<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0104</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Beartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0071/2025 -  Rapóirtéir:Lara Wolters)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2024/2079(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 101 go 109 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilsiú Ursula von der Leyen an 18 Iúil 2024, dar teideal ‘Europe’s choice: political guidelines for the next Commission 2024-2029’ [Rogha na hEorpa: treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal The future of European competitiveness [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 18 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Much more than a market’ [ Margadh Thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 21/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘State aid in times of crisis – Swift reaction but shortcomings in the Commission’s monitoring and inconsistencies in the framework to support the EU’s industrial policy objectives’ [Státchabhair in aimsir géarchéime – Freagairt ghasta ach tá easnaimh shuntasacha i bhfaireachán an Choimisiúin agus neamhréireachtaí sa chreat chun tacú le cuspóirí bheartas tionsclaíoch an Aontais],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 024, 29.1.2004, lch. 1, ELI: <STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint d’Airteagal 11 CFAE, lena dtugtar sainordú ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais, d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO L 114, 12.4.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/591/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, lena bhforáiltear gur cheart deireadh a chur de réir a chéile gan mhoill le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol, go háirithe fóirdheontais do bhreoslaí iontaise,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Meán Fómhair 2024 i gCás C-611/22 P (<STRING ITALIC="on">Illumina v an Coimisiún</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Meán Fómhair 2024, <STRING ITALIC="on">Illumina</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, C-611/22 P, ECLI:EU:C:2024:677.</FIELD></FOOTNOTE>), an 10 Meán Fómhair 2024 i gCás C‑465/20 P, <STRING ITALIC="on">An Coimisiún Eorpach v Éire agus Apple Sales International</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2024, <STRING ITALIC="on">an Coimisiún Eorpach v Éire agus Páirtithe Eile</STRING>, C-465/20 P, ECLI:EU:C:2024:724.</FIELD></FOOTNOTE>, agus an 10 Meán Fómhair 2024 i gCás C‑48/22 P (<STRING ITALIC="on">Google agus Alphabet v an Coimisiún</STRING>)<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Meán Fómhair 2024, <STRING ITALIC="on">Google and Alphabet v an Coimisiún, </STRING>C-48/22 P, CLI:EU:C:2024:726.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó mhí an Mheithimh 2024 ón gCoimisiún dar teideal ‘Protecting competition in a changing world – Evidence on the evolution of competition in the EU during the past 25 years’ [Cosaint na hiomaíochta i ndomhan atá ag athrú – Fianaise ar éabhlóid na hiomaíochta san Aontas le 25 bliana anuas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Ról trádálaithe tráchtearraí i margaí talmhaíochta a mhúnlú’, a d’fhoilsigh a Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe i mí na Samhna 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 20 Nollaig 2023, dar teideal ‘Tuarascáil ar Sciar den Mhargadh CRA: Eagrán 2023’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0071/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn na comhthéacsanna dúshlánacha eacnamaíocha, aeráide agus geopholaitiúla atá ann faoi láthair, ina bhfuil éiginnteacht agus dothuarthacht, cur chuige athnuaite i leith iomaíochas na hEorpa agus straitéisí nithiúla chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go mbíonn praghsanna níos ísle, cáilíocht níos airde, rogha níos fearr do thomhaltóirí, nuálaíocht níos tapúla agus geilleagar níos cothroime agus níos athléimní mar thoradh ar fhorfheidhmiú cuí chreat beartais iomaíochta an Aontais, agus go ndéantar coinníollacha iontrála d’oibreoirí sa mhargadh inmheánach a chosaint, agus go dtéitear i ngleic le mí-úsáidí ceannasachta, monaplachtaí agus cleachtais a shaobhann an margadh inmheánach;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Draghi go bhfuil bonn nuálaíochta tionsclaíche leathan agus éagsúlaithe ag an Aontas, le buntáiste comparáideach láidir i dteicneolaíochtaí glasa, ach go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha chun an buntáiste sin a choinneáil; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach breithnithe aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú sa bheartas iomaíochta, i ndáil leis sin; de bhrí go n-áitítear i dtuarascáil Letta go bhfuil easpa comhtháthaithe an Aontais in earnálacha an airgeadais, an fhuinnimh agus na cumarsáide leictreonaí ar cheann de na príomhchúiseanna le meath a bheith ag teacht ar iomaíochas na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh beartas iomaíochta an Aontais rannchuidiú le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú, chomh maith le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chompáis Dhigitigh 2030 agus an Chompáis Iomaíochais a bhaint amach, a bhfuil malartú agus comhar idirnáisiúnta bunriachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur gá don Choimisiún agus d’údaráis náisiúnta iomaíochta gníomhú ar bhealach neamhchlaonta agus oibiachtúil chun creidiúnacht bheartas iomaíochta an Aontais a chaomhnú; de bhrí go bhfuil ríthábhacht le neamhspleáchas polaitiúil na n‑údarás náisiúnta iomaíochta chun neamhchlaontacht agus creidiúnacht an bheartais iomaíochta a áirithiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Breithnithe ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheas go bhféachann dlí iomaíochta an Aontais le cosaint a thabhairt ar leibhéil iomarcacha tiúchana agus ar charnadh chumhacht an mhargaidh, agus ag athdhearbhú ról an bheartais iomaíochta chun éifeachtúlacht, nuálaíocht agus fás a spreagadh, cothrom iomaíochta a chruthú agus tomhaltóirí a chosaint, trína áirithiú go mbeidh na margaí fós iomaíoch, éifeachtúil, dinimiciúil agus nuálach, táirgí agus seirbhísí ar ardchaighdeán á gcur ar fáil ar phraghsanna cothroma agus le raon níos leithne táirgí agus seirbhísí a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go rannchuideodh an beartas iomaíochta le beartais uile an Aontais, go háirithe i réimsí na hinbhuanaitheachta, an fhuinnimh, na cosanta agus an digitithe; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin do chreat nua Státchabhrach a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, chun iomaíochas a áirithiú tríd an tacaíocht phoiblí is gá a shlógadh don aistriú fuinnimh chun tionscal an Aontais a dhícharbónú, agus a áirithiú ag an am céanna nach gcuirfidh sé sin bac ar nuálaíocht, nach méadóidh sé sin praghsanna ná nach laghdóidh sé iomaíocht sa mhargadh inmheánach; á athdhearbhú nár cheart do státchabhair iomaíocht chothrom agus éifeachtach a shaobhadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go n-eascraíonn an láidreacht agus an tábhacht dhomhanda atá ag margadh aonair an Aontais, ní hamháin as a iomaíochas inmheánach agus seachtrach, ach freisin as a chumas caighdeáin choiteanna a leagan síos agus comhtháthú críochach a ráthú; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur cheart do lucht ceaptha beartas aird chuí a thabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta rialála agus margaidh agus á iarraidh ar an gCoimisiún a dhícheall a dhéanamh idirphlé agus comhar leanúnach a bhaint amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chomhaontuithe comhair den dara glúin lena gceadaítear malartú faisnéise níos éifeachtaí idir údaráis iomaíochta, agus tionchar ar bheartas iomaíochta a fhorbairt, ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) agus á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt d’idirphlé agus comhar cuiditheach marthanach, i ndáil leis sin, ar an leibhéal idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí comhordú idir na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha iomaíochta a áirithiú agus á chur i bhfios go láidir gur gá comhar a mhéadú idir rialtóirí in aghaidh trustaí agus rialtóirí earnála eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Aontas iomaíoch</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tacú le tiomantas an Choimisiúin infheistíocht a dhéanamh in iomaíochas inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi an bhéim a leagann tuarascáil Draghi ar an nuálaíocht, ar infheistíochtaí, ar chomhtháthú margaidh, ar dhícharbónú agus ar an athléimneacht, agus an bhéim a leagann tuarascáil Letta ar lánpháirtiú, ar uathriail agus ar dhlúthpháirtíocht; ag spreagadh beartais a chuireann an nuálaíocht, an t-iomaíochas agus fás inbhuanaithe cuimsitheach chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le beartas tionsclaíoch comhordaithe, spriocdhírithe agus fíor-Eorpach chun borradh a chur faoin iomaíochas; ag tabhairt dá haire nár cheart ceannasacht sa mhargadh ná mí-úsáid na ceannasachta sin, saobhadh praghsanna ná neamhéifeachtúlachtaí eacnamaíocha a bheith mar thoradh air sin, agus á chur i bhfios go bhfuil gá le nósanna imeachta éifeachtacha um rialú cumasc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheas gur cheart go mbeadh aon státchabhair a dheonaítear comhsheasmhach le cuspóirí beartais an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún treoraíocht a chur ar fáil ar chomhoiriúnacht na státchabhrach le breithnithe nuálaíochta, aeráide agus slándála eacnamaíche, chomh maith lena ghníomhaíochtaí chun fóirdheontais breosla iontaise a laghdú agus deireadh a chur leo de réir a chéile faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus ag spreagadh na mBallstát machnamh a dhéanamh ar choinníollacha breise a thabhairt isteach chun státchabhair a fháil; á iarraidh go gcuirfí cosc ar chuideachtaí arna struchtúrú trí thearmainn chánach neamh-AE státchabhair a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar easpa comhchuibhithe na meicníochtaí aisghlámtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil ón gCoimisiún ina maítear go bhfuil méadú tagtha ar chomhchruinniú margaidh, ar uasmharcálacha agus ar bhrabúis le 25 bliana anuas, agus go bhfuil laghdú tagtha ar dhinimiceas an tionscail, in ainneoin fhorfheidhmiú gníomhach dhlí na hiomaíochta; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuarthas amach go raibh an méadú sin ar mharcálacha á spreagadh ag ath-leithdháileadh an sciar den mhargadh i dtreo na ngnólachtaí is mó; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh tionchair dhiúltacha shuntasacha ag leibhéil laga iomaíochta ar thomhaltóirí, ar chumhacht cheannaigh, agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus ar an bhfás eacnamaíoch foriomlán; á mheabhrú gur cheart go ndíreodh cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta ar mhargaí oscailte iomaíocha a áirithiú atá saor ó chleachtais fhrithiomaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as Státchabhair chun tacú le cuspóirí beartais thionsclaíoch; á mheabhrú nár cheart don chabhair sin, mar a cheadaítear faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE, dochar a dhéanamh do dhálaí trádála ná don leas coiteann; ag tabhairt dá haire go bhfuil cumais fhioscacha éagsúla ag na Ballstáit agus ag tabhairt rabhaidh go gcruthaíonn Státchabhair ilroinnte éagothroime iomaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí sin agus sláine an mhargaidh aonair a áirithiú, rud is féidir a dhéanamh trí chomhionstraim maoinithe le haghaidh beartas tionsclaíoch Eorpach, amhail Ciste Eorpach um Iomaíochas, mar a mhol Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen ina treoirlínte polaitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan dul i mbun iomaíocht fóirdheontais, rud nach gcuireann ach le saobhadh margaidh, go háirithe agus gnóthais nach bhfuil éifeachtúil á maoiniú; á mheas gur theip ar chreataí sealadacha státchabhrach tuilleadh ilroinnte margaidh a chosc agus ag tabhairt dá haire nach raibh ach dhá cheann de na Ballstáit freagrach as 77 % den Státchabhair ar tugadh fógra ina leith; á iarraidh go ndéanfaí faireachán níos déine ar fhógraí maidir le Státchabhair agus go bhfeabhsófaí tuairisciú agus trédhearcacht maidir le Státchabhair i gcomhréir leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>	á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) chun tionscadail a mhaoiniú laistigh den Aontas a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo; á chur i bhfáth gur cheart fíor-bhreisluach AE a bheith ag IPCEInna, rud a chiallaíonn gur cheart go mbeadh tionchar dearfach acu ar níos mó ná Ballstát amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear aon fhógra den sórt sin maidir le Státchabhrach i gcrích laistigh de shé mhí ar a dhéanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur i sonrú i meastachán Mario Draghi go bhfuil gá le EUR 800 billiún breise in aghaidh na bliana chun iomaíochas an Aontais a chosaint; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa chomhthéacs sin; á chur i bhfios go láidir nach mór buiséad an Aontais a bheith feistithe go cuí chun na críche sin; á mheas go bhfuil sé tábhachtach an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a thabhairt chun críche chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh, chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus chun tacú le straitéis thionsclaíoch an Aontais; ag aithint go bhfuil géarghá le hathchóirithe mar aon le cur chun feidhme éifeachtach na dtrí réimse gníomhaíochta a leagtar amach i dtuarascáil Draghi: (i) an bhearna nuálaíochta leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín a dhúnadh; (ii) plean coiteann don dícharbónú agus don iomaíochas chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus chun costais fuinnimh a laghdú; agus (iii) slándáil a fheabhsú agus spleáchais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chosaint a thugtar do mhachaire comhréidh na margaí Eorpacha agus na gcuideachtaí Eorpacha agus a n-oibrithe a dheonaítear le bearta frithdhumpála a dhéanann státchabhair eachtrach shaobhach a cheartú; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint go pras as na hionstraimí trádála atá ar fáil maidir le soláthar agus fóirdheontais eachtracha chun iomaíocht éagórach sa mhargadh inmheánach a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí forfheidhmiúcháin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt faoi deara athruithe ar chleachtais ghnó, agus béim á leagan ar laghdú ar chásanna cairtéil; ag tabhairt rabhaidh, áfach, i gcoinne cineálacha nua iompair dhíobhálaigh amhail claonpháirteachas intuigthe agus claonpháirteachas algartamach, agus ag cur béim ar an ngá atá le tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a ailíniú leis an tírdhreach athraitheach sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur sonrú i dtogra ó thuarascáil Mario Draghi le haghaidh ‘uirlis nua iomaíochta’ mar uirlis sholúbtha imscrúdaithe margaidh atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna iomaíochta struchtúracha nach dtagann as comhaontuithe frithiomaíocha ná as mí-úsáid ceannasachta, agus leigheasanna réamhbhreathnaitheacha struchtúracha nó iompraíochta ar fud an mhargaidh a fhorchur, lena n-áirítear trí bhacainní iontrála d’iomaitheoirí a ísliú, agus é mar aidhm leis sin iomaíochas a mhéadú, nuálaíocht a dhreasú agus tomhaltóirí leochaileacha a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlánódh an uirlis sin an creat atá ann cheana le haghaidh imscrúduithe earnála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún faoin gConradh aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáidí dúshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á aithint go bhfuil bunús dlí ann do leigheasanna struchtúracha i gcoinne mhí-úsáid an cheannais mhargaidh; á chur in iúl gur eol di go sonraítear i rialacha iomaíochta an Aontais nár cheart leigheasanna struchtúracha a úsáid ach amháin má tá sé cruthaithe go bhfuil leigheasanna iompraíochta neamhéifeachtach, ach mar sin féin, á chur in iúl gur oth léi drogall an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar cheannasacht an mhargaidh trí leigheasanna struchtúracha; ag athdhearbhú a hiarrata úsáid níos fearr a bhaint as leigheasanna struchtúracha agus deireadh a chur leis an tosaíocht a thugtar do leigheasanna iompraíochta agus ag moladh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí a gcur i bhfeidhm a neartú nuair is gá; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos fearr a bhaint as bearta idirlinne chun deireadh a chur le haon chleachtas lena ndéanfaí díobháil thromchúiseach don iomaíocht, go háirithe i ndáil le margaí dinimiciúla atá ag forbairt go tapa amhail margaí digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tosaíocht a thugann an Coimisiún 2024-2029 don tithíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndeanann prionsabail iomaíochta an Aontais difear do sholáthar seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar staid na seirbhísí sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne agus ar dhíolúine ó SGEI do thithíocht inacmhainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá státchabhair mar uirlis chun an bhearna eacnamaíoch idir réigiúin níos forbartha san Aontas agus limistéir oileánacha, limistéir intíre, na réigiúin is forimeallaí agus limistéir a bhíonn faoi bhrú ó thaobh an gheilleagair de a dhúnadh; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach fós Státchabhair a cheadú i gcomhthéacs SGEInna chun go mairfidh na limistéir sin, go háirithe i gcomhthéacs na tacaíochta Stáit atá tiomnaithe do nascacht agus d’fhorálacha bunúsacha eile seirbhísí do phobail atá ina gcónaí i réigiúin scoite, iargúlta, nó forimeallacha san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le tuilleadh solúbthachta maidir le cistiú a chur ar fáil do na réigiúin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur sonrú i rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí inar cinneadh gur theip ar cheann de na Ballstáit Treoir ECN+ a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé Treoir ECN+ a thrasuí go hiomlán; á iarraidh ar na Ballstáit uile cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí cumaisc agus in aghaidh trustaí </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i léirmhíniú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar Airteagal 22 den Rialachán um Chumaisc CE i gCás C-611/22 P (<STRING ITALIC="on">Illumina v an Coimisiún</STRING>), lena gcealaítear cur chuige an Choimisiúin maidir le glacadh le tarchuir comhaontuithe neamh-infhógartha; á aithint nach gcuireann Rialachán CE um Chumaisc uirlisí leordhóthanacha ar fáil don Choimisiún chun déileáil le héadálacha maraithe; á chreidiúint go láidir go bhfuil údar maith le bunús dlí an mhargaidh inmheánaigh a chur leis an Rialachán um Chumaisc CE mar gheall ar thionchar na gcinntí cumaisc ar an margadh inmheánach, ionas go mbeidh comhreachtóirí rannpháirteach go hiomlán, ar bhealach atá cosúil leis an nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA); á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcás Ballstáit a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu nó ar féidir leo an dlínse ábhartha a éileamh, go gceanglaítear leo scrúdú a dhéanamh ar éadálacha maraithe a d’fhéadfadh a bheith ann i bhfianaise a ndlíthe náisiúnta maidir le rialú cumasc, agus leanúint de na comhaontuithe sin a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán um Chumaisc CE; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán CE um Chumaisc ionas go mbeidh sé in ann scrúdú a dhéanamh ar chumaisc a thiteann faoi bhun thairseacha an Aontais nó faoi bhun thairseacha náisiúnta, gan beann ar na hearnálacha lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ó tháinig Rialachán CE um Chumaisc i bhfeidhm in 2004, gur chuir an Coimisiún bac ar 0,7 % de na cumaisc ar tugadh fógra ina leith nó gur tarraingíodh siar iad tar éis imscrúdú a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh na tairseacha láimhdeachais sa Rialachán CE um Chumaisc amháin oiriúnach chun gach cás a bhrath ar cheart do na húdaráis iomaíochta athbhreithniú a dhéanamh orthu; á thabhairt chun suntais cleachtais a úsáideann gnólachtaí ceannasacha chun imscrúduithe foirmiúla a sheachaint, amhail úsáid mhéadaitheach ‘comhpháirtíochtaí’ in earnáil IS, rud a thugann le fios thairis sin go bhfuil gá le hathbhreithniú ar Rialachán AE um Chumaisc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ó thuarascáil Draghi maidir le ‘cosaint nuálaíochta’ i gcásanna ina méadaíonn cumasc an cumas agus an dreasacht chun nuálaíocht a dhéanamh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcoincheap sin agus é a fhorbairt tuilleadh; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí ábhair a bhaineann le leas an phobail, amhail an tionchar ar oibrithe, san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na bacainní náisiúnta a shainaithint a d’fhéadfadh cosc a chur air margadh an Aontais a mheas mar an margadh ábhartha ina anailísí ar chumaisc; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh chun na baic sin a bhaint; ag tabhairt dá haire nach mór anailís a dhéanamh go cúramach ar an timpeallacht idirnáisiúnta agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha i gcásanna iomaíochta agus rialaithe cumasc; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige réamhbhreathnaitheach a ghlacadh maidir le comhdhlúthú san Aontas i gcás inarb iomchuí, mar a mholtar freisin i dtuarascálacha Draghi agus Letta, agus tábhacht straitéiseach agus tionchar an scála ar son na hiomaíochta agus dálaí fabhracha infheistíochta in earnálacha áirithe á gcur san áireamh chun nuálaíocht agus iomaíocht fhadtéarmach a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí creataí maidir le measúnú cumaisc a thabhairt cothrom le dáta chun réaltachtaí an gheilleagair dhigitigh a léiriú, inar féidir cumhacht mhargaidh a léiriú ar bhealaí eile seachas an sciar traidisiúnta den mhargadh i margaí atá sainithe go soiléir; ag tacú le hardmhodheolaíochtaí a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar cheannasacht sonraíbhunaithe agus ar éifeachtaí gréasáin, agus béim á leagan ar an ról ríthábhachtach atá ag rogha na dtomhaltóirí maidir le seirbhísí agus gléasanna digiteacha a roghnú; ag spreagadh an Choimisiúin chun feabhas a chur ar shásraí lena gcumasaítear idir-inoibritheacht idir seirbhísí agus gairis, lena gcothaítear nuálaíocht agus iomaíocht san éiceachóras digiteach; ag tathant ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh go pras maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí idir-inoibritheachta atá ann cheana le haghaidh seirbhísí teachtaireachtaí faoi DMA, na hoibleagáidí idir-inoibritheachta atá ann cheana do sholáthraithe néalríomhaireachta faoin nGníomh um Shonraí agus tús a chur leis an obair ar an athbhreithniú ar DMA do mhí na Bealtaine 2026; ag tathant ar an gCoimisiún oibleagáidí idir-inoibritheachta atá ann cheana faoi DMA a chur chun feidhme agus féachaint le hoibleagáidí idir-inoibritheachta a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne; ag tacú leis an gCoimisiún leis an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann don iomaíocht a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chumaisc ina mbeadh sé d’éifeacht ag leathnú ar mhargaí cóngaracha ceannas an mhargaidh i gcroí-mhargadh na cuideachta éadála a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar imscrúduithe in aghaidh trustaí atá rófhada ar lena linn a leanann cuideachtaí de thairbhe a bhaint as a gcleachtais fhrithiomaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún teorainneacha ama iomchuí a leagan síos do chásanna in aghaidh trustaí agus a áirithiú go leanfar go héifeachtach le cinntí arna ndéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta idirlinne breise a ghlacadh chun deireadh a chur le haon chleachtas lena ndéanfaí díobháil thromchúiseach don iomaíocht, go háirithe i ndáil le margaí dinimiciúla atá ag forbairt go tapa amhail margaí digiteacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartais earnála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dá bhreithiúnas cinniúnacha ón gCúirt Bhreithiúnais i mí Mheán Fómhair 2024 lena ndeimhnítear dearbhú an Choimisiúin gur Státchabhair neamhdhleathach é an comhaontú cánach idir Éire agus Apple agus gur bhain Google mí-úsáid as a cheannasacht de shárú ar na Conarthaí; a aithint go bhfuil athrú tagtha ar an gcreat dlíthiúil in Éirinn ó shin; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint den bhrú síos ar mhí-úsáidí Státchabhrach lena mbaineann deonú roghnaíoch buntáistí cánach do chuideachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire éifeacht dhíobhálach na hiomaíochta idirnáisiúnta cánach; á mheabhrú go dtacaíonn sí le cur chun feidhme Cholún a Dó den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE); á chur in iúl gur oth léi go mór Ordú Feidhmiúcháin Uachtaránachta na Stát Aontaithe an 20 Eanáir 2025 lena ndearbhaítear nach bhfuil ‘aon fheidhm ná éifeacht ag comhaontú cánach domhanda ECFE laistigh de na Stáit Aontaithe’; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-iltaobhachas chun a áirithiú go n-íocfaidh cuideachtaí ilnáisiúnta a gcion cothrom cánachais i gcás ina gcruthaítear luach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Aontas seasamh go hiomlán le Treoir Cholún a Dó de chuid ECFE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur béim ar chomhchruinnithe margaidh ar ábhar imní iad i margaí digiteacha éagsúla, amhail na meáin shóisialta, innill chuardaigh, IS, ríomhthráchtáil, micrishliseanna agus fógraíocht ar líne; á chur i bhfios go láidir an tionchar diúltach iarbhír agus féideartha ar iomaíochas an Aontais, ar athléimneacht na slabhraí soláthair, ar shaoirse na meán, ar phríobháideachas agus ar chosaint sonraí, ar an tsochaí agus ar an daonlathas; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach le margadh na teicneolaíochta, lena n-áirítear cumhacht bhonneagair i sraitheanna crua-earraí agus néalríomhaireachta, comhchruinniú ingearach, cúbláil algartamach ar an réimse poiblí digiteach agus giaráil margaidh i margaí digiteacha, mar a léirítear leis an dul chun cinn a rinneadh faoi DMA; á iarraidh, ina theannta sin, go gcuirfí tús le himscrúduithe nua ar earnáil na néalseirbhísí chun iomaíocht chóir agus nuálaíocht a áirithiú tuilleadh, agus méid chomhchruinniú margaidh san earnáil sin agus cleachtais fhrithiomaíocha a bhaineann le téarmaí ceadúnaithe casta agus neamh-thrédhearcacha nó cuachadh éigeantach á gcur san áireamh; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, aghaidh a thabhairt ar chomhchruinniú ingearach méadaitheach na ngníomhaithe ceannasacha ar fud an tslabhra luacha fógraíochta, rud a chuireann earnáil fógraíochta ar líne san Aontas i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil forbairt thapa á déanamh ar sheirbhísí IS, a bhféadfadh comhchruinniú margaidh a bheith mar thoradh air; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige éiceachórasach a ghlacadh i leith na hearnála sin, lena n-áirítear trí theoiricí nua díobhála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na gníomhaithe ceannasacha san earnáil sin a bheith daingnithe tuilleadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil roinnt forálacha in DMA nach mór a úsáid chun cosc a chur ar gheatóirí srian a chur le forbróirí IS atá ag teacht chun cinn, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go pras chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go gcuirfí iallach ar thomhaltóirí seirbhísí IS réamhchinntithe a úsáid ar a ngléasanna móibíleacha, rud lena n-áiritheofar go leanfaidh córais IS de bheith inroghnaithe ag an úsáideoir agus trédhearcach, agus ar an gcaoi sin iomaíocht agus rogha tomhaltóirí a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí IS giniúnach a chur leis mar chroísheirbhís ardáin nua faoi DMA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáideann gníomhaithe móra digiteacha a gcumhacht mhargaidh, a gcumhacht ar thomhaltóirí, a n-acmhainní airgeadais agus a gcomhchruinniú sonraí i margadh amháin chun a seasamh i margadh eile a ghiaráil; á chur i bhfáth nach féidir le gníomhaithe beaga dul in iomaíocht leis na tosca thuasluaite, rud a fhágann go bhfuil saoránaigh an Aontais níos spleáiche fós ar an líon beag céanna cuideachtaí neamh-AE agus go gcuirtear neamhspleáchas straitéiseach i mbaol; á iarraidh go ndéanfaí grinnscrúdú méadaithe ar ghníomhaithe ceannasacha san earnáil dhigiteach a bhaineann tairbhe as a seasamh in earnálacha eile agus ar uathriail straitéiseach an Aontais, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le cumaisc chun a áirithiú gur féidir grinnscrúdú níos éifeachtaí a dhéanamh ar ghiaráil margaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sonraí agus uirlisí anailísíochta sonraí mar cheann de na tosca díspreagtha do chomhchruinnithe agus éadálacha sa mhargadh digiteach san earnáil dhigiteach; á iarraidh go dtabharfadh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuairim uaidh i gcás comhchruinnithe a bhaineann le hoibreoir amháin nó níos mó in earnálacha digiteacha maidir le hábharthacht na dtacar sonraí don chomhchruinniú atá beartaithe, leis na sonraí pearsanta, leis na próisis le haghaidh aimsiú targaide agus leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhchruinniú beartaithe ar na cearta chun príobháideachas agus chun sonraí a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as sásraí praghsála dinimiciúla ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint le bearta rialála i gcoinne modhanna praghsála atá thar a bheith oiriúnaitheach agus teimhneach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí na rialacha iomaíochta uile a fhorfheidhmiú go díograiseach, lena n-áirítear an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha agus DMA, chun dul i ngleic le cleachtais gheatóra agus chun margaí inchoimhlinte agus iomaíocht chóir a chothú; á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún foireann leordhóthanach a bheith aige le haghaidh forfheidhmiúcháin, agus ag tabhairt dá haire gur féidir le huirlisí nua, chomh maith le heolaithe agus eacnamaithe a eascraíonn as disciplíní éagsúla, oibriú chun forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, gur cheart DMA a chur i bhfeidhm go dian agus go neamhspleách, gan an bonn a bhaint ó bhrúnna seachtracha; á chur i bhfáth nár cheart DMA agus fíneálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a úsáid mar shlis mhargála maidir le pléití ar tharaifí, ach mar bhunchloch d’iarrachtaí an Aontais chun margaí digiteacha atá cothrom agus iomaíoch a áirithiú; ag cur sonrú sna sé nós imeachta neamhchomhlíontachta a seoladh i gcoinne roinnt geatóirí ainmnithe; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di moilleanna a d’fhéadfadh a bheith ar imscrúduithe criticiúla agus cumas an Choimisiúin a n-oibleagáidí ‘go ndéanfar a ndícheall’ a urramú agus cinneadh a dhéanamh maidir le nósanna imeachta neamhchomhlíonta gan moill mhíchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ilroinnt in go leor margaí tomhaltóirí, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, teileachumarsáid agus fuinneamh teaghlaigh, agus á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú margaidh níos tapúla agus níos fearr i gcás ina mbeidh tairbhí ann do thomhaltóirí agus d’aitheantas gur féidir leis an gcomhtháthú margaidh sin borradh a chur faoin infheistíocht agus nuálaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios gur cúis imní di an comhchruinniú ard sna hearnálacha miondíola, talmhaíochta agus mótarfheithiclí i gcríocha thar lear trína gcuireann praghsanna iomarcacha arna leagan síos ag gnóthais cheannasacha ar tháirgí agus seirbhísí bunriachtanacha leis an neamhionannas, leis an éiginnteacht agus leis na héagothromaíochtaí críochacha; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a sheoladh ar mhí-úsáidí ceannasachta a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 102 CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an leibhéal ard comhchruinnithe margaidh san earnáil airgeadais Eorpach, chomh maith lena róspleáchas leanúnach ar líon teoranta soláthraithe seirbhíse neamh-AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil sciar os cionn 90 % den mhargadh fós ag na trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa is mó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhchruinniú ard leanúnach i margadh iniúchóireachta na n-eintiteas leasa phoiblí (PIE), agus ceithre ghnólacht ag a bhfuil formhór mór ioncam an Aontais le haghaidh iniúchtaí ar eintitis leasa phoiblí, rud a chuireann teorainn le rogha agus riosca gabhála maoirseachta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a thíolacadh maidir le roghanna chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thairiscintí poiblí le haghaidh saineolas ó rannpháirtithe sa mhargadh iniúchóireachta ionas go seachnófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim praghsanna bia agus ag tabhairt dá haire, ina leith sin, na leibhéil arda de chomhchruinniú margaidh i slabhraí soláthair bia; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún anailís chríochnúil a dhéanamh go práinneach ar fhairsinge agus éifeacht comhghuaillaíochtaí ceannaigh, agus ar an gcaoi sin aird ar leith a dhíriú ar iomaíocht chóir agus ar níos mó trédhearcachta a ráthú i gcleachtais tráchtála slabhraí ollmhargaí agus hipearmhargaí, go háirithe i gcás ina ndéanann cleachtais den sórt sin difear do luach branda agus rogha táirgí nó ina gcuireann siad teorainn leis an nuálaíocht nó le hinchomparáideacht praghsanna; á mheabhrú, i bhfianaise an mhéid sin, go bhfuil comhchruinniú margaidh i dtrádáil agra-tráchtearraí ina bhfuil formhór mór na trádála domhanda barr i gceithre chuideachta; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, gur fhormheas an Coimisiún cumasc Bunge-Viterra 2024 (M.11204) go coinníollach in ainneoin ábhair imní maidir le hiomaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar charnadh iomarcach cumhachta i lámha roinnt gníomhaithe móra sa mhargadh sin, chun seasamh margála feirmeoirí agus tomhaltóirí araon a neartú; á thabhairt chun suntais cur chun feidhme na hUirlise Nua Iomaíochta sa chomhthéacs sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur sonrú i nglanbhrabúis arda bhainc an Aontais le linn na tréimhse boilscithe sin, arb é cur ar aghaidh moillithe an ghéaraithe thapa ar an mbeartas airgeadaíochta le rátaí taiscí ba chúis leis den chuid is mó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ceannasacht ag dhá scéim cártaí idirnáisiúnta i margadh íocaíochtaí an Aontais, agus go bhfuil siad rannpháirteach i gcleachtais a neartaíonn agus a leathnaíonn a gceannasacht ar an margadh sin, rud a d’fhéadfadh bacainní ar iontráil a mhéadú tuilleadh agus bac a chur ar nuálaíocht fhadtéarmach<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: ‘Íocaíochtaí digiteacha san Aontas Eorpach – Dul chun cinn déanta chun iad a dhéanamh níos sábháilte, níos sciobtha agus níos saoire in ainneoin bearnaí a bheith ann fós’, an 9 Eanáir 2025, https://www.eca.europa.eu/ECAPublications/SR-2025-01/SR-2025-01_EN.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>, chomh maith le costais níos airde a bheith ann do ghnólachtaí an Aontais agus, ar deireadh, do thomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí cinntitheacha a dhéanamh, agus béim á leagan ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Táillí Idirmhalartaithe (Rialachán (AE) 2015/751) chun dul i ngleic leis an méadú suntasach ar tháillí scéime cártaí a ghearrann scéimeanna idirnáisiúnta cártaí agus chun timpeallacht mhargaidh atá cothrom, iomaíoch agus trédhearcach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht na Parlaiminte </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh baint leordhóthanach ag an bParlaimint le beartas iomaíochta a mhúnlú; ag tabhairt rabhadh i gcoinne róspleáchas ar ionstraimí dlí bhoig, amhail treoir agus creataí sealadacha, ina bhfuil rannpháirtíocht na Parlaiminte teoranta; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun caibidlíochta le haghaidh comhaontú idirinstitiúideach maidir le beartas iomaíochta chun a thosaíochtaí forfheidhmiúcháin chuig Parliamint a chur ar bhonn foirmiúil; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach go ndéanfaí cinneadh a ghlacadh faoin Airteagal 48(7) CAE lena gceadaítear gníomhartha reachtacha a ghlacadh i réimse an bheartais iomaíochta i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach; á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint a bheith níos rannpháirtí i ngníomhaíocht meithleacha agus i ngrúpaí saineolaithe sa Ghréasán Idirnáisiúnta Iomaíochta agus in ECFE mar bhreathnóir, agus freisin sa Ghrúpa Ardleibhéil maidir le DMA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin freagrach, agus ar an gCoimisinéir freisin atá i bhfeighil ar an mbeartas iomaíochta dlúth-theagmháil a choinneáil ar bun le coiste inniúil na Parlaiminte agus lena grúpa oibre um shaincheisteanna iomaíochta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>