<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0120</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cearta toghcháin shaoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0090/2025 -  Rapóirtéir: Sven Simon)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2025 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le cearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú) (09789/2024 – C10-0001/2024– 2021/0372(CNS))</STRING></TI><NOTE>(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán athnuaite – athmhúnlú)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht ón gComhairle (09789/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0732),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 14 Feabhra 2023<FOOTNOTE><FIELD>IO C 283, 11.8.2023, lch. 76.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 22(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C10-0001/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha reachtacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir dar dáta an 8 Samhain 2022 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla i gcomhréir le Riail 113(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 113 agus 84 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0090/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an dréachta ón gComhairle arna oiriúnú do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór nach raibh baint ag an gComhairle, cé go bhfuil Airteagal 22(2) CFAE á chomhlíonadh go foirmiúil aici, le substaint na tuairime ón bParlaimint ar aon bhealach fiúntach; á chur i bhfios go léirítear leis an gcleachtas sin treocht níos leithne le blianta beaga anuas, agus gur dhiúltaigh an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach comhoibriú ar bhealach cuiditheach agus de mheon macánta i roinnt nósanna imeachta reachtacha speisialta atá ar feitheamh; ag meabhrú na moltaí atá i dtuarascáil uaithi an 13 Nollaig 2023, agus á iarraidh arís ar an gComhairle agus ar an gComhairle Eorpach comhoibriú ar bhealach cuiditheach chun teacht ar réitigh bheartais a fheidhmíonn chun leasa shaoránaigh na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici a togra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>