<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0128</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil cur chun feidhme ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0098/2025 -  Rapóirtéirí:Victor Negrescu, Siegfried Mureşan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (2024/2085(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán STA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán REPowerEU),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán CAI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE> (‘IIA’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 32, 27.1.2023, lch. 42.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 22 Iúil 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Guidance on recovery and resilience plans</STRING>’ [Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta]<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4618, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4618/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2024 maidir leis an Aontas a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha (COM(2024)0082),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tríú tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2024)0474),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí (CIE) an 10 Deireadh Fómhair 2024 ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023, maille leis na freagraí ó na hinstitiúidí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 13/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 2 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí RRF a bhaint amach’, tuarascáil speisialta 14/2024 ó CIE an 11 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘An tAistriú Glas – Doiléire faoin rannchuidiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta’, agus tuarascáil speisialta 22/2024 ó CIE an 21 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Cistiú dúbáilte ó bhuiséad an Aontais – Níl eilimintí bunriachtanacha sna córais rialaithe trína ndéanfaí an riosca méadaithe a eascraíonn as samhail RRF nach bhfuil nasctha le costais a mhaolú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar ó mhí na Nollag 2023 lena dtacaítear leis an Meastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2024 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna foilsiú an 3 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó mhí Mheán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Athbhreithniú meántéarma ar Phlean Téarnaimh an Aontais tar éis COVID-19 (An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta)’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7057, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis atá foilsithe ar an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (Scórchlár STA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin, an 20 Samhain 2024, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">NGEU Green Bonds Allocation and Impact report 2024</STRING>’ [Tuarascáil ar Leithdháileadh agus Tionchar Bannaí Glasa NGEU 2024] (SWD(2024)0275),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá taighde inmheánach, dá hanailís dhomhain agus dá seisiúin faisnéise a bhaineann le cur chun feidhme STA<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, Think Tank https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/research/advanced-search?textualSearch=RRF&startDate=01/07/2019&endDate=&sort=RELEVANCE</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir leis an staid san Ungáir agus cistí reoite AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5742, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5742/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0098/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cruthaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) chun geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe i bhfianaise géarchéimeanna gan fasach in 2019 agus 2022, trí thacú le Ballstáit maidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha a mhaoiniú agus athchóirithe a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dhéantar faoi STA, go gcabhraítear leis an Aontas a bheith níos athléimní agus níos neamhspleáiche trí phríomhshlabhraí soláthair a éagsúlú agus neartú á dhéanamh, dá bhrí sin, ar uathriail straitéiseach an Aontais; de bhrí go ndéantar breisluach Eorpach a ghiniúint freisin leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur chuidigh STA, chomh maith le cistí eile de chuid an Aontais, amhail an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála, le margaí saothair a chosaint ar an mbaol go ndéanfaí damáiste fadtéarmach mar gheall ar shuaitheadh eacnamaíoch dúbailte na paindéime agus na géarchéime fuinnimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil caiteachas STA lasmuigh d’uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus gur ioncam sannta seachtrach iad fáltais iasachtaíochta; de bhrí gurb oth le Parlaimint na hEorpa nach cuid den nós imeachta buiséadach iad; de bhrí, bunaithe ar phrionsabal na trédhearcachta atá sa Rialachán Airgeadais, gur cheart go mbeadh a fhios ag saoránaigh conas a chaitheann an tAontas cistí agus cén cuspóir a bhaineann leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, mar gheall ar an easpa dul chun cinn maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach san Aontas agus an gá atá ann inbhuanaitheacht phlean aisíocaíochta an Aontais a áirithiú, go bhfuil straitéis chistithe fhadtéarmach shoiléir agus iontaofa fíor-riachtanach chun oibleagáidí aisíocaíochta a chomhlíonadh gan comhbhabhtálacha deacra a fhorchur i mbuiséad an Aontais a d’fhéadfadh cur isteach ar infheistíochtaí agus ar thosaíochtaí beartais amach anseo; de bhrí go mbeidh gá le tuilleadh plé agus réitigh airgeadais choincréiteacha chun inmharthanacht fhadtéarmach phlean aisíocaíochta fiachais an Aontais a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór do bhuiséad an Aontais na costais iasachtaíochta le haghaidh NextGenerationEU (NGEU) a iompar agus gur mó go mór na costais iarbhír ná réamh-mheastacháin 2020 de thoradh na rátaí arda úis; de bhrí go meastar go mbeidh an costas iomlán as ús caipitlithe NGEU agus a aisíoc cothrom le tuairim is EUR 25 go 30 billiún in aghaidh na bliana ó 2028 ar aghaidh, suim is comhionann le 15-20 % de bhuiséad bliantúil 2025; de bhrí gur áitigh Parlaimint na hEorpa go gcuirfí na costais athmhaoiniúcháin de bhreis ar uasteorainneacha CAI; de bhrí gur tugadh isteach ‘sásra cascáide’ trí chéim lena n-áirítear Ionstraim Speisialta EURI i gcomhthéacs athbhreithniú CAI 2024 chun róchaiteachas suntasach a eascraíonn as iasachtaíocht NGEU, atá nasctha le hathruithe móra i ndálaí an mhargaidh, a chumhdach; de bhrí gur thángthas ar chomhaontú le linn nós imeachta buiséadach 2025 chun tagarmharc bliantúil 50/50 a leanúint, eadhon na costais iomarcacha i scaireanna comhionanna a mhaoiniú le hurrann an tsaortha d’Ionstraim Speisialta EURI agus leis an Ionstraim Sholúbthachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil na bannaí a eiseofar chun STA a mhaoiniú le haisíoc ar bhealach a áiritheoidh laghdú seasta agus intuartha ar dhliteanais, faoi 2058 ar a dhéanaí; de bhrí nach bhfuil an bascaed coigeartaithe d’acmhainní dílse nua atá molta ag an gCoimisiún glactha ag an gComhairle go fóill, rud a ardaíonn imní faoi inmharthanacht aisíocaíocht an fhiachais a rinneadh faoi NGEU;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur gné lárnach de STA í an ghné shóisialta, rud a rannchuidíonn le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, a athbhunaíonn agus a chuireann chun cinn fás inbhuanaithe agus a chothaíonn cruthú fostaíochta ar ardchaighdeán;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart do STA rannchuidiú le bearta maoinithe chun athléimneacht na mBallstát i leith tubaistí aeráide a neartú, i measc rudaí eile, agus oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú; de bhrí gur cheart do na Ballstáit measúnuithe tionchair chuí a dhéanamh ar bhearta agus gur cheart dóibh dea-chleachtas a roinnt maidir le cur chun feidhme an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH);
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag STA maidir le tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe i soghluaisteacht inbhuanaithe, i mbonneagar iompair cliste, i mbreoslaí malartacha agus i réitigh soghluaisteachta digiteacha, rud a fheabhsaíonn nascacht agus éifeachtúlacht ar fud an Aontais; de bhrí gur oth léi nár roghnaigh ach cúpla Ballstát STA a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí, go háirithe i mbonneagar iarnróid ardluais agus uiscebhealaí, atá dírithe ar chonairí Eorpacha a fhorbairt, in ainneoin gur tugadh spreagadh do thionscadail trasteorann agus iltíre; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíochtaí i mbonneagar iompair a mhéadú, go háirithe i réigiúin nach ndéantar freastal ceart orthu, chun nascacht a fheabhsú, chun tacú le comhtháthú réigiúnach agus chun rannchuidiú leis an aistriú glas;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, faoin 31 Nollaig 2024, go raibh 95 iarraidh ar íocaíocht curtha isteach ag na Ballstáit agus gurbh ionann leibhéal eisíocaíochtaí STA, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, agus EUR 197.46 billiún i ndeontais (55 % d’imchlúdach iomlán na ndeontas) agus EUR 108.68 billiún in iasachtaí (37 % d’imchlúdach iomlán na n-iasachtaí); de bhrí go bhfuil a gcúigiú híocaíocht faighte cheana féin ag trí Bhallstát, agus nach bhfuil aon chistiú STA faighte ag Ballstát amháin; de bhrí go bhfuil athbhreithniú déanta ag na Ballstáit uile uair amháin ar a laghad ar a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (NRRP); de bhrí gur comhlíonadh 28 % de na garspriocanna agus na spriocanna go sásúil agus gur bhain an Coimisiún úsáid as an bhféidearthacht íocaíochtaí a chur ar fionraí go páirteach i gcás nár comhlíonadh go sásúil roinnt garspriocanna agus spriocanna atá nasctha le hiarraidh ar íocaíocht; de bhrí go bhféadfadh moilleanna i gcur i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí atá beartaithe, go háirithe i mbonneagar sóisialta agus i seirbhísí poiblí, a bheith ina gcúis le tearcúsáid acmhainní atá ar fáil, rud a laghdódh an tionchar a mheastar a bheidh ar fhás eacnamaíoch, ar fhostaíocht agus ar chomhtháthú sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur nocht CIE easnaimh éagsúla maidir le STA, go háirithe maidir lena dearadh, a trédhearcacht agus a tuairisciú, an riosca go ndéanfar cistiú dúbailte agus an riosca a bhaineann le cur chun feidhme dhá bheart aistrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, de réir CIE, gurb ionann feidhmíocht agus tomhas ar a mhéid a bhain gníomhaíocht, tionscadal nó clár atá maoinithe ag an Aontas a chuspóirí amach agus a sholáthraíonn sé luach ar airgead; de bhrí, thairis sin, nach bhfuil maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, ann féin, ina ionstraim atá bunaithe ar fheidhmíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil córais láidre iniúchóireachta agus rialaithe ríthábhachtach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar feadh shaolré STA; de bhrí gur ghá na garspriocanna ar a dtugtar ‘sár-gharspriocanna’ de ghnáth, go háirithe garspriocanna a bhaineann leis an smacht reachta, a chomhlíonadh sula ndéanfaí aon eisíocaíocht STA;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go dtagraíonn Rialachán STA do ‘chineál feidhmíochtbhunaithe’ STA ach nach sainmhíníonn sé ‘feidhmíocht’; de bhrí gur cheart feidhmíocht STA a nascadh le prionsabail fhónta bainistíochta airgeadais agus gur cheart di tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus a chomhlíon gníomhaíocht, tionscadal nó clár atá cistithe ag an Aontas a chuspóirí agus a thug sé luach ar airgead;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn rialú daonlathach éifeachtach agus grinnscrúdú parlaiminteach ar chur chun feidhme STA rannpháirtíocht iomlán Pharlaimint na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar a moltaí uile ag gach céim;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí nach mór don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme STA faoin 31 Nollaig 2028, ina bhfuil measúnú ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach, ina mbeidh measúnú domhanda ar STA, agus ina mbeidh faisnéis faoina thionchar san fhadtéarma;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gurb é cuspóir na tuarascála seo faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme STA, i gcomhréir le ról na Parlaiminte mar a leagtar síos i Rialachán STA, trí aird a tharraingt ar na buntáistí agus na heasnaimh a bhaineann le STA, agus leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn a cur chun feidhme;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur ionstraim dlúthpháirtíochta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana é STA i bhfianaise dhá ghéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus gur bunchloch d’ionstraim NGEU é, a dtiocfaidh deireadh leis in 2026; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le ceachtanna a fhoghlaim óna cur chun feidhme don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá le teacht, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht, tuairisciú agus tomhas comhtháite ar spriocanna insoláthartha; á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeacht chobhsaíochta ag STA do na Ballstáit tráth a bhfuil éiginnteacht mhór eacnamaíoch ann, toisc go maolaíonn sé iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta agus go dtacaíonn sé le rialtais trí rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí théarnamh eacnamaíoch agus iomaíochas a chur chun cinn, athléimneacht agus nuálaíocht a threisiú, agus trí thacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag STA maidir le cosc ​​a chur ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus ar dhoimhniú tuilleadh ar éagsúlacht mhaicreacnamaíoch, maidir le comhtháthú sóisialta agus críochach a chothú trí chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a sholáthar, agus maidir le dearbhú a thabhairt do na margaí airgeadais trí mhuinín infheisteoirí a fheabhsú le linn tréimhsí suaite, rud a dhéanann raonta difríochta toraidh a laghdú dá bharr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ionstraim aonuaire é STA a chuireann spás fioscach breise ar fáil agus gur rannchuidigh sé le héagsúlachtaí suntasacha idir na Ballstáit a bhfuil spás fioscach éagsúil acu a chosc; ag tabhairt chun suntais fionnachtain an Choimisiúin go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar infheistíochtaí ar fud an Aontais mar thoradh ar STA agus go bhfuil an Coimisiún ag dréim leis go mbeidh tionchar buan ag STA ar fud an Aontais i ndiaidh 2026 i bhfianaise na sineirgí atá aige le cistí eile de chuid an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil riosca suntasach ann go dtiocfaidh laghdú suntasach ar infheistíocht phoiblí i dtosaíochtaí coiteanna Eorpacha nuair a rachaidh STA in éag in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú gurb ionann méid comhcheangailte CAI agus STA agus beagnach EUR 2 thrilliún don tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, ach á chur le fios go bhfuil laghdú tagtha ar luach reatha chaiteachas na hEorpa a comhaontaíodh i dtéarmaí ainmniúla mar gheall ar na rátaí arda boilscithe agus na méaduithe gaolmhara ar chostas earraí agus seirbhísí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire réamh-mheastachán an Choimisiúin in 2024 maidir le hionchas thionchar NGEU ar fhíor-olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais faoi 2026, atá i bhfad níos ísle ná a ionsamhlú in 2020 (1.4 % i gcomparáid le 2.3 %), mar gheall go páirteach ar dhálaí eacnamaíocha agus geopholaitiúla díobhálacha, agus an meastachán go bhféadfadh méadú suntasach gearrthréimhseach ar fhostaíocht an Aontais suas le 0.8 % a bheith mar thoradh ar NGEU; á thabhairt dá haire gur dócha go sáróidh sochair fhadtéarmacha STA ar OTI na gealltanais bhuiséadacha a rinneadh suas le trí go sé huaire, ag brath ar éifeachtaí táirgiúlachta infheistíochta STA agus ar chur chun feidhme dícheallach athchóirithe agus infheistíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt chun suntais a dheacra atá sé tionchar beacht sóisialta agus eacnamaíoch STA a chainníochtú, ós rud é go dtógann sé am sula mbíonn tionchar na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí soiléir; ag cur i bhfáth an gá atá le tuilleadh meastóireachtaí neamhspleácha chun tionchar éifeachtach athchóirithe agus infheistíochtaí a mheas agus le feabhsuithe breise a dhéanamh ar an modheolaíocht fholuiteach; ag tabhairt dá haire fionnachtain an Choimisiúin go mbaineann thart ar leath den mhéadú ionchasach ar infheistíocht phoiblí idir 2019 agus 2025 le hinfheistíochtaí a mhaoinítear le buiséad an Aontais, go háirithe le STA, ach á thabhairt dá haire nach bhfuil tionchar intomhaiste bainte amach ag roinnt infheistíochtaí go fóill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt dá haire gur dhreasaigh STA cur chun feidhme roinnt athchóirithe a áirítear sna moltaí tírshonracha a rinneadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh trí athchóirithe den sórt sin a áireamh sna NRRPanna; á chur i bhfios go láidir go bhfuil céim mhór chun cinn déanta i dtéarmaí faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme STA; á mheabhrú go n-úsáidtear Scórchlár STA chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach, chomh maith le comhlíonadh na bprionsabal cothrománach, agus go háirithe na sé cholún, eadhon an t-aistriú glas, an claochlú digiteach, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach – lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) láidre – comhtháthú sóisialta agus críochach, sláinte, athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, agus é mar aidhm leis, inter alia, ullmhacht géarchéime agus acmhainneacht um fhreagairt géarchéime a mhéadú, agus beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus do dhaoine óga, amhail oideachas agus scileanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil glacadh foriomlán na moltaí tír-shonracha a rinneadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh fós íseal agus go bhfuil laghdú tagtha air fiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i gcomhthéacs an chreata nua rialachais eacnamaíoch, gur cheart go mbeadh an tacar athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe comhsheasmhach leis na gealltanais a áirítear sna NRRPanna formheasta le linn thréimhse oibríochta STA agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt faoi deara go raibh na cúig Bhallstát a d’iarr síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe faoin 31 Nollaig 2024 ag brath go páirteach ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a formheasadh cheana faoi STA chun údar a thabhairt leis an síneadh; á thabhairt dá haire go bhfuil faisnéis curtha san áireamh ag formhór na mBallstát maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a liostaítear sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha nasctha le STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go soláthraíonn STA tacaíocht d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí araon sna Ballstáit, ach á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go gcruthaíonn an tréimhse ghearr le haghaidh chur chun feidhme STA atá fágtha dúshláin maidir le príomh-athchóirithe agus infheistíochtaí mórscála atá le cur i gcrích i dtreo dheireadh STA agus maidir le comhlíonadh tráthúil na ngarspriocanna agus na spriocanna atá fós ar feitheamh, arb ionann iad agus 70 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú nár cheart caiteachas STA a chur in ionad an chaiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhilltigh, mura bhfuil údar cuí leis, agus gur cheart go n-urramódh sé prionsabal na breisíochta i gcistiú an Aontais; á áitiú gur ríthábhachtach cur chun feidhme daingean, inbhuanaithe agus infhíoraithe an neamh-athfhillteachais, mar aon le díriú ar chuspóirí Eorpacha atá sainithe go soiléir maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí, chun breisíocht agus éifeacht fhadtéarmach cistí breise Eorpacha a áirithiú; á mheabhrú gur gá prionsabal na breisíochta a urramú agus á iarraidh nach ndéanfaí an beartas comhtháthaithe a phlódú amach ná nach ndéanfaí STA ná ionstraimí sealadacha eile a chur in ionad an bheartais chomhtháthaithe, ós rud é go bhfuil beartas comhtháthaithe fós ríthábhachtach le haghaidh comhtháthú críochach agus cóineasú inbhuanaithe fadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais, agus tosaíocht á tabhairt do chur chun feidhme STA, gur rannchuidigh an easpa acmhainneacht riaracháin i roinnt mhaith Ballstát agus na dúshláin a bhaineann le slabhraí soláthair domhanda le cur chun feidhme moillithe an bheartais chomhtháthaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs seo, measúnú cuimsitheach a sholáthar ar thionchar STA ar ionstraimí airgeadais eile agus ar infheistíochtaí poiblí, ar thacaíocht theicniúil, agus ar acmhainneachtaí riaracháin agus ionsúcháin na mBallstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go rannchuidíonn athbhreithniú REPowerEU le slándáil fuinnimh na hEorpa trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, trína soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainní agus i mbonneagar Eorpach, trí dhul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus trí infheistíocht a dhéanamh i gcoigilteas agus éifeachtúlacht fuinnimh i ngach earnáil, lena n-áirítear earnáil an iompair; ag cur béim ar an bhfíoras, trí REPowerEU, gur cuireadh EUR 20 billiún breise i ndeontais ar fáil in 2023, lena n-áirítear EUR 8 mbilliún a gineadh ó lamháltais an Chórais Trádála Astaíochtaí a thús-ualú agus EUR 12 bhilliún ón gCiste don Nuálaíocht; á thabhairt chun suntais go raibh rath ar Pharlaimint na hEorpa sa chaibidlíocht, go háirithe maidir leis na forálacha maidir leis an gCiste don Nuálaíocht a athshlánú, an sprioc chistiúcháin 30 % do thionscadail trasteorann, fócas na n-infheistíochtaí ar dhul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh do theaghlaigh leochaileacha, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do mhicrifhiontair, agus úsáid sholúbtha cistí comhtháthaithe nár caitheadh ó CAI 2014-2020 agus suas le 7.5 % de leithdháiltí náisiúnta faoi CAI 2021-2027;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú gur iarr sí go ndíreofaí idirghabhálacha STA ar bhearta a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo agus, dá bhrí sin, á chur in iúl gur oth léi an ganntanas beart inmharthana trasteorann nó iltíre, lena n-áirítear tionscadail ardluais iarnróid agus bonneagair soghluaisteachta inbhuanaithe le haghaidh dé-úsáide atá ríthábhachtach chun gréasán TEN-T a thabhairt chun críche, agus an riosca gaolmhar a bhaineann le cistiú a athnáisiúnú; á thabhairt dá haire gur rannchuidigh raon feidhme leathan chuspóirí STA leis seo trí ligean do raon leathan tionscadal atá dírithe ar an leibhéal náisiúnta teacht faoina chúram;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur modhnaíodh Airteagal 27 de Rialachán RRF trí REPowerEU, rud a d’fhág go ndearnadh an ghné thrasteorann agus an ghné ilnáisiúnta de RRF a neartú go suntasach trína mholadh do na Ballstáit a NRRPanna a leasú chun caibidlí RepowerEU a áireamh iontu, lena n-áirítear sprioc chaiteachais 30 % ar a laghad a bheith ann i leith na mbeart sin chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a ráthú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an léirmhíniú leathan arna ghlacadh ag an gCoimisiún, a fhágann gur féidir aon laghdú ar an éileamh (náisiúnta) ar fhuinneamh a bheith ina údar le gné thrasteorann agus ilnáisiúnta a bheith ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí cistiú RRF a úsáid chun rannchuidiú le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) trí thacú le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla san Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas tionsclaíoch; ag tabhairt dá haire nár thapaigh aon Bhallstát an deis ar ranníocaíocht airgid bhreise le cuspóirí STEP trí urrann na mBallstát den chlár InvestEU a áireamh ina NRRP; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit a bpleananna náisiúnta a leasú fós ina leith sin; ag dréim leis go mbeidh na próisis athbhreithnithe éifeachtúil, cuíchóirithe agus simplí, go háirithe ós rud é gurb é 2026 an spriocdháta deiridh, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus toisc go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh sa chumas cosanta Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag meabhrú gur cuireadh an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH) i bhfeidhm i leith na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí uile a dtacaíonn RRF leo, agus maolú spriocdhírithe ann faoi REPowerEU don bhonneagar fuinnimh agus do na saoráidí fuinnimh is gá chun freastal ar riachtanais láithreacha shlándáil an tsoláthair; ag moladh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé léirmhíniú níos aonfhoirmí a bheith ann ar an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ idir RRF agus tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe, agus sainiúlachtaí RRF mar chlár caiteachais phoiblí á gcur i gcuntas ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe airgeadais RRF</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é RRF an chéad mhórionstraim fheidhmíochtbhunaithe ar leibhéal an Aontais atá bunaithe go heisiach ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais (FNLC); á mheabhrú go sonraítear in Airteagal 8 de Rialachán RRF nach mór don Choimisiún RRF a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta; á chur in iúl gur oth léi nár chomhaontaigh an Chomhairle rialacha sonracha a chur isteach sa Rialachán Airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an tsamhail seachadta sin, amhail cistiú dúbailte; á mheas gur cheart rialacha an Rialacháin Airgeadais a bheith infheidhme go hiomlán maidir le hionstraimí amach anseo a bheidh bunaithe ar FNLC, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le fíneálacha, pionóis agus smachtbhannaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár iarr ach 13 Bhallstát iasachtaí agus nach n-úsáidfear EUR 92 bhilliún den EUR 385.8 billiún atá ar fáil ós rud é nár gealladh an méid sin faoin spriocdháta an 31 Nollaig 2023; ag tabhairt dá haire go raibh iasachtaí tarraingteach do na Ballstáit sin a raibh costais iasachtaíochta arda le seasamh acu ar na margaí airgeadais nó a d’fhéach le laghdú ar dheontais RRF a chúiteamh; á chur i bhfios gur bhain roinnt Ballstát úsáid theoranta as iasachtaí RRF, mar gheall ar sheasaimh fhioscacha láidre nó ar bhreithnithe riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an nglacadh íseal i roinnt Ballstát agus na torthaí sin a chur i gcuntas agus ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais don am atá le teacht á gceapadh aige; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach ndearnadh na hionstraimí airgeadais náisiúnta le haghaidh chur chun feidhme na NRRPanna a phoibliú go leordhóthanach, rud a d’fhág go bhfuil feasacht theoranta a bheith ann i measc tairbhithe féideartha agus gan iad a bheith á n-úsáid ach go teoranta acu; á mheas gur gá plé polaitiúil a dhéanamh ar úsáid na gcistí neamhchaite i bhfianaise na mbuiséad poiblí docht atá ann agus mar gheall ar tosaíochtaí straitéiseacha práinneacha an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar conas a d’fhéadfaí, agus na coinníollacha faoina bhféadfaí, cistí neamhúsáidte sin RRF a atreorú chun borradh a chur faoi iomaíochas, athléimneacht, cosaint, agus comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach na hEorpa, go háirithe trí infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus glasa atá ailínithe le cuspóir bunaidh RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann aisíocaíocht iomlán chaiteachas NGEU a áirithiú faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí; ag meabhrú don Chomhairle agus don Choimisiún a ngealltanas dlíthiúil faoin gcomhaontú idirinstitiúideach a tugadh i gcrích in 2020 chun bealach inmharthana a áirithiú chun fiachas NGEU a athmhaoiniú, lena n-áirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a tugadh isteach i ndiaidh 2021 gan aon laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ina leith sin, rud a fhágann imní a bheith ann faoi inmharthanacht aisíoc an fhiachais arna thabhú faoi NGEU, agus ag tathant ar an gComhairle acmhainní dílse nua a ghlacadh gan mhoill agus mar ábhar práinne; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh ar fhíoracmhainní dílse nua breise a shainaithint lasmuigh de IIA agus atá nasctha le beartais AE, chun na riachtanais chaiteachais aird a bhaineann le cistiú tosaíochtaí nua agus aisíoc fhiachas NGEU a chumhdach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb é breith an Choimisiúin go meastar go mbeidh an costas iomlán as ús caipitlithe NGEU agus a aisíoc cothrom le tuairim is EUR 25 go 30 billiún in aghaidh na bliana ó 2028 ar aghaidh, suim is comhionann le 15-20 % de bhuiséad bliantúil 2025; á mheabhrú gur ghá leas a bhaint as ionstraimí speisialta sna trí nós imeachta bhuiséadacha dheireanacha chun costais ionstraime EURI a chumhdach; á thabhairt chun suntais go gcuireann an méadú suntasach ar chostais mhaoiniúcháin brú ar bhuiséad sin an Aontais a bheidh ann amach anseo agus go gcuireann sé teorainn leis an acmhainneacht freagairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú i sprioc an Choimisiúin suas le 30 % de chostais NGEU a chistiú trí bhannaí glasa a eisiúint; ag tabhairt dá haire go raibh bannaí glasa Eorpacha eisithe ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2024 arbh ionann iad agus EUR 68.2 billiún;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceapadh agus cur chun feidhme NRRPanna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh 47 % de na cistí RRF a bhí ar fáil eisíoctha faoin 31 Nollaig 2024, agus gurbh ionann deontais agus 55 % agus iasachtaí agus 37 %, rud a fhágann sciar níos airde beart a bheith ann atá fós le cur i gcrích in 2025 agus in 2026; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, fionnachtain CIE nár éirigh ach le 50 % de na cistí eisíoctha tairbhithe deiridh a bhaint amach i 15 Bhallstát as 22 Bhallstát faoi Dheireadh Fómhair 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí CIE a chur i gcuntas go cuí chun feabhas a chur ar fheidhmiú aon ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a bheidh ann amach anseo macasamhail RRF, go háirithe i gcomhthéacs CAI níos spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur sháraigh na Ballstáit uile na spriocanna don aistriú glas (37 %) agus don aistriú digiteach (20 %), agus gurb ionann meánchaiteachas i dtreo chuspóirí aeráide agus digiteacha RRF ina iomláine agus 42 % agus 26 % faoi seach; ag tabhairt dá haire gur chaith CIE amhras ar an gcaoi ar rannchuidigh cur chun feidhme bhearta RRF leis an aistriú glas agus gur mhol sí feabhsuithe ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar an tionchar atá ag bearta a bhaineann leis an aeráid; á thabhairt chun suntais gur ann do na heasnaimh mhodheolaíochta chéanna ar fud cholúin uile RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar nithiúil a bheith ag RRF ar chuspóirí sóisialta, agus é beartaithe ag na Ballstáit thart ar EUR 163 bhilliún a chaitheamh; á chur i bhfios go láidir nach mór an caiteachas sin a bheith dírithe ar thorthaí, rud lena n-áiritheofar go mbeidh sochair eacnamaíocha agus/nó shóisialta intomhaiste ann; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le hinfheistíochtaí san fhorbairt ar cheantair thuaithe, ar cheantair fhorimeallacha, ar na ceantair is forimeallaí agus ar cheantair iargúlta, agus sna réimsí seo a leanas: tithíocht inacmhainne, cosaint shóisialta agus lánpháirtiú grúpaí leochaileacha, agus fostaíocht don aos óg, ar ina leith atá an caiteachas ag titim ar gcúl; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún grinnmheastóireacht, faoi Scórchlár RRF, ar na tionscadail agus na hathchóirithe a bhaineann leis an oideachas agus le daoine óga arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit faoi RRF; á chur in iúl gur oth léi gur tugadh faoi deara i mBallstáit áirithe go bhfuil moill á déanamh le cuspóirí sláinte a chur chun feidhme, ós rud é gur cheart an ionstraim feabhas a chur freisin ar inrochtaineacht agus acmhainneacht na gcóras sláinte, agus ar inrochtaineacht agus acmhainneacht príomhinfheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta, lena n-áirítear saoráidí oideachais agus cúraim na luath-óige; á chur i bhfáth go bhfuil baol ann go mbainfeadh na moilleanna sin, a bhaineann, i gcásanna áirithe, le tosaíochtaí buiséadacha iomlaoideacha agus amlínte athbhreithnithe don chur chun feidhme náisiúnta, an bonn ó ghnóthú chuspóirí RRF maidir le comhtháthú sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh caibidlíochta spriocanna don oideachas (10 %) agus do ghníomhaíochtaí cultúrtha (2 %) a áireamh; ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin ar mheastóireacht a dhéanamh ar na spriocanna sin mar thagarmharc ina mheasúnú ar an mbeartas oideachais sna NRRPanna, trí Scórchlár RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go n-áirítear, i bhformhór mór na NRRPanna, roinn ar leith ina mínítear conas a thugtar aghaidh, sa phlean, ar ábhair imní agus dúshláin a bhaineann le hinscne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach n-áirítear, i roinnt NRRPanna, míniú ar conas a mheastar go rannchuideoidh na bearta in NRRP leis an gcomhionannas inscne agus le comhdheiseanna do chách agus á iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann na mínithe sin a áireamh iontu gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá athchóirithe lena ndírítear ar ilroinnt mhargadh an tsaothair, ar dhálaí oibre ardcháilíochta a chothú, ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sa leibhéal pá, ar dhálaí maireachtála cuibhiúla a áirithiú, agus ar an idirphlé sóisialta, an chosaint shóisialta agus an geilleagar sóisialta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar follasach a bheith ag RRF ar chuspóir an chlaochlaithe dhigitigh, agus EUR 166 bhilliún leithdháilte ar na pleananna comhfhreagracha; á chur in iúl gur geal léi an rannchuidiú a rinneadh faoi cholún an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, go háirithe leis an iomaíochas agus leis an tacaíocht do FBManna; ag tabhairt dá haire gur gá breis infheistíochtaí a dhéanamh sa chomhar trasnáisiúnta, sa tacaíocht d’fhiontair a bhfuil tionscadail nuálaíochta ar bun acu, agus in athruithe rialála i leith an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, atá ag titim ar gcúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go mbraitheann rath infheistíochtaí an Aontais ar mhargaí caipitil dea-fheidhmiúla; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cistí a eisíoc ar bhealach níos éifeachtaí agus tráthúil, go háirithe i gcás FBManna agus i gcás fiontraithe óga, na nósanna imeachta iarratais a chuíchóiriú d’fhonn inrochtaineacht a fheabhsú agus bearta sonracha a chur chun feidhme chun tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar chun cabhrú leo ról níos lárnaí a bheith acu i bpróiseas an fháis chliste agus chuimsithigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna ag titim chun deiridh ar an amchlár táscach dá bhforáiltear sna NRRPanna, agus go bhfuil luas an dul chun cinn míchothrom sna Ballstáit uile; á chur in iúl gur oth léi an t-aga moille idir baint amach garspriocanna agus spriocanna agus cur chun feidhme tionscadal; ag tabhairt chun suntais nach mbainfidh RRF a acmhainneacht fhadtéarmach agus ghearrthéarmach amach ach má chuirtear na gnéithe athchóirithe agus infheistíochta, faoi seach, chun feidhme go cuí; á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, tar éis tús mall, atá dlús á chur le cur chun feidhme RRF ón dara leath de 2023 i leith ach go bhfuil moilleanna suntasacha fós ann a bhfuil difear á dhéanamh acu do na príomhathchóirithe agus na príomhinfheistíochtaí agus gur tosca éagsúla is cúis leo, lena n-áirítear na hathbhreithnithe a bhaineann le cuimsiú REPowerEU, boilsciú atá ag dul i méid, acmhainneacht riaracháin neamhleor na mBallstát, go háirithe acmhainneacht riaracháin neamhleor sin na mBallstát beag, éiginnteachtaí faoi rialacha sonracha cur chun feidhme RRF, costais arda fuinnimh, ganntanais soláthair agus gannmheastachán ar an am is gá chun bearta a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhfágann na príomh-spriocdhátaí cur chun feidhme a bheith curtha siar go dtí 2026 ag roinnt rialtas imní a bheith ann faoi chumas roinnt Ballstát na cistí leithdháilte a ionsú go hiomlán taobh istigh d’achar ama socraithe RRF; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sceideal cur chun feidhme réalaíoch agus éifeachtach a choinneáil chun nach mbeadh baol ann nach gcuirfí tionscadail i gcrích ina n-iomláine ná nach dtapófaí deiseanna ar fheabhsuithe struchtúracha a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh go práinneach ar scrogaill riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag meabhrú an mhodhnaithe atá déanta ar Rialachán RRF trí chaibidil REPowerEU a áireamh ann; ag cur béim ar a thábhachtaí atá caibidlí REPowerEU sna NRRPanna agus á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thionscadail aibí agus a NRRPanna a chur chun feidhme ar bhealach níos gasta, ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí de, agus, i gcás inar gá, a NRRPanna a choigeartú i gcomhréir le cuspóirí RRF, gan an bonn a bhaint ó chothromaíocht fhoriomlán agus leibhéal uaillmhéine na NRRPanna, chun freagairt ar dhúshláin arna n-eascairt as imeachtaí geopholaitiúla agus chun dul i ngleic le dúshláin na freacnairce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhféadfadh RRF cabhrú le héifeachtaí na géarchéime tithíochta atá ann faoi láthair ar fud an Aontais a mhaolú; á chur in iúl gur oth léi nár thapaigh roinnt Ballstát an deis sin agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na Ballstáit breis infheistíochtaí in infhaighteacht agus inacmhainneacht tithíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag ‘sár-gharspriocanna’ maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar easnaimh sa smacht reachta agus maidir le cur chun feidhme iomlán na gceanglas faoi Airteagal 22 de Rialachán RRF a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na ‘sár-gharspriocanna’ comhlíonta go sásúil ag gach Ballstát seachas Ballstát amháin; á mheabhrú nach mór don Choimisiún aon réamh-mhaoiniú nach bhfuil glanluacháilte in aghaidh iarrataí rialta ar íocaíocht a aisghabháil faoi dheireadh RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur sonrú san ualach mór riaracháin agus sa chastacht mhór a bhaineann leis an RRF; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí suntasacha ar an leibhéal náisiúnta chun RRF a chur chun feidhme i gcomhthráth le cistí struchtúracha; ag tabhairt dá haire gur thacaigh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, atá dírithe ar an éileamh, idir 2021 agus 2024 le níos mó ná 500 athchóiriú a bhaineann leis an RRF sna Ballstáit, a bhain go díreach nó go hindíreach le hullmhú, leasú, athbhreithniú agus cur chun feidhme na NRRPanna; ag cur sonrú i dtreoraíocht an Choimisiúin i mí Iúil 2024 le simplithe agus soiléirithe chun cur chun feidhme RRF a chuíchóiriú ach ag dréim leis go ngníomhóidh an Coimisiún go mear ar a ghealltanas an t-ualach riaracháin a laghdú 25 %; ag tathant ar an gCoimisiún tacaíocht theicniúil shoiléir agus spriocdhírithe a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas acmhainneacht riaracháin éifeachtúil a fhorbairt chun na garspriocanna agus na spriocanna a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal castachta rialacha soláthair phoiblí sin an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le conarthaí ardluacha a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di castacht na nósanna imeachta iarratais i leith chistiú RRF, go háirithe i gcás FBManna agus i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar ina leith a theastaíonn seirbhísí comhairliúcháin seachtracha, fiú le haghaidh deontais bheaga; ag cur béim ar an bhfíoras go dtagann na bacainní maorlathacha sin salach ar chuspóirí bunaidh RRF, a raibh sé d’aidhm aige tacaíocht airgeadais thapa agus dhíreach a sholáthar; á iarraidh go ndéanfaí simpliú práinneach ar na ceanglais cur i bhfeidhm agus tuairiscithe, go háirithe i gcás tairbhithe beaga, chun ionsú agus tionchar na gcistí a uasmhéadú agus chun cabhrú lena rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chreidiúint go gcuireann moilleanna ar chur chun feidhme béim ar an riosca nach mbeidh bearta ar íocadh cistiú RRF ina leith curtha i gcrích faoi spriocdháta íocaíochta 2026; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ón gCoimisiún ag an Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta (RRD) an 16 Meán Fómhair 2024 nach n-aisíocfaidh sé tionscadail nár cuireadh chun feidhme; á mheas gur laige é nach féidir cistí RRF arna n-íoc i leith garspriocanna agus spriocanna a mheastar a bheith comhlíonta a aisghabháil mura gcuirtear bearta gaolmhara i gcrích sa deireadh; ag moladh don Choimisiún moltaí CIE ina leith sin a chur i gcuntas agus measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, ar na bearta is mó atá i mbaol gan a bheith curtha i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar na bearta sin, gníomh iardain tráthúil ina leith a éascú agus teacht ar réitigh chun moilleanna a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an tréimhse ama atá fós ann chun RRF a chur chun feidhme róghearr chun a lán tionscadail nuálacha a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur deacra, faoi mar a thuigfeá, tionscadail nuálacha a bheartú agus gur dóichí bacainní a bheith ann agus iad á gcur feidhme, rud a fhágann iad a bheith mí-oiriúnach do spriocdhátaí dochta RRF; ag tathant ar an gCoimisiún cláir a chruthú don am atá le teacht a bheadh solúbtha a dhóthain chun freagraí cuí a thabhairt in imthosca iomlaoideacha agus lena ráthófaí leibhéal áirithe intuarthachta ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach bhféadfaí roinnt garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach a thuilleadh mar gheall ar imthosca oibiachtúla; á chur i bhfáth gur cheart aon athbhreithnithe ar na NRRPanna a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán RRF, lena n-áirítear na spriocdhátaí is infheidhme, agus nár cheart cúlú ar athchóirithe, gealltanais ná tionscadail ar chaighdeán íseal a bheith ag roinnt leo, ach gur cheart uaillmhian fhoriomlán agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a chaomhnú agus iad á ndéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di measúnú míchothrom an Choimisiúin ar na NRRPanna, as ar eascair éagothroime agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an sainmhíniú míchothrom agus éagsúil ar gharspriocanna agus spriocanna ó NRRP amháin go NRRP eile, arna thuairisciú go comhsheasmhach ag CIE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil difríocht shuntasach idir fad mheasúnú an Choimisiúin ar iarrataí ar íocaíocht ó na Ballstáit i measc na mBallstát agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta ón gCoimisiún; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur lena mheasúnuithe agus cóir chomhionann na mBallstát a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur gá cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais i leith na mbeart agus na dtáscairí sin a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail uile RRF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill riaracháin agus inniúlacht riaracháin leordhóthanach a sholáthar chun dlús a chur le cur chun feidhme RRF i bhfianaise spriocdháta 2026 agus gan tionscadail RRF a dhíriú i réigiúin agus i bpríomhchathracha níos forbartha trí chur ar chumas chistí RRF sreabhadh isteach i dtionscadail sna réigiúin is leochailí, lena bhfreastalaítear, dá bhrí sin, ar chuspóir RRF comhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch an Aontais a fheabhsú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh dáileadh réigiúnach cothrom laistigh de na NRRPanna agus go n-áiritheofaí ag an am céanna go leithdháilfí cistí RRF bunaithe ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta, ar indéantacht agus ar na tairbhí fadtéarmacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>	á iarraidh go gcuirfí síneadh 18 mí le tionscadail aibí RRF trí leasú a dhéanamh ar Rialachán RRF trí chomhchinnteoireacht, más gá; ag cur béim ar an bhfíoras gurb amhlaidh, maidir leis an síneadh atá beartaithe a chur leis na tionscadail úd, gurb é an Coimisiún a chuirfidh é leo bunaithe ar thagarmharcanna oibiachtúla, soiléire agus cothroma; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí córas tosaíochta agus aistrithe spriocdhírithe agus feidhmíochtbhunaithe a bhunú tar éis spriocdháta 2026 chun go bhféadfar tionscadail leanúnacha a thabhairt chun críche trí scéimeanna cistiúcháin eile, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Infheistíochta agus ciste nua Eorpach iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith ann; ag tathant ar an gCoimisiún straitéis a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh ollmhór ar infheistíocht phoiblí tar éis 2026 gan na hacmhainní buiséadacha i réimsí criticiúla eile a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar conas a d’fhéadfaí, faoi chuimsiú an chreata sin, infheistíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh i slabhraí soláthair cosanta, stoc-chairn straitéiseacha agus nuálaíocht cosanta an Aontais, rud lena n-áiritheofaí go mbeifí i gcomhréir leis na mórchuspóirí slándála Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh roinnt Ballstát a roghnú codanna de na méideanna nó na méideanna iomlána a bhaineann lena n-iarratas deiridh ar íocaíocht a ligean thar ceal, rud a d’fhágfadh nach gcomhlíonfaidís na garspriocanna agus na spriocanna deireanacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht, faireachán agus rialú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún 112 iniúchadh RRF a dhéanamh sna Ballstáit uile in 2024; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé d’oibleagáid air, i gcomhréir le hAirteagal 24(9) de Rialachán RRF, cistiú a aisghabháil i gcás eisíocaíochtaí míchearta nó cealuithe beart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbraitheann an Coimisiún ar a mhodheolaíochtaí féin agus íocaíochtaí páirteacha agus fionraí cistí á ríomh aige; á chur in iúl gur oth léi nár forbraíodh na modheolaíochtaí sin ach dhá bhliain tar éis thús chur chun feidhme RRF agus gan dul i gcomhairle leis an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi obair fhairsing CIE i ndáil leis an RRF agus á mheas go bhfuil sé tábhachtach measúnú críochnúil a dhéanamh ar a fionnachtana, go háirithe a fionnachtana gur minic a bhíonn garspriocanna agus spriocanna sách doiléir agus dírithe ar aschur agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad oiriúnach chun torthaí agus tionchair a thomhas, agus a fionnachtana maidir leis na rioscaí a bhaineann le cistiú dúbailte a eascraíonn as forluí le beartais eile; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coimisiún le go leor moltaí ó CIE ach nár ghlac sé leo ar fad; á chur i bhfáth nach mór aghaidh a thabhairt go práinneach ar laigí sna rialuithe airgeadais, mar a léirigh CIE, chun cistiú dúbailte, neamhéifeachtúlachtaí costais, agus míbhainistiú chistí an Aontais a chosc; á iarraidh go mbeadh breis trédhearcachta ann agus go ndéanfaí moltaí CIE a chur i gcuntas go hiomlán gan ualach riaracháin nach gá a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann CIE go ndíríonn STA ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme seachas ar fheidhmíocht, go háirithe toisc go ndíríonn bearta arna gcistiú ag STA ar aschuir seachas ar thorthaí, go bhfuil siad éagsúil ó thaobh uaillmhéine de, go mbíonn easpa soiléireachta acu uaireanta agus nach gcumhdaíonn siad príomhchéimeanna cur chun feidhme birt i gcónaí, lena n-áirítear cur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur nochtaigh iniúchtaí CIE roinnt cásanna inar eisíocadh cistiú ach nár comhlíonadh go leormhaith na ceanglais i dtaca leis na garspriocanna agus na spriocanna comhfhreagracha a chomhall; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, i gcreat sin an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar ‘chomhlíonadh sásúil’ na ngarspriocanna is na spriocanna ábhartha, atá gnéithe lánroghnacha amhail ‘diall íosta ó cheanglas’ nó ‘moilleanna comhréireacha’, agus nach gcuimsíonn an mhodheolaíocht chun páirtíocaíochtaí a chinneadh míniú ar na luachanna arna roghnú mar chomhéifeachtaí, rud a fhágann go bhféadfaí iad a thuiscint ar bhealaí éagsúla; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh soiléirithe a thabhairt don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á áitiú nár cheart, mar riail, bearta atá ar áireamh cheana féin i bpleananna náisiúnta eile arna chistiú ag an Aontas (e.g. comhtháthú, talmhaíocht, etc.) a áireamh sna NRRPanna, fiú mura dtabhaíonn siad aon chostais; ag tathant ar an gCoimisiún a bheith airdeallach agus réamhghníomhach i gcónaí maidir le haon chás ina bhféadfadh cistiú dúbailte a bheith á dhéanamh a shainaithint, go háirithe maidir le samhlacha cur chun feidhme éagsúla RRF agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa rian iniúchóireachta cuí RRF agus an easpa leanúnach trédhearcachta in ainneoin an cheanglais atá ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt, go leathbhliantúil, ar an 100 faighteoir deiridh is mó, a tugadh isteach in REPowerEU arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur oth léi moill a bheith á déanamh ag roinnt Ballstát le tuarascáil a thabhairt mar aon le luach teoranta faisnéiseach na faisnéise arna soláthar, rud a fhágann, ar deireadh, cosc a bheith ar an gCoimisiún agus ar CIE seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanamh; á iarraidh an athuair go ndéanfaí na liostaí de na faighteoirí deiridh is mó i gcás gach Ballstáit a nuashonrú go rialta agus a fhoilsiú ar Scórchlár RRF agus faisnéis a áireamh iontu ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear conraitheoirí agus fochonraitheoirí, agus a n-úinéirí tairbhiúla, agus ní aireachtaí nó comhlachtaí rialtais nó cuideachtaí stáit eile, agus iad sin amháin; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, go bhféadfaí an sainmhíniú reatha ar ‘fhaighteoir deiridh’ a thuiscint ar bhealaí éagsúla, rud a fhágann tairbhithe deiridh éagsúla a bheith ann i gcás bearta comhchosúla i measc na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, comhthuiscint a áirithiú ar cad is ‘faighteoir deiridh’ ann ionas gur féidir é sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di laigí leanúnacha i sásraí náisiúnta tuairiscithe agus rialaithe, mar gheall, i bpáirt, ar bhrú ionsúcháin a dhéanann difear don acmhainneacht caiteachas neamh-incháilithe a bhrath agus mar gheall ar chastacht na nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe, rud a chruthaigh éiginnteacht sna Ballstáit agus ró-ualach nósanna imeachta riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún dearbhú a thabhairt i dtaobh an bhfeidhmíonn córais rialaithe na mBallstát go leormhaith agus seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtionscadal infheistíochta arna gcistiú ag RRF le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta; á iarraidh go laghdófaí íocaíochtaí agus, i gcás inarb iomchuí, méideanna atá le haisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán RRF, i gcás ina mbeadh laigí fós sna córais rialaithe náisiúnta; á chur in iúl gur oth léi go bhfuiltear ag brath ar chros-seiceálacha láimhe agus ar fhéindearbhuithe arna ndéanamh ag faighteoirí chistí an Aontais in éagmais uirlisí idir-inoibritheacha TF agus caighdeáin chomhchuibhithe, d’ainneoin uirlisí amhail an córas luathbhraite agus eisiaimh agus ARACHNE a bheith ann, arb uirlisí iad nach bhfuil sé éigeantach iad a úsáid faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go ndéanfar caiteachas a dhearbhú faoi dhó; á mheabhrú,  ina leith sin, go bhfuil drogall ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh i leith na huirlisí TF ábhartha a fhorbairt go tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag teacht le tuairim CIE nach gcuireann samhail FNLC bac ar thuairisciú ar chostais iarbhír; ag tabhairt dá haire, le léargais soiléire ar chostais, go n-éascaítear freisin obair na gcomhlachtaí rialaithe agus formhaoirseachta, chomh maith le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus go ndéantar grinnscrúdú poiblí feabhsaithe a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag athdhearbhú ról Scórchlár RRF maidir le faisnéis a sholáthar do shaoránaigh maidir leis an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme NRRPanna; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an Scórchlár maidir le trédhearcacht a neartú agus á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal na trédhearcachta agus an léirshamhlaithe sonraí sa Scórchlár a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil an tuairisciú ar dhul chun cinn an chur chun feidhme i Scórchlár RRF bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit ar bhonn débhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach OIPE agus ag OLAF maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt gabhálacha, díotálacha agus urghabhálacha ar chistí RRF mar thoradh ar imscrúduithe OIPE ar chásanna calaoise agus éillithe a bhaineann leis an RRF; á mheabhrú go raibh OIPE ag láimhseáil 307 gcás ghníomhacha a bhain leis an RRF in 2024, arb ionann é agus thart ar 17 % de na himscrúduithe calaoise caiteachais uile agus meastar go ndearnadh damáiste EUR 2.8 billiún do leasanna airgeadais an Aontais; ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar líon na n-imscrúduithe de réir mar a rachaidh cur chun feidhme RRF ar aghaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh ar dhearbhuithe bainistíochta na mBallstát ó thaobh tuairisciú a dhéanamh ar chalaois a bhraitear agus ar na bearta feabhais a rinneadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról Pharlaimint na hEorpa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil an-tábhacht le ról Pharlaimint na hEorpa maidir le grinnscrúdú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF agus maidir leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuntais;  ag cur béim ar ionchur na Parlaiminte a chuirtear ar fáil trí bhealaí éagsúla, go háirithe trí dhíospóireachtaí iomlánacha éagsúla, rúin pharlaiminteacha, cruinnithe démhíosúla RRD leis na Coimisinéirí freagracha, os cionn 30 cruinniú den bhuanmheitheal maidir le grinnscrúdú ar RRF, go leor ceisteanna parlaiminteacha, nós imeachta um urscaoileadh bliantúil an Choimisiúin, agus sreabhadh rialta faisnéise agus iarrataí ad hoc ar fhaisnéis ón gCoimisiún; á chur in iúl gur oth léi nach raibh sásraí rialaithe buiséadacha leormhaithe ag gabháil leis an tsamhail maidir le garspriocanna agus spriocanna a úsáid chun eisíocaíocht a spreagadh, rud a d’fhág go raibh ról laghdaithe ag an bParlaimint i gcomparáid lena grinnscrúdú ar chaiteachas CAI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag meabhrú chearta na Parlaiminte mar a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán RRF, go háirithe an ceart chun faisnéis a fháil go comhuaineach ón gCoimisiún, faisnéis a tharchuireann sí chuig an gComhairle nó chuig aon cheann dá comhlachtaí ullmhúcháin i gcomhthéacs Rialachán RRF nó a chur chun feidhme, chomh maith le forléargas ar a réamhthorthaí maidir le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a áirítear sna NRRPanna; á mholadh go gcomhroinnfí torthaí ábhartha an phlé a dhéantar i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle leis na coistí parlaiminteacha inniúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil sé de cheart ag coistí inniúla na Parlaiminte a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a chur ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil leis an measúnú ar na NRRPanna i gcomhthéacs chruinnithe RRD;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon ról ag Parlaimint na hEorpa i ndearadh na NRRPanna agus nach dtéitear i gcomhairle léi maidir le hiarrataí ar íocaíocht; á cháineadh, thairis sin, nár tugadh forléargas soiléir agus inrianaithe don Pharlaimint ar stádas cur chun feidhme tionscadal agus íocaíochtaí; ag dréim leis go gcuirfí ar an eolas í faoi chomhthéacs athbhreithnithe na NRRPanna chun a mheasúnú féin a dhéanamh ar na hathbhreithnithe, agus go mbeadh ról feabhsaithe aici in ionstraimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo bunaithe ar thaithí RRF;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi rannpháirtíocht neamhleor na n-údarás áitiúil agus réigiúnach (LRAnna), eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, parlaimintí náisiúnta agus geallsealbhóirí ábhartha eile i ndearadh, athbhreithniú nó cur chun feidhme na NRRPanna, rud a fhágann go bhfuil torthaí beartais níos measa ann, chomh maith le húinéireacht theoranta; á chur in iúl gur oth léi, i gceapadh agus cur chun feidhme NRRPanna, gur léir go raibh roinnt Ballstát i bhfabhar roinnt LRAnna nó geallsealbhóirí chun dochair do roinnt eile; á mheabhrú go bhfuil rannpháirtíocht LRAnna, na n-údarás náisiúnta agus na n-údarás sin atá freagrach as na beartais sin a fhorbairt ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar RRF, mar a luaitear in Airteagal 28 de Rialachán RRF; á mheabhrú gur thacaigh Parlaimint na hEorpa le foráil cheangailteach san RRF chun idirphlé il-leibhéil a bhunú chun geallsealbhóirí ábhartha a rannpháirtiú agus chun ullmhú agus cur chun feidhme na NRRPanna a phlé leo, le tréimhse chomhairliúcháin shoiléir; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh an rannpháirtíocht is mó is féidir ag geallsealbhóirí i gcur chun feidhme na NRRPanna, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta agus bunaithe ar phrionsabail shoiléire thrédhearcacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le hidirghníomhaíocht rialta idir údaráis chomhordúcháin náisiúnta agus geallsealbhóirí náisiúnta a bhfuil baint acu le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na NRRPanna, i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus na cuntasachta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cumarsáid níos rialta agus níos poiblí ó na húdaráis náisiúnta chomhordúcháin chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na NRRPanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cinntí a dhéanamh ar an leibhéal is iomchuí; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfadh cur chun feidhme phrionsabal na comhpháirtíochta agus rannpháirtíocht níos láidre LRAnna cur chun feidhme tionscadal a dhéanamh níos éifeachtúla, éagothromaíochtaí laistigh de na Ballstáit a laghdú agus go mbeadh bearta cáilíochta níos mó agus níos fearr a bhfuil gné thrasteorann agus gné ilnáisiúnta mar thoradh air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chreidiúint gur féidir ceachtanna luachmhara a fhoghlaim ón RRF atá le léiriú i ndearadh na n-ionstraimí feidhmíochtbhunaithe sa chéad CAI eile, go háirithe i bhfianaise chláir oibre iomaíochais agus simplithe an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceachtanna don am atá le teacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chreidiúint gur éirigh go maith leis an meascán d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí ach go bhfuil gá le nasc níos soiléire idir an dá cheann; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé aon chistiú a ailíniú le cuspóirí na hionstraime agus é a eisíoc i gcomhréir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith; á áitiú nár cheart leibhéal uaillmhéine na NRRPanna a laghdú ach ba cheart é bheith i gcomhréir le hamlíne STA chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go rathúil iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de, mar a léiríodh i dtuarascáil Draghi, go mbeidh borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, geilleagar an Aontais a dhícharbónú agus é a dhéanamh níos ciorclaí agus níos tíosaí ar acmhainní, chomh maith leis an mbearna scileanna a dhúnadh, poist ardcháilíochta a chruthú agus cumas nuálaíochta an Aontais a fheabhsú, ina dtosaíochtaí lárnacha tar éis 2026; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtiocfaidh bearna shuntasach chistiúcháin chun cinn tar éis do RRF scor d’oibriú ag deireadh 2026, go háirithe le haghaidh infheistíocht phoiblí i dtosaíochtaí coiteanna Eorpacha, ós rud é go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir acmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát; á thabhairt chun suntais gur gá leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ón RRF chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a ghiaráil ar bhealach níos fearr d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin i gcuspóirí agus aistrithe Eorpacha, rud a mheastar a bheith os cionn EUR 800 billiún in aghaidh na bliana i dtuarascáil Draghi, agus leanúnachas rianúil infheistíochtaí in earraí coiteanna Eorpacha á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid fheabhsaithe a bhaintear as ionstraimí airgeadais a bhuí leis an rogha cistí RRF a dhíriú i dtreo urrann na mBallstát den chlár InvestEU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na ceachtanna a foghlaimíodh agus barúlacha CIE a chur i bhfeidhm, agus a áirithiú go mbeidh ionstraimí feidhmíochtbhunaithe amach anseo dírithe i gceart, ailínithe leis an aidhm earraí poiblí Eorpacha a mhaoiniú agus tús áite a thabhairt d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha atá sainithe go soiléir, ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus ar iomaíochas; á iarraidh go n-áiritheofaí go ndéanfaí gach ionstraim a bheidh ann amach anseo a cheapadh ní hamháin chun ionchuir nó aschuir ghearrthéarmacha agus dul chun cinn a thomhas ach chun torthaí a thomhas freisin ó thaobh tionchair fhadtéarmacha a bhfuil torthaí mar thaca leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir CIE, go bhfuil sé ríthábhachtach nach ndéanfar ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a bheidh ann amach anseo a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a dhéanfaidh dochar don chuntasacht agus, go háirithe, go mbeidh córais rialaithe iomchuí i bhfeidhm sna Ballstáit agus go seiceálfaidh an Coimisiún iad sula gcuirfear tús leis an gcur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go mbeadh sé i gceist leis sin íoscheanglais a leagan síos do rialuithe na mBallstát agus do sheiceálacha an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht neamhspleách a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar thionchar RRF ar infheistíochtaí príobháideacha ar leibhéal comhiomlán AE, go háirithe ar an éifeacht phlódaithe a d’fhéadfadh a bheith aige ar infheistíochtaí príobháideacha agus ar a dheitéarmanaint; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh an Coimisiún anailísí oibiachtúla agus soiléire ar an gcaoi a ndéanann cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí laistigh de na NRRPanna difear do gheilleagair na mBallstát aonair, agus aird ar leith á tabhairt ar fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach; ag tathant ar an gCoimisiún na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hanailísí sin agus ó bharúlacha CIE maidir le cur chun feidhme RRF a chur san áireamh agus a thograí don chéad chlárthréimhse eile á dtarraingt suas aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe uile arna gcistiú ag an Aontas a chomhordú agus a bheith comhleanúnach leis an bpleanáil straitéiseach ar an leibhéal náisiúnta agus gur cheart dóibh díriú ar thionscadail a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sprioc chaiteachais d’infheistíochtaí trasteorann agus ilnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht inchreidte a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe trasteorann agus ilnáisiúnta de thionscadail arna gcistiú ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil idirphlé sóisialta agus críochach fóinteach le leibhéal ard rannpháirtíochta na LRAnna, na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na bparlaimintí náisiúnta laistigh den chreat dlíthiúil náisiúnta bunriachtanach d’úinéireacht náisiúnta, do chur chun feidhme rathúil agus do chuntasacht dhaonlathach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannpháirtíocht neamhleor na ngeallsealbhóirí ábhartha uile i gcur chun feidhme agus i maoirseacht na dtionscnamh arna gcistiú ag RRF; á chur i bhfáth, go háirithe, nach féidir le réigiúin ná comhairlí cathrach a bheith ina bhfaighteoirí cinntí amháin, gan deis a thabhairt dóibh a dtuairimí a chur in iúl maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí lena ndéantar fíorathrú ar a gcríocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach straitéisí difreáilte a ghlacadh lena n-aithnítear éagsúlacht chultúrtha na réigiún éagsúil agus lena ndéantar a gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú seachas cur chuige aonchineálach nó cur chuige a oireann do chách a chur i bhfeidhm a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do na réigiúin bheagfhorbartha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí an t-idirphlé le geallsealbhóirí a neartú agus a úsáid ar bhealach níos dícheallaí toisc go bhféadfaidís tionscnaimh agus sásraí a bheidh ann amach anseo san Aontas agus ina Bhallstáit a spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gceanglaítear le Rialachán RRF faisnéis a thaispeáint go poiblí faoi thionscnamh an chistithe do thionscadail arna gcistiú ag an Aontas chun tacaíocht ó shaoránaigh na hEorpa a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur uirlis thábhachtach iad cruinnithe RRD chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, atá ríthábhachtach chun RRF a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á athdhearbhú go gcaithfear iarrachtaí breise a dhéanamh ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus inrianaitheacht úsáid chistí AE; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh sonraí atá ábhartha chun feidhmíocht a thomhas ar fáil agus go gcuirfear faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair ar bhealach níos fearr agus níos trédhearcaí; á chur i bhfáth gur cheart feabhas a chur ar an sásra aiseolais idir faisnéis feidhmíochta agus ceapadh nó coigeartú cláir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á mheas go bhféadfadh oiliúint agus fothú acmhainneachta níos fearr sna réigiún agus na húdaráis uile lena mbaineann, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta, dlús a chur le cur chun feidhme RRF agus a chur ar chumas na n-údarás cur chun feidhme oiriúnú, ar bhealach níos fearr, do chineál feidhmíochtbhunaithe RRF; á mheas go bhféadfadh breis cúnaimh a bheith tugtha ag an gCoimisiún  do na Ballstáit ag céim na pleanála agus  treoir ar an gcur chun feidhme a bheith soláthartha ag céim níos luaithe aige, go háirithe d’fhonn a gcórais iniúchóireachta agus rialaithe agus an ghné thrasteorann de RRF a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a mhaolú; á mholadh go n-úsáidfí córas comhtháite agus idir-inoibritheach TF agus mianadóireachta sonraí agus go bhforbrófaí caighdeáin shoiléire do thacair sonraí a bheidh le cur i bhfeidhm ar fud na mBallstát, d’fhonn rianú caiteachais cuimsitheach agus uathoibrithe a cheadú; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar shásraí comhordúcháin lena sainítear freagrachtaí soiléire i measc na gcomhlachtaí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na gclár éagsúil AE agus náisiúnta, agus castacht mhaorlathach nach bhfuil gá léi á seachaint agus leithdháileadh éifeachtúil cistí á áirithiú ag an am céanna; ag moladh go ndéanfaí ardanailísíocht sonraí agus uirlisí IS a chomhtháthú chun rianú, meastóireacht agus tuairisciú feidhmíochta a fheabhsú chun ualach oibre láimhe a mhaolú agus chun próisis tuairiscithe a chuíchóiriú; á chur i bhfios go láidir nach féidir dul chun cinn den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá tacaíocht oibríochtúil ann freisin chun riaracháin a dhigitiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tathant go láidir ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh aon chineál cistiúcháin FNLC AE nó cistiúcháin AE, atá bunaithe ar fheidhmíocht, rialacha AE agus rialacha náisiúnta, lena gcosnaítear leasanna airgeadais AE ar deireadh; ag athdhearbhú chuntasacht agus fhreagracht an Choimisiúin agus na mBallstát dlíthiúlacht agus rialtacht chistiú AE a áirithiú, chomh maith le hurraim do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mheas gur cheart ról na Parlaiminte maidir le faireachán a dhéanamh ar RRF a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rian iniúchóireachta aonair ag ionstraimí feidhmíochtbhunaithe amach anseo chun ranníocaíochtaí buiséid leis na tionscadail arna gcistiú a rianú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hiniúchóireacht ar leibhéal an tionscadail chun rioscaí clú a mhaolú i súile an phobail i gcoitinne agus chun aisghabháil cistí a éascú i gcás ina n-aisiompaítear bearta; á chur i bhfios go láidir gur gá scrogaill agus ualaí riaracháin a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á éileamh go ndéanfadh aon chláir fheidhmíochtbhunaithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo naisc níos soiléire idir na garspriocanna agus na spriocanna agus na tionscadail iarbhír atá á gcur chun feidhme; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh níos lú moille ann idir comhlíonadh na ngarspriocanna agus cur chun feidhme tionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh ardán oscailte ann ina mbeadh sonraí maidir leis na tionscadail uile, na faighteoirí deiridh uile agus dáileadh réigiúnach an chistithe, lena n-éascófaí,  uime sin, iniúchóireacht agus formhaoirseacht dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go n-urramódh aon chinntí buiséadacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le hiasachtaí an Aontais aontacht an bhuiséid agus ról Pharlaimint na hEorpa mar chuid den údarás buiséadach;  ag cur béim ar na rioscaí a bhaineann le róchaiteachas chun fiachas a aisíoc, a eascraíonn  as rátaí úis luaineacha; á mheas go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú ón tús go mbeidh cistiú leordhóthanach ar fáil chun na costais sin a chumhdach gan dochar a dhéanamh do chláir ná do thosaíochtaí polaitiúla eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú géar a dhéanamh ar ionstraimí agus uirlisí amhail RRF agus foghlaim uathu, chun éifeachtúlacht agus tionchar chistiú, infheistíochtaí agus athchóirithe AE a uasmhéadú, cuspóirí beartais a chuíchóiriú, comhar na n-institiúidí agus na ngeallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú, agus úinéireacht náisiúnta a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún leas a bhaint as taithí RRF agus a thograí á gceapadh aige do chláir chistiúcháin an Aontais tar éis 2027, a bhfuiltear ag súil leo níos déanaí i mbliana; á aithint go mbeidh an mheastóireacht neamhspleách <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ródhéanach chun cur leis an bpróiseas roimh an gcéad chlárthréimhse eile, ach ag dréim leis go dtabharfaidh an Coimisiún agus na comhreachtóirí aird chuí ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón RRF agus ar mholtaí na ngeallsealbhóirí ábhartha, go háirithe LRAnna, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta; á chreidiúint, mar phleananna AE maidir le hathléimneacht eacnamaíoch amach anseo, gur gá freisin infheistíocht phríobháideach a shlógadh tuilleadh, margaí caipitil a neartú agus a áirithiú go mbeadh freagracht fhioscach ann maidir le caiteachas poiblí agus go mbeadh sé spriocdhírithe go straitéiseach chun go mbeadh AE níos athléimní agus níos ceannasaí i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag éirí coinbhleachtúil i rith an ama;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>