<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0098</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An naoú tuarascáil ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0066/2025 -  Rapóirtéir:Jacek Protas)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa 8 Bealtaine 2025 ar an naoú tuarascáil maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta (2024/2107(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 4, 162, 174 go 178, agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99, 31.3.2020, lch. 5, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2020/460/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 24.4.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/558/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99, 31.3.2020, lch. 9, ELI:<STRING UNDERLINE="on"> http://data.europa.eu/eli/reg/2020/461/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 437, 28.12.2020, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2221/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 109, 8.4.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/562/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2039 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) – CARE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2022, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2039/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chlár URBACT um chomhar uirbeach inbhuanaithe, arna bhunú in 2002,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach an 30 Bealtaine 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Críochach 2030 an 1 Nollaig 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, arna foilsiú ag an gCoimisiún an 27 Márta 2024<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, <STRING ITALIC="on">Ninth report on economic, social and territorial cohesion</STRING> [Naoú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach], 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 maidir leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (COM(2024)0149),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of EU cohesion: Scenarios and their impacts on regional inequalities</STRING> [Todhchaí Chomhtháthú an Aontais Eorpaigh: Cásanna agus a dtionchar ar neamhionannais réigiúnacha], a d’fhoilsigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí Feabhra 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Forging a sustainable future together – Cohesion for a competitive and inclusive Europe</STRING> [Todhchaí inbhuanaithe a chruthú le chéile – Comhtháthú le haghaidh Eoraip iomaíoch agus chuimsitheach]<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, <STRING ITALIC="on">Forging a sustainable future together: Cohesion for a competitive and inclusive Europe – Report of the High-Level Group on the Future of Cohesion Policy, [Todhchaí inbhuanaithe a chruthú le chéile – Comhtháthú le haghaidh Eoraip iomaíoch agus chuimsitheach – Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe] Feabhra 2024</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2024 maidir leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4668, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4668/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 21 Samhain 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">A renewed Cohesion Policy post 2027 that leave no one behind – CoR responses to the 9th Cohesion Report and the Report of the Group of High-Level Specialists on the Future of Cohesion Policy</STRING> [Beartas Comhtháthaithe athnuaite tar éis 2027 nach bhfágann aon duine ar lár – freagairtí ó CnaR ar an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú agus ar an Tuarascáil ó Ghrúpa na Speisialtóirí Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness – A competitiveness strategy for Europe</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Straitéis Iomaíochais don Eoraip], a d’fhoilsigh an Coimisiún an 9 Meán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal <STRING ITALIC="on">Streamlining EU Cohesion Funds: addressing administrative burdens and redundancy</STRING> [Cistí Comhtháthaithe an Aontais a chuíchóiriú: aghaidh a thabhairt ar ualaí riaracháin agus iomarcaíocht], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais i mí na Samhna 2024<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa: An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, <STRING ITALIC="on">Streamlining EU Cohesion funds – addressing administrative burdens and redundancy</STRING> [Cistí Comhtháthaithe an Aontais a chuíchóiriú – aghaidh a thabhairt ar ualaí riaracháin agus iomarcaíocht], 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2025 maidir le hIonstraim na Réigiún Teorann ar mhaithe le Forbairt agus Fás san Aontas Eorpach (BRIDGEforEU)<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal <STRING ITALIC="on">Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions</STRING> [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (COM(2022)0198),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim i bhfoirm litreach ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide<FOOTNOTE><FIELD> IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin an Aontais ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘I dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú<FOOTNOTE><FIELD> <STRING UNDERLINE="on">IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Samhain 2023 ar na féidearthachtaí chun iontaofacht iniúchtaí agus rialuithe ag na húdaráis náisiúnta i mbainistíocht chomhroinnte a mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4207, 24.7.2024, <STRING ITALIC="on">ELI: </STRING>http://data.europa.eu/eli/C/2024/4207/oj<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD>  IO C, C/2024/4225, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4225/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2024 dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe 2014-2020 - cur chun feidhme agus torthaí sna Ballstáit’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6562, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6562/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0066/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an beartas comhtháthaithe i gcroílár bheartais an Aontais agus gurb é príomhuirlis an Aontais é le haghaidh infheistíochtaí san fhorbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, agus chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, ar fud an Aontais faoina chreataí airgeadais ilbhliantúla do na tréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027; de bhrí go bhfuil an beartas comhtháthaithe, mar a shainordaítear sna Conarthaí, bunriachtanach do mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil agus rathúil trí fhorbairt na réigiún uile san Aontas a chur chun cinn, agus go háirithe na réigiúin bheagfhorbartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chothaigh an beartas comhtháthaithe cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas, go háirithe trí olltáirgeacht intíre Bhallstáit lár agus oirthear na hEorpa, a chuaigh ó 43 % d’fhigiúr meánach an Aontais in 1995 go dtí thart ar 80 % in 2023, a mhéadú, mar shampla; de bhrí go dtugtar chun suntais sa 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú gur thacaigh an beartas comhtháthaithe, faoi dheireadh 2022, le breis agus 4.4 milliún gnólacht, rud a chruthaigh níos mó ná 370 000 post sna cuideachtaí sin; de bhrí go gcuireann sé i bhfios go láidir freisin go ngineann an beartas comhtháthaithe toradh suntasach ar infheistíocht, agus go mbeidh EUR 1.3 de OTI breise san Aontas ginte ag gach euro arna infheistiú i gcláir 2014–2020 agus 2021–2027 faoi 2030; de bhrí gurbh ionann an beartas comhtháthaithe, ar an meán, agus thart ar 13 % den infheistíocht phoiblí iomlán san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, <STRING ITALIC="on">Ninth report on economic, social and territorial cohesion</STRING>, op.cit.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhró go gcuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal <STRING ITALIC="on">The long-term vision for the EU’s rural areas: key achievements and ways forward</STRING> [An fhís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais: príomhéachtaí agus bealaí chun cinn], a cuireadh i láthair in éineacht leis an naoú Tuarascáil faoin gComhtháthú, go bhfuil EUR 24.6 billiún, nó 8 % de cholún forbartha tuaithe an chomhbheartais talmhaíochta, dírithe ar infheistíochtaí i gceantair thuaithe lasmuigh d’infheistíochtaí feirmeoireachta, lena réitítear an bealach do dhíospóireacht ar thodhchaí na gceantar tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, idir 2021 agus 2027, go mbeidh os cionn EUR 140 billiún infheistithe ag an mbeartas comhtháthaithe sna haistrithe glasa agus digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: <STRING ITALIC="on">Ninth report on economic, social and territorial cohesion</STRING>, op. cit.</FIELD></FOOTNOTE>, chun cabhrú le feabhas a chur ar líonraí agus ar bhonneagar, chun tacú le caomhnú an dúlra, chun scileanna glasa agus digiteacha a fheabhsú agus chun cruthú post agus seirbhísí don phobal a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, in ainneoin an tionchair dhearfaigh a aithnítear agus a chruthaítear go forleathan atá ag an mbeartas comhtháthaithe ar chóineasú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach, go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann, go háirithe mar gheall ar éagothromaíochtaí forbartha ar an leibhéal fonáisiúnta, laistigh de réigiúin agus i réigiúin atá i sáinn na forbartha, agus mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide, ó thaobh na déimeagrafaíochta, na n-aistrithe digiteacha agus glasa, agus nascachta de ach freisin ó thaobh na forbartha eacnamaíche inbhuanaithe de, go háirithe sna réigiúin is lú forbairt agus i gceantair thuaithe agus iargúlta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chuidigh beartas comhtháthaithe agus cláir earnála de chuid an Aontais arís agus arís eile agus go héifeachtúil le réigiúin freagairt go héifeachtach d’éigeandálaí agus do shuaití neamhshiméadracha amhail géarchéim COVID-19, Brexit, an ghéarchéim fuinnimh agus géarchéim na ndídeanaithe a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith le tubaistí nádúrtha, cé gur beartas fadtéarmach struchtúrach é agus seachas ionstraim bainistithe géarchéime agus nach é an sásra cistiúcháin freagartha éigeandála ‘is fearr’ é; de bhrí gur chuir géarchéimeanna den sórt sin moill ar chur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus de bhrí gur glacadh líon suntasach tionscadal arna maoiniú le cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) den chuid is mó ó thionscadail ar éirigh leo infheistíocht a fháil faoin mbeartas comhtháthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, in ainneoin na mbeart a rinneadh cheana do thréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027, gur cheart an creat rialála lena rialaítear úsáid agus riar ionstraimí agus chistí an bheartais comhtháthaithe a shimpliú tuilleadh agus gur cheart uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha a úsáid agus a fhorbairt ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear ionaid seirbhíse digitithe ilfhreastail a bhunú, agus é mar chuspóir leis sin nósanna imeachta a chuíchóiriú, iontaobh an gheallsealbhóra a fheabhsú, an t-ualach riaracháin a laghdú, an tsolúbthacht i mbainistiú cistí a mhéadú agus dlús a chur le híocaíochtaí, ní hamháin do na húdaráis ábhartha ach do na tairbhithe deiridh freisin; de bhrí gur gá an raon feidhme a mhéadú chun cistí a úsáid ar bhealach níos solúbtha, lena n-áirítear an fhéidearthacht forbairt táirgí dé-úsáide a mhaoiniú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aon bheartas comhtháthaithe amach anseo a cheapadh le spreagadh straitéiseach le linn na tréimhse cistiúcháin, a d’fhéadfaí a athmheasúnú, áfach, ag an meántéarma;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhí nach bhfuil an ráta íseal ionsú do chistí bheartas comhtháthaithe 2021-2027, atá 6 % faoi láthair, mar gheall ar easpa riachtanais ó Bhallstáit nó ó réigiúin, ach mar thoradh ar mhoilleanna ar fhormheas clár oibríochtúil, an idirthréimhse idir creataí airgeadais, an tosaíocht arna tabhairt do NextGenerationEU ag údaráis bhainistíochta náisiúnta, acmhainneacht riaracháin teoranta agus nósanna imeachta maorlathacha casta; de bhrí go bhféadfaidh sé nach ndéanfaidh Ballstáit agus réigiúin deifir na cistí uile a ionsú toisc go bhfuil siad ag dréim le síneadh féideartha faoi riail N+2 nó N+3;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go gcuireann modhnuithe radacacha ar an gcreat rialála comhtháthaithe, ó chlárthréimhse amháin go dtí an chéad chlárthréimhse eile, le neamhshláine a chruthú i measc na n-údarás freagrach agus na dtairbhithe, rórialáil reachtaíochta, rátaí earráide méadaitheacha (agus na hiarmhairtí diúltacha clú agus airgeadais a ghabhann leo), moilleanna ar chur chun feidhme agus, ar deireadh, míshástacht i measc tairbhithe agus an phobail i gcoitinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go mbíonn iomaíocht ann uaireanta idir cistí comhtháthaithe, cistí éigeandála agus beartais earnála;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir athruithe déimeagrafacha ar fud réigiúin an Aontais, agus go bhfuil laghdú réamh-mheasta ag teacht ar dhaonra roinnt Ballstát sna blianta amach romhainn agus go meastar go bhfásfaidh cinn eile; de bhrí go dtarlaíonn athruithe déimeagrafacha freisin idir réigiúin, lena n-áirítear gluaiseacht ó na réigiúin is forimeallaí, ach go mbreathnaítear orthu go ginearálta mar ghluaiseacht ó cheantair thuaithe go ceantair uirbeacha laistigh de na Ballstáit, ina bhfuil líon níos mó ban ag fágáil ceantair thuaithe ná fir, ach freisin go ceantair mheitreapholaiteacha, ina mbíonn deacrachtaí ag sráidbhailte timpeall cathracha móra infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar bunúsach; de bhrí nach mór soláthar seirbhísí bunriachtanacha amhail cúram sláinte, oideachas agus iompar a threisiú i ngach réigiún, agus béim ar leith á leagan ar cheantair thuaithe agus iargúlta; de bhrí go bhfuil gá go ndíreofaí ar bhonn níos láidre ar limistéir atá thíos le dídhaonrú agus seirbhísí neamhleora, lena n-éilítear bearta spriocdhírithe chun daoine óga a spreagadh chun fanacht trí thionscadail fiontraíochta, trí thalmhaíocht ardcháilíochta agus trí thurasóireacht inbhuanaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach an daonra atá ag dul in aois a chur san áireamh chun ceartas a áirithiú i measc na nglúnta agus, ar an gcaoi sin, chun rannpháirtíocht a neartú, go háirithe i measc daoine óga;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil ualach ar cheantair uirbeacha mar gheall ar dhúshláin nua a eascraíonn as an insreabhadh daonra chuig cathracha, chomh maith le praghsanna tithíochta agus fuinnimh atá ag ardú, lena n-éilítear an fhorbairt tithíochta is gá, bearta nua cosanta comhshaoil agus bearta coigilte fuinnimh, amhail athchóiriú domhain luathaithe chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn; de bhrí gur cheart go gcabhródh beartas comhtháthaithe an Aontais le rannchuidiú le margadh tithíochta inacmhainne agus inrochtana do gach duine san Aontas, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, do chónaitheoirí uirbeacha, do theaghlaigh a bhfuil leanaí acu, do mhná agus do dhaoine óga;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur féidir le cur chun feidhme éifeachtach an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas feabhas a chur ar chumas cathracha rannchuidiú le cuspóirí comhtháthaithe, agus ar an gcaoi sin cáilíocht saoil na saoránach a fheabhsú agus úsáid níos éifeachtúla acmhainní airgeadais Aontais a ráthú;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur gá aird ar leith a thabhairt ar limistéir thuaithe, chomh maith le limistéir a bhfuil tionchar ag an aistriú tionsclaíoch orthu agus réigiúin san Aontais a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha, imirce daoine oilte, rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus ganntanas uisce acu, amhail na réigiúin is forimeallaí agus go háirithe oileáin atá lonnaithe ar a bhforimill nó ar fhorimeall an Aontais, na réigiúin inar tearc an daonra, oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin trasteorann, chomh maith le réigiúin chósta agus mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine réaltacht gheopholaitiúil nua a raibh tionchar láidir aici ar fhostaíocht, ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar dheiseanna, agus ar fholláine ghinearálta an daonra atá ina gcónaí i réigiúin atá ar theorainn na hÚcráine, na Bealarúise agus na Rúise, chomh maith le tíortha is iarrthóirí amhail an Úcráin agus an Mholdóiv, a bhfuil aird agus tacaíocht ar leith ag teastáil ina leith, dá bhrí sin, lena n-áirítear tríd an mbeartas comhtháthaithe a oiriúnú dá réir; de bhrí go bhfuil líon gan fasach daoine ag lorg dídine san Aontas mar thoradh ar an gcogadh sin, rud a chuireann ualach breise ar phobail áitiúla agus ar sheirbhísí áitiúla; de bhrí go bhfuil slándáil chomhchoiteann an Aontais ag brath go mór ar bheocht agus ar fholláine na réigiún atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn staid uathúil Thuaisceart Éireann cur chuige saincheaptha lena gcuirfear leis na tairbhí a bhaineann le cláir PEACE lena scrúdaítear conas is féidir leis an mbeartas forleathan comhtháthaithe dul chun tairbhe do phróiseas an athmhuintearais;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go gcreideann 79 % de shaoránaigh atá ar an eolas faoi thionscadail arna gcistiú ag an Aontas faoin mbeartas comhtháthaithe go bhfuil tionchar dearfach ag tionscadail arna gcistiú ag an Aontas ar na réigiúin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh agus Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, <STRING ITALIC="on">, Citizens’ awareness and perceptions of EU Regional Policy</STRING> [Feasacht agus dearcadh na saoránach maidir le Beartas Réigiúnach an Aontais], Flais-Eorabharaiméadar 531, 2023.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a chuireann le dearcadh atá ar son an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú 2 phointe céatadáin tagtha ar fheasacht fhoriomlán ar thionscadail arna gcistiú ag an Aontas faoin mbeartas comhtháthaithe ó 2021 i leith<FOOTNOTE><FIELD> Flais-Eorabharaiméadar 531, op. cit.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a chiallaíonn gur cheart dílárú níos mó a shaothrú chun an beartas comhtháthaithe a thabhairt níos gaire fós don saoránach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á áitiú gur príomhghnéithe den bheartas comhtháthaithe iad fócas réigiúnach agus áitiúil, cur chuige áitbhunaithe agus pleanáil straitéiseach an bheartais, chomh maith lena shamhail dhíláraithe chlársceidealaithe agus cur chun feidhme bunaithe ar phrionsabal na comhpháirtíochta le cur chun feidhme neartaithe an chóid iompair Eorpaigh, rannpháirtíocht gníomhaithe eacnamaíocha agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta, agus ar rialachas il-leibhéil, agus go gcinneann siad a éifeachtacht; á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte de gur cheart leanúint den tsamhail sin den bheartas comhtháthaithe i ngach réigiún agus gur cheart í a dhoimhniú i gcás inar féidir mar phríomhionstraim fhadtéarmach infheistíochta an Aontais chun éagothromaíochtaí a laghdú, chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú, chun fás inbhuanaithe réigiúnach agus áitiúil a spreagadh i gcomhréir le straitéisí an Aontais agus chun an comhshaol a chosaint, agus mar phríomh-rannchuiditheoir le hiomaíochas an Aontais agus leis an aistriú cóir, chomh maith le cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin nua atá romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí deighilt shoiléir idir an beartas comhtháthaithe agus ionstraimí eile, chun forluí agus iomaíocht idir ionstraimí an Aontais a sheachaint, comhlántacht na n-idirghabhálacha éagsúla a áirithiú agus infheictheacht agus inléiteacht thacaíocht an Aontais a mhéadú; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go bhfuil cistí STA dírithe ar an bhforbairt eacnamaíoch agus ar an bhfás eacnamaíoch, gan díriú go sonrach ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach idir réigiúin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di pleananna an Choimisiúin cur chuige feidhmíochtbhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE); á aithint sí gur féidir le sásraí feidhmíochtbhunaithe a bheith ríthábhachtach chun an beartas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos dírithe ar thorthaí, ach ag tabhairt rabhaidh i gcoinne an tsamhail a fhorchur ar an dóigh chéanna do gach cás agus á chur in iúl go bhfuil amhras mór uirthi faoi smaointe chun eisíocaíocht CSIE a nascadh le spriocanna athchóirithe atá sainithe go lárnach a chomhlíonadh, go háirithe mura dtagann na spriocanna athchóirithe faoi raon inniúlachta an leibhéil réigiúnaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne aon chineál athchóirithe um lárú ón mbarr anuas ar chláir chistiúcháin an Aontais, lena n-áirítear na cinn sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, amhail an beartas comhtháthaithe agus an comhbheartas talmhaíochta, agus á mholadh go ndéanfaí an chinnteoireacht a dhílárú níos mó ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus gníomhaithe eacnamaíocha agus na sochaí sibhialta rannpháirteach ar bhealach feabhsaithe ag gach céim de chláir bainistíochta comhroinnte an Aontais, ó ullmhú agus clársceidealú go cur chun feidhme, seachadadh agus meastóireacht, agus é á chur san áireamh nach féidir forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún agus comhtháthú críochach idir réigiúin a bhaint amach ach amháin ar bhonn dea-chomhair idir na gníomhaithe uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), i dteannta cistí beartais comhtháthaithe, chun tacú le ceantair thuaithe; á chur i bhfáth nach mór dearadh CETFT a ailíniú le rialacha chistí an bheartais comhtháthaithe chun borradh a chur faoi shineirgí agus chun tionscadail ilchistithe forbartha tuaithe a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir leis an mbeartas comhtháthaithe leanúint dá ról a imirt ach amháin má tá cistiú láidir aige; á chur i bhfios go láidir go dtugtar le tuiscint leis sin nach mór cistiú láidir a chur ar fáil don bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo don tréimhse airgeadais tar éis 2027; á chur i bhfáth gur gá cistiú a chur ar fáil atá uaillmhianach go leor agus inrochtana go héasca chun gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe leanúint dá ról mar phríomhbheartas infheistíochta an Aontais a chomhlíonadh, agus ag an am céanna an tsolúbthacht a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an fhéidearthacht forbairt táirgí dé-úsáide a mhaoiniú, agus chun cur ar chumas na n-údarás áitiúil, na ngeallsealbhóirí agus na dtairbhithe forbairt áitiúil a chothú go héifeachtach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim dhaingean nár cheart fócas straitéiseach agus cuspóirí soiléire fadtéarmacha an bheartais comhtháthaithe a bheith thíos leis an acmhainneacht freagairtí solúbtha a thabhairt ar dhúshláin dhothuartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile de chuid an Aontais agus an t-athbhreithniú meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe 2021-2027 maidir le todhchaí an bheartais comhtháthaithe a mhúnlú; á athdhearbhú go bhfuil gá le beartas comhtháthaithe níos uaillmhianaí tar éis 2027 sa chéad CAI eile, 2028-2034; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-áiritheofar leis an CAI atá ar na bacáin go leanfaidh an beartas comhtháthaithe de bheith ag fáil an leibhéil chéanna cistiúcháin ar a laghad agus a fhaightear don tréimhse reatha i dtéarmaí réadacha; á iarraidh, thairis sin, go bhfanfadh an beartas comhtháthaithe ina cheannteideal ar leithligh sa CAI nua; á chur i bhfáth gur cheart an beartas comhtháthaithe a chosaint ar éifeachtaí staidrimh a d’fhéadfadh incháilitheacht na réigiún a athrú trí mheán-OTI an Aontais a athrú; á athdhearbhú go bhfuil gá le hacmhainní dílse nua de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mholadh, dá bhrí sin, go mbeadh an chéad CAI eile níos freagrúla do riachtanais gan choinne, lena n-áirítear le corrlaigh agus solúbthachtaí leordhóthanacha ón tús; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, nach ionstraim ghéarchéime é an beartas comhtháthaithe agus nár cheart dó imeacht óna phríomhchuspóirí, eadhon óna chineál infheistíochta fadtéarmaí; á iarraidh go ndéanfaí Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a neartú, lena n-áirítear ina réamh-mhaoiniú, rud a fhágfaidh nach mbeidh sé chomh maorlathach sin agus go mbeidh rochtain níos éasca air, chun ionstraim iomchuí a fhorbairt a bheidh in ann freagairt go leordhóthanach d’iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí sláinte a bheidh ann amach anseo; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá go mbeadh smacht leormhaith ag an bParlaimint ar aon chistí agus ionstraimí éigeandála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á aithint gur gá ainmníocht na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) 3 a úsáid freisin le haghaidh cásanna sonracha, ar bhealach lena n-aithnítear gurb ann d’éagothroime san fhorbairt i ngach réimse in NUTS 2; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór an OTI réigiúnach per capita a bheith ina phríomhchritéar fós chun leithdháiltí Ballstát a chinneadh faoi bheartas comhtháthaithe; á chur in iúl gur geal léi, tar éis iarrataí leanúnacha na Parlaiminte, go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le breithniú a dhéanamh ar chritéir bhreise<FOOTNOTE><FIELD> Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, <STRING ITALIC="on">Rapid case review – Allocation of Cohesion policy funding to Member States for 2021-2027</STRING> [Mear-athbhreithniú ar chás – Leithdháileadh chistiú an bheartais comhtháthaithe ar na Ballstáit le haghaidh 2021-2027], Márta 2019.</FIELD></FOOTNOTE> amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, dlús daonra, leibhéil oideachais agus rátaí dífhostaíochta, chun forléargas socheacnamaíoch níos fearr a sholáthar ar na réigiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth gur coinníollacht uileghabhálach í coinníollacht an smachta reachta, lena n-aithnítear agus lena bhforfheidhmítear urraim don smacht reachta, agus mar choinníoll cumasúcháin freisin do chistiú an bheartais comhtháthaithe, chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní an Aontais ar bhealach trédhearcach, cothrom agus freagrach le bainistíocht fhónta airgeadais; á mheas gur gá urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha a threisiú, agus a áirithiú go bhfuil gach gníomhaíocht comhsheasmhach le tacú le prionsabail dhaonlathacha, comhionannas inscne agus cearta an duine, lena n-áirítear cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas agus cearta leanaí, i gcur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe; ag tabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun sineirgí a shimpliú, a dhéanamh níos solúbtha agus a neartú agus chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na nósanna imeachta riaracháin lena rialaítear cistí an bheartais comhtháthaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus leas iomlán á bhaint as na teicneolaíochtaí atá ar fáil chun inrochtaineacht agus éifeachtúlacht a mhéadú, ag tógáil ar an gcreat bainistíochta comhroinnte atá ann cheana agus atá seanbhunaithe, chun muinín i measc úsáideoirí a neartú, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht raon níos leithne gníomhaithe eacnamaíocha agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta a spreagadh i dtionscadail a dtacaítear leo agus tionchar na gcistí a uasmhéadú; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh bhreise ann lena gcumasófar cistí comhtháthaithe a ionsú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear leibhéil mhéadaithe chómhaoinithe, réamh-mhaoiniú níos airde agus aisíocaíochtaí infheistíochta níos tapúla; á iarraidh go gcuirfí oiliúint theicniúil ar luchtanna riarachán áitiúil, a dhéanann ionadaíocht ar phobail bheaga go háirithe, chun bainistiú riaracháin níos fearr a dhéanamh ar na cistí; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé prionsabal na hiniúchóireachta aonair a neartú, roghanna costais simplithe a leathnú tuilleadh agus dúbailt a laghdú i leith rialuithe agus iniúchtaí a bhfuil forluí eatarthu leis an maoirseacht náisiúnta agus réigiúnach don tionscadal agus don tairbhí céanna, d’fhonn deireadh a chur leis an bhféidearthacht earráidí a dhéanamh arís i mblianta cur chun feidhme ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit solúbthacht níos mó a thabhairt do réigiúin atá ag céim an chlársceidealaithe cheana féin, chun freastal ar a riachtanais agus ar a sainiúlachtaí ar leith, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le páirt a thabhairt do na gníomhaithe eacnamaíocha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir go raibh díriú téamach ina phríomhghné chun an beartas comhtháthaithe a ailíniú le cuspóirí Eoraip 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na torthaí uile a bhaineann le cur chun feidhme an dírithe théamaigh a thíolacadh agus ceachtanna a fhoghlaim do thograí reachtacha a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á aithint go bhfuil dúshláin shuntasacha, ach, ag an am céanna, deiseanna suntasacha ag baint leis an aistriú glas, leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú déimeagrafach maidir le cuspóirí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a bhaint amach; á aithint gur féidir le limistéir ardioncaim, ó thaobh staidrimh de, na fadhbanna eacnamaíocha laistigh de réigiún a cheilt; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin mbaol go leathnófaí éagothromaíochtaí réigiúnacha, go ndéanfaí éagothromaíochtaí sóisialta a dhoimhniú agus go dtiocfadh méadú ar ‘thíreolaíocht na míshástachta’ a bhaineann leis an bpróiseas aistrithe; á chur i bhfios go láidir gur gá cuspóirí inbhuanaitheachta agus aeráide an Aontais a bhaint amach, agus fás eacnamaíoch comhroinnte a choinneáil trí iomaíochas an Aontais a neartú; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis Eorpach ann lena ráthófar fás comhchuí laistigh den Aontas, lena gcomhlíonfar riachtanais shonracha na réigiún faoi seach; á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta na haistrithe glasa agus digiteacha a shaothrú, ós rud é go gcruthófar leis sin deiseanna chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail bhonneagair lena bhfeabhsaítear nascacht, go háirithe in iompar inbhuanaithe cliste, agus i líonraí fuinnimh agus digiteacha, lena n-áiritheofar go ndéanfar gach réigiún, lena n-áirítear réigiúin iargúlta agus réigiúin bheagfhorbartha, a chomhtháthú go hiomlán sa mhargadh aonair agus go mbainfidh siad tairbhe chothrom as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le tacú le forbairt na dtionscal glas, lena gcothófar sainiúlachtaí agus traidisiúin áitiúla chun athléimneacht na timpeallachta eacnamaíche agus na sochaí sibhialta a mhéadú i leith dúshláin a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tathant go leanfadh an beartas comhtháthaithe de bheith comhsheasmhach le hiarracht chun an nuálaíocht a mhéadú agus margadh aonair an Aontais a thabhairt chun críche, i gcomhréir leis na conclúidí ó thuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas na hEorpa; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha, go bhfuil fadhb ann leis an deighilt leanúnach nuálaíochta agus á mholadh go mbeadh cur chuige saincheaptha áitbhunaithe ann chun nuálaíocht agus cóineasú eacnamaíoch a chothú ar fud na réigiún agus chun an bhearna nuálaíochta a laghdú; á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag an nuálaíocht áitiúil agus réigiúnach maidir le héiceachórais iomaíocha taighde agus nuálaíochta a thógáil agus comhtháthú críochach a chur chun cinn; á chur i bhfios go bhfuil tionscnaimh nua de chuid an Aontais ann, amhail gleannta nuálaíochta réigiúnacha agus comhpháirtíochtaí le haghaidh nuálaíocht réigiúnach, arb é is aidhm leo críocha a nascadh le leibhéil éagsúla feidhmíochta nuálaíochta agus dul i ngleic leis an mbearna nuálaíochta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dtreiseoidh an cur chuige sin an neamhspleáchas réigiúnach, lena gcuirfear ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach beartais agus cuspóirí an Aontais a mhúnlú i gcomhréir lena riachtanais, lena saintréithe agus lena n-acmhainneachtaí sonracha, agus prionsabal na comhpháirtíochta á chosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur gá don bheartas comhtháthaithe leanúint de phrionsabal an aistrithe chóir a chothú, agus aghaidh á tabhairt ar riachtanais shonracha na réigiún, agus gan aon chríoch ná aon duine a fhágáil ar lár ag an am céanna; á iarraidh go leanfar de phróiseas an aistrithe chóir a mhaoiniú, agus an Ciste um Aistriú Cóir comhtháite go hiomlán i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus acmhainní airgeadais atreisithe aige don chlárthréimhse tar éis 2027; ag cur béim ar an bhfíoras, mar sin féin, gur gá measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chiste um Aistriú Cóir ar chlaochlú na réigiún incháilithe agus, agus é á áirithiú go leanfaidh sé de bheith mar chuid den bheartas comhtháthaithe, a chur chuige a bheachtú sa CAI nua ar bhonn na dtorthaí agus na mbeart nithiúil chun folláine eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal a ndéantar difear dóibh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais, agus cur chuige pionósach á sheachaint; á chur i bhfáth gur cheart don Seimeastar Eorpach cuspóirí an bheartais comhtháthaithe faoi Airteagail 174 agus 175 CFAE a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh na réigiúin rannpháirteach i gcomhlíonadh na gcuspóirí sin agus go mbeadh cur chuige críochach níos láidre ann; á iarraidh go ndéanfaí próiseas machnaimh ar choincheap na coinníollachta maicreacnamaíche agus go bhféachfaí an bhféadfaí cineálacha nua coinníollachta a chur in ionad an choincheapa sin, chun na dúshláin nua atá romhainn a léiriú ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na réigiún atá i sáinn forbartha, atá marbhánta ó thaobh an gheilleagair de agus atá thíos le meath géar déimeagrafach agus rochtain theoranta ar sheirbhísí bunriachtanacha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí coigeartú suas ar chómhaoiniú do thionscadail atá dírithe ar sheirbhísí bunriachtanacha a neartú; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag ionstraimí an bheartais comhtháthaithe maidir le tacú le réigiúin agus ceantair áitiúla éagsúla atá ag déileáil le héabhlóid dhéimeagrafach a dhéanann difear do cheart fanachta éifeachtach ndaoine, lena n-áirítear, i measc nithe eile, dúshláin a bhaineann le dídhaonrú, aosú, míchothromaíochtaí inscne, imirce daoine oilte, ganntanais scileanna agus míchothromaíochtaí lucht saothair ar fud na réigiún; á aithint go bhfuil gá le dreasachtaí eacnamaíocha spriocdhírithe agus le hidirghabhálacha struchtúracha chun gníomhú in aghaidh na bhfeiniméan sin; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí cláir spriocdhírithe a chur chun feidhme chun tallann a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil, go háirithe i réigiúin ina bhfuil eis-sreafaí suntasacha oibrithe oilte, trí éiceachórais oideachais, cultúir, fiontraíochta agus nuálaíochta a chothú atá i gcomhréir le riachtanais agus deiseanna eacnamaíocha áitiúla agus réigiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá sé tacú le réitigh shonracha agus iad a mhaoiniú do réigiúin a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha acu le fada nó a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha agus déimeagrafacha acu; á athdhearbhú gur gá soláthar seirbhísí bunriachtanacha ardcháilíochta (amhail oideachas agus cúram sláinte), iompar agus nascacht dhigiteach na réigiún sin a chothabháil agus a fheabhsú, a n-éagsúlú eacnamaíoch agus a gcruthú post a chothú, agus cabhrú leo freagairt do dhúshláin amhail ‘gaineamhlú’ na tuaithe, aosú an daonra, bochtaineacht, dídhaonrú, uaigneas agus leithlisiú, chomh maith leis an easpa deiseanna do dhaoine leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir gur gá tús áite a thabhairt d’fhorbairt agus do chistiú leordhóthanach earnálacha straitéiseacha, amhail fuinneamh in-athnuaite, turasóireacht inbhuanaithe, nuálaíocht dhigiteach agus bonneagar, ar bhealach atá saincheaptha d’acmhainneacht eacnamaíoch agus d’acmhainní gach réigiúin, chun dálaí níos leithne a chruthú don fhás inginiúil agus don fhorbairt chothrom ar fud na réigiún uile, go háirithe i limistéir thuaithe, iargúlta agus bheagfhorbartha, i réigiúin teorann, ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí; á mheabhrú a thábhachtaí atá naisc láidre thuaithe-uirbeacha agus tacaíocht ar leith do mhná i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige saincheaptha do na réigiúin is forimeallaí, mar a shainítear faoi Airteagal 349 CFAE, a bhfuil dúshláin struchtúracha uathúla agus charnacha rompu mar gheall ar a n-iargúltacht, méid beag a margadh, a leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus a spleáchais eacnamaíocha; á chur i bhfios go láidir go mbíonn costais bhreise agus iomaíochas laghdaithe ann mar thoradh ar na srianta buana sin, lena n-áirítear méid beag an gheilleagair intíre, an t-achar mór ó mhór-roinn na hEorpa, a suíomh a bheith gar do thríú tíortha, oileánachas dúbailte don chuid is mó díobh, agus éagsúlú teoranta na hearnála táirgiúla, rud a fhágann go bhfuil a n-oiriúnú don aistriú glas agus don aistriú digiteach an-chasta agus an-chostasach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht mhór acu forbairt a dhéanamh tuilleadh, inter alia trí nascacht réigiúnach fheabhsaithe, príomhearnálacha amhail an geilleagar gorm, talmhaíocht inbhuanaithe, fuinneamh in-athnuaite, gníomhaíochtaí spáis, taighde nó éiceathurasóireacht; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, le fada an lá, machnamh cuí a dhéanamh ar thionchar na reachtaíochta nua uile atá beartaithe ar na réigiúin is forimeallaí, d’fhonn ualaí rialála díréireacha agus éifeachtaí díobhálacha ar gheilleagair na réigiún sin a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin dá gcuid féin ag bailte, cathracha agus ceantair uirbeacha, amhail paistí móra ina bhfuil an bhochtaineacht, fadhbanna tithíochta, plódú tráchta agus droch-cháilíocht aeir, rud a chruthaíonn dúshláin don chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch a chruthaítear le forbairt chríochach neamh-chomhchuí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le clár oibre sonrach do chathracha agus á iarraidh go ndéanfaí a naisc le limistéir uirbeacha fheidhmiúla a dhoimhniú, lena gcuimsítear cathracha agus bailte beaga, chun a áirithiú go scaipfear na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta ar bhealach níos cothroime ar fud na críche; á thabhairt chun suntais gur gá comhordú a neartú idir tionscnaimh an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas agus ionstraimí an bheartais comhtháthaithe, agus tús áite á thabhairt do chur chuige comhtháite lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí críochacha agus dúshláin atá ag teacht chun cinn; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh rochtain níos dírí ar an Aontais ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le cathracha agus údaráis uirbeacha, trí úsáid infheistíochtaí críochacha comhtháite a leathnú inter alia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá leanúint d’infheistíochtaí i dtithíocht inacmhainne agus iad a neartú laistigh de chreat an bheartais comhtháthaithe, agus a suntas do na réigiúin agus do na cathracha araon a aithint; á thabhairt chun suntais gur gá na hathruithe atá ábhartha maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i dtithíocht a chothú ar bhonn níos leithne ná an dá fhéidearthacht atá ann faoi láthair (éifeachtúlacht fuinnimh agus tithíocht shóisialta); ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag an mbeartas comhtháthaithe maidir leis na tionscnaimh sin a chur i bhfeidhm agus a chomhordú; á chreidiúint, thairis sin, gur tábhachtach inacmhainneacht tithíochta a áireamh i dtionscnamh URBACT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le réigiúin teorann seachtraí láidre do shlándáil agus athléimneacht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin atá thíos le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe na réigiúin ar theorainn thoir an Aontais, trí na Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach a athbhreithniú<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Guidelines on regional State aid</STRING> [Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach] (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, trí uirlisí agus infheistíochtaí saincheaptha faoin mbeartas comhtháthaithe, chomh maith le tacú leo an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le cistí an bheartais comhtháthaithe, lena n-áirítear Interreg, ar bhealach solúbtha, chun cabhrú le déileáil le tionchar díobhálach socheacnamaíoch an chogaidh ar a bpobail agus ar a gcríocha; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí tacaíocht do réigiúin a bhfuil teorainn acu le tíortha is iarrthóirí amhail an Úcráin agus an Mholdóiv chun naisc a neartú agus a lánpháirtiú san Aontas a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil breisluach ag an gcomhar críochach i gcoitinne agus comhar trasteorann go háirithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Interreg do réigiúin trasteorann, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá aici maidir le rannchuidiú lena bhforbairt agus le constaicí trasteorann a shárú, lena n-áirítear muinín a chothú thar theorainneacha, naisc iompair a fhorbairt, bacainní dlí agus riaracháin a shainaithint agus a laghdú agus soláthar agus úsáid seirbhísí poiblí trasteorann a mhéadú, i measc nithe eile; á mheas gurb é Interreg príomhionstraim an Aontais chun dul i ngleic leis na bacainní leanúnacha trasteorann atá os comhair seirbhísí éigeandála, agus á mholadh go ndíreofaí níos mó ar na seirbhísí sin; á chur i bhfios go láidir gur minic a bhíonn dúshláin shonracha roimh limistéir trasteorann, lena n-áirítear limistéir ag teorainneacha seachtracha an Aontais a roinneann teorainn le tíortha is ionsaitheoirí; á chreidiúint nach mór tacú le réigiúin teorann an Aontais, a bhfuil dúshláin iomadúla rompu, agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór acmhainní méadaithe a chur ar fáil dóibh; á chur in iúl gur geal léi an rialachán nua maidir le BRIDGEforEU; ag cur béim ar a thábhachtaí atá tionscadail ar mhionscála agus trasteorann agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chun feidhme éifeachtach ar an láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun tacú go gníomhach le feachtais múscailte feasachta i réigiúin a roinneann teorainn chun tionchar an chomhair trasteorann a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag meabhrú gur gá ‘tacú leis an gcomhtháthú’, seachas brath go díreach ar an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’, rud a chiallaíonn nár cheart go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht isteach ar phróiseas an chóineasaithe ná go gcuirfeadh sí le héagothromaíochtaí réigiúnacha; á iarraidh go ndéanfaí na prionsabail sin a chomhtháthú ar bhealach níos láidre mar phrionsabail trasearnála i mbeartais uile an Aontais, chun a áirithiú go dtacóidh siad le cuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh, mar a leagtar amach in Airteagail 3 agus 174 CFAE; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, treoirlínte sonracha a eisiúint maidir leis an dóigh na prionsabail sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud bheartais an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchar dhlíthe an Aontais ar iomaíochas na réigiún beagfhorbartha; á athdhearbhú nach mór aird chuí a thabhairt ar réaltachtaí áitiúla agus réigiúnacha sna tograí reachtacha nua; á mholadh don Choimisiún leas a bhaint as uirlisí nuálacha amhail RegHub (líonra na mol réigiúnach) chun sonraí a bhailiú maidir le tionchar bheartais an Aontais ar na réigiúin; á chur i bhfios go láidir chuige sin gur gá an measúnú tionchair chríochaigh ar reachtaíocht an Aontais a neartú, agus gnéithe críochacha den bheartas ábhartha eile a neartú ag an am céanna; á áitiú gur cheart féachaint freisin ar chur chun cinn an chomhtháthaithe mar bhealach chun dlúthpháirtíocht agus tacaíocht fhrithpháirteach a chothú i measc na mBallstát agus a réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí maidir le cumarsáid agus infheictheacht na dtairbhí a bhaineann leis an mbeartas comhtháthaithe, lena léireofaí tionchar inláimhsithe an Aontais do na saoránaigh agus lena bhfeidhmeofaí mar phríomhuirlis chun aghaidh a thabhairt ar an eoraisceipteachas; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an leagan ilteangach den ardán Kohesio;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laghdú mór tagtha le blianta beaga anuas ar leibhéil leordhóthanacha cistiúcháin náisiúnta ó na Ballstáit i dtreo a réigiún is boichte; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé prionsabal an Aontais maidir leis an mbreisíocht a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis náisiúnta aird chuí ar an gcomhtháthú inmheánach agus tionscadail cistí struchtúracha agus infheistíochta á ndréachtú agus á gcur chun feidhme acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á áitiú, chomh maith le dul in oiriúint do riachtanais réigiúnacha, nach mór an beartas comhtháthaithe a chur in oiriúint don scála is lú, i.e. nach mór rochtain a bheith ag na tionscadail agus ag na hiompróirí tionscadail is lú ar chistí; á chur i bhfios gur minic gurb iad a dtionscnaimh na tionscnaimh is nuálaí agus go mbíonn tionchar suntasach acu ar an bhforbairt tuaithe; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh rochtain ag cách ar na cistí sin, gan beann ar a méid ná ar a raon feidhme; ag formheas ghlao na Comhghuaillíochta um Chomhtháthú le haghaidh ‘Beartas Comhtháthaithe tar éis 2027 nach bhfágfaidh aon duine ar lár’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth go raibh moilleanna suntasacha ar chlárthréimhse 2021-2027 mar thoradh ar mhoilleanna ar chaibidlíocht CAI, mar aon leis an bhfíoras gur chuir na Ballstáit béim níos mó ar chlársceidealú chistí STA; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhaontú tráthúil sa chéad chreat eile, agus dá bhrí sin á iarraidh go ndéanfaí Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) agus an chaibidlíocht ar an mbuiséad a thabhairt chun críche bliain ar a laghad roimh thús na tréimhse cistiúcháin nua ionas gur féidir leis na Ballstáit a straitéisí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt in am trátha chun aistriú rathúil chuig an gcéad tréimhse chistiúcháin eile a áirithiú agus chun a áirithiú go leanfar de na tionscadail atá ann cheana faoi CSIE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>