiúint gur cheart cistiú ó fhoinsí éagsúla a chomhtháthú sna creataí sin, lena n-áirítear ranníocaíochtaí daonchairdiúla agus comhpháirtíochtaí na hearnála príobháidí, agus rochtain chothrom ar acmhainní do thionscadail ar mhionscála á háirithiú ag an am céanna, go háirithe ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uisce ina mbuiséid agus feabhas a chur ar rialachas laistigh de na réigiúin maidir le húsáid chistí de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá cúnamh airgeadais agus teicniúil spriocdhírithe a chur ar fáil do bhardais chun comhlíonadh na reachtaíochta a bhaineann le huisce a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit dlús a chur le húdaruithe a dheonú do thionscadail bonneagair uisce athléimneacha inbhuanaithe agus nuálacha chun gur féidir iad a chur chun feidhme go tapa i bhfianaise na ndúshlán práinneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil cur i bhfeidhm phrionsabal an aisghabhála costas maidir le seirbhísí uisce, lena bhforáiltear go mbeidh gach úsáideoir uisce rannpháirteach go héifeachtach agus go comhréireach ó thaobh airgeadais de chun costais na seirbhísí uisce a aisghabháil, fós íseal nó nach ann dó i roinnt Ballstát. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis réigiúnacha beartais leormhaithe praghsála uisce a chur chun feidhme agus prionsabal an ghnóthaithe costas a chur i bhfeidhm maidir le costais chomhshaoil agus acmhainní araon i gcomhréir le WFD; á iarraidh ar na Ballstáit na timthriallta fada infheistíochta a chur san áireamh agus prionsabal an aisghabhála costas á chur chun feidhme agus a áirithiú go mbeidh cistiú leordhóthanach ar fáil don infheistíocht nó don athinfheistíocht is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go dtacóidh praghsáil uisce le slándáil fhadtéarmach uisce trí na costais eacnamaíocha, chomhshaoil agus acmhainní a bhaineann le húsáid uisce a léiriú; á mholadh do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla a áirithiú go mbeidh praghsáil uisce inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, cothrom ó thaobh na sochaí de agus go gcuirfear úsáid éifeachtúil uisce chun cinn, agus go léireofar ann infhaighteacht uisce ar fud na mBallstát agus na réigiún éagsúil, go háirithe i réigiúin ina bhfuil strus maidir le huisce, agus inacmhainneacht á cosaint ag an am céanna do theaghlaigh agus do ghnólachtaí beaga; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla praghsanna trédhearcacha uisce a áirithiú agus feasacht a mhúscailt maidir le luach na seirbhísí uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á chur i bhfios go mbeidh ról lárnach ag na húdaráis náisiúnta inniúla uisce maidir le pleananna nua bainistithe agus caomhnaithe uisce a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit méadú airgeadais agus teicniúil a dhéanamh ar acmhainneacht na n-údarás inniúil sin ról cumasúcháin agus comhairleach níos suntasaí a bheith acu i mbonneagar bainistithe agus stórála uisce atá inbhuanaithe agus slán i bhfad na haimsire; á chreidiúint gur cheart cistí an Aontais, amhail an Ciste um Aistriú Cóir, a úsáid chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí uisce maidir le cur chun feidhme;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, slándáil agus nuálaíocht theicneolaíoch</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag cur sonrú san acmhainneacht agus sa ghá atá le digitiú agus IS chun feabhas a chur ar bhainistiú agus faireachán ar dhobharlaigh uisce agus ar an mbonneagar uisce, agus maidir le tuairisciú agus inchomparáideacht sonraí lena léirítear dálaí éagsúla sreabhaidh geografacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar sholáthraithe uisce trédhearcacht agus digitiú a phríomhshruthú mar phrionsabail bhunúsacha i mbainistiú uisce agus feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as sonraí bainistithe agus méadraithe, agus é mar aidhm faireachán, measúnú, cuntasacht agus cinnteoireacht a neartú, agus oibleagáidí tuairiscithe á mbarrfheabhsú agus á simpliú ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh teicneolaíochtaí uisce ann atá cumasaithe go digiteach chun cianfhaireachán fíor-ama agus samplabhunaithe a éascú agus chun ciantuairisciú ar cháilíocht, sceitheadh, úsáid agus acmhainní uisce a éascú; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht maidir le húsáid cistí poiblí agus caiteachas poiblí sa réimse sin; á aithint gur gá oiliúint i scileanna digiteacha a bheith ag gabháil le húsáid fhorleathan teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá digitiú agus réitigh shonraí-lárnacha a chur chun cinn chun sochaí atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil; á chur i bhfáth gur gá réitigh dhigiteacha a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas uisce agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní uisce ar fud na n-earnálacha uile; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun córais chliste bainistithe uisce a chur chun feidhme, ag díriú ar riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á chur i bhfios go meastar go bhfuil córais uisce, lena n-áirítear córais cóireála agus dáileacháin uisce, ar cheann de bhonneagair chriticiúla agus de cholúin slándála an náisiúin, agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad ríthábhachtach d’uathriail straitéiseach an Aontais, agus go bhfuil gá le cosaint mhéadaithe agus cumas fóntas bagairtí fisiciúla agus cibearbhagairtí agus cibirionsaithe a bhrath, freagairt dóibh agus téarnamh uathu; ag tabhairt dá haire go bhfuil leochaileachtaí nua ag baint le leibhéal níos airde digitithe; á chur i bhfios, i gcás ina dtarlódh bagairt nó ionsaí, go bhféadfadh go gcaillfeadh oibreoirí córais uisce a gcumas sreabhadh agus cáilíocht an uisce a rialú nó a gcumas fíorstádas an chórais uisce a rianú; á áitiú gur cheart measúnuithe leochaileachta agus plean práinnfhreagartha a bheith ina gcuid lárnach den chóras bainistithe uisce i ngach Ballstát; ag moladh go ndéanfaí faisnéise a chomhroinnt faoi bhagairtí ar an gcibearshlándáil agus nósanna imeachta a chur chun cinn chun dea-chleachtas a mhalartú i measc oibreoirí, chomh maith le cultúr cibearshlándála a bhunú trí bhearta slándála teicniúla, trí inniúlacht a fhorbairt agus trí fheasacht a chruthú agus trí chumarsáid; ag tarraingt aird ar na bearta agus na forálacha i dTreoir NIS2 agus sa Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a d’fhéadfadh cabhrú leis na rioscaí slándála atá ag teacht chun cinn a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le formáidí comhordúcháin ar leibhéal an Aontais a threisiú agus uirlisí éifeachtacha a mholadh sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta atá ar na bacáin agus é mar aidhm ullmhacht thráthúil a áirithiú chun dul i ngleic le rioscaí comhshaoil agus neamh-chomhshaoil do na dobharlaigh atá ag bagairt ar shlándáil fhoriomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht na mban a mhéadú i gcinntí maidir le hathléimneacht uisce; á iarraidh go nglacfaí cur chuige modheolaíoch lena mbreithnítear go héifeachtach riachtanais a bhaineann le hinscne i gcur chun feidhme na dtionscadal soláthair uisce, trí fhaireachán, tuairisciú agus rianú a chur chun feidhme lena n-úsáidtear uirlisí agus táscairí atá imdhealaithe de réir inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sonraí agus anailís sonraí níos fearr ríthábhachtach do chinnteoireacht fhianaise-bhunaithe agus do shainaithint thapa mionathruithe ar cháilíocht an uisce a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar dhobharlaigh, mar aon le meastóireacht a dhéanamh ar dhea-chleachtas agus na bearta is costéifeachtaí, agus a mbíonn tionchar acu, a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le sonraí feabhsaithe, iontaofa agus idir-inoibritheacha maidir le soláthar, éileamh, dáileadh, inrochtaineacht agus úsáid uisce agus gur gá pointí sonraí a bhunú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus idir-inoibritheacht sonraí a fheabhsú ar gach leibhéal chun tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta uisce atá ann faoi láthair, chomh maith leis an ngeilleagar ciorclach agus straitéisí siombóise tionsclaíche atá cliste ó thaobh uisce de a éascú; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí sonraí agus IS a úsáid chun tomhaltas uisce agus fuinnimh a shamhaltú chomh maith le hacmhainneachtaí athúsáide agus athchúrsála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas níos fearr a thabhairt do ról bunúsach na hearnála uisce maidir le hiomaíochas an Aontais a neartú trí thaighde agus nuálaíocht a chothú agus tríd an bhfiontraíocht agus an tallann a chur chun cinn; ag cur béim, i ndáil leis an méid sin, ar a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoin nuálaíocht in earnáil an uisce; á chur i bhfios go bhféadfadh ról a bheith ag an Lárionad Nuálaíochta Eorpach um Chlaochlú agus Astaíochtaí Tionsclaíocha, arna chruthú mar chuid de Threoir 2010/75/AE, ina leith sin, ós rud é go ndéanann sé meastóireacht ar fheidhmíocht chomhshaoil na dteicneolaíochtaí tionsclaíocha agus go mbailíonn sé faisnéis maidir le teicnící comhshaoil tionsclaíocha nuálacha; ag tarraingt aird, thairis sin, ar chomhpháirtíochtaí atá ann cheana amhail Comhpháirtíocht Water4All, clár cistiúcháin le haghaidh taighde eolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á chreidiúint gur gá ardáin il-gheallsealbhóirí a thógáil agus a chothú chun glacadh nuálaíochta a chur chun cinn ar gach leibhéal, áitiúil agus náisiúnta; á mholadh go mbeadh raon leathan rannpháirtithe — na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, agus comhlachais na sochaí sibhialta — rannpháirteach sna hardáin sin chun comhghuaillíocht comhpháirtithe a thógáil chun athrú a chur i gcrích; ag tacú le comhroinnt eolais a chur chun cinn maidir leis an gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí digiteacha uisce tacú le cur chun feidhme reachtaíocht uisce an Aontais atá ann cheana, chomh maith le fothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scileanna digiteacha, agus cláir thaighde agus forbartha (T&F) lena ndírítear ar uisce, lena n-áirítear trí chomhoibriú le hollscoileanna, le hionaid taighde agus le FBManna, a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag lárionaid sonraí sa gheilleagar digiteach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh méadú suntasach ar éileamh IS ar acmhainní uisce a bhaineann lena n-oibríochtaí a bheith mar thoradh ar leathnú tapa na teicneolaíochta, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de na tairbhí comhshaoil a gheallann IS a bhaint amach, amhail barrfheabhsú acmhainní agus laghduithe astaíochtaí carbóin, agus á chur i bhfáth gur gá bearta éifeachtúlachta uisce a chomhtháthú ina ndearadh agus ina n-oibriú; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar úsáid acmhainní uisce ag teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus, go háirithe, ag IS agus lárionaid sonraí ina EWRS, go háirithe trí lárionaid sonraí a spreagadh chun uisce cóireáilte a athúsáid agus dearadh sliseanna agus comhpháirteanna níos éifeachtúla a chur chun cinn chun an gá le fuarú a laghdú; á mholadh do na Ballstáit tús áite a thabhairt do straitéisí athléimneachta uisce lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin shonracha a bhaineann le lárionaid sonraí chun inbhuanaitheacht na gclár oibre digiteach agus comhshaoil araon a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á mheabhrú gurb é díshalannú sáile an próiseas chun salann a bhaint as an bhfarraige nó as uisce goirt chun é a dhéanamh inúsáidte le haghaidh raon cuspóirí ‘oiriúnach lena úsáid’, lena n-áirítear ól, agus gur réiteach teicneolaíoch tábhachtach é dá bhrí sin do shlite beatha daoine; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur próiseas dianfhuinnimh é an díshalannú agus gur cheart, go hidéalach, fuinneamh in-athnuaite a úsáid, nuair is féidir, chun tionchair chomhshaoil a íoslaghdú; á athdhearbhú go dtáirgeann díshalannú seachtháirge, sáile (réiteach salainn tiubhaithe), nach mór a dhiúscairt i gceart chun drochthionchair ar an muirthimpeallacht a sheachaint; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart díshalannú atá bunaithe ar chúlosmóis nó ar theicneolaíochtaí teirmeacha a chur i bhfeidhm, mura bhfuil roghanna eile atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fáil nó mura féidir iad a chur chun feidhme, go háirithe i limistéir iargúlta agus ar oileáin; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil obair leanúnach á déanamh ar réitigh theicneolaíocha nua, amhail cealla díshalannaithe miocróbacha, lena gcuirtear rogha mhalartach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus nuálach ar mhodhanna díshalannaithe traidisiúnta ar fáil, go háirithe chun uisce glan agus cóireáil fuíolluisce a sholáthar do shuíomhanna beaga scoite gan leictreachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú méadaithe agus T&F i dteicneolaíochtaí amhail teicnící nuálacha díshalannaithe chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus uas-scálú na dteicneolaíochtaí sin a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí den sórt sin a úsáid sa talmhaíocht chun na pointí soláthair uisce a éagsúlú agus, dá bhrí sin, chun leochaileacht na hearnála i leith strus maidir le huisce a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh go leor dul chun cinn eolaíoch déanta le deich mbliana anuas chun cóireáil uisce a dhéanamh níos cliste agus níos ciorclaí, agus go gcuirtear deiseanna ar fáil leis na réitigh sin chun réitigh dhigiteacha, IS agus cianbhraiteacht a úsáid chun uisce a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus trí fhuíolluisce cóireáilte a athúsáid le haghaidh uisciúcháin agus fuinneamh agus cothaithigh a aisghabháil ó fhuíolluisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bacainní rialála laistigh den mhargadh aonair chun forbairt, uas-scálú agus cur ar an margadh réiteach bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta nuálach a éascú agus monaraíocht agus ciorclaíocht níos glaine a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí réitigh nuálacha maidir le cosaint barr agus toirchiú a chistiú, a fhorbairt agus a údarú, lena n-áirítear oibreáin rialaithe bhitheolaíocha agus substaintí gníomhacha a bhfuil tionchar níos ísle acu ar an gcomhshaol, a bhfuil gá leo le haghaidh aistriú cóir chuig córais talmhaíochta níos inbhuanaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí cláir shonracha chun cainéil abhann a ghlanadh agus a chaomhnú, lena n-áiritheofar sreabhadh leormhaith agus lena laghdófar carnadh smionagair agus dríodair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’acmhainneacht stórála agus dáileacháin uisce;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhar trasteorann agus idirnáisiúnta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le EWRS cuimsitheach lena gcothófar comhar trasteorann, bailiú agus tuairisciú sonraí níos aonfhoirmí, lena roinnfear dea-chleachtas idir gníomhaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, lena n-áiritheofar bainistiú inbhuanaithe uisce agus dáileadh cothrom acmhainní i measc na mBallstát, lena gcuirfear cosc ar dhúshláin uisce amhail ganntanas agus riosca tuilte a chur ar aghaidh chuig Ballstáit eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur bagairt mhór é an t-athrú aeráide ar acmhainní uisce agus ar éiceachórais uisceacha; ag tabhairt dá haire go gcuireann tuilte agus ganntanas uisce slándáil bia agus uisce agus sláinte an phobail i gcoitinne i mbaol, rud a dhéanann difear ar deireadh don chomhtháthú sóisialta agus don chobhsaíocht shóisialta; á aithint go bhfuil athléimneacht uisce ríthábhachtach chun géarchéimeanna sláinte, bia, fuinnimh agus slándála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann athléimneacht uisce comhar trasteorann uisce chun cinn, a fheidhmíonn mar chatalaíoch don tsíocháin agus don tslándáil, ós rud é go bhfuil tíortha idirnasctha trí aibhneacha comhroinnte agus acmhainní screamhuisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an comhar trasteorann idir na Ballstáit maidir le bainistiú abhantrach comhroinnte agus uiscíoch screamhuisce agus maidir le bailiú agus comhroinnt éifeachtach sonraí maidir le cáilíocht uisce, leibhéil truaillithe agus leibhéil uisce; á mholadh go mbunófaí lárionaid chomhair réigiúnacha chun cur chun feidhme comhstraitéisí athléimneachta uisce a chomhordú, agus dúshláin aeráide, shóisialta agus eacnamaíocha gach críche á gcur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar idirnáisiúnta feabhsaithe ann, lena n-áirítear ar leibhéal na n-abhantrach, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim uisce atá ag dul i méid, chun uisce glan agus ar ardchaighdeán a áirithiú, chun bainistiú inbhuanaithe uisce a chur chun cinn agus chun teicneolaíochtaí uisce nuálacha éagsúla, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme; á iarraidh go ndaingneofaí comhar thar theorainneacha ar an leibhéal oibríochtúil, oirbheartaíochta agus straitéiseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí tionscadail trasteorann faoi Interreg agus faoi chistí eile an Aontais chun an comhar réigiúnach i mbainistiú acmhainní uisce a fheabhsú, agus béim ar leith á leagan ar dháileadh cothrom an uisce idir earnálacha agus na Ballstáit a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá acmhainneachtaí faireacháin AE a neartú trí dhigitiú agus trí theicneolaíochtaí nua-aimseartha, lena n-áirítear faireachas satailíte agus rianú truaillithe fíor-ama, atá bunriachtanach chun truailliú trasteorann a chosc agus a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún ról taidhleoireachta sonrach a chur chun feidhme atá tiomanta do choinbhleachtaí a bhaineann le huisce a réiteach, comhar uisce a chur chun cinn agus foinsí agus córais uisce a chosaint, go háirithe le linn coinbhleachtaí armtha agus i gcomhthéacsanna trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>ag tathant ar AE a bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun éiceachórais uisce a chosaint agus a athchóiriú i gcomhréir le SFI 6 maidir le huisce glan agus sláintíocht;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>