<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2025)0131</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir leis an Moldóiv</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0096/2025 -  Rapóirtéir:Sven Mikser)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2025 ar thuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún ar an Moldóiv (2025/2025(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">2024 Communication on EU enlargement policy</STRING> [Teachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú] (COM(2024)0690), lena ngabhann an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal <STRING ITALIC="on">Republic of Moldova 2024 Report</STRING> [Tuarascáil 2024 ar Phoblacht na Moldóive] (SWD(2024)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 maidir le hiarratas Phoblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta) ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2022)0406) agus do dhoiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 6 Feabhra 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Association Implementation Report on the Republic of Moldova</STRING>’ [Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme an Chomhlachais maidir le Poblacht na Moldóive] (SWD(2023)0041),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2025 maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do Phoblacht na Moldóive a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/535, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/535/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Moldóiv,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil anailíseach ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 ar ailíniú na Moldóive le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE (SWD(2023)0032),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive a bhunú (COM(2024)0469),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Plean Fáis na Moldóive (COM(2024)0470),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2024 maidir le méadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chuairt a thug toscaireacht an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an Moldóiv an 25-27 Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0096/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, tar éis don Mholdóiv iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas an 3 Márta 2022, gur thug an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir di an 23 Meitheamh 2022 agus gur chinn sí ina dhiaidh sin tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais an 14 Nollaig 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cuireadh tús, i mí an Mheithimh 2024, leis an gcaibidlíocht ar aontachas na Moldóive leis an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur reáchtáil an Mholdóiv reifreann an 20 Deireadh Fómhair 2024, agus gur dheimhnigh toradh an reifrinn sin go raibh aontachas leis an Aontas leabaithe ina Bunreacht, in ainneoin cineálacha éagsúla cur isteach ionramhála chun an tír a dhíchobhsú, maoiniú aindleathach gníomhaithe polaitiúla, feachtais bhréagaisnéise agus cibearionsaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Comhaontú Comhlachais<FOOTNOTE><FIELD> Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a chuimsíonn Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (AA/LDCST), fós ina bhonn leis an gcomhlachas polaitiúil agus an comhtháthú eacnamaíoch idir AE agus an Mholdóiv, agus le hidirphlé polaitiúil agus eacnamaíoch rialta idir an dá thaobh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dul chun cinn i leith athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas, go háirithe i leith an smachta reachta agus i leith rialachais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>Ag moladh tiomantas eiseamláireach agus dul chun cinn seasta na Moldóive maidir le hathchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas in ainneoin dúshláin shuntasacha inmheánacha agus sheachtracha – amhail mórchogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine – rud a d’fhág go raibh sé indéanta tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2024, leath bhliain tar éis an chinnidh ábhartha ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 agus níos lú ná dhá bhliain tar éis don tír iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht an Aontais an 3 Márta 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á aithint go bhfuil gné úr ag roinnt leis an gcaidreamh idir AE agus an Mholdóiv, agus dlús á chur le comhar, agus ailíniú á dhéanamh de réir a chéile thar gach réimse beartais de chuid <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus dul chun cinn i leith ballraíocht a ghlacadh san Aontas; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dul chun cinn déanta i leith an phróisis scagtha dhéthaobhaigh ón uair a cuireadh tús leis sin i mí Iúil 2024 agus gur scoireadh de scagadh a dhéanamh i leith bhraisle 1 (bunphrionsabail) agus braisle 2 (an margadh inmheánach) le deireanas; ag moladh agus ag tacú le huaillmhian Rialtas na Moldóive tús a chur le caibidlíocht ar bhraisle 1 (bunphrionsabail), braisle 2 (an margadh inmheánach) agus braisle 6 (an caidreamh seachtrach) sna míonna amach romhainn, chomh maith leis an bpróiseas scagtha a chur i gcrích do na braislí uile faoi dheireadh 2025; ag iarraidh ar an gCoimisiún a thacaíocht do Rialtas na Moldóive a mhéadú chun a áirithiú go mbainfear na príomhchuspóirí seo amach go rathúil; ag spreagann na Comhairle chun cur chuige bunaithe ar fhiúntas a ghlacadh ina cinntí maidir le próiseas caibidlíochta na Moldóive; á chur in iúl gur saoth léi déthaobhú agus teacht i dtír ar phróiseas aontachais an Aontais, amhail freasúra Rialtas na hUngáire i dtaobh caibidlíocht a thosú maidir le braislí 1, 2 agus 6, rud is cúis le moill ina leith agus a fhreastalaíonn ar chuspóir na Rúise bac a chur ar lánpháirtiú Eorpach an réigiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chreidiúint gurb amhlaidh, chun go mbeidh an Mholdóiv in ann breis dul chun cinn a dhéanamh i leith athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas agus leanúint de bheith ag gluaiseacht go mear ionsar bhallraíocht san Aontas, a chaithfidh tromlach sa pharlaimint tacú léi, go láidir agus i ndáiríre, tar éis na dtoghchán i bhfómhar 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gur dheimhnigh toradh an reifrinn bhunreachtúil ar aontachas leis an Aontas, a reáchtáladh an 20 Deireadh Fómhair 2024, agus toradh an toghcháin uachtaránachta, a reáchtáladh an 20 Deireadh Fómhair 2024 agus an 3 Samhain 2024, go dtacaíonn tromlach mhuintir na Moldóive leis an sprioc atá ag an tír ballraíocht a ghlacadh san Aontas agus leis na hathchóirithe a bhaineann le bheith ar son an Aontais agus ar gá iad a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur reáchtáladh an reifreann agus an toghchán seo go gairmiúil agus le braistint dualgais agus tiomantais urghnách, in ainneoin feachtas ollmhór hibrideach ag an Rúis agus a seachfhórsaí a bhain úsáid as uirlisí éagsúla, amhail saothrú straitéiseach na meán sóisialta, ábhar a ghintear le hintleacht shaorga, ‘sceitheadh’ doiciméad bréagach, imeaglú, a raibh cineálacha éagsúla cur isteach ionramhála i gceist leis chun an tír a dhíchobhsú, maoiniú aindleathach gníomhaithe polaitiúla, ceannach vótaí, lena n-áirítear ionstraimiú codanna den chléir ó Ardchathair Chísineá agus an Mholdóiv Uile ag an Rúis, feachtais bhréagaisnéise agus cibearionsaithe; á mheabhrú go raibh ceithre phríomhstraitéis ag baint leis na hionsaithe seo: an tsochaí a dheighilt, institiúidí a dhídhlisteanú, míchlú a tharraingt ar ghníomhaithe daonlathacha agus tionchar na Rúise a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi toradh reifreann bunreachtúil 2024 inar cumhdaíodh an gealltanas chun ballraíocht a ghlacadh san Aontas i mbunreacht na tíre; ag cáineadh go láidir na n-iarrachtaí leanúnacha agus comhordaithe atá á ndéanamh ag an Rúis, ag olagarcaí atá ar son na Rúise agus ag seachfhórsaí áitiúla atá urraithe ag an Rúis chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, deighiltí a chothú i sochaí na Moldóive agus an bonn a bhaint ó chonair Eorpach na tíre trí ionsaithe hibrideacha, soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda, bréagaisnéis, ionramháil agus feachtais imeaglaithe a dhíríonn ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbeidh na toghcháin pharlaiminteacha a bheidh ar siúl an 28 Meán Fómhair 2025 ríthábhachtach chun go mbeidh an Mholdóiv in ann leanúint de bheith ar chonair ar son an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur dócha go mbeidh géarú ar chur isteach mailíseach eachtrach, go háirithe ón Rúis, agus ar ionsaithe hibrideacha roimh na toghcháin; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas breis tacaíochta, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus teicniúil, d’iarrachtaí Rialtas na Moldóive ar chur isteach den sórt sin ar phróiseas daonlathach na tíre a chomhrac, lena n-áirítear trí liostaí smachtbhannaí breise, trí shíneadh a chur le sainordú agus acmhainní Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais sa Mholdóiv (EUPM) agus comhdhlúthú a dhéanamh ina leith trí thacaíocht bhreise a thabhairt dó, agus trí shaineolas ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhroinnt, lena ndéanfaí bagairtí hibrideacha a chomhrac agus lena neartófaí athléimneacht; á iarraidh, ar an gcaoi chéanna, go méadófaí iarrachtaí údaráis na Moldóive agus AE chun tacú le meáin neamhspleácha agus le sochaí shibhialta atá ar son an daonlathais, chun go mbeidh iriseoirí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach in ann ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac agus litearthacht dhigiteach a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach, ar a thábhachtaí atá sé insintí bréagacha faoin Aontas agus a bheartais, arna gcur chun cinn ag an Rúis, a bhréagnú agus a chomhrac agus ar a thábhachtaí atá sé béim a leagan ar na tairbhí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha nithiúla a bheadh ann do mhuintir na Moldóive ar fad dá n-aontódh an tír leis an Aontas, agus béim ar leith á leagan ar réigiúin amhail Gagauzia chomh maith le pobail atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch i gceantair thuaithe; ag iarraidh ar an Aontas dlús a chur lena chuid tacaíochta don Mholdóiv ina leith sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athchóirithe socheacnamaíocha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi Plean Fáis an Choimisiúin don Mholdóiv, a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le hathchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha na Moldóive agus rochtain ar mhargadh aonair AE a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive, atá mar bhonn taca faoin bPlean Fáis agus ar fiú EUR 2.02 billiún í, rud a fhágann go bhfuil sí ar an bpacáiste tacaíochta airgeadais is mó de chuid an Aontais don Mholdóiv ón uair a bhain sí neamhspleáchas amach; á chur i bhfios go láidir go soláthraítear, tríd an tSaoráid, EUR 520 milliún i dtacaíocht neamh-inaisíoctha agus uasmhéid EUR 1.5 billiún in iasachtaí, agus ráta réamh-mhaoinithe 18 %, don Mholdóiv, rud a léiríonn go n-aithníonn an tAontas nach mór go dtacófar go práinneach le hathchóirithe agus athléimneacht na Moldóive; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le húdaráis na Moldóive agus an Clár Oibre um Athchóiriú riachtanach á chur chun feidhme acu chun cistí ón tsaoráid seo a ionsú go héifeachtach, lena n-áiritheofar go mbraithfidh saoránaigh na Moldóive buntáistí na tacaíochta seo láithreach; ag súil leis an measúnú tionchair a fógraíodh maidir leis an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv i bhfoirm doiciméid inmheánach oibre an Choimisiúin laistigh de thrí mhí ó ghlacadh an rialacháin chomhfhreagraigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún cistí réamhaontachais tiomnaithe leordhóthanacha a áireamh don Mholdóiv i gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile AE, agus tosú ag ullmhú na Moldóive le haghaidh úsáid éifeachtúil cistí réamhaontachais amach anseo mar thír is iarrthóir nua-ainmnithe ar aontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á athdhearbhú gur féidir tacaíocht mhuintir na Moldóive don lánpháirtiú Eorpach a neartú le feabhas inláimhsithe ar a slí bheatha, trí institiúidí stáit agus riarachán poiblí a neartú d’fhonn cistiú tionscadal a úsáid go héifeachtach agus chun <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, rud a áirithíonn córas leasa shóisialaigh láidir agus lena ndéantar an t-éilliú agus tionchar olagarcach a chomhrac agus lena n-áirithítear cuntasacht; ag iarraidh ar údaráis na Moldóive go leanfadh siad de rannpháirtíocht fhóinteach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, diaspóraí, grúpaí leochaileacha agus na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú, lena n-áiritear ceardchumainn, chun muinín as institiúidí agus próisis dhaonlathacha a neartú agus chun treisiú le tacaíocht an phobail d’athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le faireachán a dhéanamh ar rialachas agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, trédhearcacht a chur chun cinn, cearta an duine a chosaint agus bréagaisnéis agus tionchar mailíseach seachtrach ó ghníomhaithe polaitiúla frith-athchóirithe agus ó sheachfhórsaí na Rúise a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí athchóirithe cuimsitheacha ar bheartas sóisialta chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar imirce mhórscála leanúnach, clúdach cúram sláinte a mhéadú, oideachas poiblí a neartú, dálaí oibre a fheabhsú agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha a fhorbairt; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don fhorbairt eacnamaíoch a bheith cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus go mbeadh deiseanna ann d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide; ag cur i bhfáth an gá atá le hinfheistíocht shóisialta spriocdhírithe i ndaoine óga agus i gceantair thuaithe na Moldóive chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus comhtháthú sóisialta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh go gcuirfear béim ar leith ar rannpháirtíocht na Moldóive i gcláir shóisialta, oideachais agus chultúrtha an Aontais chun cóineasú sóisialta, nuálaíocht agus dul chun cinn teicneolaíoch a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag iarraidh ar an Moldóiv an Clár Oibre don Athchóiriú, ina leagtar amach na príomh-athchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha is gá a dhéanamh chun dlús a chur le fás agus iomaíochas gheilleagar na Moldóive agus lena cóineasú leis an Aontas ar bhonn cur chun feidhme feabhsaithe AA/DCFTA, a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go láidir go gcuirfí dlús le lánpháirtiú de réir a chéile na Moldóive san Aontas agus sa mhargadh aonair trí leanúint dá creat dlíthiúil agus rialála a ailíniú le acquis an Aontais agus an tír a chomhlachú le níos mó clár agus tionscnamh de chuid an Aontais, lena n-áirítear trí stádas breathnóra a dheonú d’oifigigh agus do shaineolaithe Moldóiveacha i gcomhlachtaí ábhartha an Aontais, rud a thabharfadh buntáistí socheacnamaíocha inláimhsithe fiú sula nglacfaidh an tír ballraíocht san Aontas go foirmiúil; ag tréaslú leis an Moldóiv as a bheith ar áireamh i raon feidhme geografach scéimeanna íocaíochta an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro, trína n-éascaítear aistrithe in euro agus trína laghdaítear na costais a bhíonn le seasamh ag saoránaigh agus gnólachtaí na Moldóive; á mholadh go n-áireofaí léirscaoileadh fánaíochta sa Chomhaontú Comhlachais nuashonraithe idir an tAontas agus an Mholdóiv; ag cur in iúl gur geal léi dul chun cinn le déanaí na Moldóive i dtrasuí acquis fánaíochta agus teileachumarsáide an Aontais ​​agus ag léiriú tacaíochta do chinneadh pras maidir le háireamh na Moldóive i limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’ an Aontais; ag iarraidh ar na soláthraithe seirbhíse dul i gcomhar de mheon macánta le húdaráis na Moldóive maidir le ‘fánaíocht ar tháillí baile’ a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi athnuachan bhearta sealadacha um léirscaoileadh trádála an Aontais i mí Iúil 2024 chun tacú le geilleagar na Moldóive, ag cur in ionad an chaillteanais trádála a tharla de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a beartais neamhchairdiúla i leith na Moldóive; ag iarraidh ar AE céimeanna prasa agus suntasacha a ghlacadh i dtreo léirscaoileadh buan a chuótaí rátaí taraife, chun intuarthacht a áirithiú agus tarraingteacht na tíre d’infheisteoirí a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar thoradh ar an gcinneadh a rinne rialtas SAM le déanaí tacaíocht don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha, do phríomhathchóirithe agus do thionscadail bhonneagair a chur ar fionraí, atá riachtanais phráinneacha bhreise ann sa Mholdóiv a mbeadh ar an Aontas gníomhaíocht a dhéanamh ina leith; ag iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis seo, a chistiú a mhéadú d’ionstraimí AE a thacaíonn leis an daonlathas, amhail an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais, agus do thionscadail thábhachtacha eile a bhí á gcistiú go dtí le déanaí ag Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) agus ag gníomhaireachtaí eile de chuid na Stát Aontaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cearta an Duine</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire dul chun cinn na Moldóive i dtreo comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear glacadh an Chláir chun Comhionannas idir Mná agus Fir a Chur Chun Cinn agus a Áirithiú don tréimhse 2023-2027, agus ag iarraidh uirthi leanúint dá hiarrachtaí ina leith seo, go háirithe chun an bhearna pá inscne a laghdú, chun steiréitíopaí, idirdhealú agus foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, agus chun ionadaíocht na mban sa pholaitíocht agus sa ghnó a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis na Moldóive chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus cosaint a fheabhsú do mharthanóirí, go háirithe glacadh an Chláir Náisiúnta maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Baile a Chosc agus a Chomhrac don tréimhse 2023-2027; á thabhairt dá haire nach bhfuil mórán tionchair aige seo le feiceáil fós, áfach, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go mbunófaí níos mó foscadh do mharthanóirí foréigin teaghlaigh, go dtabharfadh an córas ceartais aird leordhóthanach ar fhoréigean in aghaidh na mban agus go ndéanfaí athruithe beartais agus go méadófaí an fheasacht i measc na bhfear maidir le foréigean inscnebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag iarraidh ar Rialtas na Moldóive a chuid iarrachtaí a neartú, lena n-áirítear cur chun feidhme éifeachtach a chreata reachtaigh, chun dul i ngleic le hidirdhealú ciníoch, imeallú, fuathchaint chiníoch agus coireanna fuatha atá dírithe ar bhaill de ghrúpaí mionlaigh eitneacha, lena n-áirítear na Romaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag moladh iarrachtaí na Moldóive chun cearta an phobail LADTIA+ a fheabhsú le blianta beaga anuas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag iarraidh ar Rialtas na Moldóive a reachtaíocht maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a ailíniú go hiomlán le acquis an Aontais agus dul i ngleic leis an bhfadhb chórasach a bhaineann le leanaí faoi mhíchumas intleachtúil a chur in institiúidí síciatracha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh, an comhshaol agus nascacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cáineadh na Rúise as teacht i dtír ar an bhfuinneamh chun aimhleasa na Moldóive, rud a rinne sí le deireanas trí stop a chur le soláthairtí gáis chuig an réigiún Tras-dnístria an 1 Eanáir 2025, de shárú ar oibleagáidí conarthacha, rud a spreag géarchéim thromchúiseach sa réigiún dá thoradh; á chur in iúl gur díol molta togra pras an Choimisiúin maidir le Straitéis Chuimsitheach um Neamhspleáchas agus Athléimneacht Fuinnimh agus a phacáiste tacaíochta ar fiú EUR 250 milliún é, rud a laghdóidh billí fuinnimh thomhaltóirí Moldóiveacha, lena n-áirítear sa réigiún Tras-dnístria, a thacóidh le dícheangal na Moldóive ó sholáthairtí fuinnimh na Rúise agus a chomhtháthóidh an Mholdóiv i margadh fuinnimh an Aontais; á chur béim ar an bhfíoras gur gá go ndéanfadh an tAontas agus údaráis na Moldóive cumarsáid éifeachtach faoi phacáiste tacaíochta substaintiúil an Aontais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim fuinnimh na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag moladh ailíniú earnáil fuinnimh na Moldóive le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais; ag iarraidh ar Rialtas na Moldóive leanúint lena chuid iarrachtaí, le tacaíocht AE lena n-áirítear na huirlisí atá ar fáil ón tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv, chun bealaí soláthair gáis agus leictreachais a éagsúlú, nascacht a fhorbairt, éifeachtúlacht fuinnimh agus a cumas táirgthe agus stórála inmheánach a mhéadú, chomh maith lena lánpháirtiú iomlán i margadh fuinnimh an Aontais a chur chun cinn chun slándáil agus athléimneacht fuinnimh na Moldóive a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé líne chumhachta lastuas 400 kV Vulcanesti-Císineá a chríochnú faoi dheireadh 2025 chun spleáchas na Moldóive ar bhonneagar fuinnimh sa réigiún Tras-dnístria a laghdú; ag iarraidh ar an Aontas na hacmhainní riachtanacha a shlógadh chun cúiteamh a dhéanamh as tarraingt siar thacaíocht USAID d’earnáil fuinnimh na Moldóive;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag moladh Rialtas na Moldóive as a dhul chun cinn maidir le dícharbónú, éifeachtúlacht fuinnimh agus aistriú chuig geilleagar glas, lena n-áirítear dúbailt a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite go 30 % faoi 2030; ag spreagadh an Aontais agus a chuid Ballstát leanúint de thacaíocht airgeadais agus saineolas a sholáthar do chomhghleacaithe Moldóvacha sa réimse seo; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in 2023, Clár Náisiúnta na Moldóive um Oiriúnú don Athrú Aeráide go dtí 2030 agus a Plean Gníomhaíochta chun na críche sin; ag iarraidh ar Rialtas na Moldóive a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide don tréimhse 2025-2030 a ghlacadh agus tús a chur lena chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire an tábhacht a bhaineann le gealltanais Threochlár Dícharbonúcháin an Chomhphobail Fuinnimh a chur chun feidhme, agus an pacáiste Faireacháin, Tuairiscithe, Fíoraithe agus Creidiúnaithe a chur chun feidhme d’fhonn praghsáil carbóin a thabhairt isteach agus ailíniú a dhéanamh le córas trádála astaíochtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chreidiúint gur infheistíocht straitéiseach i mbonneagar iompair an réigiúin a bheadh ​​i síneadh ar chonair an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) Muir Bhailt-Muir Dhubh-Muir Aeigéach (Conair IX) chun bealach Císineá-Constanta-Varna-Bourgas a áireamh, rud a fheabhsódh nascacht agus a chuirfeadh fás eacnamaíoch chun cinn, i bhfianaise mhéadú an Aontais soir agus an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag an síneadh seo ar shlándáil agus ar chobhsaíocht an réigiúin, ag fónamh mar bhealach lóistíochta lárnach d’ECAT agus ag feabhsú uathriail gheo-straitéiseach an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An smacht reachta agus dea-rialachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar an gceartas i dtreo is go mbeidh rath ar athchóirithe daonlathacha na Moldóive mar aon le hathchóirithe sin na tíre a bhaineann le haontachas leis an Aontas; á aithint go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Moldóiv ar chóras breithiúnach neamhspleách, neamhchlaonta, cuntasach agus gairmiúil a thógáil agus ar bhailchríoch a chur ar an bpróiseas grinnfhiosrúcháin faoi dheireadh 2026; ag iarraidh ar an Aontas, dá bhrí sin, leanúint de thacaíocht ghníomhach a thabhairt don athchóiriú ar an gcóras ceartais agus don phróiseas chun breithiúna agus ionchúisitheoirí araon a ghrinnscrúdú, lena n-áirítear pearsanra breithiúnach cáilithe a mhealladh, a oiliúint agus a earcú agus méadú a dhéanamh ar chumas breithiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn bainte amach ag an Moldóiv sa chomhrac i gcoinne agus i gcosc an éillithe, ach ag cur i bhfáth an gá atá ann leanúint den chomhrac i gcoinne sciúradh airgid; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm Chlár Náisiúnta Ionracais agus Frith-Éillithe na Moldóive do 2024-2028 i mí Feabhra 2024; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go n-oibreoidh na príomhinstitiúidí frith-éillithe agus ceartais uile i gcomhar le chéile, ar bhealach níos fearr, chun athchóirithe cuimsitheacha a chur chun feidhme, agus a áirithiú go mbeidh acmhainní agus acmhainneachtaí leormhaithe acu; á chur i bhfáth gur gá torthaí a bhaint amach maidir le hionchúiseamh agus ciontú i gcásanna éillithe de chun a áirithiú go mbeidh muinín ag an bpobal as na hathchóirithe atá á ndéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé leanúint leis an imscrúdú agus iad siúd atá freagrach as an gcalaois baincéireachta in 2014 a thabhairt faoi réim an cheartais; á chur in iúl gur geal léi gur chuir Interpol, tar éis iarrachtaí fada ó údaráis na Moldóive, duine de na déantóirí coire líomhnaithe, Vladimir Plahotniuc, lena liosta de dhaoine atá á lorg go hidirnáisiúnta faoi dheireadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Mholdóiv straitéis náisiúnta nua in 2023 chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, atá ailínithe le <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais, agus gur geal léi comhar na Moldóive le Europol chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí toilteanach ar leanúint de bheith ag tacú le Parlaimint na Moldóive trí ghníomhaíochtaí a chomhaontófar go frithpháirteach, agus a fhreagróidh do riachtanais na hinstitiúide, a comhaltaí tofa agus a foirne, a dhéanamh chun tacú leis an daonlathas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Parlaimint na Moldóive maidir le díospóireacht phoiblí a chothú faoi thodhchaí Eorpach na tíre agus comhthuiscint leathan a bhaint amach maidir le hathchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas, agus dlisteanacht dhaonlathach na n-athchóirithe sin a bhaint amach i measc na bpáirtithe polaitiúla agus i measc na sochaí i gcoitinne; ag tabhairt chun suntais cinneadh an 10 Márta 2025 oifig de chuid Pharlaimint na hEorpa a oscailt i gCísineá chun rannpháirtíocht na Parlaiminte le réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú tuilleadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus dul chun cinn i leith réiteach a aimsiú ar choinbhleacht an Tras-dnístria</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Mholdóiv ag obair i gcomhar leis an Aontas, ar bhealach comhsheasmhach, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus go bhfuil sí ailínithe mó sa mhó, go háirithe ó 54 % in 2022 go 86 % in 2024, le seasaimh agus bearta sriantacha an Aontais i gcomhthéacs CBES; á iarraidh uirthi leanúint d’fheabhas a chur ar an ailíniú sin, lena n-áirítear maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Rúise, agus oibriú i gcomhar leis an Aontas chun cosc a chur ar dhul timpeall ar smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur rannpháirtí ríthábhachtach í an Mholdóiv maidir le slándáil réigiúnach agus Eorpach, lena n-áirítear trína tacaíocht dhochloíte don Úcráin ó thús chogadh foghach na Rúise, mar shampla trí fháilte a chur roimh dhídeanaithe cogaidh na hÚcráine, agus trína ranníocaíochtaí le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, mar shampla trí fhoirne comhraicthe dóiteáin a imscaradh chun dul i ngleic le falscaithe tromchúiseacha sa Ghréig;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl go dtacaíonn sí le EUPM sa Mholdóiv agus ag iarraidh ar na Ballstáit na saineolaithe agus na hacmhainní airgeadais riachtanacha a chur ar fáil in oirchill an ghéaraithe a d’fhéadfadh teacht ar bhagairtí hibrideacha; á chur in iúl gur geal léi an síneadh a cuireadh le déanaí ar shainordú EUPM go dtí Aibreán 2026; ag moladh d’údaráis na Moldóive leas iomlán a bhaint as saineolas EUPM chun a hullmhacht a fheabhsú, go háirithe i bhfianaise cur isteach eachtrach arís is arís eile ar thoghcháin roimh na toghcháin pharlaiminteacha an 28 Meán Fómhair 2025; á iarraidh go bhfoghlaimeodh AE ceachtanna óna ndearnadh sa Mholdóiv chun cosaint a thabhairt don phróiseas toghcháin agus d’institiúidí daonlathacha san Aontas féin; ag spreagadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus an Choimisiúin chun gach ionstraim AE atá ar fáil a úsáid i réimse chur i gcoinne bagairtí hibrideacha, chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don Mholdóiv, lena n-áirítear trí Fhoireann Mhearfhreagartha Hibrideach a imscaradh go pras; á chur in iúl gur geal léi bunú Lárionad um Chumarsáid Straitéiseach agus um Chur i gCoinne na Bréagaisnéise sa Mholdóiv, mar mhodh chun an comhrac i gcoinne cur isteach eachtrach a chomhordú i measc institiúidí éagsúla na Moldóive, agus bunú na Gníomhaireachta Náisiúnta um Chibearshlándáil agus na hInstitiúide Náisiúnta um Nuálaíochtaí Cibearshlándála; á thabhairt dá haire go leagann Straitéis Slándála Náisiúnta na Moldóive, a glacadh i mí na Nollag 2023, béim ar aontachas leis an Aontas mar phríomhchuspóir agus ag sainaithint den chéad uair an Rúis mar fhoinse bagairtí móra ar shlándáil na Moldóive; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus ar chomhar faisnéise idir an Mholdóiv agus an tAontas agus a chuid Ballstát maidir le bagairtí slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go hiomlán d’iomláine chríochach na Moldóive agus go bhfuil sí meáite ar theacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht, bunaithe ar cheannasacht agus iomláine chríochach na Moldóive ina teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh an Choimisiúin chun tacaíocht réamhghníomhach do réigiún Tras-dnístria a áireamh ina phacáistí tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus malartú faisnéise agus comhar praiticiúil idir Rialtas na Moldóive agus údaráis de facto réigiún Tras-dnístria le linn na géarchéime fuinnimh arbh í an Rúis ba chúis léi; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maidir leis na coinníollacha do Tiraspol i bhfianaise an chomhaontaithe idirthurais gáis le déanaí agus á iarraidh go gcuirfí na coinníollacha seo chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear scaoileadh saor gach príosúnach polaitiúil ag Tiraspol agus díchóimeáil na seicphointí neamhdhleathacha atá fágtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Mholdóiv meáite ar rannchuidiú le comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh agus gurb í an Mholdóiv an chéad tír a shínigh comhpháirtíocht slándála agus cosanta leis an Aontas; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach na Moldóive i misin agus in oibríochtaí an Aontais faoi CBSC, eadhon Fórsa an Aontais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht Althea) agus Misean Oiliúna an Aontais sa tSomáil, a spéis i rannpháirtíocht i dtionscadail PESCO agus sa chaibidlíocht leanúnach maidir le creat-chomhaontú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint; ag iarraidh ar an Aontas an Mholdóiv a áireamh i gcláir shlándála agus chosanta AE agus i leithdháiltí buiséid gaolmhara, lena n-áirítear Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus Ullmhacht 2030, rud a cheadóidh don tír páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach taobh leis na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an leithdháileadh de EUR 50 milliún chun acmhainneachtaí cosanta Fhórsaí Armtha na Moldóive a nuachóiriú i gcomhthéacs na ndúshlán slándála reatha tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) do 2024; á thabhairt dá haire gurb í an Mholdóiv an dara tairbhí SES is mó i ndiaidh na hÚcráine, le EUR 137 milliún san iomlán leithdháilte ó 2021 i leith; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht fhógartha de EUR 60 milliún atá le cur ar fáil don Mholdóiv ó bhuiséad SES in 2025; ag iarraidh ar na Ballstáit cistiú SES don Mholdóiv a mhéadú de réir a chéile chun cumais chosanta na tíre a fheabhsú tuilleadh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Moldóive.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>