<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0122</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceantair thuaithe san Aontas a neartú tríd an mbeartas comhtháthaithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0092/2025 -  Rapóirtéir: Denis Nesci)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2025 ar cheantair thuaithe san Aontas a neartú tríd an mbeartas comhtháthaithe (2024/2105(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The long-term vision for the EU’s rural areas</STRING>: <STRING ITALIC="on">key achievements and ways forward’</STRING> [An fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais: na príomhéachtaí agus na bealaí chun cinn] (COM(2024)0450).
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le réigiúin teorann an Aontais: saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 114.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Bealtaine 2025 maidir leis an 9ú tuarascáil ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0098.</FIELD></FOOTNOTE>:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 15 Márta 2023 maidir le spriocanna agus uirlisí chun ceantair chliste a dhéanamh de cheantair thuaithe na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C 188, 30.5.2023, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 1 Nollaig 2022 maidir leis an tacaíocht a thugtar, faoin mBeartas Comhtháthaithe, do réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste geografach agus déimeagrafach a fheabhsú (Airteagal 174 CFAE)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 79, 2.3.2023, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 39, 174, 175 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240<FOOTNOTE><FIELD> IO L 166, 11.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/694/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gCód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 74, 14.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/240/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 4 Aibreán 2017 maidir le mná agus a róil i gceantair thuaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 298, 23.8.2018, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 37.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 maidir le fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais – i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimneacha agus níos rathúla faoi 2040<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.05.2023, lch. 35.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le tallann a chur chun tairbhe i réigiúin na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4225, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4225/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 maidir leis an 9ú Tuarascáil ar an gComhtháthú (COM(2024)0149),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A long-term Vision for the EU's Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimneacha agus níos rathúla faoi 2040] (COM(2021)0345),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Vision for Agriculture and Food – Shaping together an attractive farming and agri-food sector for future generations’</STRING> [Fís don Talmhaíocht agus don Bhia – Earnáil feirmeoireachta agus agraibhia tharraingteach a mhúnlú le chéile do na glúnta atá le teacht] (COM(2025)0075),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Putting people first, securing sustainable and inclusive growth, unlocking the potential of the EU’s outermost regions’</STRING> [Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas] (COM(2022)0198),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt (COM(2021)0141),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 maidir le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh (COM(2020)0241),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar uaine ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 maidir le haosú – dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúnta (COM(2021)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’</STRING> [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives’</STRING> [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Soil Strategy for 2030 – Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate’</STRING> [Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 – Sochar a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid] (COM(2021)0699). 2
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus maidir le cearta Daoine Eile atá ag obair i gCeantair Thuaithe, a ghlac an Chomhairle um Chearta an Duine an 28 Meán Fómhair 2018,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ginearálta Uimh. 34 (2016) ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú maidir le cearta na mban tuaithe, a glacadh an 7 Márta 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais ar an talmhaíocht orgánach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar arna choimisiúnú ag Coiste na Parlaiminte um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of the European Farming Model: Socio-economic and territorial implications of the decline in the number of farms and farmers in the EU’</STRING> [A bhfuil i ndán do shamhail feirmeoireachta na hEorpa: impleachtaí socheacnamaíocha agus críochacha an laghdaithe ar líon na bhfeirmeacha agus na bhfeirmeoirí san Aontas], a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe i mí Aibreáin 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach de chuid an Aontais chun slándáil bia a áirithiú laistigh den Aontas agus lasmuigh de i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 361, 20.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha ceantar tuaithe, sléibhtiúil agus iargúlta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 11, 13.1.2020, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Lúnasa 2019 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Evaluation of the impact of the CAP on generational renewal, local development and jobs in rural areas’</STRING> [Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athnuachan ó ghlúin go glúin, ar an bhforbairt áitiúil agus ar phoist i gceantair thuaithe]<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, ADE s.a, CCRI, OIR, Micha, E. et al., <STRING ITALIC="on">Evaluation of the impact of the CAP on generational renewal, local development and jobs in rural areas </STRING>[Meastóireacht ar thionchar CBT ar an athnuachan ó ghlúin go glúin, ar an bhforbairt áitiúil agus ar phoist i gceantair thuaithe] – Tuarascáil chríochnaitheach, Oifig na bhFoilseachán, 2019, https://data.europa.eu/doi/10.2762/364362.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 26 Eanáir 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A long-term vision for the EU’s rural areas’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais],<FOOTNOTE><FIELD> IO C 270, 13.7.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 19 Feabhra 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">How post-27 LEADER and CLLD programming could contribute to better implementation of the long-term vision for the EU’s rural areas’</STRING> [An clár le haghaidh LEADER agus le haghaidh na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i ndiaidh 2027: an chaoi a bhféadfadh an clár sin rannchuidiú le cur chun feidhme feabhsaithe na físe fadtéarmaí le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais]<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1703, 26.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1703/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Long-term Vision for the EU’s Rural Areas’</STRING> [Fís fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 290, 29.7.2022, lch. 137.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an athnuachan ó ghlúin go glúin ar fheirmeacha an Aontais amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2658, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2658/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta ar a bhfuil i ndán don mhargadh aonair, arna foilsiú i mí Aibreáin 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a d’iarr an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach sa Pharlaimint dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU Cohesion Policy in non-urban areas’</STRING> [Beartas Comhtháthaithe an Aontais i gceantair neamhuirbeacha], a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe i mí Mheán Fómhair 2020,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú maidir lena bhfuil i ndán do cheantair thuaithe agus don bheartas forbartha tuaithe san Aontas Eorpach, arna ghlacadh ag Grúpa Comhordaithe an Chomhshocraithe um an Tuath an 12 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0092/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, faoi láthair, go bhfuil 137 milliún saoránach Eorpach – beagnach duine as gach triúr – ag maireachtáil i gceantair thuaithe, arb ionann iad agus tuairim is 83 % de chríoch an Aontais; de bhrí go bhfuil an tríú cuid de phobal na gceantar tuaithe ag maireachtáil i réigiún teorann; de bhrí go bhfuil 77 % den talamh a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta (134 mhilliún heicteár) agus 79 % de na foraoisí (148 milliún heicteár) suite i gceantair thuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir Eurostat, gurb ionann an meánioncam i gceantair thuaithe agus 87,5 % den mheánioncam i gceantair uirbeacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí fós ann sa chistiú ón mbeartas comhtháthaithe idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe, agus a thrí oiread níos mó cistithe comhtháthaithe á fháil ag ceantair uirbeacha ná ceantair thuaithe<FOOTNOTE><FIELD> Coiste Eorpach na Réigiún, Tuarascáil bhliantúil an Aontais, 2024 – Staid na réigiún agus na gcathracha, an 7 Deireadh Fómhair 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, ó bhí 1991 ann, i gceantair thuaithe, atá modh LEADER, a cumhdaíodh ina dhiaidh sin le hionstraim beartais na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (CLLD) trí ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla (LAGs), ag léiriú go bhfuil sé d’acmhainn aige gníomhaithe áitiúla a ghríosú agus a chumhachtú trí bhíthin straitéisí nuálacha agus saincheaptha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil ceantair thuaithe ina mbunchloch de gheilleagar na hEorpa, agus gur iontu atá a lán de ‘Sheoda ceilte na hEorpa’, agus gur cuid bhunriachtanach iad d’éagsúlacht chultúrtha na hEorpa; de bhrí go bhfuil siad bunriachtanach do tháirgeadh bia agus do shlándáil an tsoláthair bia, óir is iontu a chaomhnaítear ár dtírdhreacha, oidhreacht bheo ár dtuaithe, agus ár dtraidisiúin shóisialta agus chultúrtha; de bhrí go bhfuil ról lárnach acu maidir le huathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn trí earnáil na talmhaíochta, rud atá fós ina thosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais; de bhrí go bhfuil ceantair thuaithe ina léiriú ar a lán de na gnéithe a fhágann an Eoraip a bheith ina hilchríoch tarraingteach inar féidir maireachtáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur féidir, trí theangacha mionlaigh a chur chun cinn, an fheasacht ar shainiúlachtaí áitiúla a fheabhsú, agus fós tarraingteacht na turasóireachta a mhéadú agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le cultúr, oideachas, ceardaíocht agus táirgí traidisiúnta a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, le linn phaindéim COVID-19, gur tugadh athrú sa dearcadh i measc an phobail chun suntais, a aithníonn go bhféadfadh ceantair thuaithe a bheith ina réiteach ar na dúshláin arna n-eascairt as géarchéimeanna trí thimpeallacht mhaireachtála níos sábháilte, níos inbhuanaithe agus níos iontaofa a thabhairt chun fíoraithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach féidir cistí an bheartais comhtháthaithe, agus iad sin amháin, freagairt ar riachtanais mhéadaitheacha ceantar tuaithe san Aontais nár ar na dúshláin mhéadaitheacha atá le sárú acu; de bhrí nach mór breis sineirgí agus comhlántachtaí le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), a áirithiú chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag infheistíochtaí i gceantair thuaithe, agus fós nuachóiriú na talmhaíochta agus forbairt seirbhísí bunriachtanacha agus bonneagar bunriachtanach a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go n-úsáidtear os cionn 40 % den talamh i gceantair thuaithe don talmhaíocht ach gurb amhlaidh mar sin féin, ar an drochuair, atá laghdú tagtha ar rannchuidiú na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh le ceantair thuaithe, ó thaobh an gheilleagair agus na fostaíochta de, go 12 % de na poist uile agus 4 % den oll-bhreisluach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go luaitear sa staidéar ar a bhfuil i ndán do shamhail feirmeoireachta na hEorpa go bhféadfadh an tAontas 6,4 milliún feirm a chailleadh faoi 2040, agus laghdú ann ó 10,3 milliún in 2016 go 3,9 milliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagail 174, 175 agus 349 CFAE, atá sé d’aidhm ag an Aontas na bearnaí forbartha idir na réigiúin éagsúla a laghdú agus a bheartais a chomhordú, lena n-áirítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid chun cuspóirí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a bhaint amach, agus béim ar leith á cur ar cheantair thuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nach mór na réigiúin uile leanúint de bheith incháilithe do chistiú faoin mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, fiú réigiúin láidre a bhfuil dúshláin claochlaithe shuntasacha le sárú acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil tuiscint níos doimhne ag gníomhaithe réigiúnacha ar na tionscadail ar cheart tosaíocht a bheith acu ar thionscadail eile agus tacaíocht á tabhairt trí chistí comhtháthaithe, rud lena n-áiritheofaí go leithdháilfí acmhainní sa dóigh go bhfreastalófaí ar riachtanais shonracha a gcríoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí gur cheart cistí sin an bheartais comhtháthaithe do cheantair thuaithe a shimpliú tuilleadh chun ualaí riaracháin a laghdú, ní hamháin do na tairbhithe deiridh ach do na húdaráis ábhartha freisin, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú freisin le rátaí ionsúcháin méadaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha agus struchtúracha le sárú ag ceantair thuaithe go háirithe, amhail aosú, bánú, imirce daoine oilte, neamhionannas méadaitheach idir fir agus mná, éagothromaíochtaí le ceantair uirbeacha, athruithe struchtúracha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta, iarmhairtí tubaistí nádúrtha, praghsanna fuinnimh agus iompair a bheith ag dul i méid, easpa seirbhísí agus bonneagair, go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine faoi mhíchumas, tionchar na ndúshlán sin ar na leibhéil ioncaim agus ar mhargadh an tsaothair, agus ráta dífhostaíochta níos airde ann dá réir, agus bearna dhigiteach atá de shíor ina bearna mhór;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil na dúshláin dhéimeagrafacha i ndaonra feirmeoireachta an Aontais thar a bheith géar, agus formhór na bhfeirmeoirí os cionn 50 bliain d’aois;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, chun ceantair thuaithe a theannadh le chéile go dlúth, a chaithfear bearta agus tionscnaimh a ghlacadh atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, trí chabhrú freisin le daoine óga agus le tuismitheoirí cothromaíocht a bhaint amach idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na bpobal sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach cheana ag ceantair thuaithe na hEorpa agus ag feirmeoirí na hEorpa san aistriú aeráide, ós iad is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, agus de bhrí, a bhuí lena n-iarrachtaí, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar chuid de dhrochthionchar na talmhaíochta ar an gcomhshaol thar na blianta; de bhrí gur tháinig laghdú suntasach 24 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa earnáil talmhaíochta an Aontais idir 1990 agus 2021 agus gur inti a tháirgtear 72 % den fhuinneamh in-athnuaite agus go bhfuil 78 % den acmhainneacht atá ag baint léi fós gan saothrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach ndéanann athruithe déimeagrafacha difear do na tíortha agus na réigiúin uile ar an gcuma chéanna, ach go mbíonn tionchar níos mó acu ar réigiúin bheagfhorbartha, toisc go bhfágann siad gur measa na míchothromaíochtaí críochacha agus sóisialta atá ann cheana; de bhrí nach mór teacht ar réitigh ar na míchothromaíochtaí réigiúnacha agus ar luas míchothrom an dlúthaithe idir na réigiúin, a bhfuil cuid acu fós i sáinn forbartha; de bhrí gur gá aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin bheagfhorbartha, agus tacaíocht shonrach a thabhairt dóibh, mar is amhlaidh i gcás cheantair thuaithe an Aontais agus na réigiún is forimeallaí, mar gheall ar a saintréithe sonracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar sciar foriomlán an daonra atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ar leibhéal an Aontais le 50 bliain anuas, go háirithe mar gheall ar aosú agus eisimirce; de bhrí gur i gceantair thuaithe atá an sciar is airde de dhaoine atá os cionn 65 bliana d’aois<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad Inmheánach Oibre SWD(2023)0021.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, in 2033, go meastar go mbeidh laghdú 30 milliún tagtha ar dhaonra cheantair thuaithe na hEorpa i gcomparáid le 1993;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcuireann an easpa rochtana, nó an rochtain theoranta, ar chúram sláinte, ar sheirbhísí uisce, ar thithíocht inacmhainne, ar iompar, ar bhonneagar digiteach, ar oideachas, ar sheirbhísí airgeadais agus ar ghníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúrtha, smál ar an gcáil atá ar réigiúin, agus go háirithe réigiúin thuaithe, réigiúin teorann, réigiúin intíre, réigiúin trasteorann, réigiúin shléibhtiúla, réigiúin oileánda, agus na réigiúin is forimeallaí, as a bheith ina n-áiteanna inar féidir maireachtáil agus oibriú, go háirithe do mhná, daoine óga, pobail atá ag dul in aois agus mionlaigh; de bhrí go ndéanann an easpa nascacht réigiúnach ó thaobh iompair agus bonneagar digiteach de difear ar leith do cheantair trasteorann; de bhrí go ndéanann an easpa deiseanna fostaíochta cobhsaí an-difear do cheantair thuaithe, rud a chuireann iallach ar dhaoine óga, go háirithe mná, dul ar imirce;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag infhaighteacht agus cáilíocht an uisce maidir le slite beatha tuaithe atá cothrom, inbhuanaithe agus táirgiúil a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur cheart díriú níos mó ar bhearta coisctheacha chun athléimneacht cheantair thuaithe na hEorpa i gcoinne tubaistí nádúrtha a neartú; de bhrí go bhfuil cur chuige comhtháite i leith bainistiú acmhainní uisce bunriachtanach chun tuilte a chosc agus chun dul i ngleic le triomach, go háirithe trí úsáid chomhleanúnach a bhaint as cistí de chuid an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gurb iad na ceantair thuaithe sin in oirthear na hEorpa, i ndeisceart na hEorpa agus i Meánmhuir na hEorpa is mó a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus go bhfuil dúshláin shonracha le sárú iontu a bhaineann le gaineamhlú, le dóiteáin foraoise, leis an athrú aeráide agus na rioscaí neamhshiméadracha atá ag roinnt leis, le teirce acmhainní uisce agus le bonneagar lag, ar gá cur chuige spriocdhírithe a ghlacadh ina leith faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur i gceantair thuaithe atá formhór bhithéagsúlacht an Aontais, ach gur dona i gcónaí stádas caomhantais gnáthóg agus speiceas faoi chosaint agus go leanann sé de bheith ag dul i léig mar gheall ar an athrú aeráide agus ar dhíghrádú na hithreach agus cháilíocht an uisce, agus tionchar diúltach aige sin ar acmhainní nádúrtha; de bhrí go bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha tromchúiseacha ag cailliúint na bithéagsúlachta d’earnáil na talmhaíochta agus go ndéanann sí difear diúltach do tharraingteacht na turasóireachta tuaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfágann an t-aistriú chuig fuinneamh glan, éagsúlú an gheilleagair agus leathnú foinsí fuinnimh in-athnuaite deiseanna suntasacha a bheith ann do réigiúin thuaithe agus réigiúin bheagfhorbartha, rud a chuireann ar a gcumas leas a bhaint as a n-acmhainní nádúrtha agus a mbuntáistí geografacha agus a chuirfidh ar a gcumas a n-acmhainneacht iomlán a shaothrú chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gurb iad na ceantair sin is mó atá buailte ag bánú, agus de bhrí gurb é an t-ógra go príomha a bhíonn ag fágáil na gceantar sin mar gheall ar easpa post agus mar gheall ar dhroch-ionchais ghairme, rud a fhágann an tuath a bheith á tréigean agus líon na ndaoine scothaosta a bheith ag dul i méid agus baol níos mó a bheith ann go mbeidh imeallú sóisialta ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur i gceantair thuaithe atá an sciar is airde (12,6 %) de dhaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil bhliantúil an Aontais Eorpaigh, 2024, ar staid na réigiún agus na gcathracha.</FIELD></FOOTNOTE> nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil an athnuachan ó ghlúin go glúin ar cheann de naoi bpríomhchuspóir CBT;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go dtéann feirmeacha, feirmeacha déiríochta, saothraithe fíniúna agus táirgeoirí ola olóige ar fud na hEorpa as gnó gach lá, agus gur beag líon na bhfeirmeacha den sórt sin atá á mbainistiú ag feirmeoirí atá faoi bhun 35 bliana d’aois; de bhrí go bhfágann spriocanna uaillmhianacha an aistrithe ghlais deiseanna agus rioscaí a bheith ann i leith an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, agus i leith thalmhaíocht na hEorpa freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an gcaoi a dtáirgimid bia, gur múnlaíodh na tírdhreacha ar de dhlúth agus d’inneach na hEorpa iad; de bhrí go gcothaítear táirgeadh bia ar ardchaighdeán i gceantair thuaithe bhríomhara, rud a thacaíonn, dá réir sin, lena ngeilleagar; de bhrí go mbeidh sé bunriachtanach borradh a chur faoi na naisc sin idir an bia agus an chríoch agus ceantair thuaithe a athbheochan chun an tsúil aniar a thabhairt don fheirmeoireacht san Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach go mbeidh beartas comhtháthaithe láidir ann chun cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal an ‘chirt fanachta’ a ráthú i gceantair thuaithe, ar ina leith is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar a lán leibhéal, lena n-áirítear trí chobhsaíocht eacnamaíoch a chothú agus bánú a chosc; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar thacar bunúsach earraí agus seirbhísí poiblí a áirithiú do na saoránaigh uile, go háirithe do dhaoine óga, gan beann ar cá háit a maireann siad; de bhrí gur gá, chun na críche sin, infheistíocht spriocdhírithe i mbonneagar, i seirbhísí, san oideachas agus sa nuálaíocht a chur chun cinn;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The long-term vision for the EU’s rural areas</STRING>: <STRING ITALIC="on">key achievements and ways forward’</STRING> [An fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais: na príomhéachtaí agus na bealaí chun cinn] agus á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis na cuspóirí uileghabhálacha atá inti;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sna 4 réimse beartais atá ina mbonn leis an bhfís i leith na tuaithe agus an 30 ghníomhaíocht a chuimsítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an Tuath; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an-bhéim a leagan ar chur chun feidhme an phlean úd;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag na ceantair thuaithe i ndáil le samhlacha eacnamaíocha agus eagrú sóisialta agus críochach na mBallstát éagsúil a mhúnlú, go háirithe ós iad cliabhán an táirgthe talmhaíochta agus bia iad, ach, chomh maith leis sin, toisc gur iontu a chaomhnaítear oidhreacht chultúrtha agus tírdhreacha atá thar a bheith luachmhar; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil tuiscint ann go fóill ar a thábhachtaí atá siad ná nach dtugtar cistiú leormhaith dóibh; á chreidiúint go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas fíor-athbheochan agus athnuachan na gceantar sin a chur chun cinn, agus fós iarrachtaí breise a dhéanamh ar a chur ar a gcumas dár gceantair thuaithe na dúshláin shuntasacha fhadtéarmacha atá rompu, a bhfuil an-tionchar acu ar an iomaíochas réigiúnach agus ar an gcomhtháthú sóisialta, a shárú, chun éagsúlacht na hEorpa a chaomhnú agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh an tAontas dul chun cinn chun aimhleasa na gceantar tuaithe ná chun aimhleasa phobal na gceantar tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheas go bhfuil sé tábhachtach slabhraí soláthair gearra a fhorbairt agus úsáid scéimeanna lipéadaithe a chur chun cinn chun aitheantas a thabhairt do cháilíocht agus éagsúlacht táirgí traidisiúnta ó cheantair thuaithe; á chur i bhfáth gur féidir ról suntasach a bheith ag ceaintíní poiblí, amhail ceaintíní scoile agus ospidéil, i bhforbairt slabhraí soláthair agraibhia gearra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á aithint go bhfuil ról lárnach ag bailte beaga agus meánmhéide mar lárionaid forbartha i réigiúin tuaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bhfeidhmeanna eacnamaíocha, sóisialta agus bonneagair a neartú go sonrach, lár na gcathracha a athbheochan, leas níos fearr a bhaint as sineirgí idir ceantair thuaithe agus réigiúin mheitreapholaiteacha mhóra, agus forbairt chríochach níos cothroime a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le bearta chun bochtaineacht i gceantair thuaithe a chomhrac trí straitéisí spriocdhírithe a fhorbairt chun feabhas a chur ar an tslándáil shóisialta, deiseanna eacnamaíocha a chruthú, agus tacú le pobail atá an-leochaileach, chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról nach beag ag ceantair thuaithe maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht bhreise a dhéanamh i dtaighde agus i nuálaíocht i leith ceantair thuaithe, go háirithe i réimsí na talmhaíochta inbhuanaithe, an fhuinnimh in-athnuaite, an chlaochlaithe dhigitigh agus na réiteach soghluaisteachta nuálach, chun iomaíochas agus athléimneacht réigiún tuaithe a fheabhsú agus chun neamhthuilleamaíocht fuinnimh agus deiseanna nua fostaíochta a chruthú; ag moladh go ndéanfaí bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus dóiteáin foraoise a chosc, trí úsáid bithmhaise, arna cruinniú gan dochar a dhéanamh d’éiceachórais foraoise, a chur chun cinn freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh go leathnófaí an fuinneamh in-athnuaite i gceantair thuaithe bunaithe ar a n-acmhainneacht costais fuinnimh a laghdú i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus na pobail áitiúla; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le dreasachtaí airgeadais, bearta amhail pobail fuinnimh in-athnuaite agus próisis riaracháin shimplithe chun borradh a chur faoin neamhspleáchas fuinnimh réigiúnach agus faoin inbhuanaitheacht agus fós tionchair dhiúltacha ar tháirgeadh bia, ar infhaighteacht talún agus ar phraghsanna talún, agus ar an gcomhtháthú sóisialta freisin, a sheachaint; á iarraidh go mbeadh sásra maoinithe tiomnaithe ann chun foinsí fótavoltacha agus gaoithe, agus foinsí eile fuinnimh inathnuaite, a shuiteáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht bhreise do chaomhnú, athchóiriú agus tiontú seanfhoirgneamh, lena n-áirítear foirgnimh stairiúla, eaglaisí agus ionaid eile adhartha, hallaí spóirt agus scoileanna i gceantair thuaithe chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, ar an inbhuanaitheacht agus ar an tsábháilteacht; ag áitiú go ndéanfaí infheistíochtaí i nuachóiriú an bhonneagair phoiblí agus fós struchtúir stairiúla a chaomhnú i gcás inar féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais spriocdhírithe a chur chun cinn lena dtacaítear le hathchóiriú agus iarfheistiú fuinneamhéifeachtúil tithíochta tuaithe, dreasachtaí airgeadais do cheannaitheoirí céaduaire teaghaisí, go háirithe do dhaoine óga agus do theaghlaigh, agus forbairt tionscadal tithíochta inbhuanaithe agus inacmhainne arna gcur in oiriúint do riachtanais na bpobal áitiúil a chuireann le tarraingteacht agus athbheochan na réigiún sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Airteagail 174, 175 agus 349 CFAE a mheasúnú agus a chur chun feidhme ina n-iomláine chun an bhearna forbartha i measc na réigiún a dhúnadh, lena n-áirítear i ndáil le bonneagar, agus féachaint chuige nach é amháin go ndéanfar an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú’ a chur i bhfeidhm i mbeartais uile an Aontais, ach, chomh maith leis sin, go gcloífidh siad le cur chuige níos ceannasaí i leith ‘comhtháthú a chur chun cinn’ nuair is féidir, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair atá buailte go dona ag an aistriú tionsclaíoch, ag dúshláin dhéimeagrafacha agus ag bánú, agus iad siúd atá i mbaol bánaithe, amhail na réigiúin is forimeallaí, oileáin, réigiúin teorann, réigiúin trasteorann agus réigiúin shléibhteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis tuaithe a cheapadh i leith an chlársceidealaithe tar éis 2027; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gné tuaithe a ionchorprú i mbeartais ábhartha agus a chinntiú go ndéanfar forbairt eacnamaíoch agus shóisialta ceantar tuaithe a chur chun cinn mar chuid den straitéis agus acmhainní sonracha a leithdháileadh ar nuachóiriú na talmhaíochta, agus fós tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tuaithe agus gnólachtaí nuathionscanta agus slabhraí soláthair gearra a chur chun cinn chun ceantair thuaithe a dhéanamh níos nasctha, níos iomaíche, níos athléimní agus níos tarraingtí do dhaoine óga agus d’infheisteoirí, agus a áirithiú ar an gcaoi sin go ndéanfar forbairt chothrom agus inbhuanaithe san fhadtéarma agus go bhfeabhsófar an cháilíocht saoil; ag cur béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh sásra fíoréifeachtach um promhadh leas na tuaithe ann ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht na mbeartas ábhartha uile agus chun aon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith acu ar cheantair thuaithe a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gurb amhlaidh, chun a áirithiú go mbeidh ceantair thuaithe rathúil san fhadtéarma agus chun tacú le hearnáil láidir talmhaíochta chun an rathúnas sin a chaomhnú i gceantair thuaithe, atá sé bunriachtanach na sineirgí idir Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais agus Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta suaitheanta an Aontais, agus CBT a neartú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh, faoi 2027, ar chur i bhfeidhm an tsásra um promhadh leas na tuaithe maidir le beartais agus idirghabhálacha ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis na torthaí arna mbaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí spriocdhírithe agus do bhearta beartais chun tacú leis an aistriú chuig glúin nua feirmeoirí chun talmhaíocht an Aontais a nuachóiriú agus chun níos mó deiseanna a chruthú i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar ról ríthábhachtach an bheartais comhtháthaithe maidir le ceantair thuaithe a fhorbairt mar uirlis dhíláraithe, chumhachtach, don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, rud a chuireann ar chumas na réigiún uile dul i ngleic leis na dúshláin shonracha sin atá roimh an Aontas; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur cheart an beartas comhtháthaithe leanúint de bheith ina phríomhcholún de CAI tar éis 2027, agus leithdháileadh ann arna choinneáil ag íostairseach is coibhéiseach le leibhéil reatha CAI 2021-2027, rud lena n-áiritheofar go mbeidh ról bunúsach aige i ndáil le héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus maidir le hEoraip níos athléimní agus níos iomaíche a mhúnlú nach bhfágfar aon duine ar lár inti; á iarraidh go ndéanfaí an rogha atá ann acmhainní leormhaithe a sholáthar do cheantair thuaithe agus shléibhtiúla a fhiosrú sa chéad chreat beartais comhtháthaithe eile agus go gcomhlánófaí OTI ar an leibhéal réigiúnach le táscairí eile; á mheabhrú nach mór bunphrionsabail an bheartais comhtháthaithe, amhail comhpháirtíocht, rialachas il-leibhéil, cur chuige áitbhunaithe agus bainistíocht chomhroinnte, a urramú chun forbairt a chothú agus chun freastal ar riachtanais shonracha na gceantar tuaithe, agus chun na dúshláin shonracha atá rompu a shárú, agus béim ar leith á leagan ar uirlisí lena dtacaítear le fás agus forbairt inbhuanaithe agus le fostaíocht don aos óg agus do mhná, lena n-áirítear i measc íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban, agus chun feabhas a chur ar sheirbhísí agus bonneagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chreidiúint go bhféadfadh straitéisí um speisialtóireacht chliste agus um éagsúlú eacnamaíoch níos mó deiseanna a chur chun cinn i gceantair thuaithe; ag cur béim, go háirithe, ar a ríthábhachtaí atá sé coincheap na sráidbhailte cliste a chomhtháthú sa bheartas comhtháthaithe agus tacú go sainráite le forbairt sráidbhailte cliste, trí chistiú solúbtha agus cur chuige comhtháite, mar uirlis nuálach chun an cháilíocht saoil a fheabhsú agus chun ceantair thuaithe agus seirbhísí tuaithe a athbheochan tríd an nuálaíocht dhigiteach agus shóisialta agus trí thionscnaimh amhail spásanna oibre a chur chun cinn chun oibrithe, lena n-áirítear cianoibrithe, a mhealladh agus chun rannchuidiú le geilleagair áitiúla a athbheochan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag moladh go ndéanfaí tionscnaimh lena gcuirtear an inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht don fhiontraíocht tuaithe, do thurasóireacht na tuaithe agus do shamhlacha nua gnó atá bunaithe ar an nuálaíocht agus ar an digitiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndíreofar go láidir agus go hiomlánaíoch ar fhorbairt na gceantar tuaithe sa bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, i riocht is go mbeidh na tionscnaimh bheartais uile comhsheasmhach leis an sprioc atá ann éagothromaíochtaí críochacha a laghdú; á chreidiúint go bhfuil sé bunriachtanach straitéisí fadtéarmacha a cheapadh chun tacú le ceantair thuaithe, straitéisí a mbeadh prionsabal an chomhtháthaithe agus prionsabal na hinbhuanaitheachta ina mbonn leo agus trína soláthrófaí na huirlisí is gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, shóisialta agus eacnamaíocha, chun a áirithiú nach rachadh na ceantair sin i léig, ach, ina ionad sin, go mbeadh ról nach beag acu i ndáil lena bhfuil i ndán don Eoraip gan gá a bheith ann a bheith i dtaobh i gcónaí le bearta urghnácha; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún tacú le forbairt shuntasach na gceantar tuaithe sa bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, agus gealltanas a thabhairt pointí faisnéise áitiúla a chur ar bun agus deiseanna a thabhairt agus tacaíocht airgeadais a sholáthar chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit faisnéis agus dea-chleachtas ar fhéidearthachtaí cistiúcháin a mhalartú, d’fhonn tacaíocht éifeachtach a sholáthar do na húdaráis áitiúla agus cúnamh a thabhairt dóibh agus acmhainní á mbainistiú acu agus tionscnaimh forbartha á gcur chun feidhme acu; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, go bhfuil rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás réigiúnach, áitiúil agus tuaithe agus acmhainneacht riaracháin láidir ríthábhachtach chun an t-ualach riaracháin iomarcach agus na ceanglais chasta ar fhaighteoirí a laghdú agus chun cistí an bheartais comhtháthaithe a fhorfheidhmiú go héifeachtach; á thabhairt chun suntais gur cosúil go bhfuil sé deacair fós ilchistiú a dhéanamh i roinnt tíortha agus á iarraidh ar an gCoimisiún na comhlántachtaí idir CETFT agus cistí an bheartais comhtháthaithe a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéis chomhtháite Eorpach chun ceantair thuaithe a athbheochan, lena n-áirítear trí bhithcheantair a fhorbairt, agus fós a aithint go bhféadfaidís an geilleagar tuaithe a éagsúlú trí dhíriú ar bhearta fioscacha, eacnamaíocha agus sóisialta chun an daonra gníomhach a chaomhnú; ag cur béim freisin ar a luachmhaire a bheadh sé dreasachtaí a thabhairt isteach chun gairmithe sláinte, oideachais agus riaracháin phoiblí a athlonnú, agus ar a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí idir na húdaráis áitiúla agus an earnáil phríobháideach chun poist nua a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh pleananna infheistíochta críochaí comhtháite a bheith ina mbunchloch den fhorbairt réigiúinach, áitiúil agus tuaithe comtháite ach iad a leathnú agus a n-acmhainneacht iomlán a scaoileadh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé bunriachtanach ról na bpleananna infheistíochta críochaí comhtháite i gceantair thuaithe a neartú chun comhtháthú críochach a chothú, nascacht a fheabhsú agus fás eacnamaíoch cuimsitheach a spreagadh trí thacú le príomhearnálacha amhail an talmhaíocht, FBManna tuaithe, an turasóireacht agus an fuinneamh in-athnuaite; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh níos mó solúbthachta ann i gcur chun feidhme pleananna infheistíochta críochaí comhtháite, go mbeadh breis leithdháiltí airgeadais ann agus sineirgí treisithe le sásraí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear LEADER agus CLLD, príomhionstraimí chun an fhorbairt tuaithe rannpháirteach ón mbun aníos a chothú agus chun geilleagair thuaithe áitiúla bheoga agus rathúla a chaomhnú agus a athbhunú, chun go mbeadh an tionchar is mó is féidir ann agus chun páirt ghníomhach a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus don tsochaí shibhialta i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha uile an Choimisiúin measúnú tionchair chríochaigh ar a mbeartais faoi seach dhá uair ar a laghad in aghaidh na clárthréimhse; á chreidiúint go ndéanfaí, trí na meastóireachtaí sin, bonnlíne níos beaichte a bhunú agus bealaí a aithint le saintréithe na gceantar tuaithe a chomhtháthú i mbeartais an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na bearta uile lena dtacaítear leis na réigiúin tuaithe, na réigiúin intíre, na réigiúin shléibhtiúla, na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí, mar aon leis na réigiúin trasteorann agus na réigiúin ar theorainneacha seachtracha an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil teorainn acu leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin is mó atá thíos leis an gcogadh, chun suaitheadh eacnamaíoch a mhaolú agus chun a bhfuil i ndán dóibh agus a rathúnas a dhaingniú; á chur in iúl gur geal léi an Rialachán nua maidir leis an Ionstraim um Fhorbairt agus Fás sna Réigiúin Teorann (BRIDGEforEU) agus á iarraidh ar na Ballstáit é a chur chun feidhme, agus fós an comhar idir réigiúin trasteorann fheabhsú chun go bhféadfaidh barainneachtaí scála a bheith ann agus seirbhísí bunúsacha agus bonneagar á soláthar sna ceantair thuaithe lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur béim ar éagsúlacht cheantair thuaithe an Aontais, ar ina leith is gá, mar gheall ar an bhfís fhadtéarmach ina leith, teacht ar réitigh atá saincheaptha do riachtanais agus acmhainní ceantar tuaithe agus fós straitéisí fadtéarmacha ar an bhfás inbhuanaithe a threisiú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá ról iomlán a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, arb iad is fearr atá in ann na dúshláin agus na riachtanais atá ann faoi láthair ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil a shainaithint; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé samhail dhíláraithe a chaomhnú le haghaidh chlársceidealú agus cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe bunaithe ar phrionsabal na comhpháirtíochta, ar an rialachas il-leibhéil, agus ar chur chuige áitbhunaithe ón mbun aníos; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh ról láidir ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i ndáil lena áirithiú go mbeidh rochtain níos dírí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar chistí an bheartais comhtháthaithe, chun an chastacht mhaorlathach a laghdú agus chun amanna eisíocaíochta a ghiorrú, trí nósanna imeachta níos cuíchóirithe, ardáin dhigiteacha iomasacha agus tacaíocht theicniúil mhéadaithe do na tairbhithe áitiúla; á mholadh go spreagfaí úsáid scéimeanna réamh-mhaoinithe agus réamhíocaíochta i leith tionscadail bheaga i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfadh neamhéifeachtúlachtaí maorlathacha agus moilleanna ar ionsú cistí eascairt as lárú, rud a d’fhágfadh go laghdófaí éifeachtúlacht infheistíochtaí AE san fhorbairt réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais go gcaithfidh an cur chuige bainistíochta i leith bheartais forbartha na gceantar tuaithe a bheith comhordaithe, comhtháthaithe agus ilearnálach ó thaobh a chur chun feidhme de agus go bhfuil sé bunriachtanach cur chuige il-leibhéil a threisiú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta chun a áirithiú go mbeidh rath air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil an athléimneacht bunriachtanach chun a chur ar a gcumas do na húdaráis ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach dúshláin thobanna a mhaolú, oiriúnú dóibh agus téarnamh uathu, rud lena n-áiritheofar dea-bhail, slándáil agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí sciar leormhaith de chistiú an bheartais comhtháthaithe a leithdháileadh ar na réigiúin teorann agus á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfaí leibhéal níos airde neamhspleáchais do na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach (EGTCanna) maidir le tionscadail a roghnú agus cistí a úsáid, go háirithe trí GECCanna a ainmniú mar údaráis bhainistíochta i leith chláir Interreg, rud lena neartófaí a n-acmhainneacht institiúideach agus airgeadais; á mholadh, thairis sin, go dtabharfaí ról níos suntasaí do GECCanna maidir le cuspóir beartais 5 a bhaint amach, eadhon an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gcaithfear an rannpháirtíocht dhaonlathach agus pholaitiúil i gceantair thuaithe a neartú trí rannpháirteachas sibhialta gníomhach agus uirlisí digiteacha a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh lena gcothaítear próisis dhaonlathacha áitiúla chun feabhas a chur ar an aontacht idir na réigiúin uirbeacha agus na réigiúin tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheabhrú go gcaithfidh ceantair thuaithe a bheith in ann seirbhísí ardcháilíochta leasa ghinearálta a sholáthar don phobal chun feabhas a chur ar a slí mhaireachtála agus leas a bhaint as a láidreachtaí chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, ar ina leith ba cheart dóibh tacaíocht airgeadais leordhóthanach a fháil; á chur i bhfios go láidir, chun na críche sin, gur gá rochtain chomhionann a thabhairt, go háirithe do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine faoi mhíchumas, ar na seirbhísí cúraim sláinte uile, ar na seirbhísí iompair agus nascachta uile, lena n-áirítear réitigh soghluaisteachta nuálacha, ar phleananna sonracha um thithíocht inacmhainne, ar sheirbhísí uisce, ar sheirbhísí oideachais agus oiliúna, ar bhonneagar digiteach, agus ar sheirbhísí bunúsacha eile amhail seirbhísí poist agus baincéireachta, rud lena n-áiritheofar a n-inrochtaineacht agus a n-inacmhainneacht chun dálaí maireachtála cuí a ráthú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain ar chistiú a éascú, mar aon le bearta tacaíochta saincheaptha, i leith thionscnaimh sin an gheilleagair shóisialta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais áitiúla agus lena rannchuidítear leis an bhforbairt réigiúnach, agus fós an tacaíocht airgeadais arna tairiscint do FBManna tuaithe a threisiú, go háirithe trí rochtain ar acmhainní airgeadais, ar chomharchumainn agus ar shlabhraí luacha áitiúla lena gcothaítear éagsúlú eacnamaíoch a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag cur i bhfáth an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hacmhainní uisce do cheantair thuaithe agus ag tabhairt chun suntais an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha a sholáthar, faoin mbeartas comhtháthaithe agus i gcláir forbartha tuaithe, chun an líonra uisce a chothabháil agus a uasghrádú; ag moladh, go háirithe, bearta a áireamh chun sceitheadh ​​a chomhrac, éifeachtúlacht córas soláthair a fheabhsú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce i gceantair thuaithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach díriú níos mó ar bhearta coisctheacha chun athléimneacht cheantair thuaithe na hEorpa i gcoinne tubaistí nádúrtha a mhéadú; á chreidiúint go bhfuil cur chuige comhtháite maidir le bainistiú acmhainní uisce ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar chosc tuilte agus ar bhainistiú triomaigh ag an am céanna – dhá riosca atá ag dul i méid i roinnt mhaith réigiún tuaithe – laistigh den earnáil talmhaíochta agus bia araon; á admháil, ag brath ar an gcomhthéacs, gur tosaíocht é dambaí agus taiscumair a thógáil nó áiseanna atá ann cheana a uasghrádú, agus cothromaíocht á baint amach idir bonneagar tógtha agus bearta boga ar chostas réasúnta íseal, go háirithe toisc gur féidir leo a bheith ina bhfoinse fuinnimh ghlan; á thabhairt dá haire, cé go dtacaíonn an beartas comhtháthaithe le tionscnaimh sa réimse sin cheana féin, go bhfuil gá le tionscadail bhreise agus infheistíocht mhéadaithe, i gcomhréir le straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha bainistithe riosca, chun a áirithiú go mbeidh ceantair thuaithe níos ullmhaithe agus in ann teagmhais adhaimsire aeráide a sheasamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur i bhfáth an bhagairt atá ag dul i méid ó rioscaí aeráide amhail tubaistí nádúrtha, gaineamhlú agus ganntanas uisce do roinnt mhaith ceantar tuaithe san Eoraip, go háirithe i ndeisceart na hEorpa agus in imchuach na Meánmhara; ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí oiriúnaithe réamhbhreathnaitheacha a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear bainistiú uisce, bonneagar athléimneach agus ullmhacht i gcás tubaistí, agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí i mbonneagar uisce nuálach, amhail athúsáid fuíolluisce cóireáilte agus córais uisciúcháin chliste, agus tógáil taiscumair le haghaidh bailithe uisce báistí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt dá aire go bhfuil rochtain theoranta ar sheirbhísí cúram sláinte riachtanacha i gceantair thuaithe, agus go bhfuil ganntanas áiseanna agus pearsanra leighis ann, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfeabhsófar rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeáin, lena n-áirítear seirbhísí sláinte meabhrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla seirbhísí bunriachtanacha atá ríthábhachtach d’fhorbairt na gceantar tuaithe a chosaint trí staonadh ó shrianta eacnamaíocha a fhorchur ar chúram sláinte i gceantair thuaithe, toisc go mbeadh dúnadh na saoráidí garchabhrach agus na struchtúr bunúsach ospidéil, nó laghdú ar a líon, mar thoradh air sin, agus gur cheart iad a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean a fhorbairt d’aonaid mhóibíleacha leighis agus do theilileigheas, chun neartú a dhéanamh ar sheirbhísí leighis, lena n-áirítear seirbhísí spá leighis, altraí sláinte pobail agus réitigh sláinte digiteacha agus dreasachtaí do dhochtúirí atá ag obair i gceantair thuaithe agus iargúlta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a ionchorprú a dhíríonn ar cheantair atá sainaitheanta mar cheantair thuaithe ina straitéis ríomhshláinte, chun tacaíocht phraiticiúil a sholáthar d’aonaid chúram sláinte áitiúla le haghaidh uasghráduithe teicneolaíochta, agus chun na seirbhísí a thairgeann na haonaid sin a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur cheart clár scagthástála dírithe ar cheantair thuaithe a thairiscint do na Ballstáit freisin agus gur cheart tacaíocht riaracháin a chur i bhfeidhm freisin chun cabhrú le pleananna agus cláir chosc a dhréachtú; ag iarraidh ar na Ballstáit saintréithe sonracha na gceantar seo a chur san áireamh agus spreagadh a thabhairt do bhunú na gcógaslann tuaithe, d’fhonn líonraí cógaslainne a oiriúnú go sonrach do cheantair thuaithe, le socruithe comhordaithe maidir le soláthar cógas agus feistí leighis, agus é mar aidhm leo riachtanais na n-aonad cúram sláinte a shruthlíniú agus a oiriúnú don cheantar ar leith; ag iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí cúraim phríomhúil agus tacaíochta i measc na gcógaslann seo ar a dtugtar ‘tuaithe’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag forbairt bonneagair d’fhás eacnamaíoch agus sóisialta na gceantar tuaithe, bunaithe ar an ngá atá le córais iompair, go háirithe córais iompair phoiblí, lena gcumasaítear naisc níos fearr agus rochtain níos fearr ar sheirbhísí bunriachtanacha, ar ghréasáin fuinnimh, lena n-áirítear fuinnimh in-athnuaite, agus ar bhonneagar nascachta digití oiriúnach; á thabhairt dá haire, go háirithe, nach mór cáilíocht an iompair agus na nascachta digití a fheabhsú chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag daoine ar mhargadh an tsaothair, ar scoileanna, ospidéil, seirbhísí poiblí agus ar dheiseanna fostaíochta; á chur i bhfios go láidir nach mór naisc um iompar de bhóthar, um iompar iarnróid agus um muiriompar a fhorbairt nó a uasghrádú trí chláir chómhaoinithe AE chun iargúltacht ceantar tuaithe a laghdú, go háirithe ó lárionaid uirbeacha, an bhearna atá ann cheana a chúngú, agus chun soghluaisteacht inbhuanaithe daoine agus earraí a éascú; á iarraidh go mbeadh straitéis chuimsitheach ann chun soghluaisteacht i gceantair thuaithe a fheabhsú, agus béim láidir á leagan ar inbhuanaitheacht, ar leathnú bonneagair luchtúcháin agus ar chur chun cinn na soghluaisteachta leictreonaí; á chur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hinfheistíochtaí spriocdhírithe in iompar poiblí, i réitigh shoghluaisteachta chomhroinnte agus i samhlacha iompair malartacha chun inrochtaineacht agus nascacht a áirithiú do dhaonraí tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an deighilt dhigiteach idir ceantair thuaithe agus uirbeacha fós suntasach, rud a chuireann bac ar chomhionannas deiseanna do gach cónaitheoir; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí i nascacht leathanbhanda, lena n-áirítear 5G, clúdach soghluaiste níos fearr, líonraí idirlín ardluais, réitigh feirmeoireachta digiteacha agus moil nuálaíochta tuaithe, á áirithiú go dtéann claochlú digiteach chun tairbhe do phobail thuaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin nach bhfuil chomh hullmhaithe don chlaochlú seo, lena n-áirítear ceantair iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí; á chur i bhfáth go bhfuil na hinfheistíochtaí seo ríthábhachtach chun táirgiúlacht a fheabhsú, chun tacú le fiontraíocht na bhfeirmeacha beaga, chun obair chianda a éascú, chun rochtain a fháil ar ríomhsheirbhísí agus ar theagasc ar líne agus chun a áirithiú go leanfaidh ceantair thuaithe de bheith iomaíoch san aois dhigiteach; á chur i bhfáth go bhfuil gá atá le tionscnaimh litearthachta dhigiteacha agus oiliúna gairme chun tacú le comhtháthú na dteicneolaíochtaí digiteacha sa gheilleagar tuaithe agus chun na deighiltí teicneolaíochta agus eacnamaíocha atá ann cheana a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur i bhfáth tábhacht agus idirnascacht na soghluaisteachta míleata, fhorbairt an bhonneagair thuaithe agus na slándála réigiúnaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil forluí ann idir líonra soghluaisteachta míleata an Aontais agus an Gréasán Tras-Eorpach Iompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí straitéisí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh fholmha agus coincheapa tithíochta malartacha a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear tithíocht inacmhainne, tionscadail athchóirithe agus maireachtáil idirghlúine; á chur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le dreasachtaí chun athearraíocht a bhaint as tithe folmha, chun tacú le tionscnaimh tithíochta atá faoi stiúir an phobail agus chun spásanna maireachtála inbhuanaithe agus cuimsitheacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le beartais tosaíochta a chur chun cinn a thacaíonn le daoine óga, mar phríomhghníomhaithe i dtréigean na dtuaithe, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirtear an ‘ceart chun fanacht’ i bhfeidhm go héifeachtach dóibh trí bhearta spriocdhírithe, atá ceaptha chun an meath déimeagrafach i gceantair thuaithe a chosc agus chun daoine cumasacha a spreagadh chun fanacht ann; á chreidiúint gur cheart go mbeadh go leor deiseanna ar fáil do dhaoine aonair ar mian leo cur le forbairt a bpobal áitiúil, agus dá bhrí sin go bhfuil sé práinneach bacainní agus na héagothromaíochtaí suntasacha idir daoine óga i gceantair uirbeacha agus tuaithe a dhíchur i dtéarmaí rochtana ar oideachas ar ardchaighdeán, neamhspleáchas eacnamaíoch, rannpháirtíocht shóisialta agus pholaitiúil, agus idirghníomhaíocht shóisialta idirghlúine; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla agus go gcruthófaí cláir chistiúcháin spriocdhírithe, lena n-áirítear plean gníomhaíochta ón gCoimisiún maidir le himirce daoine oilte, chun tacú le daoine óga agus fiontraithe óga, agus na huirlisí agus na hacmhainní go léir a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh chun cuidiú leo rochtain a fháil ar thailte talmhaíochta, ar phoist agus ar dheiseanna gnó; á thabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí sna bearta sin rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí poiblí, ar áiseanna oideachais agus cultúrtha, ar thithíocht, ar iasachtaí ar ús íseal agus, le haird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta i gcúrsaí fioscacha, dreasachtaí cánach chun cuidiú le daoine óga todhchaí chobhsaí a thógáil a chomhlíonfaidh a mianta, gan a bheith orthu a n-áit dhúchais a thréigean, agus dreasachtaí a chruthú chun socrú síos i gceantair thuaithe nó filleadh orthu; á mheas, dá bhrí sin, gur gá bearta a chur chun cinn chun an geilleagar tuaithe a éagsúlú trí leas a bhaint as acmhainneacht áitiúil, lena n-áirítear i réimsí lasmuigh den talmhaíocht agus den turasóireacht, agus chun poist ar ardchaighdeán a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt chun suntais an tábhacht a bhaineann le borradh a chur faoin ngairmoideachas agus faoin ngairmoiliúint agus, ag an am céanna, tionscnaimh faoi stiúir na hóige agus foghlaim neamhfhoirmiúil a chothú do dhaoine óga chun scileanna sonracha a bhaineann le geilleagar na gceantar tuaithe a fhorbairt, mar uirlis le haghaidh comhtháthú sóisialta agus fostaíochta ar ardchaighdeán, d’fhonn dul i ngleic le dídhaonrú sna ceantair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt chun suntais an ról lárnach atá ag feachtais chun feasacht a mhúscailt agus eolas a chomhroinnt i gcur chun cinn feachtais agus cláir oideachais éagsúla, agus ar an tábhacht a bhaineann le hiad a dhéanamh mar chuid lárnach de churaclaim scoile; ag cur i bhfáth na sonraí atá ag teacht chun cinn mar ábhar imní maidir le luathfhágáil scoile agus chuige sin, ag iarraidh ar údaráis náisiúnta agus áitiúla a gcórais scoile a atheagrú chun an ceart chun oideachais ina gcríocha a ráthú, agus na deacrachtaí tromchúiseacha agus oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith rompu á gcur san áireamh; ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla, dá bhrí sin, gan struchtúir bhainistithe scoileanna atá ann cheana sna réimsí sin a chumasc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit saoráidí creidmheasa fóirdheonaithe nua a sholáthar ar féidir leo tacú le fiontraithe óga agus mná ina ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear cineálacha malartacha ráthaíochtaí le haghaidh rochtana ar chreidmheas; á iarraidh go gcuirfí tacaíocht airgeadais ar fáil chun feirmeoirí óga a chumhachtú, rud a áiritheoidh fás i ngeilleagair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an pacáiste maoinithe iasachta nua EUR 3 bhilliún ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) don talmhaíocht, don fhoraoiseacht agus don iascaigh ar fud na hEorpa mar thionscnamh inláimhsithe chun na bearnaí cistiúcháin do FBManna sa talmhaíocht agus sa bhithgheilleagar a dhúnadh agus maoiniú a éascú d’fheirmeoirí óga agus do mhná óga; ag iarraidh ar Ghrúpa BEI iniúchadh a dhéanamh ar chineálacha nua tacaíochta chun leachtacht a sholáthar do ghníomhaithe feadh slabhraí luacha talmhaíochta agus tuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gnólachtaí nuathionscanta áitiúla agus cláir dreasachta a chur chun cinn chun daoine óga a thabhairt ar ais agus chun go gceannóidh agus go n-athchóireoidh daoine óga tithe i gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún ciste Eorpach a bhunú d’fhiontraíocht na hóige i gceantair thuaithe, agus béim ar leith á leagan ar réigiúin atá buailte ag dífhostaíocht ard i measc na hóige agus ag imeacht daoine oilte; á thabhairt dá haire gur cheart don chiste seo tacú le gnólachtaí nuathionscanta tuaithe, talmhaíocht nuálach, turasóireacht inbhuanaithe agus digiteáil trí ionstraimí airgeadais tiomnaithe agus dreasachtaí cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tarraingt aird ar an ngá atá le rochtain chomhionann a áirithiú do chách ar bhearta chun scileanna ardcháilíochta a fháil chun a gcuspóirí gairmiúla a bhaint amach, agus ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint; á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar luach saothair comhionann do mhná i gceantair thuaithe, i roinnt mhaith réimsí, faoi láthair le deiseanna agus coinníollacha comhionanna, ós rud é go mbíonn dúshláin bhreise rompu go minic, lena n-áirítear rochtain theoranta ar dheiseanna fostaíochta, easpa beart leordhóthanach chun cuidiú leo cothromaíocht a bhaint amach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh, agus easpa saoráidí cúraim leanaí; á chur béim ar an bhfíoras gur gá timpeallacht a chothú a thacaíonn le fostaíocht na mban, le tacaíocht do gach teaghlach, agus córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán agus tacaíocht do thuismitheoirí á n-áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh go méadófaí an tacaíocht do mhná i gceantair thuaithe, go háirithe trí bhearta chun rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas, ar chúram sláinte agus ar bhonneagar sóisialta a fheabhsú, chomh maith le cosaint ó fhoréigean agus cosc ​​a chur ar fhoréigean, chun a rannpháirtíocht eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cláir spriocdhírithe a chruthú chun tacú le fiontraithe baineanna i réigiúin thuaithe d’fhonn a neamhspleáchas eacnamaíoch a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tacaíocht do mhná i gceantair thuaithe ríthábhachtach ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear comhionannas inscne a chur chun cinn, fás eacnamaíoch a chothú, forbairt phobail a chur chun cinn, bochtaineacht a laghdú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil ​​a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról il-leibhéil ag mná i bhforbairt tuaithe, mar oibrithe, feirmeoirí agus úinéirí gnó, agus á chur i bhfáth gur minic go ndéantar neamhaird ar a dtábhacht i gceantair thuaithe agus i ngeilleagair áitiúla; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná i gceantair thuaithe agus tacaíocht shóisialta struchtúrach agus cláir forbartha réigiúnaí á gceapadh acu; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na bacainní seo chun mná a chumhachtú agus a lánacmhainneacht a scaoileadh saor i bpobail thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt maidir le féidearthachtaí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana féin agus a bheidh ann amach anseo do bhanfhiontraithe i gceantair thuaithe agus é a dhéanamh níos éasca dóibh rochtain a fháil ar thacaíocht airgeadais; ag spreagadh na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil úsáid a bhaint as cistí struchtúracha agus infheistíochta an Aontais atá ann cheana féin chun banfhiontraithe a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí chun feidhme beartais fostaíochta um chomhionannas inscne agus bearta spriocdhírithe chun cothromaíocht níos fearr idir an obair agus an saol a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear samhlacha oibre solúbtha, deiseanna oibre digiteacha, feabhas ar thairiscintí fóillíochta agus oideachais, agus cur chun cinn struchtúr cúraim agus tacaíochta pobalbhunaithe do theaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag áitiú ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun an tsamhail feirmeoireachta teaghlaigh a chosaint, ar samhail í atá mar bhonn agus mar thaca leis an gcríoch thuaithe, atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus a ráthaíonn slándáil bia san Aontas; ag cur i bhfáth an gá atá le córas dreasachtaí san Aontas chun carnadh talún talmhaíochta i gcistí infheistíochta príobháideacha agus an méadú dá bharr sin ar phraghsanna talún a theorannú; á áitiú go ndéanfar feirmeacha beaga agus meánmhéide a chosaint trí ról na gcomharchumann agus na bhfeirmeoirí gairmiúla i mbeartais AE a neartú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát, thairis sin, bearta nithiúla a chur chun feidhme chun tacú leis na feirmeacha sin trí rochtain ar chreidmheas a shimpliú, bonneagar tuaithe a nuachóiriú agus spreagadh a thabhairt do chomharchumainn talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an talmhaíocht agus ag an earnáil agraibhia ó thaobh táirgeadh bia de, lena n-áirithítear slándáil bia san Aontas agus cruthú post – ról is fiú a chur chun cinn ós rud é gur colún lárnach den gheilleagar áitiúil é agus gur príomhthoisc é chun bainistiú inbhuanaithe talún a áirithiú, agus toisc go spreagann sé freisin fás agus forbairt na gceantar intíre agus tuaithe, ar minic a fhaigheann siad aitheantas idirnáisiúnta as a gcuid táirgí tipiciúla den scoth; á thabhairt dá haire gur gá tacú le feirmeoirí agus iad ag lorg nuálaíochta agus éagsúlaithe, agus iomaíochas feirmeacha á chur chun cinn ag an am céanna; á chreidiúint go n-éillíonn an t-aistriú chuig samhail níos inbhuanaithe cur chuige cothrom, agus sainiúlachtaí áitiúla agus riachtanais eacnamaíocha na bpobal tuaithe á gcur san áireamh, gan athruithe a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá bhforbairt fhadtéarmach; ag iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht láidir agus spriocdhírithe a dhéanamh trí ualaí rialála iomarcacha a laghdú agus dálaí córa margaidh a áirithiú, chun an laghdú ar líon na bhfeirmeacha a mhaolú agus athnuachan glúine a spreagadh; á iarraidh go mbeadh tacaíocht leordhóthanach ann chun neamhthuilleamaíocht bia agus éagsúlú barr a chur chun cinn; ag tabhairt chun suntais go háirithe na dúshláin struchtúracha sonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí agus a gceantair thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, d’fhonn slándáil bia a neartú agus d’fhonn a áirithiú nach dtabharfaidh feirmeoirí Eorpacha aghaidh ar iomaíocht éagórach ó tháirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin chéanna comhshaoil, leasa ainmhithe agus slándála bia, coibhéis dhian a fhorfheidhmiú i gcás caighdeán táirgthe do tháirgí talmhaíochta a allmhairítear isteach san Aontas agus ag iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go gcomhlíonann comhaontuithe trádála caighdeáin talmhaíochta Eorpacha agus go n-áirithíonn siad cothroime iomaíochta d’fheirmeoirí san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á admháil go bhfuil deiseanna chomh maith le rioscaí do thalmhaíocht an Aontais i gceist le spriocanna uaillmhianacha an aistrithe ghlais; ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig laghdú thart ar 37 % ar líon na bhfeirmeacha san Aontas idir 2005 agus 2020 agus ag iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun an laghdú ar líon na bhfeirmeacha a mhaolú agus chun tacú lena n-ioncam agus lena n-iomaíochas chun tréigean na limistéar sin a chomhrac agus athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil gá le nósanna imeachta riaracháin a shimpliú chun rochtain a fháil ar chistí an Aontais trí mhaorlathas d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga tuaithe a laghdú agus comhordú a fheabhsú idir na leibhéil institiúideacha atá bainteach le bainistiú cistí chun a áirithiú go gcuirtear acmhainní ar fáil ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios freisin gur gá go gcuirfí tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil do na ceantair sin, agus do ghnólachtaí agus do shealbhóirí feirme agus foraoise chomh maith, lena n-áirítear tacaíocht chun trealamh a cheannach agus a chothabháil, d’fhonn iomaíochas na hEorpa a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go hiomlán an ról lárnach atá ag ceantair thuaithe sna haistrithe glasa agus digiteacha; á chur i bhfios go láidir gur gá na haistrithe a chur chun feidhme de réir a chéile, i gcomhréir le spriocanna indéanta; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh cistiú ón Aontas nasctha níos fearr le hinbhuanaitheacht chomhshaoil ​​agus cosaint na bithéagsúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá tacú le pobail thuaithe sna réigiúin Eorpacha is mó atá thíos le trádáil nó onnmhairiú tháirgí talmhaíochta na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfios a thábhachtaí atá bearta cúitimh d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí tuaithe ionas go mbeidh an t-aistriú éiceolaíoch cothrom agus praiticiúil agus nach mbeidh éagothromaíochtaí socheacnamaíocha nua mar thoradh air; á thabhairt chun suntais, chun go n-éireoidh leis an aistriú sin, go mbeidh rannpháirtíocht agus comhoibriú iomlán leis na geallsealbhóirí uile, go háirithe feirmeoirí agus foraoiseoirí, ríthábhachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cuid riachtanach d’aon straitéis le haghaidh forbartha tuaithe é cur chun cinn na talmhaíochta, ach nach leor é ina aonar, toisc nach bhfuil gach duine i gceantair thuaithe fostaithe san earnáil talmhaíochta ná nach bhfuil cónaí orthu i struchtúir talmhaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á aithint gur minic gur foinse ioncaim mhór í an turasóireacht do réigiúin thuaithe, sléibhtiúla, oileánacha agus forimeallacha, chomh maith le réigiún na Meánmhara, agus go bhfuil acmhainn aici cruthú post agus fiontraíocht a spreagadh, agus lena gcuirtear ar fáil eispéiris uathúla a bhaineann le dúlra, traidisiúin agus oidhreacht chultúrtha lenar féidir líon méadaitheach cuairteoirí a mhealladh; á chreidiúint, ar an gcúis sin, gur cheart tacú leis an turasóireacht trí infheistíocht sa gheilleagar tuaithe, in éineacht leis na hearnálacha talmhaíochta, iascaireachta, bia agus cultúrtha, agus gur cheart don Aontas cómhaireachtáil agus forbairt bhreise na n-earnálacha seo a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur féidir le turasóireacht tuaithe agus agrathurasóireacht a bheith ina gníomhaíocht chomhlántach don talmhaíocht, lena gcuirtear deiseanna ar fáil chun ioncaim feirme a éagsúlú agus chun tairbhe fhorbairt na gceantar tuaithe, agus gur cheart, dá bhrí sin, acmhainní a leithdháileadh chun turasóireacht agus gníomhaíochtaí HoReCa a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an gá atá le turasóireacht tuaithe a chur chun cinn ar bhealach atá inbhuanaithe; ag tabhairt chun suntais an tábhacht a bhaineann le buntáistí eacnamaíocha na turasóireachta do cheantair thuaithe a bharrfheabhsú, agus na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar phobail áitiúla agus ar éiceachórais a íoslaghdú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le mionlaigh teanga a chosaint agus a chur chun cinn i gceantair thuaithe an Aontais, agus iad a aithint mar chuid dhílis d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus mar spreagadh d’fhorbairt réigiúnach; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit acmhainní beartais chomhtháthaithe a leithdháileadh chun tacú le tionscadail chun teangacha a chur chun cinn, tionscadail um oiliúint, um thurasóireacht chultúrtha agus um fhiontraíocht áitiúil a bhaineann le traidisiúin teanga agus chultúrtha na réigiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag áitiú ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit borradh a chur faoin turasóireacht i gceantair thuaithe agus dhídhaonraithe nó i gceantair atá i mbaol dídhaonraithe, trí thionscnaimh a mhaoiniú a fheabhsaíonn sráidbhailte stairiúla agus táirgí traidisiúnta áitiúla agus cosáin ghlasa nua agus conairí dúlra eile a bhunú, chomh maith le lipéad lena n-aithnítear timpeallachtaí den scoth i dturasóireacht tuaithe agus dúlra ar bhealaí cosúil leis an ‘bratach ghorm’ a bhronntar ar thránna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag bardais i roinnt Ballstát mar spreagthóirí na forbartha eacnamaíochta réigiúnaí, agus go mbaineann siad leas as ioncam cánach suntasach a ghintear óna ngeilleagair áitiúla; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh na hioncaim seo spreagadh a thabhairt do bhardais cistí comhtháthaithe an Aontais a infheistiú chun a mbonn cánach amach anseo a mhéadú, fás eacnamaíoch áitiúil fadtéarmach a chur chun cinn agus ioncam cánach fadtéarmach a dhaingniú; chun na críche sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta i gcúrsaí fioscacha, idirphlé a thionscnamh maidir leis na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cánacha ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a roinnt le bardais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á áitiú nár cheart go gcuirfeadh maorlathas iomarcach cosc ar fheirmeoirí díriú ar tháirgeadh bia inbhuanaithe agus ar fhorbairt eacnamaíoch tuaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gné láidir tuaithe a áireamh i rialacháin an bheartais chomhtháthaithe amach anseo agus rialáil níos fearr a chur chun cinn mar thosaíocht, chun ualaí riaracháin a laghdú agus céimeanna a ghlacadh chun iomaíochas gnólachtaí tuaithe a áirithiú, go háirithe FBManna, comharchumainn agus pobail atá faoi stiúir na saoránach, agus chun rochtain níos éasca agus níos éifeachtaí ar chistí, laghduithe costais agus próisis iarratais agus meastóireachta simplithe a chur chun cinn le haghaidh cistiú ón Aontais, go háirithe do thairbhithe beaga; á athdhearbhú go bhfuil sé fíor-riachtanach nósanna imeachta a bharrfheabhsú, rómhaorlathas a laghdú agus trédhearcacht a fheabhsú chun rochtain ar na hacmhainní atá ar fáil a fheabhsú; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil leordhóthanach a sholáthar d’údaráis bhainistíochta, agus ar an gcaoi sin cur le rátaí ionsúcháin méadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige níos comhtháite idir beartais thionsclaíocha agus chomhtháthaithe an Aontais, lena n-áirithítear go bhfuil straitéisí forbartha réigiúnacha i gcomhréir le hiarrachtaí chun an tionscal a aistriú, go háirithe sna limistéir thuaisceartacha inar tearc an daonra;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>ag cur béim ar thábhacht FBManna in earnálacha teicneolaíocha maidir le digiteáil na gceantar tuaithe agus athléimneacht eacnamaíoch; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtacaíonn bearta poiblí le gnólachtaí áitiúla agus go gcothaíonn siad geilleagair atá bunaithe ar ghaireacht, ag seachaint critéir a d’fhéadfadh a bheith ina míbhuntáiste do ghnólachtaí beaga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur i bhfáth an gá atá le hailíniú níos fearr idir ionstraimí forbartha críochacha atá ann cheana féin agus Cistí Struchtúracha, lena n-áirítear tionscnaimh amhail An Tallann a chur chun tairbhe agus Cúnant na Méaraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>