<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0101</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0079/2025 -  Rapóirtéir:Borys Budka)</STRING></HIDDEN><TXTLST><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh (COM(2025)0099 – C10-0041/2025 – 2025/0051(COD))</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0079/2025).</FIELD></FOOTNOTE></TI><NOTE><STRING BOLD="on">(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</STRING></NOTE><TI><STRING BOLD="on">[Leasú		1 mura léirítear a mhalairt]</STRING></TI><TI>LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> Leasuithe: tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.</FIELD></FOOTNOTE></TI><TI>ar an togra ón gCoimisiún</TI><TI>---------------------------------------------------------</TI></OTTXT></TXTLST><TXTLST><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING><BRK/><STRING BOLD="on">Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1938 a mhéid a bhaineann le ról na stórála gáis chun soláthairtí gáis a dhaingniú roimh shéasúr an gheimhridh</STRING><BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
</VISA><VISA>
ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>de bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1032/oj).</FIELD></FOOTNOTE> mar fhreagairt ar an ngéarchéim a bhaineann leis an soláthar gáis agus ar mhéaduithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar phraghsanna de dheasca géarú ar<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chogadh foghach leantach gan chúis gan údar na Rúise</STRING></STRING> i gcoinne na hÚcráine ó bhí mhí Feabhra 2022 ann, rud a spreag an tAontas chun gníomhú ar bhealach comhordaithe cuimsitheach chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh suaitheadh breise sa soláthar gáis a sheachaint.
</CONS><CONS>
<NO.P>(1a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I bhfianaise chogadh leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i gcomhréir le gealltanas straitéiseach an Aontais deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó ghás de thionscnamh na Rúise a stóráil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas smachtbhannaí comhordaithe agus láithreacha a shaothrú ar allmhairiú agus ar cheannach ghás uile na Rúise, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe (GNL). Deimhnítear le hIonchas Soláthair Geimhridh ENTSO-G 2024-2025 gur féidir leis an Aontas a spriocanna stórála a bhaint amach agus slándáil an tsoláthair a choinneáil ar bun gan bheith ag brath ar ghás na Rúise, trí mheascán beart a chur chun feidhme, lena n-áirítear laghdú leanúnach ar éileamh. Dá bhrí sin, tá trádbhac iomlán ar ghás na Rúise riachtanach agus indéanta, agus chuideodh a chur chun feidhme mear le ceannasacht fuinnimh agus athléimneacht gheopholaitiúil an Aontais a neartú. </STRING></STRING><STRING BOLD="on">[Leasú 7]</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Le Rialachán (AE) 2022/1032, leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 trí chreat dlíthiúil sealadach a thabhairt isteach le haghaidh bearta maidir le leibhéal líonta saoráidí stórála faoi thalamh chun slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a neartú, go háirithe soláthairtí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Leis na saoráidí stórála gáis, rannchuidítear foráil maidir le 30 % de thomhaltas gáis an Aontais le linn mhíonna an gheimhridh, agus leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá líonta go maith <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chomh maith le laghdú ar an éileamh ar ghás</STRING></STRING> go mór le slándáil an tsoláthair gáis trí ghás breise a chur ar fáil i gcás ina bhfuil éileamh mór nó suaitheadh sa soláthar.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Sprioc shainordaitheach a leagan síos chun a áirithiú go mbeadh saoráidí stórála gáis 90 % lán faoin 1 Samhain (sprioc líonta), mar aon le sraith spriocanna idirmheánacha do gach Ballstát i mí Feabhra, i mí na Bealtaine, i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair den bhliain <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ina dhiaidh sin</STRING></STRING> ▌(conair líonta)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, le linn</STRING></STRING> na géarchéime fuinnimh lenar spreagadh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus</STRING></STRING> soláthairtí gáis <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na Rúise á n-úsáid aici</STRING></STRING> mar uirlis troda, cruthaíodh go raibh sé sin bunriachtanach chun an dá rud seo a leanas araon a bhaint amach: (i) na ganntanais soláthair gáis a shárú; agus (ii) éiginnteachtaí sa mhargadh agus luaineacht praghsanna a laghdú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>D’ainneoin feabhas mór a bheith tagtha ar staid an mhargaidh gáis i gcomparáid leis an <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">tréimhse</STRING></STRING> 2022-2023 ▌, tá margadh gáis na hEorpa fós teann <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus tá an staid gheopholaitiúil fós doiléir</STRING></STRING>. D’fhéadfadh iomaíocht níos láidre le haghaidh soláthairtí domhanda GNL neamhchosaint na mBallstát ar luaineacht praghsanna a mhéadú. ▌Sa chás sin, tá ról na stórála gáis ríthábhachtach i gcónaí. ▌
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>De bhun Rialachán (AE) 2017/1938, tá oibleagáid ar na Ballstáit conair líonta bhliantúil a leanúint agus a áirithiú go mbainfear amach an sprioc líonta faoin 1 Samhain gach bliain, rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2025.
</CONS><CONS>
<NO.P>(6a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ó 2022 i leith, d’éirigh go mór leis an Aontas soláthairtí gáis a dhéanamh níos sláine trí allmhairí GNL ó chomhpháirtithe iontaofa domhanda a mhéadú agus tá sé mar aidhm aige deireadh iomlán a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, agus iad ag cur leis an dul chun cinn ar REPowerEU. Tá saoráidí nua athghásaithe agus críochfoirt chalafoirt forbartha ag an Aontas, agus margadh gáis leachtach á bhunú aige ag an am céanna, rud lena n‑áiritheofar athléimneacht láidir i gcoinne suaití a d’fhéadfadh a bheith ann sna soláthairtí píblíne atá fágtha ag an Rúis.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ní mór an timpeallacht athraithe pholaitiúil dhomhanda a chur san áireamh maidir le hiontaofacht na soláthróirí gáis agus na dtíortha soláthair gáis.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I bhfianaise rath na hEorpa an riosca a bhaint dá struchtúr allmhairithe gáis,</STRING></STRING> ní mór don chreat foriomlán <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">riachtanas an Aontais a chomhlíonadh maidir le gás nádúrtha cothromaíocht a bhaint amach idir slándáil fuinnimh agus filleadh ar phrionsabail mhargadhbhunaithe</STRING></STRING>.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Dá bhrí sin, ní mór dó</STRING></STRING> a bheith solúbtha go leor le linn an tséasúir líonta chun freagairt thapa a thabhairt ar dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus go háirithe chun leas a bhaint as na dálaí ceannaigh is fearr <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chun praghsanna gáis a laghdú san Eoraip</STRING></STRING>. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc líonta a ísliú go 83 %.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(8)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun cobhsaíocht an mhargaidh a fheabhsú agus chun maolú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh luaineacht mhíchuí praghsanna ann a d’fhéadfadh eascairt as </STRING></STRING>spriocanna líonta idirmheánacha, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">is iomchuí solúbthacht mhéadaithe a sholáthar maidir le líonadh stórála.</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dá bhrí sin, ba cheart do na</STRING></STRING> Ballstáit <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">pleananna táscacha líonta a sholáthar ar bhonn bliantúil lena bhféadfaí conair líonta</STRING></STRING> tháscach<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> a áireamh i gcás inarb iomchuí</STRING></STRING> agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir le líonadh stórála ar bhealach ina mbeidh solúbthacht leordhóthanach ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh i rith na bliana, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus</STRING></STRING> Moladh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">(2025)1481 á chur san áireamh</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(8a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit imeacht suas le ceithre phointe céatadáin ón sprioc líonta i gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha, a bhaineann, inter alia, le tosca amhail soláthar agus éileamh agus iomaíocht, nó i gcás gníomhaíochtaí trádála a chuireann bac ar líonadh stórála costéifeachtach, a chuireann teorainn shuntasach leis an gcumas a áirithiú go mbeidh na stórais gháis líonta i gcomhréir leis an Rialachán seo.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(8b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Thairis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh, ar feadh séasúr líonta amháin, ar leibhéal an imeachta ceadaithe de cheithre phointe céatadáin trí é a mhéadú suas le ceithre phointe céatadáin sa bhreis, i gcás dálaí margaidh atá neamhfhabhrach go leanúnach.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(8c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Níor cheart go ndéanfadh éifeachtaí carnacha na solúbthachtaí agus na maoluithe sa Rialachán seo na hoibleagáidí foriomlána líonta stórála a laghdú faoi bhun 75 %.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(9)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leis</STRING></STRING> an measúnú ón gCoimisiún ar an gcreat slándála fuinnimh atá ann faoi láthair, deimhníodh tionchar dearfach na gceanglas stórála agus líonta ar shlándáil an tsoláthair gáis agus ba cheart na héifeachtaí dearfacha sin a chaomhnú tar éis 2025. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ní hamháin go rannchuideodh leathnú na mbeart sin le slándáil an tsoláthair a choimirciú go leanúnach, ach bheadh sé ina phríomhionstraim freisin in iarrachtaí an Aontais deireadh a chur lena spleáchas ar allmhairí gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(9a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag an am céanna, ba cheart don Rialachán seo freagairt d’athruithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sna margaí gáis nádúrtha agus rannchuidiú leis an gcuspóir straitéiseach praghsanna fuinnimh a laghdú agus filleadh de réir a chéile i dtreo sásraí margadhbhunaithe le haghaidh athlíonadh stórála a éascú.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(9b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun slándáil an tsoláthair agus an leibhéal iomchuí líonta a choinneáil ar bun, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar an margadh agus féachaint ar bhealaí a d’fhéadfadh cabhrú leis an sprioc líonta a bhaint amach, mar shampla trí úsáid a bhaint as comhiomlánú éilimh agus sásraí ceannaigh chomhpháirtigh.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(10)</NO.P>Is gá, dá bhrí sin, síneadh 2 bhliain a chur leis na forálacha ábhartha maidir le líonadh stórais gáis lena gcuirtear ar fáil intuarthacht agus trédhearcacht maidir le húsáid saoráidí stórála gáis ar fud an Aontais <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus roinnt solúbthachta a thabhairt isteach sa Rialachán seo ag an am céanna</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(10a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus simpliú, agus i gcomhréir leis an bhfeabhas foriomlán ar chreat slándála fuinnimh an Aontais, ba cheart go gcuirfeadh an faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin seo níos mó muiníne as acmhainneachtaí riaracháin na mBallstát. Ba cheart an t‑ualach maoirseachta ar an gCoimisiún a laghdú dá réir, agus aistríodh i dtreo oibleagáidí tuairiscithe níos éadroime agus nósanna imeachta cuíchóirithe. Leis an gcur chuige sin, neartaítear prionsabal na coimhdeachta, seachnaítear castacht riaracháin nach bhfuil gá léi, agus tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí simplithe an Choimisiúin mar a leagtar amach ina Chlár Oibre 2025.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(10b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1938 in am trátha agus roimh 2027 chun é a oiriúnú don tírdhreach fuinnimh a bhíonn ag síorathrú agus chun machnamh a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo maidir le stóráil gáis. I measc saincheisteanna eile, ba cheart aghaidh a thabhairt in aon leasú ar theorainneacha an tsainmhínithe atá ann faoi láthair ar ‘custaiméirí cosanta’, ar chosc a chur ar amhantraíocht ar na margaí gáis agus ar ghníomhaíochtaí amhantracha lena ndéantar praghsanna a bhoilsciú go saorga, ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh as a n-eascraíonn laghdú infhíoraithe ar an éileamh ar ghás agus ar an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit é sin a úsáid chun tuilleadh solúbthachtaí a fháil agus breithniú a dhéanamh ar an gcreat faoi mheascán fuinnimh atá ag athrú a mbeidh ról méadaithe aige mar fhoinsí malartacha ar ghás amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite, hidrigin mar aon le ról na héifeachtúlachta fuinnimh.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(11)</NO.P>Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1938 a leasú dá réir,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1938</STRING></STI.ART><PARAG>▌<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leasaítear</STRING></STRING> Rialachán (AE) 2017/1938 <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">mar a leanas</STRING></STRING>:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 2, scriostar pointe 27;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leasaítear Airteagal 6a mar a leanas:</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘An sprioc líonta’;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘1.	Faoi réir mhíreanna 2 go 5, comhlíonfaidh na Ballstáit an sprioc líonta de 83 % maidir le hacmhainn chomhiomlán gach saoráide stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit féin agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ar a gcríoch agus i gcás na saoráidí stórála a liostaítear in Iarscríbhinn Ib ag am ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig gach bliain.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘2.	D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, beidh sprioc líonta do gach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe laghdaithe do thoirt arb ionann í agus 32,28 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát sin.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(d)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘5a. 	D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáid na mBallstát eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh imeacht suas le ceithre phointe céatadáin ón sprioc líonta a leagtar amach i mír 1 do gach Ballstát, más rud é go bhfuil dálaí an mhargaidh neamhfhabhrach chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh.</STRING></STRING>

<NO.P>5b.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil dálaí margaidh atá neamhfhabhrach go leanúnach, agus ar choinníoll nach mbaintear an bonn de shlándáil sholáthar an Aontais agus na mBallstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a leasú tríd an imeacht ceadaithe do Bhallstáit a mhéadú suas le 4 phointe céatadáin, mar a leagtar síos i mír 5a.</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe an leibhéal líonta stórála sna Ballstáit, an soláthar domhanda gáis, ionchas soláthair séasúrach ENTSOG, agus tásca cúblála margaidh. Féadfaidh sé bearta na mBallstát a chur san áireamh freisin, amhail bearta chun an t-éileamh ar ghás a laghdú le haghaidh gáis lena mbaintear amach laghduithe coibhéiseacha ar ghás le linn an tséasúir aistarraingthe ina dhiaidh sin.</STRING></STRING>

<NO.P>5c.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2, faoi na coinníollacha céanna dá bhforáiltear i mír 5a, a chinneadh imeacht suas le 1.55 % faoi bhun an mhéid a leagtar amach i mír 2.</STRING></STRING>

<NO.P>5d.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sula n-úsáidfidh gach Ballstát aon cheann de na himeachtaí dá bhforáiltear i míreanna 5a agus 5c, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún agus soláthróidh sé údar cuí lena chinneadh gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Coimisiún GCG ar an eolas go pras faoi éifeachtaí carnacha na n-imeachtaí uile de bhun mhíreanna 5a agus 5c agus aon Bhallstáit a ndéantar difear díreach dóibh.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘6.</STRING></STRING>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun an sprioc líonta a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá agus féachfaidh siad leis an bplean líonta a shainmhínítear i gcomhréir le mír 7 a leanúint.</STRING></STRING>

<NO.P>7.</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu plean líonta táscach don bhliain féilire iomlán a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha chun an sprioc bhliantúil líonta stórála gáis a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. Áireofar sa phlean faisnéis theicniúil maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch agus beidh sé idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh i bhfoirm chomhiomlán.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(f)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">scriostar mír 8;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(g)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 10 agus 11:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘10.	Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán leanúnach ar an gcomhlíontacht maidir leis an sprioc líonta mar a leagtar amach i bplean líonta agus tuairisceoidh sé go tráthrialta agus uair sa mhí ar a laghad don choimisiún agus do GCG. Má fhoráiltear nach féidir an sprioc a bhaint amach, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan mhoill, bearta éifeachtacha chun an sprioc a bhaint amach. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus GCG ar an eolas maidir leis na Bearta a rinneadh.</STRING></STRING>

<NO.P>11.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás ina n-imeoidh Ballstát go suntasach agus go marthanach ón bplean líonta, rud a chuireann comhlíonadh na sprice líonta i mbaol nó i gcás ina n-imeoidh sé ón sprioc líonta, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle le GCG agus leis na Ballstáit lena mbaineann, moladh a eisiúint don Bhallstát sin nó do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir le bearta atá le déanamh láithreach chun an t-imeacht a leigheas nó chun an tionchar ar shlándáil an tsoláthair a íoslaghdú, i bhfianaise inter alia dálaí margaidh neamhfhabhracha a d’fhéadfadh a bheith ann agus sainiúlachtaí na mBallstát, amhail saintréithe teicniúla agus méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, tábhacht laghdaitheach na saoráidí stórála gáis calracha faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an acmhainn stórála GNL atá ann cheana.</STRING></STRING>

<NO.P>11a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás nach gcomhlíonann Ballstát an sprioc líonta a leagtar síos i mír 1, rud a chuireann slándáil sholáthar an Aontais i mbaol, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena socrófar plean líonta don Bhallstát sin don bhliain ina dhiaidh sin, bunaithe ar an bhfaisnéis theicniúil arna soláthar ag gach Ballstát agus an measúnú ar GCG á chur san áireamh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18a(2). Beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair gáis agus ar fhorbairt ar an éileamh ar ghás agus ar fhorbairt an tsoláthair gáis san Aontas agus i mBallstáit aonair d’fhonn slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘An sprioc líonta a chur chun feidhme’;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:</STRING></STRING><CITATION>
‘<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">1.	Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá, chun na spriocanna líonta de bhun Airteagal 6a a chomhlíonadh. Agus comhlíonadh na sprice líonta á áirithiú acu, tabharfaidh na Ballstáit tús áite, i gcás inar féidir, do bhearta margadhbhunaithe.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: </STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘2.	Beidh na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 teoranta don mhéid is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach. Sainmhíneofar na bearta sin go soiléir, agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás, ní mhéadóidh siad costais fuinnimh go míchuí agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol.</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún agus GCG a chur ar an eolas maidir le haon beart den chineál sin.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leasaítear Airteagal 6c mar a leanas:</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘1.	Áiritheoidh Ballstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Bhallstát sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i mBallstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Nollaig, d’úsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15 % ar a laghad dá n-ídiú bliantúil gáis den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin sa Bhallstát nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Bhallstát nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15 % de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Ballstát sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Léireoidh na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonfaidh siad le mír 1 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún dá réir.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">i mír 5, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘(a)	áiritheoidh siad, faoin 1 Nollaig, go gcomhfhreagraíonn toirteanna stórála do mheánúsáid, ar a laghad, na hacmhainne stórála na 5 bliana roimhe sin, arna cinneadh, inter alia, tríd na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe thar na 5 bliana roimhe sin ó na Ballstáit ina bhfuil na saoráidí stórála lonnaithe; nó’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(d)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘6.	Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn Ib, i gcás saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe i mBallstát amháin nach gcumhdaítear le mír 5 ach atá nasctha go díreach le limistéar margaidh Ballstáit eile, áiritheoidh an Ballstát eile sin, idir an 1 Deireadh Fómhair an 1 Nollaig, go gcomhfhreagróidh na toirteanna stórála, ar a laghad, don mheán-acmhainn stórála arna chur in áirithe ag an bpointe trasteorann ábhartha thar an 5 bliana roimhe sin.</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leasaítear Airteagal 6d mar a leanas:</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘1.	Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta don údarás inniúil i ngach Ballstát ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát sin (‘an t-údarás ainmnithe’) mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a</STRING></STRING>

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh an t-údarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Ballstáit faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad gach mí na torthaí don Choimisiún gan aon mhoill. Cuirfidh an t-údarás inniúil faisnéis san áireamh freisin maidir leis an sciar gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise atá á stóráil sa Bhallstát sin, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil.</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cuidiú le faireachán den sórt sin.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘4.	Tabharfaidh GCG cúnamh don Choimisiún leis an bhfaireachán a dhéanfar ar an sprioc líonta, agus forbróidh sé treoraíocht don Choimisiún maidir le bearta leormhaithe chun ailiniú níos fearr a áirithiú i gcás nach gcuireann na Ballstáit bac ar na rátaí líonta a bhaint amach nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sprioc líonta.</STRING></STRING>

<NO.P>4a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún bearta chun feidhme a chuidíonn leis na Ballstáit an sprioc líonta a bhaint amach, lena n‑áirítear bearta chun rannpháirtíocht a spreagadh sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2022/2576 (‘AggregateEU’)</STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING SUPERSCRIPT="on">* </STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING>

<NO.P>5.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún na bearta is gá chun an sprioc líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a fhorfheidhmiú ar rannpháirtithe sa mhargadh. Féadfar a áireamh ar na bearta sin smachtbhannaí agus fíneálacha atá sách díspreagthach, amhail pionóis leormhaithe airgeadais.</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">___________________</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">*	Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2576/oj).’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(6)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 17a, mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘(da)	an fhaisnéis faoin sciar gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a stóráiltear i stórais an Aontais, arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6d(2).’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(7)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:</STRING></STRING><CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagal 6a go Airteagal 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 18a, Airteagal 20(4) agus Iarscríbhinn Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(8)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Scriostar Iarscríbhinn Ia.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Teacht i bhfeidhm</STRING></STI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus beidh feidhm</STRING></STRING> leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>