<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0129</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0100/2025 -  Rapóirtéir:Ana Catarina Mendes)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 ar thuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2024/2078(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2, 3(1), 3(3), an dara fomhír, 4(3), 5, 6, 7, 11, 19 agus 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe do na hairteagail de a bhaineann le hurraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263, 265 agus 267,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach (COM(2024)0800), agus don iarscríbhinn a ghabhann leis an teachtaireacht seo ina bhfuil moltaí do na Ballstáit,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú (COM(2024)0690) agus do na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann léi (an Pacáiste um Méadú),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 5.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/692/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ionstraimí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR), an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (CERD), an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) agus an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRDP), an Dearbhú maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga moltaí agus na Moltaí ó Fhóram na Náisiún Aontaithe maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Mionlaigh agus do na moltaí agus tuarascálacha ó Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, agus cásdlí Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, agus do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus do Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheabhrán tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2024 maidir le tosaíochtaí an Aontais le haghaidh comhar le Comhairle na hEorpa 2025-2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta (COM(2017)0835), arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le sásra an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Feabhra 2018 ar chosaint agus neamh-idirdhealú i ndáil le mionlaigh i mBallstáit an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 463, 21.12.2018, lch. 21.</FIELD></FOOTNOTE>;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra ina n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an ann do riosca soiléir go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 13.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach an Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra an Aontais um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 maidir le tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> IO C 415, 13.10.2021, lch. 36.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh – milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 70.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le staid an smachta reachta san Aontas Eorpach agus cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht (AE, Euratom) 2020/2092<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 86.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 81, 18.2.2022, lch. 27.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le treoirlínte a chruthú chun an córas ginearálta coinníollachta a chur i bhfeidhm chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 146.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas: an úsáid mhíchuí a bhaintear as caingne faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost<FOOTNOTE><FIELD> IO C 205, 20.5.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis an meastóireacht ar bhearta coisctheacha chun éilliú, caiteachas neamhrialta agus mí-úsáid cistí an Aontais agus náisiúnta a sheachaint i gcás cistí éigeandála agus réimsí caiteachais a bhaineann le géarchéimeanna<FOOTNOTE><FIELD> IO C 251, 30.6.2022, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 347, 9.9.2022, lch. 168.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C 479, 16.12.2022, lch. 18.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus formheas féideartha phlean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 493, 27.12.2022, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2020 agus 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 80.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcinntear, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil riosca soiléir ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C 125, 5.4.2023, lch. 463.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an smacht reachta i Málta, 5 bliana tar éis fheallmharú Daphne Caruana Galizia<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le coireanna fuatha i gcoinne daoine LGBTIQ+ atá ag dul i méid ar fud na hEorpa i bhfianaise an dúnmharaithe homafóbaigh a tharla le déanaí sa tSlóvaic<FOOTNOTE><FIELD> IO C 149, 28.4.2023, lch. 22.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Samhain 2022 maidir le ceartas ciníoch, neamh-idirdhealú agus frithchiníochas san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 161, 5.5.2023, lch. 10.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 maidir leis an measúnú ar chomhlíonadh choinníollacha an smachta reachta ag an Ungáir faoin Rialachán maidir le Coinníollacht agus ar staid na himeartha maidir le RRP na hUngáire<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 74.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 30 Márta 2023 maidir le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta – staid an smachta reachta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 341, 27.9.2023, lch. 2.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2023 maidir leis an gcaidreamh institiúideach idir an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/442, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/442/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le ‘Tuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6743, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6743/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 28 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir le sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1223, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1223/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil óna Coiste Fiosrúcháin maidir le himscrúdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as Pegasus agus as earraí spiaireachta faireachais comhchosúla agus do mholadh uaithi an 15 Meitheamh 2023 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le húsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/494, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Iúil 2023 maidir leis an dlí toghcháin, an coiste imscrúdaitheach agus an smacht reachta sa Pholainn<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3995, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3995/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an smacht reachta i Málta: 6 bliana tar éis fheallmharú Daphne Caruana Galizia agus an gá atá le hiriseoirí a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2656, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2656/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2023 dar teideal Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha (JOIN(2023)0051),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2022 agus 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5739, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5739/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le liosta choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú ann<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5733, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5733/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Aibreán 2024 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir chun an smacht reachta agus a himpleachtaí buiséadacha a neartú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0367.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thabhairt i gcrích nós imeachta Airteagal 7 CAE i ndáil leis an bPolainn, mar a d’fhógair an Coimisiún an 29 Bealtaine 2024, tar éis bearta a rinne an Pholainn chun comhlíonadh chaighdeáin an Aontais maidir leis an smacht reachta a athbhunú;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 2262 (2019) an 24 Eanáir 2019 ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa maidir le cearta daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholtaí agus do thuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), ón gcomhar idir an tAontas agus ESCE maidir le daonlathú, forbairt institiúidí agus cearta an duine agus don tuarascáil bhliantúil ó ESCE maidir leis an bhfuathchoireacht, ina bhfuil gealltanas tugtha ag na stáit rannpháirteacha reachtaíocht a rith lena bhforáiltear do phionóis lena gcuirtear tromchúis na fuathchoireachta san áireamh, do bheart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú agus do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a thabhairt isteach nó a fhorbairt tuilleadh le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, oifigigh ionchúisimh agus bhreithiúnacha chun coireanna fuatha a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 17 Nollaig 2024 maidir le Dlí an Aontais a Fhorfheidhmiú (28/2024), an 22 Feabhra 2024 maidir leis an Smacht Reachta san Aontas Eorpach (03/2024), agus an 10 Eanáir 2022 maidir le tacaíocht an Aontais don smacht reachta sna Balcáin Thiar (01/2022), agus dá hathbhreithniú an 28 Feabhra 2024 ar thuairisciú an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta (02/2024), agus dá moltaí faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, a chuir Ursula von der Leyen, iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do shuirbhéanna Eorabharaiméadair 2024 maidir le héilliú, ina léirítear go bhfuil an t-éilliú fós ina ábhar mór imní do shaoránaigh agus do ghnólachtaí san Aontas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha aiseolais, na tuarascálacha misin, na ceisteanna agus na freagraí i scríbhinn óna Grúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha (DRFMG)<FOOTNOTE><FIELD> Maidir le gníomhaíochtaí uile faireacháin DRFMG, féach: https://www.europarl.europa.eu/committees/en/libe-democracy-rule-of-law-and-fundament/product-details/20190103CDT02662.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0100/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna coiteanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar luachanna iad atá i gcoiteann ag Ballstáit an Aontais agus a léirítear sa Chairt agus atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine; de bhrí gur cuid de dhlí príomha an Aontais í an Chairt; de bhrí gur luachanna iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a threisíonn a chéile, ar luachanna iad, nuair a bhaintear an bonn díobh, atá ina mbagairt chórasach ar chearta agus saoirsí na ndaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur léir ó Airteagal 49 CAE, lena bhforáiltear go bhféadfaidh aon stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas Eorpach, go bhfuil an tAontas comhdhéanta de stáit a bhfuil a dtiomantas léirithe dá ndeoin féin agus go deonach acu do na luachanna coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, a urramaíonn na luachanna sin agus a gheallann iad a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil dlí an Aontais, dá bhrí sin, bunaithe ar an mbonn bunúsach go bhfuil na luachanna céanna sin ag gach Ballstát agus atá ag na Ballstáit eile go léir, agus go n-aithníonn gach Ballstát go bhfuil na luachanna céanna ag na Ballstáit eile sin; de bhrí, leis an mbuntuiscint sin, go dtugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais a dhéanann iad a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim 2/13 ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Nollaig 2014, ECLI:EU:C:2014:2454, mír 168.</FIELD></FOOTNOTE>’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Meitheamh 2019, <STRING ITALIC="on">European Commission</STRING> v <STRING ITALIC="on">Republic of Poland</STRING>, C-619/18, ECLI:EU:C:2019:531, mír 42.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go gceanglaítear ar an mBallstát a áirithiú go gcuirfear cosc ar aon chúlchéimniú i gcosaint na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), an pobal dlíthiúil, comhlachais, na meáin neamhspleácha agus gluaiseachtaí pobail ina mbunchloch den smacht reachta i gcónaí trí thrédhearcacht, cuntasacht agus rannpháirtíocht na saoránach i bpróisis dhaonlathacha a chur chun cinn; de bhrí go raibh ról lárnach ag na gníomhaithe sin maidir le neamhspleáchas breithiúnach, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus luachanna bunreachtúla eile a choimirciú, ar minic iad ag feidhmiú faoi shrianta polaitiúla agus dlíthiúla atá ag dul i méid;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuireann prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 4(3) CAE oibleagáid ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh agus lánurraim fhrithpháirteach a thabhairt dá chéile i gcomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí agus go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart iomchuí a ghlacadh, go ginearálta nó go háirithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó a thagann ó ghníomhartha institiúidí an Aontais; de bhrí gur cheart do na Ballstáit staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí, léiríodh gur cheap 74 % de na freagróirí go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas ó thaobh an smacht reachta a chaomhnú agus gur chreid 89 % acu go bhfuil sé tábhachtach go n-urramóidh Ballstáit uile an Aontais bunluachanna an Aontais. de bhrí, sa chomhthéacs domhanda eacnamaíoch agus polaitiúil reatha, gur gné ríthábhachtach é muinín na saoránach as an smacht reachta agus athléimneacht na ndaonlathas ar leibhéal an Aontais a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach mór aontachas le AE a bheith faoi réir nós imeachta atá bunaithe ar fhiúntas i gcónaí ina ndéantar measúnú i dtaobh an gcomhlíonann gach iarratasóir critéir Chóbanhávan, go háirithe iad siúd lena ráthaítear lánurraim do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta, chun a áirithiú go ndéantar an tAontas agus a mhargadh aonair a neartú seachas a lagú le méadú an Aontais; á mheabhrú go bhfuil ról bunúsach ag an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais mar ionstraim de chuid an Aontais chun tacú leis an smacht reachta, leis an daonlathas agus le cearta an duine i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, lena n-áirítear institiúidí daonlathacha agus ESSanna a neartú, chomh maith le dul chun cinn i ndea-rialachas agus an comhrac i gcoinne an éillithe, neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne a chur chun cinn agus a chosaint agus cumais a neartú chun coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Neamhspleáchas na mbreithiúna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur prionsabal bunúsach den smacht reachta é ceartas cothrom agus inrochtana a éilíonn breithiúnacht neamhspleách; á athdhearbhú go bhfuil rochtain ar an gceartas bunriachtanach do shaoránaigh chun cearta a fheidhmiú, chun dúshlán a thabhairt don idirdhealú agus chun cinnteoirí a thabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil córais dlí náisiúnta láidre fíor-riachtanach sna Ballstáit, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, ós rud é go mbraitheann an Coimisiún ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú, agus go bhfuil siad bunriachtanach don chomhar breithiúnach ar fud an Aontais agus chun muinín fhrithpháirteach a chothú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé go bhféadfadh roinnt córais bhreithiúnacha a bheith láidir ar pháipéar, rud nach bhfuil ag teacht le fírinne an scéil i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le neamhchlaontacht na mbreithiúna; á mheabhrú nach mór ceapachán agus ardú céime breithiúna a chinneadh de réir a gcáilíochtaí amháin agus a bheith saor ó thionchar breithnithe polaitiúla nó pearsanta, ós rud é go bhfuil na breithiúna bunriachtanach chun neamhspleáchas breithiúnach a choimirciú; á mheabhrú nach mór na critéir maidir le hainmniúcháin agus ceapacháin chuig poist bhreithiúnacha ardleibhéil a bheith go hiomlán trédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag comhairlí náisiúnta na mbreithiúna chun neamhspleáchas breithiúnach a choimirciú; á mheas gur gá meastóireacht a dhéanamh ar na hathchóirithe atá á nglacadh i mBallstáit éagsúla agus á mholadh go ndéanfaí comhdhéanamh agus feidhmiú na gcomhlachtaí sin a oiriúnú do na caighdeáin atá leagtha síos ag an gCoimisiún agus ag Comhairle na hEorpa, agus atá formhuinithe ag CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina thuarascálacha amach anseo ar an smacht reachta, béim ar leith a leagan ar róil, struchtúir agus feidhmiú chomhairlí breithiúnacha náisiúnta na mBallstát, mar chuid dá mheasúnú ar neamhspleáchas breithiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios gur príomhghné í an tseirbhís ionchúisimh d’acmhainneacht Ballstáit chun an choireacht agus an t-éilliú a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi aon chur isteach rialtais nó polaitiúil ar imscrúduithe éillithe agus á mheabhrú go bhfuil gach duine faoi réir an dlí; ag cáineadh mhí-úsáid an chórais bhreithiúnaigh chun críoch polaitiúil, lena n-áirítear géarleanúint ar lucht freasúra polaitiúil agus cur isteach ar imscrúduithe éillithe; á chur i bhfáth go ndéanann ionchúisimh arb í an pholaitíocht is cúis leo agus dlíthe maithiúnais agus nósanna imeachta maithiúnais arna spreagadh ag leasanna polaitiúla an bonn a bhaint ó mhuinín an phobail as prionsabail bhunreachtúla agus as caighdeáin an Aontais; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé uathriail agus neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh a ráthú, lena gcuirtear cosc, dá bhrí sin, ar aon chur isteach polaitiúil ina cuid oibre, go háirithe ón rialtas; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról na bpróiseas ceapacháin trédhearcach ina phríomhthoisc d’ionchúisitheoirí chun muinín an phobail as an gceartas coiriúil a choimeád; á thabhairt chun suntais gur cúis bhuartha di na hionsaithe leanúnacha ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí atá i mbun imscrúduithe polaitiúla ardphróifíle a bhaineann le cásanna éillithe agus mí-úsáide cumhachta a dhéantar i gcoinne freasúraí polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh go láimhseálfadh comhlachtaí neamhspleácha atá saor ó thionchar polaitiúil nósanna imeachta araíonachta do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí agus, i gcás inar gá, go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras nósanna imeachta araíonachta chun cosc a chur ar a n-úsáid ag údaráis pholaitiúla chun na breithiúna a rialú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún maoirseacht leanúnach a choinneáil ar bun, lena n-áiritheofaí go bhfanfadh breithiúna agus ionchúisitheoirí neamhspleách ar na húdaráis atá freagrach as iad a cheapadh nó a athcheapadh; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cúlú an smachta reachta i réimsí an neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus na rochtana ar cheartas agus freagairt go mear dóibh, i gcomhréir le prionsabal an neamh-chúlchéimnithe mar a shoiléirítear i gcásdlí CBAE le déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhionn an Coimisiún go bhfuil dúshláin struchtúracha ann maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht, inrochtaineacht agus cáilíocht bhreithiúnacht roinnt Ballstát<FOOTNOTE><FIELD> COM(2024)0800, Iarscríbhinn ina bhfuil moltaí, lgh. 1, 9, 11, 19 agus 24.</FIELD></FOOTNOTE> agus na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha; ag tabhairt dá haire gur fhionn an Coimisiún go bhfuil acmhainní breise leithdháilte ag roinnt Ballstát chun athléimneacht na gcóras ceartais a neartú chun réiteach tráthúil cásanna a áirithiú agus riaráistí a laghdú, agus go bhfuil dúshláin fós ag baint le leibhéil luacha saothair i mBallstáit eile, rud a fhágann go mbíonn ganntanais agus folúntais ann go minic; ag tabhairt dá haire gur féidir le tearcmhaoiniú agus tearclíon foirne an bonn a bhaint ó inrochtaineacht agus ó éifeachtacht na gcóras breithiúnach, rud a chreimeann muinín as an smacht reachta; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil luach saothair leormhaith bunriachtanach chun pearsanra breithiúnach cáilithe a mhealladh agus a choinneáil; á chreidiúint go láidir gur príomhghné í an oiliúint a rathaíonn neamhspleáchas na mbreithiúna, chomh maith le cáilíocht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh; á chur in iúl gur gné thábhachtach de staid an smachta reachta agus d’imeachtaí cothroma iad nósanna imeachta breithiúnacha a dhéantar laistigh de thréimhse réasúnta ama; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go léirítear leis an scórchlár ceartais neamhréireachtaí suntasacha ar fud limistéar dlíthiúil an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag moladh do na Ballstáit deiseanna oiliúna a áirithiú do bhreithiúna; á chreidiúint go láidir gur cheart go mbeadh an oiliúint ildisciplíneach, agus béim ar leith á leagan ar chomhionannas inscne; á athdhearbhú go bhfuil acmhainní leormhaithe, lena n-áirítear cistiú, bonneagar agus pearsanra cáilithe, ríthábhachtach d’éifeachtúlacht agus d’inrochtaineacht an chórais ceartais; ag aithint ról fhoireann na cúirte, lena n-áirítear nótairí, in go leor Ballstát; á iarraidh ar na Ballstáit uile obair leantach a dhéanamh ar chásanna éillithe laistigh de theorainn réasúnta ama ionas nach gcothófaí braistint i measc a saoránach go bhfuil siad saor ó phionós; á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digitiú chun nósanna imeachta agus próisis a shimpliú, éifeachtúlacht agus inrochtaineacht a fheabhsú, am a shábháil agus costais stórála a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá córais bhreithiúnacha neamhspleácha agus rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce chun rochtain chomhionann ar cheartas a áirithiú; á athdhearbhú go bhfuil acmhainní leormhaithe, lena n-áirítear bonneagar agus pearsanra, ríthábhachtach chun córais cheartais a fheabhsú; á mholadh do na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar rochtain ar cheartas do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha, lena n-áirítear córais fheabhsaithe cúnaimh dhlíthiúil agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní teanga agus ar bhearnaí digiteacha a chistítear go leormhaith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú go luaitear i dTuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha fós ann maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna san Ungáir agus go bhfuil tionchar polaitiúil fós ar an tseirbhís ionchúisimh, agus go bhfuil an baol ann go gcuirfear isteach go míchuí ar chásanna aonair, agus go bhfuil saoirse cainte breithiúna fós faoi bhrú agus go leantar d’fheachtais chlúmhillte i gcoinne breithiúna sna meáin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an ról lárnach atá ag CBAE maidir leis an smacht reachta a chaomhnú ar fud an Aontais; ag tacú le tionscnaimh bhreise chun acmhainní agus cumais CBAE a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin bhreise maidir leis an smacht reachta; á athdhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 19 CAE agus Airteagal 267 CFAE, nach féidir bac a chur ar chúirteanna náisiúnta ó úsáid a bhaint as an bhféidearthacht tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig CBAE; á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil chórasach a dhéanamh ina leith sin mar chuid dá thuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta, agus tús a chur le himeachtaí um shárú i gcásanna ina mbíonn constaicí nó bacainní roimh bhreithiúna náisiúnta ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an treocht ina bhfuil roinnt Ballstát ag cur breithiúnais CBAE agus ECtHR i bhfeidhm go roghnaitheach, ag cur moill orthu nó ag mainneachtain iad a chur chun feidhme agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach iad; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais an cásdlí is déanaí ó CBAE a chomhtháthú agus a chur chun feidhme go córasach chun seasamh leis an smacht reachta agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht náisiúnta agus creataí institiúideacha a oiriúnú go mear chun rialuithe cúirte a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) mar institiúidí dlínse bunriachtanacha, neamhspleácha agus neamhchlaonta ag am atá thar a bheith dúshlánach don cheartas idirnáisiúnta; á mheabhrú gur gá orduithe na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha leanúint de thacaíocht a thabhairt don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a fhreagracht a chomhlíonadh maidir le bunluachanna an Aontais a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear iad siúd a leagtar síos in Airteagal 2 CAE agus i ndlí príomha an Aontais, agus gan brath ach ar shaoránaigh atá ag dul chun cúirte iad féin chun cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil neamhchur chun feidhme breithiúnas intíre agus idirnáisiúnta ag sárú an smachta reachta agus go bhfuil an baol ann go bhfágfar daoine gan leigheas agus gur féidir leis dearcadh a chruthú i measc an phobail gur féidir neamhaird a thabhairt ar bhreithiúnais, rud a bhaineann an bonn ón muinín ghinearálta as breithiúnas cothrom; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunúsach ag CBAE agus ag ECtHR maidir le hurraim don dlí a áirithiú agus aonfhoirmeacht a ráthú ina chur i bhfeidhm; ag moladh spriocdhátaí soiléire a leagan síos chun rialuithe cúirte a chur chun feidhme, chomh maith le plean faireacháin mionsonraithe chun breithiúnais atá ar feitheamh a chur chun feidhme; ag tathant ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a sheoladh más gá, mar aon le tairiscintí i gcomhair bearta eatramhacha; á iarraidh ar na Ballstáit breithiúnais CBAE agus ECtHR atá ar feitheamh a chur chun feidhme go mear agus á mholadh go mbunófaí aonad faireacháin chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rialuithe CBAE agus ECtHR a bhaineann leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha i dtíortha an Aontais, agus torthaí an aonaid faireacháin a chomhtháthú go hiomlán sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta; ag moladh don Choimisiún, go háirithe, gníomhaíocht a dhéanamh maidir le mainneachtain breithiúnais CBAE a chur chun feidhme faoi Airteagal 260(2) CFAE agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a chur i bhfeidhm i gcásanna neamhchomhlíonadh bhreithiúnais CBAE agus ECtHR i gcás ina ndéanann an sárú a shainaithnítear difear do bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais nó ina bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear dóibh; á chur i bhfáth nach mór pionóis airgeadais inláimhsithe a bheith i gceist le neamhchomhlíonadh córasach dhlí an Aontais chun fíorbhacadh a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas i dtaobh an bhfuil gá le himeachtaí mar gheall ar mhainneachtain gníomhú faoi Airteagal 258 CFAE mar gheall ar mhoilleanna nó neamhchomhlíonadh na rialuithe sin; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chórasach a dhéanamh ar shonraí maidir le neamhchomhlíonadh tuairimí tírshonracha Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun bearnaí dlíthiúla a dhúnadh, lena n-áirithítear gur féidir le híospartaigh rochtain a fháil ar cheartas agus tacaíocht a fháil; á iarraidh ar an gComhairle a áireamh a mhéid is féidir ó shainordú Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear ceart íospartach athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí in imeachtaí coiriúla, ar rochtain ar leigheasanna dlíthiúla agus cúiteamh cothrom, agus ar sheirbhísí tacaíochta cuimsitheacha, go háirithe dóibh siúd atá i staideanna leochaileacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bailiú éifeachtach sonraí, leithdháileadh acmhainní a fheabhsú le haghaidh cúnamh d’íospartaigh agus príobháideachas agus sonraí pearsanta íospartach a chosaint chun íospairt thánaisteach a chosc agus chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh, lena n-áirítear imircigh agus iarrthóirí tearmainn gan doiciméid, coireanna a thuairisciú go sábháilte; ag dréim leis go nglacfaidh comhreachtóirí réitigh atá dírithe ar íospartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag forfheidhmiú an dlí chun an smacht reachta a chaomhnú agus cearta bunúsacha a chosaint; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú, oiliúint agus acmhainní daonna leormhaithe a áirithiú do na póilíní agus do ghníomhaireachtaí eile um fhorfheidhmiú an dlí; á iarraidh ar na Ballstáit Cód Eitice Póilíneachta Chomhairle na hEorpa a chur san áireamh ina leith sin; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór aon úsáid fornirt a bheith fíor-riachtanach, comhréireach agus faoi réir coimircí soiléire; á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte a thabhairt isteach maidir le próiseas roghnúcháin, tástála agus trialach atá trédhearcach, neamhspleách agus comhsheasmhach do na hairm a úsáideann gníomhairí um fhorfheidhmiú an dlí, bunaithe ar chaighdeáin, ar mholtaí agus ar threoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcinnfí leis an measúnú sin go bhfuil na hairm sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine sula ndéanfar iad a roghnú agus a imscaradh; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar úsáid iomarcach fornirt agus ar láimhseáil idirdhealaitheach ag gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, mar ábhar imní maidir leis an smacht reachta, na dálaí i bpríosúin a áireamh i dtuarascálacha amach anseo maidir leis an smacht reachta, i bhfianaise na n-ábhar imní tromchúiseach atá ag dul i méid ar fud na hEorpa maidir le plódú, dálaí maireachtála neamhleora agus rátaí scáfara an fhéinmharaithe laistigh de phríosúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar anailís a dhéanamh ar cheartas nós imeachta d’fhonn láidreachtaí, bearnaí, neamhréireachtaí agus dea-chleachtais a shainaithint chun trédhearcacht, éifeachtúlacht agus cóir chothrom a áirithiú chun ceartas riaracháin a neartú ar fud an Aontais, mar bhealach chun cuntasacht na n-údarás poiblí a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat frithéillithe </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth go gceanglaítear leis an smacht reachta nach féidir le daoine a shealbhaíonn oifig phoiblí gníomhú go treallach ná mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht chun sochair phearsanta; á chur i bhfios go láidir gur cheart do rialtais dlíthe a ghlacadh ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne seachas ar mhaithe le daoine aonair ar leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á athdhearbhú gur bagairt thromaí é an t-éilliú ar an daonlathas, ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta sna Ballstáit, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur i bhfios go láidir go gcreimeann éilliú muinín na saoránach sna hinstitiúidí poiblí; á chur in iúl gur saoth léi go léirítear in Eorabharaiméadar 2024 ar an éilliú go bhfuil an t-éilliú fós ina ábhar mór imní do shaoránaigh agus do ghnóthaí AE, agus go measann 68% de mhuintir na hEorpa go bhfuil an t-éilliú forleathan ina dtír féin, go gcreideann 65% díobh nach ndéantar cásanna éillithe ardleibhéil a shaothrú go leordhóthanach agus go gcreideann 41% go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal an éillithe; á mheas gur iarraidh é sin ar AE dlús a chur lena iarrachtaí an t-éilliú a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún an chaibidlíocht maidir le ballraíocht AE i nGrúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) a chríochnú go pras; ag tabhairt dá haire go n-áiritheofar leis an mballraíocht sin trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht níos fearr i mbainistiú chistí AE, sa phróiseas reachtach agus in obair institiúidí AE agus á éileamh go gcumhdófar institiúidí AE sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit uile cód iompair a ghlacadh do bhreithiúna tar éis mholtaí GRECO, agus na cóid is infheidhme ag an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus CBAE á gcur i gcuntas; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí neamhspleácha a chruthú chun sáruithe líomhnaithe ar an gcód iompair agus ar dhlíthe eile a imscrúdú, chun nochtadh agus trédhearcacht a fheabhsú maidir le coinbhleachtaí leasa agus bronntanais a fhaigheann na breithiúna, agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ndoirse imrothlacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha, agus ar institiúidí AE trédhearcacht agus cuntasacht in institiúidí poiblí a fheabhsú trí chreataí dlíthiúla agus próisis tuairiscithe frithéillithe agus coinbhleachta inniúlachta a neartú chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach cásanna éillithe a áirithiú, cásanna éillithe ardleibhéil (inter alia iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí agus iad siúd a bhaineann le réimsí ardriosca amhail calafoirt nó teorainneacha talún), sásraí agus comhlachtaí formhaoirseachta agus neamhspleáchas san áireamh agus feidhmiú cuí na ngníomhaireachtaí láithreacha a threisiú, cosaint do sceithirí a chothú, creataí ionracais agus brústocaireacht reachtaíochta a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn ábhartha atá déanta agus á chur i bhfáth gur gá ciontuithe deiridh agus pionóis dhíspreagthacha chun fíorthiomantas a léiriú chun dul i ngleic leis an éilliú; á iarraidh ar na Ballstáit trédhearcacht agus cuntasacht na ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chinntiú, lena n-áirítear cláir bhrústocaireachta éigeantacha agus sásraí ‘lorg reachtach’ a bhunú nó a fheabhsú chun tionchar gníomhaíochtaí brústocaireachta ar phróisis reachtóireachta a rianú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint ról tábhachtach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) le linn an smacht reachta a choimirciú agus an t-éilliú a chomhrac laistigh de AE; ag gríosadh an Choimisiúin dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéal comhair na mBallstát le OIPE; ag tacú le treisiú chumhachtaí faireacháin agus comhordaithe OIPE d’fhonn a chumas chun an t-éilliú a chomhrac sna Ballstáit a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh, faoi Airteagal 86(4) CFAE, go leathnófaí sainordú OIPE chun timpeallú bhearta sriantacha AE agus ar choireanna comhshaoil trasteorann a sheachaint, agus chun dlús a chur leis an athbhreithniú ar Rialachán OIPE<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus ar an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise ar leasanna airgeadais AE tríd an dlí coiriúil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun príomhinniúlacht OIPE a choimirciú agus a shoiléiriú maidir le cionta éillithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE nó arna ndéanamh ag oifigigh AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit uile nach ndearna fós é dul isteach in OIPE chun éifeachtacht an chomhraic i gcoinne an éillithe a fheabhsú, go háirithe i ndáil le cistí AE a chosaint; á iarraidh ar gach tír is iarrthóir agus tír is iarrthóir ionchasach creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach le OIPE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar chomhlachtaí Eorpacha amhail Europol, Eurojust, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, OIPE agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a gcomhar sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus na calaoise a dhéanann difear d’airgeadas AE a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú ina chuid cumarsáidí, cuairteanna agus cruinnithe uile, go háirithe le gníomhaithe náisiúnta ardleibhéil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir leis an éilliú a chomhrac a chomhoiriúnaíonn an sainmhíniú ar chionta éillithe san earnáil phoiblí agus phríobháideach agus na pionóis chomhfhreagracha; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear bearta coisctheacha, lena n-áirítear ar mhaoiniú agus ar oiliúint pholaitiúil aindleathach, sa treoir maidir leis an éilliú a chomhrac, amhail rialacha éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a nochtadh agus a bhainistiú, rochtain oscailte ar fhaisnéis agus rialacha éifeachtacha lena rialaítear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus phoiblí; á iarraidh ar na Ballstáit rialacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm chomh maith chun aghaidh a thabhairt ar dhoirse imrothlacha, cóid iompair a bhunú d’oifigigh phoiblí, lorg reachtach poiblí a bhunú, agus trédhearcacht a áirithiú i gcistiú iarrthóireachtaí d’oifigigh phoiblí thofa agus do pháirtithe polaitiúla; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil straitéisí frithéillithe i bhfeidhm anois ag na Ballstáit uile beagnach;  á chur in iúl gur oth léi, ag an am céanna, nach ionann an cur chun feidhme agus an éifeachtacht; á iarraidh ar na Ballstáit nach ndearna fós é straitéisí frithéillithe láidre agus éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé íospartaigh an éillithe a shainaithint, fógra a thabhairt dóibh, ionadaíocht a dhéanamh orthu agus iad a chomhordú; á iarraidh ar na Ballstáit íospartaigh an éillithe a chosaint agus cumasú dóibh a dtuairimí agus a n-ábhair imní a chur i láthair agus a mheas ag céimeanna iomchuí le linn imeachtaí coiriúla; á iarraidh ar na Ballstáit a chinntiú go mbeidh an ceart ag íospartaigh an éillithe cúiteamh leordhóthanach agus comhréireach a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí, ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí uile AE a mbearta frithéillithe a neartú maidir le coinbhleachtaí leasa a nochtadh agus a bhainistiú, rochtain oscailte ar fhaisnéis, rialacha lena rialaítear idirghníomhaíocht institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE leis an earnáil phríobháideach, doirse imrothlacha agus an cód iompair d’oifigigh phoiblí; á mheas, le linn a dtéarma oifige, nár cheart d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa dul i mbun taobhghníomhaíochtaí íoctha le heagraíochtaí brabúis nó le gnóthaí atá ag iarraidh tionchar a imirt ar cheapadh beartais AE
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag aithint róil ríthábhachtach na sceithirí le linn éilliú a nochtadh agus trédhearcacht a chur chun cinn sna hearnálacha poiblí agus príobháidí araon; á chur i bhfáth gur gá na sceithirí a chosaint ar dhíoltas agus ar chiapadh; á iarraidh go ndéanfaí údaráis cosanta neamhspleácha agus uathrialacha do sceithirí a neartú tuilleadh agus a chomhtháthú tuilleadh i gcreataí náisiúnta frithéillithe níos leithne, lena n-áirithítear cur chuige aontaithe agus láidir chun an t-éilliú a chomhrac ar fud na mBallstát uile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iolrachas agus saoirse na meán</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh chun meáin shaora, neamhspleácha agus iolraíocha agus timpeallacht shábháilte agus chumasúcháin d’iriseoirí amhail an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1083/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun cinn agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras é; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha an trédhearcacht a fheabhsú i leithdháileadh na fógraíochta stáit ar líne agus as líne agus na moltaí atá i Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile na meán san Aontas Eorpach a leanúint; á iarraidh ar an gCoimisiún an cúnamh is gá a chur ar fáil do na Ballstáit chun EMFA a thrasuí sa dlí náisiúnta, agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme, go háirithe i mBallstáit áirithe nach bhfuil go maith ó thaobh na saoirse de; á chur i bhfios go láidir gur garsprioc ríthábhachtach é EMFA le linn neamhspleáchas, iolrachas agus sláine thírdhreach na meán ar fud an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na hionsaithe atá ag méadú ar iriseoirí agus ar fhoilsitheoirí, a bhfuil tionchar díréireach acu ar mhná; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha sábháilteacht agus cosaint iriseoirí a áirithiú, lena n-áirítear iriseoirí iniúchacha agus seiceálaithe fíricí atá nochta go mór; á thabhairt chun suntais go n-áirítear ar na saghsanna bagartha is coitianta ionsaithe ó bhéal, ciapadh ar líne, imeaglú trí na meáin shóisialta agus trí ríomhphost, agus bagairtí dlíthiúla, lena n-áirítear cásanna a chlúdaítear leis an Treoir Frith-SLAPP (‘cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail’),<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte maslacha (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (IO L, 2024/1069, 16.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1069/oj).</FIELD></FOOTNOTE>chomh maith le cásanna stalcaireachta agus ciaptha phearsanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit Treoir Frith-SLAPP agus Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a ghabhann de rannpháirtíocht an phobail a chosaint ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó maslach<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 138, 17.5.2022, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/758/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme go hiomlán, agus bearta cuimsitheacha intíre frith-SLAPP a ghlacadh chun iriseoirí a chosaint agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil imeaglú, clúmhilleadh agus teorainneacha orthu ar a gcumas a ngairm a chleachtadh; á mholadh, agus an treoir á trasuí, go leathnódh na Ballstáit a feidhm chun cásanna náisiúnta a áireamh chomh maith, ó tharlaíonn formhór na gcásanna SLAPP ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar chásanna SLAPP nach gcumhdaítear faoin Treoir reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach imthosca géaraitheacha sonracha sa dlí coiriúil i gcás cionta a dhéantar i gcoinne iriseoirí nuair a spreagann a ngníomhaíochtaí gairmiúla na gníomhartha sin nó nuair a bhaineann siad leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha saoirse agus iolrachas na meán a chosaint agus a chur chun cinn, leithdháileadh trédhearcach cistí poiblí a áirithiú, comhchruinniú úinéireacht na meán a chosc, neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint agus bréagaisnéis a chomhrac, go háirithe trí dhlíthe láidre, lena n-áirítear forálacha sonracha ar thrédhearcacht úinéireacht na meán, agus rialtóirí neamhspleácha; á chur i bhfios go láidir ról tábhachtach na meán seirbhíse poiblí; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta chun clárlann do na meáin a chruthú ina mbeidh faisnéis phoiblí faoi úinéireacht agus infheistíocht fógraíochta chun trédhearcacht, neamhchlaontacht agus infhíoraitheacht a chinntiú; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit cistiú leormhaith, inbhuanaithe agus intuartha agus cobhsaíocht bhuiséadach a chinntiú bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla do na meáin seirbhíse poiblí; á mholadh go gcruthófaí ciste tiomnaithe AE do shaoirse na meán lena dtacófaí leis an iriseoireacht neamhspleách agus le heagraíochtaí na meán áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cáineadh scaipeadh na fuathchainte, lena n-áirítear sna meáin lárshrutha agus shóisialta, ós bagairt thromaí í ar an daonlathas agus ar an smacht reachta; á iarraidh go ndéanfaí rialacháin na meán a fhorfheidhmiú ar shlí níos láidre chun an fhuathchaint a chomhrac agus chun tírdhreach éagsúil agus cuimsitheach na meán a choimirciú, i gcomhréir le rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach; á chur i bhfios go láidir nach mór do dhaoine agus do pholaiteoirí mór le rá sa phobal dea-shampla a thabhairt agus gur gá díospóireacht mheasúil a chinntiú; á mheabhrú gur bunluach de shochaithe daonlathacha í an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus nár cheart í a shrianadh gan údar; á mheabhrú, thairis sin, gur cheart aon reachtaíocht maidir leis an bhfuathchaint agus leis an bhfuathchoireacht a bheith bunaithe ar phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta; á chur i bhfios go láidir nach mór an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú laistigh den dlí agus i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chairt agus nár cheart leas a bhaint aisti mar chosaint ar an bhfuathchaint agus ar fhuathchoireanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á aithint go mbraitheann saoránaigh comharthaí den daonlathas á chreimeadh toisc na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, agus go bhféadfadh gur chúis le creimeadh na hurraime ginearálta don smacht reachta é scaipeadh na faisnéise bréagaí trí na meáin shóisialta; á iarraidh ar na hardáin dhigiteacha gníomhú láithreach trína chinntiú go gcomhlíonfar a gcaighdeáin chomhphobail féin agus a ndlíthe Eorpacha féin, lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> (DSA) agus rialacha iomaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin agus bearta a dhéanamh i gcás inar gá; á mholadh do na Ballstáit, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha straitéisí cuimsitheacha a fhorbairt chun an bhréagaisnéis agus an cur isteach eachtrach ar phróisis dhaonlathacha a chomhrac, agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus iolrachas na meán á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cáineadh go láidir an rialaithe stáit agus an chur isteach polaitiúil ar oibríochtaí na meán; á thabhairt chun suntais nach mór cosaint leormhaith a thabhairt do rialtóirí na meán le coimircí dlíthiúla chun a neamhspleáchas agus a saoirse ó bhrú polaitiúil a chinntiú, agus acmhainní buiséadacha leordhóthanacha ar fáil dóibh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht dhaonlathach ag rialtóirí neamhspleácha na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di mí-úsáid earraí spiaireachta agus an easpa coimircí leordhóthanacha i gcoinne faireachas neamhdhleathach ar iriseoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí ó Choiste Fiosrúcháin PEGA na Parlaiminte ar  fhaireachas a chosc lena bhfuil údar polaitiúil a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit a chinntiú nach dtabharfar isteach le trasuí Threoir (AE) 2016/343<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/343/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le toimhde na neamhchiontachta srianta ar an gceart tuairisciú ar ábhair a bhaineann le leas an phobail agus an pobal a chur ar an eolas fúthu, imscrúduithe breithiúnacha san áireamh, nach bhforáiltear dóibh sa Treoir; á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú ar na forálacha náisiúnta láithreacha a d’fhéadfadh saoirsí iriseoireachta a theorannú agus, más gá, iad a mhodhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a chinntiú go mbeidh na comhordaitheoirí náisiúnta arna mbunú faoi DSA lánchumhachtaithe chun a ról a chomhlíonadh le linn malartú faisnéise agus comhar a éascú ar an leibhéal Eorpach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aontú le measúnú an Choimisiúin go bhfuil ESSanna, lena n-áirítear iad siúd a thacaíonn leis an smacht reachta agus leis an daonlathas, le cosaint grúpaí imeallaithe, le cosaint an chomhshaoil agus leis an gceartas sóisialta, agus le cosantóirí chearta an duine bunriachtanach do chóras srianta agus ceartúchán agus do chosaint luachanna bunúsacha agus dhlí an Aontais ar bunchloch de chuid an Aontais iad; á chur in iúl gur mór aici go dtacaíonn ESSanna agus comhlachais ghairmiúla a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí amhail breithiúna, ionchúisitheoirí nó iriseoirí leis an smacht reachta; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, tábhacht na sochaithe sibhialta beoga áitiúla i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, ag a bhfuil ról cuiditheach i bpróisis aontachais AE; ag aithint a róil mar fhorais faire i gcoinne sáruithe ar an smacht reachta agus a rannchuidiú le prionsabail dhaonlathacha a chur chun cinn agus a choimirciú; á mheabhrú gur gá timpeallacht shábháilte, thacúil agus chumasúcháin dá gcuid oibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt chun suntais ról na sochaí sibhialta agus comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme mholtaí Thuarascáil 2024 ar an Smacht Reachta, agus ar chur chun feidhme na moltaí sin a fhíorú agus tacú leo; á iarraidh go mbeadh creat struchtúrtha idirphlé shibhialta ann chun rannchuidiú na sochaí sibhialta a chomhtháthú i dtimthriall bliantúil an smachta reachta, mar a mhol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim ó CESE an 14 Feabhra 2024 dar teideal ‘Strengthening civil dialogue and participatory democracy in the EU: a path forward’ [An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas Eorpach a neartú: conair chun tosaigh].</FIELD></FOOTNOTE> agus líonraí na sochaí sibhialta<FOOTNOTE><FIELD> Sochaí Shibhialta na hEorpa, ‘Joint Civil Society Contribution on Civic Space to the 2024 Annual Rule of Law Report’ [Rannchuidiú Comhpháirteach na Sochaí Sibhialta maidir le Spás Sibhialta le Tuarascáil Bhliantúil 2024 ar an Smacht Reachta], Meitheamh 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á athdhearbhú a thábhachtaí atá comhairliúchán leathan agus an tuarascáil á dréachtú; ag tacú le plean an Choimisiúin chun straitéis a dhréachtú ar an spás don tsochaí shibhialta agus do CCDanna ar a gcosaint; á mholadh go gcuirfí Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine chun feidhme go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit ar an láthair nuair is féidir, seachas go fíorúil, ó d’fhéadfadh cuairteanna ar an láthair léargas níos iomláine agus níos comhthéacsúla a thabhairt ar an staid áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl gur cúis imní di treocht mhéadaitheach ESSanna agus CCDanna a bhfuil tuilleadh srianta dlíthiúla, easpa cistithe agus ionsaithe rompu, a bhaineann an bonn den tsaoirse comhlachais, den tsaoirse comhthionóil agus den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur fhorchuir roinnt Ballstát agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha bearta díréireacha, úsáid iomarcach fornirt agus coinneáil agóideoirí san áireamh chun cosc a chur ar dhaoine páirt a ghlacadh in agóidí i roinnt Ballstát, chomh maith le toirmisc réamhghabhálacha ar chruinnithe poiblí ar fhorais dhoiléire na slándála; á chur i bhfáth go bhfuil na toirmisc sin cealaithe ag na cúirteanna i roinnt cásanna; ag cáineadh go láidir úsáid ‘dlíthe na ngníomhairí eachtracha’, a shrianann easaontú, a chiapann ESSanna agus a shrianann a n-oibríochtaí, lena gcruthaítear éifeacht athchomhairleach ar an tsochaí shibhialta agus ar CCDanna; á chur in iúl gur oth léi gur minic tionchar díréireach ag srianta ar shaoirse comhthionóil, chun tuairimí a nochtadh agus ar an tsaoirse comhlachais agus ar úsáid fornirt iomarcaigh ar chúiseanna sonracha nó ar ghrúpaí sonracha;<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais  Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ‘Addressing racism in policing’ [Aghaidh a thabhairt ar an gciníochas sa phóilíneacht], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth gur cearta bunúsacha iad comhthionól síochánta, saoirse comhlachais agus tuairimí a nochtadh, agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a chosnaítear leis an dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil siad bunriachtanach don daonlathas; ag cáineadh an bhrú mhéadaithe ar na cearta sin, i gcás ina gcruthófar, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil claonadh ann iad a shrianadh; ag cáineadh chomh maith, sa chomhthéacs sin, an foréigean i gcoinne fórsaí póilíneachta; á iarraidh ar an gCoimisiún na saoirsí sin a léiriú sa tuarascáil bhliantúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di an spás sibhialta atá ag laghdú agus an ghéarleanúint mhéadaitheach ar ESSanna agus HRDanna in AE, go háirithe iad siúd atá ag obair ar fhrithchiníochas, ceartas aeráide, cearta LGBTIQ, cearta na mban agus tacaíochtaí imirceach; ag tabhairt dá haire go bhfuil raon bagairtí roimh na grúpaí sin srianta dlíthiúla agus airgeadais, fionraíochtaí cistiúcháin, feachtais chlúmhillte, imeaglú agus coiriúlú san áireamh; ag cáineadh, go háirithe, an chos ar bolg atá ag dul i méid ar an ngníomhaíochas aeráide i roinnt Ballstát, lena n-áirítear mí-úsáid dlíthe frithsceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe agus aicmiú gníomhaithe síochánta aeráide mar bhaill ‘eagraíochtaí coiriúla’; á iarraidh ar na Ballstáit caingean dlí dhíréireach i gcoinne na ngníomhaithe sin a sheachaint; ag tathant ar an gCoimisiún chun faireachán córasach a dhéanamh ar staid na n-eagraíochtaí sin ina thuarascálacha ar an smacht reachta agus ar chistiú tiomnaithe AE a leathnú do ghníomhaithe na sochaí sibhialta atá ag comhrac an chiníochais agus ag obair ar chearta bunúsacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin i gcolún tiomnaithe de na tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún cosaint ESSanna agus CCDanna a neartú, trí shásraí luathrabhaidh a bhunú, trédhearcacht an chistithe a mhéadú do na gníomhaithe uile faoi raon feidhme Chlár Trédhearcachta AE agus cistiú a leathnú chun tacú le ESSanna chun cumasú dóibh oibriú gan bhac agus go neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú do ESSanna agus CCDanna, an Treoir Frith-SLAPP a ghlacadh, agus Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún a chur chun feidhme chun ESSanna a chosaint ar chiapadh dlíthiúil; á iarraidh go neartófaí neamhspleáchas na gcomhlachtaí maoirseachta náisiúnta, le hacmhainní agus coimircí leormhaithe i gcoinne an chur isteach pholaitiúil; ag spreagadh tacaíocht do ESSanna chun tionscnaimh oideachais a fhorbairt agus a scaipeadh chun for-rochtain agus inrochtaineacht leathan a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á mheas gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit sásraí cistiúcháin do ESSanna agus do thionscnaimh a fheabhsú a neartaíonn na breithiúna agus a sheasann le neamhspleáchas na cúirte, eadhon tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus tríd an gclár um Cheartas; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil plean ag an gCoimisiún straitéis a dhréachtú chun an tsochaí shibhialta a chosaint, á mheabhrú, ag an am céanna, gur cheart béim ar leith a leagan ar CCDanna; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra mearfhreagartha a áireamh chun tacú le ESSanna agus CCDanna faoi bhagairt laistigh den Aontas, agus leas á bhaint as samhail an tsásra ‘Cosain Cosantóirí’ atá maoinithe ag AE, nach bhfuil ach fócas nach de chuid AE aige faoi láthair; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an sásra sin acmhainní a sholáthar d’abhcóideacht, do chúnamh dlíthiúil agus d’fheachtais feasachta, agus a chinntiú ag an am céanna gur féidir leis na heagraíochtaí sin oibriú gan srianta ná ciapadh míchuí; á iarraidh go gcuirfí Treoirlínte an Aontais maidir le CCDanna i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, an treocht mhéadaitheach do ESSanna agus CCDanna i roinnt Ballstát a bhfuil dúshláin rompu, in éineacht le srianta dlíthiúla nua, easpa cistithe agus ionsaithe fisiciúla nó ó bhéal, agus glacadh náireach leis na cleachtais sin agus an éifeacht athchomhairleach atá acu, lena n-áirítear ar a saoirse cainte laistigh de na Ballstáit<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, <STRING ITALIC="on">Drozd</STRING> v. <STRING ITALIC="on">an Pholainn</STRING>, 15158/19 an 6 Aibreán 2023, agus <STRING ITALIC="on">Mándli agus Eile v. an Ungáir</STRING>, 63164/16 an 26 Bealtaine 2020.</FIELD></FOOTNOTE> agus d’institiúidí an Aontais; á mheas go bhfuil ról tacaíochta ríthábhachtach ag ESSanna agus CCDanna le linn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ag na Ballstáit;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhionannas agus neamh-idirdhealú faoin dlí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á mheabhrú nach mór cóir dhlíthiúil chomhionann a chumhdach i gcreataí dlíthiúla na mBallstát agus comhionannas agus ceart daoine aonair nach ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh in imeachtaí breithiúnacha a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil an smacht reachta agus na cearta bunúsacha idirnasctha agus go mbíonn tionchar láithreach ag sáruithe ar an smacht reachta ar na cearta bunúsacha agus go mbíonn tionchar díréireach acu ar mhná, ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí leochaileacha; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeacht aon sáruithe ar an smacht reachta ar chearta bunúsacha agus a chinntiú go gcosnófar comhionannas agus neamh-idirdhealú faoin dlí do gach duine trí na hionstraimí ábhartha uile a úsáid, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú, i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gach cineál idirdhealaithe a chomhrac faoin dlí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn i ndlíthe comhionannais agus frith-idirdhealaithe agus iad a chur chun feidhme i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin reachtaíocht AE láithreach amhail Treoir 2000/78/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, http://data.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le cóir chomhionann, go bhfuil bearnaí fós sa chreat dlíthiúil agus sa chur chun feidhme, rud a fhágann gan dul ar iontaoibh an dlí leormhaith ag íospartaigh; á mheabhrú nach mór cóir dhlíthiúil chomhionann a chumhdach i gcreataí dlíthiúla na mBallstát agus comhionannas agus ceart daoine aonair nach ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh i leigheas dlíthiúil a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i gcásanna nach gcomhlíontar na prionsabail sin; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an togra le haghaidh treoir chothrománach córa comhionainne a tharraingt siar<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach (COM(2008)0426).</FIELD></FOOTNOTE> agus ag tathant ar an gComhairle an treoir a ghlacadh gan a thuilleadh moille;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur tugadh faoi deara i dTuarascáil 2024 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta go mainníonn roinnt Ballstát coireanna fuatha a ionchúiseamh go héifeachtach nó tacú go leordhóthanach le híospartaigh coireanna fuatha, rud a bhaineann an bonn den mhuinín as córais bhreithiúnacha agus a bhuanaíonn neamhionannas faoin dlí; á iarraidh ar an gComhairle liosta reatha ‘coireanna AE’ in Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun coireanna fuatha agus an fhuathchaint a áireamh agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur chun cinn maidir leis an bhfuathchoireacht agus leis an bhfuathchaint; á iarraidh ar an gCoimisiún díriú ar choireanna fuatha ina thuarascálacha ar an smacht reachta agus, i ndáil leis sin, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar choireanna fuatha agus iad a thaifeadadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cion mór agus rábach é an foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne, chomh maith le sárú radacach ar chearta bunúsacha, agus go sáraíonn sé prionsabal an chomhionannais faoin dlí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, foréigean a dhéantar trí úsáid ardán digiteach san áireamh; á iarraidh go gcuirfí foréigean inscnebhunaithe le liosta choireanna AE agus go mbeadh togra reachtach de AE ann i dtaobh éigniú a chomhrac bunaithe ar an easpa toilithe, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á mheabhrú gur gá rochtain ar chearta gnéis agus atáirgthe agus ar shláinte agus á iarraidh go gclúdófaí rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil sa Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile cearta LGBTIQ a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais, leis an gCairt, agus le cásdlí CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, á mheabhrú go bhfuil bacainní dlíthiúla fós ann i roinnt Ballstát ar chomhpháirtíochtaí comhghnéis nó tuismíocht thar theorainneacha a aithint; ag tabhairt rabhaidh nach amháin go gcuireann na cleachtais sin bac ar shaorghluaiseacht teaghlach LGBTIQ laistigh de AE, ach go sáraíonn siad prionsabal neamh-idirdhealaithe an smachta reachta faoin dlí chomh maith, agus béim á leagan ar an easpa cosanta aonfhoirmí do dhaoine LGBTIQ ar fud na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit nach bhfuil sin déanta fós acu aitheantas dlíthiúil a thabhairt isteach do chomhpháirtíochtaí comhghnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún Treoir 2004/38/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a athmhúnlú chun aitheantas soiléir trasteorann do chearta saoil phríobháidigh agus teaghlaigh a áireamh, lena n-áirítear tuismíocht do thuismitheoirí comhghnéis, i bhfianaise na rialuithe is déanaí<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Relu Adrian Coman agus Daoine eile v <STRING ITALIC="on">Inspectoratul General pentru Imigrări and Ministerul Afacerilor Interne</STRING>, C‑673/16, ECLI:EU:C:2018:385.</FIELD></FOOTNOTE> ó CBAE; á chur i bhfáth go bhfuil gach leanbh comhionann faoin dlí agus nach mór do na Ballstáit gníomhú ar mhaithe le leas an linbh, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus idirdhealú i gcoinne leanaí tuismitheoirí comhghnéis a laghdú; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte lena dtacaítear le haitheantas a thabhairt do thuismíocht ar fud AE, gan beann ar conas a ghintear leanbh, conas a bheirtear é nó í ná ar an saghas teaghlaigh atá aige nó aici; ag tathant ar an gCoimisiún straitéis athnuaite LGBTIQ a thíolacadh ina dtabharfar aghaidh go hiomlán ar na dúshláin ar fud na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tosaíocht thrasearnálach a dhéanamh de chearta LGBTIQ ar fud na réimsí beartais uile; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta reachtacha iomchuí a chur ar aghaidh chun a áirithiú go n-urramófar na prionsabail sin, agus brath ar nósanna imeachta um shárú i gcoinne na mBallstát; ag tathant ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh chun coireanna fuatha agus an fhuathchaint a chomhrac ar fhorais na féiniúlachta inscne, na saintréithe gnéis agus an ghnéaschlaonta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na bearta idirdhealaitheacha a tugadh isteach i roinnt Ballstát faoi chúis an chomhraic i gcoinne ‘bolscaireacht LGBTIQ’ agus ‘idé-eolaíocht inscne’ atá ag cur le méadú scanrúil ar choireanna fuatha agus ar fhuathchaint atá dírithe ar dhaoine LGBTIQ i roinnt Ballstát agus a bhfuil tionchar diúltach acu ar leanaí, ar theaghlaigh agus ar oibrithe; á chur in iúl gur geal léi tuairim CBAE an 5 Meitheamh 2025 ina luaitear go measann sí go bhfuil dlí AE á shárú ag an Ungáir maidir le rochtain ar inneachar LGBTIQ+ a thoirmeasc nó a shrianadh;  á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar diúltach ag na bearta sin ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil do ghrúpaí LGBTIQ agus tharstu; ag cur béim ar an bhfíoras go spreagann na gníomhaíochtaí sin idirdhealú i gcoinne daoine LGBTIQ agus go sáraíonn siad dlí AE; ag tathant ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh toirmeasc ceangailteach AE ar chleachtais tiontaithe i ngach Ballstát; ag tabhairt dá haire go bhfuil tugtha dá n-aire ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) in 2024 go bhfuil méadú scanrúil tagtha ar choireanna fuatha agus ar an bhfuathchaint lena ndírítear ar dhaoine LGBTIQ agus ar mhionlaigh eile i roinnt Ballstát, á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an ceart chun féinchinntiúcháin do dhaoine LGBTIQ agus á mheabhrú do na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcásdlí, gur ceart bunúsach é an ceart chun féinchinntiúcháin; ag tathant, mar sin, ar na Ballstáit uile nach bhfuil sin déanta acu fós a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine LGBTIQ ar aitheantas dlíthiúil inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na leibhéil frith-Sheimíteachais atá ag méadú ar fud AE agus ag cáineadh go láidir na leibhéil sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di chomh maith agus ag cáineadh go láidir leibhéil mhéadaitheacha na hIoslamafóibe agus gach cineál eile idirdhealaithe ar fud AE, lena n-áirítear gníomhartha foréigin, imeaglú, fuathchaint agus siombailí fuatha a thaispeáint i spásanna poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha a chinntiú go mbeidh baill de gach mionlach comhionann faoin dlí; á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar bheartais chun a chinntiú nach ndéanfaidh siad idirdhealú ar mhionlaigh, go díreach nó go hindíreach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar aon fhorálacha agus rialacháin dhlíthiúla idirdhealaitheacha; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun faireachán a dhéanamh ar choireanna fuatha gaolmhara, iad a chosc agus a ionchúiseamh agus chun pobail Ghiúdacha agus Mhoslamacha a chosaint ar chiapadh agus ar fhoréigean;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann easpa cuntasachta difear díréireach do phobail mionlach, d’ionadaíocht pholaitiúil chothrom, agus do dheiseanna eacnamaíocha; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe ann i bpróisis chinnteoireachta phoiblí chun rialachas cuimsitheach agus cothrom a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit Treoir 2024/1500<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1500 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena leasaítear Treoracha 2006/54/CE agus 2010/41/AE (IO L, 2024/1500, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1500/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus Treoir 2024/1499<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1499 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (IO L, 2024/1499, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1499/oj).</FIELD></FOOTNOTE>a chur chun feidhme go hiomlán, a bhunaíonn íoschaighdeáin do chomhlachtaí comhionannais; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun a neamhspleáchas a ráthú agus chun a n-éifeachtacht a áirithiú le linn comhionannas a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór caitheamh le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach in AE, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a n-áit bhreithe, ar shlí neamh-idirdhealaitheach agus nach mór cóir chothrom agus chomhionann a bheith acu sna réimsí a shonraítear leis an reachtaíocht láithreach; á chur i bhfios go bhfuil sé de cheart ag náisiúnaigh tríú tír, gan beann ar a náisiúntacht, a n-áit bhreithe nó a stádas cónaithe, cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí AE, ar dlúthchuid de prionsabal an non-refoulement; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit le linn an smacht reachta agus na cearta bunúsacha a chlúdaítear sa Chairt a chaomhnú agus le linn an reachtaíocht arna glacadh ag na comhreachtóirí a chur chun feidhme; á chur i bhfáth go bhfuil breithiúnais CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ceangailteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfar saorghluaiseacht daoine laistigh de AE, an ceart chun cónaí faoi shaoirse, agus athaontú teaghlaigh a urramú go hiomlán ar chríoch AE agus gur féidir le gach saoránach leas a bhaint as cearta comhionanna agus a gcearta a fheidhmiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún an bhéim sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta a neartú sa chomhrac i gcoinne gach cineál idirdhealaithe i rochtain ar cheartas a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit idirdhealú ar fhorais tionscnaimh chiníoch agus eitnigh, reiligiúin nó creidimh, náisiúntachta, tuairime polaitiúla, teanga, míchumais, aoise, inscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne agus léiriú inscne, agus gnéaschlaonta a chomhrac; ag tathant ar an gComhairle teacht ar chomhaontú ar Threoir 2008/0140(CNS);<FOOTNOTE><FIELD> Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, COM(2008)0426).</FIELD></FOOTNOTE> ag tathant ar an gCoimisiún colúin nua a thabhairt isteach sa tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ina ndírítear ar gach saghas fuatha agus idirdhealaithe a chomhrac mar a chlúdaítear in Airteagal 21 den Chairt, eadhon maidir le coireanna a dhíríonn ar ghrúpaí mionlaigh agus ar bhaill de mhionlaigh náisiúnta, eitneacha, teanga agus reiligiúnacha, chomh maith le dálaí na sochaí sibhialta sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún a cheangal ar na Ballstáit sonraí comhionannais imdhealaithe inchomparáide agus láidir a bhailiú chun measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar an idirdhealaithe struchtúraigh ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún athsmaoineamh ar a sheasamh ar an Tionscnamh ‘Minority SafePack; agus tionscnaimh reachtacha a chur ar aghaidh chun cur chun cinn cearta mionlaigh agus cearta teanga a choimirciú; ag athdhearbhú a hiarrata ar AE aontú don Chreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint agus don Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh; á iarraidh go mbeadh naisc níos dlúithe ann idir AE agus Comhairle na hEorpa maidir le cearta mionlaigh, i bhfianaise phróiseas an mhéadaithe san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne sna breithiúna agus sna príomhinstitiúidí daonlathacha eile; á mholadh go gcuirfí bearta spriocdhírithe chun feidhme chun ionadaíocht na mban i bpoist shinsearacha bhreithiúnacha agus an riaracháin phoiblí a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit institiúidí náisiúnta um chearta an duine a bhunú, i gcomhréir le Prionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe, chun a neamhspleáchas a ráthú agus chun a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn acu a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An margadh aonair agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an smacht reachta chun feidhmiú rianúil agus éifeachtúil an mhargaidh aonair a áirithiú agus á athdhearbhú go bhfuil córais bhreithiúnacha neamhspleácha dhea-fheidhmiúla, creataí éifeachtacha frithéillithe agus cosaint láidir ar shaoirse na meán ríthábhachtach chun iomaíocht chóir a choinneáil, chun deimhneacht dhlíthiúil a chaomhnú agus chun muinín a chothú i measc oibreoirí eacnamaíocha; á chur i bhfios go láidir go mbíonn saobhadh ollmhór ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach mar thoradh ar neamhchomhlíonadh agus teacht timpeall ar rialacháin Eorpacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur colúin lárnacha don infheistíocht agus don trádáil iad struchtúir iontaofa agus chobhsaí an smachta reachta, atá bunriachtanach don iomaíochas agus, dá bhrí sin, d’acmhainneacht an chórais leasa agus mhargadh an tsaothair san Aontas Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfáth go mbraitheann feidhmiú cuí an mhargaidh aonair ar chur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal na muiníne frithpháirtí agus an aitheantais fhrithpháirtigh sa chomhar breithiúnach agus riaracháin araon; á mheabhrú nach féidir an mhuinín sin a chothú ach amháin i gcás ina gcloítear go hiomlán leis an smacht reachta – mar a mhol Coimisiún na Veinéise freisin ina sheicliosta maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl gur cheart prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur ar fionraí i gcásanna sáruithe sistéamacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar diúltach eacnamaíoch ag an éilliú agus ag córais laga bhreithiúnacha ar mhuinín infheisteoirí agus ar chomhar trasteorann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh rialtais agus institiúidí náisiúnta nach seasann leis an smacht reachta a cheadú go mbeadh iompar frithiomaíoch faoi bhláth, nó go bhféadfaidís é a spreagadh go gníomhach fiú ar mhaithe le gnóthachan polaitiúil nó eacnamaíoch, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do gheilleagar AE agus an bonn a bhaint ó chothroime a mhargaidh inmheánaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á mheabhrú, laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm na gConarthaí, go bhfuil toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta i gcomhréir leis an Chairt, agus go bhfuil saoirse bunaíochta, saoirse soláthair seirbhíse agus saoirse gluaiseachta caipitil bunriachtanach don mhargadh aonair; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear, leis na rialacha maidir le cóir chomhionann, cosc ar idirdhealú follasach agus ceilte mar gheall ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachta, a suíomh; á mheabhrú go gcáineann sí na cleachtais shistéamacha idirdhealaitheacha, neamh-thrédhearcacha agus éagóracha a tuairiscíodh i gcoinne cuideachtaí i roinnt Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag cáineadh na gcleachtas idirdhealaitheach sistéamach san Ungáir, lena n-áirítear mí-úsáid chistí AE chun tairbhe comhghuaillithe polaitiúla, sáruithe ar rialacha iomaíochta AE, agus comhchruinniú gnólachtaí i lámha olagarcaí a bhfuil naisc acu leis an rialtas; á chur in iúl gur saoth léi gur scaoileadh cistí AE chuig Rialtas na hUngáire in ainneoin easnaimh leanúnacha i neamhspleáchas breithiúnach agus i gcreataí frithéillithe; á mholadh eisíocaíochtaí a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar tagarmharcanna uile an smachta reachta; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go sroichfidh cistí AE daonra na hUngáire, lena n-áirítear trí shásraí cistiúcháin díreacha agus indíreacha do thairbhithe atá neamhspleách ar Rialtas na hUngáire;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas eacnamaíoch agus ar an eisiamh sóisialta mar bhagairtí ar an rannpháirtíocht dhaonlathach agus ar an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gné an mhargaidh aonair den smacht reachta a chomhtháthú ar bhealach níos sainráite ina shásraí faireacháin, agus béim níos láidre á leagan ar chur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus forfheidhmiú aonfhoirmeach agus tapa na reachtaíochta atá ann cheana, lena n-áiritheofar go ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh na mBallstát le prionsabail an smachta reachta ní hamháin ó thaobh an daonlathais agus na breithiúnachta de ach ó thaobh a tionchair eacnamaíoch ar an margadh aonair agus ar an gcobhsaíocht airgeadais freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún caibidil thiomnaithe maidir le gné an mhargaidh aonair a áireamh ina thuarascáil 2025 maidir leis an smacht reachta; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na huirlisí dlíthiúla uile atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú agus cumhachtaí forfheidhmithe dhlí na hiomaíochta a sheoladh nuair is gá, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bosca uirlisí maidir leis an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé garspriocanna an smachta reachta a leabú in ionstraimí cistiúcháin amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF); á chur in iúl gur saoth léi gur scaoileadh cistí AE chuig Rialtas na hUngáire in ainneoin easnaimh leanúnacha i neamhspleáchas breithiúnach agus i gcreataí frithéillithe; á mholadh eisíocaíochtaí a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar tagarmharcanna uile an smachta reachta; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go sroichfidh cistí AE daonra na hUngáire, lena n-áirítear trí shásraí cistiúcháin díreacha agus indíreacha do thairbhithe atá neamhspleách ar Rialtas na hUngáire, agus tionchar iomlán na mbeart a rinneadh á choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>ag cáineadh neamhghníomhaíocht na Comhairle maidir le himeachtaí leanúnacha Airteagal 7 CAE a chur chun cinn, rud a lagaíonn inchreidteacht AE maidir leis an smacht reachta a chaomhnú; ag tathant ar an gComhairle na chéad chéimeanna eile i nós imeachta Airteagal 7 CAE a dhíbhlocáil i ndáil leis an Ungáir, i bhfianaise sáruithe leanúnacha ar neamhspleáchas breithiúnach, ar shaoirse na meán agus ar an tsochaí shibhialta, rud a éilíonn gníomhaíocht láithreach agus chinntitheach; á mholadh don Chomhairle a áirithiú go dtionólfar éisteachtaí uair amháin ar a laghad in aghaidh na huachtaránachta le linn nósanna imeachta leanúnacha Airteagal 7 agus freisin go dtabharfar aghaidh ar fhorbairtí nua a dhéanann difear don smacht reachta, don daonlathas agus do chearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle chun go sainaithneofar riosca soiléir go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais faoi Airteagal 7(1) CAE, ná chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí nithiúla do na Ballstáit lena mbaineann agus chun spriocdhátaí a chur ar fáil chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an gComhairle é sin a dhéanamh, agus béim á leagan aici ar an bhfíoras gurbh ionann aon mhoilleanna breise ar an ngníomhaíocht sin agus sárú ar phrionsabal an smachta reachta ag an gComhairle féin; á áitiú gur cheart go mbeadh ról níos gníomhaí ag an bParlaimint in imeachtaí Airteagal 7 CAE, lena n-áirítear an cumas tograí réasúnaithe a thíolacadh don Chomhairle, freastal ar éisteachtaí na Comhairle agus a bheith go hiomlán ar an eolas ag gach céim den nós imeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na huirlisí coisctheacha i mbosca uirlisí an smachta reachta, amhail timthriall bliantúil an smachta reachta, scórchlár ceartais AE, an Seimeastar Eorpach, cistí AE chun tacú leis an tsochaí shibhialta, líonraí breithiúnacha agus saoirse na meán agus garspriocanna an smachta reachta in RRF; á áitiú go dtabharfar isteach nasc níos dlúithe idir torthaí Thuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta agus leithdháileadh na tacaíochta airgeadais faoi bhuiséad an Aontais, ó thaobh garspriocanna de, lena n-áiritheofar go mbeidh cistí AE ceangailte le baint amach na n-athchóirithe riachtanacha; á iarraidh ar an gCoimisiún nasc díreach a fhorbairt tuilleadh idir ionstraimí coisctheacha agus frithghníomhacha agus, dá bhrí sin, ar bhonn na dtorthaí sna tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta, nósanna imeachta um shárú a sheoladh go pras agus ar bhealach comhordaithe, céimeanna breise a leagan síos maidir le nós imeachta Airteagal 7 CAE a chur i bhfeidhm, agus an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta agus na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha a bhaineann leis an gCairt a chur i bhfeidhm, chomh maith le forálacha ón Rialachán Airgeadais agus ó Rialachán na bhForálacha Coiteanna; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do bhuiséad an Aontais mar gheall ar laigí i gcórais an smachta reachta sna tuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta, ag tosú le tuarascáil 2025; á chur i bhfios go láidir nach mór spreagadh na n-ionstraimí frithghníomhacha agus dúnadh na nósanna imeachta ábhartha araon a bheith bunaithe ar an gcritéar oibiachtúil maidir le comhlíonadh an smachta reachta agus dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta mar a léirmhíníonn cúirteanna idirnáisiúnta é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i muinín nósanna imeachta brostaithe agus iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE i gcásanna um shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas, atá leagtha amach i dteachtaireacht 2022 uaidh maidir le dlí an Aontais a fhorfheidhmiú<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Enforcing EU law for a Europe that delivers’ [Dlí an Aontais a fhorfheidhmiú ar mhaithe le hEoraip a dhéanann beart de réir a briathair] (COM(2022)0518).</FIELD></FOOTNOTE>, gan caingne um shárú a úsáid i gcásanna ‘aonair’, ós rud é go bhfuil an beartas sin ina chúis le díothacht thromchúiseach ceart do shaoránaigh ar fud an Aontais, go háirithe i gcás ina bhfuil a rialtais féin ag diúltú dlí an Aontais nó breithiúnais CBAE a chomhlíonadh, ós rud é nach cásanna aonair iad formhór na gcásanna sin ach go dtugann siad aghaidh ar shaincheisteanna straitéiseacha agus bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtacht na n-uirlisí a úsáidtear i gcoinne sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bosca uirlisí níos cuimsithí lena n-áiritheofar comhlíonadh, thar a ghné bhuiséadach, le luachanna AE ar fud dhlí uile an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais, chun cúlú a chosc; ag tathant ar an gCoimisiún na bearnaí a shainaithint agus tograí ábhartha a thíolacadh lena leathnófar raon feidhme an bhosca uirlisí sin; ag tacú le cur i bhfeidhm níos láidre an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, le coinníollacht thrasearnálach i gcláir chistiúcháin AE; ag coinneáil a seasaimh nár cheart cistí reoite AE a scaoileadh go dtí go mbeidh athchóirithe fóinteacha curtha chun feidhme go hiomlán agus go mbeidh comhlíonadh an smachta reachta bainte amach go infhíoraithe sa chleachtas; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhsheasmhacht agus trédhearcacht maidir leis an mbosca uirlisí a chur i bhfeidhm chun luachanna an Aontais a chosaint, gan breithnithe polaitiúla agus trí chritéir oibiachtúla a úsáid chun ionstraimí frithghníomhacha a spreagadh; á thabhairt chun suntais gur cheart feidhm chomhionann a bheith ag an gcoinníollacht sin maidir le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á áitiú a thábhachtaí atá ról na Parlaiminte maidir le maoirseacht a dhéanamh ar úsáid na n-uirlisí sin; ag tathant ar an gCoimisiún iniúchtaí córasacha a dhéanamh ar dháileadh chistí AE chun coinbhleachtaí leasa, ionstraimiú polaitiúil nó teimhneacht i leithdháileadh cistí ar an leibhéal náisiúnta a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á áitiú go dtabharfaí isteach ionstraim atá bunaithe ar fheidhmíocht sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) chun an t-ailíniú idir cistí AE agus an urraim do luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE amhail an daonlathas, cearta bunúsacha agus an smacht reachta a neartú; á iarraidh go n-áireofaí sa CAI a bheidh ann amach anseo coimircí láidre maidir leis an smacht reachta is infheidhme maidir le cistí uile AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as cistí AE a chur ar fionraí mar arm polaitiúil i gcoinne na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil; á mheabhrú go n-áirithítear leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta nár cheart d’fhaighteoirí deiridh rochtain ar chistí AE a chailleadh má chuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm ar a rialtas; á iarraidh go ndéanfaí ‘coinníollacht chliste’ lena bhféadfaí rialtais náisiúnta a bhainfeadh an bonn ón smacht reachta a sheachaint trí chistí saortha ón Aontas a leithdháileadh go díreach ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ar ghnólachtaí a chomhlíonann dlí an Aontais, chomh maith le hath-leithdháileadh cistí atá beartaithe chun tairbhe an Bhallstáit atá i gceist ar chláir eile de chuid an Aontais a shimpliú; á mholadh go mbunófaí córas trédhearcach d’údaráis áitiúla chun cistí AE a iarraidh nuair a chuireann rialtais náisiúnta bac ar chistí AE nó nuair a bhaineann siad mí-úsáid astu; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na sásraí coinníollachta mar a chumhdaítear san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus sa tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a chur i bhfeidhm go docht ar bhealach trédhearcach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Srianta agus ceartúcháin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé deighilt na gcumhachtaí agus creat institiúideach cobhsaí a chosaint i ngach Ballstát; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh aon athchóirithe bunreachtúla nó reachtacha a dhéanann difear do dheighilt na gcumhachtaí luachanna bunúsacha agus prionsabail dhlíthiúla AE a chomhlíonadh go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó úsáid iomarcach a bhaint as nósanna imeachta brostaithe lena seachnaítear comhairliúchán le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear grinnscrúdú parlaiminteach nó cumhachtaí éigeandála, ós rud é go mbíonn tionchar diúltach acu sin ar chobhsaíocht agus ar cháilíocht na reachtóireachta agus an daonlathais; á iarraidh ar na Ballstáit próisis reachtóireachta thrédhearcacha a chur ar bun tar éis comhairliúchán córasach agus poiblí le geallsealbhóirí agus comhlachtaí comhairleacha éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag spreagadh na rialtas náisiúnta agus na bparlaimintí náisiúnta measúnuithe tionchair agus torthaí comhairliúcháin atá inrochtana don phobal a fhoilsiú do gach mórthogra reachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>ag cur béim ar an moladh ó Choimisiún na Veinéise go ndéanfaí obair leantach éifeachtach ar ghearáin agus achomhairc i gcás neamhrialtachtaí toghcháin, go háirithe maidir le ceannach vótaí, líonadh boscaí ballóide agus comhaireamh mícheart vótála; á mheabhrú a thábhachtaí atá reachtaíocht AE a glacadh i ndáil leis sin, eadhon DSA, an Gníomh um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha), (IO L, 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an Gníomh um an Intleacht Shaorga<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828, IO L 1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Rialachán (AE) 2024/900 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj). http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus EMFA; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na gníomhartha sin a chur chun feidhme go hiomlán agus acmhainní poiblí leormhaithe a chur ar fáil do na bearta atá fúthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas na gcomhlachtaí maoirseachta náisiúnta a neartú chun acmhainní agus saoirse ó chur isteach polaitiúil a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta agus CCDanna (cosantóirí chearta an duine) maidir le cuntasacht a chur chun cinn agus cearta bunúsacha a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar an antoisceachas agus an éifeacht chreimneach atá aige ar noirm dhaonlathacha agus ar an smacht reachta i roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndíríonn grúpaí antoisceacha go gníomhach ar mhionlaigh agus go gcuireann siad le timpeallacht eagla, idirdhealaithe agus polaraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún na grúpaí sin a shainaithint go sainráite mar bhagairt don daonlathas, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear neamhspleáchas acadúil agus neamhspleáchas na meán, ina thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta; ag tathant ar na Ballstáit gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun a dtionchar a chomhrac trí chreataí dlíthiúla láidre, trí oideachas lena gcuirtear luachanna daonlathacha chun cinn, agus trí thacaíocht a thabhairt do ESSanna (eagraíochtaí na sochaí sibhialta) atá ag cur i gcoinne an antoisceachais; á iarraidh go ndéanfadh AE gníomhaíocht chomhordaithe chun an bhagairt sin a chomhrac, lena n-áirítear trí oideachas, trí chláir um chuimsiú sóisialta agus, i gcás inar gá, trí bhearta dlíthiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cásanna tuairiscithe maidir le húsáid teicneolaíochtaí faireachais ag rialtais na mBallstát i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe, pearsana freasúra agus fhoireann institiúidí AE; á mheabhrú nach mór úsáid earraí spiaireachta a bheith go hiomlán comhréireach agus riachtanach agus ag tathant ar an gCoimisiún plean beart a thíolacadh chun a mhí-úsáid a chosc gan moill mhíchuí, agus leas iomlán á bhaint as na modhanna reachtacha uile atá ar fáil dá bhforáiltear sna Conarthaí, mar a mhol Coiste PEGA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as an intleacht shaorga chun críocha na slándála náisiúnta agus fhorfheidhmiú an dlí ar fud an Aontais, agus béim á leagan ar na rioscaí do chearta agus saoirsí bunúsacha<FOOTNOTE><FIELD> Europol, ‘AI and policing – The benefits and challenges of artificial intelligence for law enforcement’ [An intleacht shaorga agus an phóilíneacht – Na tairbhí agus na dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga d’fhorfheidhmiú an dlí], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á mheabhrú gur gá coimircí láidre cosanta sonraí a áirithiú nuair a úsáideann na Ballstáit nó na húdaráis náisiúnta bogearraí faireachais; á iarraidh go neartófaí reachtaíocht AE chun ollfhaireachas agus idirdhealú a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur isteach eachtrach sna Ballstáit agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, lena n-áirítear cúbláil ar na meáin shóisialta agus bréagaisnéis ag fórsaí laistigh agus lasmuigh den Aontas araon chun tuairimí an phobail a chúbláil agus chun díospóireacht dhaonlathach a shaobhadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht in algartaim ardáin, in iniúchtaí neamhspleácha agus i sásraí láidre seiceála fíricí chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun an daonlathas a chosaint; á iarraidh ar mhórardáin dhigiteacha comhoibriú le húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun tacú le himscrúduithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh air sin agus DSA agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha a chur i bhfeidhm go pras, go háirithe maidir le hardáin an-mhór ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú níos mó ar bhréagaisnéis ardáin ar líne a áireamh i gColún 3 (Iolrachas agus Saoirse na Meán) dá thuarascáil maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tsaoirse acadúil mar ghné lárnach den smacht reachta agus ag tathant ar na Ballstáit ollscoileanna a chosaint ar chur isteach polaitiúil agus neamhspleáchas institiúideach a áirithiú; ag spreagadh na mBallstát cultúr an smachta reachta a chothú trí fheachtais feasachta, tionscnaimh for-rochtana agus gníomhaíocht lena gcuirtear luachanna agus prionsabail dhaonlathacha chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar dhul i mbun próiseas athbhreithnithe a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar nósanna imeachta agus cleachtais riaracháin a bhfuil tionchar acu ar fheidhmiú na bpríomhphróiseas daonlathach agus ar fheidhmiú srianta agus ceartúchán i gcomhréir le prionsabail sheanbhunaithe chomhroinnte an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí cothrománacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag aithint na tuarascála ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta mar phríomhuirlis choisctheach chun faireachán a dhéanamh ar staid an smachta reachta ar fud an Aontais, chun idirphlé idir na Ballstáit a éascú, agus chun athchóirithe a threorú i réimsí amhail neamhspleáchas breithiúnach, frithéilliú, saoirse na meán agus srianta agus ceartúcháin eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á aithint go bhfuil an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta tar éis éirí níos cuimsithí ó bunaíodh í in 2020; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, nár cuireadh gnéithe riachtanacha de rún 2016 ó Pharlaimint na hEorpa chun feidhme go fóill agus nár thug an Coimisiún aghaidh go hiomlán ar na moltaí a rinne an Pharlaimint ina rúin roimhe seo; á mheas go bhfuil na moltaí sin fós bailí agus á n-athdhearbhú; á iarraidh go n-áireofaí sa tuarascáil bhliantúil gnéithe tábhachtacha de sheicliosta smachta reachta Choimisiún na Veinéise atá in easnamh, amhail mí-úsáid cumhachtaí a chosc, comhionannas os comhair an dlí agus neamh-idirdhealú; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart raon feidhme iomlán luachanna Airteagal 2 CAE a chumhdach sa tuarascáil, toisc nach féidir iad sin a mheas ina n-aonar; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí na tuarascálacha uile a bhaineann leis an smacht reachta nó le cearta bunúsacha a scaoileadh, ag an am céanna, amhail na tuarascálacha bliantúla maidir le comhlíonadh na Cairte nó an tuarascáil ó FRA, chun díospóireacht dhomhanda chomhuaineach ar na saincheisteanna sin a chumasú; á chur in iúl gur oth léi, áfach, in ainneoin bhagairtí méadaitheacha na bréagaisnéise, na bolscaireachta agus chúblála na faisnéise atá dírithe ar dhaonlathas na hEorpa, nár tugadh aird go fóill ar chleachtas athbhreithnithe piaraí comhchosúil i measc na mBallstát, chun tacú le hiarrachtaí Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na tuarascála a leathnú an bhliain seo chugainn; á áitiú go gcumhdaítear raon feidhme iomlán Airteagal 2 CAE i dtuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta agus go n-áirítear inti táscairí níos leithne, amhail neamhspleáchas na meán, ról na sochaí sibhialta, cearta bunúsacha, saoirse acadúil agus ealaíonta, comhionannas inscne, cosaint mionlach agus grúpaí leochaileacha, urraim don dlí idirnáisiúnta, saorthoghcháin chóra agus feidhmiú institiúidí daonlathacha, chun léargas níos iomláine a thabhairt ar chaighdeáin an smachta reachta ar fud AE, agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na critéir a úsáideann sé chun faisnéis a roghnú ón tsochaí shibhialta, ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ó údaráis náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí eile i bpróiseas a dtuairiscithe ar an smacht reachta a fhoilsiú; á iarraidh arís ar an gCoimisiún a iarraidh ar FRA comhairle mhodheolaíoch a sholáthar agus taighde comparáideach a dhéanamh chun mionsonraí breise a thabhairt i bpríomhréimsí den tuarascáil bhliantúil, i bhfianaise na nasc bunúsach atá idir cearta bunúsacha agus an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin chun teanga níos soiléire agus rialacha measúnaithe trédhearcacha a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún idirdhealú soiléir a dhéanamh idir sáruithe sistéamacha agus leithlisithe ar an smacht reachta sna Ballstáit, chun an baol go ndéanfaí beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta a sheachaint, agus chun a shoiléiriú, nuair a sháraítear luachanna Airteagal 2 CAE go córasach, d’aon ghnó agus go tromchúiseach thar thréimhse ama, go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh na Ballstáit na critéir uile lena sainítear daonlathas; á chur in iúl gur cheart go léireodh na moltaí torthaí diúltacha ar bhealach níos fearr sa tuarascáil agus go mbeidís ní ba mhionsonraithe; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an measúnú ar chomhlíonadh na moltaí a bhí ann roimhe sin ní ba bheaichte agus ní ba cháilíochtúla, ní hamháin ag brath ar athruithe reachtacha ach freisin ar fhianaise réadach agus neamhspleách ar a gcur chun feidhme iarbhír; á iarraidh ar an gCoimisiún cuairteanna allamuigh a dhéanamh agus measúnuithe a sholáthar bunaithe ar fhianaise nithiúil agus neamhspleách ar chur chun feidhme iarbhír;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go mbeidh an baol ann, mura ndéantar faireachán a nascadh le fíor-iarmhairtí, go laghdófar ábharthacht na tuarascála sna Ballstáit; á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar mholtaí tírshonracha a chur chun feidhme, le hamlínte agus tagarmharcanna intomhaiste, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tagairt do thuairimí atá ann cheana ó chomhlachtaí idirnáisiúnta (e.g. Coimisiún na Veinéise de chuid Chomhairle na hEorpa, Rapóirtéirí Speisialta na Náisiún Aontaithe) nó rialuithe cúirte ábhartha (lena n-áirítear ó ECtHR); á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás neamhchomhlíonta a mhionsonrú, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh d’ionstraimí sonracha ón mbosca uirlisí, lena n-áirítear uirlisí buiséadacha agus coinníollacht chistiúcháin; á chreidiúint gur cheart gníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh láithreach bonn i gcás sáruithe áirithe ar na luachanna agus gur gá moltaí a chur chun feidhme go práinneach i gcás sáruithe eile; ag tathant ar na Ballstáit na moltaí a leagtar amach i dtuarascálacha roimhe seo a chur chun feidhme agus ag moladh na mBallstát sin a bhfuil ní hamháin na moltaí curtha chun feidhme acu ach a sháraigh na caighdeáin bhunaithe freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil dáta scaoilte na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta i mí Iúil fabhrach d’infheictheacht leordhóthanach a ghiniúint agus go bhfuil sé contrártha don chuspóir atá beartaithe leis an tuarascáil fíordhíospóireacht phoiblí a ghiniúint faoina torthaí; ag tathant ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar dháta an fhoilsithe agus iarrachtaí breise a dhéanamh chun a thorthaí a chur in iúl go forleathan i ngach Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á mheabhrú gur minic a bhíonn tionchar ag cinntí a dhéanann institiúidí AE nó nach ndéanann siad ar staid an smachta reachta sna Ballstáit; ag cáineadh go bhfuil stádas an smachta reachta in institiúidí an Aontais fós lasmuigh de raon feidhme Thuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta; á iarraidh go ndéanfaí caibidil maidir le AE a bheith ag cloí le caighdeáin an smachta reachta, bunaithe ar shásra athbhreithnithe neamhspleách, a áireamh i dtuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á mholadh go mbeadh sásra cuimsitheach idirinstitiúideach ann maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha lena gcumhdófaí na luachanna uile a leagtar amach in Airteagal 2 CAE agus lena mbeadh institiúidí uile AE, na Ballstáit agus na tíortha is iarrthóirí rannpháirteach chun aonfhoirmeacht a chothú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá neamhspleáchas agus oibiachtúlacht iomlán a áirithiú i gcomhdhéanamh agus i bhfeidhmiú an chomhlachta sin, agus a shainordú á oiriúnú go sonrach ag an am céanna chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an smacht reachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á chreidiúint gur cheart an t-idirphlé idirinstitiúideach ar leibhéal AE agus an comhar maidir leis an smacht reachta a neartú; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo dá tairiscint comhaontú idirinstitiúideach a dhéanamh maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha; á athdhearbhú go bhfuil sí toilteanach tús a chur arís leis na cainteanna maidir leis an gcomhaontú sin; á iarraidh ar na hinstitiúidí eile, idir an dá linn, tuilleadh comhair ar a laghad a fhiosrú i gcomhthéacs an treoirthionscadail idirinstitiúidigh atá beartaithe maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, rud a chabhródh le muinín a chothú idir na hinstitiúidí ar bhealach praiticiúil, go háirithe trí chleachtais faireacháin, idirphlé agus cruinnithe a chomhroinnt; á iarraidh ar an gComhairle a hidirphlé maidir le cearta an duine a dhéanamh níos cuimsithí trí chuireadh a thabhairt d’institiúidí eile, amhail Coimisiún na Veinéise, an Coimisinéir um Chearta an Duine agus ionadaithe na Parlaiminte, chuig a seisiúin; á chreidiúint gur cheart go mbeadh idirphlé na Comhairle maidir leis an smacht reachta ní b’idirghníomhaí, le soláthar córasach aiseolais; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in ullmhú cuí don idirphlé sin; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirfeadh trédhearcacht mhéadaithe feabhas ar an idirphlé maidir leis an smacht reachta laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gComhairle conclúidí poiblí mionsonraithe a sholáthar; ag tathant ar an gComhairle dul i dteagmháil leis na parlaimintí náisiúnta chun feabhas a chur ar an maoirseacht dhaonlathach ar chomhlíonadh chaighdeáin an Aontais maidir leis an smacht reachta ag na Ballstáit; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an tuarascáil maidir leis an smacht reachta fianaise-bhunaithe agus oibiachtúil, agus aghaidh á tabhairt ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE, agus gur cheart go n-áireofaí inti bearta coisctheacha agus ceartaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta éigeandála arna nglacadh mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna (amhail paindéimí nó bagairtí slándála) faoi réir grinnscrúdú parlaiminteach agus athbhreithniú breithiúnach rialta, agus go mbeidh siad teoranta go docht ó thaobh ama de agus comhréireach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á mheas gur cheart an comhar idir AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa, ESCE agus na Náisiúin Aontaithe maidir leis an daonlathas, an smacht reachta, saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear cearta mionlach, a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát cláir chuimsitheacha oideachais shibhialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcothófar tuiscint ar institiúidí daonlathacha, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha i measc saoránach de gach aois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nár ionchorpraigh an Coimisiún go leor d’iarrataí leanúnacha na Parlaiminte maidir le tuarascálacha an Choimisiúin ar an smacht reachta; á éileamh go n-eiseoidh an Coimisiún teachtaireacht faoin 31 Nollaig 2025 ina sonrófar cé acu de na hiarrataí arna nglacadh ag an bParlaimint i ndáil le tuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta ó 2021 i leith a chuirfidh an Coimisiún chun feidhme, i leith nach gcuirfidh sé chun feidhme, agus leis na cúiseanna a ngabhfaidh leis sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur leathnaíodh an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta chun tíortha is iarrthóirí a chumhdach, eadhon an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia, lena dtreisítear nach mór do na Ballstáit reatha luachanna bunúsacha AE a urramú, ní hamháin ach nach mór do chomhaltaí a bheidh ann amach anseo iad a urramú freisin le linn na bpróiseas aontachais; á mholadh go ndéanfaí dlúthmheastóireacht ar an smacht reachta i ngach tír i bpróiseas aontachais; ag spreagadh an Choimisiúin moltaí nithiúla a sholáthar do thíortha aontachais maidir le staid an smachta reachta, agus ailíniú leis an tuarascáil ar mhéadú a áirithiú; ag dréim go ndéanfaidh an Coimisiún na tíortha is iarrthóirí uile a áireamh ina thuarascáil 2025 maidir leis an smacht reachta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>