<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0130</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0093/2025 -  Rapóirtéir:Marjan Šarec)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 ar thuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2025/2020(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 108, 29.4.2010, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2010/224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’iarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach an 15 Nollaig 2008,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le hiarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2010)0670), don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16-17 Nollaig 2010 stádas iarrthóra a dheonú do Mhontainéagró agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tús a chur le caibidlíocht aontachais an Aontais Eorpaigh le Montainéagró,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do Chlár Oibre Tosaíochtaí Shóifia san iarscríbhinn a ghabhann leis;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dearbhuithe ó na cruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 13 Nollaig 2023 sa Bhruiséil agus an 18 Nollaig 2024 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">An Economic and Investment Plan for the Western Balkans</STRING> [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Teachtaireacht 2023 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú’ (COM(2023)0690), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal <STRING ITALIC="on">Montenegro 2023 Report</STRING> [Tuarascáil 2023 maidir le Montainéagró] (SWD(2023)0694),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (COM(2023)0691),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">2024 Rule of Law Report</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta] (COM(2024)0800), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal <STRING ITALIC="on">2024 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union: Country Chapter on the rule of law situation in Montenegro</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach: Caibidil na Tíre ar staid an smachta reachta i Montainéagró] (SWD(2024)0829),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Teachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú’ (COM(2024)0690), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Montenegro 2024 Report [Tuarascáil 2024 maidir le Montainéagró] (SWD(2024)0694),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhorbhreathnú agus do mheasúnuithe tíre an Choimisiúin an 31 Bealtaine 2023 agus an 13 Meitheamh 2024 ar chlár athchóirithe eacnamaíoch Mhontainéagró, agus do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023 agus do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas Eorpach agus Comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an Tuirc, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin a ghlac an Chomhairle an 14 Bealtaine 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhdhálacha Aontachais AE-Mhontainéagró an 22 Meitheamh 2021, an 13 Nollaig 2021, an 29 Eanáir 2024, an 26 Meitheamh 2024 agus an 16 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 11ú Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró an 14 Iúil 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 22ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró, a tionóladh an 31 Deireadh Fómhair agus an 1 Samhain 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aontachas Mhontainéagró le ECAT an 5 Meitheamh 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal <STRING ITALIC="on">EU support for the rule of law in the Western Balkans: Despite efforts, fundamental problems persist</STRING> [Tacaíocht AE don Smacht Reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a dhaingnigh Montainéagró in 2013, agus maidir le moltaí an Choimisiúin maidir leis an gcomhionannas inscne agus maidir le foréigean inscnebhunaithe a chomhrac,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa a fhoilsítear go bliantúil ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do shonraí Oifig na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) ar staid na ndídeanaithe Úcráineacha amhail ó mhí Aibreáin 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua an Aontais don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir le Montainéagró,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi am 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0093/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ina phríomhuirlis beartais eachtraigh de chuid an Aontais agus ina infheistíocht gheopholaitiúil straitéiseach i síocháin, cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur le móiminteam nua an mhéadaithe, spreagtha ag an réaltacht gheopholaitiúil athraithe agus ag iarratais ar bhallraíocht san Aontas ó roinnt tíortha de Chomhpháirtíocht an Oirthir, gur spreagadh an tAontas dlús a chur lena iarrachtaí i dtreo a chuid gealltanais leis na Balcáin Thiar, atá i bhfad thar téarma, a bhaint amach; de bhrí gur laistigh den Aontas Eorpach atá todhchaí thíortha na mBalcán Thiar;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndéantar gach tír a mheas ar a fiúntas féin agus critéir Chóbanhávan á gcomhlíonadh aici, lena n-áirítear lánurraim don daonlathas, don smacht reachta, don dea-rialachas, do luachanna bunúsacha an Aontais agus don ailíniú le beartas eachtrach agus slándála an Aontais; de bhrí gurb é cur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha i réimse na ‘bprionsabal bunúsach’ a chinneann an tráthchlár agus an dul chun cinn sa phróiseas aontachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil Montainéagró níos faide sa phróiseas aontachais, le gach ceann de na 33 chaibidil <STRING ITALIC="on">d’acquis</STRING> an Aontais atá ar oscailt agus sé chaibidil atá dúnta go sealadach, agus go bhfuil tacaíocht shuntasach phoiblí ann ina leith sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála, an t-infheisteoir agus an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag Montainéagró;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil Montainéagró neamhchosanta ar thionchar eachtrach urchóideach, ar fheachtais bhréagaisnéise agus ar chineálacha eile tionchair, lena n-áirítear cur isteach toghcháin, straitéisí cogaíochta hibrideacha agus infheistíochtaí neamhfhabhracha ó ghníomhaithe neamh-AE, go háirithe an Rúis agus an tSín, atá ag iarraidh tionchar a imirt ar chonair pholaitiúil, eacnamaíoch agus straitéiseach Mhontainéagró agus a dhéanann bagairt ar phróisis dhaonlathacha agus sláine na meán, rud a chuireann ionchais na tíre maidir le haontachas leis an Aontas i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, an 8 Meitheamh 2024, gur tionóladh ‘Tionól uile-Sheirbeach’ i mBéalgrád le rannpháirtíocht parlaiminteoirí ardchéime faoin mana ‘Daonra amháin, Tionól amháin’;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tiomantas d’Aontachas leis an Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aithint tiomantas daingean Mhontainéagró d’aontachas leis an Aontas agus ag athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le ballraíocht na tíre san Aontas amach anseo; á chur in iúl gur geal léi seasamh ceannasach réigiúnach Mhontainéagró i bpróiseas aontachais an Aontais chomh maith leis an tacaíocht ollmhór ó shaoránaigh Mhontainéagró agus ó thromlach na ngníomhaithe polaitiúla chun dul isteach san Aontas in 2028;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn dearfach Mhontainéagró maidir le hathchóirithe agus bearta a bhaineann leis an Aontas a achtú, a bhfuil amlíne uaillmhianach mar bhonn taca leis agus á iarraidh comhiarrachtaí gníomhaithe polaitiúla, na sochaí sibhialta agus na saoránach; ag moladh Mhontainéagró as na tagarmharcanna eatramhacha le haghaidh Chaibidil 23 agus Chaibidil 24 a chomhlíonadh, a leanann de luas foriomlán na caibidlíochta a chinneadh, agus as Tuarascáil Eatramhach dhearfach maidir le Measúnú ar Thagarmharcanna a fháil; á chur in iúl gur díol suntais di dúnadh trí chaibidil caibidlíochta eile, rud a thugann an t-iomlán go sé chaibidil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag spreagadh na ngníomhaithe polaitiúla uile chun fanacht dírithe ar lánpháirtiú san Aontas agus ar na hathchóirithe is gá; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cobhsaíocht pholaitiúil, tiomantas agus rannpháirtíocht chuiditheach i bhforbairt comhdhearcaidh ar fud línte páirtithe chun bogadh go tapa agus ar bhealach níos éifeachtaí i dtreo caibidlí breise a dhúnadh in 2025, chun amlíne uaillmhianach na tíre a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór na hathchóirithe a ghlacfar a chur chun feidhme go héifeachtach agus go comhsheasmhach chun fíordhul chun cinn agus ailíniú iomlán le reachtaíocht an Aontais a áirithiú; á iarraidh go neartófaí feidhmiú na n-institiúidí stáit agus an comhordú eatarthu chun cobhsaíocht pholaitiúil a bhaint amach agus dul chun cinn suntasach na tíre a chur chun cinn maidir le príomh-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chur chun feidhme, go háirithe athchóirithe toghchánacha agus breithiúnacha agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus an éillithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndéanfaí difear d’inchreidteacht an Aontais, lena n-áirítear a bheartas um méadú ina iomláine, mura mbeadh dul chun cinn soiléir ar chonair aontachais leis an Aontas mar thoradh ar an dul chun cinn nithiúil atá bainte amach ag tíortha áirithe de chuid na mBalcán Thiar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ailíniú leanúnach iomlán Mhontainéagró le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais (CBES), lena n-áirítear smachtbhannaí an Aontais, inter alia iad sin a bhaineann le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus iad atá dírithe ar chibearionsaithe, chomh maith lena thacaíocht don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; ag spreagadh Mhontainéagró chun forfheidhmiú beart sriantach a neartú agus a áirithiú nach dtiocfar timpeall orthu agus smachtbhannaí iad siúd a gcuirtear smachtbhannaí orthu a ghabháil; á iarraidh ar ionadaithe uile an rialtais ailíniú CBES agus luachanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh conair straitéiseach Mhontainéagró i dtreo bhallraíocht an Aontais agus a cheannasacht a chur i mbaol; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, sa chomhthéacs sin, ráitis ardoifigeach poiblí chun tacú le hUachtarán eintiteas Republika Srpska, Milorad Dodik, atá ag baint an bhoinn de cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine; á chur in iúl gur oth léi rannpháirtíocht parlaiminteoirí ardchéime ó Mhontainéagró sa ‘Tionól Uile-Sheirbeach’ i mBéalgrád chomh maith lena dtacaíocht don dearbhú a glacadh an tráth sin a bhaineann an bonn de cheannasacht Mhontainéagró, na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus na Cosaive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an tábhacht straitéiseach a bhaineann le ballraíocht Mhontainéagró in ECAT agus á chur in iúl gur geal léi a rannpháirtíocht ghníomhach i misin agus oibríochtaí chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, amhail Oibríocht Atalanta Fhórsa Cabhlaigh an Aontais, agus in ECAT agus i misin idirnáisiúnta agus iltaobhacha eile; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Chomhairle Cosanta agus Slándála Mhontainéagró rannpháirtíocht a fórsaí armtha i Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin agus le Cúnamh agus Oiliúint Slándála ECAT don Úcráin a fhormheas agus á iarraidh ar Pharlaimint Mhontainéagró na cinntí sin a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin tiomantas na tíre don tslándáil chomhchoiteann a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh Montainéagró as a thacaíocht dhaonnúil agus ábhartha don Úcráin agus as síneadh a chur leis an sásra cosanta sealadach lena dtugtar an ceart do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin fanacht i Montainéagró ar feadh bliana; á mheabhrú go bhfuil Montainéagró i measc thíortha na mBalcán Thiar a bhfuil an líon is mó dídeanaithe ón Úcráin á n-óstáil acu, agus níos mó ná 18 800 dídeanaí ón Úcráin cláraithe i Montainéagró amhail ón 31 Eanáir 2025, de réir staidreamh UNHCR;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí cur isteach eachtrach urchóideach, iarrachtaí díchobhsaithe, cibirionsaithe, bagairtí hibrideacha agus feachtais bhréagaisnéise, lena n-áirítear iarrachtaí chun tionchar a imirt ar phróisis pholaitiúla agus ar thuairimí an phobail, ag gníomhaithe tríú tír, a chuireann míchlú ar an Aontas agus a bhaineann an bonn de dhul chun cinn Mhontainéagró ar a chonair aontachais; ag tathant ar Mhontainéagró frithbhearta a ghlacadh i gcomhar níos láidre leis an Aontas Eorpach agus le ECAT agus trí chomhar réigiúnach méadaithe i measc thíortha na mBalcán Thiar; ag tabhairt dá haire gur féidir institiúidí reiligiúnacha a úsáid mar uirlis le haghaidh tionchar seachtrach agus ag cáineadh aon chur isteach míchuí ó Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia ina leith sin; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé acmhainneacht athléimneachta a fhorbairt i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, lena n-áirítear trí mhaoirseacht níos fearr a dhéanamh ar thírdhreach na meán, feachtais feasachta poiblí agus cláir litearthachta sna meáin; á mholadh go mbunódh Montainéagró tascfhórsa tiomnaithe um bagairtí hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ar Thoscaireacht an Aontais chuig Montainéagró agus ar údaráis Mhontainéagró borradh a chur faoin gcumarsáid straitéiseach le saoránaigh Mhontainéagró maidir leis na tairbhí a bhaineann le próiseas an mhéadaithe agus ballraíocht leis an Aontas, agus maidir leis na critéir nithiúla aontachais nach mór do Mhontainéagró a chomhlíonadh fós chun ailíniú le ceanglais an Aontais; ag tathant orthu, thairis sin, feabhas a chur ar infheictheacht an Aontais sa tír, lena n-áirítear maidir le tionscadail arna gcistiú ag an Aontas; á iarraidh go ndéanfaí faireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann i dtíortha na mBalcán Thiar agus a gcomharsana; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’iarrachtaí SEGS agus Thascfhórsa na mBalcán Thiar chun gníomhaíochtaí for-rochtana a leathnú trí infheictheacht sna meáin áitiúla a mhéadú, trí thuarascálacha seiceála fíricí agus trí dhul i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cur i gcoinne insintí bréagacha ar bhealach níos éifeachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht athnuaite Pharlaimint Mhontainéagró sa Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Daonlathas agus an smacht reachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag aithint ról lárnach Pharlaimint Mhontainéagró sa phróiseas aontachais, go háirithe maidir le reachtaíocht a bhaineann le haontachas a rith, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar parlaiminteach i ndáil leis sin; á athdhearbhú go bhfuil Parlaimint na hEorpa réidh lena hacmhainní polaitiúla agus teicniúla a úsáid chun an clár oibre um athchóiriú a bhaineann leis an Aontas a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil teannas agus deighilt eitneach ag teacht chun cinn arís, atá ag cur moill ar an bpróiseas athchóirithe; á iarraidh go mbeadh idirphlé cuiditheach agus forbairt comhdhearcaidh ann ar fud an speictrim pholaitiúil, agus tús áite á thabhairt don cháilíocht reachtach, agus ag tathant go láidir go dtiocfar ar réitigh trí idirphlé parlaiminteach; á iarraidh go gcuirfí cosc ar pholaitíocht na féiniúlachta aird a chur ar atreo ó chlár oibre an Aontas nó brú a chur ar an gcaidreamh lena chomharsana, lena n-áiritheofar go bhfanfaidh Montainéagró go daingean ar chonair AE; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú idir Príomh-Aire Mhontainéagró agus ceannairí freasúra chun tuairim a iarraidh ó Choimisiún na Veinéise maidir le foirceannadh shainordú an bhreithimh den Chúirt Bhunreachtúil Dragana Đuranović agus maidir leis an bhfreasúra filleadh ar an bparlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí chun an dlí maidir le saoránacht Mhontainéagró i bParlaimint Mhontainéagró a leasú, a bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha agus fadtéarmacha a bheith acu do phróisis chinnteoireachta agus d’fhéiniúlacht na tíre, agus á chur i bhfáth ag an am céanna nach mór aon phlé maidir le polaitíocht na féiniúlachta a láimhseáil ar bhealach atá thar a bheith íogair chun tuilleadh deighilte a sheachaint agus gur cheart go mbeadh sé d’aidhm acu comhdhearcadh leathan sochaíoch a bhaint amach; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró dul i gcomhairle agus comhordú leis an Aontas maidir le haon athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dlí maidir le saoránacht agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhthoil maidir le haon ábhair a bhaineann leis an ábhar sin atá ríthábhachtach d’fhéiniúlacht agus do neamhspleáchas Mhontainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag moladh go láidir do Pharlaimint Mhontainéagró comhairliúcháin phoiblí chuimsitheacha agus thrédhearcacha agus rannpháirtíocht rialta agus fhóinteach a reáchtáil leis an tsochaí shibhialta sa chinnteoireacht ó chéim luath sa phróiseas reachtach, go háirithe le haghaidh príomhreachtaíocht i bpróiseas athchóirithe an Aontais; ag spreagadh ról níos gníomhaí do Chlub na mBan Parlaiminteach Mhontainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar Mhontainéagró a chreat dlíthiúil toghcháin a ailíniú go hiomlán le caighdeáin an Aontais, go háirithe maidir le reachtaíocht toghcháin, srianta ar chearta vótála agus iarrthóireachta, trédhearcacht, sásraí réitigh díospóidí, formhaoirseacht feachtais agus meán, agus maoiniú páirtithe polaitiúla agus feachtais toghcháin a chomhchuibhiú, agus na moltaí ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> https://www.osce.org/odihr/elections/montenegro<STRING UNDERLINE="on">. </STRING></FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar Mhontainéagró trédhearcacht agus rialú ar chaiteachas páirtithe polaitiúla a mhéadú agus mí-úsáid acmhainní stáit a chosc tríd an reachtaíocht ábhartha a chur i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, chomh maith le forfheidhmiú rialacha maoinithe tríú páirtí a fheabhsú agus smachtbhannaí i leith sáruithe a neartú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht um Éilliú a Chosc ina leith sin, agus á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe ann idir an Ghníomhaireacht um Éilliú a Chosc agus údaráis um fhaisnéis airgeadais chun tionchar eachtrach i bhfeachtais pholaitiúla a bhrath agus a chosc; á iarraidh, thairis sin, ar Mhontainéagró na moltaí ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) maidir le paireacht inscne ar liostaí toghcháin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis Mhontainéagró lá toghcháin bhardasaigh náisiúnta amháin a bhunú, dá bhforáiltear sa Dlí maidir le Féinrialtas Áitiúil, chun éifeachtúlacht rialachais a fheabhsú, chun teannas polaitiúil a laghdú agus chun cobhsaíocht agus éifeachtacht institiúidí bardasacha agus stáit a neartú; á mheabhrú go bhfuil eisíocaíocht cistí amach anseo faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis ag brath ar an athchóiriú sin a chomhlíonadh, i gcomhréir le gealltanais Mhontainéagró ina chlár oibre um athchóiriú, agus gur cheart é a shaothrú mar ábhar tosaíochta; á chur in iúl gur geal léi gur ritheadh toghcháin i 14 bhardas an lá céanna i 2022; á iarraidh go mbeadh creat reachtach láidir ann ina leith sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di mí-iompar an phróisis toghcháin i mbardas Šavnik;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró an Dlí maidir le Rialtas a ghlacadh lenar cheart creat rialachais feabhsaithe agus barrfheabhsú an riaracháin phoiblí a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le státseirbhís dhípholaitithe atá gairmiúil, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas; á iarraidh ar Mhontainéagró an reachtaíocht ábhartha a leasú agus a chur chun feidhme chun creat a chur ar fáil chun riarachán stáit a ghairmiúlú, a bharrfheabhsú agus a chuíchóiriú, lena n-áirítear coimircí nós imeachta i gcoinne cinntí arb í an pholaitíocht is cúis leo, agus d’ardchaighdeáin do phoist bhainistíochta; á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le reachtaíocht den sórt sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach, agus á thabhairt chun suntais go bhféadfadh earcaíocht seirbhíse poiblí a bheith fós faoi réir tionchar polaitiúil dá bharr sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di cuimsiú Mhontainéagró i dTuarascáil 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na heasnaimh a sainaithníodh, lena n-áirítear ceapacháin bhreithiúnacha agus neamhspleáchas oifig an ionchúisitheora;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn atá déanta maidir le príomh-athchóirithe breithiúnacha a chur chun feidhme, creat straitéiseach nua a ghlacadh agus ceapacháin bhreithiúnacha seanbhunaithe a chur i gcrích; á iarraidh ar Mhontainéagró na poist bhreithiúnacha ardleibhéil atá fós ann a líonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró a chreat dlíthiúil, lena n-áirítear an bunreacht, go háirithe maidir le comhdhéanamh agus próiseas cinnteoireachta na Comhairle Breithiúnaí a ailíniú a thuilleadh le dlíthe agus caighdeáin an Aontais maidir le neamhspleáchas, cuntasacht, neamhchlaontacht, ionracas agus gairmiúlacht na mbreithiúna agus ceapacháin a dhípholaitiú a thuilleadh chun an neamhspleáchas a neartú ,moltaí idirnáisiúnta atá fós gan réiteach a chur chun feidhme, agus critéir a chinneadh maidir le scor breithiúna agus ionchúisitheoirí i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus i gcomhréir iomlán leis an mBunreacht; á chur in iúl gur oth léi an riaráiste cáis atá ar feitheamh agus á iarraidh ar Mhontainéagró bearta a dhéanamh chun fad na n-imeachtaí dlíthiúla a laghdú, go háirithe i gcás cásanna coireachta tromchúisí agus eagraithe, go háirithe maidir le sciúradh airgid; á mholadh go nglacfadh Montainéagró na leasuithe ar an mBunreacht sa chéim dheiridh de chaibidlíocht aontachais na tíre leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire na céimeanna a glacadh sa chomhrac i gcoinne an éillithe, lena n-áirítear dlíthe agus forálacha nua maidir le sceithirí a chosaint, Comhairle Náisiúnta nua a chruthú don chomhrac i gcoinne an éillithe agus straitéis nua frithéillithe do 2024-2028; ag spreagadh Mhontainéagró chun ailíniú a thuilleadh le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus caighdeáin an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar mholtaí ón gCoimisiún, ó Choimisiún na Veinéise agus ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO); ag moladh d’údaráis Mhontainéagró leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní atá ann faoi láthair le linn do chásanna coireachta eagraithe a láimhseáil agus le linn d’acmhainní coireachta a ghabháil agus a choigistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró dlús a chur lena fhreagairt ceartais choiriúil ar éilliú ardleibhéil, lena n-áirítear trí fhorfheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta coiriúla atá ann cheana a neartú agus trí phionóis éifeachtacha agus dhíspreagthacha a fhorchur, agus dálaí a chruthú d’institiúidí breithiúnacha agus do chomhlachtaí neamhspleácha a bhíonn ag déileáil leis an éilliú chun go bhfeidhmeoidh siad go héifeachtach, saor ó thionchar polaitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire obair na Gníomhaireachta um Éilliú a Chosc agus á iarraidh go gcuirfí cistiú leordhóthanach ar fáil di agus go ndéanfaí í a dhípholaitiú; ag dréim leis go mbainfidh an Ghníomhaireacht torthaí nithiúla amach agus go ngníomhóidh sí go neamhroghnaitheach chun a sláine a neartú agus a húdarás a fheabhsú maidir lena hinniúlachtaí a chur i gcrích go héifeachtach; ag iarraidh creat níos láidre chun éilliú a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró a reachtaíocht arm a ailíniú le dlí AE agus le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe maidir le caighdeáin theicniúla le haghaidh marcálacha arm tine, nósanna imeachta díghníomhachtaithe agus rialacháin le haghaidh airm rabhaidh agus chomhartha, chomh maith le córas caighdeánaithe agus éifeachtach bailithe agus tuairiscithe sonraí a bhunú d’airm thine; á chur in iúl go bhfuil uafás uirthi faoin olllámhach tragóideach in Cetinje agus ag cur a comhbhróin in iúl le teaghlaigh na n-íospartach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di dúshaothrú na tragóide sin ar mhaithe le bréagaisnéis agus deighilt eitneach; ag tathant ar Mhontainéagró a chumarsáid le linn géarchéime a neartú chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus chun tuairisciú freagrach sna meáin a áirithiú i ndiaidh teagmhais fhoréigneacha; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí córasacha i réimsí na slándála, na folláine intinne agus na trédhearcachta institiúidí, agus san oideachas saoránachta agus feasacht phoiblí, tionscnaimh for-rochtana agus oideachais, maidir leis na contúirtí agus na rioscaí a bhaineann le hairm thine, i gcomhréir le hionchais na saoránach agus le riachtanais na sochaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag iarraidh ar Mhontainéagró a beartas víosa a ailíniú go hiomlán le beartas an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le tíortha a bhfuil riosca na himirce neamhrialta nó rioscaí slándála ag baint leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, murab ionann agus a bhfuiltear ag súil leis, gur cuireadh dhá thír bhreise leis an gcóras taistil gan víosa agus go leanann sealbhóirí pasanna na Rúise agus na Bealarúise de thairbhe a bhaint as córas taistil gan víosa; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear freisin do chomhchuibhiú an bheartais víosaí i gclár oibre athchóirithe Mhontainéagró faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir Montainéagró agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Europol, Eurojust agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá an comhar sin chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar airm, ar dhrugaí agus ar dhaoine, agus chun an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe uasghrádaithe maidir le comhar oibríochtúil i mbainistiú teorainneacha le Frontex an 1 Iúil 2023 agus ag spreagadh tuilleadh comhair idir Montainéagró agus Frontex chun bainistiú teorainneacha a neartú, tacú le nósanna imeachta tearmainn, smuigleáil a chomhrac agus athligean isteach a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil idirdhealú fós le sárú ag na grúpaí is leochailí sa tsochaí; á iarraidh ar Mhontainéagró dlí nua frith-idirdhealaithe agus straitéisí ábhartha a ghlacadh, trí phróiseas cuimsitheach, trédhearcach agus fóinteach ina mbeidh na daoine is mó dá ndearnadh difear rannpháirteach go gníomhach, chun rochtain grúpaí leochaileacha ar chearta a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur cuid dhílis de <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais é cearta na mionlach náisiúnta uile a urramú; á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme níos láidre chun cóir chomhionann a áirithiú do gach grúpa eitneach, reiligiúnach, náisiúnta agus sóisialta ionas go ráthófaí cearta agus deiseanna comhionanna dóibh agus gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh sa saol sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi féiniúlacht il-eitneach Mhontainéagró agus á iarraidh go ndéanfaí teangacha, oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin na bpobal áitiúil agus na mionlach náisiúnta a chur chun cinn tuilleadh agus a urramú tuilleadh, ós rud é go bhfuil sé sin fite fuaite le peirspictíocht Eorpach Mhontainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfios go láidir féiniúlacht il-eitneach Chuan Kotor; á chur i bhfáth go bhfuil peirspictíocht Eorpach Mhontainéagró fite fuaite le cosaint mionlach agus a n-oidhreachta cultúrtha; á iarraidh go ndéanfadh údaráis Mhontainéagró nádúr il-eitneach an stáit a chothú, lena n-áirítear traidisiúin agus oidhreacht chultúrtha phobal na Cróite i gCuan Kotor;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na láithreáin oidhreachta atá i mbaol i Montainéagró amhail Cuan Kotor agus Sveti Stefan; á chur i bhfáth gur liostaíodh Sveti Stefan, mar aon le Páirc Miločer, i measc na ‘7 Láithreán Oidhreachta is mó atá i mbaol san Eoraip’ do 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró aghaidh a thabhairt ar dhálaí deacra maireachtála na Romach i Montainéagró agus ar an idirdhealú atá rompu, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh beart chun tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn i scoileanna; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró bearta a dhéanamh freisin chun feabhas a chur ar thimpeallacht an chuimsithe shochaíoch do dhaoine LADTI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil a chreat reachtach agus institiúideach ailínithe ag Montainéagró le acquis AE agus le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus na prótacail roghnacha a ghabhann leis a chomhlíonadh; ag tathant ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chur chun feidhme, eadhon easnaimh a bhaineann le cuntasacht agus faireachán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí straitéisí a chur chun feidhme go héifeachtach chun cearta daoine faoi mhíchumas a chaomhnú ar fud na n-earnálacha agus na mbeartas uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cáineadh na fuathchainte uile, lena n-áirítear fuathchaint ar líne agus inscnebhunaithe, agus coireanna fuatha; á chur in iúl gur díol sásaimh di coiriúlú an chiníochais agus na fuathchainte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá sásraí institiúideacha don chomhionannas inscne a neartú agus á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní, feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht — sa réimse poiblí, go háirithe sa riarachán poiblí, sna hearnálacha breithiúnacha agus slándála, agus sa réimse ghnó — chun rannpháirtíocht pholaitiúil mhéadaithe na mban a áirithiú, buiséadú inscne-fhreagrúil a thabhairt isteach, agus steiréitíopaí inscne a chomhrac agus iarrachtaí a neartú chun idirdhealú in aghaidh na mban a chomhrac, go háirithe i gceantair thuaithe; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh le déanaí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi ionadaíocht na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) agus ag spreagadh tuilleadh iarrachtaí in earnálacha na teicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór imní di na rátaí arda foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh agus feimeamharú; á iarraidh ar Mhontainéagró a shainmhínithe ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar fhoréigean teaghlaigh a ailíniú go hiomlán le Coinbhinsiún Iostanbúl, agus le moltaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, agus sásraí éifeachtacha cosanta agus coiscthe agus ionaid tacaíochta a chur ar bun, agus obair leantach bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus ghnéasaigh chomh maith le beartas pionósach níos láidre i leith dhéantóirí na coire; á iarraidh go mbaileofaí sonraí imdhealaithe maidir le foréigean inscnebhunaithe agus éagothromaíochtaí inscne chun freagairtí beartais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár glacadh an dréachtdlí maidir le haitheantas dlíthiúil inscne in 2024, in ainneoin gur beart é faoi chlár aontachais Mhontainéagró leis an Aontas; ag tathant ar Mhontainéagró an dlí a ghlacadh gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi dlíthe nua Mhontainéagró maidir leis na meáin agus a straitéis maidir le beartas na meán atá dírithe ar an gcreat dlíthiúil a neartú chun iriseoirí agus oibrithe eile sna meáin a chosaint go héifeachtach; á áitiú go bhfuil beartas neamhfhulaingthe maidir le brú nó ciapadh, nó foréigean i gcoinne iriseoirí, go háirithe ag pearsana poiblí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le himscrúduithe éifeachtacha, le gach cás fuathchainte, feachtais chlúmhillte agus cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne iriseoirí a ionchúiseamh, agus le hobair leantach a dhéanamh ar chásanna roimhe seo; á chur i bhfáth gur gá cearta iriseoirí a áirithiú chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus seasamh criticiúil a choinneáil; ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar shaoirse an phreasa i Montainéagró, rud a léiríodh leis an dul chun cinn atá déanta aige maidir leis an Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann do chásanna ina raibh brú ar iriseoirí, acadóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar gheall ar shaoirse cainte a fheidhmiú, lena n-áirítear cásanna inar thionscain na póilíní imeachtaí oilghnímh ina gcoinne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an úsáid a bhaintear as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) chun díriú ar iriseoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an t-ardleibhéal deighilte atá ann sna meáin agus a leochaileacht i leith leasanna polaitiúla agus tionchar eachtrach chomh maith le feachtais bhréagaisnéise eachtracha agus intíre a scaipeann insintí a mbíonn tionchar diúltach acu ar phróisis dhaonlathacha sa tír agus a chuireann an dearcadh Eorpach i Montainéagró i mbaol; á iarraidh ar Mhontainéagró tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chláir feabhsaithe litearthachta sna meáin agus iad a áireamh mar ábhar lárnach san oideachas; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró neamhspleáchas eagarthóireachta, institiúideach agus airgeadais an chraoltóra seirbhíse poiblí RTCG a áirithiú, chomh maith le dlíthiúlacht cheapadh a bhainistíochta agus lánurraim do rialuithe cúirte maidir le RTCG; á mheabhrú nach mór dó an dlí agus na caighdeáin is airde cuntasachta agus ionracais a chomhlíonadh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil neamhspleáchas na meán poiblí á lagú agus go bhfuil an bonn á bhaint de; ag iarraidh ar na heintitis meán uile ceanglais dhlíthiúla maidir le trédhearcacht cistiúcháin phoiblí a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di foilsiú thorthaí dhaonáireamh 2023; á iarraidh ar na húdaráis aon pholaitiú sa phróiseas a sheachaint; ag spreagadh na bpáirtithe leasmhara na torthaí sin a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi sochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach Mhontainéagró agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sí maidir leis an daonlathas agus an t-iolrachas a chothú agus maidir le dea-rialachas agus dul chun cinn sóisialta a chur chun cinn; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an laghdú atá ag teacht ar an spás d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil seasamh criticiúil acu, agus ag cáineadh na bhfeachtas clúmhillte uile, an imeaglaithe agus na n-ionsaithe i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe ag pearsana polaitiúla i gcomhthéacs tograí le haghaidh ‘dlí gníomhaire eachtraigh’; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh dlíthe den sórt sin an bonn a bhaint de shaoirsí bunúsacha agus d’fheidhmiú na sochaí sibhialta agus go bhfuil siad ar neamhréir le luachanna agus caighdeáin AE; á iarraidh go mbeadh creat dlíthiúil tacúil agus critéir roghnúcháin shoiléire agus chothroma ann i ndáil le cistiú poiblí; á iarraidh ar an gComhairle um Chomhar idir an Rialtas agus eagraíochtaí neamhrialtasacha dul i mbun oibre arís; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé caidrimh chomhoibríocha a fhorbairt agus dul i gcomhairle i ndáiríre leis an tsochaí shibhialta maidir le dréachtreachtaíocht ó chéim luath ar aghaidh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athmhuintearas, dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheabhrú gur gnéithe ríthábhachtacha de phróiseas an mhéadaithe iad dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach; ag moladh rannpháirtíocht ghníomhach Mhontainéagró i dtionscnaimh um chomhar réigiúnach; á mheabhrú go bhfuil dea-chaidreamh comharsanachta ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhféadfaí Caibidil 31 a dhúnadh i mí na Nollag 2024; ag iarraidh ar gach páirtí rannpháirteach réitigh a fháil ar shaincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach ar bhealach cuiditheach agus comharsanúil agus tosaíocht a thabhairt do leasanna na saoránach sna Balcáin Thiar amach anseo; á mheabhrú gur cheart úsáid díospóidí déthaobhacha agus réigiúnacha gan réiteach chun bac a chur ar phróisis aontachais na dtíortha is iarrthóirí a sheachaint; á chur in iúl gur geal léi comhairliúcháin dhéthaobhacha idir Poblacht na Cróite agus Montainéagró maidir le stádas na saincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach; ag spreagadh na n-údarás leanúint de bhearta cothaithe muiníne a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire leasuithe Mhontainéagró ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus praiticiúla ar choireanna cogaidh a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus a phionósú go héifeachtach i gcomhréir leis na moltaí ábhartha; á iarraidh ar Mhontainéagró cur chuige réamhghníomhach a chur i bhfeidhm maidir le cásanna coireanna cogaidh a láimhseáil, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus leis na caighdeáin idirnáisiúnta, chun déantóirí coireanna cogaidh agus glóiriú coireanna cogaidh a shainaithint, a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh orthu agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar cheartas, sásamh agus cúiteamh d’íospartaigh, agus go gcuirfear ar fáil iad, agus cinniúint na ndaoine atá ar iarraidh a shoiléiriú; á iarraidh ar Mhontainéagró acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar ionchúisitheoirí agus cúirteanna speisialaithe agus imscrúdú réamhghníomhach a dhéanamh ar gach líomhain maidir le coireacht chogaidh agus saincheisteanna maidir le freagracht cheannasaíochta a ardú, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar chásanna roimhe seo nár ionchúisíodh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ná leis an dlí náisiúnta; á iarraidh go mbeadh comhar réigiúnach ann maidir le daoine aonair a dhíotáiltear as coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á aithint gur bunús tábhachtach don mhuinín, do luachanna daonlathacha, don athmhuintearas agus do neartú an chaidrimh dhéthaobhaigh le tíortha comharsanachta iad aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus fíorais chúirtbhunaithe a choimirciú, agus ag spreagadh Mhontainéagró dlús a chur leis na hiarrachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt rabhadh faoi chontúirtí an athbhreithnithe pholaitiúil, lena saobhtar fíricí stairiúla chun críoch polaitiúil, lena mbaintear an bonn ón gcuntasacht agus lena ndéantar deighiltí sochaíocha a dhoimhniú; ag cáineadh go láidir glóiriú coirpeach cogaidh agus séanadh poiblí forleathan na bhfíorasc idirnáisiúnta as coireanna cogaidh, lena n-áirítear ag údaráis Mhontainéagró; á mheas gur rannchuidiú luachmhar don tsíocháin agus don athmhuintearas réigiúnach é ráiteas an Uachtaráin Jakov Milatović inar cuireadh in iúl gurb oth leis rannpháirtíocht fhórsaí Mhontainéagró i mbuamáil chathair Dubrovnik;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina mbunófar an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh an athuair go ndéanfaí na cartlanna a bhaineann le hiarphoblachtaí na hIúgslaive a oscailt agus go ndeonófaí rochtain ar chomhaid Sheirbhís Rúnda na hIar-Iúgslaive agus Sheirbhís Rúnda Airm Phobal na hIúgslaive chun taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna ón ré cumannach agus chun aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuimsiú Mhontainéagró i scéimeanna íocaíochta SEPA, rud a laghdóidh costais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; á chur i bhfios go láidir go gcuireann sé sin deiseanna ar fáil do leathnú gnó, d’iomaíochas méadaithe, don nuálaíocht agus do rochtain níos fearr ar infheistíochtaí díreacha coigríche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Plean Fáis do na Balcáin Thiar, arb é is aidhm dó an réigiún a chomhtháthú i margadh aonair an Aontais, comhar eacnamaíoch réigiúnach a chur chun cinn agus athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a dhoimhniú, agus lena n-áirítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar ar fiú EUR 6 bhilliún í; á chur in iúl gur geal léi glacadh Mhontainéagró le clár oibre athchóirithe agus ag spreagadh a chur chun feidhme iomláin; ag tabhairt dá haire go gcuirfeadh cur chun feidhme na mbeart athchóirithe sainithe faoi chlár oibre athchóirithe Mhontainéagró don Phlean Fáis rochtain ar níos mó ná EUR 380 milliún i ndeontais agus in iasachtaí fabhracha ar fáil, faoi réir cur chun feidhme rathúil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhairliúcháin chuimsitheacha leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta sna céimeanna ceaptha, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag spreagadh Mhontainéagró chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistiú uile an Aontais atá ar fáil faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, faoin gclár um Chúnamh Réamhaontachais um Fhorbairt Tuaithe (IPARD) agus faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, chun dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch le AE agus chun a reachtaíocht maidir le cosc calaoise a ailíniú tuilleadh le AE; á mheabhrú coinníollacht chistiú AE, a d’fhéadfaí a mhodhnú nó a chur ar fionraí i gcás cúlchéimniú suntasach nó easpa leanúnach dul chun cinn maidir leis na prionsabail bhunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na tíortha aontachais chun dlúthchomhar agus ionchúiseamh a éascú i gcás mí-úsáid chistí AE, lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh náisiúnta a thabhairt ar iasacht do OIPE; ag spreagadh Mhontainéagró chun socruithe oibre le OIPE a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas na socruithe dlíthiúla agus polaitiúla is gá chun dlínse OIPE a leathnú chuig cistí an Aontais atá dírithe ar Mhontainéagró mar thír is iarrthóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dearfach fhás eacnamaíoch Mhontainéagró; ag iarraidh tuilleadh céimeanna chun an t-easnamh sa bhuiséad agus fiachas poiblí a laghdú, agus chun díolúintí indíreacha cánach nach bhfuil ailínithe le acquis an Aontais a bhaint a thuilleadh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun na leochaileachtaí fioscacha sin a laghdú; á athdhearbhú go bhfuil gá le hinfheistíocht phoiblí mhéadaithe sa chóras oideachais le haghaidh forbairt inbhuanaithe shóisialta agus eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar fhiachas poiblí Mhontainéagró i leith institiúidí agus cuideachtaí eachtracha airgeadais, ar féidir iad a úsáid mar uirlis chun tionchar a imirt ar a chinntí beartais, go háirithe na cinntí sin a bhaineann leis an tSín agus leis an Rúis; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun na leochaileachtaí sin a laghdú agus á iarraidh ar na húdaráis spleáchas eacnamaíoch ar an tSín a laghdú tuilleadh agus leanúint d’úsáid a bhaint as an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, as tionscnamh Thairseach Dhomhanda AE agus as an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis, d’fhonn roghanna malartacha níos glaise agus níos trédhearcaí a aimsiú chun tionscadail bhonneagair a mhaoiniú; á iarraidh ar Mhontainéagró trédhearcacht a mhéadú i dtionscadail bhonneagair amach anseo, tairiscint iomaíoch a áirithiú agus spleáchas iomarcach fiachais ar chreidiúnaithe eachtracha a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró bearta a dhéanamh chun cur i gcoinne an dídhaonraithe agus na himirce, go háirithe trí infheistíochtaí san oideachas agus sa chúram sláinte, go háirithe i dtuaisceart na tíre, mar aon le dílárú trí infheistíocht a dhéanamh i gcathracha meánmhéide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag spreagadh údaráis Mhontainéagró borradh a chur faoin gclaochlú digiteach agus beartais fhianaisebhunaithe maidir leis an margadh saothair a shaothrú chun aghaidh a thabhairt ar an ráta dífhostaíochta atá ard i gcónaí, go háirithe i measc na mban agus na ndaoine óga, agus acmhainneacht institiúideach á neartú agus feabhas á chur ag an am céanna ar an gcreat beartais dhigitigh, atá mar bhunús léi, agus an Ráthaíocht don Aos Óg agus an Straitéis nua don Aos Óg a chur chun feidhme go héifeachtach; ag tathant ar na húdaráis aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte mar ábhar práinne; á mholadh go bhforbrófaí bearta coisctheacha spriocdhírithe agus dreasachtaí chun gnólachtaí agus fostaithe neamhfhoirmiúla a dhlisteanú, ós rud é go leanann earnáil mhór neamhfhoirmiúil de bhac a chur ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Montainéagró;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrataí go ndéanfaí tíortha uile na mBalcán Thiar a chomhtháthú go pras i margadh aonair digiteach AE roimh bhallraíocht iarbhír san Aontas, rud a chumasódh, thar aon ní eile, timpeallacht atá sábháilte go digiteach a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh níos mó trédhearcachta sa soláthar poiblí, go háirithe maidir le nósanna imeachta trí chomhaontuithe idir-rialtasacha, agus comhlíonadh iomlán rialacha agus phrionsabail an Aontais; á iarraidh ar Mhontainéagró líon na nósanna imeachta soláthair phoiblí a laghdú gan fógraí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-ualach airgeadais agus an easpa trédhearcachta a bhaineann le tógáil mhótarbhealach Bar-Boljare a mhaoinítear le hiasacht ón tSín; á chur i bhfáth go bhfuil an rúndacht a bhaineann le comhaontuithe iasachta agus conarthaí tógála ina cúis imní ó thaobh cuntasachta de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di aon chomhaontuithe nó tionscadail a théann timpeall ar rialacha soláthair phoiblí, oibleagáidí trédhearcachta agus ceanglais maidir le comhairliúchán poiblí, mar a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta agus i gcaighdeáin AE; á iarraidh ar Rialtas Mhontainéagró a áirithiú go n-urramófar go hiomlán prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta, na cinnteoireachta cuimsithí agus an smachta reachta i ngach tionscnamh maidir le bonneagar poiblí agus forbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol, bithéagsúlacht agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tathant ar Mhontainéagró an t-aistriú glas a chur chun cinn, le tacaíocht ó chistí an Aontais, a creat institiúideach agus rialála a fheabhsú agus athléimneacht fuinnimh a fheabhsú tríd an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, atá thar téarma, a ghlacadh ar deireadh agus a chur chun feidhme, dlíthe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a ghlacadh agus comhtháthú breise a dhéanamh le margaí fuinnimh an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí gach tionscadal nua aistrithe ghlais a chur chun feidhme i gcomhréir le caighdeáin AE maidir leis an gcomhshaol, Státchabhair agus lamháltais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag cur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le hathchóirithe tábhachtacha earnála i réimse an bheartais iompair; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró forbairt iompair na tíre a ailíniú leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste do na Balcáin Thiar, ag díriú ar iarnróid, ar ilmhódúlacht agus ar astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> agus tionchair eile ar an gcomhshaol a laghdú, agus a Straitéis Forbartha Iompair a chur chun feidhme tuilleadh agus acmhainneachtaí riaracháin a neartú chun gréasáin thras-Eorpacha iompair a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an laghdú ar mhuirir fánaíochta sonraí idir AE agus tíortha na mBalcán Thiar agus á iarraidh ar na húdaráis, ar ghníomhaithe príobháideacha agus ar na geallsealbhóirí uile gach beart is gá a dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach maidir le praghsanna fánaíochta sonraí a thabhairt gar do phraghsanna baile faoi 2028; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm na chéad chéime de chur chun feidhme an treochláir fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag spreagadh glacadh straitéisí earnála le haghaidh bainistiú dramhaíola, cáilíocht aeir agus uisce, cosaint an dúlra agus athrú aeráide, lena n-áirithítear pleanáil straitéiseach le haghaidh infheistíochtaí; ag tabhairt dá haire an easpa dul chun cinn agus na costais ghaolmhara atá ag dul i méid maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce bunriachtanacha a thógáil chun truailliú séarachais in aibhneacha agus san fharraige a chosc i seacht mbardas;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisinéir um Méadú, chuig an gCoimisinéir um Réigiún na Meánmhara, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró, agus chun go ndéanfaí é a aistriú agus a fhoilsiú i Montainéigris.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>