<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0093</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 maidir leis an tSeirbia</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0072/2025 -  Rapóirtéir: Tonino Picula)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 maidir le tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún i ndáil leis an tSeirbia (2025/2022(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 278, 18.10.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/490/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas na Seirbia an 19 Nollaig 2009 ar bhallraíocht in AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hiarratas na Seirbia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2011)0668), agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 1 Márta 2012 chun stádas iarrthóra a dheonú don tSeirbia agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia maidir le haontachas le AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú na Bruiséile an 27 Feabhra 2023 agus do Chomhaontú Ohrid an 18 Márta 2023 agus an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2021%3A1529%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2024%3A1449%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na huachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do na dearbhuithe ó na cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 i Sóifia agus an 6 Bealtaine 2020 i Ságrab,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do rúin uaithi maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir rialtas na Seirbia agus rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag AE chun an caidreamh a normalú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhaontú an 27 Lúnasa 2022 maidir le saorghluaiseacht idir rialtais na Seirbia agus na Cosaive, do chomhaontú an 23 Samhain 2022 maidir le plátaí ceadúnais, agus do Threochlár Cur Chun Feidhme na gComhaontuithe Fuinnimh san Idirphlé arna éascú ag an Aontas an 21 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0057),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 8 Samhain 2023 ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2023 Communication on EU Enlargement Policy’</STRING> [Teachtaireacht 2023 maidir le Beartas um Méadú AE] COM(2023)0690), agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Serbia 2023 Report’</STRING> [Tuarascáil 2021 ar an tSeirbia] (SWD(2023)0695) ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 30 Deireadh Fómhair 2024 ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2024 Communication on EU enlargement policy’</STRING> [Teachtaireacht 2024 maidir le beartas um méadú AE] COM(2024)0690), agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Serbia 2024 Report’</STRING> [Tuarascáil 2021 ar an tSeirbia] (SWD(2024)0695) ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 9 Feabhra 2023 maidir leis an idirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 14 de Bhunreacht na Seirbia maidir le mionlaigh náisiúnta a chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, arna dhaingniú ag an tSeirbia in 2001 agus do Chairt Eorpach Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, arna daingniú ag an tSeirbia in 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an gCosaiv agus an tSeirbia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2024 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ordú ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine don tSeirbia an 29 Aibreán 2025 staonadh ó fheistí sonacha a úsáid le haghaidh slua-rialaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha (ESCE/ODIHR) agus ó mhisean breathnóireachta toghchán um Chearta an Duine maidir le luath-thoghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta an 3 Aibreán 2022 sa tSeirbia, a foilsíodh an 19 Lúnasa 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2006, do na conclúidí ón gComhairle ó mhí an Mhárta 2020 agus do na Conclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21-22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar critéir Chóbanhávan freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó mhisean breathnóireachta toghchán ESCE/ODIHR maidir le luath-thoghcháin pharlaiminteacha an 17 Nollaig 2023 sa tSeirbia, a foilsíodh an 28 Feabhra 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don mheabhrán tuisceana idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le comhpháirtíocht straitéiseach i ndáil le hamhábhair inbhuanaithe, slabhraí luacha ceallraí agus feithiclí leictreacha, a síníodh an 19 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj?eliuri=eli%3AC%3A2024%3A6746%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an tSeirbia, go háirithe rún an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis na forbairtí is déanaí san idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv, lena n-áirítear an staid i mbardais an tuaiscirt sa Chosaiv<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2654, 29.4.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/2654/oj?eliuri=eli%3AC%3A2024%3A2654%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>, agus rún an 8 Feabhra 2024 maidir leis an staid sa tSeirbia tar éis na dtoghchán<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6339, 7.11.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/6339/oj?eliuri=eli%3AC%3A2024%3A6339%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0072/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na hionstraimí beartais eachtraigh is rathúla de chuid AE agus gur infheistíocht gheopholaitiúil straitéiseach é sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil fhadtéarmach ar fud na mór-roinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir chritéir Chóbanhávan, nach mór do thíortha is iarrthóirí cloí le luachanna an Aontais chun dul isteach ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb iad an daonlathas agus an smacht reachta na luachanna bunúsacha ar a bhfuil AE bunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil cearta polaitiúla agus saoirsí sibhialta á gcreimeadh go seasta, rud a chuireann brú ar na meáin neamhspleácha, ar an bhfreasúra polaitiúil agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur cáineadh sa Cheathrú Tuairim maidir leis an tSeirbia ó Choiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa i ndáil leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta, a glacadh an 26 Meitheamh 2019, moilleanna na Seirbia maidir le cearta oideachais do mhionlaigh a chur chun feidhme go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur bunluach Eorpach í saoirse reiligiúin agus gur ceart bunúsach an duine í agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an tSeirbia an tsaoirse sin a urramú agus a ráthú do gach duine aonair a chónaíonn ar a críoch, i gcomhréir lena gealltanais idirnáisiúnta agus lena hoibleagáidí maidir le cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Caibidil 23 den <STRING ITALIC="on">acquis</STRING>, nach mór don tSeirbia fíorfheabhsuithe a léiriú ar fheidhmiú éifeachtach chearta daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír is iarrthóir ar mhéadú a mheas ar a fiúntas féin, lena n‑áirítear a hurraim do chearta agus luachanna comhroinnte Eorpacha agus a dtiomantas buanseasmhach do chearta agus luachanna comhroinnte Eorpacha agus ailíniú le beartas eachtrach agus slándála AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár fhorchuir an tSeirbia smachtbhannaí i gcoinne na Rúise tar éis ionsaí na Rúise san Úcráin; de bhrí go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar ráta ailínithe na Seirbia leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) ó 2021 i leith; de bhrí go dtacaíonn an tSeirbia le hiomláine chríochach agus neamhspleáchas polaitiúil na hÚcráine, agus gur cháin sí go soiléir fogha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus gur vótáil sí in éineacht le AE sna Náisiúin Aontaithe, cé nár fhorchuir sí smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; de bhrí gur thit ráta ailínithe na Seirbia le CBES ó 54 % in 2023 go 51 % in 2024 agus gur bhain tíortha eile is iarrthóirí sa réigiún – an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró agus an Mhacadóin Thuaidh – ailíniú 100 % amach<STRING BOLD="on">;</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSeirbia fós ina láthair chatha ríthábhachtach d’fheachtais bhréagaisnéise eachtracha, go háirithe ag an Rúis agus ag an tSín, a fhéachann le reitric frith-Iarthair a chruthú; de bhrí gur léiríodh i dtuarascáil chríochnaitheach ESCE/ODHIR maidir leis na luaththoghcháin pharlaiminteacha a reáchtáladh an 17 Nollaig 2023 roinnt easnamh nós imeachta, chomh maith le húsáid reitric ghéar agus claontacht chomhsheasmhach a bheith sna meáin a thug buntáiste neamhchothrom don pháirtí rialaithe; de bhrí gur gá measúnú críochnúil agus pras a dhéanamh ar na saincheisteanna arna sainaithint sa tuarascáil sin; de bhrí, mar chuid de na caibidlíochtaí aontachais, gur ghlac an tSeirbia an Straitéis um an gCibearchoireacht a Chomhrac 2019-2023 agus na pleananna gníomhaíochta ábhartha i mí Mheán Fómhair 2018; de bhrí nach ndearnadh an straitéis agus na pleananna gníomhaíochta ábhartha a athnuachan tar éis mhí na Nollag 2023; de bhrí nach ndearna an tSeirbia ailíniú le bearta sriantacha AE mar fhreagairt ar chibirionsaithe in 2023 agus 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur réamhchoinníoll é normalú an chaidrimh idir an Chosaiv agus an tSeirbia le haghaidh dul chun cinn an dá thír i dtreo bhallraíocht AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, ar ndóigh, go n-éilíonn aontachas le AE ailíniú iomlán le cuspóirí beartais eachtraigh an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go n-aithníonn an tSeirbia iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear leithinis na Crimé agus réigiún Donbas;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gurb é AE príomh-chomhpháirtí trádála na Seirbia, arb ionann é agus 59,7 % de thrádáil iomlán na Seirbia;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis ag baint úsáid as a tionchar sa tSeirbia chun iarracht a dhéanamh stáit cheannasacha chomharsanachta a dhíchobhsú, cur isteach orthu agus bagairt a dhéanamh orthu agus an bonn a bhaint ó thodhchaí Eorpach na Seirbia; de bhrí go n‑oibríonn eagraíochtaí bolscaireachta Rúiseacha amhail RT (ar a dtugtaí Russia Today roimhe seo) agus Sputnik gan bhac sa tSeirbia agus go bhfuil tionchar suntasach acu maidir le hinsintí frith-AE agus frithdhaonlathacha a mhúnlú; de bhrí gur minic a eascraíonn bréagaisnéis as ráiteas bréagach nó míthreorach ó dhuine polaitiúil, a thuairiscíonn na meáin atá faoi úinéireacht an stáit agus a mhéadaítear ina dhiaidh sin ar na meáin shóisialta, go minic agus é ar intinn aici an bonn a bhaint ón bhfreasúra polaitiúil agus ó phrionsabail dhaonlathacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, an 8 Meitheamh 2024, gur tionóladh ‘Tionól uile-Sheirbeach’ i mBéalgrád le rannpháirtíocht ceannairí polaitiúla ón tSeirbia, ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón gCosaiv faoin mana ‘Daonra amháin, tionól amháin’;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur sonrú i dtiomantas na Seirbia do bhallraíocht AE mar a sprioc straitéiseach agus a huaillmhian ailíniú go hiomlán le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE faoi dheireadh 2026; ag tathant ar an tSeirbia athchóirithe bunriachtanacha a bhaint amach go tapa agus go cinntitheach, go háirithe i mbraisle 1, chun go measfaí an gealltanas an-uaillmhianach sin a bheith réalaíoch, fíor agus fóinteach; á chur i bhfáth gur gá don tSeirbia a léiriú go dáiríre agus go neamhbhalbh go bhfuil sí dírithe go straitéiseach ar AE, trí thoil láidir pholaitiúil agus comhsheasmhacht a léiriú i gcur chun feidhme athchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus trí chumarsáid oibiachtúil gan débhrí a dhéanamh lena saoránaigh faoi AE, faoi chonair Eorpach na Seirbia agus faoi na hathchóirithe is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis na Balcáin Thiar sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus le slándáil agus cobhsaíocht an Aontais ina iomláine; á chur in iúl, mar gheall ar a seasamh geopholaitiúil, go bhfuil tionchar díreach ag an tír ar chobhsaíocht fhoriomlán an réigiúin; ag cáineadh, dá bhrí sin, iarrachtaí na Seirbia réimse tionchair a bhunú lena mbaintear an bonn de cheannasacht tíortha comharsanachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag aithint leibhéal maith ullmhúcháin na Seirbia maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus smacht fioscach agus ag aithint mheasúnú an Choimisiúin go bhfuil braisle 3 réidh go teicniúil le hoscailt ach ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearnadh dul chun cinn teoranta nó nach ndearnadh aon dul chun cinn foriomlán maidir leis na tagarmharcanna do bhallraíocht san Aontas a bhaint amach ar fud na gcaibidlí caibidlíochta, le heasnaimh ar leith i réimsí criticiúla amhail an smacht reachta, saoirse na meán, athchóiriú ar an riarachán poiblí, agus ailíniú le beartais an Aontais, go háirithe beartas eachtrach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon dul chun cinn suntasach maidir le Caibidil 31, ós rud é nár tháinig aon athrú den chuid is mó ar phatrún ailínithe na Seirbia le seasaimh bheartas eachtrach AE, go príomha mar gheall ar dhlúthchaidreamh na Seirbia leis an Rúis; á mheabhrú go bhfuil an tSeirbia fós ina heisceacht shuntasach sna Balcáin Thiar maidir le hailíniú CBES; á iarraidh ar an tSeirbia an treocht sin a aisiompú agus céimeanna dearfacha i dtreo ailíniú iomlán a léiriú; ag tabhairt dá haire go bhfuil ráta comhlíonta na Seirbia le ráitis agus dearbhuithe AE ag dul i méid ach nach bhfuil ach 61 % fós ann; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach na Seirbia i misin agus oibríochtaí míleata bainistithe géarchéime an Aontais agus rannchuidiú dearfach leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tacaíocht dhaonnúil na Seirbia don Úcráin agus ag tabhairt dá haire díol armlóin dar luach EUR 800 milliún lena úsáid ag an Úcráin i gcomhaontú comhthairbheach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tSeirbia ailínithe le cuid de sheasaimh an Aontais maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil an tSeirbia fós ag teacht le bearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise; á iarraidh ar an Aontas athmhachnamh a dhéanamh ar mhéid an chúnaimh airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil don tSeirbia má leanann an tacaíocht d’idé-eolaíochtaí frithdhaonlathacha agus neamhailíniú le bearta sriantacha an Aontais agus leis an CBES ar aghaidh; á iarraidh ar an tSeirbia ailíniú a dhéanamh go pras le bearta sriantacha agus beartas ginearálta AE i leith na Rúise agus na Bealarúise, go córasach agus gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a chur chun feidhme ar mhaithe le slándáil na hEorpa ina hiomláine; á chur in iúl gur saoth léi dlúthchaidreamh leanúnach na Seirbia leis an Rúis, rud a léiríonn imní faoina treoshuíomh straitéiseach; ag athdhearbhú a hiarrataí ar údaráis na Seirbia feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir leis an ról atá ag an Lárionad Daonnúil Rúiseach-Seirbeach, mar a thugtar air, in Nis, agus maidir lena ghníomhaíochtaí, agus deireadh a chur láithreach leis an gcomhar míleata uile leis an Rúis; ag tabhairt dá haire gur chinn an tSeirbia tacú le rún na Náisiún Aontaithe lena gcáintear fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí bliana tar éis an ionraidh iomláin; á chur in iúl gur oth léi gur tharraing an tUachtarán Vučić siar láithreach ó bhéal ar vóta na Seirbia sna Náisiúin Aontaithe, rud ar thug sé ‘botún’ air; á mheas, trí chaidreamh pribhléideach a choinneáil le réimeas na Creimile, go mbaintear an bonn ní hamháin ó inchreidteacht na Seirbia mar thír is iarrthóir ach freisin ón muinín atá ag a comhpháirtithe Eorpacha agus todhchaí an chaidrimh idir AE agus an tSeirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an laghdú leanúnach atá tagtha ar thacaíocht phoiblí do bhallraíocht AE sa tSeirbia agus an tacaíocht mhéadaitheach do réimeas Putin, atá mar thoradh ar reitric fhrith-AE agus ar son na Rúise ó na meáin atá faoi rialú an rialtais chomh maith le roinnt oifigeach rialtais; á iarraidh ar údaráis na Seirbia plé atá bunaithe ar fhíricí agus oscailte a chothú maidir le haontachas le AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi scaipeadh leanúnach na bréagaisnéise, lena n-áirítear faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag cáineadh éifeachtaí seach-iarmharta na ngníomhaíochtaí sin i dtíortha eile sa réigiún; á iarraidh ar údaráis na Seirbia an bhréagaisnéis a chomhrac agus á iarraidh ar AE feabhas a chur ar an gcomhar leis an tSeirbia chun athléimneacht dhaonlathach a neartú agus chun bagairtí hibrideacha a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag an tSeirbia maidir le hailíniú le beartas víosaí AE agus á iarraidh go ndéanfaí ailíniú iomlán, go háirithe maidir leis na tíortha sin nach bhfuil san Aontas ar bagairt slándála iad don Aontas, lena n-áirítear bagairt cibirionsaithe; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a síníodh an 25 Meitheamh 2024 idir an tAontas agus an tSeirbia maidir le comhar oibríochtúil i ndáil le bainistiú teorainneacha le Frontex, lena leagtar béim ar an ngá atá le gníomhú i gcomhréir le cearta bunúsacha agus caighdeáin idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart luas foriomlán na caibidlíochta aontachais a bheith ag brath ar dhul chun cinn nithiúil maidir leis na bunphrionsabail, an smacht reachta agus tiomantas do na cearta agus luachanna comhroinnte Eorpacha chomh maith leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, atá le déanamh de mheon macánta ionas go mbeidh comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí bunaithe ar aitheantas frithpháirteach mar thoradh air, chomh maith le hailíniú le CBES AE; ag athdhearbhú a seasaimh nár cheart dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia ach amháin má ailíníonn an tír le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus má dhéanann sí dul chun cinn suntasach maidir lena hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, go háirithe i réimse na mbunphrionsabal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur chuige géillte an Choimisiúin i leith na Seirbia i bhfianaise an rolladh siar atá déanta ag an tír le bliain anuas maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha, chomh maith lena thionchar díchobhsaitheach ar an réigiún ina iomláine; ag tathant ar an gCoimisiún teanga níos soiléire a úsáid, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, i leith na Seirbia, agus aghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar a heasnaimh shuntasacha, easpa dul chun cinn agus fiú cúlú, agus ar an gcaoi sin luachanna bunúsacha AE a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>	á iarraidh ar Rialtas na Seirbia ról agus tairbhí aontachas AE agus tionscadail agus athchóirithe arna gcistiú ag AE a chur chun cinn i measc dhaonra na Seirbia;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshláin leanúnacha ann maidir le neamhspleáchas breithiúnach a áirithiú, lena n-áirítear tionchar míchuí agus brú polaitiúil ar na breithiúna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhainneachtain coimircí a chur chun feidhme lena gcuirtear cosc ar chur isteach polaitiúil ar cheapacháin bhreithiúnacha agus ar ghníomhaíochtaí araíonachta i gcoinne breithiúna agus ionchúisitheoirí; á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go ndéanfaidh Ardchomhairle Bhreithiúnach, Ardchomhairle Ionchúisimh agus Rialtas agus Parlaimint na Seirbia neamhspleáchas breithiúnach agus uathriail ionchúisimh a chosaint go héifeachtach agus go réamhghníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Dlí maidir leis an Acadamh Breithiúnach agus tuairim Choimisiún na Veinéise a ghlacadh agus ceapacháin bhreithiúnacha riachtanacha a dhéanamh chun folúntais atá ann cheana a laghdú agus éifeachtacht fhoriomlán an chórais bhreithiúnaigh a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil stop curtha leis na príomh-athchóirithe breithiúnacha is gá chun ailíniú le caighdeáin AE mar gheall ar an moill ar ghlacadh an dlí sin; á iarraidh go ndéanfaí an dréachtdlí a leasú tar éis dul i gcomhairle go trédhearcach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, d’fhonn neamhspleáchas agus sásraí rialaithe na hinstitiúide a áirithiú chun rannchuidiú le neamhspleáchas breithiúnach foriomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta sa chomhrac i gcoinne an éillithe in ainneoin gur glacadh straitéis nua frithéillithe do 2024-2028; á iarraidh ar an tSeirbia an plean gníomhaíochta frith-éillithe a ghabhann leis a ghlacadh agus tús a chur lena chur chun feidhme agus sásra éifeachtach faireacháin agus comhordúcháin a bhunú chun dul chun cinn a rianú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an t-éilliú fós forleathan in go leor réimsí, go háirithe maidir le ‘tionscadail leasa do Phoblacht na Seirbia’, agus go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an éilliú agus chun freagairt láidir ceartais choiriúil a thabhairt ar éilliú ardleibhéil; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tSeirbia sa 105ú háit in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2024, i bhfad faoi bhun mheán an Aontais; á mheas gur bac suntasach ar a próiseas aontachais leis an Aontas é leibhéal an éillithe sa tSeirbia; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár baineadh torthaí amach fós i gcásanna ardleasa poiblí, tar éis roinnt blianta, amhail i gcásanna seanbhunaithe Krušik, Jovanjica, Savamala agus Belivuk; á iarraidh ar an tSeirbia neamhspleáchas a hinstitiúidí frithéillithe a neartú trína áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu agus go ndéanfar iad a chosaint ar chur isteach polaitiúil; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia Coinbhinsiún Frithbhreabaireachta na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a shíniú agus a chreat dlíthiúil maidir le comhar póilíneachta agus coireacht eagraithe a ailíniú go hiomlán le creat dlíthiúil AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhdhéanamh níos iolraíche na parlaiminte nua, le hionadaíocht níos leithne ar pháirtithe polaitiúla, lena n-áirítear páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta; ag tabhairt dá haire gur chuir an luath-thoghchán agus an briseadh comhfhreagrach i bhfeidhmiú an rialtais agus na parlaiminte bac ar dhul chun cinn maidir le hathchóirithe; ag cur sonrú i bpatrún rialta na dtoghchán luath, modh feachtais buan agus moilleanna fada maidir le rialtais a bhunú, chomh maith le hobair shuaite na parlaiminte náisiúnta, lena n-áirítear easpa seisiún ama ceisteanna rialtais, an easpa plé ar thuarascálacha ó institiúidí neamhspleácha, agus an úsáid níos minice a bhaintear as nósanna imeachta práinneacha, as a n-eascraíonn easpa formhaoirseachta reachtaí agus dlisteanachta agus nach gcuireann le rialachas daonlathach éifeachtach na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur éirigh an Príomh-Aire Miloš Vučević as oifig an 28 Eanáir 2025, a dheimhnigh an Tionól Náisiúnta an 19 Márta 2025, agus gur toghadh an rialtas nua ina dhiaidh sin, agus é faoi stiúir Đuro Macut, a ceapadh an 16 Aibreán 2025; ag tabhairt dá haire gur atosaíodh obair an Tionóil Náisiúnta an 4 Márta 2025, tar éis sos trí mhí, agus ag cáineadh na ngníomhartha foréigin uile a tharla an tráth sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí réidh chun tacú leis an Tionól Náisiúnta agus lena chomhaltaí sna próisis dhaonlathacha a bhaineann le conair Eorpach na Seirbia, lena n-áirítear feidhmiú cuí na parlaiminte i gcomhréir lena rialacha nós imeachta, trí úsáid a bhaint as uirlisí agus tionscnaimh tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa atá ann cheana agus trí thacú le maoirseacht pharlaiminteach mhéadaithe ar phróiseas agus athchóirithe aontachais AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina chúis mhór imní di, i dtuarascáil chríochnaitheach mhisean breathnóireachta toghchán ESCE/ODIHR maidir le toghcháin mhí na Nollag 2023; ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Tionól Náisiúnta meitheal i mí Aibreáin 2024 chun feabhas a chur ar an bpróiseas toghcháin ach, faoi dheireadh na bliana, nár tháinig sé ar chomhaontú maidir le haon bhearta dlíthiúla chun feabhas a chur ar an bpróiseas toghcháin; ag tabhairt dá haire gur fhág beirt as gach triúr ionadaithe ón tsochaí shibhialta an mheitheal i mí Feabhra 2025; ag tabhairt dá haire go ndearnadh bearta sna chéad mhíonna de 2025 maidir leis an Dlí maidir le Clárlann Aontaithe Vótálaithe a leasú ach nach bhfuil aon chomhthoil i measc ghníomhaithe polaitiúla agus gníomhaithe na sochaí sibhialta maidir leis an ábhar; á iarraidh ar na grúpaí parlaiminteacha uile sa Tionól Náisiúnta cinneadh a dhéanamh maidir le cur chun feidhme mholtaí na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, le comhaontú na ngrúpaí uile; á iarraidh go gcaithfear go cothrom le gach comhalta parlaiminte in obair an Tionóil Náisiúnta, go ndéanfar an Cód Iompair parlaiminteach a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtach agus smachtbhannaí neamhchlaonta a fhorchur ar sháruithe ar shláine pharlaiminteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ról méadaitheach atá ag ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus ag cibearoibríochtaí eachtracha agus cur isteach ar phróisis toghcháin dhaonlathacha na Seirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé neamhspleáchas na bpríomhinstitiúidí a áirithiú, lena n-áirítear rialtóirí na meán amhail an tÚdarás Rialála um na Meáin Leictreonacha (REM); á chur in iúl gur oth léi an mhoill ar thoghadh na gcomhaltaí nua; á chur in iúl gur oth léi na neamhrialtachtaí sa phróiseas ainmniúcháin; ag tabhairt dá haire gur tharraing siar roinnt iarrthóirí ón roghnú i mí Feabhra 2025, a thug údar cuí lena gcinneadh ar bhonn na neamhrialtachtaí sin; á chur in iúl gur oth léi go mór go ndearna REM faillí ar a oibleagáidí dlíthiúla grinnscrúdú a dhéanamh go tráthúil ar sheoladh fheachtas toghcháin 2023 sna meáin, tuairisc a thabhairt ar a thorthaí agus smachtbhannaí a fhorchur ar eagraíochtaí meán a sháraigh an dlí, a scaip fuathchaint nó a sháraigh caighdeáin iriseoireachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil tuairimí polaitiúla iolraíocha sna meáin náisiúnta; ag tabhairt dá haire gur cheart do REM iolrachas agus trédhearcacht na meán a chur chun cinn go gníomhach maidir le struchtúir úinéireachta na n-eagraíochtaí meán agus neamhspleáchas ó ghníomhaithe eachtracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhronn REM ceithre mhinicíocht náisiúnta ar chainéil a bhfuil stair acu caighdeáin iriseoireachta a shárú, lena n-áirítear fuathchaint a úsáid agus an pobal a chur ar míthreoir, gan rabhaidh arna n-eisiúint ag CFL a chomhlíonadh, bréagaisnéis a scaipeadh agus tacú le hinsint na Creimile maidir le cogadh na Rúise san Úcráin; á chur in iúl gur oth léi go mór nár eisigh CFL an cúigiú ceadúnas náisiúnta agus á iarraidh go mbronnfaí é trí phróiseas trédhearcach agus neamhchlaonta gan mhoill neamhriachtanach agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le saoirse na meán a luaithe a thoghfar comhairle nua CFL; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia deireadh a chur leis an bpróiseas chun comhaltaí nua a thoghadh agus é a atosú, i gcomhréir le dlí na Seirbia agus le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le saoirse na meán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl go ndéanann sí comhbhrón ó chroí le teaghlaigh na 16 íospartach a cailleadh agus iad siúd a gortaíodh tar éis thitim cheannbhrat stáisiún traenach Novi Sad an 1 Samhain 2024; á iarraidh go mbeadh imeachtaí dlíthiúla iomlána agus trédhearcacha ann tar éis imscrúdú na n-údarás, chun iad siúd atá freagrach a thabhairt os comhair na cúirte; á chur i bhfios go láidir gur gá scrúdú níos leithne a dhéanamh ar a mhéid a bhí an t-éilliú ina chúis le hísliú na gcaighdeán sábháilteachta agus ar a mhéid a rannchuidigh sé leis an tragóid sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi freagairt agus cuntasacht mhoillithe údaráis na Seirbia, an próiseas mall imscrúdaithe agus an easpa trédhearcachta i ndiaidh na tragóide, ar tugadh aghaidh orthu go páirteach i bhfianaise brú poiblí atá ag dul in olcas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na saincheisteanna sistéamacha ar tharraing agóidí na mac léinn sa tSeirbia agus agóidí éagsúla eile aird orthu, amhail saincheisteanna a bhaineann le saoirsí sibhialta, deighilt na gcumhachtaí, éilliú, cosaint chomhshaoil, trédhearcacht institiúideach agus airgeadais, go háirithe maidir le tionscadail bonneagair, agus cuntasacht; á chur in iúl gur oth léi gur chaill an rialtas an deis freastal ar éilimh na mac léinn agus na saoránach a thacaíonn leis na mic léinn de mheon macánta; á dhearbhú go bhfuil éilimh na mac léinn ag teacht leis na hathchóirithe a bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an tSeirbia chun feidhme iad ar a conair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá saoirse cainte agus saoirse comhthionóil; á iarraidh ar údaráis na Seirbia a áirithiú go gcosnófar iad siúd atá rannpháirteach sna hagóidí síochánta; ag cur sonrú sna hollagóidí an 15 Márta 2025, an ceann is mó i stair nua-aimseartha na Seirbia; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú neamhchlaonta ar na maímh gur úsáideadh teicneolaíocht neamhdhleathach slua-rialaithe i gcoinne na n-agóideoirí, rud a d’fhág go ndearnadh roinnt acu a ghortú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an foréigean leanúnach i gcoinne mac léinn, lena n-áirítear an teagmhas a tharla le déanaí i bhfoirgneamh Dhámh an Spóirt agus an Choirpoideachais in Novi Sad, inar gortaíodh cúigear ar a laghad mar thoradh ar ionsaí na bpóilíní ar an bhfoirgneamh in éineacht leis an Déin, Patrik Drid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cáineadh go láidir mí-úsáid sonraí pearsanta ó chlárlanna poiblí chun frithbheart a dhéanamh i gcoinne agóideoirí síochánta; á iarraidh ar an oifig ionchúisimh sa tSeirbia cúisimh a chomhdú i gcoinne gach duine a rinne ionsaí fisiciúil agus gríosú ar fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe na léirsithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di aon ghníomh foréigin; á chur in iúl go bhfuil sí ag coinneáil súil ghéar ar fhorbairtí maidir le hagóideoirí a ghabháil agus imeachtaí dlíthiúla a tionscnaíodh ina gcoinne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go raibh baint ag na seirbhísí slándála le himeaglú agus faireachas na n-agóideoirí; ag cáineadh na teanga a úsáideann údaráis na Seirbia chun foréigean a ghríosú i gcoinne mac léinn agus agóideoirí eile; ag tabhairt dá haire gur fhulaing gníomhaithe mac léinn ciapadh dlíthiúil, imeaglú agus úsáid iomarcach fornirt ag na húdaráis; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú críochnúil, neamhchlaonta agus mear ar líomhaintí go ndearnadh foréigean ar léirsitheoirí agus ar phóilíní a bheith i mbun mí-iompair le linn agóidí; ag tathant ar mhisin taidhleoireachta AE agus na mBallstát leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na cásanna dlíthiúla leanúnacha a bhaineann leis na hagóidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an brú polaitiúil agus airgeadais atá ag dul i méid ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile, chomh maith le hollúna ollscoile, ar baineadh a dtuarastail díobh as páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhchoiteann chun tacú le héilimh na mac léinn; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, na himeachtaí dlíthiúla do-ghlactha agus an feachtas clúmhillte sna meáin i gcoinne Reachtaire Ollscoil Bhéalgrád;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil údaráis na Seirbia rannpháirteach i gcleachtais faireachais neamhdhleathacha fhorleathana trí úsáid a bhaint as earraí spiaireachta i gcoinne gníomhaithe, iriseoirí agus comhaltaí den tsochaí shibhialta, mar a léirítear sna tuarascálacha le déanaí ó Amnesty International agus ó Fhondúireacht SHARE; ag tathant ar Rialtas na Seirbia scor láithreach d’úsáid ardteicneolaíochta faireachais i gcoinne gníomhaithe, iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine, agus á iarraidh ar na húdaráis inniúla stáit imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar na cásanna uile atá ann cheana d’fhaireachas neamhdhleathach agus d’úsáid earraí spiaireachta agus imeachtaí iomchuí a thionscnamh i gcoinne na ndaoine atá freagrach; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i bhfianaise an mhéid sin, obair leantach a dhéanamh ar na teagmhais sin, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin le húdaráis na Seirbia agus a áitiú go ndéanfar imscrúdú críochnúil ar na hábhair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi cúléisteacht agus coinneáil neamhdhleathach líomhnaithe cúigear gníomhaithe ó Ghluaiseacht Saorshaoránach (PSG) agus mac léinn ón eagraíocht STAV i mí an Mhárta 2025, agus na barántais ghabhála a eisíodh do ghníomhaithe STAV eile; ag cáineadh úsáid an cháis ag na meáin bholscaireachta agus leathnú gan bhunús ar an gcoinneáil; á iarraidh ar údaráis na Seirbia go scaoilfí Marija Vasić, Lazar Dinić, Mladen Cvijetić, Lado Jovović, Srđan Đurić agus Davor Stefanović saor ó choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag diúltú líomhaintí go raibh AE agus roinnt dá Bhallstáit rannpháirteach in agóidí na mac léinn a eagrú d’fhonn ‘réabhlóid dathanna’ a spreagadh; ag cáineadh go láidir, sa chomhthéacs sin, ghabháil agus dhíbirt neamhdhleathach shaoránaigh AE agus nochtadh poiblí, a bheith á ndéanamh ag coirpigh chogaidh chiontaithe, ar shonraí pearsanta shaoránaigh AE, chomh maith leis an bhfuathchaint i gcoinne mionlaigh náisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na gcásanna coinneála a bhaineann le saoránaigh AE ag teorainn na Seirbia; ag tabhairt dá haire go bhfuil insintí frith-AE á léiriú maidir le tacaíocht laghdaithe do lánpháirtiú AE i sochaí na Seirbia agus maidir le láithreacht gníomhaithe uathlathacha eachtracha sa tír a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar údaráis na Seirbia muinín na saoránach in institiúidí stáit a athbhunú trí thrédhearcacht agus cuntasacht a dheonú; ag spreagadh na ngníomhaithe polaitiúla agus sóisialta uile páirt a ghlacadh in idirphlé cuimsitheach, substainteach atá dírithe ar athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil meath breise tagtha ar shaoirse na meán sa tSeirbia, mar a léirítear le titim na Seirbia go dtí an 98ú háit in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa de chuid Tuairisceoir gan Teorainneacha 2024; ag tathant ar an tSeirbia gairmiúlacht, éagsúlacht agus iolrachas na meán a fheabhsú agus a chosaint, iriseoireacht iniúchach ardcháilíochta agus na caighdeáin iriseoireachta eiticiúla is airde a chur chun cinn, trí chóid iriseoireachta iompair agus litearthacht sna meáin a urramú; á mheabhrú a thábhachtaí atá iolrachas agus trédhearcacht na meán, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann le húinéireacht agus maoiniú stáit, go háirithe trí rannpháirtíocht níos fearr REM; á mheabhrú go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag comhchruinniú úinéireacht na meán ar shaoirse na meán agus ar ghairmiúlacht an tuairiscithe; á athdhearbhú, mar chuid den chaibidlíocht aontachais, nach mór don tSeirbia ailíniú leis an Aontas maidir le hábhair a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail cur i gcoinne FIMI; á iarraidh ar an tSeirbia ailíniú a dhéanamh le beartais AE maidir le trasnaíocht eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise a chomhrac trí bhearta rialála nithiúla a chur chun feidhme i gcomhréir le caighdeáin AE, amhail na forálacha a áirítear sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus i Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag spreagadh comhar idir an tSeirbia, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an Lárionad Eorpach um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis; ag dréim leis go ndéanfaidh na húdaráis gach cás fuathchainte, feachtais chlúmhillte agus cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne iriseoirí a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cásanna tuairiscithe d’ionsaithe mí-úsáideacha, d’fhaireachas digiteach agus de chiapadh i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe ar son chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an imeacht is déanaí, ruathar póilíneachta an 25 Feabhra 2025 maidir le ceithre phríomheagraíocht de chuid na sochaí sibhialta, ar bhealach follasach maidir leis an mí-úsáid a bhain siad as Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um chistí Forbartha Idirnáisiúnta; ag cáineadh go láidir feachtais chlúmhillte leanúnacha agus imeaglú leanúnach i gcoinne na sochaí sibhialta sa tSeirbia, lena n-áirítear líomhaintí bréagacha faoi phleananna chun an rialtas a threascairt le tacaíocht eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa tSeirbia, lena n-áirítear coinníollacha sriantacha, srianta ar mhaoiniú, ruathair phóilíneachta agus cineálacha eile imeaglaithe ó údaráis stáit; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá creat lena gcuirtear ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta áitiúla agus bríomhara oibriú gan bhac agus páirt a ghlacadh i gceapadh beartas, lena n-áirítear próisis lánpháirtithe AE ar bhealaí cuimsitheacha fóinteacha; á chur in iúl gur oth léi nach gcuireann an tSeirbia creat ar fáil faoi láthair lena gcuirtear ar chumas a heagraíochtaí sochaí sibhialta bríomhara agus iolraíocha, go háirithe iad siúd atá rannpháirteach i dtacaíocht daonlathais agus i mbreathnóireacht toghcháin, oibriú gan bhac agus páirt a ghlacadh i gceapadh beartas ar bhealaí cuimsitheacha agus fiúntacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ruathair a rinneadh le déanaí ar oifigí eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe ar gach ionsaí agus feachtas clúmhillte i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus go bhfeabhsófaí trédhearcacht an chistithe phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cáineadh an bhrú pholaitiúil a chuirtear ar ollscoileanna agus ar institiúidí taighde eile trí fhoraithne rialtais a chuireann isteach ar shaoirse acadúil taighdeoirí agus a laghdaíonn a dtuarastail; ag cáineadh spíonadh ollúna, taighdeoirí agus foirne acadúla eile sna meáin atá ar son an rialtais; á chur in iúl gur saoth léi an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as conarthaí sealadacha do mhúinteoirí agus do státseirbhísigh eile mar uirlis pholaitiúil chun brú agus rialú a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tathant ar údaráis na Seirbia infhaighteacht seirbhísí craolacháin phoiblí a leathnú i ngach teanga mhionlaigh ar fud na tíre, lena n-áiritheofar rochtain chomhionann ar na meáin do gach pobal, agus leas á bhaint as dea-chleachtas réigiún Vojvodina;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an dréachtdlí a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na Seirbia an 29 Samhain 2024, ina moltar go mbunófaí dlí gníomhairí eachtracha de chineál na Rúise; á mheabhrú do reachtóirí na Seirbia go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag iriseoirí i sochaí dhaonlathach shláintiúil; á athdhearbhú go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le luachanna an Aontais; ag tabhairt dá haire gur chuir eagraíochtaí iomadúla na sochaí sibhialta a gcomhar le brainsí reachtacha agus feidhmiúcháin an rialtais ar fionraí i mí Feabhra 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cur isteach polaitiúil atá ag dul i méid ar chosaint na hoidhreachta sa tSeirbia, lena n-áirítear stádas cosanta a bhaint de shéadchomharthaí cultúrtha agus neamhaird a thabhairt ar nósanna imeachta dlíthiúla lena rialaítear a gcaomhnú, amhail i gcás Choimpléasc na Nua-Aimsearthaí Generalštab;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear insintí cúblála frith-AE agus, go háirithe, deireadh a chur lena feachtais bhréagaisnéise státurraithe; ag cáineadh oscailt oifige RT i mBéalgrád, seoladh sheirbhís nuachta ar líne RT sa tSeirbia agus oibriú leanúnach sheirbhís nuachta ar líne na Rúise Sputnik Srbija, a úsáidtear chun insintí agus mífhaisnéis ar son na Rúise a chur chun cinn ar fud réigiún na mBalcán Thiar; ag tathant ar údaráis na Seirbia cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus iad a ailíniú go hiomlán leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí craolacháin Sputnik agus RT a chur ar fionraí; á chur in iúl gur cúis mhór imní di leathadh na bréagaisnéise maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin; á iarraidh ar an tSeirbia agus ar an gCoimisiún borradh a chur faoin mbonneagar chun an bhréagaisnéis agus bagairtí hibrideacha eile a chomhrac; ag cáineadh thionchar méadaitheach bhréagaisnéis státurraithe na Rúise agus na Síne sa tSeirbia, lena n-áirítear scaipeadh insintí frith-AE agus frithdhaonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur glacadh an straitéis náisiúnta um chomhionannas agus an straitéis chun an t-idirdhealú a chosc agus a chosaint, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go hiomlán iad agus go ndéanfaí tuilleadh ailínithe le caighdeáin Eorpacha; ag tathant ar údaráis na Seirbia aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile (GREVIO), d’fhonn comhlíonadh Choinbhinsiún Iostanbúl arna dhaingniú ag an tSeirbia a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir an Chúirt Bhunreachtúil cur chun feidhme an Dlí maidir le Comhionannas Inscne ar fionraí go sealadach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa leanúnach tacaíochta leormhaithe d’eagraíochtaí a chuireann cearta na mban agus comhionannas inscne chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go mór an meath déimeagrafach sa tSeirbia, atá ag dul in olcas mar gheall ar ghlanimirce dhiúltach mar gheall ar chruatan eacnamaíoch agus géarleanúint pholaitiúil; á chur i bhfáth gur daoine óga, oilte agus táirgiúla den chuid is mó é a bhfuil iallach orthu an tír a fhágáil, chomh maith leo siúd a gcuirtear brú orthu agus atá faoi bhagairt mar gheall ar a dtuairimí polaitiúla, lena n-áirítear Dijana Hrka, máthair duine d’íospartaigh thragóid stáisiúin iarnróid Novi Sad, a bhfuil eagla uirthi maidir lena sábháilteacht tar éis do lucht tacaíochta SNS í a chur faoi bhrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór d’údaráis na Seirbia bearta nithiúla a dhéanamh chun seasamh leis an urraim do chearta an linbh sa tír agus í a neartú, lena n-áirítear tríd an tríú Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh a dhaingniú, trí phlean gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh maidir le cearta an linbh, trí straitéis nua a ghlacadh maidir le foréigean in aghaidh leanaí, i bhfianaise dhul in éag an chreata roimhe seo, agus trí chreat náisiúnta a bhunú chun leanaí a chosaint ar mhí-úsáid agus ar fhaillí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur éirigh le mórshiúl Bhéalgrád 2024, an ceann is mó sa tSeirbia go dtí seo, ar bhealach síochánta, cé go raibh sé á chosaint ag póilíní ardphróifíle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tiomantas láidir do chearta na mionlach náisiúnta a chosaint, a n-ionadaíocht iomlán ar gach leibhéal rialtais a áirithiú, a bhféiniúlacht chultúrtha a chaomhnú trí úsáid a bhaint as a dteangacha faoi seach agus trína riachtanais oideachais, a saoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh, agus imscrúduithe ar choireanna fuathspreagtha a shaothrú go gníomhach mar chuid de chomhluachanna Eorpacha nach féidir a athsholáthar; á chur in iúl gur oth léi nach gcosnaítear beagnach gach mionlach náisiúnta ach go foirmiúil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cleachtas ionadaíocht pro forma a dhéanamh ar mhionlaigh náisiúnta atá faoi rialú an rialtais; á iarraidh ar an tSeirbia oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin a mionlach náisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe chun atmaisféar dearfach a chruthú don oideachas i dteangacha mionlaigh, lena n-áirítear trí líon leordhóthanach múinteoirí, téacsleabhar agus ábhar breise a sholáthar, agus á chur in iúl gur saoth léi an sárú ar chearta mionlaigh sa réimse sin; á iarraidh ar an tSeirbia staonadh ó leas a bhaint as féiniúlachtaí náisiúnta na mionlach náisiúnta lena gcruthaítear deighilt laistigh de na pobail sin, agus ag cáineadh go láidir cásanna fuathchainte taifeadta i gcoinne cuid acu; ag tabhairt dá haire go bhfuil moill shuntasach ar phlean gníomhaíochta nua a dhréachtú chun cearta mionlaigh náisiúnta a bhaint amach agus á chur i bhfáth a phráinní atá sé go ndéanfadh an tSeirbia é a thabhairt chun críche agus a chur chun feidhme go pras; á thabhairt chun suntais gur gá don phlean gníomhaíochta nua torthaí agus moltaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint a ionchorprú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an laghdú suntasach atá tagtha ar dhaonra grúpaí mionlaigh áirithe, lena n-áirítear mionlach na Bulgáire; á iarraidh ar an tSeirbia an ceart a áirithiú chun ainmneacha agus teanga a bhaineann go sonrach le grúpaí mionlaigh a úsáid, lena n-áirítear mná laistigh de phobal na Bulgáire; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár aistríodh gach téacsleabhar scoile go Bulgáiris; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia cearta comhionanna cómhalartacha a áirithiú do mhionlach na Cróite sa tSeirbia mar atá ag an mionlach Seirbiach sa Chróit, go háirithe maidir lena n‑ionadaíocht chómhalartach a áirithiú ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di forfheidhmiú sriantach agus treallach an Dlí maidir le Cónaí Buan agus Sealadach a bhaineann le héighníomhú sheoladh na mílte Albánach i ndeisceart na Seirbia; ag cur béim ar staid Eaglais Cheartchreidmheach na Rómáine sa tSeirbia, nach n-aithníonn an stát go hoifigiúil mar eaglais thraidisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi iarrachtaí údaráis na Seirbia an bonn a bhaint ó fhéiniúlacht náisiúnta na bpobal laistigh den tír; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, sa chomhthéacs sin, cur chun cinn insintí amhail ‘náisiún Shopi’, lena bhféachtar le pobal na Bulgáire a scriosadh agus a fhréamhacha stairiúla agus a oidhreacht chultúrtha a shéanadh; á chur in iúl gur oth léi na cuardaigh a rinne údaráis na Seirbia ag Ionad Cultúrtha Bosilegrad agus tionscnamh imeachtaí réamhthrialach le haghaidh ‘fuath eitneach’ i gcoinne gníomhaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia staonadh ó imeachtaí stairiúla a shaobhadh, amhail an insint a bhaineann le sléacht Surdulica, mar a thugtar air, nach bhfeidhmíonn ach chun deighilt agus fuath a scaipeadh i gcoinne mionlach agus tíortha comharsanachta, rud atá ar neamhréir le ballraíocht AE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á mheabhrú don Aontas gur gnéithe ríthábhachtacha de phróiseas an mhéadaithe iad dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach fós; á iarraidh ar an tSeirbia deireadh a chur le srianta ar iontráil do ghníomhaithe réigiúnacha na sochaí sibhialta agus d’ealaíontóirí toisc go mbaineann cleachtais den sórt sin an bonn ón idirphlé réigiúnach agus ón gcomhar réigiúnach; á athdhearbhú, thairis sin, a thábhachtaí atá cobhsaíocht thíortha oirdheisceart na hEorpa agus a n-athléimneacht i gcoinne trasnaíocht eachtrach ar phróisis dhaonlathacha inmheánacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh an tSeirbia dea-chaidreamh comharsanachta a fhorbairt, comhaontuithe déthaobhacha a chur chun feidhme agus saincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach lena comharsana a réiteach; ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht na Seirbia i dtionscnaimh réigiúnacha agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa Phlean Fáis do na Balcáin Thiar agus don Chómhargadh Réigiúnach; á chur i bhfios go láidir gur coinníoll bunriachtanach é urraim do chearta mionlaigh náisiúnta chun go ndéanfaidh an tSeirbia dul chun cinn ar a conair Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athmhuintearas stairiúil agus go sárófaí idirdhealú agus claontachtaí ón am a chuaigh thart; á chur in iúl gur saoth léi an reitric ghríosaitheach a rinne an rialtas le déanaí, lena ndírítear ar stáit chomharsanachta nár thacaigh le braisle 3 a oscailt don tSeirbia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á athdhearbhú nach mór don tSeirbia staonadh ó thionchar a imirt ar pholaitíocht intíre a tíortha comharsanachta sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear maidir le ceiliúradh míbhunreachtúil Lá Republika Srpska sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus cinntí cúirte na Boisnia agus na Heirseagaivéine a cheistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tathant ar an tSeirbia dlús a chur lena hiarrachtaí athmhuintearais agus réitigh a lorg ar dhíospóidí roimhe seo, go háirithe maidir le daoine atá ar iarraidh, arb ionann iad agus 1782 dhuine sa Chróit, 7608 nduine sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus 1595 dhuine sa Chosaiv; á iarraidh ar údaráis na Seirbia ceartas a bhaint amach d’íospartaigh trí fhíoraisc chúirte maidir le coireanna cogaidh a aithint agus a urramú, trí chomhrac a dhéanamh i gcoinne saoirse ó phionós i leith coireanna cogaidh, trí chásanna a imscrúdú maidir le daoine atá ar iarraidh, trí láithreáin uaighe a imscrúdú, agus trí thacú le hionchúisitheoirí intíre lucht déanta na coire a thabhairt os comhair na cúirte, rud a éilíonn comhar páirtithe eile freisin; ag cáineadh go láidir séanadh poiblí forleathan na bhfíorasc idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh, lena n-áirítear cinedhíothú Srebrenica a dhiúltú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar na húdaráis bhreithiúnacha sa tSeirbia a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin na trialach córa agus sásamh an cheartais d’íospartaigh i ngach cás coireachta cogaidh; á iarraidh go ndéanfaí diúltú coireanna cogaidh agus glóiriú coirpeach cogaidh a áireamh sa Chód Coiriúil, d’fhonn aon chineál diúltaithe coireanna cogaidh arna gcinneadh le fíoraisc Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv agus na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina mbunófar coimisiún réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an tábhacht a bhaineann le cartlanna cogaidh a oscailt agus a fhoilsiú, agus á iarraidh an athuair go n-osclófaí cartlanna na hIar-Iúgslaive agus, go háirithe, go ndeonófaí rochtain ar chomhaid sheirbhís rúnda na hIar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Frithfhaisnéise Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), agus go dtabharfaí na comhaid ar ais do na rialtais faoi seach má iarrann siad amhlaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an idirphlé arna éascú ag an Aontas agus á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Peter Sørensen mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach ó údaráis na Seirbia agus na Cosaive araon chun comhaontú cuimsitheach normalaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach, bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon Comhaontú na Bruiséile agus Comhaontú Ohrid a chur chun feidhme, lena n-áirítear Comhlachas/Comhphobal na mbardas ina bhfuil móramh Seirbiach a bhunú, agus deireadh a chur leis an tSeirbia a bheith ag cur i gcoinne bhallraíocht na Cosaive in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus gan gníomhaíochtaí aontaobhacha a dhéanamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó phróiseas an idirphlé;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag dréim leis go gcomhoibreoidh an Chosaiv agus an tSeirbia go hiomlán agus go ndéanfaidh siad gach beart is gá chun déantóirí ionsaithe 2023 in Banjska a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte go mear; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil na ciontóirí ionchúisithe fós ag an tSeirbia, go háirithe Milan Radoičić, Leas-Uachtarán Srpska Lista; á athdhearbhú nach mór déantóirí na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha sin a thabhairt chun cuntais agus a thabhairt os comhair na cúirte gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún ról níos réamhghníomhaí a ghlacadh maidir leis an bpróiseas idirphlé a stiúradh; á iarraidh go mbeadh ról feabhsaithe ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an idirphlé a éascú trí chruinnithe rialta comhthionóil pharlaimintigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn seasta atá déanta ag an tSeirbia i dtreo geilleagar margaidh feidhmiúil a fhorbairt le fás dearfach OTI agus infheistíocht choigríche a mhéadú i roinnt earnálacha; ag tabhairt dá haire go bhfuair an tSeirbia a céad rátáil chreidmheasa de ghrád infheistíochta riamh; á chur i bhfios go láidir gurb é AE príomh-chomhpháirtí trádála na Seirbia, an fhoinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche agus go mór fada an deontóir is mó; á athdhearbhú go bhfuil an cúnamh airgeadais, a théann go mór chun tairbhe na Seirbia, ag brath ar phrionsabail dhaonlathacha a neartú agus ar ailíniú le CBES agus le beartais eile de chuid an Aontais; á athdhearbhú go bhfuil gá le hathchóirithe níos substaintiúla i margadh an tsaothair, san oideachas agus sa riarachán poiblí, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sóisialta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di scála agus raon feidhme na gconarthaí idir-rialtasacha arna ndámhachtain atá díolmhaithe ón gcreat reachtach reatha maidir le soláthar poiblí; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil an fiachas poiblí mar chéatadán de OTI fós i bhfad os cionn mheán oirthear na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di infheistíochta na Rúise agus na Síne sa tSeirbia agus a dtionchar méadaithe ar na próisis pholaitiúla agus eacnamaíocha sa réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur leis na hiarrachtaí agus an infheistíocht i bhforbairt shocheacnamaíoch a réigiún teorann a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar dhídhaonrú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na cónaitheoirí ar sheirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear deiseanna gairmiúla, cúram sláinte agus oideachas; á chur i bhfios go láidir acmhainneacht chláir um chomhar trasteorann IPA III mar phríomhuirlis chun fás réigiúnach inbhuanaithe fadtéarmach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Seirbia i gcur chun feidhme an Phlean Fáis nua do na Balcáin Thiar; ag tabhairt dá haire gur ghlac an tSeirbia a Clár Oibre um Athchóiriú an 3 Deireadh Fómhair 2024; á chreidiúint, dá nglacfaí le deiseanna an phlean fáis, go gcuirfí tuilleadh feabhais ar gheilleagar na Seirbia, a bhain tairbhe as níos mó ná EUR 586 mhilliún i gcúnamh airgeadais agus teicniúil faoi IPA III le trí bliana anuas; á chreidiúint gur cheart go dtacódh cistiú AE ar bhealach níos fearr le hathchóirithe daonlathacha na tíre; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí cistiú ábhartha AE, lena n-áirítear ón bPlean Fáis do na Balcáin Thiar, a athchlárú chun níos mó cistí a atreorú i dtreo tacú le hathchóirithe breithiúnacha agus bearta frith-éillithe, agus i dtreo na meán neamhspleách agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun tacú lena n-obair chriticiúil, go háirithe san fholús a chruthaítear le tarraingt siar deontóirí SAM; á iarraidh, thairis sin, ar an Aontas agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat um chomhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha na mBalcán Thiar a chur ar bun, chun a áirithiú gur féidir le OIPE a chumhacht maidir le cistí IPA III agus cistí Shaoráid na mBalcán Thiar a fheidhmiú go héifeachtach sna tíortha is faighteoirí; ag tathant ar údaráis na Seirbia dlús a chur leis na hiarrachtaí tairbhí chistí AE a chur in iúl go soiléir do shaoránaigh agus feabhas a chur ar a n‑infheictheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa comhairliúcháin phoiblí le linn ghlacadh Chlár Oibre Athchóirithe na Seirbia; á iarraidh go ndéanfaí maoirseacht níos éifeachtaí ar chláir agus ar thionscadail chistiúcháin AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag moladh comhar réigiúnach méadaithe i measc thíortha na mBalcán Thiar chun dea-chleachtas a roinnt agus straitéisí comhpháirteacha a fhorbairt chun bréagaisnéis agus trasnaíocht eachtrach a chomhrac; ag cur béim ar ról an Aontais maidir le hiarrachtaí comhoibríocha den sórt sin a éascú; á iarraidh go leanfaí le clár cibearshlándála réigiúnach IPA agus go ndéanfaí é a threisiú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag pobal gnó na Seirbia maidir le cóineasú eacnamaíoch leis an Aontas a chur chun cinn, lena n-áirítear trí na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an bplean fáis agus i gcur chun feidhme an phlean sin mar rogha mhalartach inbhuanaithe ar infheistíocht na Rúise agus na Síne sa tír; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú an phobail gnó leis an gcaidreamh socheacnamaíoch a chur chun cinn sna Balcáin Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag pobal gnó na Seirbia maidir le haontachas na mBalcán Thiar le margadh aonair AE a mholadh mar chéim nithiúil i dtreo ballraíocht iomlán AE; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí soiléire intomhaiste agus róil agus freagrachtaí dea-shainithe chun plean gníomhaíochta an Chómhargaidh Réigiúnaigh a chur chun feidhme, mar phríomhspreagadh d’aontachas rathúil an réigiúin le margadh aonair an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol, forbairt inbhuanaithe agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a hiarrachtaí a mhéadú i dtreo <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> ábhartha comhshaoil agus aeráide a thrasuí agus cur i bhfeidhm cuí na gcaighdeán cosanta comhshaoil a áirithiú, lena n-áirítear trína hacmhainní riaracháin agus teicniúla a fheabhsú go suntasach ar gach leibhéal rialtais, go háirithe maidir le reachtaíocht bainistithe dramhaíola agus glacadh an Chláir um Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide; ag tathant ar údaráis na Seirbia feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar mheasúnú tionchair comhshaoil na hinfheistíochta uile, lena n-áirítear ón tSín agus ón Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag athdhearbhú gur oth léi an easpa gníomhaíochta maidir le truailliú abhainn Dragovishtitsa ó mhianaigh atá ag oibriú sa réigiún agus an tionchar díobhálach atá aige sin ar shláinte an phobail áitiúil agus ar shláinte an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbia a hiarrachtaí a mhéadú i dtreo a córas fuinnimh a dhícharbónú agus forfheidhmiú éifeachtach na rialachán maidir le laghdú ar thruailliú a bhaineann le gléasraí cumhachta teirmí a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur béim ar an ngá atá le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa chomhar trasteorann le tíortha comharsanachta, go háirithe maidir le bonneagar bóithre trasteorann; ag tathant ar an tSeirbia tús a chur le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana maidir le comhar leis an mBulgáir i ndáil le cosaint an chomhshaoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag cur sonrú sa mheabhrán tuisceana idir AE agus an tSeirbia lena seoltar comhpháirtíocht straitéiseach maidir le hamhábhair inbhuanaithe, slabhraí luacha ceallraí agus feithiclí leictreacha, i bhfianaise an aistrithe fuinnimh san Eoraip agus i gcomhréir leis na caighdeáin is airde maidir leis an gcomhshaol; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an t-idirphlé leis na pobail atá buailte, leis an bpobal eolaíochta agus leis an tsochaí shibhialta i gcroílár aon chomhpháirtíocht straitéiseach den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a tugadh i gcrích ag Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i dTiorána maidir le costais fánaíochta laghdaithe; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar na húdaráis, ar na gníomhaithe príobháideacha agus ar na geallsealbhóirí uile baint amach na spriocanna a comhaontaíodh a éascú chun laghdú suntasach ar mhuirir fánaíochta sonraí agus laghduithe breise a bhaint amach, rud a fhágfaidh go mbeidh praghsanna gar do na praghsanna intíre idir na Balcáin Thiar agus AE faoi 2027; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm na chéad chéime de chur chun feidhme an treochláir fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sé tábhachtach go leanfadh an tSeirbia dá soláthar fuinnimh a éagsúlú, chun go mbeidh sí in ann deireadh a chur lena spleáchas ar an Rúis; ag cur sonrú sna smachtbhannaí a d’fhógair na Stáit Aontaithe i gcoinne Naftna Industrija Srbije (NIS), fochuideachta de chuid Gazprom na Rúise; á chur in iúl gur geal léi gur críochnaíodh an t-idirnascaire gáis idir an tSeirbia agus an Bhulgáir (IBS) i mí na Nollag 2023; á chur in iúl gur oth léi seoladh oibríocht tráchtála IBS a chur siar; á iarraidh go dtabharfaí an próiseas ceadaithe chun críche go pras chun a inoibritheacht iomlán a áirithiú i gcomhréir le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an chomhphobail fuinnimh; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta á ndéanamh ag an tSeirbia chun cáin charbóin a thabhairt isteach faoi 2027 mar chéim i dtreo ailíniú le córas trádála astaíochtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur osclaíodh gach caibidil i mbraisle 4 maidir leis an gclár oibre glas agus nascacht inbhuanaithe. ag tabhairt dá haire gur glacadh an Dlí maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol mar chéim dhearfach i dtreo chosaint an chomhshaoil sa tSeirbia, agus á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an dlí nua ailínithe go hiomlán le Treoir ábhartha AE 2014/52/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 124, 25.4.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/52/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ós rud é go dtugann sé an deis fós do thionscadail shuntasacha dul chun cinn a dhéanamh gan grinnscrúdú cuimsitheach comhshaoil; á athdhearbhú gur gá limistéir faoi chosaint a ainmniú agus a bhainistiú go dian, go háirithe iad siúd a shainaithnítear mar Limistéir Thábhachtacha Éan agus Bhithéagsúlachta (IBAnna); á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar shuíomhanna criticiúla inar gá forfheidhmiú i gcoinne póitseála a fheabhsú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Náisiúnta na Seirbia.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>